Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0088

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE athbhreithniú ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le laghdú comhordaithe ar éileamh ar ghás, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/706

    COM/2024/88 final

    An Bhruiséil,27.2.2024

    COM(2024) 88 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

    athbhreithniú ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le laghdú comhordaithe ar éileamh ar ghás, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/706


    I.Réamhrá

    Ó thug an Rúis fogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin, tá suaitheadh leanúnach á dhéanamh ar sholáthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas. Mar fhreagairt ar iarracht na Rúise fuinneamh a úsáid mar arm polaitiúil, ghlac an Coimisiún an Plean REPowerEU, arb é is aidhm dó fuinneamh a shábháil, dlús a chur leis an aistriú i dtreo fuinneamh glan agus an soláthar fuinnimh a éagsúlú chun deireadh a chur de réir a chéile lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir. Cé gur bhraith an tAontas ar an Rúis le haghaidh 45 % dá sholáthairtí gáis in 2021, tá laghdú leanúnach tagtha ar an soláthar gáis ón Rúis ó bhí mí Feabhra 2022 ann agus tháinig 15 % d’iomlán allmhairí gáis an Aontais ón Rúis in 2023.

    Chun na rioscaí tromchúiseacha maidir le slándáil an tsoláthair a tháinig chun cinn in 2022 de thoradh ciorruithe breise ar an soláthar ón Rúis a mhaolú, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2022/1369 i mí Lúnasa 2022 (dá ngairtear ‘An Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh’ anseo feasta), chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú ar bhonn deonach faoi 15 % ar bhealach comhordaithe. Laghdú sainordaitheach a bheidh sa sprioc sin i gcás ina ndearbhaítear foláireamh Aontais. I bhfianaise na rioscaí a mhaireann i gcónaí agus an ghá atá le laghdú comhordaithe leanúnach ar an éileamh ar ghás, i mí an Mhárta 2023 chuir an tAontas síneadh bliana leis an Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh trí bhíthin Rialachán (AE) 2023/706.

    Sonraítear in Airteagal 9 den Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh ar cuireadh síneadh leis, nach mór don Choimisiún, faoin 1 Márta 2024, athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin a chur faoi bhráid na Comhairle. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

    II.Staid reatha shlándáil an tsoláthair

    Tháinig laghdú suntasach ar allmhairí píblíne ón Rúis ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, ó 150 bcm roimh an ngéarchéim go 25 bcm in 2023. Tríd is tríd, rinneadh an laghdú sin a chúiteamh le laghdú thart ar 65 bcm ar an éileamh. Bhí allmhairí méadaithe trí bhíthin GNL (thart ar 50 bcm) agus allmhairí píblíne malartaí (thart ar 10 bcm) ina gcuidiú freisin le deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise.

    Fíor 1 - Dul chun cinn maidir le deireadh a chur de réir a chéile le húsáid phíblínte na Rúise, 2023 vs roimh an ngéarchéim

    Foinse: ENER B4 agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, bunaithe ar shonraí ENTSO-G

    Tá na margaí gáis domhanda fós docht agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go ceann tamaill toisc go bhfuil sé beartaithe acmhainneacht leachtaithe GNL nua teoranta a bheith oibríochtúil ar fud an domhain roimh 2026 1 . De thoradh an suaite soláthair a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin, bhí praghsanna arda luaineacha gáis agus leictreachais ann in 2022 agus 2023 a bhí ina mbuaic i samhradh 2022 nuair a tháinig méadú tobann ar phraghsanna os cionn EUR 300/MWh. I samhradh agus fómhar 2023 bhí roinnt babhtaí luaineachta suntasaí fós nuair a tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna laistigh de roinnt seachtainí 2 . Tá praghsanna gáis fós i mbaol luaineachta agus tá siad níos airde ná mar a bhí roimh an ngéarchéim rud a fhágann iarmhairtí dosheachanta do shaoránaigh agus iomaíochas na dtionscal.

    Tá rioscaí eile fós ann a bhfuil leibhéil éagsúla dóchúlachta ag baint leo, a d’fhéadfadh, má thagann siad chun cinn, cur le géarú a dhéanamh ar an gcothromaíocht íogair idir soláthar agus éileamh a baineadh amach. Áirítear ar na rioscaí sin na nithe seo a leanas: teacht aniar in éileamh GNL san Áise lena laghdófaí infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda, tréimhse fhuar le linn na coda eile den gheimhreadh a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le méadú ar an éileamh ar ghás, dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta nó infhaighteacht íseal táirgthe núicléach a d’fhágfadh gur gá dul níos mó i muinín na giniúna cumhachta gásadhainte, agus suaití breise a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca leis an soláthar gáis, lena n‑áirítear stop iomlán leis na hallmhairí gáis ón Rúis, nó suaitheadh i mbonneagar criticiúil atá ann cheana in earnáil an gháis.

