Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0001

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022

COM/2024/1 final

An Bhruiséil,10.1.2024

COM(2024) 1 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022

{SWD(2024) 1 final}


1RÉAMHRÁ

In 2024, tá na hEorpaigh óga ar an nglúin is oilte, is soghluaiste, is ceangailte agus is eolaí ó thaobh na teicneolaíochta de go dtí seo. Ar an meán, tuairiscíonn saoránaigh óga an Aontais leibhéil sách ard folláine suibiachtúla 1 . Tá siad gníomhach sna sochaithe ina bhfuil cónaí orthu 2 agus san aoisghrúpa is sásta leis an gcaoi a noibríonn an daonlathas san Aontas 3 . San am céanna, dealaítear iad le géarchéim airgeadais dhomhanda 2008, paindéim COVID19 agus cogadh leanúnach foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is gnáthrud iad an luaineacht, an éiginnteacht agus an tathrú gan fasach do na 73 mhilliún duine 4 óg san Aontas Eorpach, rud a imríonn tionchar ar a ndeiseanna saoil agus ar a meabhairshláinte. In ainneoin na ngéarchéimeanna iomadúla atá ann faoi láthair, tá ardleibhéal athléimneachta forbartha ag daoine óga an lae inniu. 

Tá dearcthaí, riachtanais agus iompraíochtaí dhaoine óga an lae inniu múnlaithe ag an gcomhthéacs sin.

Cé go bhfuil daoine óga ilchineálach, agus go gcuireann siad físeanna éagsúla in iúl agus físeanna a thagann salach ar a chéile corruair, tá rud amháin soiléir: cuireann siad dearcadh a bhaineann le glúin ar leith ar fáil. Ní hamháin go bhfuil sé cothrom, ach tá sé riachtanach, dearcadh éagsúil sin na hóige a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta faoin am i láthair agus faoin todhchaí.

Le méid na ndúshlán atá romhainn inniu, éilítear rannpháirtíocht gach duine. Chun an daonlathas a chothú, an tsíocháin a áirithiú, seasamh go diongbháilte le luachanna na hEorpa agus lántairbhe bhaint as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach, teastaíonn uainn cruthaitheacht, fuinneamh agus buanna éagsúla gach saoránaigh, go háirithe daoine óga.

Sin an fáth, ina haitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh an 15 Meán Fómhair 2021 5 , ar mhol an tUachtarán von der Leyen 2022 a ainmniú mar Bhliain Eorpach na hÓige, mar theist don teacht aniar a léirigh daoine óga le linn phaindéim COVID19 agus chun iad a chumhachtú chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú i ndomhan i ndiaidh na paindéime. Athluadh an tacaíocht do ghné láidir na hóige i dtosaíochtaí agus i mbeartais an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, agus trí phríomheagraíochtaí páirtithe leasmhara amhail Fóram Eorpach na nÓg.

Ba é ‘Cuir d’fhís in Iúl’ an mana do Bhliain Eorpach na hÓige, bliain inar féachadh le hionchais dhearfacha a thabhairt do dhaoine óga, borradh a chur faoina rannpháirtíocht sa saol daonlathach, i gcomhréir le Conradh Liospóin agus guth níos láidre a thabhairt dóibh i gceapadh beartais an Aontais.

Leis na toghcháin Eorpacha atá le teacht i mí an Mheithimh 2024, méadaítear tuilleadh a thábhachtaí atá sé daoine óga a mhealladh isteach sa phróiseas daonlathach. Beidh guth cinntitheach ag an gcéad Pharlaimint na hEorpa eile i réimsí atá ina n‑ábhar imní do dhaoine óga – sláinte agus folláine, an comhshaol agus an aeráid, oideachas agus oiliúint, comhar idirnáisiúnta agus luachanna Eorpacha, fostaíocht agus cuimsiú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go nglacfaidh saoránaigh óga an deis a rogha don Eoraip a chur in iúl agus an ionadaíocht is fearr leo i dtionól dírthofa an Aontais a áirithiú.

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta d’ionchais na ndaoine óga a bhaint amach a thuilleadh chun todhchaí níos fearr a thabhairt dóibh. Déanfar an gealltanas sin a dhaingniú trí mheasúnú tionchair ó thaobh na hóige de a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfear éifeachtaí bheartais an Aontais maidir leis an óige san áireamh go córasach agus beartais á gceapadh, trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an chreata um Rialáil Níos Fearr. Is é is aidhm dó a áirithiú go mbreithneofar riachtanais agus guthanna na ndaoine óga ar fud réimsí beartais.

De bhun Airteagal 7 de Chinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) 6 , tugtar breac-chuntas sa Teachtaireacht seo ar na príomhrudaí a baineadh amach don Bhliain agus ar ghníomhaíochtaí tosaíochta, rud a chothaíonn oidhreacht Bhliain na hÓige. Molann an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 6(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcás gur é sainordú an Aontais, i réimse na hóige, gníomhaíocht a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad chomhordú nó iad a fhorlíonadh. Go háirithe, tá an tuarascáil iomlán ar chur chun feidhme, ar thorthaí agus ar mheasúnú foriomlán na Bliana sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.

Beidh an Teachtaireacht seo agus an Doiciméad Inmheánach Oibre, mar aon leis an tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún atá le teacht maidir le Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 7 (a bhfuiltear ag súil léi in 2024), ina chuidiú maidir le todhchaí bheartas óige an Aontais a mhúnlú agus le hionchur na ndaoine óga i gceapadh beartais an Aontais a neartú. 8

2BLIAIN EORPACH NA hÓIGE – PRÍOMHÉACHTAÍ 9

D’éirigh leis an mBliain mar thoradh ar iarracht chomhchruthaithe páirtithe leasmhara iomadúla agus ar leibhéil iomadúla ina raibh institiúidí an Aontais, Ballstáit, páirtithe leasmhara na hóige agus daoine óga páirteach. Mar a iarradh leis an gCinneadh maidir le Bliain Eorpach na hÓige 10 agus chun an comhordú is fearr is féidir a áirithiú, chruthaigh an Coimisiún grúpa de 29 gcomhordaitheoir náisiúnta don Bhliain, arna ainmniú ag Ballstáit an Aontais 11 , 6 phointe teagmhála náisiúnta i dtíortha comhlachaithe Erasmus+ agus níos mó ná 120 páirtí leasmhara na hóige ar an leibhéal Eorpach.

Bhí Pharlaimint na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún ina rannpháirtithe gníomhacha sa ghrúpa. Cruthaíodh comhpháirtíochtaí nua ar gach leibhéal mar thoradh ar an slógadh leathan sin de ghníomhaithe éagsúla agus an Bhliain á hullmhú agus á cur i bhfeidhm, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar chomhar na hóige go ceann na mblianta.

D’éirigh leis an mBliain slógadh agus rannpháirtíocht ar scála mór a spreagadh ar gach leibhéal. Rinne os cionn 2,700 páirtí 12 leasmhara ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin gníomhaíochtaí a chlárú ar léarscáil Thairseach Eorpach na hÓige, rud a chur le ceithre chuspóir na Bliana 13 .

Do dhaoine óga a bhí na gníomhaíochtaí mar chuid den Bhliain agus cuireadh chun feidhme iad leis na daoine óga agus chuir na daoine óga chun feidhme iad. Chomhoibrigh thart ar 92 % de na comhordaitheoirí náisiúnta agus na pointí teagmhála náisiúnta neamh‑AE le comhairlí náisiúnta óige a bhí comhdhéanta de dhaoine óga. As na 18 ngrúpa stiúrtha/líonra a cuireadh ar bun ar an leibhéal náisiúnta, bhí comhairlí náisiúnta óige i gceist le 16 cinn acu agus bhí eagraíochtaí óige i gceist le 12 cheann acu.

Mar gheall ar an mBliain, tugadh na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla níos gaire do dhaoine óga. A bhuí leis an mBliain, chonaic líon níos mó Eorpach óg an dóigh a gcuireann an tAontas luach lena saol, an dóigh a dtacaíonn sé lena bhforbairt phearsanta agus an dóigh a n‑ullmhaíonn sé iad le príomh‑acmhainní agus scileanna chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina ngníomhairí don dlúthpháirtíocht agus d’athrú dearfach. Reáchtáladh thart ar 83 % de na gníomhaíochtaí le linn na Bliana mar ghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh. Bhí an iarracht for-rochtana sin tábhachtach chun daoine óga, lena n‑áirítear daoine ar lú a líon deiseanna, a chur ar an eolas faoi na deiseanna iomadúla atá ann.

