Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0762

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2576 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur lena thréimhse feidhme

    COM/2023/762 final

    An Bhruiséil,28.11.2023

    COM(2023) 762 final

    2023/0444(NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2576 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur lena thréimhse feidhme


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1Forais agus cuspóirí an togra

    Ó rinne an Rúis ionradh iomlán gan chúis gan údar ar an Úcráin, cuireadh isteach ar sholáthairtí gáis ón Rúis chuig an Aontas mar iarracht d’aon ghnó chun fuinneamh a úsáid mar arm polaitiúil. Le blianta fada, ba í an Rúis príomhsholáthróir gáis an Aontais. Go stairiúil, bhíodh an tAontas ag brath ar an Rúis le haghaidh níos mó ná 40 % dá sholáthairtí gáis. Tháinig laghdú leanúnach ar sholáthar an gháis ó bhí mí Feabhra 2022 ann. Na sreafaí gáis ón Rúis, b’fhiú níos lú ná 10 % d’allmhairí gáis an Aontais iad sa chéad leath de 2023. Ghníomhachtaigh 12 Bhallstát an chéad nó an dara leibhéal géarchéime de bhun aicmiú coiteann an Aontais Eorpaigh, dá bhforáiltear leis Rialachán um Chinnteacht an tSoláthair Gáis (AE) 2017/1938.

    Tá an suaitheadh soláthair sin tar éis tionchair mhóra a bheith aige ar leibhéal praghsanna agus luaineacht praghsanna an gháis agus an leictreachais, ar bhoilsciú, ar chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais agus mhaicreacnamaíoch an Aontais agus ar na saoránaigh uile. Bhí an praghas mórdhíola in 2022 níos mó ná cúig huaire níos airde ar an meán ná an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim, praghas a d’ardaigh go tobann go fiú os cionn 300 €/MWh ag buaicphointe na géarchéime i samhradh 2022. Go dtí seo, tá siad fós ar leibhéil i bhfad níos airde ná mar a bhí sa tréimhse roimh an ngéarchéim, agus luaineacht láidir ag gabháil leo. Bhain caillteanas iomaíochais le cuideachtaí, go háirithe tionscail dianfhuinnimh, agus bíonn ar shaoránaigh dul i ngleic le cumhacht ceannaigh laghdaithe.

    Sa chomhthéacs sin, ghlac an Chomhairle, an 19 Nollaig 2022, Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle chun an dlúthpháirtíocht a fheabhsú trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gáis, trí bhíthin tagarmharcanna praghais iontaofa agus malartuithe gáis thar theorainneacha.

    Foráiltear le Rialachán (AE) 2022/2576 do bhunús dlí sealadach maidir leis an méid seo a leanas:

    ·comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis (Caibidil II);

    ·bearta chun praghsanna iomarcacha gáis agus luaineacht iomarcach ionlae i margaí na ndíorthach fuinnimh a chosc (Caibidil III), agus;

    ·bearta i gcás éigeandáil gháis (Caibidil IV).

    Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/2576 an tionchar ar phraghas an gháis a mhaolú trí aghaidh a thabhairt ar an éileamh agus ar an soláthar, trí chinnteacht an tsoláthair a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad, agus tríd an dlúthpháirtíocht a fheabhsú. Tá príomhghnéithe éagsúla ann atá ceaptha le hoibriú, ar bhealach comhleanúnach, chun praghsanna an-ard a sheachaint agus chun dlúthpháirtíocht agus cinnteacht an tsoláthair a threisiú.

    Is é is aidhm don togra seo síneadh bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2022/2576 i bhfianaise na rioscaí leanúnacha do sholáthairtí fuinnimh san Aontas.

    Maidir le freagairt an Aontais faoi REPowerEU agus na tionscnaimh a lean an fhreagairt sin, lena n‑áirítear na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2576, rannchuidigh siad le héifeachtaí ionradh na Rúise ar an Úcráin ar na soláthairtí gáis a mhaolú, agus leis an tionchar a bhí aige ina dhiaidh sin ar leibhéil praghsanna, ar an mboilsciú, ar an gcobhsaíocht airgeadais agus mhaicreacnamaíoch agus ar na saoránaigh uile a mhaolú.

    Mar sin féin, tá na margaí gáis domhanda fós an-docht agus meastar go leanfaidh cothromaíochtaí margaidh de bheith forbhásach sa ghearrthéarma. Tá iarmhairtí diúltacha ag an staid sin ar phraghsanna gáis, ar praghsanna iad, d’ainneoin iad a bheith níos ísle ná an buaicphraghas a bhí ann i samhradh 2022, atá fós níos mó ná dhá oiread níos airde ná na praghsanna a bhí ann roimh an ngéarchéim. Is féidir le roinnt rioscaí, má thagann siad chun cinn, eagla roimh ghanntanas a spreagadh, rud a d’fhéadfadh, i bhfianaise leochaileacht an mhargaidh mar gheall ar a dhoichte, freagairtí móra a spreagadh lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna. Áirítear ar na rioscaí sin téarnamh in éileamh na hÁise ar GNL lena laghdaítear infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis; geimhreadh fuar as a bhféadfadh méadú suas le 30 bcm teacht ar an éileamh ar ghás; adhaimsir a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce, agus an méadú ina dhiaidh sin ar an éileamh ar ghiniúint cumhachta gásadhainte; suaití breise ar bhonneagair chriticiúla; agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil agus ar thimpeallacht na bagartha i réigiúin soláthair, mar shampla mar gheall ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear.

    Dá scoirfeadh bearta ábhartha an Aontais d’fheidhm a bheith acu, d’athródh sé sin an staid chobhsaithe ach leochaileach a bhain an tAontas amach go dtí seo agus rachadh an athléimneacht in aghaidh forbairtí is dócha a bheidh ann sa todhchaí in olcas, amhail deireadh iomlán le hallmhairí ón Rúis.

    1.1.1.Príomhghnéithe Rialachán (AE) 2022/2576

    (1)Comhiomlánú éilimh agus comhordú níos fearr ar cheannacháin gáis

    De bhun Rialachán (AE) 2022/2576, dhear agus chuir an Coimisiún chun feidhme, le tacaíocht ó sholáthraí seirbhíse, sásra ‘AggregateEU’, lenar féidir éileamh a chomhiomlánú, babhtaí tairisceana a eagrú vis à vis soláthróirí gáis idirnáisiúnta agus an t‑éileamh a mheaitseáil le tairiscintí soláthróirí. Tá an sásra oscailte do rannpháirtíocht, mar cheannaitheoirí, ag gnóthas atá bunaithe san Aontas agus i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh.

    Déantar foráil sa Rialachán maidir le comhiomlánú éilimh sainordaitheach trí oibleagáid a leagan síos ar na Ballstáit ceangal a chur ar ghnóthais intíre úsáid a bhaint as an soláthraí seirbhíse chun an t‑éileamh a chomhiomlánú le méideanna gáis atá ard go leor. Toirteanna atá coibhéiseach le 15 % de spriocanna líonta stórála (thart ar 13.5 bcm don Aontas ina iomláine), tá siad le háireamh ag gnóthas na mBallstát sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh.

    Ionas nach gcuirfear i mbaol cuspóir an éagsúlaithe ón ngás a sholáthraítear ó Chónaidhm na Rúise, foráiltear le Rialachán (AE) 2022/2576 go n‑eisiatar rannpháirtíocht ag gnóthais nó comhlachtaí eile arna rialú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha Rúiseacha nó ag gnóthais atá bunaithe i gCónaidhm na Rúise. Ina theannta sin, eisiatar gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise ón sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach, lena n‑áirítear soláthairtí gáis nádúrtha a thagann isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí liosta pointí iontrála.

    Tá forálacha i Rialachán (AE) 2022/2576 arb é is aidhm dóibh comhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gáis san Aontas agus dlúthpháirtíocht fuinnimh i measc na mBallstát a áirithiú. Chun an méid sin a bhaint amach, féachann an Rialachán le forléargas a thabhairt don Choimisiún ar thairiscintí nó conarthaí atá le teacht a bhaineann le gás a dhíol agus a cheannach. Dá réir sin, ceanglaítear ar ghnóthais gáis nádúrtha nó ar ghnóthais a ídíonn gás fógraí a sheoladh chuig an gCoimisiún maidir le haon tairiscint nó conradh atá le teacht de thoirt os cionn 5 TWh/bliain. Féadfaidh an Coimisiún ansin moltaí a eisiúint do na gnóthais sin i gcásanna ina bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag tairiscintí nó conarthaí den sórt sin ar an sásra ceannaigh chomhpháirtigh, ar fheidhmiú an mhargaidh, ar shlándáil an tsoláthair nó ar an dlúthpháirtíocht.

    (2)Píblínte agus críochfoirt GNL a oibriú go héifeachtúil

    Le Rialachán (AE) 2022/2576, cuirtear feabhas freisin ar oibriú éifeachtúil píblínte agus críochfort GNL.

    Le héagsúlú foinsí soláthair ó ghás Rúiseach, rinne athrú ar phatrúin sreafa an gháis san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, tá na bealaí ó chríochfoirt GNL go hionaid tomhaltais tar éis éirí níos ábhartha ná na sreafaí Soir-Siar ba mhó roimhe seo. Mar sin féin, tá leibhéil an-ard plódaithe ag pointí idirnaisc, go háirithe in iarthuaisceart na hEorpa, mar thoradh ar athruithe den sórt sin ar shreafaí gáis.

