EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0082

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN An tAontas a neartú trí athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha

COM/2024/82 final

An Bhruiséil,21.2.2024

COM(2024) 82 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An tAontas a neartú trí athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha

{SWD(2024) 70 final}


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An tAontas a neartú trí athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha

Eisítear an Teachtaireacht seo ag pointe ina bhfuiltear leath slí tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA). Ceapadh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar fhreagairt ar iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ó phaindéim COVID-19 agus bunaíodh í i mí Feabhra 2021, agus is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta croílár NextGenerationEU (NGEU), ionstraim théarnaimh an Aontais. Agus é beartaithe go mairfidh an STA go dtí deireadh 2026, ní fhacthas a leithéid riamh roimhe ó thaobh scála agus uaillmhéine de. Tá dhá chuspóir aige: cabhrú leis na Ballstáit teacht chucu féin agus teacht slán as éifeachtaí tubaisteacha eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime chomh maith le borradh a chur faoi athléimneacht an Aontais agus ár ngeilleagair agus ár sochaithe a chur in oiriúint don todhchaí, go háirithe trí thacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Is é STA an chéad mhórchlár cistiúcháin feidhmíochtbhunaithe de chuid an Aontais, lena ndéantar cistí a eisíoc leis na Ballstáit i gcoinne an dul chun cinn atá déanta i dtreo na n‑athchóirithe uaillmhianacha agus na n‑infheistíochtaí uaillmhianacha a cuireadh chun cinn ina bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (PTA). Ní mór na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin a bheith i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais arna sainaithint i Rialachán STA agus ní mór dóibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin náisiúnta a sainaithníodh sa Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta trí mholtaí tírshonracha (CRSanna).

Sna trí bliana ó tháinig Rialachán STA i bhfeidhm, d’úsáid na Ballstáit an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go straitéiseach chun a gcláir oibre athchóirithe agus infheistíochta a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le dúshláin atá ann le fada agus le dúshláin nua araon. Tá EUR 225 bhilliún eisíoctha cheana féin agus i ndáil le thart ar 75 % de na garspriocanna agus de na spriocanna atá beartaithe a bhaint amach faoi dheireadh 2023, tá sé measta ag an gCoimisiún cheana féin go bhfuil siad comhlíonta go sásúil nó tuairiscíodh go bhfuil siad curtha i gcrích ag na Ballstáit. Thairis sin, trína PTAanna, tá dul chun cinn suntasach déanta ag na Ballstáit maidir le haghaidh a thabhairt ar na CRSanna a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

Tacaíonn STA go héifeachtach leis an téarnamh eacnamaíoch san Aontas. Thart ar leath den mhéadú ar infheistíocht phoiblí san Aontas idir 2019 agus 2025, meastar go mbeidh sé mar thoradh ar infheistíochtaí arna maoiniú ag buiséad an Aontais, go háirithe leis an STA 1 . Tugtar le fios i samhaltú 2 an Choimisiúin go bhféadfadh NGEU 3 fíor-OTI an Aontais a mhéadú suas le 1,4 % in 2026 i gcomparáid le cás nach mbeadh aon NGEU ann. Tugtar le fios freisin sna samhlacha ionsamhlúcháin go dtiocfaidh méadú suntasach gearrthréimhseach ar fhostaíocht san Aontas (suas le 0,8 %). Tuartar go mbeidh fíorphá níos airde i gcónaí ag gabháil leis sin sa mheántéarma, rud a léiríonn na gnóthachain táirgiúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann ó infheistíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Meastar go mbeidh idir aon cheathrú agus aon trian de thionchar measta iomlán OTI ó STA mar thoradh ar iarmhairtí dearfacha idir na Ballstáit, iarmhairtí a ghintear trí infheistíochtaí a chur chun feidhme go comhuaineach ar fud na mBallstát.

Is léir gur ionstraim lúfar í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rud a chabhraíonn leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar imthosca nua. Ba é an fogha míleata gan chúis a thug an Rúis faoin Úcráin ba chúis le cruatan doshamhlaithe san Úcráin agus mar thoradh air sin cuireadh isteach ar an margadh fuinnimh domhanda agus ar an slabhra soláthair. Bhí ardú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh agus earraí tomhaltais, ardú nach bhfacthas le blianta fada agus a bhí ina chúis le géarchéim ‘costais mhaireachtála’ i gcás go leor teaghlach ar fud na hEorpa, agus ba iad na teaghlaigh leochaileacha ba mhó a bhí thíos leis. Sa chomhthéacs sin, bhí na Ballstáit in ann a iarraidh go ndéanfaí athruithe ar na PTAanna atá acu cheana chun imthosca oibiachtúla nua a chur san áireamh, amhail boilsciú ard agus suaitheadh sa slabhra soláthair. Ina theannta sin, i gcomhthéacs phlean REPowerEU, d’fhéadfadh na Ballstáit tairbhe a bhaint as acmhainní breise chun caibidlí REPowerEU a thabhairt isteach agus borradh a chur faoi athchóirithe agus infheistíochtaí lena ndéantar soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú, lena gcuirtear dlús leis an aistriú glas agus lena dtacaítear le teaghlaigh leochaileacha.

Tá meastóireacht mheántéarmach á foilsiú ag an gCoimisiún ag an bpointe leath bealaigh den ionstraim uathúil seo atá faoi cheangal ama. I gcomhréir le ceanglais Rialachán STA, déantar measúnú sa mheastóireacht mheántéarma ar an gcaoi a bhfuil STA ag baint amach a chuspóirí, ar bhonn na fianaise atá ar fáil go dtí seo. Déanann sé amhlaidh trí na cúig chritéar meastóireachta a mheas, ar critéir iad a bhaineann le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach Eorpach. Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, tugtar tuilleadh sonraí maidir le meastóireacht mheántéarma an Choimisiúin. Tá an mheastóireacht bunaithe ar fhoinsí éagsúla, lena náirítear staidéar neamhspleách a rinne cuibhreannas conraitheoirí seachtracha agus a fhoilsítear i gcomhthreo, agus tá sé bunaithe ar chomhairliúcháin leathana freisin 4 .

Cuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo na príomhléargais ón meastóireacht mheántéarma agus déantar cur chun feidhme STA a mheas. I Roinn 1 déantar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le STA a chur chun feidhme, agus dírítear ann ar thorthaí nithiúla a baineadh amach ar an láthair. I Roinn 2 breathnaítear ar an méid a d’oibrigh go maith agus ar an méid a d’fhéadfaí a fheabhsú, agus sainaithnítear na príomhcheachtanna a foghlaimíodh go dtí seo. Tugtar achoimre agus cuirfear conclúidí in iúl i Roinn 3, agus tugtar aghaidh ar an mbealach chun cinn.



1. Tá dul chun cinn soiléir déanta maidir le cur chun feidhme STA

1.1.Tá torthaí nithiúla bainte amach sna Ballstáit mar thoradh ar an gcur chun feidhme

Bosca 1: Tá torthaí nithiúla ar an láthair á mbaint amach ag STA

Neartaigh an Chipir a hiarrachtaí chun dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach chánach. Chun a áirithiú nach n‑imeodh íocaíochtaí ó Fhiontair Ilnáisiúnta amach ón Aontas gan cáin a bheith gearrtha orthu, ghlac an Chipir athchóiriú lena dtugtar isteach cáin iarchoimeádta ar íocaíochtaí amach chuig dlínsí ‘neamh-chomhoibríocha’. Is céim thábhachtach é sin agus réiteoidh sé an bealach do ghníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo maidir leis an tsaincheist sin.

Tá bearta déanta ag an mBulgáir chun feabhas a chur ar leordhóthanacht agus ar chumhdach a scéime ioncaim íosta. Trí ghlacadh le leasuithe reachtacha, thug an Bhulgáir isteach méadú de réir a chéile ó 2022 go dtí 2024 ar na tairseacha ioncaim do gach tairbhí féideartha sa scéim ioncaim íosta. Is céim thábhachtach í seo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta sheanbhunaithe sa tír.

Tá ‘KlimaTicket’ tugtha isteach ag an Ostair, rud a fhágann go mbíonn soghluaisteacht atá neamhdhíobhálach don aeráid éasca agus inacmhainne. Tugtar isteach ticéad aonair ar ráta comhréidh lena gcuirtear iompar poiblí nach mór gan teorainn ar fáil ar fud na hOstaire agus cuirtear praghsanna lascainithe ar fáil do mhic léinn, do sheanóirí, do dhaoine faoi mhíchumas agus do theaghlaigh. Ó seoladh é i mí Dheireadh Fómhair 2021, tá níos mó ná 260 000 Ostarach tar éis na ticéid aeráide a cheannach cheana féin.

Tá an Liotuáin tar éis Clár na Mílaoise um Dhul Chun Cinn na Scoileanna a ghlacadh, chun bonneagar na scoileanna a atheagrú agus a fheabhsú agus chun rochtain chothrom ar oideachas a áirithiú do leanaí na Liotuáine. Is é is aidhm don chlár a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh ar scoileanna ar ardchaighdeán, gan beann ar chúlra na leanaí. Tá sé sin ríthábhachtach toisc go bhfuil an Liotuáin ag dul i ngleic le héagothromaíochtaí uirbeacha-tuaithe agus le bearna shocheacnamaíoch i dtorthaí oideachais atá os cionn mheánráta an Aontais. Cuirfidh 80 % ar a laghad de bhardais na Liotuáine an Clár chun feidhme, rud a fhágfaidh go dtabharfar tacaíocht do 150 scoil faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2026.