    Is deacair measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlóidh suaitheadh den sórt sin ar bhonneagar criticiúil atá ann cheana ach is féidir é a léiriú le dhá shampla a tharla le déanaí ó glacadh an chéad Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh (AE) 2022/1369. I mí Mheán Fómhair 2022 rinneadh sabaitéireacht chomh mór sin ar phíblíne NordStream 1 nach féidir léi aon ghás a iompar go ceann i bhfad. I mí Dheireadh Fómhair 2023, cuireadh isteach ar Balticconnector, ar píblíne thábhachtach í a nascann an Fhionlainn leis an Eastóin agus a bhfuil toilleadh tuairim is 7 mcm/d inti. Leis an imscrúdú atá fós ar siúl, tá scrúdú á dhéanamh ar ar dhamáiste seachtrach é an damáiste agus an ndearna ancaire soithigh é. Dá dheasca sin, fós níl an Fhionlainn in ann critéar n‑1 a chomhlíonadh mar chuid den chaighdeán bonneagair a shainítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/1938 agus dhearbhaigh sí an dara leibhéal géarchéime is airde, de réir Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/1938. I dtaca le soláthar gáis, tá an Fhionlainn ag brath anois ar a cumas allmhairiúcháin GNL, agus air sin amháin, go príomha trí chríochfort GNL Inkoo ina bhfuil toilleadh thart ar 13 mcm/d agus lena mbaineann buaicéileamh lae thart ar 9-12 mcm/d. Meastar go mbeidh Balticconnector feidhmiúil arís tar éis gheimhreadh 2023/2024 ar a luaithe.

    Ina theannta sin, ó glacadh an tuarascáil roimhe seo lena ndearnadh athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh 3 , tá an tírdhreach geopholaitiúil imithe in olcas a thuilleadh. Tá roinnt réigiún soláthair agus idirthurais buailte ag coinbhleachtaí armtha ard-déine amhail an Meánoirthear agus an Mhuir Rua, chomh maith le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

    Tharraing an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) aird freisin ar bhagairtí ar shlándáil sholáthar gáis an Aontais i dtuarascáil i mí na Nollag 2022 4 , tuarascáil inar tugadh rabhadh faoin réchúis i bhfianaise an fheabhais ar an staid i gcomparáid le buaic na géarchéime i samhradh 2022. Tháinig an Tuarascáil ó IEA ar an Margadh Gáis R1-2024 5 sna sála air sin, ina dtugann IEA le fios go bhfuil soláthairtí gáis domhanda fós docht toisc nár leor méadú ar an acmhainneacht dhomhanda leachtaithe (+ 13 bcm) chun laghdú 38 bcm ar ghás píblíne na Rúise chuig an Aontas a chumhdach. D’ainneoin leibhéil arda stórála san Aontas, tá na rioscaí fós ann i margadh docht go mbeidh tréimhsí fuara go déanach sa gheimhreadh agus srianta soláthair gan choinne, de réir IEA. Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G) a Ionchas Soláthair Geimhridh 2023/2024 ina raibh forbhreathnú ar an samhradh 6 , inar léirigh sé a thábhachtaí atá an laghdú ar éileamh chun stóráil a líonadh agus slándáil an tsoláthair san Aontas, cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair san Aontas. 

    Sa chomhthéacs sin, bhí an laghdú suntasach ar an éileamh ar ghás nádúrtha (-18 % idir mí Lúnasa 2022 agus mí na Nollaig 2023) ríthábhachtach chun an chothromaíocht gáis íogair san Aontas a chaomhnú. Go háirithe, bhí laghdú leanúnach ar an éileamh ar ghás i rith shéasúr insteallta 2023 ina phríomhspreagadh leis an leibhéal líonta stórála is airde riamh a bhaint amach faoin 1 Samhain 2023 (99 %). Chuir an laghdú sin ar an éileamh go mór le bainistiú ciallmhar stórála le linn na chéad choda de shéasúr an gheimhridh 2023/2024, atá fós thart faoi 70 % lán faoin 1 Feabhra.



    III.Bearta deonacha chun éileamh a laghdú a chuir na Ballstáit chun feidhme

    I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh, ar chuir Rialachán (AE) 2023/706 an 30 Márta 2023 síneadh leis, ceanglaíodh ar na Ballstáit a bpleananna éigeandála náisiúnta a bunaíodh le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/1938 a thabhairt cothrom le dáta chun na bearta deonacha chun éileamh a laghdú a bhí curtha chun feidhme acu a léiriú. Sa tuarascáil roimhe seo ar an Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh 7 , leag an Coimisiún amach cheana féin na bearta a rinne na Ballstáit agus a tuairiscíodh tráth a scríobhadh an tuarascáil. Áirítear sna bearta na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

    1.Feachtais faisnéise chun feasacht a mhúscailt i measc tomhaltóirí.

    2.Teorainneacha téimh agus fuaraithe, e.g. i bhfoirgnimh phoiblí.

    3.Malartú breosla agus dlús a chur le bearta éifeachtúlachta fuinnimh.

    Ó thuarascáil 2023 maidir le laghdú ar éileamh, tá bearta comhchosúla, tríd is tríd, i roinnt pleananna éigeandála náisiúnta a cuireadh isteach le déanaí mar a leagadh amach sna pleananna éigeandála náisiúnta a cuireadh isteach roimhe agus ar leagadh béim orthu i dTuarascáil COM(2023) 173, mar atá: 

    ·Feachtas feasachta chun laghdú ar thomhaltas gáis a spreagadh i measc tomhaltóirí. 