    Chun freagrúlacht an chórais gáis do phlódú agus solúbthacht an chórais a fheabhsú, tá forálacha in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2022/2576 lena gcuirtear d’oibleagáid ar OCTanna acmhainn dhocht chonarthach tearcúsáidte a thairiscint do gach idirnascaire, ní hamháin do na hidirnascairí plódaithe, (i) trí nós imeachta míosúil nua ‘úsáid é nó caill é’ a chur chun feidhme, nó (ii) trí shíneadh a chur leis na nósanna imeachta atá ann cheana a bhfuil an cuspóir céanna acu.

    Thairis sin, tá sé tar éis éirí ríthábhachtach barrfheabhas a chur ar acmhainn ionsúcháin GNL chríochfoirt GNL de chuid an Aontais agus ar úsáid saoráidí stórála. Chun na críche sin, mheas rannpháirtithe sa mhargadh go raibh gá le trédhearcacht mhéadaithe, cosúil leis an leibhéal trédhearcachta atá ann cheana maidir le gás a iompar trí phíblínte. Tá dhá phríomhardán ag Bonneagar Gáis na hEorpa (GIE) lena gcumhdaítear Ballstáit uile an Aontais chomh maith leis an Ríocht Aontaithe agus an Úcráin: an Fardal Comhiomlánaithe Stórála Gáis (AGSI) le haghaidh stóráil gáis agus an Fardal Comhiomlánaithe Stórála GNL (ALSI) le haghaidh GNL. Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576 (Airteagail 12 agus 13), cuireadh comhpháirteanna nua leis na hardáin sin, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis na seirbhísí a thairgtear agus na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na seirbhísí sin, acmhainní stórála agus saoráidí GNL atá ar conradh agus atá ar fáil, taraifí, etc. Faoi láthair, cumhdaíonn na hardáin beagnach gach críochfort GNL ar mhórscála san Aontas agus 98 % de shaoráidí stórála an Aontais. Sa bhreis ar na hardáin uile-Aontais, cuireadh oibleagáid ar na hoibreoirí stórála agus GNL aonair níos mó trédhearcachta a chruthú maidir leis na féidearthachtaí chun acmhainn thánaisteach a chur in áirithe. Chuige sin, bhí orthu ardáin áirithinte aonair a chur ar bun.

    De bharr na trédhearcachta breise, is féidir forléargas níos fearr agus níos cuimsithí a fháil ar na margaí GNL agus stórála san Aontas. De thoradh air sin freisin, baintear úsáid níos éifeachtúla as na bonneagair sin agus méadaítear an fhéidearthacht chun soláthróirí breise a mhealladh.

    (3)Gníomhaíocht maidir le leibhéal na bpraghsanna gáis

    Tagarmharc comhlántach nua a fhorbairt do GNL

    Tá margadh GNL an Aontais fós ag comhdhlúthú. Tá tionchar fós ag soláthairtí píblíne agus ag scrogaill bhonneagair atá ann cheana ar phraghsáil innéacsaithe moil, agus dá bhrí sin ní léiríonn sé go cruinn i gcónaí an praghas ar a n‑allmhairítear GNL isteach san Aontas go hiarbhír. Chomh maith leis sin, ós rud é go bhfuil gás na Rúise fós ina chuid neamhdhiomaibhseach d’allmhairí an Aontais – cé go bhfuil laghdú ag teacht air – atá ag éirí níos comhchruinnithe i roinnt réimsí, tá na margaí gáis fós leochaileach i leith ionramháil soláthairtí gáis ón Rúis.

    Is gá foráil a dhéanamh maidir le praghsáil chobhsaí intuartha le haghaidh allmhairí GNL, allmhairí atá fíor-riachtanach mar sholáthar in ionad na n‑easnamh soláthair a eascróidh as an stad is dócha a chuirfear le hallmhairí gáis ón Rúis. Chuir Rialachán 2022/2576 de chúram ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) uirlis measúnaithe praghsanna oibiachtúil a chruthú laistigh de thréimhse ghearr ama, agus tagarmharc a chruthú le himeacht ama, i dtaca le hallmhairí GNL an Aontais trí fhaisnéis fíor-ama a bhailiú faoi gach idirbheart laethúil. Tá tagarmharc den sórt sin cruthaithe ag ACER, tagarmharc a chuireann faisnéis níos cuimsithí ar fáil do cheannaitheoirí agus a mhéadaíonn an trédhearcacht praghsanna.

    Le Rialachán 2022/2576, tugadh na cumhachtaí is gá do ACER chun na sonraí idirbhirt is gá a bhailiú chun an tagarmharc GNL a bhunú, rud a chuireann leis na cúraimí agus na cumhachtaí atá ag ACER cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le tuairisciú sonraí lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (dá ngairtear ‘REMIT’ anseo feasta), agus a threisíonn na cúraimí agus na cumhachtaí sin.

    (4)Gníomhaíocht chun luaineacht praghsanna a laghdú

    Sásra bainistíochta luaineachta praghsanna ionlae:

    Ceanglaítear le reachtaíocht airgeadais (MiFID II) cheana féin go mbunódh ionaid trádála tacar sásraí chun luaineacht mhór sna margaí airgeadais a choinneáil faoi smacht, agus tá ESMA ag obair ar bhealaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú scoradáin ciorcaid i ngach aicme sócmhainní, rud a mbeidh tionchar dearfach níos buaine aige ar thrádáil gach aicme sócmhainní, lena n‑áirítear díorthaigh fuinnimh. Leis an athbhreithniú ar MiFIR a tugadh i gcrích le fíordhéanaí, cuireadh isteach coincheap na staide éigeandála agus tugadh cumhachtaí breise do ESMA maidir le scoradáin chiorcaid. Tá na hathruithe sin le trasuí sa reachtaíocht náisiúnta faoin dara leath de 2025. Tugadh isteach an sásra bainistíochta luaineachta ionlae a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2576 ionas go gcuirfidh ionaid trádála sásraí ar bun chun gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna laistigh de lá trádála a chosc, bíodh sin trí na scoradáin chiorcaid atá ann cheana a oiriúnú nó trí shásra breise a chruthú. Mar gheall ar an méadú mór luaineachta ar na margaí gáis agus leictreachais, tá sé deacair do ghnólachtaí fuinnimh leanúint de bheith rannpháirteach sna margaí sin agus freastal ar a riachtanais fálaithe agus cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a áirithiú do na tomhaltóirí deiridh an tráth céanna.

    Dá bhrí sin, leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2576 ceanglas d’ionaid trádála sásra bainistíochta luaineachta ionlae sealadach a bhunú a bheidh dírithe ar ghluaiseachtaí móra praghsanna i gconarthaí díorthach a bhaineann le fuinneamh a theorannú laistigh den lá trádála céanna. Féadfaidh ionaid trádála an sásra bainistíochta luaineachta ionlae a chur chun feidhme trína chomhtháthú ina scoradáin chiorcaid atá ann cheana a bunaíodh cheana i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó mar shásra breise.

    (5)Slándáil an tsoláthair

    Síneadh a chur leis an oibleagáid maidir le cosaint dlúthpháirtíochta chuig gléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla

    Faoi Rialachán (AE) 2017/1938, maidir le Ballstát ina bhféadfadh ról lárnach a bheith ag gléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla i ndáil le slándáil an tsoláthair leictreachais, níor mhór dó na gléasraí cumhachta sin a chiorrú, chun dochair a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair leictreachais i mBallstáit eile, sula gceadaítear don Ballstát sin bearta dlúthpháirtíochta a iarraidh faoi Rialachán (AE) 2017/1938. Chun bac a chur ar éifeachtaí iarmharta diúltacha ar ghiniúint leictreachais, le Rialachán (AE) 2022/2576, ceadaítear do na Ballstáit iarraidh dhlúthpháirtíochta a chur isteach, faoi theorainneacha áirithe, má bhíonn baol ann nach mbeidh soláthar toirte criticiúla gáis le fáil ag gléasraí cumhachta gásadhainte ar gléasraí iad atá riachtanach chun leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú. Ar an gcúis chéanna, beidh na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht i dteideal a áirithiú nach gcuirfear oibriú a ngléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla i mbaol agus dlúthpháirtíocht á soláthar acu do Bhallstát eile.

    Rialacha réamhshocraithe maidir le dlúthpháirtíocht dhéthaobhach

    I Rialachán (AE) 2022/2576, tugadh isteach sásra réamhshocraithe idir na Ballstáit chun a áirithiú go gcuideoidh siad lena chéile chun soláthar a thabhairt do na ‘custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht’(teaghlaigh agus, faoi choinníollacha áirithe, seirbhísí téimh ceantair agus sóisialta bunriachtanacha) agus do ghléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla, i gcás éigeandála as a n‑eascraíonn géarghanntanas gáis. Leis na rialacha maidir le cinnteacht an tsoláthair a eascraíonn as Rialachán (AE) 2017/1938, tugadh isteach prionsabal na dlúthpháirtíochta sin ach éilíonn úsáid iarbhír na dlúthpháirtíochta sin le linn géarchéime socruithe mionsonraithe dlíthiúla, teicniúla agus airgeadais a bhí in ainm is a bheith comhaontaithe go déthaobhach idir na Ballstáit. Mar sin féin, níl ach ocht gcinn as 40 socrú riachtanacha comhaontaithe go dtí seo. Dá bhrí sin, leagtar amach in Airteagail 27 agus 28 de Rialachán (AE) 2022/2576 na rialacha agus na nósanna imeachta a mbeidh feidhm acu go huathoibríoch idir na Ballstáit nár chomhaontaigh socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta.