Tá na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear ina PTAanna á gcur i gcrích ag na Ballstáit. Faoi dheireadh 2023, bhí measúnú déanta cheana féin ag an gCoimisiún ar bhreis agus 1150 garsprioc agus sprioc agus measadh go raibh siad comhlíonta go sásúil 5 . D’eascair torthaí nithiúla ar an láthair as na garspriocanna agus na spriocanna sin a bhaint amach, agus tá comharthaí soiléire ann go bhfuil STA ag déanamh fíordhifríochta ar fud an Aontais. Léirítear é sin i mBosca 1, le samplaí d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe a bhfuil dul chun cinn nithiúil déanta maidir leo cheana féin ar an láthair, mar shampla maidir le pleanáil ionsaitheach cánach, rochtain chomhionann ar oideachas, cuimsiú sóisialta, agus tacaíocht don tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus don iompar inbhuanaithe.

I gcomhréir leis an dul chun cinn atá déanta agus leis na torthaí a baineadh amach, eisíocadh EUR 225 bhilliún chun tacú le geilleagair an Aontais. Eisíocadh beagnach EUR 67 mbilliún i réamh-mhaoiniú, rud a chuidigh le tionchar gearrthéarmach na géarchéime ar bhuiséid na mBallstát a mhaolú agus tús maith a chur leis an gcur chun feidhme. 6 Ina theannta sin, eisíocadh EUR 157,2 billiún nuair a comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna ar bhealach sásúil, rud a léiríonn an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí ar an láthair. Tá cuid mhór de na heisíocaíochtaí sin nasctha leis an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme na nathchóirithe, a ndearnadh tús áite a thabhairt dóibh d’aon ghnó chun an bealach a réiteach le haghaidh infheistíochtaí rathúla sa dara leath de shaolré STA.

Thart ar 75 % de na garspriocanna agus de na spriocanna atá beartaithe a bhaint amach faoi dheireadh 2023, tá sé measta ag an gCoimisiún cheana féin go bhfuil siad comhlíonta go sásúil nó tuairiscíodh go bhfuil siad curtha i gcrích ag na Ballstáit 7 . Fiú na Ballstáit sin nár chuir iarrataí ar íocaíocht isteach ná nach bhfuair cistí ó STA go dtí seo, tá dul chun cinn déanta acu cheana maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach ina PTAanna a chur chun feidhme.

1.2.Rinneadh athbhreithniú ar na pleananna uile chun tionchar STA a uasmhéadú i gcomhthéacs atá ag athrú

In 2023, dhírigh na Ballstáit ar a PTAanna a chur in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, agus iad ag bogadh ar aghaidh maidir le cur chun feidhme na PTAanna ag an am céanna. Praghsanna fuinnimh méadaithe, boilsciú ard agus suaitheadh sa slabhra soláthair mar thoradh ar chogadh foghach gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus, i gcásanna áirithe, de dheasca tubaistí nádúrtha, bhí sé dúshlánach do na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí áirithe a chur chun feidhme ina PTAanna. Thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit 8 ina niarrachtaí na srianta seachtracha sin a mhaolú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta ábhartha ina PTAanna trí úsáid a bhaint as an tsolúbthacht atá leabaithe i Rialachán STA. Deis a bhí sna hathbhreithnithe freisin na PTAanna a thabhairt cothrom le dáta chun an leithdháileadh airgeadais athbhreithnithe ar na Ballstáit a chur san áireamh 9 agus leas a bhaint as an tacaíocht iasachta atá fágtha 10 atá ar fáil faoi STA.

Cinntíodh le hathbhreithnithe ar an bplean go bhfuil PTAanna fós uaillmhianach agus oiriúnach dá bhfeidhm. Tugadh na PTAanna uile cothrom le dáta in 2023, agus aird á tabhairt ar cháilíocht na mbeart agus ní hamháin sin ach ar a leibhéal aibíochta agus ar a dtréimhse cur chun feidhme freisin, i bhfianaise STA a bheith faoi cheangal ama. Gealltanais nach bhféadfaí a bhaint amach a thuilleadh mar gheall ar imthosca oibiachtúla, rinneadh iad a choigeartú agus, i roinnt mhaith cásanna, roghanna malartacha níos oiriúnaí a chur ina n‑ionad, agus uaillmhian bhunaidh an PTA a choinneáil slán ag an am céanna. Le raon feidhme leathan STA, tugadh an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun acmhainní a leithdháileadh de réir a dtosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, i gcomhréir le cuspóirí STA. I mBosca 2, tugtar samplaí den chaoi a ndearna na hathbhreithnithe tionchar STA a uasmhéadú i réimsí amhail tubaistí a chosc, cáilíocht seirbhísí poiblí nó ionstraimí airgeadais chun tacú le FBManna.

Bosca 2: Rinneadh athbhreithniú ar na pleananna uile chun tionchar PTAanna a uasmhéadú i gcomhthéacs atá ag athrú

D’iarr an tSlóivéin tacaíocht iasachta bhreise chun freastal ar éifeachtaí tubaisteacha na dtuilte a bhuail an tír i mí Lúnasa 2023. Tacóidh na hiasachtaí breise a thuilleadh le hathléimneacht na Slóivéine i gcoinne éifeachtaí an athraithe aeráide agus cuirfidh siad borradh faoina haistriú glas, mar shampla trí infheistíocht a dhéanamh in athchóiriú inbhuanaithe foirgneamh agus in atógáil a dhéanamh ar dhá líne iarnróid réigiúnacha a raibh tionchar ag na tuilte agus na stoirmeacha orthu.

Tá gníomhaíochtaí spriocdhírithe tugtha isteach ag an Iodáil chun na huirlisí a threisiú chun riaráiste sa chóras ceartais shibhialta a laghdú. Áirítear leis sin bearta chun oifig na trialach a neartú agus scéimeanna dreasachta a chur ar bun d’oifigí breithiúnacha chun a gcuspóirí a bhaint amach maidir le líon na gcásanna atá ar feitheamh a laghdú. Is é an cuspóir bunaidh timpeallacht níos fabhraí a chruthú do lucht gnó, níos mó infheistíochtaí a mhealladh agus fás a chothú.

D’úsáid an Chróit tacaíocht bhreise iasachta chun freastal ar éifeachtaí an bhoilscithe ard ar a tionscadal maidir leis an líonra soláthair phoiblí uisce. Níor baineadh amach cuid den sprioc maidir le ciliméadair thógtha nó atógtha den líonra soláthair phoiblí uisce de bharr praghsanna tógála méadaithe. Chinn an Chróit, áfach, tacaíocht iasachta bhreise a iarraidh, ní hamháin chun freastal ar na costais tógála mhéadaithe, ach chun uaillmhian an bhirt a mhéadú fiú. Méadaíonn an PTA athbhreithnithe an sprioc dheiridh anois ó 956 go 1087 gciliméadar den líonra soláthair phoiblí poiblí tógtha nó atógtha. Méadófar leis an méid sin líon na saoránach a bhaineann tairbhe as rochtain níos fearr ar sholáthar uisce.

Chuir an Spáinn ionstraimí airgeadais san áireamh chun rochtain FBManna ar mhaoiniú a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag FBManna i dtírdhreach eacnamaíoch na Spáinne, d’iarr an Spáinn iasachtaí breise chun rochtain FBManna ar mhargaí caipitil a fheabhsú agus chun infheistíocht phríobháideach a dhreasú, go háirithe do FBManna atá ag feidhmiú sna hearnálacha glasa agus digiteacha.

Leis na hathbhreithnithe, tá méadú suntasach tagtha ar an tacaíocht a thugann an tAontas do na Ballstáit. Cuireadh beagnach EUR 150 billiún de thacaíocht airgeadais ar fáil do gheilleagair an Aontais in 2023 trí dheontais bhreise le haghaidh chaibidlí REPowerEU agus EUR 125,5 billiún d’iasachtaí araon. Léiríonn glacadh leathan na tacaíochta iasachta go bhfuil STA fós tarraingteach mar ionstraim chun tacú le geilleagair an Aontais agus iad a athrú ó bhonn le haghaidh na todhchaí. Ar an iomlán, agus ar choinníoll go mbainfear amach na garspriocanna agus na spriocanna uile, cuirfidh STA EUR 650 billiún de thacaíocht airgeadais ar fáil dár ngeilleagair san Aontas. 11  

1.3.Cuirfidh REPowerEU dlús breise leis an aistriú glas

Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag cuidiú le dlús a chur le haistriú glas an Aontais. Ceanglaítear le Rialachán STA go ndéanfaidh gach PTA 37 % ar a laghad den leithdháileadh iomlán a thiomnú do bhearta a thacaíonn leis an aistriú glas. Tá an sprioc sin sáraithe ag na Ballstáit uile (40 % ar an meán) agus tá níos mó ná 50 % dá bplean iomlán curtha i leataobh ag roinnt Ballstát do chuspóirí aeráide. Ar an iomlán, is é EUR 275 bhilliún an méid measta an chaiteachais aeráide. Anuas air sin, ní mór do gach beart a fhaigheann tacaíocht ó STA an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a urramú, rud a fhágann gurb é STA an chéad ionstraim de chuid an Aontais inar critéar cothrománach ginearálta incháilitheachta é an prionsabal sin. Ina theannta sin, tacaíonn STA, in éineacht le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus leis an gCiste um Aistriú Cóir, le beartais fostaíochta agus shóisialta, rud a chabhraíonn leis an aistriú glas a bheith cothrom.