    ·Tuilleadh cistithe le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh, tionscal, téamh ceantair agus teaghlach. 

    ·Cistiú agus ceantanna le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh a leathnú, chomh maith le tacaíocht airgeadais mhéadaithe chun teaschaidéil a rolladh amach. 

    ·Lacáiste ar bhillí gáis agus leictreachais i gcás laghdú ar thomhaltas agus/nó taraifí níos airde dóibh siúd a bhfuil méadú mór tagtha ar a dtomhaltas. 

    ·Filleadh nó saolré fhada gléasraí cumhachta a éascú chun tomhaltas gáis na nGléasraí Cumhachta Gasadhainte a laghdú agus a ionadú, bíodh sé sin trí fhilleadh ón gcúltaisce isteach sa mhargadh nó na gléasraí sin a bhfuil sé beartaithe iad a dhúnadh a chur sa chúltaisce.  

    ·Úsáid shealadach acmhainneachta níos airde a bhaint as eangacha leictreachais voltais ultra-ard, chun rannpháirtíocht gléasraí cumhachta áirithe i gcúltaisce eangaí a éascú.  

    ·Caighdeáin chomhshaoil a scaoileadh chun malartú breosla a éascú. 

    ·Laghdú éigeantach ar thomhaltas leictreachais i bhfoirgnimh phoiblí.  

    ·Préimheanna chun bithmheatán a chur isteach sa ghréasán, chun é a chur in ionad gás nádúrtha. 



    IV.Laghdú ar éileamh – anailís earnála

    Idir mí Lúnasa 2022 agus mí na Nollag 2023 (17 mí), laghdaigh Ballstáit an Aontais tomhaltas gáis foriomlán faoi 18 % (thart ar 101 bcm). Léirítear i bhFíor 2 an t‑athrú ar thomhaltas gáis nádúrtha ó cuireadh Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh chun feidhme. Bhain 21 Bhallstát an sprioc dheonach maidir le laghdú 15 % amach.

    Fíor 2 - An t‑athrú ar éileamh ar ghás nádúrtha idir mí Lúnasa 2022 agus mí na Nollag 2023 (17 mí) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna den mheán 5 bliana de réir an Bhallstáit

    Foinse: Príomh-Eacnamaí ENER, bunaithe ar Eurostat (sraith nrg_cb_gasm)

    De réir Chlár Comhardaithe Fuinnimh 2022, d’úsáid teaghlaigh agus seirbhísí 36 % den ghás nádúrtha, úsáideadh 32 % de chun leictreachas agus teas a ghiniúint, agus 23 % sa tionscal (úsáid fuinnimh amháin). Tá an miondealú de réir earnála ar éileamh ar ghás le haghaidh earnálacha na tionsclaíochta, an chónaithe agus na cumhachta ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar thionchar na mbeart maidir le laghdú ar éileamh ar leas socheacnamaíoch an Aontais. Cuireann sé ar a gcumas do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach tuiscint níos fearr a fháil ar chineál na laghduithe agus aon dúshlán a shainaithint, b’fhéidir. In éagmais sonraí staidrimh oifigiúla leordhóthanacha a thuairiscítear go minic a cuireadh faoi bhráid Eurostat chun críoch na hanailíse sin, rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde meastachán ar an miondealú de réir earnála ar an laghdú ar éileamh ar ghás le haghaidh 2022-23 bunaithe ar naoi mBallstát den Aontas nó 80 % de thomhaltas gáis nádúrtha an Aontais. 8 De réir na meastachán sin, is as earnálacha an chónaithe agus na tionsclaíochta a tháinig 43 % agus 47 % faoi seach d’iomlán na laghduithe ar an éileamh agus is as earnáil na cumhachta a tháinig 10 % díobh (féach Fíor 3).

    Fíor 3 - Rannchuidiú de réir earnála leis an laghdú ar éileamh ar ghás (AE9) idir mí Lúnasa 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023

    Nóta: Áirítear san anailís naoi mBallstát nó 80 % d’éileamh an Aontais ar ghás. Is iad BE, DE, EL, ES, FR, HR, IT, HU agus NL na Ballstáit.

    Foinse: An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, bunaithe ar Eurostat agus bunachar sonraí ENaGaD

    Tomhaltas cónaithe/teocht 

    Tá comhghaol láidir idir tomhaltas gáis in earnáil an chónaithe agus an teocht lasmuigh. De réir na sonraí a sholáthair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, tháinig laghdú 7 % ar laethanta céime téimh i gcaitheamh shéasúr gheimhreadh 2022/23 i gcomparáid leis an meán 5 bliana, rud a thugann le fios gur geimhreadh beagán níos boige a bhí ann. 9 Le linn na chéad 2 mhí de shéasúr gheimhreadh 2023, bhí na laethanta céime téimh 9 % ní b’ísle ná an meán 5 bliana freisin. An tráth céanna, bhí laghdú 19 % ar an éileamh ar ghás i gcaitheamh gheimhreadh 2022/23 agus laghdú 22 % i gcaitheamh na chéad 2 mhí de gheimhreadh 2023/24, rud a léiríonn gur shubstaintiúla na laghduithe ar an éileamh ar ghás ná na hathruithe ar an aimsir, rud a raibh na bearta thuasluaite ina gcuid de na cúiseanna leis.