    Ní mór dlúthpháirtíocht a sholáthar bunaithe ar chúiteamh cóir de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938. Mar sin féin, beidh na costais indíreacha a d’fhéadfadh teacht as imeachtaí breithiúnacha nó eadrána tar éis chiorrú an tionscail fós teoranta do 100 % de phraghas an gháis. Is é an chúis atá leis sin go bhfuil an costas a bhaineann le cúiteamh don tionscal mar thoradh ar chiorrú cumhdaithe go páirteach ag praghas an gháis agus, más rud é go bhfanann cuid de ón dlíthíocht, go bhfuil an chuid seo an-éiginnte agus gur féidir léi costais an gháis a shárú den chuid is mó. Dá bhrí sin, is léir gur constaic mhór ar chur i gcrích comhaontuithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha ag na Ballstáit í an éiginnteacht maidir le costais cúitimh indíreacha. Mar sin féin, beidh na Ballstáit fós in ann teacht ar chomhaontú maidir le coinníollacha éagsúla cúitimh.

    Tá feidhm ag an oibleagáid dlúthpháirtíochta atá ann faoi láthair, a eascraíonn as Rialachán (AE) 2017/1938, idir na Ballstáit atá nasctha go díreach nó trí thríú tír. Leis an bhfadú beartaithe sin, déanfar síneadh an oibleagáid sin chuig na Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu a choinneáil ar bun, ar Ballstáit iad a d’fhéadfadh, fiú mura mbeadh nasc díreach eatarthu, dlúthpháirtíocht a chur ar fáil do Bhallstát i gcás éigeandála dá dtabharfaí an bonneagar is gá chun an GNL sin a fháil.

    1.1.2.An staid reatha: is ann fós do mhórdheacrachtaí agus do rioscaí do shlándáil sholáthar gáis an Aontais

    Maidir le freagairt an Aontais faoi REPowerEU agus na tionscnaimh a lean an fhreagairt sin, lena náirítear na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2576, chuidigh siad le hiarmhairtí na géarchéime a mhaolú agus d’ullmhaigh siad an tAontas do staid dhíghrádaithe i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis. Sa Tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576, i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas 1 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh ról tábhachtach ag forálacha an Rialacháin maidir le staid an mhargaidh gáis a chobhsú agus soláthar leordhóthanach gáis don Aontas a áirithiú, agus gur gné thábhachtach de threalamh uirlisí slándála gáis an Aontais é an Rialachán.

    Mura gcuirfear síneadh leis, scoirfidh an Rialachán d’fheidhm a bheith aige an 30 Nollaig 2023.

    Ó dháta glactha an togra seo, áfach, is ann fós do mhórdheacrachtaí maidir le soláthairtí gáis chuig an Aontas.

    Mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis píblíne na Rúise le bliain anuas, tá laghdú mór tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis don Aontas i gcomparáid leis an méid a bhí ann roimh an ngéarchéim. Leis na leibhéil allmhairithe gáis píblíne atá ann faoi láthair, tá coinne leis go bhfaighidh an tAontas tuairim is 20 bcm d’allmhairí píblíne na Rúise in 2023, agus féadfar na hallmhairí neamhiontaofa sin a laghdú a thuilleadh nó féadfar deireadh a chur leo. Bheadh an figiúr sin thart ar 110 bcm níos lú ná mar a bhí in 2021.

    Tá na margaí gáis domhanda fós an-docht agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go ceann tamaill toisc nach bhfuil sé beartaithe ach acmhainneacht leachtaithe GNL nua an-teoranta a bheith oibríochtúil ar fud an domhain roimh 2026.

    Tá iarmhairtí diúltacha ag an staid sin ar phraghsanna gáis, ar praghsanna iad, d’ainneoin iad a bheith níos ísle ná an buaicphraghas a bhí ann i samhradh 2022 (nuair a d’ardaigh praghsanna go tobann os cionn 300 EUR/MWh), atá fós níos mó ná dhá oiread níos airde ná na praghsanna a bhí ann roimh an ngéarchéim. Le deich mbliana anuas, bhog praghsanna laistigh de bhanda EUR 5 MWh go EUR 35 MWh agus bhí siad thart ar EUR 20/MWh ar an meán. Go luath i bhfómhar 2023 bhí praghsanna idir EUR 40 MWh agus EUR 50 MWh. Tá iarmhairtí dosheachanta fós ag an leibhéal praghsanna sin ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa.

    Tá an luaineacht mhargaidh mar thoradh freisin ar dhoichte an mhargaidh agus is riosca breise í do gheilleagar an Aontais. Chonacthas roinnt eachtraí luaineachta móire i samhradh agus i bhfómhar 2023 nuair a tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna laistigh de chúpla seachtain. Léiríonn sé sin go bhfuil na margaí gáis fós leochaileach agus go bhféadfadh freagraí móra a bheith acu ar aon suaitheadh tobann gan choinne don soláthar agus don éileamh, mar a tharla i ndiaidh na stailce i saoráidí GNL na hAstráile, i ngéarchéim an Mheánoirthir agus i gcur isteach ar idirnascaire Mhuir Bhailt. Faoi na coinníollacha sin, d’fhéadfadh eagla roimh ghanntanas freagairtí móra a spreagadh lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna.

    Is féidir le roinnt rioscaí, má thagann siad chun cinn, eagla roimh ghanntanas a spreagadh, rud a d’fhéadfadh, i bhfianaise leochaileacht an mhargaidh mar gheall ar a dhoichte, freagairtí móra a spreagadh lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna. Mar chuid de na rioscaí sin, tá: téarnamh in éileamh na hÁise ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) lena laghdaítear infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis, geimhreadh fuar a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le méadú suas le 30 bcm ar an éileamh ar ghás, dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta nó do tháirgeadh núicléach, rud a d’éileodh dul i muinín giniúint cumhachta gásadhainte ar bhonn níos mó agus/nó a spreagfadh éileamh méadaithe ar ghás, agus tuilleadh suaití féideartha sa soláthar gáis, lena n‑áirítear stop iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis nó cur isteach ar bhonneagar criticiúil gáis atá ann cheana.

    Thairis sin, ó glacadh an Tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576, tá timpeallacht na bagartha imithe in olcas. Tá coinbhleachtaí armtha ard-déine ag déanamh difear do roinnt de phríomhréigiúin soláthair an Aontais faoi láthair, sa bhreis ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (an Asarbaiseáin, an Meánoirthear).

    Léirítear le samplaí a fuarthas le déanaí dóchúlacht agus ábharthacht na rioscaí a bhaineann le suaitheadh sa bhonneagar criticiúil gáis. I mí Mheán Fómhair 2022, rinneadh damáiste do phíblíne NordStream 1 trí ghníomhartha sabaitéireachta a mhéid sin nach féidir léi aon ghás a iompar faoi láthair agus nach mbeidh sí in ann déanamh amhlaidh go ceann i bhfad. I mí Dheireadh Fómhair 2023, cuireadh isteach ar idirnascaire Mhuir Bhailt, píblíne thábhachtach a nascann an Fhionlainn leis an Eastóin. Leis an imscrúdú, scrúdaítear ar dhamáiste seachtrach é an damáiste agus an ndearna ancaire soithigh é. Mar thoradh ar shuaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt, níl an Fhionlainn in ann an critéar n‑1 a chomhlíonadh a thuilleadh mar chuid den chaighdeán bonneagair a shainmhínítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/1938. Áirithítear leis an gcritéar n‑1 go ndéanfaidh na Ballstáit bearta ionas, i gcás suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó, go mbeidh an acmhainneacht theicniúil acu fós a n‑éileamh iomlán a shásamh le linn buaiclae. Mar thoradh ar shuaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt, an 27 Deireadh Fómhair 2023, mhéadaigh an Fhionlainn a leibhéal géarchéime de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/1938 ó ‘luathrabhadh’ go ‘foláireamh’, arb é an leibhéal géarchéime deireanach é roimh éigeandáil. Léirítear leis an teagmhas bonneagair nua sin dóchúlacht agus ábharthacht na rioscaí a bhaineann le suaití nua sa bhonneagar criticiúil gáis.

    Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil an laghdú mór ar an éileamh ar ghás nádúrtha (-18 % idir Lúnasa 2022 agus Meán Fómhair 2023) ag rannchuidiú leis an gcothromaíocht gáis san Aontas a chaomhnú. Eascraíonn an laghdú sin as tosca eacnamaíocha (e.g. praghsanna arda) agus as bearta riaracháin arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán 2022/1369 maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh ar ghás agus de bhun Rialachán (AE) 2023/706 a chuir síneadh leis. I bhfianaise staid reatha na margaí gáis domhanda dochta, d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chinnteacht sholáthar gáis an Aontais, dá dtiocfadh méadú ar an éileamh, mar gheall ar théarnamh in úsáid gáis sna hearnálacha cónaithe, tráchtála agus tionsclaíocha nó i gcás nár cuireadh síneadh breise leis na bearta riaracháin arb é is aidhm dóibh an t‑éileamh a laghdú.