Ba é an tionchas ba mhó a bhí ag daoine óga i leith na Bliana go néistfeadh an tsochaí agus lucht ceaptha cinntí níos mó lena néilimh agus go ngníomhóidís ina leith 14 . I gcomhthéacs na Bliana, bhí daoine óga i gcroílár an chláir oibre pholaitiúil agus bhí neart deiseanna acu a bhfís agus a smaointe a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhí tábhachtach dóibh. Dheimhnigh gar do 90 % de na páirtithe leasmhara san earnáil óige agus 66 % de na daoine óga a thug aiseolas gur thug an Bhliain na deiseanna sin dóibh chun a dtuairimí a chur in iúl.

Bhí príomhshruthú dhearcadh na hóige i réimsí beartais an Aontais go léir 15  ina phríomhchuspóir de Bhliain Eorpach na hÓige, a baineadh amach trí shlógadh idir-rannach ollmhór ar fud an Choimisiúin. Chuir níos mó ná 30 roinn leis, agus bhí os cionn 130 tionscnamh beartais do dhaoine óga i gceist, tionscnaimh ar forbraíodh go leor acu i gcomhar leis na daoine óga. Sainaithníodh thart ar EUR 140 milliún i gcláir agus in ionstraimí ábhartha de chuid an Aontais chun cuspóirí na Bliana a chur chun feidhme, lena náirítear trí fheachtais, imeachtaí agus glaonna ar thograí. Ar an leibhéal náisiúnta, thuairiscigh 81 % de na comhordaitheoirí náisiúnta agus pointí teagmhála náisiúnta gur chomhoibrigh siad le haireachtaí nó le comhlachtaí poiblí seachas iad siúd atá freagrach as beartas don óige. Agus chuir 69 % acu grúpaí stiúrtha/líonraí ar bun don Bhliain (a raibh 61 % acu sin ina naireachtaí/comhlachtaí poiblí nach bhfuil speisialaithe ó thaobh na hóige de).

Is léir gur baineadh amach croíchuspóirí na Bliana maidir le rannpháirtíocht níos mó don óige agus dearcadh na hóige a ionchorprú ar fud speictream an bheartais agus ní mór na croíchuspóirí sin a chothú. D’éirigh go maith le Bliain Eorpach na hÓige maidir le comhar Eorpach, agus ní mór go mairfeadh a hoidhreacht.

3AN BEALACH CHUN CINN

Mar oidhreacht na Bliana agus i gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, cuirfidh an Coimisiún beart chun cinn in dhá phríomhréimse:

·guth níos láidre a thabhairt do dhaoine óga i gceapadh beartais an Aontais agus

·aghaidh a thabhairt ar ábhair imní i measc daoine óga thar réimsí beartais.

Leis na hiarrachtaí sin, cuirfear leis an gcreat um Rialáil Níos Fearr de chuid an Choimisiúin, creat lena gcuirtear ar fáil struchtúr soiléir le haghaidh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus measúnú a dhéanamh ar thionchair. Áiritheoidh an Coimisiún cumas inmheánach neartaithe chun oibriú le daoine óga agus cuirfidh sé idirphlé láidir leanúnach ar bun le páirtithe leasmhara le linn an timthrialla ceaptha beartas.

Cuireadh bonn eolais faoi mhachnamh an Choimisiúin le tograí éagsúla chun iarrachtaí a dhéanamh gné na hóige de bheartais an Aontais a neartú 16 . Leag Fóram Eorpach na nÓg moltaí amach maidir le Measúnú Tionchair an Aontais ó Thaobh na hÓige de 17 . D’iarr Parlaimint na hEorpa ina rún maidir le hoidhreacht na Bliana 18 ar an gCoimisiún Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a ghlacadh chun rannpháirtíocht agus tiomantas na ndaoine óga a áirithiú agus beartais an Aontais á nullmhú. Sna conclúidí uaithi maidir le príomhshruthú na hóige 19 , d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún a chreat um Rialáil Níos Fearr a úsáid chun tionchar na mbeartas nua ar dhaoine óga a chur san áireamh.

3.1GUTH NÍOS LÁIDRE A THABHAIRT DO DHAOINE ÓGA I gCEAPADH BEARTAIS AN AONTAIS

Ba cheart go spreagfaí leis an dlúthpháirtíocht idir na glúnta gach gníomhaíocht a dhéanann an tAontas. Geallann an Coimisiún go seasfaidh sé leis an gceartas idirghlúine ina gcinntí i dtaca le háit níos fearr a dhéanamh den domhan don chéad ghlúin eile’ 20 . Ina theannta sin, imríonn go leor tionscnaimh bheartais agus cinntí de chuid an Aontais tionchar díreach ar shaol ghlúin na ndaoine óga atá ann faoi láthair, mar a léirítear freisin i spriocanna óige na hEorpa 21 , ar cuid lárnach iad de Straitéis Óige an Aontais. Dá bhrí sin, tá ‘príomhshruthú’ na hóige – gné na hóige a chur san áireamh i ngach réimse beartais ábhartha – ina thosaíocht le haghaidh chomhar an Aontais maidir le beartas don óige.

Chun dearcadh na hóige a chomhtháthú ar fud réimsí beartais agus beartais á gceapadh nó á nathrú, áiritheoidh an Coimisiún, dá bhrí sin, ‘measúnú tionchair ó thaobh na hóige de’ trí leas iomlán a bhaint as Rialáil Níos Fearr agus as uirlisí comhairliúcháin. Ní thosaíonn an measúnú tionchair sin ó thaobh na hóige de ó thús, toisc go bhfuil sraith uirlisí ábhartha um Rialáil Níos Fearr 22 ag an gCoimisiún cheana féin, a chomhlánófar le roinnt ionstraimí atá dírithe go sonrach ar an óige faoi Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 23 .

3.1.1AN MEASÚNÚ TIONCHAIR Ó THAOBH NA hÓIGE DE: LEAS IOMLÁN A BHAINT AS UIRLISÍ RIALÁLA NÍOS FEARR AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN

Áiritheoidh an Coimisiún go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na huirlisí um Rialáil Níos Fearr atá ann cheana. Sainaithnítear sa bhosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr príomhcheisteanna chun tábhacht na dtionchar ar dhaoine óga a shuí:

·Le hUirlis#31 maidir le hOideachas agus Oiliúint, Cultúr agus Óige, soláthraítear treoir, tagairtí agus cúlra maidir le conas measúnú a dhéanamh ar thionchair ar an óige (an saol daonlathach, rannpháirtíocht shibhialta, oideachas agus foghlaim, margadh an tsaothair, sláinte agus folláine, cuimsiú agus comhrac i gcoinne na bochtaineachta).

·Áirítear le hUirlis#29 maidir le Cearta bunúsacha, lena náirítear comhionannas a chur chun cinn, tagairt shainráite don ghné aoise agus do chearta leanaí, agus measúnú á dhéanamh ar thionchair chomh maith le tionchair dhiúltacha fhéideartha a mhaolú i gcás ina bhféadfadh tionchar difreálach a bheith ag cinntí beartais a dhealraíonn a bheith neodrach ar ghrúpaí sonracha, fiú i gcás nach raibh an tionchar sin beartaithe ná samhlaithe.

·Le hUirlis#20 maidir le Fadbhreathnaitheacht straitéiseach, tacaítear le measúnú ar an dóigh a bhféadfadh meigithreochtaí gaolmhara e.g. athrú déimeagrafach, rochtain ar amhábhair theoranta, réaltacht theicneolaíoch agus shocheacnamaíoch a athrú ó bhonn go tapa, dul i gcion ar dhaoine óga.

Beidh measúnú tionchair sin ó thaobh na hóige de mar thoradh ar chur chun feidhme iomlán na n‑uirlisí um Rialáil Níos Fearr. Beidh dearcadh na hóige leabaithe i gceapadh beartais i gceithre phríomhchéim:

1.Measúnú ar ábharthacht na hóige – déanann an Coimisiún, le tacaíocht óna chomhfhreagraithe óige (féach tuilleadh thíos), agus páirt á tabhairt aige do Líonra a hÓige nuair is gá, a mheasúnú an mbeidh baint shuntasach ag tionscnamh beartaithe a áirítear sna tionscnaimh thosaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I de chlár oibre an Choimisiúin le daoine óga. Bainfear úsáid as próiseas comhsheasmhach chun na príomhthionscnaimh thosaíochta sin a shainaithint.