    Earnáil na cumhachta 

    Ar feadh 2022, d’fhan seoladh na ngléasraí cumhachta gásadhainte réasúnta cobhsaí, rud a léiríonn giniúint chobhsaí d’ainneoin praghsanna gáis a bheith ag dul i méid. Cuireadh leis na dúshláin a bhaineann le srian a chur le cumhacht a fhaightear ó ghás mar gheall ar infhaighteacht theoranta na hacmhainneachta núicléiche agus mar gheall ar laghdú ar an rannchuidiú ó hidreachumhacht. Bhí éifeacht fhrithghníomhach ag an acmhainneacht bhreise gaoithe agus gréine a cuireadh isteach in 2022 agus chuir sé le táirgeadh breise 65 TWh (bunaithe ar ENTSO-E), rud a chuir cosc ar mhéadú breise ar thomhaltas gáis. 

    Tháinig athrú ar an meascán leictreachais in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin mar gheall ar theacht ar ais de réir a chéile na hacmhainneachta núicléiche, leibhéil arda hidreachumhachta agus úsáid bhreise foinsí in-athnuaite fuinnimh. Léirítear i bhFíor 4 an t‑athrú ar ghiniúint cumhachta de réir an chineáil giniúna in 2023 i gcomparáid leis an meán 5 bliana agus le 2022. I gcomparáid le 2022 tháinig borradh 7 TWh ar aschur na giniúna núicléiche san Aontas, agus bhain gléasraí cumhachta núicléiche na Fraince seoladh amach a bhí beagnach cothrom leis an meán 5 bliana i mí Mheán Fómhair 2023. Tháinig méadú 41 TWh ar ghiniúint na hidreachumhachta trí leas a bhaint as leibhéil ardaithe taiscumar uisce i gcomparáid le 2022. Tháinig méadú 28 agus 35 TWh ar ghiniúint cumhachta ón ngrian agus ón ngaoth, faoi seach. In 2022, bhí 41.5 agus 15.5 GW bainte amach cheana féin ag suiteáil acmhainneachtaí gréine agus gaoithe, faoi seach. Go háirithe, in 2023, tháinig méadú breise ar an úsáid, is é sin gur cuireadh 53.5 agus 16.0 GW d’acmhainneacht bhreise le córas leictreachais an Aontais.

    Fíor 4 - An t‑athrú ar ghiniúint cumhachta de réir an chineáil giniúna in 2023 (mí Eanáir go mí na Samhna)

    Nóta: Níl sonraí maidir le giniúint cumhachta le haghaidh mhí na Nollag ar fáil go fóill.

    Nóta 2: Ní áirítear giniúint cumhachta taobh thiar den mhéadar i nginiúint grianchumhachta.

    Foinse: Príomh-Eacnamaí ENER, bunaithe ar Ardán Trédhearcachta ENTSO-E

    Tháinig giniúint cumhachta núicléiche agus hidreachumhachta ar ais de réir a chéile in 2023, mar aon le húsáid leanúnach foinsí in-athnuaite fuinnimh le linn na tréimhse, dhá rud a chuir brú anuas ar ghás nádúrtha chun cumhacht agus teas a ghiniúint. Ina theannta sin, tháinig laghdú 6 % ar an éileamh ar leictreachas le linn na tréimhse céanna, rud a d’fhág go raibh laghdú ar na riachtanais le haghaidh an tomhaltais gáis in earnáil na cumhachta.

    Dá réir sin, tháinig laghdú thart ar 9 % (9 bcm) ar an éileamh ar ghás ar mhaithe le cumhacht agus teas ó mhí Lúnasa 2022 10 i gcomparáid leis an tréimhse thagartha 5 bliana.  

    Tionscal 

    Úsáideadh 77 % den tomhaltas gáis tionsclaíoch bliantúil i gcúig fho-earnáil dianfhuinnimh 11 : ceimiceáin, mianraí neamh-mhiotalacha, táirgí bia, miotail bhunúsacha agus táirgí páipéir. Tá dlúthnasc idir úsáid gáis agus leibhéal na gníomhaíochta táirgthe tionsclaíoch. Léirítear i bhFíor 5 an tathrú ar tháirgeadh tionsclaíoch i monarú foriomlán agus i bhfo-earnálacha monaraíochta dianfhuinnimh idir mí Lúnasa 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023 i gcomparáid leis an meán 5 bliana.