    I dtrí thuarascáil ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2022, i mí Feabhra agus i mí Iúil 2023, tá béim á leagan go comhsheasmhach ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) ar na rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis san Aontas agus tá sí ag rabhadh go comhsheasmhach i gcoinne réchúise i bhfianaise an fheabhsaithe ar an staid i gcomparáid le buaic na géarchéime i samhradh 2022. De réir thuarascáil mhí Feabhra 2023, ‘tá an soláthar domhanda gáis le bheith docht go fóill in 2023 agus tá an chothromaíocht dhomhanda faoi réir raon neamhchinnteachtaí agus fachtóirí riosca eisginiúla atá níos leithne ná mar is gnách. Áirítear leis sin an fhéidearthacht deireadh iomlán a chur le seachadtaí gáis phíobaithe na Rúise chuig an Aontas Eorpach, chomh maith le téarnamh in allmhairí GNL na Síne i gcomhréir le conarthaí fadtéarmacha GNL na tíre agus soláthar GNL a d’fhéadfadh a bheith níos ísle a bheith ar fáil’ Thug IEA rabhadh ‘nár cheart go gcuirfeadh an tionchas feabhsaithe isteach ar na bearta is gá (...) chun neamhchosaint an Aontais Eorpaigh ar na rioscaí eisginiúla a mhaolú 2 . D’fhorbair sé cásanna struis lena mbaineann stop a chur le soláthairtí gáis ón Rúis, soláthairtí GNL a leanann de bheith docht agus méaduithe ar an éileamh a bhaineann leis an aimsir, agus d’fhéadfadh bearna 40 bcm féideartha idir an soláthar agus an téileamh san Aontas a bheith mar thoradh air sin. Sa tuarascáil uaidh i mí Iúil 2023, chuir IEA chun suntais go bhfuil ‘rioscaí agus éiginnteachtaí fós roimh gheimhreadh 2023/24 sa Leathsféar Thuaidh’ agus ‘nach ráthaíocht iad láithreáin stórála lána i gcoinne luaineacht an gheimhridh agus an riosca go mbeidh teannas margaidh athnuaite ann 3 .

    Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG) a Ionchas Soláthair Geimhridh bliantúil lena ngabhann forbhreathnú samhraidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) 715/2009. Tháinig ENTSOG ar an gconclúid, cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair san Aontas, go bhféadfadh gá a bheith le bearta breise i gcás suaitheadh iomlán sa soláthar ón Rúis. Ina theannta sin, tá gá le bainistiú cúramach a dhéanamh ar na stórais i rith gheimhreadh 2023-2024, ós rud é gur dócha go mbeidh gá le leibhéal líonta 46 % ag tús an tséasúir insteallta chun an sprioc stórála 90 % a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032 a bhaint amach 4 .

    Mar fhocal scoir, i bhfianaise na ndeacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha leanúnacha, tá an staid a bhaineann le soláthairtí gáis fós leochaileach, cé go bhfuil feabhas tagtha uirthi i gcomparáid le buaic na géarchéime i samhradh 2022. Rannchuidigh freagairt an Aontais faoi RepowerEU agus na tionscnaimh a lean an fhreagairt sin, lena n‑áirítear na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2576, leis an staid a fheabhsú. Dá scoirfeadh bearta ábhartha an Aontais d’fheidhm a bheith acu, d’athródh sé sin an staid chobhsaithe ach leochaileach a bhain an tAontas amach go dtí seo agus rachadh an athléimneacht in aghaidh forbairtí is dócha a bheidh ann sa todhchaí in olcas, amhail deireadh iomlán le hallmhairí ón Rúis.

    I bhfianaise na ndeacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha leanúnacha sin do shlándáil sholáthar gáis an Aontais, agus gan an chothromaíocht leochaileach atá ann faoi láthair a athrú, is gá agus is práinneach síneadh a chur le Rialachán (AE) 2022/2576. Dá bhrí sin, féachann an Togra seo le síneadh bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán 2022/2576 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gáis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha. Tá gá leis an síneadh bliana agus tá sé comhréireach mar gheall ar chineál marthanach na deacrachtaí tromchúiseacha agus na rioscaí breise, agus mar gheall ar éiginnteacht na staide reatha a mheastar a leanfaidh ar aghaidh le linn 2024 ar fad.

    1.1.3.Cúiseanna le síneadh a chur le forálacha an Rialacháin sa staid reatha

    Ar na cúiseanna seo a leanas, tá gá le forálacha éagsúla Rialachán (AE) 2022/2576, forálacha a bhfuiltear ag iarraidh síneadh a chur leo leis an togra seo, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha thuasluaite maidir le slándáil sholáthar gáis an Aontais.

    Comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis (Caibidil II – Roinn 1 agus 2)

    Go ginearálta, cuidíonn comhiomlánú éilimh agus comhordú níos fearr ar cheannacháin gáis le rochtain níos cothroime a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát, go háirithe dóibh siúd i dtíortha talamhiata nó gan rochtain dhíreach ar mhargaí idirnáisiúnta, ar fhoinsí gáis nua nó breise i gcásanna práinneacha ina bhfuil gá le dlúthpháirtíocht. Is féidir leis, de mheon na dlúthpháirtíochta, an éifeacht dhíobhálach a bhíonn ag an sárú a laghdú, rud atá ag cur brú ar phraghsanna agus a chabhraíonn go háirithe le gnóthais bheaga chun tairbhe a bhaint as coinníollacha ceannaigh níos buntáistí a eascraíonn as éileamh comhiomlánaithe.

    De bhun Rialachán (AE) 2022/2576, dhear agus sheol an Coimisiún, le cúnamh ó sholáthraí seirbhíse, an sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach faoin ainm ‘AggregateEU’. Bhí na Ballstáit agus gnóthais gáis nádúrtha chomh maith le gnóthais a ídíonn gás rannpháirteach go héifeachtach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach faoi Rialachán (AE) 2022/2576 (‘AggregateEU’) agus rannchuidigh siad le comhiomlánú iomlán de 44.04 bcm den éileamh ar ghás a bhaint amach faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023, arb ionann é agus níos mó ná trí oiread na méideanna sainordaitheacha le haghaidh comhiomlánú éilimh. 34.77 bcm a bhí sna méideanna comhfhreagracha sa tréimhse chéanna, arb ionann é agus thart ar 10 % de thomhaltas an Aontais in 2022. Léiríonn sé sin gur léirigh rannpháirtithe sa mhargadh spéis mhór in ‘AggregateEU’.

    Ina theannta sin, chuir an Coimisiún bearta tacaíochta chun feidhme mar a shainordaítear leis an Rialachán, lena n‑áirítear na bearta sin maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise, rialachas Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh agus úsáid shainordaitheach ‘AggregateEU’. Faoi fhorálacha trédhearcachta agus malartaithe faisnéise an Rialacháin, d’eisigh an Coimisiún dhá mholadh faoi mhí Iúil 2023. Sna cásanna sin, mheas an Coimisiún go raibh gá le tuilleadh comhordaithe maidir le tairiscintí chun gás a cheannach, toisc go bhféadfadh sé feidhmiú an cheannaigh chomhpháirtigh a fheabhsú nó tionchar diúltach ar an margadh inmheánach, ar shlándáil an tsoláthair nó ar an dlúthpháirtíocht fuinnimh a chosc.

    Sa Tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir sásra ‘AggregateEU’, bunaithe ar fhorálacha comhiomlánaithe éilimh an Rialacháin, deiseanna breise ar fáil do cheannaitheoirí Eorpacha (gnóthais arna mbunú san Aontas agus i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh) gás a fháil ó sholáthróirí iontaofa ar dhálaí iomaíocha chomh maith le trédhearcacht an mhargaidh maidir le héileamh agus soláthar, rud a chuir le luaineacht na margaí a laghdú.

    I bhfianaise an mhéid thuas, is uirlis luachmhar i gcónaí iad comhiomlánú éilimh agus comhordú níos fearr ar cheannacháin gáis chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha do shlándáil sholáthar gáis an Aontais a luaitear thuas. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh bliana a chur leis na forálacha ábhartha.

    Bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí GNL, saoráidí stórála gáis agus píblínte (Caibidil II – Roinn 3)

    Le forálacha Rialachán (AE) 2022/2576 lena méadaítear an trédhearcacht maidir leis na hacmhainní agus na seirbhísí atá ar fáil agus a thairgtear i gcríochfoirt GNL agus i láithreáin stórála gáis, éascaíodh insreabhadh méadaithe GNL isteach san Aontas agus éascaíodh cóiríocht na sreafaí gáis athraithe. Níl aon athrú tagtha ar an staid ó glacadh an Rialachán ós rud é gur gá don Aontas méideanna móra GNL a allmhairiú go fóill chun soláthar píblínte na Rúise a chúiteamh agus leanfaidh sé de dhéanamh amhlaidh go ceann i bhfad. Sin an fáth a bhfuil gá fós le trédhearcacht fheabhsaithe maidir le críochfoirt GNL agus láithreáin stórála.

    Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2576 go mbeadh sásraí ‘úsáid é nó caill é’ i bhfeidhm ag gach pointe idirnaisc san Eoraip, cé nach raibh ann ach ceanglas le haghaidh pointí idirnaisc áirithe san am a chuaigh thart. Cuireann sásraí den sórt sin ar chumas an chórais freagairt do phlódú a d’fhéadfadh a bheith ann a d’eascródh as sreafaí athraithe gáis ar bhealach tapa solúbtha.

    Is uirlis luachmhar i gcónaí iad na bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí GNL, saoráidí stórála gáis agus píblínte chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha a luaitear thuas maidir le slándáil sholáthar gáis an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, síneadh bliana a chur leis na forálacha ábhartha.

    Bearta chun praghsanna iomarcacha gáis agus luaineacht iomarcach ionlae i margaí na ndíorthach fuinnimh a chosc (Caibidil III)

    Mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar chruinneas phraghsanna GNL atá i réim sa mhargadh, cuirtear de chúram ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) le Rialachán (AE) 2022/2576 na sonraí uile maidir le hidirbhearta a bhaineann le seachadtaí GNL chuig an Aontas a bhailiú, ar sonraí iad is gá chun measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus tagarmharc laethúil GNL a bhunú, arna chinneadh mar an raon difríochta idir an measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus an praghas socraíochta le haghaidh mhí thosaigh thodhchaíochtaí TTF.

