EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0950

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe

COM/2023/950 final

An Bhruiséil,6.12.2023

COM(2023) 950 final

2023/0461(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú ag an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile. Baineann an cinneadh le glacadh beartaithe cinnidh na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe in Iarscríbhinn 5 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe chun síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm na rialacha táirgeshonracha i ROINN 1 d’Iarscríbhinn 5 go dtí an 31 Nollaig 2026 agus scor de na rialacha táirgeshonracha i ROINN 2 a chur i bhfeidhm. Ar a bharr sin, athrófar raon feidhme Airteagal 68 chun a shonrú gur síneadh aon uaire amháin é an síneadh leis na rialacha táirgeshonracha agus gur athrú aon uaire amháin é ar shubstaint na rialacha sin maidir le táirgí atá cumhdaithe faoi Iarscríbhinn 5.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe’), chomh maith le nithe eile, leagtar síos na rialacha lena rialaítear an trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ar na rialacha sin tá rialacha tionscnaimh lena sonraítear conas is féidir a shocrú i gcás táirge cé acu de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh na Ríochta Aontaithe é. Is iad na táirgí ar de thionscnamh Páirtí i gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus na táirgí sin amháin, ar féidir leo tairbhe a bhaint as an gcóras fabhrach arna bhunú leis an gComhaontú.

Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

2.2.An Chomhairle Comhpháirtíochta

Déanann an Chomhairle Comhpháirtíochta, arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, formhaoirseacht ar bhaint amach chuspóirí an Chomhaontaithe agus déanann sí faireachán agus éascú ar a chur chun feidhme agus ar a chur i bhfeidhm. Is ionadaithe don Aontas agus don Ríocht Aontaithe iad comhaltaí na comhairle sin agus is le toiliú frithpháirteach a ghlacann sí cinneadh.

Le hAirteagal 68 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe tugtar cumhachtaí don Chomhairle Comhpháirtíochta forálacha a bhaineann leis na rialacha tionscnaimh a leasú.

2.3.An gníomh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá beartaithe

Tá an Chomhairle Comhpháirtíochta le cinneadh faoi rialacha tionscnaimh le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe (an gníomh atá beartaithe’) a ghlacadh le nós imeachta i scríbhinn.

Leis an ngníomh atá beartaithe modhnaítear Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus Airteagal 68 den chomhaontú chun a áirithiú:

·go gcuirfear síneadh go dtí an 31 Nollaig 2026 le cur i bhfeidhm rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023; agus

·nach bhféadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta modhnú a dhéanamh arís ar na rialacha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe atá in Iarscríbhinní 3 agus 5 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 10 den Chomhaontú, éireoidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe de bhun: ‘Na cinntí a ghlacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta […] beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe agus ar na comhlachtaí uile arna mbunú faoin gComhaontú seo agus faoi aon chomhaontú forlíontach’.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Foráiltear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair maidir le teacht i bhfeidhm de réir a chéile na rialacha tionscnaimh le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe.

De bharr an chomhthéacs slándála, eacnamaíoch agus trádála dhomhanda, lena n‑áirítear ionsaí na Rúise ar an Úcráin, paindéim COVID agus an iomaíocht ó scéimeanna nua idirnáisiúnta ó thaobh tacaíocht do dheontais, agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an gcomhthéacs sin (costais fuinnimh a bheith ag ardú as cuimse agus ardrátaí boilscithe), cuireadh siar roinnt infheistíochtaí in éiceachóras na gceallraí san Eoraip. Dá bharr sin, ní leor an soláthar ceallraí leictreacha d’fheithiclí leictreacha a tháirgtear san Aontas Eorpach.

Dá thoradh sin, d’ardaigh tionscail an Aontais roinnt ábhair imní nach gcomhlíonfaidh allmhairithe gluaisteán ón Eoraip chuig an Ríocht Aontaithe na rialacha tionscnaimh atá ag teacht isteach, atá le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024, rud a d’fhágfadh go bhforchuirfí taraifí ar na hallmhairithe sin agus go n‑imreofaí drochthionchar ar iomaíochas na n‑allmhairithe sin i margadh na Ríochta Aontaithe.

Tá sé d’aidhm ag an ngníomh atá beartaithe sásra lena ndéanfar nasc a chur ar fáil don tionscal lena bhféadfar leanúint de bheith ag cur i bhfeidhm na rialacha tionscnaimh reatha nach bhfuil chomh dian sin le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe go dtí an 31 Nollaig 2026.