Cuireann REPowerEU tuilleadh le fuinneamh a shábháil, le dlús a chur le táirgeadh fuinnimh ghlain, agus le soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú. I mí an Mhárta 2023, tháinig Rialachán leasaithe STA i bhfeidhm, lena niarrtar ar na Ballstáit caibidlí REPowerEU a thabhairt isteach ina PTAanna. Ó shin i leith, formheasadh 23 chaibidil REPowerEU 12 . Áirítear orthu sin athchóirithe agus infheistíochtaí a chuideoidh le fuinneamh a shábháil, a rannchuideoidh le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, agus a laghdóidh ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise trí ghréasáin fuinnimh níos athléimní a bhunú.

Trí chaibidlí REPowerEU, tiomnófar EUR 60 billiún breise chun dlús a chur leis an aistriú glas. Is é atá in iasachtaí nua a iarradh le haghaidh chaibidlí REPowerEU EUR 40 billiún den mhéid iomlán sin, agus is é atá i ndeontais bhreise le haghaidh bhearta REPowerEU ó acmhainní faoin gCóras Trádála Astaíochtaí agus faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit an méid atá fágtha. Na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a tugadh isteach leis na caibidlí REPowerEU, comhlánaíonn siad na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear cheana sna PTAanna agus cuireann siad dlús leo. I mBosca 3, tugtar samplaí den chaoi a gcuireann caibidlí REPowerEU dlús leis an aistriú glas. Cuirfidh bearta REPowerEU infheistíochtaí suntasacha chun cinn a bhfuil sé d'aidhm acu an méid seo a leanas a dhéanamh,, mar shampla: acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí a tháinig chun aibíochta le déanaí amhail gaoth amach ón gcósta; acmhainn stórála leictreachais a shuiteáil; córais téimh a dhícharbónú; acmhainneacht a fhorbairt le haghaidh táirgeadh hidrigine; agus tacú le bearta chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Thairis sin, chuir na Ballstáit athchóirithe uaillmhianacha san áireamh ina gcaibidlí REPowerEU, mar shampla chun nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus chun úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite a éascú, nó chun scileanna glasa a fhorbairt lenar cheart an t‑aistriú a éascú d’oibrithe agus do FBManna.

Bosca 3: Cuireann REPowerEU dlús leis an aistriú glas

Leis an meascán uathúil d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a bhaineann leis na PTAanna, cuirtear go mór le dícharbónú chóras cumhachta na hEorpa. Agus spriocanna an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus an sprioc idirmheánach laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 á gcur san áireamh, chomh maith leis an idirphlé leanúnach maidir le sprioc laghdaithe do 2040 a leagan síos (féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí maidir le sprioc aeráide 2040, COM (2024)63), beidh gá le haistriú teicneolaíoch chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus ní hamháin sin ach leis an mbonneagar is gá a thógáil chun slándáil fuinnimh agus inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do gach saoránach. Chuige sin, chuir na Ballstáit bearta breise san áireamh ina gcaibidlí REPowerEU.

Na margaí fuinnimh a dhícharbónú agus iad a bheith bunaithe ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh: Dlús a chur le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus iad a chur in úsáid go mór

Slándáil an tsoláthair fuinnimh agus fuinneamh inacmhainne a áirithiú: Eangacha fuinnimh a dhéanamh slán ag na Ballstáit trí bhonneagar a fheabhsú agus trí aghaidh a thabhairt ar scrogaill

Borradh a chur faoi iomaíochas thionscal an Aontais: Tá acmhainneacht mhonaraíochta na dtionscal teicneolaíochta glan-nialasacha á mhéadú ag na Ballstáit

Tacóidh an Phortaingéil le hinfheistíochtaí i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasacha a bhfuil sé d'aidhm acu iomaíochas thionscal na Portaingéile a fheabhsú. Leithdháiltear EUR 50 milliún ar an iomlán chun tacú le cuideachtaí nó tionscadail aonair infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá ailínithe leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta amhail fótavoltachas gréine, gaoth ar tír agus amach ón gcósta, agus cadhnraí agus stóráil.

·Tá athchóirithe forleathana tugtha isteach ag an tSeicia lena gcuirfear deireadh le ceanglais cheada le haghaidh suiteálacha cumhachta in-athnuaite suas le 50 KW, lena ngiorrófar na próisis deonaithe ceadanna agus lena gcuirfear ionad ilfhreastail digiteach ar fáil chun cabhrú le hiarratasóirí na próisis cheadaithe a chomhlíonadh.

·Forbróidh an Bheilg ‘oileán fuinnimh’ i Muir Thuaidh na Beilge lena mbeifear in ann 3,15 GW ar a laghad d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a nascadh leis an eangach leictreachais ar tír.

·Déanfaidh an tSlóvaic uasghrádú ar 250 km de línte tarchuir, rud a chuirfidh feabhas ar thrádáil leictreachais leis na Ballstáit chomharsanachta agus a bhainfidh an leas is fearr is féidir as leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite.

·Méadóidh an Laitvia slándáil agus cobhsaíocht an tsoláthair fuinnimh chun dlús a chur leis an tionscadal trasteorann atá á chur chun feidhme faoi láthair ag an Laitvia, ag an Liotuáin, ag an Eastóin agus ag an bPolainn arb é is aidhm dó sioncrónú líonraí leictreachais na Stát Baltach le líonra mhór-roinn na hEorpa a áirithiú.

Ina theannta sin, cuirfidh REPowerEU cuspóirí Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais 13 chun cinn agus cuirfidh sé timpeallacht níos tacúla ar fáil chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal an Aontais agus chun acmhainneacht mhonaraíochta na dtionscal teicneolaíochta glan-nialasach a mhéadú.. Is féidir agus ba cheart PTAanna, lena náirítear a gcaibidlí nua REPowerEU, a úsáid chun tacú le monaraíocht teicneolaíochta glaine. Is féidir samplaí d’infheistíochtaí nó d’athchóirithe atá dírithe go díreach ar an tionscal glan-nialasach a fheiceáil sa Spáinn, sa Chróit, san Iodáil, sa Pholainn nó sa Phortaingéil. Tá samplaí de thacaíocht do dhícharbónú na tionsclaíochta le feiceáil sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Ghréig, sa Fhrainc, san Ungáir, san Iodáil, sa Phortaingéil nó sa tSlóivéin. Ar an iomlán, tacóidh EUR 68 mbilliún ó STA leis an teicneolaíocht ghlan, leis an bhfuinneamh glan agus le dícharbónú thionscail na hEorpa.

1.4.Táthar ag súil go dtiocfaidh feabhas ar an gcur chun feidhme agus méadú ar na heisíocaíochtaí amach anseo

Cuireadh moill ar eisíocaíochtaí faoi STA sa chéad leath de 2023 sular tháinig borradh fúthu arís le míonna beaga anuas. Le linn cuid mhór de 2023, dhírigh na Ballstáit ar athbhreithniú a dhéanamh ar a PTAanna agus ar chaibidlí REPowerEU a chur leis, go háirithe i bhfianaise na bhforbairtí seachtracha a luaitear thuas, rud a d’fhág go raibh moilliú ar iarrataí ar íocaíocht a chur isteach. De réir mar a chuaigh athbhreithnithe ar aghaidh ar PTAanna, tháinig méadú suntasach ar iarratais ar íocaíocht a chur isteach sa dara leath de 2023. Go sonrach, idir mí na Bealtaine agus mí na Nollag 2023, cuireadh 26 iarraidh ar íocaíocht isteach agus eisíocadh EUR 60,9 billiún. Rinneadh formhór na n‑eisíocaíochtaí sin sa ráithe dheireanach de 2023. Faoi dheireadh 2023, bhí níos mó ná 40 % dá leithdháileadh deontais faighte cheana féin ag ocht mBallstát agus ar an iomlán, eisíocadh níos mó ná 34 % d’imchlúdach iomlán STA.

Meastar go leanfaidh an móiminteam dearfach sin ar aghaidh le cur chun feidhme níos tapúla le linn an dara leath de shaolré STA. Agus 18 n‑iarratas ar íocaíocht curtha isteach faoi dheireadh 2023, tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar 650 cloch mhíle agus sprioc. I gcás ina measfaí go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna sin comhlíonta go sásúil, d’eisíocfaí EUR 41 bhilliún breise, rud a d’fhágfadh go mbeadh na heisíocaíochtaí iomlána faoi mhí an Mheithimh 2024 ar mhéid nach mó ná 40 % d’imchlúdach STA. Táthar ag súil go leanfar leis an móiminteam sin sa dara leath den bhliain. Ar an iomlán, de réir na pleanála atá ann faoi láthair agus bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil, tá an Coimisiún ag súil go bhfaighidh sé níos mó ná 20 iarraidh bhreise ar íocaíocht i mbliana, méid a bheadh i gcomhréir le heisíocaíocht nach mó ná EUR 100 billiún in 2024.

Táthar ag súil go leanfaidh na Ballstáit ar aghaidh leis an gcur chun feidhme ós rud é go mairfidh STA go dtí 2026. Ní mór dlús a chur leis an gcur chun feidhme maidir leis na hathchóirithe agus na infheistíochtaí uile a áirítear sna pleananna. Leis na hathbhreithnithe ar na pleananna in 2023 réitíodh an bealach don luasghéarú sin.



