Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC00305

    Fógra ón gCoimisiún maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht i dtaca le gníomhaíochtaí agus sócmhainní eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht agus ailínithe leis an tacsanomaíocht a thuairisciú (an dara Fógra ón gCoimisiún)

    C/2023/6747

    IO C, C/2023/305, 20.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/305/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/305/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/305

    20.10.2023

    FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

    maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht i dtaca le gníomhaíochtaí agus sócmhainní eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht agus ailínithe leis an tacsanomaíocht a thuairisciú (an dara Fógra ón gCoimisiún)

    (C/2023/305)

    Leis an Rialachán maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (‘An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’), cruthaíodh córas aicmithe aontaithe de chuid an Aontais de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus forchuireadh oibleagáidí trédhearcachta ar ghnóthais áirithe neamhairgeadais agus airgeadais i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin (1).

    Ghlac an Coimisiún Gníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide (2) i mí an Mheithimh 2021 chun an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena rannchuidítear go substaintiúil le cuspóirí chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú don athrú aeráide (dá dtagraítear ‘gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an tacsanomaíocht’). Leasaigh an Coimisiún an Gníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid i mí an Mhárta 2022 trí chritéir maidir le gníomhaíochtaí nua fuinnimh áirithe a chur leis (3).

    Ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe i mí Iúil 2021 lena sonraítear oibleagáidí nochta gnóthas faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht maidir le hincháilitheacht a ngníomhaíochtaí don tacsanomaíocht agus a n-ailíniú léi (‘Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh’) (4).

    Tá trí thacar treoraíochta foilsithe ag an gCoimisiún cheana i ndáil le hinneachar an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh, is iad sin:

    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ‘ceisteanna coitianta’ maidir le ‘Céard é Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, an Gníomh Tarmligthe, agus conas a oibreoidh sé sa chleachtas?’  (5)

    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ‘ceisteanna coitianta’ maidir le conas ba cheart do ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais a ngníomhaíochtaí agus a sócmhainní eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht a thuairisciú i gcomhréir leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (6).

    Fógra ón gCoimisiún maidir leis an léirmhíniú ar fhorálacha dlíthiúla áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh i dtaca le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht a thuairisciú (7).

    Tosóidh gnóthais neamhairgeadais ar a n-eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) tacsanomaíochta a thuairisciú ón 1 Eanáir 2023. Is é is cuspóir don Fhógra seo treoraíocht bhreise léirmhínitheach agus treoraíocht bhreise maidir le cur chun feidhme a sholáthar do na gnóthais neamhairgeadais sin i bhfoirm freagraí ar Cheisteanna Coitianta maidir leis an tuairisciú faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh. Féadfaidh an Coimisiún na Ceisteanna Coitianta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí.

    Tosóidh gnóthais airgeadais ar a gCóimheas Sócmhainne Glaise (GAR)/a gCóimheas Infheistíochta Glaise (GIR) a thuairisciú ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Féadfar Fógra eile a ghlacadh in am trátha i bhfoirm freagraí ar cheisteanna coitianta maidir le tuairisciú gnóthas airgeadais faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

    Ceanglaítear leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh go n-úsáidfidh gnóthais neamhairgeadais KPInna arna nochtadh ag a gcontrapháirtithe (e.g. gnóthais neamhairgeadais) nuair a ríomhann siad GAR/GIR. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta (SFDR) (8) go n-úsáidfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais KPInna arna nochtadh ag cuideachtaí institiúidí infheistiúcháin chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal feidhmíochta comhshaoil táirgí airgeadais margaithe.

    Foilsítear an Fógra seo i dteannta fógra eile ón gCoimisiún i bhfoirm freagraí ar cheisteanna coitianta a bhaineann leis na critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe leis an tacsanomaíocht a leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid (Fógra ón gCoimisiún maidir leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid (9)).

    Leis na ceisteanna coitianta a sholáthraítear san Fhógra seo, déantar soiléiriú ar na forálacha atá sa reachtaíocht is infheidhme cheana féin. Ní leathnaítear leo ar aon bhealach na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an reachtaíocht sin ná ní thugtar isteach leo aon cheanglas breise le haghaidh na n-oibreoirí lena mbaineann ná le haghaidh na n-údarás inniúil. Níl sé d’aidhm ag na freagraí ar na ceisteanna coitianta ach cabhrú le gnóthais neamhairgeadais na forálacha dlíthiúla ábhartha a chur chun feidhme. Níl ach Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin inniúil chun dlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach. Leis na tuairimí a léirítear san Fhógra seo, ní féidir réamhbhreith a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a ghlacadh os comhair an Aontais agus os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

    Clár na n-ábhar

    Gluais téarmaí ábhartha agus reachtaíochta is infheidhme 5

    ROINN I -

    CEISTEANNA COITIANTA GINEARÁLTA 7

    1.

    Na nochtaí a bhaineann le tacsanomaíocht a leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe Comhlántach (CDA), cén amlíne atá beartaithe lena gcur i bhfeidhm? 7

    2.

    Céard é an cur chuige atá beartaithe maidir le tuairisciú a bhaineann le tacsanomaíocht i ndáil leis na cuspóirí comhshaoil? 7

    3.

    Cén tionchar atá ag CSRD ar raon feidhme na n-eintiteas tuairiscithe faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh? 8

    4.

    Cén uair agus conas ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha na nochtaí tacsanomaíochta a fhíorú? Conas a athróidh cur i bhfeidhm CSRD é sin? 9

    5.

    An bhfuil gnóthais atá bunaithe i dtíortha LEE faoi oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ar ailíniú a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha leis an tacsanomaíocht? 9

    6.

    Conas is féidir le heintitis a áirithiú nach dtiocfaidh a dtuairisciú deonach ar ailíniú a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha leis an tacsanomaíocht salach ar nochtaí éigeantacha a leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh nó nach ndéanfaidh an tuairisciú sin mífhaisnéis ar na nochtaí sin? 9

    7.

    Cén bealach a bhfuil coinne leis go nochtfaidh gnóthais tuairiscithe faisnéis chomparáideach sna nochtaí faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh? 10

    8.

    Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe aghaidh a thabhairt ar ‘chomhaireamh dúbailte’ i gcomhthéacs gníomhaíochtaí gnó a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil iomadúla? 10
    Rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide (CCM) agus le hoiriúnú don athrú aeráide (CCA) 10
    I gcás gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le CCM, comhlíonfaidh an chóireáil ar CapEx critéir DNSH maidir le cuspóirí comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid 11
    Conas a dhéileáiltear le gníomhaíocht a rannchuidíonn go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil iomadúla (seachas le CCM agus CCA amháin) 12

    9.

    Cén leibhéal comhtháthaithe de KPInna máthairghnóthais ba cheart a bheith ann i ndáil (i) lena bhfochuideachtaí tríú tír agus (ii) lena ngníomhaíochtaí/sócmhainní i dtríú tíortha, nó le gníomhaíochtaí/sócmhainní a bhfochuideachtaí den Aontas? Cén áit ar heart KPInna a nochtadh? 12

    10.

    Cén leibhéal comhdhlúthaithe atá ann ar KPInna grúpaí neamh-AE a bhfuil fochuideachta NFRD acu san Aontas? 13

    11.

    An bhféadfaidh fochuideachta a thagann faoi raon feidhme NFRD/CSRD bheith díolmhaithe ó nochtaí a bhaineann le Tacsanomaíocht a dhéanamh i gcás ina nochtann a máthairghnóthas faisnéis a bhaineann le Tacsanomaíocht ar leibhéal comhdhlúite i gcás ina bhfuil gá leis sin nó ar bhonn deonach? 13

    12.

    I gcás ina gceanglaítear ar ghnóthas tuairiscithe KPInna comhdhlúite a sholáthar, ar cheart dó KPInna a fhochuideachtaí a sholáthar freisin? 14

    13.

    An bhfuil aon tairseach ann maidir le láimhdeachas íosta, CapEx agus OpEx ar faoina bun nach bhfuil oibleagáid ar ghnóthais incháilitheacht don tacsanomaíocht nó ailíniú a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a thuairisciú (‘tairseacha ábharthachta’)? 14

    14.

    Conas ba cheart caitheamh le láimhdeachas, CapEx, OpEx comhfhiontar chun KPInna a bhaineann le tacsanomaíocht a thuairisciú? 15

    15.

    Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe cuntas a choinneáil ar ionstraimí fálaithe (lena n-áirítear réamh-dhíol cumhachta)? 15

    16.

    Conas ba cheart do ghnóthais neamhairgeadais na KPInna a choigeartú chun na bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a d’eisigh siad a chur san áireamh d’fhonn ‘comhaireamh dúbailte’ a sheachaint? Conas ba cheart caitheamh le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de / urrúis fiachais agus na saincheisteanna nasctha maidir le comhaireamh dúbailte? 15

    17.

    Conas ba cheart do ghnóthas tuairiscithe caitheamh leis an láimhdeachas agus leis an CapEx ó ghrúpaí diúscartha agus ó oibríochtaí scortha agus i gcomhthéacs IFRS 5? 16

    18.

    Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe measúnú a dhéanamh ar an incháilitheacht don Tacsanomaíocht atá ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (CCA) faoi Airteagal 11(1)(a) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht? 16

    19.

    Cad é an sciar den láimhdeachas agus den CapEx/OpEx comhfhreagrach atá ailínithe le Tacsanomaíocht ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid? 17

    ROINN II -

    CEISTEANNA COITIANTA MAIDIR LE KPI LÁIMHDEACHAIS 18

    20.

    Maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch nach ndearna an t-eintiteas tuairiscithe féin ach a rinne fochonraitheoir, cathain ba cheart a cheangal ar ghnóthas í a thuairisciú faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh? 18

    21.

    Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe láimhdeachas ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a nochtadh, ar gníomhaíochtaí iad a ndéantar a n-aschur a úsáid nó a ídiú go hinmheánach? 19

    22.

    Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe an láimhdeachas a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a sholáthraíonn seirbhísí nó táirgí éagsúla do chustaiméirí? 19

    ROINN III -

    CEISTEANNA COITIANTA MAIDIR LE KPI CAPEX 19

    23.

    Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe caitheamh le cistiú poiblí agus fóirdheontais a fuarthas chun a CapEx a mhaoiniú? 19

    24.

    Cén pointe ama ag a dtosaíonn an tréimhse 5 bliana go 10 mbliana den phlean CapEx do ghnóthais neamhairgeadais ar mhaithe le tuairisciú? An bhfuil feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le plean chun gníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú agus chun gníomhaíocht eacnamaíoch atá incháilithe don Tacsanomaíocht a uasghrádú chuig gníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe le Tacsanomaíocht? 20

    25.

    Cad é tús na tréimhse 18 mí chun bearta aonair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I a thabhairt chun críche? 20

    26.

    Cé chomh cuimsitheach agus beacht ba cheart do phlean CapEx a bheith chun é a áireamh in uimhreoir an KPI CapEx? An bhféadfaí leathnú ar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe le Tacsanomaíocht agus atá ann cheana féin sa tsaoráid chéanna a áireamh mar CapEx faoi phointe (a) nó (b) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2. d’Iarscríbhinn I? 20

    27.

    Conas ba cheart an luach atá ailínithe le Tacsanomaíocht den CapEx a chur i láthair ar phointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I? 20

    28.

    Cad é raon feidhme CapEx agus OpEx dá dtagraítear i bpointí (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 agus de Roinn 1.1.3.2 d’Iarscríbhinn I, i.e. aschur ailínithe le Tacsanomaíocht a cheannach agus bearta aonair? 21

    29.

    Conas ba cheart CapEx agus OpEx atá lánpháirtithe i slabhraí luacha a nochtadh i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht eacnamaíoch réamhtheachtach agus iartheachtach araon atá incháilithe don Tacsanomaíocht á ndéanamh ag an ngnóthas tuairiscithe? 21

    30.

    Conas ba cheart measúnú a dhéanamh ar CapEx maidir le hailíniú le Tacsanomaíocht i gcás ina bhféadfaí an tsócmhainn atá á maoiniú ag an CapEx a úsáid le haghaidh tionscadail éagsúla? 21

    31.

    An féidir réamhíocaíochtaí a áireamh mar chuid den CapEx atá ailínithe le Tacsanomaíocht? 22

    ROINN IV -

    CEISTEANNA COITIANTA MAIDIR LE KPI OPEX 22

    32.

    Conas ba cheart cuntas a choinneáil ar thaighde agus forbairt in uimhreoir KPI OpEx i gcás nach féidir iad a nascadh le gníomhaíochtaí sonracha? 22

    33.

    Conas ba cheart na catagóirí OpEx dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.3.2. d’Iarscríbhinn I (Uimhreoir OpEx) a thuiscint agus conas ba cheart caitheamh leo in uimhreoir agus ainmneoir KPI OpEx? 22

    34.