    Maidir le trádáil, áirítear le Rialachán (AE) 2022/2576 beart chun bainistiú a dhéanamh ar an iomarca luaineachta i margaí na ndíorthach gáis agus leictreachais, agus próisis maidir le praghasmhúnlú á gcaomhnú san am céanna. Tá sé d’aidhm ag an gcoiléar nua um ardú praghsanna ionlae luaineacht iomarcach praghsanna a sheachaint agus cosc a chur ar arduithe móra praghsanna i bpraghsanna ar mhargadh na ndíorthach fuinnimh thar lá trádála.

    Mar a tugadh chun críche sa Tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576, ós rud é go bhfuil luaineacht mhór fós ann sna margaí gáis, d’fhéadfadh ról a bheith ag na forálacha i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2576 maidir le harduithe iomarcacha praghsanna a chosc agus an margadh a chobhsú. Treisíonn na heachtraí de luaineacht mhór a chonacthas i samhradh agus i bhfómhar 2023 an chonclúid go bhfuil na margaí gáis fós leochaileach, go sonrach i leith arduithe móra praghsanna. Is uirlis luachmhar i gcónaí é an sásra luaineachta ionlae chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha a luaitear thuas maidir le slándáil sholáthar gáis an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, síneadh bliana a chur leis na forálacha ábhartha.

    Bearta i gcás éigeandáil gháis (Caibidil IV)

    Le Rialachán (AE) 2022/2576, comhlánaíodh go sealadach an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, go háirithe tríd an sásra dlúthpháirtíochta a dhéanamh infheidhme mar réamhshocrú in éagmais comhaontuithe déthaobhacha, agus tríd an sásra dlúthpháirtíochta a leathnú chuig gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus chuig méideanna criticiúla gáis (CGV) le haghaidh leictreachais. Ina theannta sin, cuireadh isteach foráil chun laghdú éilimh ó chustaiméirí atá faoi chosaint a éascú, chomh maith le foráil chun sreafaí trasteorann a chosaint.

    I mí na Nollag 2022, rinne an Coimisiún cleachtadh ‘trialach’ comhpháirteach dlúthpháirtíochta le Ballstáit an Aontais agus ENTSOG, ina ndearnadh tástáil ar na rialacha agus na nósanna imeachta éigeandála, chomh maith leis an sásra dlúthpháirtíochta. Ina theannta sin, scaip an Coimisiún ceistneoir ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis chun aiseolas a bhailiú maidir le e.g. na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1576. Tá torthaí an chleachtaidh ‘trialach’ agus an cheistneora mionsonraithe a thuilleadh sa Tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán 2022/2576.

    Bunaithe ar thorthaí na Tuarascála ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576 agus ar thimpeallacht nua na bagartha, is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil na coincheapa a leagtar amach i gCaibidil IV fós bunriachtanach chun géarchéimeanna gáis a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú agus chun na costais chomhchoiteanna a bhaineann le géarchéim den sórt sin a laghdú, agus chun iarrachtaí chun éileamh a laghdú atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo a éascú. Go sonrach, tá an easpa comhaontuithe déthaobhacha ina leochaileacht struchtúrach atá fós ann, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le síneadh a chur leis na rialacha réamhshocraithe. Tá toirteanna criticiúla gáis le haghaidh giniúint leictreachais fós ríthábhachtach freisin chun nach leathfadh géarchéim gáis a d’fhéadfadh a bheith ann chuig an gcóras leictreachais. Beidh na luachanna le haghaidh toirteanna criticiúla gáis in Iarscríbhinn I fós bailí ar feadh thréimhse chur i bhfeidhm fadaithe an Rialachán go dtí deireadh 2024.

    Ina theannta sin, tá athrú mór tagtha ar thírdhreach soláthair an Aontais, agus is é GNL an phríomhfhoinse soláthair in 2023. Dá bhrí sin, ba cheart an dlúthpháirtíocht a leathnú fós chun na Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu a áireamh, chun an staid athraithe sin a léiriú. Ar deireadh, measadh gur coincheapa tairbhiúla iad na coincheapa maidir le tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint agus na coimircí breise do shreabha trasteorann i gcás éigeandála chun géarchéimeanna a chosc agus a mhaolú agus, dá bhrí sin, measadh go mbeadh sé úsáideach síneadh a chur leis na forálacha sin.

    1.2Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Leis an ionstraim atá beartaithe, leagtar amach bearta sealadacha, comhréireacha agus urghnácha. Comhlánaítear leis tionscnaimh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, rud lena n‑áirithítear gur féidir le saoránaigh tairbhiú de sholáthairtí gáis slána agus go gcosnaítear custaiméirí in aghaidh mórshuaitheadh soláthair. Cuireann sé chun cinn freisin an cuspóir maidir le soláthar gáis nádúrtha a éagsúlú.

    Tá forálacha Rialachán (AE) 2022/2576 comhsheasmhach le tionscnaimh atá ann cheana, amhail an Teachtaireacht ‘REPowerEU’, an togra le haghaidh ‘Pacáiste maidir le Dícharbónú an Mhargaidh Hidrigine agus Gáis’ agus an ‘Rialachán maidir le Laghdú ar Éileamh’ agus an Teachtaireacht maidir le ‘Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte’ a ghabhann leis. Tá siad comhlántach le reachtaíocht an Aontais maidir leis an margadh inmheánach agus slándáil an tsoláthair.

    Le Rialachán (AE) 2022/2576 déantar Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis a threisiú agus a chomhlánú. Áirítear sa dara ceann sin cheana oibleagáid dlúthpháirtíocht a chur ar fáil, chomh maith le coincheap na gcustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht, lena n‑áirítear teaghlaigh agus in imthosca áirithe seirbhísí sóisialta riachtanacha agus téamh ceantair. Le Rialachán (AE) 2022/2576, leathnaítear an oibleagáid dlúthpháirtíochta sin chun soláthar toirteanna criticiúla a chosaint do ghléasraí cumhachta gásadhainte agus déantar í a oibríochtú trí shásra réamhshocraithe in éagmais socruithe dlúthpháirtíochta arna gcomhaontú go déthaobhach, a bhfuil feidhm acu anois freisin maidir le Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu.

    Léirítear go hiomlán sa togra freisin cuspóir Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú go réamhghníomhach chun aon suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú. Tá laghdú an éilimh fós ina phríomhcholún dár bhfreagairt i ndáil le cinnteacht an tsoláthair agus treisíonn an togra an colún seo trí chead a thabhairt do na Ballstáit coigilteas a dhéanamh ar thomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint, agus cosaint á tabhairt an tráth céanna do chustaiméirí leochaileacha.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005, cuimsítear ann, in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis, pointe 2.2.5, forálacha maidir le sásra fadtéarmach ‘úsáid é nó caill é’. Glacadh na forálacha sin chun bac a chur ar chumas iompair a bheith á mblocáil ag rannpháirtithe sa mhargadh tráth nach féidir leo í a úsáid nó nach bhfuil sé beartaithe acu í a úsáid. Mar gheall ar an ngéarchéim, le Rialachán 2022/2576, laghdaítear an t‑ualach riaracháin agus áirithítear cur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Go sonrach, laghdaítear an t‑am a théann in éag nuair nach n‑úsáidtear an acmhainn ó shé mhí síos go mí amháin.

    Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, leag an tAontas amach an Plean REPowerEU arb é is aidhm dó deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoi 2027. Chun an méid sin a bhaint amach, leagtar amach i bPlean REPowerEU Ardán Fuinnimh an Aontais agus fógraíodh sásra le haghaidh comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach. Le Rialachán 2022/2576, a bhfuil sé d’aidhm ag an togra reatha síneadh a chur lena fhorálacha, bunaíodh sásra den sórt sin. Tá an tionscnamh atá beartaithe ag teacht go hiomlán leis na spriocanna a leagtar amach in REPowerEU.

    Dá bhrí sin, tá an togra seo maidir le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576 comhlántach leis na forálacha atá ann cheana agus leis na tionscnaimh a rinneadh le déanaí san earnáil fuinnimh, lena gcosnaítear slándáil an tsoláthair gáis, lena gcabhraítear leis an margadh a chobhsú agus na praghsanna a choinneáil faoi smacht, agus lena gcuirtear le héagsúlú na soláthairtí gáis.

    Ar deireadh, tá an togra seo comhlántach le hiarrachtaí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA), a d’eisigh faisnéisiú maoirseachta an 12 Deireadh Fómhair 2023 maidir le calabrú scoradán ciorcaid, mar a shainordaítear i dTreoir (AE) 2014/65, arb é is aidhm dó feidhmiú scoradán ciorcaid den sórt sin a neartú i ngach aicme sócmhainní.

    1.3Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    An Comhaontú Glas don Eoraip

    Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/2576, a bhféachann a fhorálacha le síneadh a chur leis an togra reatha, slándáil an tsoláthair a threisiú go bunúsach agus dul i ngleic le praghsanna arda luaineacha fuinnimh. Tá sé comhsheasmhach freisin le cuspóir fadtéarmach an Chomhaontaithe Ghlais. Na forálacha maidir le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach, lena mbunaítear bealaí chun gás a cheannach a bhunú ar bhealach níos comhordaithe, tá siad i gcomhréir freisin leis an gconair dícharbónaithe a léirítear sa Chomhaontú Glas agus in RepowerEU.

    Beartas an Mhargaidh Inmheánaigh

    Tá an togra comhoiriúnach leis na rialacha maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh. Tá margaí fuinnimh trasteorann atá ag feidhmiú ríthábhachtach chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú i gcás ganntanas soláthair.

    Beartas Iomaíochta

    Is féidir na rialacha maidir le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhoiriúnach le rialacha iomaíochta an Aontais, lena gceadaítear ceannach comhpháirteach idir gnóthais iomaíocha faoi choinníollacha áirithe agus a chuirtear i bhfeidhm i bhfianaise imthosca reatha an mhargaidh.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    2.1Bunús dlí

    Is é Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don ionstraim seo.