2.Comhairliúcháin óige – nuair a chuirtear in iúl go mbaineann tábhacht ar leith le tionscnamh don óige, breithneoidh an Coimisiún comhairliúchán tiomnaithe don óige (suirbhéanna spriocdhírithe, plé le daoine óga, le heagraíochtaí óige ionadaíocha nó le hardán na bPáirtithe Leasmhara Óige). Ina theannta sin, i gcásanna den sórt sin, cuirfear tacar éigeantach ceisteanna atá dírithe ar an óige san áireamh sna comhairliúcháin phoiblí, agus an fhéidearthacht ann an taoisghrúpa freagróirí a shainaithint. Cuideoidh sé sin le rannchuidiú na nóg a spreagadh a thuilleadh agus tabharfar breac-chuntas orthu i measúnuithe tionchair.  D’fhéadfaí comhordaitheoirí náisiúnta/réigiúnacha nua na hóige (féach tuilleadh thíos) a shlógadh chun comhairliúcháin ar an leibhéal náisiúnta a éascú.

3.Measúnú tionchairdéanann an Coimisiún, le tacaíocht ó chomhfhreagraithe óige, an measúnú tionchair, ag baint leas as gach uirlis um Rialáil Níos Fearr a mheastar go mbaineann tábhacht ar leith leis don óige agus ag áirithiú go ndéanfar anailís cheart ar na tionchair ar dhaoine óga aon uair a aithnítear go bhfuil siad ábhartha. 

4.Grinnscrúdú – fíoraíonn an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an ndearnadh anailís cheart ar na tionchair go léir lena náirítear tionchair agus comhairliúcháin na hóige aon uair a cuireadh in iúl go mbaineann tábhacht ar leith leo don tionscnamh.

Chun móiminteam polaitiúil um príomhshruthú na hóige a choinneáil ar bun le haghaidh tionscnaimh nua agus chun taithí agus eolas a fhorbairt, maidir le cinnteoireacht ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach an Aontais, seolfaidh an Coimisiún sraith comhchruinnithe tiomnaithe maidir le príomhshruthú na hóige idir páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe eagraíochtaí óige, Ballstáit agus institiúidí eile an Aontais. Déanfar na comhchruinnithe, i dtaca le foilsiú chlár oibre an Choimisiúin, agus áiritheofar go ndéanfar faireachán ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó mheasúnú tionchair an Choimisiúin ó thaobh na hóige agus ó phríomhshruthú na hóige faoi Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh.

Chun príomhshruthú na hóige i gceapadh beartais a neartú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas freisin:

·rachaidh sé i mbun idirphlé le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara óige ábhartha, agus páirt níos mó á tabhairt dóibh maidir le tograí beartais ábhartha a ullmhú. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún daoine óga a spreagadh a thuilleadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh agus a dtuairimí a chur in iúl i gcomhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe, in idirplé le lucht ceaptha beartas agus i bpainéil saoránach.

·tabharfaidh sé faoin idirphlé beartais rathúla le Coimisinéirí, idirphlé a bhí suntasach don Bhliain. Beidh deis rialta ag daoine óga ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin le malartú a dhéanamh leis na Coimisinéirí maidir le príomhthopaicí agus príomhthionscnaimh, agus iad dírithe ar chlár oibre an Choimisiúin.

·a chumas inmheánach chun oibriú le daoine óga a neartú a thuilleadh. Ag tógáil ar an taithí ón mBliain, leanfaidh an Coimisiún le Líonra Óige inmheánach an Choimisiúin ina mbeadh na comhfhreagraithe óige ina bpríomhphointí teagmhála maidir le saincheisteanna óige ina réimsí beartais faoi seach agus ina gcuideodh sé le comhar trasearnála agus príomhshruthú na hóige a neartú. Déanfaidh an líonra seo, a bheidh spreagtha ag comhordaitheoir Eorpach na hóige, faisnéis a mhalartú maidir le beartais mar ullmhúchán a d’fhéadfadh tionchar féideartha a imirt ar dhaoine óga agus idirchaidreamh a dhéanamh le grúpa ardáin na bPáirtithe Leasmhara Óige.

·Mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – cleachtadh gan fasach sa daonlathas uile-Eorpach – chinn an Coimisiún guth níos láidre a thabhairt do shaoránaigh óga i gceapadh beartais an Aontais trí phainéil saoránach a roghnaítear go randamach a thionól go rialta – ar daoine óga iad aon trian díobh chun plé a dhéanamh ar phríomhthionscnaimh bheartais áirithe. 24 Eagraíodh trí phainéal ó tháinig an Chomhdháil chun críche chun plé a dhéanamh ar chur amú bia, ar an saol fíorúil agus ar shoghluaisteacht foghlama. Ba cheart an ghné láidir óige a choinneáil ar bun do phainéil saoránach a bheidh ar siúl amach anseo.

Príomhghníomhaíochtaí:

1. Leas a bhaint as an acmhainneacht iomlán a bhaineann le príomhshruthú na hóige mar chuid de chreat agus de bhosca uirlisí an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, a mbeidh measúnú tionchair ó thaobh na hóige de mar thoradh air

2. Leanúint den idirphlé maidir le beartas don óige le Coimisinéirí

3. Leanúint de rannpháirtíocht láidir na hóige i bpainéil saoránach a áirithiú

4. Líonra Óige inmheánach an Choimisiúin do chomhfhreagraithe óige a shlógadh a thuilleadh

5. Sraith comhchruinnithe tiomnaithe maidir le príomhshruthú na hóige a sheoladh

3.1.2IDIRPHLÉ AGUS IONSTRAIMÍ PRÍOMHSHRUTHAITHE FAOI STRAITÉIS ÓIGE AN AONTAIS EORPAIGH 2019-2027 A SHLÓGADH

Tá rannpháirtíocht fhóinteach na hóige 25 ina bunchloch d’aon daonlathas a fheidhmíonn go maith, agus cuireann sí le sochaí níos cuimsithí agus níos comhtháite, agus sa chiall sin, baineann tábhacht ar leith léi freisin do thoghcháin Eorpacha 2024. Mar chuid den phacáiste maidir le ‘Cosaint an Daonlathais’, le Moladh lena gcuirtear chun cinn ardchaighdeáin dhaonlathacha i dtoghcháin Eorpacha agus náisiúnta agus reifrinn, tacaítear le rannpháirtíocht leathan grúpaí éagsúla, lena náirítear rannpháirtíocht na hóige i dtoghcháin 26 . Áirítear ann freisin Moladh maidir le rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn i bpróisis ceaptha beartas poiblí 27 , lena gcuirtear chun cinn, i measc nithe eile, rannpháirtíocht fhóinteach, chuimsitheach agus shábháilte leanaí agus daoine óga, gan idirdhealú d’aon chineál. I gcomhréir leis an Moladh, ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí sonracha a dhéanamh chun rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa saol polaitiúil agus daonlathach a neartú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, lena náirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta.

Is bealach é an rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí agus sa daonlathas chun príomhscileanna, ionchais, mothú muintearais agus dearcadh dearfach daoine óga a mhéadú. Léiríodh le suirbhé Eorabharaiméadair 2022 maidir leis an Óige agus leis an Daonlathas gur tháinig méadú ar rannpháirtíocht na hóige, toisc gur dhearbhaigh 58 % de na freagróirí óga go raibh siad gníomhach sna sochaithe ina bhfuil cónaí orthu. 28  