    Cad iad na gnéithe den sainmhíniú ar ainmneoir KPI OpEx dá dtagraíonn an coincheap ‘cothabháil agus deisiúchán, agus aon chaiteachas díreach eile a bhaineann le seirbhísiú laethúil sócmhainní maoine, gléasra agus trealamh’ faoi Roinn 1.1.3.1 d’Iarscríbhinn I? 22

    Gluais téarmaí ábhartha agus reachtaíochta is infheidhme

    Rialachán

    Tagairt

    Treoir maidir le Cuntasaíocht

    Treoir 2013/34/AE (10)

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

    CapEx

    Caiteachas caipitiúil

    KPI CapEx

    An eochairtháscaire feidhmíochta a bhaineann leis an gcaiteachas caipitiúil dá dtagraítear i Roinn 1.1.2. d’Iarscríbhinn I

    Gníomh Tarmligthe Comhlántach (CDA)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún (11)

    CSRD

    Treoir a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (12)

    Oiriúnú don athrú aeráide (CCA)

    Oiriúnú don athrú aeráide (CCA) dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 9 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

    Maolú ar an athrú aeráide (CCM)

    Maolú ar an athrú aeráide (CCM) dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

    Gníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid (DA)

    Rialachán Tarmligthe Rialachán (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (13)

    Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (14)

    DNSH

    Gan dochar suntasach a dhéanamh

    Gníomhaíochtaí cumasúcháin

    Gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

    An chéad Fhógra ón gCoimisiún

    Fógra ón gCoimisiún maidir leis an léirmhíniú ar fhorálacha dlíthiúla áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht AE i dtaca le gníomhaíochtaí agus sócmhainní eacnamaíocha incháilithe a thuairisciú (15)

    An chéad doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin

    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ‘Ceisteanna Coitianta: Céard é Airteagal 8 den ghníomh tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht an Aontais agus conas a oibreoidh sé sa chleachtas?’  (16)

    IAS

    Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta

    IFRS

    Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais

    Eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna)

    Eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) gnóthas neamhairgeadais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I

    Cuspóirí comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid

    Na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 9 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint; aistriú chuig geilleagar ciorclach; cosc agus rialú ar thruailliú; bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú)

    An Treoir maidir le Faisnéis Neamhairgeadais (NFRD)

    Treoir 2014/95/AE (17)

    OpEx

    Caiteachas oibríochtúil

    KPI OpEx

    An eochairtháscaire feidhmíochta a bhaineann leis an gcaiteachas oibríochtúil dá dtagraítear i Roinn 1.1.3. d’Iarscríbhinn I

    Gnóthas tuairiscithe

    Gnóthas neamhairgeadais atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

    An dara doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin

    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ‘Ceisteanna Coitianta: Conas ba cheart do ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais gníomhaíochtaí agus sócmhainní eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh?’  (18)

    Rannchuidiú substaintiúil

    Rannchuidiú substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagail 10 go 16 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

    An Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta (SFDR)

    Rialachán (AE) 2019/2088 (19)

    Gníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe leis an tacsanomaíocht

    Gníomhaíocht eacnamaíoch a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 1 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

    Gníomhaíocht eacnamaíoch atá incháilithe don tacsanomaíocht

    Gníomhaíocht eacnamaíoch a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 1 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

    Gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht

    Gníomhaíocht eacnamaíoch a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 1 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

    An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (TR)

    Rialachán (AE) 2020/852 (20)

    TSC

    Critéir scagtha theicniúla

    Gníomhaíochtaí Idirthréimhseacha

    Gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

    Eochairtháscaire feidhmíochta láimhdeachais

    An eochairtháscaire feidhmíochta a bhaineann le láimhdeachas dá dtagraítear i Roinn 1.1.1. d’Iarscríbhinn I

    ROINN I

    CEISTEANNA COITIANTA GINEARÁLTA

    1.   Na nochtaí a bhaineann le tacsanomaíocht a leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe Comhlántach (CDA), cén amlíne atá beartaithe lena gcur i bhfeidhm (21) ?

    Leasaítear le CDA:

    an Gníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid (DA) trí ghníomhaíochtaí sonracha nua eacnamaíocha a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás nádúrtha a chur le Tacsanomaíocht an Aontais, agus

    an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh trí oibleagáidí sonracha nochta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a sholáthar in Airteagal nua 8(6), (7) agus (8) den Ghníomh Tarmligthe sin.

    Foráiltear le hAirteagal 3 CDA go bhfuil feidhm ag na leasuithe ann ón 1 Eanáir 2023. Tugann an méid sin le fios gur cheart do ghnóthais neamhairgeadais incháilitheacht, neamh-incháilitheacht agus ailíniú gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás nádúrtha a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 8(6), (7) agus (8) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, arna leasú, ón 1 Eanáir 2023  (22). Baineann an chéad tréimhse tuairiscithe le bliain (airgeadais) 2022 i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

    2.   Céard é an cur chuige atá beartaithe maidir le tuairisciú a bhaineann le tacsanomaíocht i ndáil leis na cuspóirí comhshaoil?

    Tráth fhoilsiú an Fhógra seo, níor ghlac an Coimisiún rialachán tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht lena mbunaítear critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le cuspóirí comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid.

    De bhun Airteagal 27(2)(b) i dtaca le hAirteagail 4 go 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ba cheart nochtaí gnóthas tuairiscithe a bhaineann le cuspóirí comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid a bheith i bhfeidhm i bprionsabal ón 1 Eanáir 2023. Ní féidir le gnóthais tuairiscithe na nochtaí sin maidir le hailíniú le tacsanomaíocht nó maidir le hincháilitheacht don tacsanomaíocht a chur i bhfeidhm gan rialachán tarmligthe a bheith ann lena mbunaítear na critéir scagtha theicniúla sin. Sin de bharr na nithe seo a leanas:

    Déantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe leis an tacsanomaíocht a shainiú faoi threoir comhlíontacht, inter alia, leis na critéir sin ba cheart don Choimisiún a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, agus

    Déantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht a shainiú leis an tuairisc a thugtar ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na nAirteagal thuasluaite.

    Tugann an méid sin le fios nach bhféadfar ach an incháilitheacht don tacsanomaíocht agus an t-ailíniú leis an tacsanomaíocht a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil cuspóirí comhshaoil acu (CCM agus CCA) amháin a bhreithniú, a mheasúnú agus a nochtadh faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh sula dtiocfaidh rialachán tarmligthe a ghlactar i gcomhréir le hAirteagail 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht chun bheith infheidhme.

    Dá bhrí sin, níl coinne leis go ndéanfaidh gnóthais neamhairgeadais incháilitheacht agus ailíniú le haghaidh na gceithre chuspóir comhshaoil atá fágtha a thuairisciú in 2023.

    3.   Cén tionchar atá ag CSRD ar raon feidhme na n-eintiteas tuairiscithe faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh?

    I gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ní cheanglaítear ach ar ghnóthais atá faoi réir oibleagáid a bhfaisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a nó Airteagal 29(a) den Treoir Chuntasaíochta (forálacha a thugtar isteach leis an Treoir maidir le Faisnéis Neamhairgeadais (NFRD)) a n-eochairtháscairí feidhmíochta a thuairisciú faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (23).

    Leasaíodh le CSRD Airteagal 19a nó Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta. Tar éis theacht i bhfeidhm CSRD, beidh na ngnóthais a bheidh faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh mar a leanas (24):

    (i)

    I gcás blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis (a fhoilseofar den chéad uair in 2025):

    gnóthais mhóra mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) den Treoir Chuntasaíochta (‘gnóthais mhóra’) ar eintitis leasa phoiblí iad (‘PIEnna’) mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) den Treoir sin a sháraíonn, ar dhátaí a gclár comhardaithe, meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais;

    PIEnna ar máthairghnóthais grúpa mhóir iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) den Treoir Chuntasaíochta (‘grúpa mór’) a sháraíonn, ar dhátaí a gclár comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais.

    (ii)

    I gcás blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis (a fhoilseofar den chéad uair in 2026):

    gnóthais mhóra agus máthairghnóthais grúpa mhóir, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i) thuas.

    (iii)

    I gcás blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis (a fhoilseofar den chéad uair in 2027):

    gnóthais bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(3) den Treoir Chuntasaíochta, gan micreaghnóthais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin a áireamh, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte an Aontais (‘FBManna liostaithe gan micreaghnóthais a áireamh’);

    institiúidí beaga agus neamhchasta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (145) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (25), ar choinníoll gur gnóthais mhóra nó FBManna liostaithe iad gan micreaghnóthais a áireamh;

    gnóthais árachais faoi chuing mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (2) de Threoir 2009/138/CE (26), agus gnóthais athárachais faoi chuing mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (5) den Treoir sin, ar choinníoll gur gnóthais mhóra nó FBManna liostaithe iad gan micreaghnóthais a áireamh.

    An cur chuige céimnithe céanna a dtugtar tuairisc air thuas, beidh feidhm aige maidir le gnóthais tríú tír a bhfuil urrúis acu atá liostaithe ar mhargaí rialáilte an Aontais, ó tharla gur leasaíodh Treoir 2004/109/CE (an Treoir um Thrédhearcacht) leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD) freisin (27).

    4.   Cén uair agus conas ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha na nochtaí tacsanomaíochta a fhíorú? Conas a athróidh cur i bhfeidhm CSRD é sin?

    Rialacha na Treorach Cuntasaíochta maidir le fíorú a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a den Treoir sin, tá feidhm acu faoi láthair maidir le nochtaí tacsanomaíochta (28). Ba cheart d’iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta a sheiceáil, i gcomhréir le rialacha náisiúnta lena dtrasuitear NFRD, an é an ráiteas neamhairgeadais nó an tuarascáil ar leithligh dá dtagraítear i mír (4) d’Airteagal 19a nó mír (4) d’Airteagal 29(a) den Treoir Chuntasaíochta, ina bhfuil nochtaí tacsanomaíochta, a soláthraíodh. D’fhéadfaí a cheangal le reachtaíocht náisiúnta go ndéanfaidh soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách an fhaisnéis sin a fhíorú.

    Tar éis do CSRD teacht chun bheith infheidhme maidir leis na blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis, de réir an tráthchláir chéimnigh a léirítear i gceist 3, beidh a rialacha maidir le dearbhú a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta faoi CSRD infheidhme a mhéid céanna maidir le nochtaí i gcomhréir leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

    De réir CSRD (29), ba cheart don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta (nó don soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách, i gcás ina gceadaíonn an Ballstát lena mbaineann é sin) tuairim a thabhairt bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta a mhéid a bhaineann le comhlíontacht an tuairiscithe inbhuanaitheachta le ceanglais CSRD, lena n-áirítear comhlíontacht le ceanglais tuairiscithe Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

    Ina theannta sin, ceanglaítear go sonrach leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid gur cheart do thríú páirtí neamhspleách comhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla a fhíorú i gcás gníomhaíochtaí áirithe mar gheall ar a chasta atá siad. Ba cheart do thríú páirtí neamhspleách astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa (GCT) cainníochtaithe a fhíorú i gcás roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha, mar shampla (30).

    5.   An bhfuil gnóthais atá bunaithe i dtíortha LEE faoi oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ar ailíniú a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha leis an tacsanomaíocht?

    Dearbhaítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine sa Mhargadh Aonair. Is é atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) limistéar saorthrádála agus saorghluaiseachta daoine arb iad Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin a chomhdhéanann é. Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm ar fud LEE, i bprionsabal, chun margadh aonfhoirmeach a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais chéanna a bheith infheidhme i gcás tuairisciú tacsanomaíochta, faoi réir ionchorprú na rialacha in acquis LEE.

    6.   Conas is féidir le heintitis a áirithiú nach dtiocfaidh a dtuairisciú deonach ar ailíniú a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha leis an tacsanomaíocht salach ar nochtaí éigeantacha a leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh nó nach ndéanfaidh an tuairisciú sin mífhaisnéis ar na nochtaí sin?

    Is nath ginearálta é tuairisciú deonach (31) a dhéanann eintitis ar ailíniú leis an tacsanomaíocht lena bhféadfaí cásanna féideartha éagsúla a shainaithint, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:

    tuairisciú ar ailíniú leis an tacsanomaíocht, ar tuairisciú é a bhfuil coinne leis agus a dhéanann eintitis nach bhfuil faoi réir tuairisciú éigeantach go fóill ar ailíniú leis an tacsanomaíocht agus nach bhfuil faoi réir ach tuairisciú ar incháilitheacht don tacsanomaíocht (e.g. tuairisciú ar ailíniú leis an tacsanomaíocht roimh an amlíne dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh);

    tuairisciú a dhéanann eintitis nach bhfuil faoi réir aon cheanglas éigeantach tuairiscithe tacsanomaíochta faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, is é sin tuairisciú a dhéanann eintiteas nach bhfuil faoi réir oibleagáid faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú faoi NFRD/CSRD.