    Is éard atá sa ghanntanas soláthairtí gáis atá ann faoi láthair agus a leanann ar aghaidh deacracht thromchúiseach i soláthar táirge fuinnimh de bhun Airteagal 122 CFAE. Mar a mhínítear thuas, is ann fós do dheacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha do shlándáil sholáthar gáis an Aontais Mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis píblíne na Rúise le bliain anuas, tá laghdú mór tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis don Aontas i gcomparáid leis an méid a bhí ann roimh an ngéarchéim. Tá na margaí gáis domhanda fós an-docht agus meastar go bhfanfaidh siad amhlaidh go ceann tamaill toisc nach bhfuil sé beartaithe ach acmhainneacht leachtaithe GNL nua an-teoranta a bheith oibríochtúil ar fud an domhain roimh 2026. Tharla roinnt eachtraí luaineachta móra i samhradh agus i bhfómhar 2023 a léiríonn go bhfuil na margaí gáis leochaileach fós agus go bhféadfaidís freagairt mhór a thabhairt d’aon suaitheadh tobann gan choinne don soláthar agus don éileamh, mar a tharla i ndiaidh na stailce i saoráidí GNL na hAstráile, i ngéarchéim an Mheánoirthir agus i gcur isteach ar idirnascaire Mhuir Bhailt).

    Is féidir le roinnt rioscaí, má thagann siad chun cinn, eagla roimh ghanntanas a spreagadh, rud a d’fhéadfadh, i bhfianaise leochaileacht an mhargaidh mar gheall ar a dhoichte, freagairtí móra a spreagadh lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna. Ar na rioscaí sin tá téarnamh in éileamh na hÁise ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) lena laghdaítear infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis, dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta nó do tháirgeadh núicléach, rud a d’éileodh dul i muinín giniúint cumhachta gásadhainte ar bhonn níos mó, agus tuilleadh suaití féideartha sa soláthar gáis, lena n‑áirítear stop iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis nó cur isteach ar an mbonneagar gáis criticiúil atá ann cheana.

    Dá bhrí sin, tá géarghá le bearta leanúnacha chun gníomhaíocht níos comhordaithe agus níos láithrí a dhéanamh, d’fhonn a bheith níos ullmhaithe do thuilleadh suaití gáis agus do thréimhsí luaineachta sa mhargadh le linn na bliana seo chugainn. Leis na bearta a leanfar ar aghaidh leo faoin ionstraim ar feadh tréimhse theoranta ama, is féidir leis na Ballstáit agus na rannpháirtithe sa mhargadh uile ullmhú le haghaidh tuilleadh ganntanas soláthair agus luaineachta sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann agus déileáil leo ar bhealach comhordaithe. Bearta Rialachán (AE) 2022/2576 atá le fadú, déanfar iad de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit. Mar shampla, le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach, is féidir dlúthpháirtíocht an Aontais a neartú trí thacú go háirithe leis na gnóthais sin nach raibh ag ceannach gáis ach ó sholáthróirí Rúiseacha roimhe sin, nó a bhí ag ceannach gáis ó sholáthróirí Rúiseacha go príomha, agus trí chabhrú leo soláthairtí a fháil ó sholáthróirí gáis nádúrtha malartacha ar dhálaí iomaíocha. Ina theannta sin, tá measúnuithe praghsanna agus raonta difríochta tagarmharcanna a fhoilsítear faoi Rialachán (AE) 2022/2576 ríthábhachtach chun tuilleadh dlúthpháirtíochta a chruthú idir na Ballstáit maidir le soláthairtí teoranta GNL a fháil. Ina theannta sin, bunaítear le Rialachán (AE) 2022/2576 bearta sealadacha, i gcás éigeandáil gháis, chun gás a dháileadh go cothrom thar theorainneacha, chun soláthairtí gáis a chosaint i gcomhair na gcustaiméirí is criticiúla agus chun a áirithiú go soláthrófar bearta dlúthpháirtíochta trasteorann. Áirithítear leis sin nach scaipfear géarchéim áitiúil gáis ar fud roinnt Ballstát.

    Dá bhrí sin, tá údar maith leis an ionstraim atá beartaithe a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE.

    2.2Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Tá forálacha Rialachán (AE) 2022/2576 agus an síneadh atá beartaithe leo i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta. Mar gheall ar scála agus éifeacht mhór na ndeacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha do shlándáil sholáthar gáis an Aontais, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Maidir le cur chuige uile-Aontais trí chomhiomlánú éilimh, comhordú níos fearr ar sholáthairtí agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as críochfoirt GNL, stóráil gáis agus píblínte, de mheon na dlúthpháirtíochta, tá gá leis chun an riosca go dtarlódh mórshuaití a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú. Is féidir é sin a rialáil go héifeachtúil ar leibhéal an Aontais seachas ar an leibhéal náisiúnta.

    Leis na bearta chun praghsanna iomarcacha gáis agus luaineacht iomarcach ionlae i margadh na ndíorthach fuinnimh a chosc, tá gá freisin le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i bhfianaise chineál comhtháite na margaí gáis agus na margaí a bhaineann leo ó thaobh airgeadais de.

    Tá gá freisin le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais maidir le bearta i ndáil le cinnteacht an tsoláthair. Tá comhordú den sórt sin ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh an deis ag na Ballstáit freagairt d’iarrataí dlúthpháirtíochta ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil. Cé go mbeidh sé de chumas ag na Ballstáit i gcónaí dul i mbun socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta, beidh rialacha réamhshocraithe i bhfeidhm go dtí go dtabharfar na socruithe sin i gcrích, rud a fhágfaidh go mbeidh Ballstáit uile an Aontais in ann tairbhe a bhaint as an dlúthpháirtíocht. Áiritheofar leis sin i ndeireadh na dála nach gcuirfear bac ar sholáthar na dlúthpháirtíochta déthaobhaí mar gheall ar easpa socruithe riaracháin agus airgeadais idir na Ballstáit, agus an tráth céanna beidh na Ballstáit in ann na rialacha réamhshocraithe a chomhlánú le coinníollacha caibidlithe.

    I bhfianaise chineál gan fasach na géarchéime soláthair gáis agus na n‑éifeachtaí trasteorann a bhaineann léi, mar aon le leibhéal comhtháthaithe mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais, tá údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ós rud é nach féidir leis na Ballstáit astu féin aghaidh a thabhairt ar an mbaol go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha ann mar thoradh ar arduithe ar phraghsanna agus ar shuaití móra sa soláthar. Is le gníomhaíocht leanúnach de chuid an Aontais, arna spreagadh le meon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, agus leis sin amháin, is féidir a áirithiú nach mbeidh díobháil mharthanach do shaoránaigh ná don gheilleagar ann mar thoradh ar shuaitheadh sa soláthar ná ar luaineacht sa mhargadh.

    De bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is fearr is féidir an beart a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, agus féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    2.3Comhréireacht

    Comhlíonann forálacha an Rialacháin agus an síneadh atá beartaithe leo prionsabal na comhréireachta. Tá an beart comhréireach le gné agus cineál na bhfadhbanna a sainaithníodh agus le gnóthú na gcuspóirí a leagadh amach.

    I bhfianaise na staide geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus i bhfianaise na bagartha móire do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, is léir go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe. Ní théann na bearta a leagtar amach sa togra thar a bhfuil riachtanach chun a gcuspóirí a bhaint amach agus tá siad comhréireach leis na cuspóirí sin.

    Go sonrach, tá na forálacha maidir le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach a bhfuil sé d’aidhm ag an togra seo síneadh a chur leo le cur chun feidhme ar bhonn deonach go ginearálta, gan ach eisceacht theoranta a bheith ann maidir le rannpháirtíocht shainordaitheach i gcomhiomlánú éilimh le haghaidh méid áirithe gáis. Tá saoirse iomlán fós ag gnóthais phríobháideacha na conarthaí soláthair gáis a thabhairt i gcrích nó gan iad a thabhairt i gcrích.

    Le leathnú na dlúthpháirtíochta chuig gléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla, cuirtear srianta ar oibreoirí margaidh atá riachtanach chun cinnteacht an tsoláthair gáis a áirithiú le linn staid ina bhfuil laghdú ar an soláthar gáis agus méadú ar an éileamh le linn shéasúr an gheimhridh. Cuireann siad leis na bearta atá ann cheana a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2022/1369 agus (AE) 2017/1938 faoi seach, arb é is aidhm dóibh na bearta sin a dhéanamh níos éifeachtaí faoi na himthosca reatha.

    An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh faisnéis faoi idirbhearta GNL a sholáthar do ACER, tá sí ailínithe le hoibleagáidí reatha oibreoirí margaidh faoi REMIT agus coinneoidh ACER faisnéis íogair ghnó faoi rún.

    Leis an mbeart chun luaineacht praghsanna ionlae a theorannú leagtar síos ceanglais le haghaidh ionaid trádála agus trádálaithe chun go mbeidh cuideachtaí fuinnimh in ann leanúint de bheith rannpháirteach i margaí gáis agus leictreachais agus freastal ar a riachtanais fálaithe, rud a áiritheoidh cinnteacht an tsoláthair fuinnimh do thomhaltóirí deiridh. An tráth céanna, fágann forálacha an Rialacháin lánrogha do na hionaid trádála an modh ríofa is infheidhme a bhunú chun a dteorainneacha praghsanna a chinneadh i gcoibhneas le praghas tagartha.