Mar thoradh ar an mBliain cuireadh brú láidir ar dhaoine óga níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr a fhorbairt mar shaoránaigh ghníomhacha agus páirt a ghlacadh sa saol daonlathach agus sa chinnteoireacht. Dá bhrí sin, tháinig rannpháirtíocht na hóige chun cinn mar phríomhthéama na Bliana, agus an líon ba mhó gníomhaíochtaí (43 %) ar léarscáil ghníomhaíochta Thairseach Eorpach na hÓige 29 . Bhí ‘tuilleadh deiseanna chun guthanna daoine óga a chur in iúl ar gach leibhéal’ ina phríomhgníomh leantach freisin, gníomh ab fhearr le 61 % de dhaoine óga, 72 % de pháirtithe leasmhara agus 73 % de chomhordaitheoirí náisiúnta agus pointí teagmhála náisiúnta sna suirbhéanna. Ní mór don óige a bheith rannpháirteach i ngach réimse beartais a bhaineann le daoine óga. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach borradh a chur faoi ionstraimí Straitéis Óige an Aontais. Chun móiminteam na Bliana don idirphlé agus don phríomhshruthú a choinneáil ar bun agus a chothú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, an phríomhionstraim rannpháirtíochta óige san Eoraip, a neartú trína infheictheacht agus a fhor-rochtain a mhéadú, páirt a thabhairt do níos mó eagraíochtaí óige agus cinn níos éagsúla agus feabhas a chur ar scaipeadh, ar ghlacadh agus ar obair leantach ar thorthaí an idirphlé ar gach leibhéal, agus dlús a chur le hiarrachtaí daoine óga ar lú a líon deiseanna a thabhairt isteach. Is comhrá leanúnach é Idirphlé Óige an Aontais le daoine óga agus le heagraíochtaí óige a bhfuil baint ag lucht ceaptha beartas agus cinntí leo, chomh maith le saineolaithe, taighdeoirí agus comhlachtaí ábhartha eile na sochaí sibhialta. Chun cuidiú le leibhéal an phobail a bhaint amach maidir le comhairliúcháin óige, d’fhéadfaí an tidirphlé sin a nascadh ar bhealach níos fearr le príomhthionscnaimh an Choimisiúin atá le teacht. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún fócas an idirphlé a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le clár oibre an Choimisiúin. Chun tacú leis an bpróiseas méadaithe, fiosróidh an Coimisiún conas bheith rannpháirteach a thuilleadh leis an óige ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha.

·malartuithe agus comhairliúcháin óige a éascú maidir le tionscnaimh bheartais atá le teacht, le grúpa ardáin nua na bPáirtithe Leasmhara Óige, ag tógáil ar ghrúpa páirtithe leasmhara na Bliana, le rannpháirtíocht eagraíochtaí óige, taighdeoirí óige, ionadaithe na mBallstát agus institiúidí eile an Aontais. Leanfaidh obair an ardáin tionscnaimh de chuid an Aontais atá le teacht.

·Tairseach Eorpach na hÓige a fhorbairt a thuilleadh mar ionad ilfhreastail do dheiseanna san Aontas do dhaoine óga a thacaíonn le for-rochtain, le múscailt feasachta agus le cumarsáid le daoine óga. Tá faisnéis agus feasacht ina réamhriachtanais maidir le rannpháirtíocht fhiúntach na hóige, agus treiseofar leo freisin muintearas agus ionchas Eorpach do dhaoine óga freisin.

·iniúchadh a dhéanamh ar a indéanta atá sé micridheontais a sholáthar sa chlár Erasmus+ amach anseo. D’éirigh le roinnt comhordaitheoirí náisiúnta tástáil a dhéanamh ar na deontais ísealtairsí sin agus ar na deontais sin ar luach íseal le linn na Bliana. Soláthraítear leo rochtain éasca ar mhaoiniú do dhaoine óga chun oibriú ar thionscadail chomhpháirteacha, a gcuid scileanna, a gcumas gníomhaíochta agus a muinín a fhorbairt, chun difríocht dhearfach a dhéanamh ina bpobail. Ina theannta sin, tá micridheontais ina sásra éifeachtúil chun feasacht agus spéis daoine óga i ndeiseanna an Aontais do dhaoine óga a mhúscailt.

·an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do dhaoine óga agus feasacht a mhúscailt faoi dheiseanna an Aontais le linn Sheachtain Eorpach na hÓige, an 12-19 Aibreán 2024, le téama na rannpháirtíochta daonlathaí. Tá an tSeachtain anábhartha roimh thoghcháin Eorpacha 2024. Mar chuid den tSeachtain, eagrófar imeacht don dara heagrán de LevelUp!, arna thástáil faoi Bhliain Eorpach na hÓige agus is é Fóram Eorpach na nÓg i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an bParlaimint a eagróidh an timeacht. Is é is aidhm dó sin feabhas a chur ar scileanna abhcóideachta, cumarsáide agus eagrúcháin gníomhaithe óige agus rannpháirtíocht daoine óga i dtoghcháin, lena náirítear toghcháin Eorpacha 2024, a mhéadú.

·tacú a thuilleadh le rannpháirtíocht na hóige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, trí struchtúir chomhairleacha don óige i dToscaireachtaí an Aontais, agus trí thionscnaimh shonracha dhomhanda amhail an Tionscnamh Mná agus Óige don Daonlathas (WYDE) 30 . Déanfaidh an Coimisiún an rannpháirtíocht institiúideach sin i measc na hóige a threisiú a thuilleadh, trí dhaoine óga ón Eoraip agus ó gach cearn den domhan a nascadh le chéile agus trí bhaill dá líonraí óige domhanda, amhail boinn bhraite Óige, a thabhairt le chéile in 2024.

·sineirgí a chruthú idir rannpháirtíocht na hóige agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta leanaí 31 a fhreagraíonn do cheart éisteachta an linbh. Leanúint d’Ardán nua an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí 32 a chur chun feidhme, lena dtugtar páirt do leanaí i gcinnteoireacht an Aontais agus lena dtacaítear le rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach ó aois óg.

·na Ballstáit a spreagadh chun comhordaitheoirí náisiúnta nó réigiúnacha na hóige a bhunú, ag leanúint shampla an chomhordaitheora óige ar leibhéal an Aontais. Mhéadódh na comhordaitheoirí sin an comhar trasearnála maidir le saincheisteanna faoin óige, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Thabharfaí cuireadh dóibh chun cur le hardán na bPáirtithe Leasmhara Óige agus dhéanfaí idirchaidreamh le comhordaitheoir Eorpach na hóige. I gcomhréir leis na tosaíochtaí feabhsaithe maidir le méadú a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen, spreagfar rannpháirtíocht na dtíortha is iarrthóirí agus na -iarrthóirí ionchasacha.

Ós rud é gur coincheap réasúnta nua fós é príomhshruthú na hóige, ní mór ionstraimí nithiúla príomhshruthaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta (lena n‑áirítear measúnuithe tionchair sin ó thaobh na hóige de, tástálacha óige nó a leithéid) a thabhairt isteach de réir a chéile agus mar aon le sraith bearta forbartha acmhainní, lena n‑áirítear piarfhoghlaim, bailiú fianaise, oiliúint agus acmhainní, chun eolas a thógáil ar cad a oibríonn. Tá sé sin ríthábhachtach maidir leis an mbealach is éifeachtaí chun cuspóir phríomhshruthú na hóige a bhaint amach a dhearadh, gan ualach riaracháin neamhriachtanach a thabhairt isteach. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·tuarascáil anailíseach a chur i láthair in 2024, bunaithe ar ionchur ó na Ballstáit, mar aon le forléargas ar an taithí náisiúnta ar chuir chuige maidir le príomhshruthú na hóige.

·malartuithe dea-chleachtas a éascú agus gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. D’fhéadfaí sraitheanna uirlisí, treoirlínte agus acmhainní oiliúna a fhorbairt leis na gníomhaíochtaí sin.

·comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus ECFE, chun an bonn fianaise agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó bheartas na hóige a phríomhshruthú a threisiú a thuilleadh.

Is féidir na torthaí a chur san áireamh freisin sa phlé ag na cruinnithe comhchéime tiomnaithe maidir le príomhshruthú na hóige.

Príomhghníomhaíochtaí:

1. Idirphlé Óige an Aontais a neartú

2. Grúpa ardáin na bPáirtithe Leasmhara Óige a chur ar bun

3. Tairseach Eorpach na hÓige a fhorbairt a thuilleadh mar ionad ilfhreastail do dheiseanna an Aontais

4. Iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht micridheontais a sholáthar faoi Erasmus+ amach anseo

5. Seachtain Eorpach na hÓige 2024 maidir le rannpháirtíocht dhaonlathach agus imeacht LevelUp! do ghníomhaithe óige

6. Tacú le rannpháirtíocht na hóige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais

7. Sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige agus leanaí

8. Na Ballstáit a spreagadh chun comhordaitheoirí náisiúnta nó réigiúnacha na hóige a bhunú

9. Eolas agus cumas a fhorbairt faoi phríomhshruthú na hóige trí phiarfhoghlaim, trí bhailiú fianaise, trí oiliúint agus trí acmhainní

3.2AGHAIDH A THABHAIRT AR ÁBHAIR IMNÍ I MEASC DAOINE ÓGA SNA RÉIMSÍ BEARTAIS UILE

D’fhéadfadh tábhacht a bheith leis na gníomhaíocht le haghaidh phríomhshruthú na hóige a leagtar amach thuas maidir le gach réimse beartais. Ba cheart go mbeadh daoine óga ábalta a dtuairimí a chur in iúl i ngach réimse a bhaineann leo, agus ba cheart a riachtanais a mheas i ngach cinneadh a bhaineann leo.