    Eintitis tuairiscithe atá faoi réir Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ba cheart dóibh bonn ullmhúcháin an tuairiscithe dheonaigh a shoiléiriú sna cásanna sin ar fad, lena n-áirítear go gcomhlíonann an tuairisciú lena bhfuil coinne na ceanglais a leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (32).

    A mhéid a bhaineann le heintitis tuairiscithe nach bhfuil faoi réir Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, moltar dóibh an cur chuige céanna a leanúint agus a leanann iad siúd atá faoi réir Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (mar a leagtar amach thuas).

    I gcás ina gcuirfidh gnóthas an tuairisciú deonach sin ar fáil go poiblí i dteannta an tuairiscithe éigeantaigh, ba cheart a dhéanamh soiléir cén difríocht atá eatarthu. Mar a léirítear sa fhreagra ar cheist 7 sa chéad Fhógra ón gCoimisiún, níor cheart níos mó suntasachta a thabhairt don tuairisciú deonach ná mar a thugtar don tuairisciú éigeantach agus ba cheart é a ullmhú ar bhonn nach dtagann salach ar an bhfaisnéis éigeantach de bhun an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh nó nach dtugann mífhaisnéis ina leith (33).

    I gcás ina dtagróidh eintitis, ina dtuairisciú éigeantach, d’fhaisnéis óna dtuairisciú deonach ar ailíniú leis an tacsanomaíocht, ba cheart dóibh an fhaisnéis cháilíochtúil agus/nó chainníochtúil a bhaineann leis an tuairisciú éigeantach a léiriú freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil.

    Agus an tuairisciú deonach tacsanomaíochta á fhoilsiú acu, ba cheart d’eintitis inneachar Threoirlínte an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir le Táscairí Feidhmíochta Malartacha (APManna) (34) agus na ceisteanna agus freagraí gaolmhara (35) a chur san áireamh freisin.

    7.   Cén bealach a bhfuil coinne leis go nochtfaidh gnóthais tuairiscithe faisnéis chomparáideach sna nochtaí faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh?

    I gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, i mbliain N, ní mór don ghnóthas tuairiscithe KPInna arna bhfoilsiú sa bhliain N sin agus KPInna arna bhfoilsiú sa bhliain N-1 a nochtadh. Thairis sin, soiléirítear leis an dara fomhír den fhoráil sin gur leis an mbliain 2023 a thosaíonn N-1, a bhfoilsíonn gnóthais neamhairgeadais na chéad KPInna lena haghaidh.

    I gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, in 2023, ní mór do ghnóthais neamhairgeadais tuairiscithe na chéad KPInna amháin a thuairisciú, is iad sin KPInna a bhaineann le tréimhse tuairiscithe 2022.

    In 2024 ní mór do na gnóthais neamhairgeadais tuairiscithe KPInna le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2023 agus, mar fhaisnéis chomparáideach, KPInna arna bhfoilsiú in 2023 le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2022 a nochtadh.

    In 2024 ní mór don ghnóthas airgeadais tuairiscithe KPInna le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2023 a nochtadh gan faisnéis chomparáideach. In 2025 ní mór don ghnóthas neamhairgeadais agus airgeadais tuairiscithe KPInna le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2024 a fhoilsiú i dteannta KPInna comparáideacha na bliana roimhe sin, i.e. KPInna arna bhfoilsiú in 2024 le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2023 agus mar sin de.

    8.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe aghaidh a thabhairt ar ‘chomhaireamh dúbailte’ i gcomhthéacs gníomhaíochtaí gnó a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil iomadúla?

    Rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide (CCM) agus le hoiriúnú don athrú aeráide (CCA)

    Critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid, sula mbunófar iad le gníomhartha tarmligthe amach anseo ní fhéadfar ach ailíniú tacsanomaíochta le cuspóirí a bhaineann leis an aeráid a mheasúnú agus a nochtadh (CCM agus CCA).

    Ba cheart measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú gníomhaíochta ar leith le CCM nó CCA bunaithe ar chineál na gníomhaíochta sin.

    Maidir le KPI CapEx, agus mar a luadh i mír dheireanach Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh i roinnt cásanna – agus d’fhéadfadh an t-idirdhealú a bheith éasca a dhéanamh – idir chineál agus raon feidhme CapEx i ngníomhaíocht a rannchuidíonn go substaintiúil le CCM agus CapEx a chuireann faoi deara don ghníomhaíocht sin a bheith oiriúnaithe don athrú aeráide. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcásanna ina bhfuil an réiteach oiriúnúcháin lasmuigh den tsócmhainn atá ailínithe le CCM (i.e. beart/tionscadal atá in-sainaitheanta agus curtha chun feidhme ar leithligh) nó ina sonraítear réiteach i bplean oiriúnaithe na gníomhaíochta/sócmhainne atá ann cheana. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh, mar shampla, idir CapEx chun feirm ghaoithe ar talamh a thógáil atá lonnaithe gar don chladach, rud ar ar cheart measúnú a dhéanamh le haghaidh CCM, agus CapEx chun an fheirm ghaoithe sin a chosaint ar arduithe ar leibhéal na mara nó ar chreimeadh an chladaigh, rud ar ar cheart measúnú a dhéanamh le haghaidh CCA.

    Ar an taobh eile, i gcás ina mbeidh an réiteach oiriúnúcháin ina chuid dhílis de dhearadh na sócmhainne nua atá ailínithe le CCM í féin (36), d’fhéadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir CapEx a bhaineann le CCA agus CapEx a bhaineann le CCM. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go gcumhdófaí le CapEx faoi CCM an CapEx maidir leis an réiteach oiriúnúcháin atá ina chuid dhílis den dearadh. Ba ghá feirm ghaoithe nua amach ón gcósta, mar shampla, a dhearadh sa dóigh agus go mbeadh sí athléimneach in aghaidh arduithe ar leibhéal na mara (i.e. chun DNSH do CCA a chomhlíonadh) ionas go mbeadh sí ailínithe le CCM. D’fhéadfadh sé a bheith deacair ar an oibreoir eolas a fháil ar CapEx comparáideach feirme gaoithe amach ón gcósta nach bhfuil oiriúnaithe d’arduithe ar leibhéal na mara. I gcásanna den sórt sin, níor cheart CapEx a thuairisciú ach faoi chuspóir CCM.

    Maidir le KPI láimhdeachais, i gcomhréir leis an dara mír de Roinn 1.1.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, ní fhéadfar an t-ioncam a ghintear ó ghníomh atá oiriúnaithe don athrú aeráide a ríomh in uimhreoir KPI láimhdeachais an ghnóthais ach amháin más amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an ngníomhaíocht:

    is gníomhaíocht í lena gcumasaítear CCA (37), nó;

    atá ailínithe le CCM nó le haon chuspóir comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid.

    Dá réir sin, ní fhéadfar an láimhdeachas a ghineann feirm ghaoithe ar talamh atá oiriúnaithe don athrú aeráide a áireamh in KPI láimhdeachais an ghnóthais ach i gcás ina mbeidh an fheirm ghaoithe sin ailínithe leis an tacsanomaíocht maidir le CCM agus ba cheart é a thuairisciú faoi chuspóir CCM. Ní dhéanfaí KPI láimhdeachais le haghaidh oiriúnú a thuairisciú i gcás gníomhaíochtaí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí oiriúnaithe.

    I gcás gníomhaíochtaí lena gcumasaítear rannchuidiú substaintiúil le CCA, d’fhéadfadh an gnóthas an láimhdeachas sin a áireamh in uimhreoir KPI láimhdeachais faoi chuspóir CCA (colún 6) agus clib E air (colún 20). I gcás ina rannchuideoidh gníomhaíocht den sórt sin go substaintiúil le CCM (e.g. foraoisiú), d’fhéadfadh an gnóthas an láimhdeachas sin a áireamh in uimhreoir KPI láimhdeachais faoi chuspóir CCM (colún 5) (38). D’fhéadfadh gnóthas neamhairgeadais tuairisciú a dhéanamh, mar shampla, ar láimhdeachas as gníomhaíocht foraoisithe a dhéanamh ar shuíomh atá tugtha don triomach le crainn atá oiriúnaithe don athrú aeráide (e.g. crainn atá frithsheasmhach in aghaidh triomaigh) faoi chuspóir CCM (colún 5) agus tuairisciú a dhéanamh faoi chuspóir CCA (colún 6) ar láimhdeachas as síolta agus crainn óga atá frithsheasmhach in aghaidh triomaigh a dhíol. Ba cheart don ghnóthas cur chuige comhchosúil a chur i bhfeidhm maidir le OpEx agus OpEx a bhaineann le foraoisiú a thuairisciú faoi chuspóir CCM agus OpEx a bhaineann le síolta agus crainn óga oiriúnaithe a dhíol a thuairisciú faoi chuspóir CCA.

    I gcás gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le CCM, comhlíonfaidh an chóireáil ar CapEx  (39) critéir DNSH maidir le cuspóirí comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid

    I gcás gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le CCM, féadfaidh gnóthais tuairiscithe CapEx a thabhú chun go gcomhlíonfaidh sé critéir DNSH maidir le cuspóirí comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid. Monaróir feithiclí a oibríonn monarcha ina dtáirgtear feithiclí leictreacha (40) a chomhlíonann critéir maidir le rannchuidiú substaintiúil (SC) le CCM, mar shampla, d’fhéadfadh sé gur ghá dó CapEx a thabhú chun go gcomhlíonfaidh sé critéir DNSH maidir le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh nó an choisc ar thruailliú ionas go mbeidh táirgeadh na bhfeithiclí sin ailínithe leis an tacsanomaíocht. Níor cheart an CapEx sin a thuairisciú faoi na cuspóirí comhshaoil sin (colún 8 nó 9 den teimpléad in Iarscríbhinn II) toisc nach gcomhlíonann an ghníomhaíocht, le haghaidh na gcuspóirí sin, ach leibhéal feidhmíochta DNSH agus nár bunaíodh go fóill aon chritéar scagtha teicniúil maidir le rannchuidiú substaintiúil le haghaidh na gcuspóirí sin (41). Ina ionad sin, ba cheart an CapEx sin a thuairisciú faoi chuspóir CCM (colún 5 den teimpléad in Iarscríbhinn II) toisc go dtabhaítear é i gcomhthéacs gníomhaíocht atá ailínithe leis an tacsanomaíocht a dhéanamh de ghníomhaíocht a rannchuidíonn go substaintiúil le CCM trí chritéir DNSH maidir le cuspóirí eile a chomhlíonadh.

    Conas a dhéileáiltear le gníomhaíocht a rannchuidíonn go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil iomadúla (seachas le CCM agus CCA amháin)

    Ach critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil a bheith bunaithe i ngníomh tarmligthe amach anseo, d’fhéadfadh roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheith in ann rannchuidiú go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil iomadúla, seachas le CCM agus CCA amháin.

    Féadfar tuairisciú gníomhaíochtaí den sórt sin faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, go háirithe faoi Roinn 1.2.2.2. d’Iarscríbhinn I, a shoiléiriú a thuilleadh ach na critéir scagtha theicniúla ábhartha a bheith bunaithe.

    9.   Cén leibhéal comhtháthaithe de KPInna máthairghnóthais ba cheart a bheith ann i ndáil (i) lena bhfochuideachtaí tríú tír agus (ii) lena ngníomhaíochtaí/sócmhainní i dtríú tíortha, nó le gníomhaíochtaí/sócmhainní a bhfochuideachtaí den Aontas? Cén áit ar cheart KPInna a nochtadh?

    I gcomhréir le pointe 2(f) d’Iarscríbhinn I, soláthrófar KPInna gnóthas ar leibhéal an ghnóthais aonair i gcás nach n-ullmhaíonn an gnóthas sin ach ráitis neamhairgeadais aonair, nó ar leibhéal an ghrúpa i gcás ina n-ullmhaíonn an gnóthas ráitis neamhairgeadais chomhdhlúite.

    Cinntear le hAirteagail 19a agus 29a den Treoir Chuntasaíochta cé acu ráiteas neamhairgeadais aonair nó comhdhlúite ba cheart do ghnóthais tuairiscithe a ullmhú, lena n-áireofar nochtaí tacsanomaíochta (42). Ullmhóidh gnóthas tuairiscithe ráiteas neamhairgeadais aonair ach amháin má ullmhaíonn a mháthairghnóthas ráiteas neamhairgeadais ar an leibhéal comhdhlúite lena n-áirítear an gnóthas sin. Ullmhóidh máthairghnóthas ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite ach amháin má áiríonn a mháthairghnóthas féin an máthairghnóthas sin agus a fhochuideachtaí i ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite.