Mar sin féin, is é cuspóir deiridh na rialacha tionscnaimh sin go ndreasófar an infheistíocht in acmhainn monaraithe ceallraí san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, beidh na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha i bhfeidhm a shonraítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, de réir mar a bhí beartaithe i dtús báire.

Chomh maith leis sin, níor cheart na rialacha atá ag teacht isteach a chur siar a thuilleadh in aon chor. Dá bhrí sin cuirfidh an gníomh atá beartaithe deireadh leis an bhféidearthacht go gcuirfear síneadh, leis an nós imeachta céanna, leis na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha. Thairis sin, leis an ngníomh atá beartaithe, cuirtear deireadh leis an bhféidearthacht go ndéanfar athruithe ar shubstaint na rialacha táirgeshonracha le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 1 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í an Chomhairle Comhpháirtíochta a cuireadh ar bun le comhaontú, mar atá an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.

Is é atá sa ghníomh atáthar ag iarraidh ar an gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe de bhun Airteagal 10 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 207 CFAE ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE

Ós rud é go leasófar le gníomh na Comhairle Comhpháirtíochta Airteagal 68 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus Iarscríbhinn 5 (rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0461 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)Leagtar síos i gCaibidil 2, Teideal 1 de Chuid 2 den Chomhaontú agus in Iarscríbhinní 2 go 9 a ghabhann leis an gComhaontú forálacha maidir leis an sainmhíniú ar tháirgí tionscnaimh agus modhanna comhair riaracháin.

(3)De bhun Airteagail 7 agus 68 den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta Caibidil 2 ‘Rialacha tionscnaimh’ de Theideal I ‘Trádáil in Earraí’ de Chuid 2 ‘Socruithe Trádála, Iompair, Iascaigh agus Eile’ agus na hiarscríbhinní a ghabhann léi a leasú.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ina cheangal ar an Aontas.

(5)Foráiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis, maidir le teacht i bhfeidhm de réir a chéile na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe.

(6)De bharr an chomhthéacs slándála, eacnamaíoch agus trádála dhomhanda, lena náirítear ionsaí na Rúise ar an Úcráin, paindéim COVID agus an iomaíocht ó scéimeanna nua idirnáisiúnta ó thaobh tacaíocht do dheontais, moillíodh nó cuireadh siar roinnt infheistíochtaí in éiceachóras na gceallraí san Eoraip, agus tháinig freisin moilliú ar sheachadadh pleananna infheistíochta suntasacha a coinníodh ar bun d’ainneoin na ndálaí ginearálta. Mar gheall ar iarmhairtí díreacha na dteagmhas seachtrach sin, ar nós costais fuinnimh a bheith ag ardú as cuimse agus ardrátaí boilscithe, cuireadh bac sa bhreis ar fhorbairt éiceachóras na gceallraí san Aontas Eorpach.

(7)Ós rud é go raibh an fhorbairt ar éiceachóras na gceallraí níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis tá ábhair imní tagtha chun cinn i dtionscal an Aontais Eorpaigh nach gcomhlíonfaidh allmhairithe gluaisteán ón Eoraip chuig an Ríocht Aontaithe na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha atá ag teacht isteach sa chaoi go bhforchuirfear taraifí ar na hallmhairithe sin agus go nimreofar drochthionchar ar iomaíochas na nallmhairithe sin i margadh na Ríochta Aontaithe.

(8)Dá bhrí sin, is iomchuí sásra lena ndéanfar nasc a chur ar fáil don tionscal. Ba cheart an sásra sin deis a thabhairt do thionscal na gceallraí bonn táirgthe láidir a mhéadú a thuilleadh le aghaidh feithiclí leictreacha san Eoraip a bheidh iomaíoch ar an leibhéal idirnáisiúnta agus tacú leis an mbonn sin. Áiritheofar leis sin go bhféadfaidh allmhairithe gluaisteán chuig an Ríocht Aontaithe na rialacha tionscnaimh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a chomhlíonadh ar deireadh.

(9)De bharr an tsásra sin lena ndéanfar nasc, féadfar leanúint de bheith ag cur i bhfeidhm na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha reatha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe go dtí an 31 Nollaig 2026. Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, beidh na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha i bhfeidhm a shonraítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

(10)Is é is aidhm do na rialacha tionscnaimh le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, go ndreasófar an infheistíocht in acmhainn monaraithe ceallraí san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe. Níltear ag smaoineamh ar na rialacha atá ag teacht isteach a chur siar a thuilleadh in aon chor. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfar athruithe breise ar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe.