Cad iad na príomhthéamaí ar cheart díriú orthu, dar le daoine óga, i mBliain Eorpach na hÓige 33 ?

Foinse: FlaisEorabharaiméadar 502 ‘An Óige agus an Daonlathas i mBliain Eorpach na hÓige’, Bealtaine 2022

Dá bhrí sin, agus obair leantach á déanamh aige ar an mBliain agus príomhábhair imní na ndaoine óga á léiriú aige, cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí chun cinn sna cúig phríomhréimse beartais seo a leanas a bhaineann le daoine óga: sláinte agus folláine, an comhshaol agus an aeráid, oideachas agus oiliúint, comhar idirnáisiúnta agus luachanna Eorpacha, fostaíocht agus cuimsiú.

3.2.1SLÁINTE AGUS FOLLÁINE

Bhí paindéim COVID19 ina dúshlán tromchúiseach don mheabhairshláinte, go háirithe i measc daoine óga. Ina theannta sin, is iomaí dúshlán atá rompu ó uirlisí digiteacha lena náirítear na meáin shóisialta agus cuireann sé sin brú atá ag méadú ar mheabhairshláinte go leor daoine óga. Le linn phaindéim COVID19, cruthaíodh strus le huaigneas méadaithe agus idirghníomhaíocht shóisialta laghdaithe, cailleadh deiseanna, éiginnteacht faoin todhchaí agus imní de bharr eagla agus caillteanais.  34   35   36  

Tá feabhas a chur ar mheabhairshláinte agus ar shláinte coirp agus ar fholláine ar an tosaíocht is mó fás do dhaoine óga san Aontas 37 . Bhí an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte 38 ó mhí an Mheithimh 2023 ina céad chéim mhór chun cur chuige trasearnála nua i leith na meabhairshláinte a áirithiú. Agus í á hullmhú, bailíodh ionchuir shonracha maidir le meabharshláinte na hóige. Sainaithnítear sa Teachtaireacht maidir leis an meabhairshláinte 20 tionscnamh suaitheanta agus tacaíocht airgeadais EUR 1.23 billiún ó roinnt ionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·cuidiú leis na Ballstáit le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle i mí na Samhna 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile 39 ina gcuirtear i dtábhacht folláine mhothúchánach leanaí agus daoine óga mar phríomhthoisc chun feabhas a chur ar an seans go néireoidh leo san oideachas agus i gcúrsaí saoil i gcoitinne;

·treoirlínte maidir le folláine i scoileanna a ullmhú, a fhoilseofar in 2024 trí Shainghrúpa an Choimisiúin maidir le timpeallachtaí foghlama tacúla;

·mar thosaíocht in 2024 40 , agus mar a fógraíodh i straitéis an Aontais um chearta an linbh 41 , cuirfear i láthair Moladh ón gCoimisiún maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú sna Ballstáit. Díreofar é sin ar riachtanais leanaí agus áiritheofar leis go mbainfear úsáid níos fearr as uirlisí an Aontais atá ann cheana (reachtaíocht, bearta beartais agus maoiniú);

·tionscnaimh shuaitheanta a chur chun feidhme faoin Teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir le meabhairshláinte, amhail tacú le líonra meabhairshláinte leanaí agus daoine óga a chruthú in 2024, maidir le faisnéis a mhalartú, tacaíocht fhrithpháirteach agus for-rochtain a chur i gcrích trí Ambasadóirí Óige, agus sraith straitéisí um chosc a fhorbairt, lena dtabharfar aghaidh ar na hidirnaisc idir an mheabhairshláinte agus an tsláinte coirp agus príomhchinntithigh shláinte;

·trí ghníomhaíocht ‘Healthy Screens, Healthy Youth’ [Scáileáin Shláintiúla, Óige Shláintiúil], déanfar daoine óga sa réimse digiteach, ar líne agus ar na meáin shóisialta, a chosaint ar bhealach níos fearr;

·tacú leis na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar thionchar an aistrithe dhigitigh ar fholláine leanaí tríd an tairseach maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí (BIK);

·tacú leis na Ballstáit feabhas a chur ar fholláine agus ar mheabhairshláinte daoine óga faoi thionscnamh suaitheanta na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2024 maidir le Meabhairshláinte: Folláine agus meabhairshláinte a chothú 42 agus leanúint leis an tacaíocht faoin Tionscnamh Suaitheanta ‘Youth FIRST’ chun meabhairshláinte agus cúram leanaí agus daoine óga leochaileacha a neartú;

·spás digiteach níos sábháilte agus níos sláintiúla a áirithiú do dhaoine óga trí fhorfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, lena gceanglaítear ar ardáin ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu ardleibhéal príobháideachta, sábháilteachta agus slándála a áirithiú dóibh;

·Pacáiste um Chosc a chur i láthair faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, lena náirítear:

odréachtMholadh ón gComhairle maidir le hailse inchoiscthe trí vacsaíniú, lena gcuirtear borradh faoi ghlacadh vacsaínithe i gcoinne papalómaivíreas dhaonna i measc cailíní agus buachaillí réamhógánacha agus ógánacha, agus

nuashonrú a dhéanamh ar Mholadh 2009 ón gComhairle maidir le timpeallachtaí saor ó thobac, lena gcosnaítear daoine ar thoit thánaisteach agus ar aerasóil agus a chuireann le Glúin atá Saor ó Thobac a bhaint amach;

·tacú leis an óige sna réigiúin is forimeallaí chun feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil a bheidh curtha in oiriúint dá réigiúin tríd an scéim deontais Youth4Outermostregions dar luach EUR 1 mhilliún 43 ;

3.2.2AN COMHSHAOL AGUS AN AERÁID

Braitheann rath an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach. Le Bliain Eorpach na hÓige, cruthaíodh deiseanna le bheith páirteach san aistriú glas agus chun cuidiú leis an aistriú glas a mhúnlú. Ba cheart scileanna agus eolas ábhartha a bheith ag daoine óga chun beart a dhéanamh maidir le dúshláin an chomhshaoil agus an athraithe aeráide le réitigh chruthaitheacha agus nuálacha. Chun cur leis na hiarrachtaí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·tacú le pobal d’Ambasadóirí óga Chomhshocrú Aeráide an Aontais gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn i measc daoine óga ar an talamh agus tacú lena ngníomhaíochtaí áitiúla;

·tacú le rannchuidiú daoine óga le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a bhaint amach mar uirlis bhunriachtanach chun athléimneacht i leith tubaistí amach anseo a neartú;

·deiseanna saorálaíochta do dhaoine óga a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas, trí bhreis a chur le glao 2024 an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ón gclár Fís Eorpach; 

·líonraí cathracha glasa agus réigiún glas a spreagadh (amhail tionscnamh Chomhaontú na gCathracha Glasa), chun páirt a thabhairt d’oiliúnaithe agus oibrithe deonacha óga i dtionscadail ghlasa áitiúla;

·tionscadail aeráide faoi stiúir na hóige a chur chun cinn a thuilleadh sa tionscadal EUTeens4Green faoin gCiste um Aistriú Glas;

·tacú leis na Ballstáit agus an Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe 44 á chur chun feidhme acu;

·an tSaotharlann nua Foghlama don Óige a chur chun cinn mar chuid den Oideachas le haghaidh Comhghuaillíocht Aeráide;

·freastal ar dhaoine óga tríd an bhfeachtas maidir leis an aeráid agus leis an daonlathas de chuid an Choimisiúin atá le teacht roimh na toghcháin Eorpacha in 2024;

·rannpháirtíocht daoine óga ó na Balcáin Thiar san aistriú glas a chur chun cinn trí Shaotharlann Óige thiomnaithe na mBalcán Thiar;

·clúdach ghníomhaíocht ‘Girls Go Circular’, ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus Pobail Eolais agus Nuálaíochta a leathnú, chun borradh a chur faoi scileanna digiteacha agus fiontraíochta do chailíní i réimse an gheilleagair chiorclaigh.

·an gá atá ann tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht a chur i dtábhacht, ós rud é gur foinse smaointe agus fuinnimh nua iad daoine óga, le tionscnaimh nuálacha, agus go bhfuil siad tiomanta do chleachtais inbhuanaithe agus d’aistriú.