    Dá réir sin, chun KPInna comhdhlúite a sholáthar, ba cheart do mháthairghnóthais na nithe seo a leanas a chomhdhlúthú:

    a ngnóthais fochuideachta uile, lena n-áirítear gnóthais fochuideachta tríú tír, de réir Chaibidil 6 den Treoir Chuntasaíochta;

    a ngníomhaíochtaí uile (i.e. láimhdeachas, CapEx, OpEx) agus a sócmhainní uile agus gníomhaíochtaí agus sócmhainní a bhfochuideachtaí/a n-eintiteas AE agus neamh-AE, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar i dtríú tíortha.

    Tugann an méid sin le fios gur cheart an glanláimhdeachas comhdhlúite agus glanmhéideanna comhdhlúite CapEx agus OpEx a úsáid de bhun na Treorach Cuntasaíochta le haghaidh KPInna a nochtar ar leibhéal an ghrúpa chomhdhlúite gan beann ar chuid áirithe den ghlanláimhdeachas, nó den ghlanmhéid CapEx nó OpEx a bheith tarlaithe san Aontas nó i dtríú tír.

    Ní thagann athrú faoi CSRD ar an gcur chuige sin i leith an chomhdhlúthaithe, lena gceadaítear do ghnóthas fochuideachta díolúine a fháil óna thuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú agus a fhoilsiú má áirítear an gnóthas fochuideachta sin agus a ghnóthais fochuideachta féin i dtuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite máthairghnóthais arna ullmhú i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha um thuairisciú inbhuanaitheachta (ESRS) nó le caighdeáin a bhreithnítear a bheith coibhéiseach leo de bhun gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún. Le pointe (10) d’Airteagal 19a agus pointe (9) d’Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta arna leasú le CSRD, áfach, déantar gnóthais mhóra a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte an Aontais a eisiamh go sainráite ón díolúine sin.

    Ina theannta sin, ceanglaítear le mír (1) d’Airteagal 19a agus mír (1) d’Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta arna leasú le CSRD ar ghnóthais a dtuairisciú inbhuanaitheachta a nochtadh i roinn thiomnaithe sho-aitheanta dá dtuarascáil bhainistíochta nó dá dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite, faoi seach. Beidh ar na gnóthais atá faoi réir CSRD a gcuid KPInna tacsanomaíochta a nochtadh laistigh den roinn thiomnaithe chéanna sin den tuarascáil bhainistíochta nó den tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite. Faoi Airteagal 29d nua den Treoir Chuntasaíochta arna leasú le CSRD, beidh ar ghnóthais atá faoi réir CSRD a dtuarascáil bhainistíochta a ullmhú san fhormáid mheaisín-inléite a shonraítear le Rialachán Tarmligthe 2019/815 ón gCoimisiún (43) maidir leis an bhFormáid Leictreonach Aonair Eorpach (‘Rialachán ESEF’), agus an roinn tuairiscithe inbhuanaitheachta laistigh dá dtuarascáil bhainistíochta – lena n-áirítear a gcuid KPInna tacsanomaíochta – a mharcáil suas i gcomhréir leis an tacsanomaíocht dhigiteach atá le glacadh trí leasú ar Rialachán ESEF.

    10.   Cén leibhéal comhdhlúthaithe atá ann ar KPInna grúpaí neamh-AE a bhfuil fochuideachta NFRD acu san Aontas?

    Faoi láthair, ba cheart do ghnóthas tuairiscithe, ar fochuideachta de mháthairghnóthas neamh-AE é, KPInna neamh-chomhdhlúite aonair a sholáthar ina ráiteas neamhairgeadais aonair, de bhun Airteagal 19 den Treoir Chuntasaíochta. I gcás ina mbeidh gnóthas fochuideachta ina mháthairghnóthas ar fhochuideachtaí eile, ba cheart dó KPInna a sholáthar lena gcomhdhlúthaítear a bhfochuideachtaí sa ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite de bhun Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta. Níl díolúintí i mír (3) d’Airteagal 19a agus mír (3) d’Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta infheidhme ach amháin sa chás go bhfoilsíonn an máthairghnóthas neamh-AE deiridh tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó tuarascáil ar leithligh, arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 29 agus 19a nó 29a den Treoir sin, lena n-áirítear na gnóthais fochuideachta ábhartha uile.

    Tar éis theacht i bhfeidhm CSRD (44), beidh ar ghnóthas fochuideachta de chuid máthairghnóthais neamh-AE atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta a thuairisciú inbhuanaitheachta a fhoilsiú ar an leibhéal comhdhlúite, má tá an fhochuideachta sin ina máthairghnóthas freisin. Beidh an gnóthas fochuideachta sin díolmhaithe óna thuairisciú inbhuanaitheachta a fhoilsiú má áirítear an gnóthas fochuideachta sin agus a ghnóthais fochuideachta féin i dtuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite an mháthairghnóthais neamh-AE sin arna ullmhú i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha um thuairisciú inbhuanaitheachta (ESRS) nó le caighdeáin a bhreithnítear a bheith coibhéiseach leo de bhun gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún. Le pointe (10) d’Airteagal 19a agus pointe (9) d’Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta, áfach, déantar gnóthais mhóra a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte an Aontais a eisiamh go sainráite ón díolúine sin.

    Le linn idirthréimhse 7 mbliana ó theacht i bhfeidhm CSRD, féadfaidh gnóthas tuairiscithe atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta agus ar fochuideachta de chuid máthairghnóthais neamh-AE é KPInna lena gcomhdhlúthaítear fochuideachtaí AE uile an mháthairghnóthais neamh-AE deiridh sin atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir sin a sholáthar i dtuarascáil inbhuanaitheachta chomhdhlúite. Ní mór don ghnóthas tuairiscithe sin a bheith ar cheann de ghnóthais fochuideachta an Aontais de chuid an ghrúpa a ghin an láimhdeachas ba mhó san Aontas i gceann amháin, ar a laghad, de na 5 bliana airgeadais roimhe sin (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme). Tar éis na hidirthréimhse sin, ní bheidh fochuideachta tuairiscithe an Aontais den mháthairghnóthas neamh-AE (45) in ann a bheith díolmhaithe óna tuairisciú inbhuanaitheachta a fhoilsiú (ar a leibhéal comhdhlúite féin má tá an gnóthas fochuideachta sin ina mháthairghnóthas freisin) ach amháin má fhoilsíonn a mháthairghnóthas neamh-AE tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite ar leibhéal an mháthairghnóthais neamh-AE sin (i.e. KPInna a sholáthar ar leibhéal comhdhlúite an mháthairghnóthais neamh-AE sin), arna ullmhú i gcomhréir le ESRS nó le caighdeáin choibhéiseacha.

    11.   An bhféadfaidh fochuideachta a thagann faoi raon feidhme NFRD/CSRD bheith díolmhaithe ó nochtaí a bhaineann le Tacsanomaíocht a dhéanamh i gcás ina nochtann a máthairghnóthas faisnéis a bhaineann le Tacsanomaíocht ar leibhéal comhdhlúite i gcás ina bhfuil gá leis sin nó ar bhonn deonach?

    Faoi láthair, gnóthais atá díolmhaithe ó fhaisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun mhír (3) d’Airteagal 19a agus mhír (3) d’Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta, tá siad díolmhaithe freisin ó nochtaí a bhaineann le tacsanomaíocht a dhéanamh faoi Airteagal 8(1) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sna forálacha sin (i.e. tá nochtadh an ghnóthais dhíolmhaithe, ar nochtadh é a bhaineann le tacsanomaíocht, san áireamh sa ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite, nó i dtuarascáil ar leithligh, gnóthais (máthairghnóthais) eile).

    I gcás nach gceanglaítear ar an máthairghnóthas ráiteas comhdhlúite neamhairgeadais nó tuarascáil ar leithligh a ullmhú, agus nach n-ullmhaíonn sé ráiteas nó tuarascáil den sórt sin ach ar bhonn deonach, ní féidir an fhochuideachta a dhíolmhú ó nochtaí a bhaineann le tacsanomaíocht a dhéanamh faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, ach amháin i gcás ina bhfoilsíonn an máthairghnóthas tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite lena n-áirítear an fhochuideachta sin agus go n-ullmhaítear an tuarascáil sin i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta.

    Le CSRD tugtar isteach díolúintí comhchosúla i mír (9) d’Airteagal 19a agus i mír (8) d’Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta:

    beidh gnóthas fochuideachta díolmhaithe i gcás ina n-áirítear an gnóthas sin agus a ghnóthais fochuideachta i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite mháthairghnóthais, arna tarraingt suas i gcomhréir le forálacha na Treorach Cuntasaíochta arna leasú le CSRD, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha breise a leagtar amach i bpointe (9) d’Airteagal 19a. Cumhdaítear leis an díolúine freisin an cás inar fochuideachta de ghnóthas neamh-AE é an gnóthas fochuideachta.

    beidh máthairghnóthas díolmhaithe i gcás ina n-áirítear an máthairghnóthas sin agus a fhochuideachtaí i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite gnóthais eile, arna tarraingt suas i gcomhréir le forálacha na Treorach Cuntasaíochta arna leasú le CSRD, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha breise a leagtar amach i bpointe (8) d’Airteagal 29(a). Cumhdaítear leis an díolúine freisin an cás inar fochuideachta de ghnóthas neamh-AE é an máthairghnóthas.

    Gnóthais mhóra a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte an Aontais, déantar iad eisiamh ón díolúine (mír (10) d’Airteagal 19a agus mír (9) d’Airteagal 29a a ghabhann leis an Treoir Chuntasaíochta arna leasú le CSRD).

    12.   I gcás ina gceanglaítear ar ghnóthas tuairiscithe KPInna comhdhlúite a sholáthar, ar cheart dó KPInna a fhochuideachtaí a sholáthar freisin?

    Le hAirteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta, ceanglaítear ar mháthairghnóthais grúpaí móra tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa a fhoilsiú. Is é is cuspóir dó sin, an fhaisnéis is gá a fhoilsiú chun tionchair an ghrúpa ar ábhair inbhuanaitheachta a thuiscint, agus an fhaisnéis is gá chun an tslí a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d’fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghrúpa a thuiscint.

    Faoi mhír (4) d’Airteagal 29a den Treoir Chuntasaíochta arna leasú le CSRD, i gcás ina sainaithníonn an máthairghnóthas difríochtaí móra idir rioscaí nó tionchair an ghrúpa agus rioscaí nó tionchair ceann amháin nó níos mó dá fhochuideachtaí, ní mór don mháthairghnóthas tuiscint leordhóthanach ar rioscaí agus tionchair na bhfochuideachtaí sin a sholáthar. Ní mór do na máthairghnóthais a léiriú freisin cé acu de na fochuideachtaí a áirítear sa chomhdhlúthú atá díolmhaithe ó thuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó comhdhlúite de bhun mhír (9) d’Airteagal 19a nó mhír (8) d’Airteagal 29a faoi seach. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite KPInna tacsanomaíochta ar leibhéal fochuideachta a sholáthar san fhaisnéis chomhthéacsúil freisin.

    13.   An bhfuil aon tairseach ann maidir le láimhdeachas íosta, CapEx agus OpEx ar faoina bun nach bhfuil oibleagáid ar ghnóthais incháilitheacht don tacsanomaíocht nó ailíniú a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a thuairisciú (‘tairseacha ábharthachta’)?

    De réir Airteagal 8(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, tá oibleagáid ar ghnóthais atá faoi réir NFRD/CSRD an cion dá láimhdeachas, CapEx agus OpEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht a thuairisciú. Tá sonrú breise sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi ábhar agus cur i láthair na faisnéise ábhartha atá le tuairisciú. Ní bheartaítear aon díolúine ón oibleagáid maidir le tuairisciú.

    I gcás nach bhfuil na gnóthais ábhartha in ann comhlíonadh gníomhaíochtaí atá incháilithe don Tacsanomaíocht nach bhfuil ábhartha dá ngnó leis na critéir scagtha theicniúla a fhionnadh mar gheall ar easpa sonraí nó fianaise, ba cheart dóibh na gníomhaíochtaí sin a thuairisciú mar ghníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht gan aon mheasúnú eile.

    Ina theannta sin, foráiltear le Roinn 1.1.3.2. d’Iarscríbhinn I do mhéid áirithe solúbthachta maidir le KPI OpEx a thuairisciú i gcás ina meastar ‘nach ábhartha’ OpEx le haghaidh samhail ghnó gnóthais neamhairgeadais. Sa chás sin, maidir leis an ngnóthas tuairiscithe:

    díolmhófar é ó ríomh uimhreoir KPI OpEx agus nochtfaidh sé an t-uimhreoir a bheith cothrom le nialas;

    nochtfaidh sé luach iomlán an ainmneora OpEx;

    míneoidh sé easpa ábharthachta OpEx (i.e. OpEx iomlán, a chomhfhreagraíonn don ainmneoir, mar a shainmhínítear leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh) ina shamhail ghnó.