    Fíor 5 - An t‑athrú ar tháirgeadh tionsclaíoch i monarú foriomlán agus i bhfo-earnálacha dianfhuinnimh idir mí Lúnasa 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023 i gcomparáid leis an meán 5 bliana

    Foinse: Príomh-Eacnamaí ENER, bunaithe ar Eurostat (sraith sts_inpr_m)

    De thoradh an laghdaithe ar tháirgeadh tionsclaíoch dianfhuinnimh, tháinig laghdú ar úsáid gáis, sna cúig fho-earnáil dianfhuinnimh go príomha. Léirítear i bhFíor 6 tomhaltas míosúil gáis sna cúig fho-earnáil dianfhuinnimh atá innéacsaithe i ndáil leis an tréimhse thagartha 5 bliana. Is féidir a thabhairt faoi deara gur laghdaigh fo-earnálacha na gceimiceán agus na miotal bunúsach tomhaltas gáis go luath le linn na géarchéime, agus nár tharla an rud céanna i bhfo-earnálacha na dtáirgí páipéir agus na mianraí neamh-mhiotalacha ach le míonna beaga anuas. Tharla an laghdú ar an éileamh ar ghás nádúrtha sna fo-earnálacha tionsclaíocha is déine ar fhuinneamh le míonna beaga anuas, rud a léiríonn is dócha laghdú níos struchtúrtha ar ghníomhaíocht thionsclaíoch i réimsí na gceimiceán, na mianraí neamh-mhiotalacha, na miotal bunúsach agus na dtáirgí páipéir. Ós rud é gur mó ná 15 % an laghdú deonach foriomlán ar éileamh deonach, bhí deis ann go dtiocfadh an t‑éileamh tionsclaíoch aniar faoi raon feidhme na sprice deonaí, rud nár tharla go dtí seo.

    Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndearnadh an laghdú ar thomhaltas gáis mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch íslithe a chomhlánú a thuilleadh le bearta éifeachtúlachta fuinnimh luathaithe agus/nó le malartú breosla mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh. Mar sin féin, mar gheall ar na praghsanna gáis níos ísle, meastar maidir le tionscail a bhfuil acmhainneacht débhreosla acu a mhalartaigh breoslaí in 2022 nó 2023, go dtosóidh siad ag baint úsáide as gás an athuair mar gheall ar an bpraghas níos ísle atá air.

    Fíor 6 - Tomhaltas gáis míosúil measta i bhfo-earnálacha dianfhuinnimh in AE27

    Foinse: Príomh-Eacnamaí ENER, bunaithe ar Eurostat

    V.Ionchas shlándáil an tsoláthair le haghaidh 2024-2025

    Ó bhí mí Lúnasa 2022 ann agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Laghdú ar Éileamh ar Ghás go dtí mí na Nollag 2023, tháinig laghdú 18 % (thart ar 101 bcm) ar an éileamh ar ghás san Aontas i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim. As na fachtóirí rannchuidithe uile, ba é an laghdú ar an éileamh ar ghás, mar a leagtar amach a thuilleadh i ranna 2 agus 4, is mó a cuireadh in ionad an tsoláthair gáis ón Rúis (féach Fíor 1).

    Laghdú breise ar allmhairí ón Rúis nó stop iomlán a chur leo, mar chuid d’iarrachtaí an Aontais deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas ar an Rúis, nó an seans go dtarlódh ciorruithe aontaobhacha ar an soláthar ón Rúis mar a tharla in 2022-2023, is tábhachtach anailís a dhéanamh ar an gcás sin nuair atáthar ag féachaint ar shlándáil sholáthar gáis an Aontais. Is ábhartha machnamh a dhéanamh go háirithe ar shuaitheadh soláthair ón Rúis (mar a ionsamhlaítear i bhFíor 7), mar gheall ar dheireadh an chomhaontaithe idirthurais reatha tríd an Úcráin faoin 31 Nollaig 2024 (ceann den dá chonair sholáthair de chuid na Rúise atá fágtha – thart ar 15 bcm in aghaidh na bliana). Ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh an teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid a bheith ina chúis le rioscaí níos airde fós go mbeidh ciorruithe breise ar an soláthar ón Rúis. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh cásanna eile a bheith i gceist, e.g. cur isteach ar bhealach idirthurais na hÚcráine, agus an méid sin amháin, tháinig méadú mór ar an dóchúlacht go mbeadh suaitheadh iomlán ann sa soláthar ón Rúis i gcomparáid leis an mbliain seo caite, gan beann ar chúis an tsuaite, agus tá sé fíor-riachtanach machnamh a dhéanamh ar shlándáil sholáthar an Aontais.