2.Thacaigh STA leis an téarnamh agus tugadh nuálaíocht i gcaiteachas an Aontais isteach leis

2.1.Tacaíonn STA go héifeachtach leis an téarnamh eacnamaíoch san Aontas

Cé go bhfuil sé róluath measúnú a dhéanamh ar mhéid iomlán a thionchair, réitigh STA an bealach do théarnamh eacnamaíoch an Aontais. Leis an ngníomhaíocht dhiongbháilte chomhordaithe ar leibhéal an Aontais faoi NGEU, tugadh léiriú láidir ar aontacht na hEorpa, rud a threisigh muinín eacnamaíoch agus a chabhraigh le hionchais an mhargaidh a chobhsú. Tar éis chruthú STA, d’ullmhaigh na Ballstáit formhór na PTAanna tosaigh go tapa in 2021 agus cuireadh tús go tapa leis an gcur chun feidhme. Tháinig an ghníomhaíocht eacnamaíoch ar ais go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim faoin tríú ráithe de 2021. Bhí na rátaí fostaíochta níos airde ná mar a bhí riamh, agus tháinig laghdú ar an dífhostaíocht go dtí leibhéil níos ísle ná riamh, is é sin thart ar 6 % i mí na Bealtaine 2023, agus d’fhan sé gar do na leibhéil is ísle a bhí ann riamh ó shin. Is díol suntais fós é sin mar gheall ar an dá ‘thurraing eacnamaíoch nach dtagann ach an uair fhánach’ a bhain le COVID-19 agus leis an ngéarchéim fuinnimh. Seachnaíodh an díobháil do mhargaí saothair an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an méid sin. Ar ndóigh, ní bhaineann na torthaí dearfacha eacnamaíocha agus fostaíochta sin le STA amháin. Bhí ról lárnach freisin ag ionstraimí eile de chuid an Aontais — amhail cistí an bheartais chomhtháthaithe nó ionstraim SURE- an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála — agus ag gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag institiúidí eile de chuid an Aontais.

Tá tacaíocht airgeadais curtha ar fáil ag STA do na Ballstáit, nach raibh spás fioscach ag go leor acu chun tionchar sóisialta agus eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 a mhaolú. Thug STA freagairt mhear, agus eisíocadh EUR 56,5 billiún mar réamh-mhaoiniú in 2021 agus 2022, agus EUR 10,4 billiún breise de réamh-mhaoiniú in 2023 agus go luath in 2024, agus caibidlí REPowerEU á bhformheas. Leis sin, cuireadh tacaíocht thapa agus dhíreach ar fáil do na Ballstáit, sa bhreis ar na solúbthachtaí agus ar an gcistiú breise a cuireadh ar fáil faoi chistí an bheartais comhtháthaithe, rud a d'fhág go raibh ról cobhsaíochta ríthábhachtach aige i ndiaidh na géarchéime. Leis na heisíocaíochtaí sin, laghdaíodh riachtanais phráinneacha mhaoinithe sna Ballstáit, tacaíodh le luathghníomhaíocht chun cabhrú le gnólachtaí agus le saoránaigh, agus cuireadh ar chumas na mBallstát infheistíochtaí a dhéanfaí láithreach a raibh géarghá leo a chur chun feidhme, ar infheistíochtaí iad nach mbeadh tagtha chun cinn murach sin. Mar gheall ar chúngú suntasach raonta difríochta bannaí ceannasacha an Aontais tar éis an chomhaontaithe stairiúil bannaí coiteanna de chuid an Aontais a eisiúint chun NGEU agus STA a mhaoiniú, cuireadh le laghdú ar an mbrú fioscach.

Murab ionann agus géarchéimeanna roimhe seo, coinníodh an infheistíocht phoiblí san Aontas agus tháinig méadú uirthi fiú tar éis phaindéim COVID-19 agus na géarchéime fuinnimh, ó 3,0 % in 2019 go dtí 3,3 %, mar a bhfuiltear ag súil leis, in 2023. Chuir STA go mór leis an toradh dearfach sin. Meastar go leanfaidh an treocht spreagúil sin ar aghaidh in 2024 agus 2025, ós rud é go meastar go nardóidh an cóimheas infheistíochta poiblí comhiomlánaithe go 3,5 % de OTI faoi 2025. Léirítear i Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Fhómhair ón gCoimisiún 14 go mbaineann thart ar leath den mhéadú ionchasach ar infheistíocht phoiblí idir 2019 agus 2025 le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag buiséad an Aontais, go háirithe le STA.

Éifeachtaí maicreacnamaíocha suntasacha ó infheistíocht NGEU 15 curtha i bhfios i samhaltú eacnamaíoch an Choimisiúin 16 . Tugtar le fios sa samhaltú 17 go bhféadfadh NGEU 18 fíor-OTI an Aontais a mhéadú suas le 1,4 % in 2026 i gcomparáid le cás nach mbeadh aon NGEU ann. Tá sé seo ag teacht le meastacháin ó eagraíochtaí eile 19 . Meastar sa tsamhail freisin go bhféadfadh NGEU a bheith ina chúis le méadú suas le 0,8 % a dhéanamh ar fhostaíocht an Aontais sa ghearrthéarma, rud a chuirfeadh fíorphá leanúnach níos airde ar fáil sa mheántéarma lena léireofaí gnóthachain táirgiúlachta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hinfheistíocht tháirgiúil. 20  

Meastar go nginfidh cur chun feidhme comhuaineach STA a dhéanfaidh na Ballstáit uile tionchar iarmharta dearfach shuntasach lena mbainfidh méadú ar an meán-OTI, i gcomparáid le domhan gan gníomhaíocht chomhpháirteach chomhordaithe. Meastar go ngineann na hiarmhairtí sin breisluach don Aontas arb ionann é agus idir an ceathrú cuid agus an tríú cuid de thionchar iomlán STA. Cé go meastar go mbainfidh na Ballstáit uile tairbhe as éifeachtaí seach-iarmharta móra trasteorann mar gheall ar éileamh méadaitheach ar fud gheilleagar comhtháite an Aontais, tá an spreagadh comhpháirteach infheistíochta ó STA ag tacú freisin le cóineasú eacnamaíoch aníos san Aontas. Tuartar sna torthaí go mbainfidh na Ballstáit a bhfuil OTI faoi bhun an mheáin acu tairbhe shonrach as na héifeachtaí iarmharta sin, toisc go spreagann siad níos mó gníomhaíochta eacnamaíche agus trádála trasteorann.

Ceapadh STA chun tacaíocht a dhíriú ar na Ballstáit ar ioncam íseal agus ar na Ballstáit is leochailí atá buailte ag an bpaindéim. Eochair leithdháilte STA, lena gcinntear an méid maoinithe is féidir le gach Ballstát a fháil, cuireadh in oiriúint í do na cúinsí eisceachtúla géarchéime ag an am, lena n‑áirítear an éiginnteacht shuntasach maidir leis na héifeachtaí ar fud an Aontais a bheadh ag an bpaindéim, rud atá fós ag athrú. Dá bhrí sin, cuirtear san áireamh ann an comhthéacs socheacnamaíoch ag tús na paindéime agus an chaoi ar tháinig na Ballstáit chucu féin ón ngéarchéim go dtí mí an Mheithimh 2022. Ag an am céanna, tá eochair leithdháilte STA fós bunaithe go daingean ar loighic an chomhtháthaithe eacnamaíoch, ós rud é go léiríonn sé na difríochtaí in OTI per capita ar fud na mBallstát. A bhuí leis sin, cuidíonn STA le dul i ngleic le héagsúlacht eacnamaíoch, agus cobhsaíocht eacnamaíoch agus fás á chothú sna háiteanna is mó a bhfuil gá léi. Bunaithe ar shamhaltú an Choimisiúin, tháinig méadú ar aschur eacnamaíoch in 2026 suas le 4,5 % sa Ghréig, níos mó ná 4 % sa Chróit, agus thart ar 3,5 % sa Spáinn agus sa Bhulgáir, i gcomparáid le tionchar 1,4 % ar an meán san Aontas.

2.2.Tá ról lárnach ag STA maidir le tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha agus do chomhthosaíochtaí bheartais an Aontais

Ceann de na nithe is suntasaí a d’éirigh le STA a bhaint amach is ea an cumas cruthaithe atá aici cur chun feidhme na nathchóirithe struchtúracha a dhreasú. Ós rud é go bhfuil eisíocaíochtaí STA coinníollach ar chur chun feidhme pacáistí comhleanúnacha infheistíochtaí agus athchóirithe, tá dreasachtaí éifeachtacha cruthaithe chun athchóiriú a chur chun feidhme. Áirítear leis sin go háirithe athchóirithe a mhol an tAontas le blianta fada i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Bhí ar gach plean aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha (CSRanna) uile nó ar fhothacar suntasach díobh. Dheimhnigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) go rannchuidíonn na PTAanna le haghaidh a thabhairt ar fhothacar suntasach CSRanna 21 . Sa dá bhliain roimh STA, níor tháinig ach méadú de sé phointe céatadáin, ó 53 % in 2018 go 59 % in 2020, ar sciar CSRanna 2016-2017 a bhain amach ‘méid áirithe dul chun cinn’ ar a laghad. I gcomparáid leis sin, tháinig méadú 17 bpointe céatadáin ar sciar CRSanna 2019-2020 a bhain amach ‘méid áirithe dul chun cinn’ ar a laghad, ó 52 % in 2021 sular cuireadh STA chun feidhme, go beagnach 69 % in 2023. Rinneadh an chuid is mó den dul chun cinn sna réimsí seo a leanas: rochtain ar mhaoiniú agus ar sheirbhísí airgeadais, feidhmiú an mhargaidh saothair, an sciúradh airgid a chomhrac agus an timpeallacht ghnó. De réir mar a leanann na Ballstáit ar aghaidh lena bpleananna a chur chun feidhme, ar pleananna iad lena dtugtar aghaidh ar a CSRanna ar fad nó ar fhothacar suntasach díobh, meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar CSRanna amach anseo.

Maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí struchtúracha a dtacaíonn STA leo, chothaigh siad dul chun cinn maidir le tosaíochtaí comhbheartais agus thacaigh siad le cóineasú socheacnamaíoch san Aontas. Le hathchóirithe agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó STA, cothaítear go háirithe na haistrithe glasa agus digiteacha, chomh maith le cóineasú socheacnamaíoch agus cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tacaíonn STA freisin le hathchóirithe lena bhfeabhsaítear athléimneacht institiúideach, mar shampla chun feidhmiú riarachán poiblí, chomh maith le héifeachtacht na gcóras breithiúnach, a fheabhsú. Léirítear samplaí d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí ábhartha i mBosca 4. Áirítear orthu sin éifeachtúlacht fuinnimh, seirbhísí poiblí digiteacha, iompar inbhuanaithe, taighde agus nuálaíocht, cosaint shóisialta, agus rochtain ar an margadh saothair, agus comhionannas inscne a chur chun cinn. Ag féachaint chun cinn, leanfaidh cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais de bheith ina phríomhsprioc ag creat beartais an Aontais, lena n‑áirítear mar chuid den fhaireachas fioscach. I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar rialacha fioscacha an Aontais, chuir an Coimisiún tábhacht ar leith le ról na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht fhioscach agus lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí an Aontais agus ar dhúshláin thírshonracha.

Bosca 4: Cuireann STA dlús le cur i gcrích thosaíochtaí beartais an Aontais

Cuireann STA cistiú suntasach ar fáil chun cur chun feidhme chomhbheartais an Aontais a chur chun cinn, a bhuí lena raon feidhme leathan agus lena himchlúdach airgeadais mór.

Is tosaíocht de chuid an Aontais é an éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a fheabhsú, chun spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach, agus billí fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí á laghdú ag an am céanna. A bhuí le STA, déanfar níos mó ná EUR 102 bhilliún d’infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh, mar aon le hathchóirithe uaillmhianacha chun dul i ngleic le bacainní riaracháin.

Tacóidh na PTAanna go mór le digitiú an riaracháin phoiblí. Is é cuspóir reatha an Aontais, mar a leagtar amach sa Chlár Beartais don Deacáid Dhigiteach agus sa Chompás Digiteach, a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán ar líne ag gach duine, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, ar na príomhsheirbhísí poiblí uile faoi 2030. Ba cheart do phríomhsheirbhísí poiblí ardchaighdeáin slándála agus phríobháideachais a chomhlíonadh. A bhuí le STA, tá níos mó ná EUR 48 mbilliún á infheistiú i ndigitiú an riaracháin phoiblí.

taighde agus nuálaíocht i measc na n‑uirlisí is cumhachtaí chun borradh a chur faoi gheilleagair agus iomaíochas an Aontais ar scála domhanda. Cuireadh CSRanna faoi bhráid na mBallstát go rialta chun feabhas a chur ar éifeachtacht na mbeartas agus na n‑infheistíochtaí lena dtacaítear leis an taighde agus leis an nuálaíocht. A bhuí le STA, tá níos mó ná EUR 47 mbilliún á infheistiú chun dlús a chur le forbairt agus claochlú an chórais T & N sna Ballstáit agus chun borradh a chur faoin tacaíocht do phríomhréimsí teicneolaíochta.

·Infheistíonn an Fhrainc EUR 1,9 billiún trí STA chun tacú le hathchóiriú fuinnimh ar thithíocht shóisialta agus tríd an scéim fóirdheontais ‘MaPrimeRenov’ le haghaidh tithíocht phríobháideach. Tríd an bPlean, tabharfar tacaíocht do bhreis agus 1,5 milliún teaghlach (a bhfuil fóirdheontas faighte ag 750 000 acu cheana féin) le haghaidh a noibreacha athchóirithe fuinnimh. Cuirfidh an Spáinn 57 000 athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh ar theaghaisí i gcrích in aghaidh na bliana ar an meán. Tá sé sin os cionn na sprice tosaigh de 50 000 teaghais in aghaidh na bliana a leagadh amach i bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide na Spáinne.

·Tá EUR 2,8 billiún á infheistiú ag an nGréig i gclaochlú digiteach a cuid eintiteas san earnáil phoiblí. Tá na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí dírithe ar dhigitiú na gcartlann agus ar sheirbhísí digiteacha feabhsaithe, lena nionchorpraítear córais TF nua-aimseartha agus idir-inoibritheacht mhéadaithe idir córais agus sonraí.

Tá sineirgí móra idir STA agus cistí eile de chuid an Aontais, go háirithe i réimse an bheartais chomhtháthaithe. Le cur chun feidhme comhthreomhar STA agus chláir an bheartais chomhtháthaithe, bhí ar na Ballstáit cinntí straitéiseacha a dhéanamh maidir leis na cistí a úsáidfidh siad chun infheistíochtaí incháilithe a mhaoiniú. Bhí na cinntí sin ag brath ar raon feidhme, amlíne agus critéir incháilitheachta na gcistí, faoi seach. Bhain roinnt Ballstát leas as an deis maoiniú a dhéanamh, in éineacht le STA agus le cistí struchtúracha araon, rud lena gcumasaítear athchóirithe agus infheistíochtaí chun an tionchar atá ag cistiú ón Aontas a uasmhéadú. Mar shampla, áirítear in PTA na hIodáile athchóiriú chun éifeachtacht na n‑infheistíochtaí poiblí in earnáil an uisce a fheabhsú, agus meastar go gcuideoidh sé sin le haghaidh a thabhairt ar bhacainní ar infheistíochtaí an bheartais chomhtháthaithe i mbainistiú inbhuanaithe uisce. Ar an gcaoi chéanna, faoi STA, nuashonraigh an tSlóvaic a creat dlíthiúil chun nascadh foinsí in-athnuaite nua leis an eangach a éascú, rud a thacóidh le cur chun feidhme infheistíochtaí faoin mbeartas comhtháthaithe chun córais chliste fuinnimh, eangach agus stóráil a fhorbairt. Cé go bhfuil sé róluath measúnú cuimsitheach a sholáthar ar a dtionchar ar an láthair, meastar go dtiocfaidh méadú ar na sineirgí sin idir STA agus cistí eile de chuid an Aontais de réir mar a théann cur chun feidhme STA agus an bheartais chomhtháthaithe ar aghaidh. Chuige sin, beidh gá le rannpháirtíocht agus comhordú leanúnach idir na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Ag an am céanna, leis an bhfócas ar chur chun feidhme PTAanna, i measc tosca eile, cuireadh le moilleanna i gcur chun feidhme cistí struchtúracha i roinnt Ballstát, agus tá deis ann sineirgí idir STA agus cistí eile de chuid an Aontais a shaothrú tuilleadh fós.

Tá an tsoghluaisteacht inbhuanaithe i gcroílár thosaíochtaí beartais an Aontais agus bhí an t‑iompar ar cheann de na hearnálacha is deacra le dícharbónú le fada an lá. A bhuí le STA, tá níos mó ná EUR 38 mbilliún á infheistiú i mbonneagar agus i líonraí iarnróid. Cuireann na bearta feabhas ar nascacht iarnróid san Eoraip tríd an líonra TEN-T a leathnú freisin. Tacaíonn go leor Ballstát leis an leathnú sin trí thabhairt isteach an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS), rud a mhéadóidh sábháilteacht agus a fheabhsóidh idir-inoibritheacht traenacha san Eoraip.

Cosaint shóisialta: I bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí an Mhárta 2021, leagtar amach, inter alia, an bealach chun cinn chun córais cosanta sóisialta a neartú agus a nuachóiriú. Áirítear ann príomhsprioc chun an líon daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú. A bhuí le STA, tá níos mó ná EUR 14,1 billiún á infheistiú i gcosaint shóisialta mar chomhlánú ar na méideanna a chaitear le caiteachas eile de chuid an Aontais.

·Bhronn an tSeicia conarthaí poiblí ar fiú níos mó ná EUR 195 mhilliún iad chun taighde agus forbairt a dhéanamh sna heolaíochtaí leighis. Tá sé d’aidhm ag na conarthaí cúig chuibhreannas (atá bunaithe idir ollscoileanna, institiúidí taighde poiblí agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile) T & F a dhéanamh sna heolaíochtaí leighis tosaíochta, lena náirítear taighde ar ghalair thógálacha, ailse, néareolaíochtaí, neamhoird mheitibileacha, galair chardashoithíocha, chomh maith le taighde ar thionchar socheacnamaíoch galar.

·2 800 km ERTMS á leathadh amach ag an Iodáil a bhuí le PTA na hIodáile chun a cuspóirí a chomhlíonadh faoi Phlean Imlonnaithe Eorpach ERTMS. Sa Ghearmáin, tá PTA ag tacú le digitiú na niarnród le haghaidh leaganacha ERTMS ina dhiaidh sin.