    Dá thoradh sin, maidir le cuideachtaí nach bhfuil OpEx incháilithe acu nó nach bhfuil ach beagán OpEx incháilithe acu (uimhreoir) ach a bhfuil OpEx foriomlán suntasach acu (ainmneoir) níor cheart dóibh an díolúine a úsáid.

    Ní hionann an díolúine ó KPI OpEx a ríomh agus díolúine ó fhaisnéis a nochtadh ina hiomláine, áfach, i bhfianaise go gceanglaítear ar ghnóthais tuairiscithe fós míniú a thabhairt ar easpa ábharthachta OpEx ina samhail ghnó faoi leith.

    14.   Conas ba cheart caitheamh le láimhdeachas, CapEx, OpEx comhfhiontar chun KPInna a bhaineann le tacsanomaíocht a thuairisciú?

    I gcomhréir le IFRS 11, is éard is comhfhiontar ann comhshocrú ina bhfuil cearta ag na páirtithe a bhfuil comhrialú acu ar an socrú i ndáil leis na glansócmhainní a bhaineann leis an socrú. I gcomhréir le IFRS 11, is mar infheistíocht a aithnítear leas i gcomhfhiontair agus coinnítear cuntas ar an infheistíocht sin ag úsáid mhodh an chothromais i gcomhréir le IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair ach amháin má tá an t-eintiteas díolmhaithe ó mhodh an chothromais a chur i bhfeidhm mar a shonraítear sa chaighdeán sin (IFRS 11, mír 24).

    Chun cuidiú le gnóthais tuairiscithe léargas cruinn ar a n-infheistíochtaí atá ailínithe le tacsanomaíocht a sholáthar, agus i gcomhréir le Roinn 1.2.3 d’Iarscríbhinn I, áfach, féadfaidh gnóthais neamhairgeadais eochairtháscairí feidhmíochta breise a nochtadh ar bhonn deonach, eochairtháscairí feidhmíochta atá bunaithe ar láimhdeachas, CapEx, OpEx, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcothromas a bhfuil cuntas déanta orthu i gcomhfhiontair, de bhun IFRS 11 nó IAS 28, ar bhonn pro rata a chomhfhreagraíonn dá sciar siúd i gcothromas an chomhfhiontair.

    15.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe cuntas a choinneáil ar ionstraimí fálaithe (lena n-áirítear réamh-dhíol cumhachta)?

    Ba cheart don mhéid láimhdeachais a thuairiscítear a bheith mar an gcéanna leis an méid a gcoinnítear cuntas air faoi IAS 1.82(a). Féadfaidh athruithe ar luach cóir ionstraimí fálaithe a úsáidtear faoi ghaolmhaireacht fálaithe cháilithe faoi IFRS 9 difear a dhéanamh do mhéid an láimhdeachais i gcás inarb í an mhír fhálaithe an láimhdeachas. Ní choinnítear cuntas ar an gcoigeartú seo, áfach, mar chuid de IAS 1.82(a), ach is gnóthachan nó caillteanas é ó ionstraim fálaithe agus dá bhrí sin ní cuid den KPI láimhdeachais é.

    16.   Conas ba cheart do ghnóthais neamhairgeadais na KPInna a choigeartú chun na bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a d’eisigh siad a chur san áireamh d’fhonn ‘comhaireamh dúbailte’ a sheachaint? Conas ba cheart caitheamh le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de / urrúis fiachais agus na saincheisteanna nasctha maidir le comhaireamh dúbailte?

    Ceanglaítear leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh go n-úsáidfidh gnóthais airgeadais KPInna gnóthas neamhairgeadais le linn dóibh neamhchosaintí ar na cuideachtaí neamhairgeadais sin a chur san áireamh ina GAR/GIR, ach amháin maidir le neamhchosaintí áirithe i gcás ina bhfuiltear ar an eolas go bhfuil úsáid na bhfáltas ailínithe le tacsanomaíocht, e.g. bannaí inbhuanaithe arna n-eisiúint ag na gnóthais neamhairgeadais. Is féidir bannaí inbhuanaithe a chur san áireamh san uimhreoir GAR/GIR suas go dtí méid an chaiteachais atá ailínithe le tacsanomaíocht a íoctar ó na fáltais ó bhannaí, i.e. os cionn an chéatadáin KPI ar leibhéal na cuideachta agus suas go dtí 100 % den neamhchosaint ar bhannaí inbhuanaithe, b’fhéidir.

    I gcás ina n-úsáidtear na fáltais ón mbanna inbhuanaithe chun íoc as CapEx atá ailínithe le tacsanomaíocht, léirítear CapEx den sórt sin cheana féin in GAR/GIR (46) an ghnóthais airgeadais. Ar an taobh eile, is cuid de KPI CapEx an ghnóthais neamhairgeadais é an CapEx sin agus chuirfí san áireamh é in GAR/GIR an ghnóthais airgeadais den dara huair mar chuid de ríomh KPI an ghnóthais airgeadais bunaithe ar KPInna CapEx gnóthas infheistíochta. Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, ba cheart do ghnóthais airgeadais KPI CapEx coigeartaithe a úsáid ar KPI é ba cheart don ghnóthas neamhairgeadais a nochtadh in éineacht lena KPInna neamh-choigeartaithe (47).

    Léiríonn an CapEx seo atá ailínithe le Tacsanomaíocht, a íocadh ó fháltais an bhanna inbhuanaithe, sócmhainní/trealamh atá ailínithe le tacsanomaíocht a cruthaíodh, nó ar ann dóibh anuas air sin, a d’fhéadfaí a úsáid sa phróiseas táirgthe chun aschur atá ailínithe le tacsanomaíocht agus dá bhrí sin, láimhdeachas, a tháirgeadh. Bheadh an láimhdeachas sin atá ailínithe le Tacsanomaíocht mar chuid de KPI láimhdeachais an ghnóthais neamhairgeadais. Dá réir sin, léireofaí an láimhdeachas céanna atá ailínithe le Tacsanomaíocht in GAR/GIR gnóthais airgeadais ar thaobh amháin tríd an mbanna inbhuanaithe a chur san áireamh go díreach sa GAR/GIR, agus, ar an taobh eile, dhéanfaí é a chomhaireamh sa GAR/GIR den dara huair trí neamhchosaintí eile ar an ngnóthas neamhairgeadais sin, iolraithe faoin KPI láimhdeachais, a chur san áireamh. Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, ba cheart do ghnóthais airgeadais KPI láimhdeachais coigeartaithe a úsáid, ar KPI é ba cheart don ghnóthas neamhairgeadais a nochtadh in éineacht lena KPInna neamh-choigeartaithe, go dtí aibíocht an bhanna inbhuanaithe.

    Maidir le KPInna CapEx agus/nó OpEx a nochtadh, gnóthais neamhairgeadais a d’eisigh banna(í) inbhuanaithe úsáide fáltas lena maoinítear a gcuid CapEx uile nó cuid de agus/nó, i gcás inarb ábhartha, a gcuid OpEx le linn na tréimhse tuairiscithe, ba cheart dóibh KPInna CapEx agus/nó OpEx coigeartaithe a nochtadh freisin, ionas go seachnóidh gnóthais airgeadais comhaireamh dúbailte maidir leis an CapEx agus/nó an OpEx sin ina neamhchosaintí eile ar gnóthas neamhairgeadais (48). Sna KPInna CapEx agus OpEx coigeartaithe, ba cheart sciar den CapEx agus/nó den OpEx atá ailínithe le Tacsanomaíocht, a tabhaíodh le linn na tréimhse tuairiscithe, agus a íoctar leis na fáltais ó bhannaí inbhuanaithe úsáide fáltas a eisiúint, ba cheart sciar a bhaint d’uimhreoir na KPInna CapEx agus/nó OpEx coigeartaithe.

    Ar an gcaoi chéanna le haghaidh KPI láimhdeachais, gnóthais neamhairgeadais a eisíonn banna(í) inbhuanaithe úsáide fáltas lena maoinítear (sciar de) sócmhainní atá ailínithe le Tacsanomaíocht (agus CapEx agus OpEx a bhaineann leo) a ghabhann de láimhdeachas atá ailínithe le Tacsanomaíocht a tháirgeadh le linn na tréimhse tuairiscithe, ba cheart dóibh KPI láimhdeachais coigeartaithe a nochtadh freisin, go dtí aibíocht an bhanna/na mbannaí inbhuanaithe (49). Sa KPI láimhdeachais coigeartaithe, ba cheart sciar den láimhdeachas atá ailínithe le Tacsanomaíocht a bhaint d’uimhreoir an KPI láimhdeachais a chomhfhreagraíonn don chion de shócmhainní atá ailínithe le Tacsanomaíocht a maoiníodh le fáltais ó bhanna(í) inbhuanaithe.

    17.   Conas ba cheart do ghnóthas tuairiscithe caitheamh leis an láimhdeachas agus leis an CapEx ó ghrúpaí diúscartha agus ó oibríochtaí scortha agus i gcomhthéacs IFRS 5?

    Ba cheart an cur chuige cuntasaíochta dá dtagraítear i Ranna 1.1.1 agus 1.1.2 d’Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm. Cé nach mór ioncam ó oibríochtaí scortha a chur i láthair ar leithligh ó oibríochtaí leanúnacha (IFRS 5.33) agus, dá bhrí sin, nach féidir é a chur san áireamh sa mhír líne ioncaim mar a cheanglaítear le IAS 1.82(a), tá ioncam ó shócmhainní neamhreatha nó ó ghrúpaí diúscartha a aicmítear mar arna sealbhú le díol fós ina chuid de na hoibríochtaí leanúnacha agus, dá bhrí sin, cuirtear san áireamh é sa mhír líne ioncaim mar a cheanglaítear le IAS 1.82(a).

    Sócmhainní atá mar chuid de shócmhainní neamhreatha nó grúpaí diúscartha a aicmítear mar arna sealbhú lena ndíol nó mar oibríocht scortha, ní mór iad a athaicmiú de réir IFRS 5 agus a thuairisciú le chéile i mír ar leithligh ar an gclár comhardaithe. Féadtar breiseanna ar an gclár comhardaithe a chomhlíonann an sainmhíniú ar CapEx, go ginearálta, a dhéanamh laistigh den bhliain airgeadais go dtí dáta an aicmithe IFRS 5, nó i gcás sócmhainní neamhreatha nó grúpaí diúscartha a aicmítear mar arna sealbhú lena ndíol, i ndiaidh an dáta sin freisin. I gcás sócmhainní neamhreatha nó grúpaí diúscartha a aicmítear mar arna sealbhú lena ndíol agus oibríocht scortha, ní mór na breiseanna uile a chomhlíonann an sainmhíniú ar CapEx a chur san áireamh agus an KPI CapEx á ríomh.

    Ina theannta sin, ba cheart do na heintitis tuairiscithe faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar de bhun Roinn 1.2.3 d’Iarscríbhinn I maidir le haon tionchar atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ó shócmhainní neamhreatha nó grúpaí diúscartha a aicmítear mar arna sealbhú lena ndíol agus oibríochtaí scortha ar KPI láimhdeachais agus ar KPI CapEx.

    18.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe measúnú a dhéanamh ar an incháilitheacht don Tacsanomaíocht atá ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (CCA) faoi Airteagal 11(1)(a) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht?

    An incháilitheacht don Tacsanomaíocht atá ag gníomhaíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide (CCM) nó maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a chumasú (féach ceist 19 den Fhógra seo), féadfar measúnú a dhéanamh orthu bunaithe ar an tuairisc ar an ngníomhaíocht agus air sin amháin, gan beann ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an ghníomhaíocht na critéir scagtha theicniúla (i gcomhréir leis na freagraí ar cheisteanna 3 agus 9 sa chéad fhógra ón gCoimisiún).

    I ndáil le gníomhaíochtaí oiriúnaithe (féach ceisteanna 8 agus 19 den Fhógra seo), chun measúnú a dhéanamh ar an incháilitheacht don Tacsanomaíocht atá ag gníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, níl teideal na gníomhaíochta eacnamaíche ná an tuairisc uirthi a thugtar in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid cinntitheach ann féin chun rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh leis an Oiriúnú don Athrú Aeráide. Ba cheart do ghnóthas tuairiscithe breithniú a dhéanamh in ionad sin ar na réitigh a bhaineann le hoiriúnú a chuireann sé i bhfeidhm a d’fhéadfadh an ghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh oiriúnaithe nó níos athléimní ó thaobh an athraithe aeráide de. I gcomhréir leis an bhfreagra ar cheist 5 sa chéad Fhógra ón gCoimisiún, chun an incháilitheacht don Tacsanomaíocht atá ag gníomhaíocht a thaispeáint, caithfidh gnóthas measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide a dhéanamh ar na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí atá ábhartha dá ghníomhaíocht eacnamaíoch. Ina theannta sin, ní mór don ghnóthas plean a chur i bhfeidhm ina dtugtar breac-chuntas ar conas agus faoi cén uair a chuirfear réitigh oiriúnúcháin i bhfeidhm chun na rioscaí fisiceacha sin a chomhrac. Mar shampla, má shainaithníonn monaróir stroighne go dtarlaíonn maidhmeanna sléibhe ag a láithreán monaraíochta, féadfaidh an t-eintiteas plean a chur i bhfeidhm chun bearta cosanta struchtúracha a shuiteáil chun maidhmeanna sléibhe a choimeád siar, amhail bacainní maidhmeanna sléibhe nó racaí sneachta. Fágann plean den sórt sin a bheith ann, bunaithe ar measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide, go bhfuil an ghníomhaíocht eacnamaíoch incháilithe don Tacsanomaíocht maidir le CCA. Ní cheanglaítear leis an incháilitheacht don Tacsanomaíocht go gcomhlíonfaí na critéir scagtha theicniúla uile le haghaidh CCA a chomhlíonadh leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, i.e. lena áirithiú go bhfuil na réitigh oiriúnúcháin curtha i bhfeidhm cheana féin.