    Ar an gcúis sin, tá sé fíor-riachtanach íogaireachtaí an éilimh ar ghás a chur san áireamh agus ullmhúchán ar bun le haghaidh na séasúr geimhridh a bheidh ann amach anseo. I mbliana, rinneadh Ionchas Soláthair Geimhridh 2023-24 ó ENTSO-G 12 a chomhlánú le forléargas samhraidh agus is é an tátal a baineadh as, i gcás suaitheadh iomlán ar phíblínte Rúiseacha, go mbeadh gá le stóráil a líonadh ag 46 % ag tús an tséasúir líonta stórála mar aon le laghdú 15 % ar an éileamh, soláthairtí láidre GNL agus acmhainneachtaí feabhsaithe, chun an 90 % is gá a bhaint amach ag tús an gheimhridh gáis ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2024. Léirítear i bhFíor 7 na réamh-mheastacháin maidir le líonadh stórála faoi chásanna éagsúla de laghdú leanúnach ar éileamh, gan dochar don mhargadh ná do na modhanna beartais a d’fhéadfaí a úsáid chun an laghdú sin a bhaint amach, bunaithe ar na sonraí faisnéise margaidh is déanaí atá ar fáil agus ag glacadh leis go bhfuil suaitheadh iomlán ann i soláthar píblíne na Rúise. 13 Is é an toradh a bhíonn ar na cásanna sin leibhéal stórála 49 % lán ag deireadh an gheimhridh (31 Márta 2024), i bhfianaise na leibhéal ard stórála a tuairiscíodh an 16 Nollaig 2022 agus bunaithe ar an méid a tharla in 2023 (ba é 56 % an meán san Aontas an 1 Aibreán 2023). Mar sin féin, ba é 33 % an meánleibhéal stórála an 1 Aibreán den tréimhse thagartha 14 . Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go dtugann roinnt foilseachán 15   le fios nach dtiocfadh méadú mór ar tháirgeadh gáis agus acmhainneachtaí leachtaithe domhanda roimh 2026, rud a chiallaíonn gur dócha go mbeidh teorainn le hinfhaighteacht gáis nádúrtha go dtí geimhreadh 2026-2027.

    Fíor 7: Leibhéil stórála mhíosúla ag brath ar leanúint den laghdú ar éileamh


    Nóta: Léiríonn an fíor leibhéil stórála ag deireadh gach míosa.

    Foinse: Príomh-Eacnamaí ENER, bunaithe ar Eurostat, AGSI agus sonraí faisnéise margaidh maidir le sreabha gáis

    Déantar iniúchadh ar thrí chás i bhFíor 7:

    ·An cás ‘Ní leantar den laghdú ar éileamh’: Cuirtear isteach ar allmhairí píblíne ón Rúis agus ní leantar den laghdú ar éileamh ar ghás tar éis an 31 Márta 2024. Is é an toradh a bheadh air sin go dtitfeadh an leibhéal stórála go 64 %, rud atá i bhfad níos ísle ná an sprioc 90 % faoin 1 Samhain 2024, agus go mbeadh sé go hiomlán ídithe faoi mhí Feabhra 2025.

    ·An cás ‘Leantar den laghdú ar éileamh go dtí mí na Samhna 2024’: Cuirtear isteach ar allmhairí píblíne ón Rúis agus leantar den laghdú ar éileamh ar ghás go dtí mí na Samhna 2024 agus dá thoradh sin baintear amach sprioc stórála mhí na Samhna ach ídítear é go luath ina dhiaidh sin agus ní bhaintear amach ach thart ar 10 % de na leibhéil líonta faoi dheireadh mhí an Mhárta 2025. Rud a chuirfeadh, dá bhrí sin, slándáil sholáthar gáis an Aontais i mbaol le haghaidh gheimhreadh 2025-2026 ina dhiaidh sin.

    ·An cás ‘Leantar den laghdú ar éileamh go dtí mí an Mhárta 2025’: An cás ina gcuirtear isteach ar allmhairí píblíne ón Rúis agus ina leantar den laghdú 15 % ar éileamh agus dá thoradh sin baineann na leibhéil stórála sprioc stórála mhí na Samhna amach. Thairis sin, d’fhéadfadh na leibhéil stórála a bheith thart ar 36 % faoi dheireadh mhí an Mhárta 2025. Is féidir a mheas gur leibhéal leordhóthanach é sin roimh shéasúr líonta stórála 2025.

    Cuirtear san áireamh sna cásanna sin príomhghnéithe de chuid shlándáil an tsoláthair gáis amhail éabhlóid na leibhéal stórála i gcaitheamh an gheimhridh agus na forbairtí maidir leis an soláthar gás ón Rúis agus an soláthar domhanda gáis. Thairis sin, tá toradh breise ar rioscaí ar an taobh thíos do shlándáil an tsoláthair san Aontas le cur san áireamh a d’fhéadfadh tarlú sa bhreis ar na cásanna thuasluaite, amhail an seans go dtiocfaidh méadú ar an éileamh domhanda ar GNL agus teacht aniar áirithe san éileamh tionsclaíoch ar ghás. Éiginnteacht thar a bheith suntasach is ea an aimsir, ós rud é go mbeadh tionchar suntasach ag geimhreadh 2023/24 nó 2024/25 níos fuaire ná an meán ar shlándáil sholáthar gáis an Aontais. Ag glacadh leis laghdú 15 % agus an t‑éileamh is airde le haghaidh gach míosa idir 2014 agus 2021, d’fhéadfadh méadú 28 bcm teacht ar an éileamh bliantúil. Deimhnítear san Ionchas Soláthair Geimhridh ó ENTSO-G go mbeidh gá i gcás geimhreadh fuar le laghdú 15 % ar an éileamh chun go mbeidh an líonra gáis in ann an t‑éileamh a shásamh agus leibhéal líonta stórála 30 % ar a laghad a bhaint amach.