3.2.3OIDEACHAS AGUS GAIRMOILIÚINT

Bhí téama an oideachais agus na hoiliúna ina ábhar tábhachtach le linn na Bliana, bliain an bhliain chéanna ar ceiliúradh comóradh 35ú bliain an chláir Erasmus+ agus atosú na foghlama thar lear i ndiaidh na paindéime. Cuireadh i dtábhacht an gá atá leis sin a éascú a thuilleadh sa Mholadh ón gComhairle maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga 45 , sa Mholadh le déanaí ón gComhairle ‘Pacáiste Soghluaisteachta 46 agus i moltaí ó Chomhdháil 2022 maidir le Todhchaí na hEorpa 47 . Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·an obair i dtreo comhchéim Eorpach a thabhairt ar aghaidh in 2024, i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach maidir le hOllscoileanna, a chuideoidh le muintearas Eorpach níos láidre a chothú i measc mic léinn ardoideachais agus baill foirne acadúla a bhfuil baint acu le cláir acadúla thrasnáisiúnta. Bheadh lipéad na Comhchéime Eorpaí ina dheimhniú comhlántach, bunaithe ar chritéir choiteanna Eorpacha, leis na cáilíochtaí arna ngnóthú ag mic léinn a bhainfidh céim amach i gcláir chomhpháirteacha;

·ról níos láidre a chur chun cinn do dhaoine óga sa Mhol don Oideachas Digiteach, in athbhreithniú 2024 ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus i dtionscnaimh eile a bhaineann le hoideachas digiteach ar ardchaighdeán, cuimsitheach agus inrochtana do chách a dhéanamh san Eoraip, lena náirítear i gcríocha tuaithe agus i gcríocha iargúlta;

·gníomhaíocht Jean Monnet do scoileanna faoi Erasmus+ a chomhdhlúthú chun foghlaim faoi lánpháirtiú agus luachanna an Aontais ó aois óg a chur chun cinn a thuilleadh;

·na Ballstáit a spreagadh chun deiseanna oideachais, oiliúna, spóirt, saorálaíochta agus fostaíochta a mhéadú do dhaoine óga i limistéir thuaithe agus i limistéir iargúlta, mar a fhoráiltear i bplean Gníomhaíochta Tuaithe an Aontais 48 ;

·leanúint in 2024 le tionscnamh TalentOn de chuid an Aontais do thaighdeoirí óga cumasacha agus le tionscnamh Chomórtas an Aontais Eorpaigh d’Eolaithe Óga, mar chuid de Chathair Eolaíochta na hEorpa, Katowice 2024;

·aghaidh a thabhairt ar thearcionadaíocht na gcailíní agus na mban in oideachas agus in oiliúint ETIM lena náirítear trí chur chuige STEAM 49 , i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus leis an Straitéis Eorpach maidir le hOllscoileanna;

·tacú leis na Ballstáit athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh scileanna daoine óga a fhorbairt, faoi thionscadal suaitheanta na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2024 maidir le Scileanna: córais forbartha scileanna a chothú atá níos oiriúnaí don mhargadh saothair 50 . Leis an tacaíocht, tabharfar aghaidh ar mhíoiriúnuithe leanúnacha scileanna, ar ghanntanais saothair agus ar uassciliú an lucht saothair don aistriú glas agus don aistriú digiteach, chomh maith le córais oideachais a oiriúnú.

·rannpháirtíocht ollscoileanna na mBalcán Thiar faoi Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a chur chun cinn;

·glacadh chreat comhpháirteach inniúlachta airgeadais an Aontais/ECFE-INFE do leanaí agus don óige san Aontas 51 a chur chun cinn i measc na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara.

3.2.4COMHAR IDIRNÁISIÚNTA AGUS LUACHANNA EORPACHA

Mar phríomhsprioc insoláthartha na gné domhanda de Bhliain Eorpach na hÓige, chuir an tAontas a chéad Phlean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais 52 riamh i láthair, plean a dearadh i gcomhar le heagraíochtaí don óige agus le daoine óga. Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta an óige ón Aontas agus ó thíortha comhpháirtíochta ó gach réigiún a mhealladh, a chumhachtú agus a nascadh trí thionscnaimh shonracha, rud a chuirfidh ar a gcumas a ndearcadh a thabhairt agus páirt a ghlacadh mar chomhpháirtithe i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: 

·chun rannpháirtíocht an Aontais le daoine óga ar fud an domhain a mhéadú, trí thionscnaimh amhail Bord Braite Óige an Aontais do Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta a chur chun feidhme agus a neartú agus trí bhunú struchtúr comhairleach do thoscaireachtaí an Aontais don óige atá ag méadú.

·tacú le rannchuidiú daoine óga leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach le huirlisí, acmhainní agus scileanna riachtanacha, lena náirítear trí thionscnaimh amhail an Ciste um Chumhachtú na hÓige 53 agus Acadamh Óige na hAfraice-na hEorpa.

·ardán a chur ar bun le haghaidh idirphlé agus comhairliúcháin rialta le heagraíochtaí óige ar fud an domhain tríd an Ardán um Idirphlé Óige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais 54 , agus cuimsiú na hóige i bpróisis chomhairliúcháin éagsúla a áirithiú, lena náirítear mar chuid de leathadh amach na Straitéise Global Gateway 55 .

·acmhainneachtaí spáis agus tacaíochta a chur ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach na hóige i gcothú na síochána, in athchóiriú na hearnála slándála agus i bpróisis idirghabhála, chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais agus tosaíochtaí sonracha daoine óga san áireamh agus go naithnítear agus go dtacófar lena ról san atógáil, i gcomhréir le tiomantas an Aontais do Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe maidir leis an tSíocháin agus an tSlándáil.

·gníomhaíochtaí fothaithe acmhainní Erasmus+ maidir leis an óige agus spórt a oscailt i nglao 2024 (trí chistí ó NDICI-Global Europe) ar rannpháirtíocht eagraíochtaí óige agus spóirt ón Úcráin agus ó thíortha eile ó réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena gcumas a fhorbairt. Tá na gníomhaíochtaí sin ar oscailt cheana féin do chomhpháirtithe uile na mBalcán Thiar. Iniúchadh a dhéanamh ar acmhainneacht Erasmus+ i réigiúin eile, go háirithe sna réimsí um malartuithe fíorúla agus um fhothú acmhainneachta don óige;

·tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chumainn mac léinn Líonra na nGnóthaí Eorpacha a cruthaíodh le déanaí ar fud ollscoileanna na Ríochta Aontaithe. Seolfar struchtúr comhairleach don óige i dToscaireacht an Aontais chuig an Ríocht Aontaithe mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

·ag féachaint do Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí, leanúint de bheith ag obair i gcomhar le SEGS agus le Ballstáit an Aontais i dtreo Comhshocrú uaillmhianach atá dírithe ar ghníomhaíocht don todhchaí, lena náirítear ar an gCaibidil a ghabhann leis, a bheidh dírithe go sonrach ar an óige agus ar na glúnta atá le teacht, agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach ina leith.

3.2.5FOSTAÍOCHT AGUS CUIMSIÚ

Cuidíonn an tAontas leis na Ballstáit dífhostaíocht agus neamhghníomhaíocht na hóige a laghdú, lena n‑áirítear trí dhíriú ar dhaoine óga i gcás leochaileachta, amhail daoine óga faoi mhíchumas agus go hindíreach trí infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt eacnamaíoch réigiúin uile an Aontais. Tá sé ábhartha do dhaoine óga aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sóisialta, eacnamaíocha agus críochacha mar go bhfeabhsaítear leis sin rochtain chomhionann ar sheirbhísí agus ar dheiseanna fostaíochta, oideachais agus cuimsithe sóisialta. Is í an aidhm dó cuidiú le daoine óga rochtain a fháil ar dheiseanna gan beann ar a gcúlra socheacnamaíoch nó ar a n‑áit chónaithe agus an t‑aistriú digiteach agus glas agus an fás cuimsitheach a chur ar aghaidh. Beidh an Ráthaíocht don Aos Óg a treisíodh fós ina huirlis riachtanach chun cuidiú le daoine óga dul isteach sa mhargadh saothair. Faoi NextGenerationEU, tá infheistíochtaí agus athchóirithe á gcur chun cinn ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit, agus béim á leagan ar na haistrithe glasa agus digiteacha agus ar bheartais eile do leanaí agus do dhaoine óga, amhail an t‑oideachas agus scileanna.