    19.   Cad é an sciar den láimhdeachas agus den CapEx/OpEx comhfhreagrach atá ailínithe le Tacsanomaíocht ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid?

    Le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid, déantar idirdhealú idir trí chineál gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe d’oiriúnú don athrú aeráide (CCA):

    1)    Gníomhaíochtaí oiriúnaithe:

    Is gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad sin atá in ann rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le CCA ach iad a dhéanamh athléimneach ó thaobh na haeráide de/oiriúnaithe ó thaobh na haeráide de. Tugtar le tuiscint leis sin réitigh oiriúnúcháin a chur i bhfeidhm a bheidh in ann na rioscaí fisiceacha aeráide is tábhachtaí a bhagraíonn don ghníomhaíocht a chomhrac, mar a sainaithníodh i measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide. Cáilíonn na gníomhaíochtaí sin mar ghníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht i gcás ina gcomhlíonann siad pointí 1 go 4 sna critéir chineálacha maidir le rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú. Mar shampla, má shainaithníonn monaróir stroighne go dtarlaíonn maidhmeanna sléibhe ag a láithreán monaraíochta, féadfaidh an t-eintiteas plean a chur i bhfeidhm chun bearta cosanta struchtúracha a shuiteáil chun maidhmeanna sléibhe a choimeád siar, amhail bacainní maidhmeanna sléibhe nó racaí sneachta. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, ní fhéadfar ach CapEx agus OpEx atá bainteach le réitigh oiriúnúcháin a chur i bhfeidhm a áireamh mar a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht. Ní fhéadfar láimhdeachas na gníomhaíochta sin a mheas mar a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht ach amháin i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht féin ailínithe le Tacsanomaíocht freisin (féach Roinn 1.1.1 d’Iarscríbhinn I) i ndáil le maolú ar an athrú aeráide (CCM) agus níor cheart é a áireamh ansin ach amháin i dtreo chuspóir CCM, nó, nuair a thagann rialachán tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht i bhfeidhm, i dtreo aon chuspóir comhshaoil eile (féach freagraí ar cheisteanna 5 agus 8 sa chéad Fhógra ón gCoimisiún). I gcás eile, ní fhéadfar na gníomhaíochtaí sin a thuairisciú ach amháin faoi KPInna CapEx agus OpEx.

    2)    Gníomhaíochtaí cumasúcháin:

    Is gníomhaíochtaí iad sin a fhéadfaidh rannchuidiú go substaintiúil trí réitigh oiriúnúcháin a sholáthar iad féin, ar réitigh iad a fhéadfaidh cur ar a cumas do ghníomhaíocht eacnamaíoch eile rannchuidiú substaintiúil a bhaint amach maidir le ceann de na sé chuspóir comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Tá gné chumasúcháin na ngníomhaíochtaí sin luaite go sainráite sa tuairisc orthu (50). Ina theannta sin, ní leanann siad na critéir chineálacha um rannchuidiú substaintiúil le CCA. Tá na gníomhaíochtaí sin teoranta do na gníomhaíochtaí a leanas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid:

    9.1. Gníomhaíochtaí innealtóireachta agus sainchomhairliúchán teicniúil gaolmhar atá tiomnaithe don oiriúnú don athrú aeráide;

    9.2. Gar do thaighde, forbairt agus nuálaíocht margaidh;

    10.1. Árachas neamhshaoil: frithghealladh priacal a bhaineann leis an aeráid;

    10.2. Athárachas.

    Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, féadfar an láimhdeachas, CapEx agus OpEx atá bainteach leis na critéir scagtha theicniúla a chomhlíonadh, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid, féadfar iad a áireamh mar a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht.

    3)    Gníomhaíochtaí oiriúnaithe-cumasúcháin:

    Is gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad sin a mheascann cineálacha 1 agus 2 a leagtar amach thuas, de bharr go bhféadfaidh siad rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le CCA trí:

    bheith oiriúnaithe iad féin (gníomhaíocht oiriúnaithe), agus

    é a chur ar a chumas do ghníomhaíochtaí eile rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh (gníomhaíocht chumasúcháin).

    Sainaithnítear na gníomhaíochtaí sin leis an abairt seo a leanas sa tuairisc ar an ngníomhaíocht ‘ I gcás ina gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo na critéir rannchuidithe substaintiúla a shonraítear i bpointe 5, is gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo. ’ . Ní mór do na gníomhaíochtaí a thagann faoin gcineál sin na critéir chineálacha a chomhlíonadh maidir le rannchuidiú substaintiúil le CCA a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid agus le critéir bhreise a bhaineann leis an ngné chumasúcháin. Dá bhrí sin, i gcás ina gcomhlíonann an ghníomhaíocht pointí 1 go 4 de na critéir maidir le rannchuidiú substaintiúil, féadfaidh sí cáiliú mar ghníomhaíocht oiriúnúcháin. I gcás ina gcomhlíonann sí pointe 5 de na critéir sin ina theannta sin, féadfaidh an ghníomhaíocht cáiliú mar ghníomhaíocht chumasúcháin freisin. Is gá an ghníomhaíocht féin a oiriúnú ar dtús, áfach, chun cáiliú mar ghníomhaíocht chumasúcháin. Mar shampla, d’fhéadfadh scoil a dtarlaíonn turnamh ann fothaca coincréite nó scairdghrútála a chur i bhfeidhm chun í a dhéanamh athléimneach ó thaobh an athraithe aeráide de, agus dá bhrí sin cháileodh sin mar ghníomhaíocht oiriúnúcháin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an scoil cúrsaí a bhaineann leis an aeráid a chur ar fáil, rud a d’fhéadfadh daoine aonair a spreagadh chun gníomhú ar son na haeráide.

    Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, féadfar CapEx agus OpEx atá bainteach leis na réitigh oiriúnúcháin a chur i bhfeidhm chun í a dhéanamh athléimneach ó thaobh na haeráide de, féadfar iad a áireamh mar a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht i ndáil le CCA (51). (sa sampla thuas, CapEx maidir leis an bhfothaca coincréite nó scairdghrútála). Ina theannta sin, féadfar an láimhdeachas agus CapEx agus OpEx atá bainteach leis an réiteach oiriúnúcháin féin a sholáthar (e.g. cúrsaí a bhaineann leis an aeráid), féadfar iad a áireamh mar ailínithe le Tacsanomaíocht i ndáil le CCA.

    ROINN II

    CEISTEANNA COITIANTA MAIDIR LE KPI LÁIMHDEACHAIS

    20.   Maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch nach ndearna an t-eintiteas tuairiscithe féin ach a rinne fochonraitheoir, cathain ba cheart a cheangal ar ghnóthas í a thuairisciú faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh?

    Ní mór d’eintitis tuairiscithe láimhdeachas ó na gníomhaíochtaí a rinne fochonraitheoir a thuairisciú i gcomhréir leis an gcur chuige cuntasaíochta dá dtagraítear i Roinn 1.1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh. Dá bhrí sin, ba cheart don eintiteas tuairiscithe a chinneadh cé acu a aithníonn sé ioncam a eascraíonn as an ngníomhaíocht sin mar a ioncam féin faoi na prionsabail a leagtar amach san IFRS 15 is infheidhme. I gcás ina n-aithnítear ioncam a ghintear le fochonraitheoir mar ioncam an eintitis tuairiscithe, ní mór é a chur san áireamh sa ríomh ar an KPI láimhdeachais.

    Mar shampla: Is gníomhaí sa tionscal lóistíochta é eintiteas agus soláthraíonn sé seirbhísí iompair lastais de bhóthar dá chustaiméirí (gníomhaíocht 6.6 ‘ Seirbhísí iompair lastais de bhóthar’ ar a dtugtar tuairisc sa Ghníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid mar ‘Feithiclí a cheannach, a mhaoiniú, a léasú, a fháil ar cíos agus a oibriú a ainmnítear mar…’ ). Chun seirbhísí iompair den sórt sin a sholáthar, tá roinnt feithiclí faoi úinéireacht dhíreach an eintitis, agus oibríonn sé iad, nó seachfhoinsíonn sé sciar dá ghníomhaíochtaí trí chonarthaí a dhéanamh le fochonraitheoirí nó le soláthraithe iompair tríú páirtí chun na seirbhísí iompair a sholáthar dá chustaiméirí, gan na feithiclí ainmnithe a cheannach, a léasú nó a oibriú go díreach.

    Gintear láimhdeachas don ghníomhaíocht seirbhísí iompair iomlán go neamhspleách ar conas (nó cé) a dhéantar na seirbhísí; is cuid den ghníomhaíocht ghinearálta 6.6 ‘ seirbhísí iompair lastais de bhóthar’ í gníomhaíocht sheachfhoinsithe, fiú i gcás nach gceannaíonn an t-eintiteas na feithiclí, nach bhfaigheann é ar cíos iad nó nach n-oibríonn sé go díreach iad. Maidir leis an sciar seachfhoinsithe sin de ghníomhaíochtaí, is é an KPI láimhdeachais atá le cur san áireamh le haghaidh nochtaí Tacsanomaíochta ná an ceann a fhaightear ó na ráitis airgeadais i gcomhréir le IFRS 15.34 go B3.

    I gcás ina gcinnfear gur phríomhaí é eintiteas ó thaobh na hoibleagáide feidhmíochta sna ráitis airgeadais a chomhlíonadh, aithníonn an t-eintiteas ioncam sa mhéid comhlán comaoine a bhfuil coinne aige a bheith ina teideal mar mhalairt ar an earra nó seirbhís sonraithe a aistrítear. I gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas ar gníomhaire é an oibleagáid feidhmíochta, aithníonn sé ioncam i méid aon táille nó coimisiúin a bhfuil coinne aige le bheith ina theideal mar mhalairt ar shocrú a dhéanamh go soláthróidh páirtí eile na hearraí nó na seirbhísí sonraithe. Mar a tugadh le tuiscint i Roinn 1.1.1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, cumhdóidh an láimhdeachas an t-ioncam a aithnítear de bhun IAS 1.82 (a).

    21.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe láimhdeachas ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a nochtadh, ar gníomhaíochtaí iad a ndéantar a n-aschur a úsáid nó a ídiú go hinmheánach?

    Nochtadh sonraí faoi Roinn 1.2.3.1 pointe (b) d’Iarscríbhinn I maidir leis ‘na méideanna a bhaineann le gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht arna saothrú le haghaidh úsáid inmheánach na ngnóthas neamhairgeadais féin’, is gné d’fhaisnéis chomhthéacsúil é lena gceadaítear do ghnóthais tuairiscithe a mhíniú cé acu a tháinig nó nár tháinig éabhlóid ar an aschur ó dhíolachán nó ídiú inmheánach gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe, agus conas a tháinig an éabhlóid sin orthu, in éineacht le príomhthiománaithe agus gnéithe an athraithe ina KPI láimhdeachais (52). Leis an bhfaisnéis sin, ceadaítear do ghnóthais tuairiscithe a nochtadh cá háit agus conas a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht (e.g. fuinneamh in-athnuaite atá ailínithe le Tacsanomaíocht) a bheith atreoraithe le haghaidh ídiú inmheánach agus dá dheasca sin, nach bhfuil siad ina KPI láimhdeachais, nach ndéanann taifead ach ar dhíolachán seachtrach.

    22.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe an láimhdeachas a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a sholáthraíonn seirbhísí nó táirgí éagsúla do chustaiméirí?

    Ní mór an cur chuige cuntasaíochta dá dtagraítear i Roinn 1.1.1 d’Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm. Go háirithe, leagtar amach in IFRS 15 critéir chun ioncam a aithint ar bhonn na n-oibleagáidí feidhmíochta a bheith comhlíonta ag an eintiteas tuairiscithe, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil oibleagáidí feidhmíochta éagsúla curtha ina mbeart aonair ar a leithdháiltear ioncam go hiomlán. Chun an KPI láimhdeachais a thuairisciú, ba cheart na critéir sin a leanúint chun a chinneadh conas ioncam a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha difriúla i gcás ina gcomhlíontar oibleagáidí feidhmíochta éagsúla don chustaiméir nó don ghrúpa custaiméirí céanna.