(11)Tá an tAontas Eorpach tiomanta slabhraí soláthair an Aontais Eorpaigh agus éiceachóras le haghaidh ceallraí agus feithiclí leictreacha a fhorbairt agus a neartú. Dá bhrí sin, dá gcuirfí síneadh aon uair amháin leis na rialacha tionscnaimh is infheidhme faoi láthair, ba cheart tacaíocht straitéiseach don earnáil ceallraí agus rannpháirtíocht níos gníomhaí leis an tionscal a bheith ag gabháil leis an síneadh sin. Go háirithe, tá sé tábhachtach go méadóidh tionscal gluaisteán na hEorpa a infheistíochtaí ar fud an tslabhra luacha ceallraí iomlán agus go dtabharfaidh sé comhaontuithe um réamhshocrú díola i gcrích chun freastal ar 70 % den éileamh ar cheallraí ar a laghad le foinsiú intíre agus go gcuirfidh sé le neartú inbhuanaitheacht, inrianaitheacht agus chiorclaíocht an cheallra i gcomhréir leis an acquis atá ann cheana agus go háirithe Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir ceallraí agus ceallraí dramhaíola 2 .

(12)Chun spreagadh breise a thabhairt do thacaíocht níos tapúla agus níos costéifeachtaí le haghaidh mhonarú na gceallraí is inbhuanaithe sna Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún ar bun ionstraim thiomnaithe faoin gCiste Nuálaíochta 3 . Leis an ionstraim sin, a sheolfar in 2024, cuirfear cistiú suas le EUR 3 bhilliún ar fáil le linn na 3 bliana seo chugainn, cistiú a dheonófar mar phréimh sheasta a ghabhfadh le hacmhainn ceallraí monaraithe ar mhonaróirí na gceallraí is inbhuanaithe san Eoraip, b’fhéidir, rud a mbeadh éifeachtaí iarmharta tábhachtacha aige ar an slabhra luacha ceallraí san Eoraip ina iomláine, go háirithe an chuid réamhtheachtach de. Ba cheart tacaíocht a thabhairt leis an sásra sin do CAPEX agus OPEX, i gcomhréir leis na Conarthaí, agus ba cheart an sásra a bheith carnach i dtaca le foirmeacha eile tacaíochta a gheobhaidh na heintitis incháilithe. Déanfar buiséad na nglaonna, na critéir cháilíochta, agus téarmaí agus coinníollacha eile maidir leis an ionstraim sin a shocrú in 2024.

(13)Chomh maith leis sin, leathnóidh an Coimisiún an ionstraim sin chun go bhféadfaidh na Ballstáit acmhainní a mbuiséad náisiúnta a úsáid chun tacaíocht a dheonú le haghaidh tionscadail a bheidh ábhartha d’fhorbairt acmhainní an Aontais Eorpaigh i leith monarú inbhuanaithe ceallraí lonnaithe ar a gcríoch, agus, san am céanna, a bheith ag brath ar shásra ceant ar fud an Aontais chun na tionscadail is iomaíche a shainaithint. Ar an gcaoi sin ní thiocfaidh ilroinnt ar mhargadh na gceallraí san Aontas Eorpach agus ní bheidh na costais riaracháin ann a bhainfeadh le Ballstáit a bheith ag forbairt scéimeanna tacaíochta éagsúla.

(14)Déanfaidh an Coimisiún grinnfhaireachán ar rannpháirtíocht thionscal gluaisteán na hEorpa i bhforbairt éiceachórais ceallraí Eorpaigh, rannpháirtíocht a bhfuil tuairisc uirthi thuas. Go háirithe, rachaidh an Coimisiún i mbun dialóga leathbhliantúla leis an tionscal gluaisteán agus an tionscal ceallraí chun síormheasúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo shroicheadh na príomhsprice 70 % ar a laghad dá néileamh ar cheallraí le foinsiú intíre, agus ar a ullaimhe atá an tionscal i leith rialacha tionscnaimh an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair is infheidhme ó 2027 ar aghaidh a chomhlíonadh. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féachfaidh an Coimisiún ar bhearta breise le haghaidh comhlíonadh níos fearr, de réir mar is iomchuí.