    Tá fad an tsínidh comhréireach mar gheall ar chineál marthanach na ndeacrachtaí tromchúiseacha don soláthar fuinnimh agus na rioscaí a bhíonn ann dá bharr do phraghsanna agus do chinnteacht an tsoláthair, rioscaí a bhfuil coinne leis go leanfaidh siad ar aghaidh ar a laghad le linn 2024 ar fad toisc nach bhfuil coinne le hathruithe níos struchtúrtha ar dhálaí an mhargaidh ach le linn 2025.

    2.4An rogha ionstraime

    Agus gné na géarchéime fuinnimh agus scála an tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais a bhaineann léi á gcur san áireamh, tá na forálacha a bhfuil sé d’aidhm ag an togra reatha síneadh a chur leo le fáil i Rialachán a bhfuil raon feidhme ginearálta aige agus atá infheidhme go díreach agus láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm na bhforálacha sin trí Rialachán a ghlacadh freisin.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    3.1Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra le haghaidh síneadh a chur le Rialachán (AE) 2022/2576 a ullmhú ionas gur féidir leis an gComhairle é a ghlacadh in am, níorbh fhéidir comhairliúchán a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, pléadh ábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin, lena n‑áirítear an gá atá le cur i bhfeidhm leanúnach a fhorálacha, i bhfóraim ábhartha, amhail an Bord Stiúrtha ad hoc agus an Grúpa Comhairleach Tionsclaíoch.

    3.2Measúnú tionchair

    Is beart éigeandála é an togra seo chun síneadh a chur leis an ‘Rialachán maidir le Dlúthpháirtíocht Gáis’ atá bunaithe ar Airteagal 122(1) CFAE chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha leanúnacha do shlándáil sholáthar gáis an Aontais. Ar an gcúis sin, níorbh fhéidir measúnú tionchair a dhéanamh. Mar sin féin, baintear leas sa togra as conclúidí na Tuarascála ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576.

    3.3Cearta bunúsacha

    Níor sainaithníodh aon tionchar diúltach ar chearta bunúsacha. Leis na bearta faoin ionstraim seo, ní dhéanfar difear do chearta na gcustaiméirí a dhéantar a chatagóiriú mar chustaiméir atá faoi chosaint faoi Rialachán (AE) 2017/1938, lena n‑áirítear na custaiméirí teaghlaigh uile. Leis an ionstraim seo, cuirfear ar ár gcumas na rioscaí a bhaineann le ganntanas gáis a laghdú, ar rioscaí iad a mbeadh impleachtaí móra acu don gheilleagar agus don tsochaí murach sin.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tá na himpleachtaí buiséadacha teoranta don ghá atá le leathnú an chonartha seirbhíse idir an Coimisiún agus an soláthraí seirbhíse a oibríonn an t‑ardán comhiomlánaithe éilimh ‘Aggregate EU’ a mhaoiniú.

    An tionchar buiséadach ar bhuiséad an Aontais a ghabhann leis an togra seo, baineann sé le hacmhainní daonna agus caiteachais riaracháin eile Ard-Stiúrthóireacht (AS) an Choimisiúin Eorpaigh um Fhuinneamh, agus le hacmhainní daonna agus caiteachais ACER. Féachann an togra le síneadh a chur le forálacha lenar bunaíodh ollstruchtúr feabhsaithe maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, ina leagtar oibleagáidí nua ar na Ballstáit agus ina bhfuil, dá réir sin, ról atreisithe do AS an Fhuinnimh i raon leathan réimsí i gcomparáid leis an tréimhse roimh an mbun-Rialachán – is é sin an méid seo a leanas:

    Bainistiú foriomlán agus cur chun feidhme an Rialacháin (3 FTE),

    Obair chun dlí iomaíochta a dhearadh atá i gcomhréir le cur chun feidhme cuibhreannais ceannaigh gáis, rud a éilíonn malartuithe leis an tionscal (2 FTE)

    Measúnú ar iarrataí na mBallstát ar liúntais maidir le toirteanna criticiúla gáis níos airde; obair leantach ar iarrataí dlúthpháirtíochta; cur chun feidhme comhaontuithe dlúthpháirtíochta a éascú (1 FTE),

    Cúnamh riaracháin (2 FTE),

    Leagtar amach sa togra freisin cúraimí nua do ACER chun sonraí maidir le hidirbhearta GNL a bhailiú chun críche tagarmharc GNL a bhunú (5 FTE).

    Ní éilíonn an togra seo aon acmhainn bhuiséadach sa bhreis orthu sin a leithdháileadh cheana i gcomhthéacs ghlacadh Rialachán (AE) 2022/2576 agus a leagtar amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2576.

    5.EILIMINTÍ EILE

    5.1Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá na hathruithe atá beartaithe spriocdhírithe agus teoranta ó thaobh raon feidhme de chun síneadh bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán 2022/2576.

    In Airteagal 31, tá sé beartaithe tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin a athrú ón 30 Nollaig 2023 (an dáta atá aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán 2022/2576) go dtí an 31 Nollaig 2024.

    2023/0444 (NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2576 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur lena thréimhse feidhme

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Glacadh Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle 5  i bhfianaise na géarchéime soláthair gáis a d’eascair as ionradh iomlán gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 agus an ghá a bhí ann don Aontas freagairt trí bhíthin bearta sealadacha de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát. Is é is aidhm dó an tionchar ar phraghas an gháis a mhaolú trí aghaidh a thabhairt ar an éileamh agus ar an soláthar, trí chinnteacht an tsoláthair a áirithiú ar fud an Aontais ar fad, agus tríd an dlúthpháirtíocht a fheabhsú.

    (2)Le Rialachán (AE) 2022/2576 soláthraítear creat dlíthiúil sealadach i ndáil le comhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gáis, bearta chun praghsanna iomarcacha gáis agus luaineacht iomarcach ionlae i margaí na ndíorthach fuinnimh a chosc, agus bearta le haghaidh éigeandáil gháis.

    (3)Bhí tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576 teoranta ar dtús don 30 Nollaig 2023.

    (4)I gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) 2022/2576, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán sin, a bhfuil achoimre ar a thorthaí sa Tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe ar an Rialachán an 28 Meán Fómhair 2023 (‘an Tuarascáil’) 6 . Thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil go raibh ról tábhachtach ag Rialachán (AE) 2022/2576 maidir le staid an mhargaidh gáis a chobhsú agus soláthar leordhóthanach gáis don Aontas a áirithiú, agus gur gné thábhachtach é de shraith uirlisí shlándáil sholáthar gáis an Aontais.

    (5)Le Rialachán (AE) 2022/2576, cuirtear ar bun ardán um chomhiomlánú éilimh agus ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go nglacfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse mar cheann de na modhanna féideartha chun na spriocanna líonta dá dtagraítear in Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032, a bhaint amach. Bhí na Ballstáit agus gnóthais gáis nádúrtha chomh maith le gnóthais a ídíonn gás rannpháirteach go héifeachtach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) 2022/2576 (‘AggregateEU’) agus rannchuidigh siad le comhiomlánú iomlán de 44.04 bcm den éileamh ar ghás a bhaint amach faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023, arb é atá ann mó ná trí oiread na méideanna sainordaitheacha le haghaidh comhiomlánú éilimh. Léiríonn sé sin gur léirigh rannpháirtithe sa mhargadh spéis mhór in ‘AggregateEU’.

    (6)Thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil gur chuir an sásra ‘AggregateEU’ deiseanna breise ar fáil do cheannaitheoirí Eorpacha gás a fháil ó sholáthróirí iontaofa ar dhálaí iomaíocha, chomh maith le trédhearcacht an mhargaidh maidir le héileamh agus soláthar, rud a chuir le luaineacht na margaí a laghdú.

    (7)Maidir le rialacha formhaoirseachta margaidh, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2576 ar ionaid trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, le haghaidh gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear air, sásra bainistíochta luaineachta ionlae a chur ar bun bunaithe ar uasteorainn agus íosteorainn praghsanna (‘teorainneacha praghsanna’) lena sainítear na praghsanna nach féidir orduithe a fhorghníomhú os a gcionn agus faoina mbun (‘sásra bainistíochta luaineachta ionlae’). Fuarthas amach sa Tuarascáil go mbíonn eachtraí luaineachta móire fós sna margaí gáis agus go bhféadfadh ról a bheith ag an sásra bainistithe luaineachta ionlae maidir le harduithe iomarcacha praghsanna a chosc agus maidir leis an margadh a chobhsú.

    (8)De bhun Rialachán (AE) 2022/2576, ceanglaítear ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) measúnuithe laethúla ar phraghsanna gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus tagarmharc laethúil GNL a fhoilsiú ar bhonn sonraí margaidh GNL maidir le hidirbhearta ar cheart do ACER iad a bhailiú agus a phróiseáil go córasach. Leis na measúnuithe ar phraghsanna GNL agus leis an tagarmharc GNL, cuireadh trédhearcacht níos fearr ar fáil don mhargadh, rud a chuir feabhas ar chumas ghníomhaithe an mhargaidh soláthairtí GNL a fháil ar phraghsanna iomaíocha. Fuarthas amach sa Tuarascáil gur cruthaíodh go raibh an measúnú ar phraghas GNL agus an tagarmharc GNL úsáideach chun an margadh a chobhsú.