    Mar shampla, déanann eintiteas conradh chun bonneagar táirgthe fuinnimh in-athnuaite a thógáil do chustaiméir. Tá an t-eintiteas freagrach as bainistíocht fhoriomlán a dhéanamh ar an tionscadal agus sainaithníonn sé earraí nó seirbhísí éagsúla geallta, lena n-áirítear innealtóireacht, an láithreán a ghlanadh, bunsraith, soláthar, an struchtúr a thógáil, trealamh agus teicneolaíochtaí a shuiteáil, agus bailchríoch a chur air. Déantar leithdháileadh an láimhdeachais ón tionscadal sin ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha difriúla de réir na hanailíse atá déanta sna ráitis airgeadais i gcomhréir le IFRS 15, i.e. ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil na hearraí agus na seirbhísí leithleach ó chéile, ó pheirspictíocht cuntasaíochta. I gcás ina bhfuil na hearraí agus na seirbhísí leithleach ó chéile, déantar an láimhdeachas a dheighilt agus a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha foluiteacha comhfhreagracha.

    ROINN III

    CEISTEANNA COITIANTA MAIDIR LE KPI CAPEX

    23.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe caitheamh le cistiú poiblí agus fóirdheontais a fuarthas chun a CapEx a mhaoiniú?

    Níl ábharthacht ag foinse maoinithe (e.g. poiblí nó príobháideach, seachtrach nó inmheánach don ghnóthas, nó meascán díobh) CapEx gnóthais neamhairgeadais chun measúnú a dhéanamh ar ailíniú an CapEx sin leis an Tacsanomaíocht. Ba cheart do ghnóthais tuairiscithe a CapEx ar fad a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar a ailíniú leis an Tacsanomaíocht gan beann ar fhoinse a mhaoinithe.

    24.   Cén pointe ama ag a dtosaíonn an tréimhse 5 bliana go 10 mbliana den phlean CapEx do ghnóthais neamhairgeadais ar mhaithe le tuairisciú? An bhfuil feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le plean chun gníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú agus chun gníomhaíocht eacnamaíoch atá incháilithe don Tacsanomaíocht a uasghrádú chuig gníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe le Tacsanomaíocht?

    Ba cheart don tréimhse 5 bliana go 10 mbliana don phlean CapEx dá dtagraítear i Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I tosú tráth a fhormheasa ag an gcomhlacht bainistíochta, nó ag comhlacht eile a fhormheasann í trí tharmligean. Tá feidhm ag an tréimhse ama maidir le plean chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht gnóthais a leathnú agus maidir le plean chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don Tacsanomaíocht a uasghrádú nó a thosú d’fhonn iad a dhéanamh ailínithe le Tacsanomaíocht.

    25.   Cad é tús na tréimhse 18 mí chun bearta aonair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I a thabhairt chun críche?

    Ba cheart dáta tosaigh na mbeart aonair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I a ailíniú leis an bpointe ama ag a n-aithnítear le rialacha cuntasaíochta (mar shampla, in IAS 16(7) le haghaidh sócmhainní inláimhsithe agus in IAS 38(21) le haghaidh sócmhainní doláimhsithe) an CapEx gaolmhar sa ráiteas airgeadais, agus ní ag an bpointe ag a dtugtar chun críche an conradh maidir le soláthar an aschuir, na seirbhíse nó an bhirt atá ailínithe le Tacsanomaíocht.

    26.   Cé chomh cuimsitheach agus beacht ba cheart do phlean CapEx a bheith chun é a áireamh in uimhreoir an KPI CapEx? An bhféadfaí leathnú ar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe le Tacsanomaíocht agus atá ann cheana féin sa tsaoráid chéanna a áireamh mar CapEx faoi phointe (a) nó (b) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I?

    Ba cheart don phlean CapEx dá dtagraítear i Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I na bearta beartaithe uile is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch leis na critéir scagtha theicniúla a shainaithint agus ba cheart dó tuairisc a thabhairt ar na bearta sin, ar chaiteachas a bhaineann leis na bearta sin agus leis an uainiú ina leith, lena n-áirítear garspriocanna idirmheánacha suntasacha, chun a cheadú d’infheisteoirí faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean infheistíochta (53). Caiteachas nach mbaineann lena áirithiú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht na critéir, e.g. gnéithe maisiúla na saoráide ina ndéantar an ghníomhaíocht nach bhfuil aon tionchar acu ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil, níor cheart iad a chur san áireamh. OpEx a bhfuil gá leis chun feidhmiú éifeachtach agus seirbhísiú laethúil sócmhainní atá ailínithe le Tacsanomaíocht a áirithiú, ba cheart é a chur san áireamh mar OpEx ábhartha sa phlean OpEx i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den chéad mhír de Roinn 1.1.3.2 d’Iarscríbhinn I.

    Chun a chinneadh cé acu a d’fhéadfaí leathnú ar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe le Tacsanomaíocht agus atá ann cheana féin a áireamh mar CapEx faoi phointe (a) nó (b) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I nó nach bhféadfaí, ba cheart breithniú a dhéanamh ar cathain a bheadh an leathnú tugtha chun críche agus cathain a bheadh sé oibríochtúil i ndáil leis an bpointe ama ag a dtabhaítear a CapEx gaolmhar. Má éiríonn an leathnú oibríochtúil sa tréimhse airgeadais chéanna ina dtabhaítear an CapEx ar fad a bhaineann leis, d’fhéadfaí é a áireamh faoi phointe (a) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 (i.e. ní gá an plean CapEx a úsáid don leathnú). Ar an taobh eile, i gcás ina dtarlaíonn an leathnú thar thréimhsí airgeadais éagsúla, tabhófar CapEx i dtréimhsí airgeadais sula dtugtar an leathnú chun críche. Chun an CapEx sin a áireamh mar ailínithe le Tacsanomaíocht sa tréimhse airgeadais inar tabhaíodh é cé nach bhfuil an leathnú tugtha chun críche fós, ba cheart don ghnóthas úsáid a bhaint as an bplean CapEx faoi phointe (b) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2. Is é cuspóir an phlean CapEx ná dearbhú éigin a sholáthar go mbeidh an ghníomhaíocht leathnaithe ailínithe le Tacsanomaíocht ar í a thabhairt chun críche agus, ar an mbonn sin, deis a thabhairt don CapEx a áireamh mar ailínithe le Tacsanomaíocht cheana féin fad a thabhaítear é sna tréimhsí sular dtugtar an leathnú chun críche. Sa dá chás sin, is gá don ghníomhaíocht leathnaithe na critéir scagtha theicniúla ábhartha a chomhlíonadh i ndiaidh a tabhairt chun críche.

    27.   Conas ba cheart an luach atá ailínithe le Tacsanomaíocht den CapEx a chur i láthair ar phointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I?

    I gcomhréir le Roinn 1.2.3.2. ‘ Faisnéis chomhthéacsúil maidir le KPI CapEx’ d’Iarscríbhinn I, míreanna difriúla CapEx faoi phointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht, ní mór iad a chur i láthair ar leibhéal na gníomhaíochta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na luachanna ábhartha de mhíreanna difriúla CapEx le cur i láthair i bhfoirm chomhiomlán i ndáil leis an ngníomhaíocht. I gcás gnóthais ag a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla atá incháilithe don Tacsanomaíocht nó ailínithe le Tacsanomaíocht, ní mór a shoiléiriú sa chur i láthair cén ghníomhaíocht a mbaineann mír CapEx léi. I gcás ina bhféadfaí luachanna aonair de CapEx ábhartha atá ailínithe le Tacsanomaíocht de réir phointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I a idirdhealú, d’fhéadfadh gnóthais tuairiscithe rogha a dhéanamh iad a mhiondealú amhlaidh sa teimpléad in Iarscríbhinn II faoi aon ghníomhaíocht ábhartha amháin. Ní mór gurb é suim na míreanna i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 thar ghníomhaíochtaí ábhartha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a bheidh i luach iomlán an CapEx ábhartha atá ailínithe le Tacsanomaíocht maidir le gníomhaíocht ábhartha. Ba cheart luachanna na míreanna difriúla a mhíniú go hiomchuí freisin mar chuid de na sonraíochtaí agus den fhaisnéis chomhthéacsúil a cheanglaítear faoi Roinn 1.2 d’Iarscríbhinn I.

    28.   Cad é raon feidhme CapEx agus OpEx dá dtagraítear i bpointí (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 agus de Roinn 1.1.3.2 d’Iarscríbhinn I, i.e. aschur ailínithe le Tacsanomaíocht a cheannach agus bearta aonair?

    Déantar tagairt do mhínithe arna soláthar sa fhreagra ar cheist 11 sa chéad Fhógra ón gCoimisiún maidir leis na gníomhaíochtaí/bearta atá i raon feidhme CapEx agus OpEx dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.2.2 agus de Roinn 1.1.3.2, faoi seach (54). Chun críche na ceiste san Fhógra seo, ba cheart na tagairtí d’incháilitheacht don Tacsanomaíocht sa fhreagra sin a léamh mar thagairtí d’ailíniú le Tacsanomaíocht.

    De réir mar a chuirfear gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht le Tacsanomaíocht an Aontais le himeacht ama, d’fhéadfaí raon feidhme na ngníomhaíochtaí/na mbeart ábhartha a leathnú.

    29.   Conas ba cheart CapEx agus OpEx atá lánpháirtithe i slabhraí luacha a nochtadh i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht eacnamaíoch réamhtheachtach agus iartheachtach araon atá incháilithe don Tacsanomaíocht á ndéanamh ag an ngnóthas tuairiscithe?

    Sa chás ina sainmhínítear gníomhaíocht réamhtheachtach idirmheánach mar ghníomhaíocht neamhspleách sa Ghníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid, ba cheart measúnú a dhéanamh ar CapEx nó OpEx a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin go neamhspleách ón úsáid a bhaintear as an aschur a leanann as an ngníomhaíocht sin le haghaidh gníomhaíocht iartheachtach eile a shainmhínítear freisin sa Ghníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid. Mar shampla, i gcás ina dtáirgeann gnóthas stroighin (gníomhaíocht a liostaítear i Roinn 3.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid) agus ina n-úsáideann sé an stroighin sin chun foirgneamh a thógáil, tá CapEx a bhaineann leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh stroighne ailínithe le Tacsanomaíocht gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil tógáil an fhoirgnimh ailínithe le Tacsanomaíocht. Déantar tagairt freisin do cheist 21 den Fhógra seo maidir le conas ba cheart do ghnóthais láimhdeachas ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a nochtadh, ar gníomhaíochtaí iad a ndéantar a n-aschur a úsáid nó a ídiú go hinmheánach.

    30.   Conas ba cheart measúnú a dhéanamh ar CapEx maidir le hailíniú le Tacsanomaíocht i gcás ina bhféadfaí an tsócmhainn atá á maoiniú ag an CapEx a úsáid le haghaidh tionscadail éagsúla?

    Chun snas glas a sheachaint agus chun foráil a dhéanamh maidir le tuairisciú cruinn, is gá gan ach an cion de CapEx a leithdháileadh a bhfuil cuidiú á thabhairt go héifeachtach aige chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a dhéanamh. Ba cheart d’eintitis tuairiscithe méadracht neamhairgeadais a úsáid lena ndéantar foráil don CapEx a leithdháileadh go cruinn ar ghníomhaíocht atá ailínithe le Tacsanomaíocht. Mar shampla, má tháirgeann an tsócmhainn a mhaoinítear le CapEx 100 aonad aschuir atá ailínithe le Tacsanomaíocht agus 100 aonad aschuir nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht, d’fhéadfadh an gnóthas tuairiscithe 50 % den CapEx sin a thuairisciú mar bheith ailínithe le Tacsanomaíocht. Ba cheart don mhodheolaíocht a úsáidtear chun CapEx a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht a bheith bunaithe ar fhianaise infhíoraithe.

    Ba cheart don ghnóthas tuairiscithe faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar freisin faoi Roinn 1.2.3 d’Iarscríbhinn I maidir le:

    CapEx a leithdháileadh ar thionscadail éagsúla, agus

    an mhodheolaíocht chun an CapEx a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht.

    31.   An féidir réamhíocaíochtaí a áireamh mar chuid den CapEx atá ailínithe le Tacsanomaíocht?

    Is iad na costais a bhfuil a gcuimsiú sa KPI CapEx le breithniú na cinn sin a liostaítear i Roinn 1.1.2. d’Iarscríbhinn I. Leanfaidh cuimsiú na gcostas sin uainiú na gceanglas aitheantais de réir na gcaighdeán cuntasaíochta gaolmhar, mar gheall nár cheart réamhíocaíochtaí den sórt sin a mheas mar íocaíochtaí as a leanann costais atá incháilithe don Tacsanomaíocht nó ailínithe le Tacsanomaíocht go dtí go n-aithnítear na gnéithe gaolmhara de CapEx de bhun na gcaighdeán cuntasaíochta ábhartha.