Tá na cúrsaí oiliúna do dhaoine óga i margadh an tsaothair ina gcéim aistir thábhachtach. I bhfianaise na mbuntáistí ar leith a bhaineann le cúrsaí oiliúna, d’iarr daoine óga coinníollacha níos fearr maidir le hoiliúint san Aontas agus rinne siad achainí go gcuirfí cosc ar chúrsaí oiliúna gan phá mar oidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 56 . Ina rún an 14 Meitheamh 2023 le moltaí chuig an gCoimisiún maidir le tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún íoschaighdeáin cháilíochta maidir le cúrsaí oiliúna a áirithiú, lena náirítear luach saothair 57 . Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·a chreat cáilíochta do chúrsaí oiliúna a thabhairt cothrom le dáta in 2024 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna lena náirítear luach saothair cothrom agus rochtain ar chosaint shóisialta. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an rún ón bParlaimint le togra le haghaidh gníomh reachtach, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta agus do phrionsabail reachtóireachta níos fearr;

·an tionscnamh ALMA (Aimsigh, Foghlaim, Máistir, Gnóthaigh) a chur chun feidhme a thuilleadh chun cuidiú le daoine óga faoi mhíbhuntáiste idir 18-29 mbliana d’aois a lánpháirtiú sa tsochaí agus i margadh an tsaothair i dtíortha eile. I ndiaidh glao ar thograí tionscadail ar leibhéal an Aontais faoi ALMA, táthar ag súil go nglacfaidh níos mó ná 800 duine óga nach bhfuil páirteach in oideachas, i bhfostaíocht nó in oiliúint páirt i 29 dtionscadal ar fud an Aontais 58 .

·oibriú le grúpaí a bhfuil a nacmhainneacht fiontraíochta nár bhfacthas fós ard, lena náirítear daoine óga, trí fheachtais feasachta, meantóireachta agus cóitseála 59 ;

·leanúint le tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus réigiúin an Aontais maidir le cláir um Beartas Comhtháthaithe 2021-27 a chur chun feidhme 60 , lena náirítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus na hoiliúna, an chuimsithe shóisialta, an chúraim sláinte agus na turasóireachta inbhuanaithe agus an chultúir, as a mbainfidh daoine óga mar spriocghrúpaí arna sainaithint tairbhe de réir na riachtanas sainaitheanta sna críocha spriocdhírithe;

·tacú le réigiúin an Aontais a bhfuil tionchar ag dúshláin dhéimeagrafacha orthu, lena náirítear mar gheall ar fhágáil a ndaonra óg, leis an Sásra um Threisiú Tallainne. Tacaíonn an Sásra le réigiúin an Aontais chun oiliúint a chur ar na daoine, na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an aistrithe dhéimeagrafaigh agus na daoine, na scileanna agus na hinniúlachtaí sin a choinneáil agus a mhealladh; 

·leanúint de thacaíocht a thabhairt do rialtais na mBalcán Thiar maidir le cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg chun teacht le samhail an Aontais agus cuir chuige chomhchosúla a chur chun cinn i dtíortha comharsanachta chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga nach bhfuil páirteach in oideachas, i bhfostaíocht nó in oiliúint (NEET).

·leanúint de thacaíocht a thabhairt do Bhallstáit an Aontais an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme d’fhonn an tidirdhealú agus an teisiamh sóisialta a chosc agus a chomhrac.

·mar cheann de thionscnaimh na Straitéise maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 61 , forbróidh an Coimisiún, in éineacht lena pháirtithe leasmhara, an Pacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, sraith treorach agus cleachtas atá dírithe ar fhostú daoine faoi mhíchumas a éascú. I measc nithe eile, tá an treoir dírithe ar ghairmthreoir agus ar chleachtais fruilithe, atá ábhartha do dhaoine óga faoi mhíchumas.

·forbairt limistéir thuaithe a bheidh rathúil, níos láidre, nasctha agus athléimneach a spreagadh, rud a thacóidh le daoine óga a fhostú i gcomhréir leis an bhFís Fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe.

4ÁR nGEALLTANAS DO DHAOINE ÓGA NA hEORPA A CHOTHÚ

Neartaigh institiúidí agus Ballstáit an Aontais an gealltanas a thug siad cheana do dhaoine óga le linn Bhliain Eorpach na hÓige, i gcomhréir le cuspóirí Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 maidir le rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn agus dearcadh na hóige a leabú i gceapadh beartais. Tá sé ríthábhachtach é sin a chothú agus tógáil air. Tá tacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga riachtanach lena áirithiú go mbeidh an chéad ghlúin eile d’Eorpaigh ullmhaithe chun dul i ngleic leis na dúshláin inár ndomhan atá ag athrú go tapa agus chun aghaidh a thabhairt ar an todhchaí ar bhealach muiníneach.

Tacóidh an Coimisiún Eorpach a thuilleadh le daoine óga le gníomhaíochtaí leantacha nithiúla mar a leagtar amach sa Teachtaireacht seo. Bhí an spiorad comhoibritheach a cuimsíodh sa Bhliain féin ina chuid lárnach den chur chuige sin. Daingníodh leis an chomhthuiscint go bhfuil tionscadail a dhíríonn ar an óige níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí nuair a chruthaítear agus nuair a chuirtear chun feidhme iad i gcomhar le daoine óga agus le páirtithe leasmhara óige. Méadaítear na torthaí nuair a bhíonn institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla oscailte agus tiomanta do chomhar agus d’idirphlé leanúnach.

Beidh tábhacht ar leith leis an idirphlé agus leis an gcomhar sin maidir le hiarrachtaí chun daoine óga a mhealladh sna toghcháin Eorpacha in 2024. Ach ní vótáil amháin bun agus barr rannpháirtíocht na hóige. Fásann sé ó chéim bheag a glacadh – bíodh sé sin ag obair go deonach do thionscadal amharclannaíochta pobail nó ag glacadh páirt i bhfeachtas náisiúnta glantacháin trá. Áirítear ar chineálacha eile rannpháirtíochta óige seasamh i gcomhairle mac léinn, achainí a sheoladh nó páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán in Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, dul isteach in eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta don óige, freastal ar Chruinniú Eorpach um an Óige nó ar Sheachtain Eorpach na hÓige, nó páirt a ghlacadh i dtionscadal a reáchtáiltear trí chláir óige an Aontais Eorpaigh. Is é sin go léir rannpháirtíocht na hóige i mbun gníomhaíochta.

Leis na deiseanna a thugtar do dhaoine óga, múnlaítear iad mar shaoránaigh agus imríonn siad tionchar ar na roghanna a dhéanfaidh siad agus ar na cosáin a ghlacfaidh siad ina saol. Is féidir leis sin an treo a ghlacfaidh an Eoraip a shainiú ar deireadh. Sin é an fáth a dtabharfaidh an tAontas Eorpach ról níos láidre do dhaoine óga i gceapadh agus i bhforbairt bheartais an Aontais Eorpaigh.

Fúthusan a bhí an bhliain 2022; ba cheart go mbeadh an todhchaí fúthu freisin.

(1)

In 2022, dhearbhaigh daoine óga idir 16 go 29 mbliana d’aois go raibh siad sásta leis an saol ar an meán ag 7.3 pointe, ar scála ó 0 (anmhíshásta) go 10 (ansásta) (Eurostat,  Quality of life indicators - overall experience of life [Táscairí maidir le Cáilíocht Saoil – taithí fhoriomlán ar an saol] )

(2)

  Flais‑Eorabharaiméadar 502 - ‘An Óige agus an Daonlathas i mBliain Eorpach na hÓige’, Bealtaine 2022 .

(3)

  Suirbhé Earraigh 2023 Pharlaimint na hEorpa: An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais – Bliain amháin roimh na toghcháin Eorpacha

(4)

 An staidreamh is déanaí ó Eurostat atá ar fáil maidir leis an líon iomlán daoine óga (15-29 mbliana d’aois). Féach: Raon táscairí maidir leis an Óige - Eurostat (europa.eu) .

(5)

  Aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh 2021 (europa.eu) .

(6)

  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021°maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022), lch. 1 .

(7)

  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 .

(8)

 Déanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le beartas óige an Aontais a mholtar sa Teachtaireacht seo a fhorbairt i sineirgíocht le gníomhaíochtaí faoi Straitéis an Aontais um chearta an linbh, COM(2021) 142 final.

(9)

Leagtar amach tuarascáil iomlán ar na héachtaí a rinneadh i mBliain Eorpach na hÓige sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi.

(10)

Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022).

(11)

 Ós rud é gurb iad na trí Phobal teanga sa Bheilg atá freagrach as beartas na hóige, ceapadh trí chomhordaitheoir.