(15) Cé go gcuireann an cinneadh seo deireadh le céim amháin i dtabhairt isteach de réir a chéile rialacha tionscnaimh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus, dá bhrí sin, go gcuireann sé síneadh leis na rialacha tionscnaimh reatha go dtí deireadh 2026, tá an tAontas tiomanta fós do na rialacha a thiocfaidh i bhfeidhm in 2027. Dá réir sin, cuireann an cinneadh seo deireadh leis an bhféidearthacht go ndéanfar athruithe breise ar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe le cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta. Déanfaidh an Coimisiún athmheastóireacht ar staid margaí ceallraí idir domhanda agus Eorpach ar bhonn seasta.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta, leagtar amach é san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(2)    IO L 191, 28.7.2023
(3)        Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas, IO L 275, 25.10.2003
Top

An Bhruiséil,6.12.2023

COM(2023) 950 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc‑cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe











IARSCRÍBHINN

CINNEADH UIMH. X/2023 ÓN gCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA 
arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 68 de agus Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis, maidir le teacht i bhfeidhm de réir a chéile na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe.

(2)Cuireadh ábhair imní in iúl faoi na dúshláin a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialacha sin maidir le cóimeáil feithiclí leictreacha san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe.

(3)Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh go dtí an 31 Nollaig 2026 a chur le cur i bhfeidhm na rialacha táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023. Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, beidh na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, i bhfeidhm.

(4)Is é is aidhm do na rialacha táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, go ndreasófar an infheistíocht in acmhainn mhonaraithe san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe. Níor cheart na rialacha atá ag teacht isteach a chur siar a thuilleadh in aon chor. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an leasaithe atá beartaithe, deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfar athruithe breise ar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisccheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe go dtí an 1 Eanáir 2032.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68 den Chomhaontú Trádála agus Comhair:

‘1. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an Chaibidil seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú, faoi réir mhír 2.

‘2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid a leanas:

(a) Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(b) na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 maidir le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, go dtí an 1 Eanáir 2032; agus

(c) an tAirteagal seo, a mhéid a bhaineann sé le hIarscríbhinn 3 i gcás táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, agus le hIarscríbhinn 5;

Mar sin féin, beidh feidhm ag mír 1 i gcás ina leasófar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 maidir le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, nó in Iarscríbhinn 5 de bharr nuashonruithe ar an gCóras Comhchuibhithe.’

Airteagal 2

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha..

Arna dhéanamh in/i/sa ..., an …

Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta

Na Comhchathaoirligh

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN 5

RIALACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA TÁIRGESHONRACHA LE hAGHAIDH TAISC‑CHEALLRAÍ LEICTREACHA AGUS FEITHICLÍ LEICTRITHE

Rialacha eatramhacha táirgeshonracha is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026

Maidir leis na táirgí a liostaítear i gcolún 1 thíos, beidh feidhm ag an riail tháirgeshonrach agus a liostaítear i gcolún 2 ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026.

Colún 1

An Córas Comhchuibhithe um Aicmiú (2017) lena n‑áirítear tuairisc shonrach

Colún 2

An riail tionscnaimh tháirgeshonrach is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026

85.07

Taisc‑cheallraí ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de mhodúil cheallra nó ceallra agus an ciorcadra chun iad a idirnascadh eatarthu féin, dá ngairtear go minic ‘pacaí ceallraí’, de chineál a úsáidtear mar phríomhfhoinse cumhachta leictrí chun feithiclí faoi cheannteidil 87.02, 87.03 agus 87.04 a thiomáint

CTSH;

Paicéid cheallra a chóimeáil ó chealla ceallra nó ó mhodúil cheallraí neamhthionscnaimh;

MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha)

Cealla ceallraí, módúil ceallraí, agus páirteanna díobh, atá ceaptha lena n‑ionchorprú i gcnuasaitheoir leictreach de chineál a úsáidtear mar phríomhfhoinse cumhachta leictrí chun feithiclí faoi cheannteidil 87.02, 87.03 agus 87.04 a thiomáint

CTH;

MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha)

87.02‑87.04

feithiclí ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh spréach‑adhainte agus mótar leictreach araon mar mhótair le haghaidh tiomána, agus a d’fhéadfaí a luchtú trína gceangal le foinse sheachtrach cumhachta leictreachais (‘hibrid’);

feithiclí eile, ina bhfuil inneall loiní frithingeacha dócháin inmheánaigh spréach‑adhainte agus mótar leictreach araon mar mhótair le haghaidh tiomána, agus a d’fhéadfaí a luchtú trína gceangal le foinse sheachtrach cumhachta leictreachais (‘hibrid inluchtaithe’);

feithiclí eile, ina bhfuil mótar leictreach, agus é sin amháin, le haghaidh tiomána

MaxNOM 60 % (Praghas díreach ón monarcha)

Top