    ROINN IV

    CEISTEANNA COITIANTA MAIDIR LE KPI OPEX

    32.   Conas ba cheart cuntas a choinneáil ar thaighde agus forbairt in uimhreoir KPI OpEx i gcás nach féidir iad a nascadh le gníomhaíochtaí sonracha?

    Le Pointe (a) den chéad mhír de Roinn 1.1.3.2 d’Iarscríbhinn I, ceanglaítear nach mór OpEx a bhaineann le taighde agus forbairt a bheith ‘bainteach le gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht’ chun iad a chur san áireamh in uimhreoir KPI OpEx. Dá bhrí sin, mura bhféadfaidh taighde agus forbairt a bheith bainteach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht, ní fhéadfar cuntas a choinneáil orthu in uimhreoir KPI OpEx. I gcás ina n-úsáidtear taighde agus forbairt le haghaidh ghníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht agus gníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht, ba cheart na costais le haghaidh taighde agus forbartha a chur san áireamh in uimhreoir KPI OpEx bunaithe ar a rannchuidiú pro rata leis na gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht (féach an freagra ar cheist 26 san Fhógra seo).

    33.   Conas ba cheart na catagóirí OpEx dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.3.2. d’Iarscríbhinn I (Uimhreoir OpEx) a thuiscint agus conas ba cheart caitheamh leo in uimhreoir agus ainmneoir KPI OpEx?

    Na catagóirí OpEx dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) den chéad mhír de Roinn 1.1.3.2 d’Iarscríbhinn I ar cuid d’uimhreoir KPI OpEx iad, ba cheart cuntas a choinneáil orthu in ainmneoir KPI OpEx freisin.

    34.   Cad iad na gnéithe den sainmhíniú ar ainmneoir KPI OpEx dá dtagraíonn an coincheap ‘cothabháil agus deisiúchán, agus aon chaiteachas díreach eile a bhaineann le seirbhísiú laethúil sócmhainní maoine, gléasra agus trealamh’ faoi Roinn 1.1.3.1 d’Iarscríbhinn I?

    Cothabháil agus deisiúchán, agus aon chaiteachas díreach eile in uimhreoir KPI OpEx, baineann siad le sócmhainní fisiceacha go príomha. D’fhéadfadh cothabháil agus deisiúchán nó costais dhíreacha eile a bheith ábhartha maidir le sócmhainní doláimhsithe freisin, áfach (e.g. sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide, bogearraí). Dá barr sin, ba cheart do na costais uile sin a bheith mar chuid d’uimhreoir KPI OpEx.


    (1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lgh. 13).

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lgh. 1).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lch. 1).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shonrú, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).

    (5)  https://finance.ec.europa.eu/system/files/2021-07/sustainable-finance-taxonomy-article-8-faq_en.pdf.

    (6)  https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/business_economy_euro/banking_and_finance/documents/sustainable-finance-taxonomy-article-8-report-eligible-activities-assets-faq_en.pdf

    (7)  Fógra ón gCoimisiún maidir leis an léirmhíniú ar fhorálacha dlíthiúla áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht i dtaca le gníomhaíochtaí agus sócmhainní eacnamaíocha incháilithe a thuairisciú 2022/C 385/01 (IO C 385, 6.10.2022, lgh. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lgh. 1).

    (9)  ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/267/oj

    (10)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    (11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lgh. 1).

    (12)  Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).

    (13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lgh. 1).

    (14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh. (IO L 443, 10.12.2021, lgh. 9).

    (15)  Fógra ón gCoimisiún maidir leis an léirmhíniú ar fhorálacha dlíthiúla áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht i dtaca le gníomhaíochtaí agus sócmhainní eacnamaíocha incháilithe a thuairisciú 2022/C 385/01 (IO C 385, 6.10.2022, lgh. 1).

    (16)  https://finance.ec.europa.eu/system/files/2021-07/sustainable-finance-taxonomy-article-8-faq_en.pdf.

    (17)  Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le nochtadh na faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lgh. 1).

    (18)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin arna fhoilsiú ar líne i mí na Nollag 2021 (arna thabhairt cothrom le dáta i mí Eanáir 2022).

    (19)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lgh. 1).

    (20)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lgh. 13).

    (21)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lgh. 1).

    (22)  I gcomhréir leis an amlíne in Airteagal 10 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, agus maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás nádúrtha freisin, go dtí an 31 Nollaig 2023 ní dhéanfaidh gnóthais airgeadais ach na heilimintí a cheanglaítear faoi Airteagal 10(3) a bhaineann le hincháilitheacht agus neamh-incháilitheacht gníomhaíochtaí don tacsanomaíocht, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás nádúrtha, a nochtadh i dteimpléid 1, 4 agus 5 d’Iarscríbhinn XII den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh a bhaineann le tuairisciú incháilitheachta don tacsanomaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8(8) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh. Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh déanfaidh gnóthais airgeadais cóimheasa ailínithe gníomhaíochtaí leis an tacsanomaíocht, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás nádúrtha, a nochtadh freisin i dteimpléad 2 agus 3 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 8(8) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh. Déanfaidh gnóthais airgeadais gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach agus gás nádúrtha a ríomh ina gcuid KPInna trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus as eochairtháscairí feidhmíochta a gcontrapháirtithe i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 8(4) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

    (23)  Chun tuilleadh sonraí a fháil, déantar tagairt don fhreagra ar cheist 1 sa chéad Fhógra ón gCoimisiún.

    (24)  Féach Airteagal 5 maidir le Trasuí CSRD.

    (25)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1).

    (26)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (IO L 335, 17.12.2009, lgh. 1).

    (27)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lgh. 38).

    (28)  Mar a shoiléirítear le hAirteagal 8(1) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ‘aon ghnóthas atá faoi réir oibleagáide

    faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE, áireoidh sé ina ráiteas neamhairgeadais nó ina ráiteas comhdhlúite neamhairgeadais faisnéis maidir leis an gcaoi a mbaineann agus a mhéid a bhaineann gníomhaíochtaí an ghnóthais le gníomhaíochtaí airgeadais a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de [...].’

    (29)  Féach an freagra ar Cheist 3 den Fhógra seo lena dtugtar mionsonraí maidir le caighdeáin tuairiscithe a thabhairt isteach de réir a chéile faoi CSRD.

    (30)  Féach mar shampla aithris (11) den Ghníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid agus ranna 3.6, 3.10, 3.13, 4,5, 4.6, 4.7, 4.18, 4.19, 4.22, 4.23 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid i ndáil le gníomhaíochtaí monaraíochta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh.

    (31)  Féach Ceist 7 den chéad Fhógra ón gCoimisiún chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an gcoincheap úd, an tuairisciú deonach.

    (32)  Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ‘Ceisteanna Coitianta: Conas ba cheart do ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais a ngníomhaíochtaí agus a sócmhainní eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh?’ , go háirithe fonóta 35 mar chuid den fhreagra ar Cheist 31.

    (33)  Tá tuilleadh treoraíochta maidir le tuairisciú deonach agus úsáid meastachán le haghaidh tuairisciú incháilitheachta sa chéad bhliain (sna chéad bhlianta) den

    tuairisciú arna soláthar ag an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe san Fhoscríbhinn a ghabhann leis: https://finance.ec.europa.eu/system/files/2021-12/sustainable-finance-taxonomy-eligibility-reporting-voluntary-information_en.pdf

    (34)  ESMA/2015/1415en – Treoirlínte ESMA maidir le Táscairí Feidhmíochta Malartacha (APManna).

    (35)  ESMA32-51-370 – Ceisteanna agus freagraí i dtaca le Treoirlínte ESMA maidir le Táscairí Feidhmíochta Malartacha (APManna) – 1 Aibreán 2022 (tabhair faoi deara go bhféadfaí an doiciméad sin a thabhairt cothrom le dáta agus dá bhrí sin gur cheart tagairt a dhéanamh don leagan is déanaí de atá le fáil ar shuíomh gréasáin ESMA ag https://www.esma.europa.eu/).

    (36)  Le critéir scagtha theicniúla ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ don oiriúnú don athrú aeráide, i gcás gníomhaíochtaí nua agus gníomhaíochtaí atá ann cheana ina n-úsáidtear sócmhainní fisiceacha nuathógtha, ceanglaítear ar an oibreoir eacnamaíoch na réitigh oiriúnúcháin a laghdaíonn na rioscaí aeráide fisiceacha is tábhachtaí a shainaithnítear agus atá ábhartha don ghníomhaíocht sin tráth an deartha agus na tógála a chomhtháthú agus a chur chun feidhme sula gcuirfear tús leis na hoibríochtaí.

    (37)  Gníomhaíochtaí lena gcumasaítear rannchuidiú substaintiúil leis an oiriúnú don athrú aeráide amhail cineálacha áirithe innealtóireachta, árachais agus oideachais, d’fhéadfaidís KPI láimhdeachais a thuairisciú le haghaidh CCA ach ní CCM toisc nach ann d’aon chritéar SC maidir le CCM le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin.

    (38)  I gcás nach gníomhaíocht chumasúcháin í an ghníomhaíocht dá dtagraítear san abairt roimhe seo, ba cheart KPI láimhdeachais a thuairisciú faoi chuspóir CCM ar líne ar leithligh gan clib E air. I ngach cás, ba cheart don ghnóthas comhaireamh dúbailte a sheachaint i gcomhréir le Roinn 1.2.2.2 d’Iarscríbhinn I. Ba cheart KPI a thuairiscítear i gcolún 4 a bheith mar an gcéanna leis an bhfigiúr i gcolún 18.

    (39)  Ní dhéanfaí láimhdeachas gníomhaíochta den sórt sin a aithint in uimhreoir KPI láimhdeachais ach amháin tar éis don ghníomhaíocht a theacht chun bheith ailínithe leis an tacsanomaíocht.

    (40)  Féach an Gníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid, Iarscríbhinn I, Roinn 3.3’Teicneolaíochtaí ísealcharbóin a mhonarú le haghaidh iompair’.

    (41)  Nuair a bheidh critéir scagtha theicniúla bunaithe maidir le rannchuidiú substaintiúil leis na cuspóirí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le CapEx breise chun a chur faoi deara don ghníomhaíocht rannchuidiú go substaintiúil leis na cuspóirí sin.

    (42)  Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Ceist 1 sa chéad Fhógra ón gCoimisiún.

    (43)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (Rialachán ESEF) (IO L 143, 29.5.2019, lgh. 1).

    (44)  Déantar tagairt don tuairisc ar an gcur i bhfeidhm céimneach sa fhreagra ar cheist 3 den Fhógra seo.

    (45)  Faoin tríú fomhír d’Airteagal 40a(1) den Treoir Chuntasaíochta arna leasú le CSRD.

    (46)  Nochtann an gnóthas airgeadais GAR/GIR bunaithe ar KPInna láimhdeachais gnóthas infheistíochta agus GAR/GIR bunaithe ar KPInna CapEx na ngnóthas sin i gcomhréir le Roinn 1.2 d’Iarscríbhinn III; pointe (a) den cheathrú mír de roinn 1.2.1 d’Iarscríbhinn V; an chéad mhír de Roinn 2.4 d’Iarscríbhinn VII; an ceathrú mír de Roinn 1 d’Iarscríbhinn IX.

    (47)  an mhír dheireanach d’Airteagal 7(4) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

    (48)  Féach an mhír dheireanach i roinn 1.2.3.2 d’Iarscríbhinn I.

    (49)  Féach an mhír dheireanach i roinn 1.2.3.1. d’Iarscríbhinn I.

    (50)  Cuirtear an abairt seo a leanas leis an tuairisc ar an ngníomhaíocht: ‘Is gníomhaíocht chumasúcháin í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo dá dtagraítear in Airteagal 11(1) pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa roinn seo.’

    (51)  Roinn 1.1.2.2, an mhír dheiridh, agus Roinn 1.1.3.2, an ceathrú mír d’Iarscríbhinn I.

    (52)  Féadfaidh an costas a bhaineann le díolachán/ídiú inmheánach gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht cáiliú mar OpEx faoi phointe (c) de roinn 1.1.3.2 d’Iarscríbhinn I.

    (53)  Moltar do ghnóthais a bpleananna CapEx a lánpháirtiú ina gcuid pleananna aistrithe dá dtagraítear in CSRD.

    (54)  Sa tríú mír den fhreagra ar cheist 11 sa chéad Fhógra ón gCoimisiún, tá an tagairt do Roinn 1.1.3.2 beartaithe tagairt a dhéanamh do Roinn 1.1.2.2 d’Iarscríbhinn I.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/305/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top