    Dá bhrí sin, cé go bhfuil giaráil theoranta ag an Aontas chun an soláthar domhanda gáis a mhéadú, ba éifeachtach an bainistiú stórála (le tacaíocht ó leasuithe an Rialacháin maidir le Stóráil 16 ar an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis agus conairí stórála) agus an laghdú ar éileamh chun slándáil sholáthar gáis an Aontais a áirithiú ó thús na géarchéime. Tá siad fós ina nuirlisí tábhachtacha, i gcás ina néiríonn leibhéil stórála neamhleor le linn na coda eile de gheimhreadh 2023-2024, nó i gcás ina dtiocfaidh rioscaí ar an taobh thíos chun cinn. Mar sin féin, tá na margaí freagrúil do mhéaduithe ar phraghsanna, rud a d’fhéadfadh laghdú leordhóthanach ar éileamh a éascú i gcás ina dtiocfaidh rioscaí ar an taobh thíos chun cinn.

    Thairis sin, i dtuairim ACER 17 faoi Ionchas Soláthair Geimhridh 2023-2024 ó ENTSO-G, áitíonn sé: ‘D’fhéadfadh teacht chun cinn fachtóirí riosca [...] a bheith ina gcúis le ganntanas soláthair [...]. Thiocfadh laghduithe éigeantacha ar éileamh ar ghás ina dhiaidh sin agus bheadh ciorrú éilimh neamhdheonach ar thomhaltóirí gáis neamhriachtanacha ina bheart éigeandála mar rogha dheiridh’. Iarrann Acer freisin ‘forairdeall leanúnach maidir le staid an tsoláthair gáis agus go ndéanfaí faireachán ar chur chun feidhme rialachán an Aontais maidir le laghdú ar éileamh ar gás’. 



    VI.Conclúid

    Chun na rioscaí tromchúiseacha a bhain le slándáil an tsoláthair in 2022 a mhaolú, i gcomhthéacs REPowerEU, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2022/1369 chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú faoi 15 %. I mí an Mhárta 2023 chinn an tAontas síneadh a chur leis an laghdú sin trí Rialachán (AE) 2023/706, i bhfianaise, i measc nithe eile, a phráinní atá sé stóráil a athlíonadh agus na doichte sa mhargadh atá fós ann mar gheall ar e.g. infhaighteacht íseal na cumhachta núicléiche agus na hidreachumhachta. 

    Léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil an staid fós íogair, cé go bhfuil feabhas tagtha ar staid shlándáil an tsoláthair a bhuí le hinfheistíochtaí spriocdhírithe agus roinnt beart - lena n‑áirítear sprioc laghdaithe an Rialacháin maidir le Laghdú ar Éileamh atá sáraithe ag na Ballstáit. Is é is cúis leis sin, i bpáirt, go bhfuil na margaí domhanda gáis fós docht agus go meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go dtí 2026, tráth a thiocfaidh acmhainneachtaí nua leachtaithe ar líne. Tá rioscaí eile fós ann a d’fhéadfadh, má thagann siad chun cinn, cur leis an gcothromaíocht soláthair agus éilimh a dhéanamh níos doichte, amhail suaitheadh breise a d’fhéadfadh a bheith sa soláthar gáis, lena n‑áirítear stop le hallmhairí gáis ón Rúis nó cur isteach ar bhonneagar criticiúil atá ann cheana in earnáil an gháis, teacht aniar in éileamh na hÁise ar GNL, geimhreadh fuar agus stóráil íseal hidreachumhachta. Thairis sin, tá an tírdhreach geopholaitiúil mór tar éis dul in olcas a thuilleadh, ós rud é go bhfuil roinnt réigiún soláthair agus idirthurais eile buailte ag coinbhleachtaí armtha ard-déine amhail an Meánoirthear agus an Mhuir Rua.

    Chuir an laghdú ar éileamh go mór le deireadh a chur de réir a chéile le 65 bcm de ghás de chuid na Rúise in 2023, rud a bhain teaghlaigh agus earnáil na tionsclaíochta amach go príomha. Thairis sin, chun ardleibhéal ullmhachta le haghaidh an gheimhridh a ráthú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit an sprioc líonta stórála 90 % mar atá an 1 Samhain 2024, ní mór go bhfanfaidh stórais an Aontais ar leibhéal ard go leor ar feadh an gheimhridh. In 2023, amhail in 2022, bhí an laghdú ar éileamh ríthábhachtach chun leibhéil stórála leordhóthanacha a bheith ann ag deireadh an gheimhridh agus chun an tsolúbthacht is gá a sholáthar sa samhradh ionas go bhféadfaí an sprioc stórála 90 % a bhaint amach, agus an tráth céanna, praghsanna á gcoimeád ar leibhéil níos ísle agus srian á chur leis an luaineacht. Chuidigh an laghdú ar éileamh freisin leis an sprioc stórála a bhaint amach i mí Lúnasa, i bhfad roimh mhí na Samhna. D’fhág sé sin freisin gur stóráil rannpháirtithe i margadh an Aontais gás san Úcráin ag deireadh shamhradh 2023, rud a d’fhág gur threisigh slándáil sholáthar gáis an Aontais agus na hÚcráine a chéile.

    Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach an Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh a mheas mar aon le héifeachtaí an Rialacháin maidir le Stóráil. Tá an dá eilimint sin ina gcuid d’ollstruchtúr slándála soláthair an Aontais agus treisíonn siad a chéile. Leis an laghdú ar an éileamh ar ghás, tugadh an tsolúbthacht ba ghá do na Ballstáit agus do rannpháirtithe sa mhargadh chun na spriocanna stórála a bhaint amach agus, an tráth céanna, an margadh domhanda gáis atá docht cheana féin a chaomhnú ó bhrú breise.

    Má leanann staid an tsoláthair de bheith docht nó má théann sí in olcas a thuilleadh agus má chuirtear an sprioc stórála 90 % mar atá mí na Samhna 2024 i mbaol, beidh ról ríthábhachtach fós ag an laghdú ar éileamh in 2024 agus ina dhiaidh sin chun an margadh gáis a chobhsú. 

    (1)

    Léiríonn Ionchas Fuinnimh Domhanda 2023 ó IEA go meastar go dtiocfaidh 250 bcm/y d’acmhainneacht leachtaithe ar líne roimh 2030, agus níl coinne lena fhormhór de ach amháin idir 2025-2027.

    (2)

    Tharla babhtaí luaineachta suntasaí e.g. tar éis stailceanna i saoráidí GNL na hAstráile a fógraíodh i mí Mheán Fómhair agus tar éis an chur isteach ar Balticconnector agus ionsaí Hamas i mí Dheireadh Fómhair.

    (3)

    Tuarascáil COM(2023) 173 agus SWD(2023) 63, lena ndéantar athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2022/1369.

    (4)

      How to Avoid Gas Shortages in the European Union in 2023 – Analysis - IEA [Conas Ganntanais Gháis a Sheachaint san Aontas Eorpach in 2023 – Anailís - IEA] .

    (5)

      https://iea.blob.core.windows.net/assets/601bff14-5d9b-4fef-8ecc-d7b2e8e7449a/GasMarketReportQ12024.pdf .

    (6)

      https://www.entsog.eu/outlooks-reviews#winter-outlooks-and-reviews .

    (7)

    Tuarascáil COM(2023) 173.

    (8)

    Is iad an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Ungáir agus an Ísiltír na naoi mBallstát den Aontas. Tá an anailís bunaithe ar shonraí poiblí a thuairiscigh a n‑oibreoirí córais tarchurtha náisiúnta amháin, lenar féidir meastachán a dhéanamh ar thomhaltóirí gáis tionsclaíocha agus ar thomhaltóirí cónaithe gáis. Rinneadh an anailís a chomhlánú le sonraí Eurostat maidir le tomhaltas gáis chun cumhacht a ghiniúint.

    (9)

    Ríomhanna ENER/CET bunaithe ar shraith Eurostat NRC_CHDD_M. Tabhair do d’aire go ríomhann Eurostat iomlán an Aontais mar mheán (geografach) spás-ualaithe na sonraí i gcás na mBallstát aonair. I gcomhthéacs na hanailíse seo, tá ualú den sórt sin míchuí. Dá bhrí sin, rinneamar iomlán AE a athríomh mar mheán na mBallstát aonair, atá ualaithe de réir a ndaonra (demo_gind).

    (10)

    Tá an tuairisciú ar thomhaltas gáis san earnáil cumhachta ar chúl an tuairiscithe ar thomhaltas gáis foriomlán. Dá bhrí sin, ní áirítear sa tráthchlár ach an tréimhse ó mhí Lúnasa 2022 go mí Dheireadh Fómhair 2023.

    (11)

    Clár Comhordaithe Fuinnimh 2021

    (12)

      https://www.entsog.eu/outlooks-reviews#winter-outlooks-and-reviews

    (13)

    Toimhdí:

    ·Leibhéil stórála ón 8 Nollaig 2023 (91.3 %)

    ·Is é an soláthar píblíne (seachas an Rúis) an meán idir mí Eanáir 2022 agus mí Dheireadh Fómhair 2023

    ·Níl aon soláthar píblíne ón Rúis ó thús an insamhalta

    ·Is ionann an soláthar GNL agus an soláthar GNL uasta in 2023.

    ·Meánéileamh gáis AE27 na tréimhse tagartha, agus laghduithe céatadáin á gcur i bhfeidhm mar a luaitear.

    ·Tá onnmhairí chuig an Eilvéis, chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv bunaithe ar shreabha 2022/23.

    (14)

    Is ó 2016 go 2021 an tréimhse thagartha;

    (15)

      Foilseachán ó IEA , foilseachán ó GIIGNL .

    (16)

    Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis.

    (17)

      ACER_Opinion_11-2023_on_ENTSOG_Winter_Supply_Outlook_2023-2024.pdf (europa.eu)

    Top