·Tugann an Chróit isteach athchóiriú agus infheistíocht chun meantóireacht shóisialta a chur ar fáil do dhaoine atá i mbaol idirdhealaithe nó atá i staid imeallaithe sa tsochaí. Cuirfidh na bearta sin seirbhís meantóireachta nua atá saincheaptha don duine aonair i bhfeidhm in ionaid leasa shóisialaigh. Daoine faoi mhíchumas, íospartaigh an fhoréigin, daoine gan dídean, imircigh, Romaigh, daoine óga, daoine a bhfuil pianbhreith príosúnachta orthu agus baill de ghrúpaí eile atá leochaileach go sóisialta, díreoidh an tseirbhís nua seo ar chuimsiú na ndaoine sin.

·Cuirfidh an Pholainn athchóiriú agus infheistíocht chun feidhme chun feabhas a chur ar staid mhargadh saothair na dtuismitheoirí, agus go háirithe na mban, trí rochtain ar chúram leanaí ar ardchaighdeán agus infhaighteacht cúraim leanaí ar ardchaighdeán a mhéadú. Táthar ag súil go dtabharfar isteach leis an athchóiriú creat le haghaidh caighdeáin cháilíochta do chúram leanaí, lena náirítear treoirlínte oideachais ceangailteacha agus caighdeáin seirbhísí cúraim do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois, creat a mbeidh cur i bhfeidhm córais TF ag gabháil leis chun bainistiú a dhéanamh ar mhaoiniú agus ar chruthú saoráidí cúraim leanaí agus chun spásanna nua a chruthú i saoráidí cúraim leanaí.

2.3.Cothaíonn STA ceapadh beartais iomlánaíoch agus cuireann sé borradh faoin úinéireacht náisiúnta, ach tá gá le solúbthacht a fheabhsú

Cuirtear chun suntais sa mheastóireacht mheántéarma go bhfuil sé ar cheann de na gnéithe is éifeachtaí den STA athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhcheangal faoi ionstraim amháin trí phleananna cuimsitheacha meántéarmacha náisiúnta (PTAanna). Tacaíonn STA le tacar iomlánaíoch comhleanúnach d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin thírshonracha araon. Leis an gcur chuige sin, dreasaítear pleanáil mhodheolaíoch i ngach Ballstát agus éascaítear cur chun feidhme níos éifeachtúla. Le seicheamhú comhleanúnach idir athchóirithe agus infheistíochtaí, mar shampla, is féidir athchóirithe a dhéanamh ar dtús, rud a thacóidh le tionchar na n‑infheistíochtaí ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, is fusa leas a bhaint as sineirgí idir athchóirithe agus infheistíochtaí i gcás ina ndéantar a gcur chun feidhme a chomhordú ar bhealach comhtháite.

Faoi STA, is féidir leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a cheapadh i gcomhréir lena dtosaíochtaí agus lena riachtanais, lena náiritheofar cur chuige spriocdhírithe a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith agus lena dtacófar le comhbheartais an Aontais ag an am céanna. Cé go leagtar amach i Rialachán STA critéir uileghabhálacha nach mór a chomhlíonadh leis na pleananna, tá na Ballstáit freagrach as a bpleananna a dhearadh agus as cinneadh a dhéanamh maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun cinn, rud a chruthaíonn tuiscint láidir ar úinéireacht, ar thiomantas agus ar chuntasacht, ar nithe iad lena néascaítear an cur chun feidhme. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás athchóirithe, a mbíonn formheas na parlaiminte náisiúnta ag teastáil ina leith go minic. Ina theannta sin, mar gheall ar an dlúthchomhar atá ag teastáil idir an Coimisiún, na haireachtaí náisiúnta agus na comhlachtaí cur chun feidhme, tá seachtrachtaí dearfacha cruthaithe, ó thaobh pleanáil beartais agus comhordú idirinstitiúideach feabhsaithe de. Ar leibhéal an Aontais, tá ról tábhachtach ag Parlaimint na hEorpa maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme STA. Léirítear an méid sin sna 14 Idirphlé maidir le Téarnamh agus Athléimneacht agus sna 34 chruinniú de mheithleacha a tionóladh go dtí seo le Parlaimint na hEorpa. Chun infheictheacht agus trédhearcacht STA a mhéadú a thuilleadh, sheol an Coimisiún léarscáil idirghníomhach de thionscadail a bhfaightear tacaíocht ina leith ó STA i ngach Ballstát 22 .

Tá rannpháirtíocht na n‑údarás réigiúnach agus áitiúil, na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ina príomhthoisc i bpleanáil agus i gcur chun feidhme bhearta PTA. Cé go gceanglaítear le Rialachán STA ar na Ballstáit faisnéis a áireamh maidir leis na comhairliúcháin a rinneadh agus a PTAanna náisiúnta á ndréachtú acu, braitheann leibhéal agus cineál rannpháirtíochta na bpáirtithe leasmhara sin ar chreataí dlíthiúla náisiúnta agus is féidir leo a bheith an-éagsúil ó Bhallstát go chéile. I dteannta na n‑údarás náisiúnta, a ghlacann an príomhról comhordúcháin agus maoirseachta faoin staid dhlíthiúil atá ann faoi láthair, tá ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, chomh maith leis na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara eile. Thug údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, le fios nach bhfuil siad rannpháirteach go leordhóthanach i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na mbeart a áirítear sna PTAanna. Cé go bhféadfaí é sin a mhíniú go páirteach i ngeall ar an ngá atá le luas i ndearadh PTAanna i gcomhthéacs géarchéime, tá sé ríthábhachtach, amach anseo, go mbeidh dlúth-rannpháirtíocht uathu ag tacú le húinéireacht agus cur chun feidhme ar an láthair. Mar shampla, ba cheart ról lárnach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme athchóirithe ar mhargadh an tsaothair agus ar an mbeartas sóisialta.

Tá gá le solúbthacht leordhóthanach i ndearadh agus i gcur chun feidhme PTAanna chun breisluach leanúnach agus cur chun feidhme rianúil a áirithiú. Faoin meastóireacht mheántéarma ar STA, d’iarr na Ballstáit níos mó solúbthachta i gcur chun feidhme a bpleananna. Mar shampla, mheas na Ballstáit go raibh an sainmhíniú ar gharspriocanna agus spriocanna ró-mhionsonraithe agus go raibh comhdhéanamh seasta grúpaí de gharspriocanna agus de spriocanna le haghaidh gach tráthchoda ró-dhocht, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag imthosca gan choinne ar an gcur chun feidhme a bhí beartaithe ar dtús. D’fhéadfadh sé sin moill a chur ar chur chun feidhme agus ualach riaracháin a chur ar na páirtithe uile lena mbaineann.

Ghníomhaigh an Coimisiún go tapa ar mholtaí go bhfeabhsófaí trédhearcacht i gcur chun feidhme STA. I gcomhréir leis na moltaí a rinne Parlaimint na hEorpa agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, rinne an Coimisiún, le cabhair ó na Ballstáit, an deis a bhí in athbhreithniú na bpleananna in 2023 a thapú chun sainmhíniú na ngarspriocanna agus na spriocanna a shoiléiriú, i gcás inarb ábhartha agus inar ghá. In 2023 d’fhoilsigh an Coimisiún 23 freisin a mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar gharspriocanna agus spriocanna, chun íocaíochtaí a chur ar fionraí go páirteach agus chun garspriocanna agus spriocanna a tharraingt siar 24 ar mhaithe le cur i bhfeidhm Rialachán STA a shoiléiriú agus feasacht níos fearr a chur ar fáil do na Ballstáit. Cé gur díol sásaimh é an treoir bhreise, tá gá le tuilleadh machnaimh maidir le cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh ina leith sin.

D’fhéadfadh athbhreithnithe PTAanna a bheith dian ó thaobh acmhainní de, ach rinneadh coigeartuithe spriocdhírithe a phróiseáil go tapa. Go ginearálta, measann na Ballstáit go bhfuil athbhreithnithe anásta toisc go n‑éilítear bonn cirt leathan leo chomh maith le formhuiniú ón gComhairle, rud a chuireann isteach ar sholúbthacht na hionstraime. Mar sin féin, ar choinníoll go mbíonn siad spriocdhírithe, is féidir dul ina mbun sách tapa. Rinne an Coimisiún measúnú ar athbhreithnithe PTA na Gearmáine agus Lucsamburg, mar shampla, agus d’fhormheas an Chomhairle iad laistigh de 2 mhí. D’fhéadfaí an cur chuige spriocdhírithe sin a leanúint amach anseo chun freagairt go pras do dhúshláin nua cur chun feidhme agus, ag an am céanna, uaillmhian na bpleananna a choinneáil slán agus leanúint de cheanglais Rialachán STA a chomhlíonadh.