(12)

An líon páirtithe leasmhara a chuir gníomhaíochtaí isteach ar an léarscáil ar Thairseach Eorpach na hÓige.

(13)

  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022).

(14)

 FlaisEorabharaiméadar 502 - ‘An Óige agus an Daonlathas i mBliain Eorpach na hÓige’, Bealtaine 2022 .

(15)

Bhí an Bhliain deartha i dtaca le naoi réimse beartais ina bhfuil leas ar leith ag daoine óga: Soghluaisteacht foghlama na hEorpa, fostaíocht agus cuimsiú, idirphlé beartais agus rannpháirtíocht, glas, digiteach, cultúr, sláinte, folláine agus spórt, an óige agus an domhan agus dlúthpháirtíocht leis an Úcráin.

(16)

 Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim féintionscnaimh maidir le Measúnú Tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de ( SOC/728 Measúnú Tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de ); tagraíonn Coiste na Réigiún don ‘tástáil don óige’ sa Chairt um an Óige agus um an Daonlathas a seoladh le Fóram Eorpach na nÓg. 

(17)

  Fóram Eorpach na nÓg - Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de .

(18)

  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 2022 (2022/2953(RSP) ).

(19)

  Conclúidí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le príomhshruthú na hóige i bpróisis chinnteoireachta a chur chun cinn san Aontas Eorpach, (C/2023/1342).

(20)

  Staid an Aontais 2022 (europa.eu) .

(21)

  Spriocanna Eorpacha don Óige | Tairseach Eorpach na hÓige (europa.eu) .

(22)

 Áirithítear le clár oibre an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr reachtóireacht thrédhearcach fhianaisebhunaithe an Aontais atá bunaithe ar thuairimí na ndaoine lena mbaineann. Féach: Rialáil níos fearr (europa.eu) .

(23)

  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 .

(24)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa - Gníomhaíocht Nithiúil a dhéanamh den Fhís COM(2022) 404 final.

(25)

 Le Linn Bhliain na hÓige d’fhoilsigh Comhpháirtíocht Óige idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa an staidéar ‘ Rannpháirtíocht pholaitiúil óige rathúil san Eoraip: coincheapa, patrúin agus impleachtaí beartais’ .

(26)

  Moladh ón gCoimisiún maidir le toghcháin chuimsitheacha athléimneacha, C(2023)8626 final.

(27)

  Moladh ón gCoimisiún maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn, C(2023)8627 final.

(28)

 FlaisEorabharaiméadar 502 - ‘An Óige agus an Daonlathas i mBliain Eorpach na hÓige’, Bealtaine 2022 .

(29)

Cuireadh fáilte roimh eagraithe, bíodh siad ina bpáirtithe leasmhara nó ina ndaoine óga ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin, a dtionscnaimh do Bhliain Eorpach na hÓige a chur ar taispeáint ar léarscáil ghníomhaíochtaí Thairseach Eorpach na hÓige.

(30)

Tá 5 chomhpháirt sa tionscnamh WYDE: (i) rannpháirtíocht na hóige i ngnóthaí poiblí, (ii) an óige le haghaidh saoirsí comhlachais agus comhthionóil, (iii) an óige agus mná i bparlaimintí, (iv) an óige agus mná i bpáirtithe polaitiúla agus (v) rannpháirtíocht pholaitiúil na mban óg sa chinnteoireacht a chur chun cinn

(31)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis an Aontais um chearta an linbh, COM(2021) 142 final.

(32)

  Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais .

(33)

 D’fhéadfadh freagróirí suas le trí fhreagra a roghnú.

(34)

  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2021, COM/2021/636 final .

(35)

De réir thuarascáil UNICEF ó 2021, is é féinmharú an dara príomhchúis le bás i measc daoine óga (15-19 mbliana d’aois) i ndiaidh timpistí bóthair, agus san Aontas, meastar gur EUR 50 billiún luach bliantúil na meabhairshláinte caillte i leanaí agus i ndaoine óga. 

(36)

De réir na tuarascála ‘Health at a Glance’ [Sracfhéachaint ar an tSláinte] in 2022, thuairiscigh Eorpach óg amháin as beirt riachtanais nach rabhthas ag freastal orthu maidir leis an meabhairshláinte, agus tháinig méadú faoi dhó ar an dúlagar i measc daoine óga. 

(37)

 FlaisEorabharaiméadar 502 - ‘An Óige agus an Daonlathas i mBliain Eorpach na hÓige’, Bealtaine 2022 .

(38)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final .

(39)

  Moladh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus a chuirtear in ionad an Mholta ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil scoile a laghdú .

(40)

 Mar chuid de chlár oibre 2024 ón gCoimisiún.

(41)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis an Aontais um chearta an linbh, COM(2021) 142 final.

(42)

  TSI 2024 Tionscnamh Suaitheanta – Meabhairshláinte: Folláine agus meabhairshláinte a chothú (europa.eu) .

(43)

  ‘Call relaunched – Youth for Outermost Regions’ [Glao athsheolta - An Óige do na Réigiúin is Forimeallaí]: ‘EUR 1 million to support youth in the outermost regions‘’ [EUR 1 mhilliún chun tacú leis an óige sna réigiúin is forimeallaí] (europa.eu) .

(44)

  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh .

(45)

  Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh .

(46)

  Pacáiste Soghluaisteachta- togra maidir le todhchaí na soghluaisteachta foghlama | Limistéar Eorpach Oideachais (europa.eu)|

(47)

  An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (europa.eu) .

(48)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘A long-term vision for the EU’s rural areas – towards stronger, connected, resilient and rich areas under 2040’ [Fís fhadtéarmach do limistéir Thuaithe an Aontais Eorpaigh – I dtreo ceantair thuaithe atá níos láidre, nasctha, níos athléimní agus níos rathúla faoi 2021], COM(2021)345 final .

(49)

Tagraíonn cur chuige STEAM do chuimsiú na n‑ealaíon, na n‑eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí in oideachas ETIM, mar chur chuige trasdisciplíneach, cuimsitheach agus a dhírítear ar an todhchaí i leith na foghlama, chun staidéir agus gairmeacha ETIM a dhéanamh níos tarraingtí do ghrúpa foghlaimeoirí éagsúla.

(50)

  Tionscnamh Suaitheanta TSI 2024 - Tionscnamh suaitheanta maidir le Scileanna: Córais forbartha scileanna a chothú atá níos oiriúnaí don mhargadh saothair (europa.eu) .

(51)

  An tAontas Eorpach/ECFE, Creat inniúlachta airgeadais do leanaí agus don óige san Aontas Eorpach.

(52)

  Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Plean Gníomhaíochta don Óige (YAP) i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais 2022-2027 Rannpháirtíocht agus cumhachtú fóinteach na hóige a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach le haghaidh forbairt inbhuanaithe, an chomhionannais agus na síochána.

(53)

 Seoladh an Ciste um Chumhachtú na hÓige an 4 Deireadh Fómhair 2022 agus cuirfear chun feidhme é i gcomhpháirtíocht leis na heagraíochtaí is mó ar domhan don óige trí Shlógadh Domhanda na hÓige.

(54)

 Seoladh an glao ar léiriú spéise chun bheith mar chomhalta den Ardán um Idirphlé Óige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais an 6 Deireadh Fómhair 2023.

(55)

 Seoladh Ardán Idirphlé na Sochaí Sibhialta Global Gateway agus na nÚdarás Áitiúil an 24 Deireadh Fómhair 2023 agus áirítear leis eagraíochtaí don óige.

(56)

  Deireadh le hintéirneachtaí gan phá! | Fóram Eorpach na nÓg .

(57)

 Iarrtar leis an rún ar an gCoimisiún togra a chur isteach le haghaidh treoir maidir le cúrsaí oiliúna sa mhargadh saothair oscailte, cúrsaí oiliúna i gcomhthéacs bheartais ghníomhacha mhargadh an tsaothair (ALMPanna) agus cúrsaí oiliúna atá ina gcuid éigeantach d’oiliúint ghairmiúil.

(58)

Tá gealltanas tugtha ag 15 Bhallstát go dtí seo ALMA a chur san áireamh ina gcláir náisiúnta nó réigiúnacha CSE+ (2021-27)

(59)

  Gníomhaíocht 17 den Pacáiste Fóirithinte do FBManna .

(60)

  An Beartas Comhtháthaithe - Príomhbheartas infheistíochta an Aontais .

(61)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ COM(2021)101 final .

Top