Ní mór leanúint de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar chumas riaracháin na mBallstát agus na gcomhlachtaí cur chun feidhme. Bhí deacrachtaí ag roinnt Ballstát an méadú ar an ualach oibre riaracháin a mhaolú ó bunaíodh STA. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí cumas riaracháin na mBallstát a fheabhsú. Tá an méid sin ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta STA agus cistí eile ón Aontas agus rannchuidiú le hionsú a mhéadú. D’iarr na Ballstáit tacaíocht agus fuair siad tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, chun a gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus a gcaibidlí REPowerEU a dhearadh agus a chur chun feidhme araon. Tá níos mó ná 400 tionscadal arna bhformheas faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil nasctha le hullmhú nó le cur chun feidhme PTAanna na mBallstát. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht agus de chomhairle a chur ar fáil do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le hacmhainneacht riaracháin agus ar scrogaill infheistíochta. I gcás inar gá, tá sé molta ag an gCoimisiún do na Ballstáit bearta tacaíochta breise a chur san áireamh ina PTAanna chun bainistiú na hionstraime a éascú ó lá go lá (e.g. foireann shealadach, oiliúint, córais TF nua) agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht na riarachán poiblí (e.g. athchóiriú ar an soláthar poiblí sa tSlóvaic agus ar nósanna imeachta ceadaithe sa Pholainn; ar dhigitiú riarachán agus próiseas sa Spáinn).

2.4.Is é STA an chéad mhórionstraim fheidhmíochtbhunaithe ar leibhéal an Aontais

Agus scála agus leibhéal uaillmhéine nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ag baint le STA, eisíocann sé cistí atá bunaithe ar éachtaí nithiúla, rud a fhágann gurb é an chéad ionstraim feidhmíochtbhunaithe ar mhórscála é ar leibhéal an Aontais. Seachas na costais arna dtabhú le haghaidh cur chun feidhme tionscadal a chur san áireamh, mar atá in ionstraimí costasbhunaithe, cuirtear cistí ar fáil nuair a bhaintear garspriocanna agus spriocanna amach, arb ionann iad agus céimeanna nithiúla i gcur chun feidhme athchóirithe nó infheistíochtaí ag na Ballstáit, le cur chuige bunaithe ar thorthaí nó cur chuige feidhmíochtbhunaithe, mar a thugtar air freisin.

Tá an cur chuige feidhmíochtbhunaithe sin ríthábhachtach d’éifeachtacht STA, agus áirithítear leis go mbainfear torthaí nithiúla amach ar an láthair. Leis an raon leathan garspriocanna agus spriocanna, is féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme PTAanna, agus saolré iomlán na mbeart a fhaigheann tacaíocht ó STA á rianú acu 25 . Ceadaítear leis an gcur chuige freisin eisíocaíochtaí cistí nuair a bhaintear amach céimeanna idirmheánacha in athchóirithe agus in infheistíochtaí, rud a chúiteoidh an dul chun cinn i dtreo torthaí agus ‘feidhmíocht’ iarbhír ar an láthair. Dá réir sin, cuirtear chun suntais sa mheastóireacht mheántéarma go ndéantar eisíocaíochtaí níos tapúla i gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais toisc go gcúitíonn STA an dul chun cinn a dhéantar feadh an slí. Thar aon ní eile, cuireann an cur chuige sin dreasachtaí éifeachtacha ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe a chur i gcrích, nach gá go mbeadh costais (airgeadais) ag gabháil leo.

Le cistiú feidhmíochtbhunaithe, méadaítear comhleanúnachas agus intuarthacht chaiteachas an Aontais. Mar gheall ar chineál feidhmíochtbhunaithe STA, tá cur chuige níos iomlánaíche ann maidir leis an gcaiteachas poiblí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Trí thacaíocht dhíreach airgeadais a sholáthar ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, cuirtear gealltanais agus dreasachtaí ar fáil chun cur chun feidhme iarbhír na mbeart a comhaontaíodh a bhaint amach. Ina theannta sin, is féidir breathnú ar PTAanna mar chomhaontuithe conarthacha idir na Ballstáit agus an tAontas ina mbíonn an dá pháirtí rannpháirteach go toilteanach ar bhonn gealltanais shoiléire. I gcomhthéacs na meastóireachta meántéarma ar STA, thug páirtithe leasmhara dá n‑aire go bhfuil méadú tagtha ar intuarthacht agus ar chuntasacht leis an gcur chuige feidhmíochtbhunaithe. Leagtar amach go soiléir roimh ré (sna Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle) na torthaí sonracha atá le baint amach, rud a chuireann le cumas na mBallstát pleanáil chun tosaigh a dhéanamh. Éilítear leis an gcur chuige sonraíocht leordhóthanach ar gharspriocanna agus spriocanna lena seachnófar débhríochtaí maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme agus maidir leis na bearta a comhaontaíodh. Ar an iomlán, léirítear athrú i bpleanáil agus i gcur chun feidhme beartais leis na gnéithe sin agus i gcaiteachas AE ar bhonn níos leithne: aistrítear fócas an chaiteachais ó chostais arna dtabhú go torthaí iarbhír agus seachadadh beart comhaontaithe.

2.5.Beidh tacaíocht agus coigeartuithe de dhíth fós ar chóras tuairiscithe agus rialaithe STA

D’ainneoin na ngnéithe dearfacha den chur chuige feidhmíochtbhunaithe, chruthaigh STA costais iontrála d’údaráis riaracháin na mBallstát, agus d’fhéadfaí tuilleadh simplithe riaracháin a dhéanamh. Maidir le ceapadh na hionstraime, mar thoradh ar na ceanglais maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, bhí an méid céanna oibre riaracháin ann agus a bhí ann do chistí eile de chuid an Aontais atá bunaithe ar chostais. Is é is cúis leis sin, anuas ar an bhfianaise is gá chun comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna a chruthú, nach mór do na Ballstáit cineálacha éagsúla sonraí a bhailiú chun críoch iniúchta agus rialaithe. Mar ionstraim nua, chruthaigh STA costais iontrála do riaracháin náisiúnta, agus d’aimsigh údaráis na mBallstát ar gach leibhéal go raibh na nósanna imeachta iniúchóireachta agus rialaithe róchasta. Ina theannta sin, rinne na Ballstáit gearán faoi iniúchtaí forluiteacha ó na húdarás náisiúnta, ón gCoimisiúin agus ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. D’fhéadfadh an dearcadh sin a bheith níos measa mar gheall ar STA a bheith á chur chun feidhme san am céanna le cistí an bheartais comhtháthaithe, cistí a leanann rialacha éagsúla agus a bhraitheann, den chuid is mó, ar rialuithe costasbhunaithe. Rinne an creat casta iniúchóireachta agus rialaithe dochar do luas chur chun feidhme STA. Tá sé fós ina thosaíocht ag an gCoimisiún réimsí féideartha simplithe a shainaithint i ndáil leis an méid sin, lena n‑áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar an obair chríochnúil a dhéantar sula n‑údaraítear eisíocaíochtaí, chun comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna a fhíorú. Ní mór é sin a chothromú, áfach, i gcoinne a riachtanaí atá sé cistí an Aontais a bhainistiú go hiomchuí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus trédhearcacht a áirithiú maidir leis an gcaoi a gcuirtear cistí chun feidhme, go háirithe i bhfianaise mhéid na hionstraime agus chineál nua an chur chuige.



3.Leanfaidh STA de bheith ag feidhmiú sa dara leath dá saolré

Freagairt éifeachtach a bhí in STA ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19, tionchar nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Bhí sé ríthábhachtach chun an margadh aonair a chosaint, chun éagsúlachtaí eacnamaíocha méadaithe san Aontas a sheachaint, chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus chun cabhrú leis na Ballstáit a ngeilleagair a athrú ó bhonn ionas go mbeidh siad oiriúnach don todhchaí. Chuir STA go mór le leibhéil mhéadaithe na hinfheistíochta poiblí le linn na paindéime agus ina diaidh, agus lena bhunú, tharla athrú mór ar chumas an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna eacnamaíocha. Rannchuidíonn STA freisin le hiomaíochas fadtéarmach agus uathriail straitéiseach na hEorpa a neartú.

Tá cur chuige níos iomlánaíche maidir le caiteachas an Aontais tugtha isteach le STA. Íocann STA amach bunaithe ar an dul chun cinn agus ar na torthaí a baineadh amach, seachas na costais a tabhaíodh, rud a chuireann intuarthacht agus cuntasacht ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún araon. Léiríonn na comhairliúcháin a rinneadh faoin meastóireacht mheántéarma go bhfuil tacaíocht leathan ann d’ionstraimí feidhmíochtbhunaithe ar leibhéal an Aontais. Spreag an cur chuige sin i leith chaiteachas an Aontais cláir mhóra nua cheana féin, amhail an Ciste Aeráide Sóisialta agus an tSaoráid don Úcráin. Ón taobh sin de, beidh cineál feidhmíochtbhunaithe STA ina pointe tagartha sa phlé ar ionstraimí caiteachais an Aontais d’fhonn an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a bhaint amach, agus beidh an mheastóireacht mheántéarma sin ina bonn ábhartha chun roinnt ceachtanna a foghlaimíodh a ghlacadh.

Leis an gcur i bhfeidhm tapa agus na heisíocaíochtaí gasta faoi STA, léirítear a chumas tacú leis na Ballstáit tráth géarchéime, agus cabhraíonn an dreasacht láidir chun athchóirithe a chur chun feidhme lenár ngeilleagair agus lenár sochaithe a bheith níos ullmhaithe don todhchaí. Is léir gur príomhuirlis é STA chun riachtanais athchóirithe sheanbhunaithe a bhaint amach i roinnt mhaith Ballstát, agus leis an teaglaim d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí in aon ionstraim amháin is féidir pleanáil níos fearr, sineirgí níos fearr agus gníomhaíocht níos comhleanúnaí a dhéanamh i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus tosaíochtaí náisiúnta.

Tá tús curtha anois leis an dara leath de shaolré STA agus ba cheart dlús a chur leis an gcur chun feidhme. Beidh iarrachtaí suntasacha agus tiomantas leanúnach ó na Ballstáit uile agus ón gCoimisiún ag teastáil chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uaillmhianacha a bhaint amach faoi 2026. Leanfaidh an Coimisiún de mhachnamh a dhéanamh ar bhealaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit agus a bpleananna á gcur chun feidhme acu agus féachfaidh sé le comhlántacht a fheabhsú i measc uirlisí cistiúcháin an Aontais agus idir na huirlisí sin agus na buiséid náisiúnta. Cé go ndealraíonn sé nach bhfuil athruithe reachtacha iomchuí ag an gcéim seo, déanfar tuilleadh gníomhaíochta laistigh de raon feidhme Rialachán STA a chur san áireamh i ndáil le cur chun feidhme a éascú.

Tá gach gné i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuideoidh PTAanna le téarnamh eacnamaíoch agus nuachóiriú an Aontais a bhaint amach. In go leor cásanna, tá fíordhifríocht bhuan á déanamh cheana féin ar an láthair ag na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá san áireamh i ngach plean. Leis na hathbhreithnithe ar na pleananna, tá bunchloch leagtha síos chun dlús a chur lena gcur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, tá clár oibre athchóirithe agus infheistíochta STA ag cuidiú le hAontas níos nua-aimseartha, níos rathúla, níos cuimsithí, níos aeráidneodraí agus níos inbhuanaithe a chruthú a bheidh athléimneach agus a bheidh níos ullmhaithe do dheiseanna agus do dhúshláin amach anseo. Ní mór na cuspóiri sin a bhaint amach le chéile, trí dhlúthchomhar idir institiúidí uile an Aontais, na Ballstáit, an tsochaí shibhialta, oibrithe agus gnólachtaí.

(1)      Féach Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa — Fómhar 2023, atá ar fáil ag: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-forecast-and-surveys/economic-forecasts/autumn-2023-economic-forecast-modest-recovery-ahead-after-challenging-year_en?prefLang=ga .Is iad an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí an Bheartais Chomhtháthaithe le chéile an phríomhfhoinse mhaoiniúcháin le haghaidh infheistíochta faoi bhuiséad an Aontais.
(2)      Is é QUEST an tsamhail mhaicreacnamaíoch dhomhanda a úsáideann an Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN) chun anailís agus taighde a dhéanamh ar bheartas maicreacnamaíoch, féach https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-research-and-databases/economic-research/macroeconomic-models/quest-macroeconomic-model_en?prefLang=ga . Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar STA chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thorthaí QUEST maidir le tionchair mhaicreacnamaíocha STA.
(3)  Tá buiséad iomlán EUR 806,9 billiún (praghsanna 2021) ag NGEU, a bhfuil EUR 723,8 billiún de tiomnaithe do STA (deontais agus iasachtaí). Is tairbhithe eile de chuid NGEU iad REACT-EU, a chuir EUR 50,6 billiún le cláir bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 , an Ciste um Aistriú Cóir (EUR 10,9 billiún), Forbairt tuaithe (EUR 8,1 billiún), InvestEU (EUR 6,1 billiún), Fís Eorpach (EUR 5,4 billiún) agus rescEU (EUR 2 bhilliún). 
(4)       An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (2020-2024) - meastóireacht mheántéarma
(5)      Nuair a chuireann na Ballstáit iarrataí ar íocaíocht isteach, déanann an Coimisiún measúnú ar an bhfianaise a cuireadh ar fáil agus suíonn sé an gcomhlíontar ceanglais na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Is réamhriachtanas é sin chun cistí a eisíoc. 
(6)      As an EUR 67 mbilliún réamh-mhaoinithe, eisíocadh EUR 10,4 billiún ag deireadh 2023 agus go luath in 2024 nuair a formheasadh caibidlí REPowerEU.
(7)      Déanann na Ballstáit féintuairisciú ar na sonraí maidir le garspriocanna agus spriocanna atá curtha i gcrích i gcomhthéacs an tuairiscithe leathbhliantúil.
(8)       Guidance on Recovery and Resilience Plans in the context of REPowerEU - European Commission (europa.eu) [Treoir maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU — an Coimisiún Eorpach (europa.eu)]
(9)    I gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán STA, tugadh an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha gach Ballstáit cothrom le dáta i mí an Mheithimh 2022 ar bhonn sonraí olltoraidh Eurostat maidir leis an athrú ar fhíorfhás OTI le linn 2020 agus an tathrú comhiomlánaithe san fhíor-OTI don tréimhse 2020-2021.
(10)      D’fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht iasachta (breise) a iarraidh go dtí an 31 Lúnasa 2023, mar a shonraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán STA. As an imchlúdach foriomlán de EUR 385,8 billiún atá ar fáil le haghaidh tacaíocht iasachta faoi STA, gealladh beagnach EUR 291 bhilliún faoi dheireadh 2023. 
(11)      Faoi dheireadh 2023 (an spriocdháta chun cistí STA a bhaineann le NGEU a ghealladh), tá beagnach EUR 650 billiún de thacaíocht airgeadais geallta do gheilleagair an Aontais. Is éard atá i gceist leis sin EUR 357 mbilliún de dheontais agus EUR 291 bhilliún in iasachtaí.
(12)      Níor chuir na ceithre Bhallstát eile (an Bhulgáir, an Ghearmáin, Éire agus Lucsamburg) caibidil REPowerEU faoi bhráid an Choimisiúin go dtí seo.
(13)       Cumarsáid: Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(14)       Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2023: A modest recovery ahead after a challenging year - European Commission (europa.eu) [Téarnamh réasúnta romhainn tar éis bliain dhúshlánach — An Coimisiún Eorpach (europa.eu)]
(15)      Chun tionchar maicreacnamaíoch STA a mheas, tá measúnuithe ex-ante stílithe curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach ar thionchar maicreacnamaíoch ó infheistíocht NGEU. Ní meastóireacht ex-post ar an tionchar iarbhír iad na hionsamhlúcháin samhla sin, ach tuar ón tsamhail ex-ante bunaithe ar thoimhdí stílithe. Mar sin féin, leis na hionsamhlúcháin a chuirtear i láthair anseo, comhtháthaítear faisnéis atá cothrom le dáta maidir le hiarrataí ar iasachtaí, boilsciú agus próifílí caiteachais a bhfuiltear ag súil leo. Díríonn siad ar infheistíochtaí ós rud é go bhfuil sé i bhfad níos dúshlánaí éifeachtaí maicreacnamaíocha na nathchóirithe struchtúracha a mhúnlú. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach go háirithe, Pfeiffer P., J. Varga agus J. in 't Veld (2023) Quantifying spillovers of coordinated investment stimulus in the EU , Macroeconomic Dynamics (27), lgh. 1843–1865. Féach freisin Páipéar Plé ECFN (2021): https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/quantifying-spillovers-next-generation-eu-investment_en?prefLang=ga .
(16)      samhail QUEST (cf. fonóta 2).
(17)    Féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre maidir leis an meastóireacht mheántéarma chun teacht ar an bplé mionsonraithe ar na toimhdí agus ar na sonraíochtaí samhla.
(18)      Ríomhadh torthaí na samhla QUEST bunaithe ar infheistíochtaí NGEU seachas ar infheistíochtaí STA. Mar sin féin, is ionann na hinfheistíochtaí (iasachtaí agus tacaíocht neamh-inaisíoctha) bunaithe ar STA agus thart ar 90 % d’infheistíochtaí NGEU.
(19)      Féach an Comhairliúchán maidir leis an Limistéar Euro - Airteagal IV - an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta 2023 (leathanach 44), Iúil 2023.
(20)      Tabhair faoi deara, ós rud é go ndíríonn na hionsamhlúcháin ar infheistíocht phoiblí (gan athchóirithe ar mhargadh an tsaothair a bheith ag gabháil leo), go bhfuil na héifeachtaí fostaíochta sách gearrshaolach agus go léiríonn na méaduithe ar phá iarbhír an chuid is mó de na tairbhí meántréimhseacha agus fadtréimhseacha i margadh an tsaothair sna hionsamhlúcháin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh gnóthachain mhóra fostaíochta agus fás féideartha níos airde sa mheántéarma agus san fhadtéarma a bheith mar thoradh ar athchóirithe lena ndírítear ar mhargaí saothair agus ar rannpháirtíocht mhéadaithe, ar nithe iad a áirítear i roinnt PTAanna.
(21)   Tuarascáil speisialta 21/2022: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (europa.eu)
(22)     https://commission.europa.eu/business-economy-euro/economic-recovery/recovery-and-resilience-facility_ga#map
(23)       Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta - An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(24)       COM_2023_545_2_annex2_EN.pdf (europa.eu)
(25)      Ina theannta sin, le Rialachán STA tugtar isteach coincheap na dtáscairí coiteanna, táscairí atá sa bhreis ar gharspriocanna agus spriocanna agus a bhfuil sé d’aidhm acu tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar dhul chun cinn na Saoráide i dtreo a cuspóirí. Leagadh béim sa mheastóireacht mheántéarma ar laigí i ndearadh comhtháscairí STA, laigí ar cheart iad a chur san áireamh sa mhachnamh ar ionstraimí feidhmíochtbhunaithe a bheidh ann amach anseo.
Top