    (9)Foráiltear le Rialachán (AE) 2022/2576 maidir le roinnt forálacha slándála soláthair agus dlúthpháirtíochta le haghaidh cás éigeandála gáis chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar eagrú beart dlúthpháirtíochta fuinnimh i gcás éigeandála. Lena Chaibidil IV, comhlánaíodh go sealadach Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe tríd an sásra dlúthpháirtíochta a dhéanamh infheidhme mar réamhshocrú in éagmais comhaontuithe déthaobhacha, agus tríd an sásra dlúthpháirtíochta a leathnú chuig GNL agus chuig toirteanna criticiúla gáis le haghaidh leictreachais. Ina theannta sin, cuireadh isteach foráil chun laghdú éilimh ó chustaiméirí faoi chosaint a éascú, chomh maith le beart chun sreafaí trasteorann a chosaint. Thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil gur léir go bhfuil na forálacha sealadacha maidir le slándáil an tsoláthair agus leis an dlúthpháirtíocht úsáideach chun géarchéim gáis a chosc agus a mhaolú, agus chun iarrachtaí chun éileamh a laghdú a éascú.

    (10)Conclúid na Tuarascála go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha fós ann maidir le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais, tá an conclúid sin fós fíor. Tá staid dhomhanda an mhargaidh gáis fós an-docht. Tá praghsanna gáis fós i bhfad níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim agus tá iarmhairtí dosheachanta acu ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais. Gné eile den staid reatha is ea luaineacht an mhargaidh. Léirítear le heachtraí luaineachta móire a tharla le déanaí i samhradh agus i bhfómhar 2023, arbh imeachtaí amhail an stailc i saoráidí GNL na hAstráile nó suaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt is cúis leo, go bhfuil na margaí fós leochaileach, fiú maidir le suaití measartha beag ar éileamh agus ar sholáthar. Tá riosca geopholaitiúil mór breise ag baint leis an ngéarchéim leanúnach sa Mheánoirthear agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar phraghsanna agus ar an soláthar gáis. Faoi na dálaí sin, d’fhéadfadh eagla roimh ghanntanas freagairtí móra a spreagadh lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna.

    (11)Mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis píblíne na Rúise le bliain anuas, tá laghdú mór tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis don Aontas i gcomparáid leis an méid a bhí ann roimh an ngéarchéim. Leis na leibhéil allmhairithe gáis píblíne atá ann faoi láthair, meastar go bhfaighidh an tAontas tuairim is 20 bcm d’allmhairí píblíne na Rúise, mura gcuirfear isteach go hiomlán ar na hallmhairí neamhiontaofa sin ar fad. Bheadh sé sin thart ar 110 bcm níos lú ná mar a bhí in 2021. Tá baol ann go dtarlóidh ganntanais gáis san Aontas mar gheall ar an laghdú sin.

    (12)Tá na margaí gáis domhanda an-docht faoi láthair agus meastar go bhfanfaidh siad docht go ceann tamaill. Níor tháinig ach méadú beag ar an soláthar domhanda GNL le dhá bhliain anuas mar gheall ar bhreisithe teoranta acmhainneachta leachtaithe, éaradh ag saoráidí móra onnmhairiúcháin agus soláthar gáis beatha laghdaitheacha ag gléasraí GNL. Tá coinne leis nach mbeidh acmhainneacht mhór nua leachtaithe GNL ar líne go dtí go mbeidh 2025 ann. Dá bhrí sin, beidh cothromaíochtaí margaidh fós neamhbhuan go luath amach anseo. Tá iarmhairtí diúltacha ag an staid sin ar phraghsanna gáis, ar praghsanna iad, d’ainneoin iad a bheith níos ísle ná an buaicphraghas a bhí ann i samhradh 2022, atá fós níos mó ná dhá oiread níos airde ná na praghsanna a bhí ann roimh an ngéarchéim.

    (13)I bhfianaise na ndálaí dochta margaidh atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh praghsanna ardú go tobann arís mar gheall ar theagmhais dhothuartha agus suaití tobanna amhail téarnamh in éileamh na hÁise ar GNL lena laghdófaí infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda, geimhreadh fuar as a bhféadfadh méadú suas le 30 bcm teacht ar an éileamh ar ghás, adhaimsir a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce, agus an méadú ina dhiaidh sin ar an éileamh ar ghiniúint cumhachta gásadhainte, suaití breise ar bhonneagair chriticiúla, tar éis na ngníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblínte NordStream i mí Mheán Fómhair 2022 agus an tsuaite ar phíblíne idirnascaire Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil agus ar thimpeallacht na bagartha i réigiúin soláthair, mar shampla an ghéarchéim sa Mheánoirthear.

    (14)I bhfianaise an chomhardaithe chúng idir an soláthar agus an téileamh faoi láthair, d’fhéadfadh suaitheadh soláthar gáis measartha fiú, nó fiú bagairt na suaití sin, tionchar mór a bheith aige ar an margadh gáis, agus dochar tromchúiseach marthanach a dhéanamh don gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais.

    (15)Mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá an tAontas uile neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh agus praghsanna arda fuinnimh. Maidir leis na deacrachtaí tromchúiseacha marthanacha a dhéanann difear fós do shlándáil sholáthar gáis an Aontais, agus le leibhéal na bpraghsanna gáis, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an staid eacnamaíoch, ar an iomaíochas tionsclaíoch agus ar chumhacht ceannaigh na saoránach.

    (16)Ós rud é gur margadh aonair é an tAontas, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann le haghaidh na mBallstát uile mar gheall ar ghanntanas gáis i mBallstát amháin, is iad sin ganntanas fisiceach sa soláthar gáis, luaineacht praghsanna nó suaitheadh slabhraí tionsclaíocha mar gheall ar chiorrúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann i dtionscadail shonracha i mBallstát. Thairis sin, de mheon na dlúthpháirtíochta, is féidir leis na Ballstáit uile rannchuidiú leis na rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh a laghdú agus, dá bhrí sin, an luaineacht i bpraghsanna gáis a shrianadh.

    (17)Beart eisceachtúil a bhfuil teorainn ama leis is ea fadú thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576, mar fhreagairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha marthanacha nua maidir le soláthar fuinnimh, lena mbaineann baol go mbeidh géarchéim ann a d’fhéadfadh teacht chun cinn go tapa. Is léir go laghdóidh an fadú luaineacht na margaí agus go bhfeabhsóidh sé an dlúthpháirtíocht.

    (18)Tá práinn leis an ngá chun gníomhú. Mura gcuirfí síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán 2022/2576, a scoirfidh d’fheidhm a bheith aige an 30 Nollaig 2023, bheadh an baol ann go nathrófaí an staid chobhsaithe, ar staid leochaileach í, atá bainte amach ag an Aontas go dtí seo agus thiocfadh meath ar an athléimneacht i leith forbairtí is dócha a tharlóidh amach anseo amhail stop iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis. Tá fadú ar thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576 comhsheasmhach freisin le ‘Plean REPowerEU’ 8 arbh é is aidhm dó saoránaigh agus geilleagar an Aontais a chosaint ar phraghsanna iomarcacha agus ar ghanntanais soláthair fuinnimh.

    (19)Leis an teannas leanúnach sa soláthar fuinnimh, tugtar bonn cirt le síneadh a chur leis na forálacha maidir le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach i Rialachán (AE) 2022/2576, toisc go gcabhraíonn siad le rochtain níos cothroime a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát ar fhoinsí gáis nua nó breise. Cuidíonn siad freisin le dálaí níos fearr a áirithiú ná mar a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm murach sin maidir le gnóthais a cheannaíonn an gás trí úsáid a bhaint as an soláthraí seirbhíse, rud a rannchuidíonn le slándáil an tsoláthair.

    (20)Dá gcuirfí síneadh leis na forálacha maidir le comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach, neartófaí dlúthpháirtíocht an Aontais maidir le gás a cheannach agus a dháileadh. De mheon na dlúthpháirtíochta, tacóidh infhaighteacht fhadaithe an chomhiomlánaithe éilimh agus an cheannaigh chomhpháirtigh go háirithe leis na gnóthais sin nach raibh ag ceannach gáis ach ó sholáthróirí Rúiseacha roimhe sin, nó a bhí ag ceannach gáis ó sholáthróirí Rúiseacha go príomha, trí chabhrú leo soláthairtí a fháil ó sholáthróirí nó soláthraithe gáis nádúrtha malartacha i ndálaí buntáisteacha.

    (21)Chun tacú le rannpháirtithe sa mhargadh ar feadh an gheimhridh seo agus an chéad séasúr líonta stórála gáis eile, ba cheart leanúnachas a áirithiú maidir le hoibriú an tsásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach (‘AggregateEU’). Áirítear leis sin an fhéidearthacht síneadh a chur leis an gconradh atá ann faoi láthair leis an soláthraí seirbhíse i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 9 .

    (22)I bhfianaise na mbuntáistí do thomhaltóirí, do chobhsaíocht praghsanna agus do chinnteacht an tsoláthair fuinnimh, tá bonn cirt freisin le síneadh a chur leis na forálacha lena mbunaítear sásra bainistíochta luaineachta ionlae agus measúnú ar phraghsanna agus tagarmharc GNL.

    (23)I bhfianaise na rioscaí leanúnacha maidir le soláthairtí cobhsaí gáis a leagtar amach thuas, is iomchuí freisin síneadh bliana eile a chur le forálacha maidir le cás éigeandála gáis (Caibidil IV), i gcomhréir leis na torthaí maidir le héifeacht dhearfach na bhforálacha sa Tuarascáil. Beidh na luachanna le haghaidh toirteanna criticiúla gáis in Iarscríbhinn I fós bailí ar feadh thréimhse chur i bhfeidhm fadaithe an Rialachán go dtí deireadh 2024.

    (24)Ba cheart cur i bhfeidhm leathnaithe Rialachán (AE) 2022/2576 a bheith sealadach, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an 31 Nollaig 2023 chun a áirithiú go leanfar de na forálacha ábhartha a chur i bhfeidhm, agus ba cheart dó maireachtáil ar feadh bliain amháin, is é sin go dtí an 31 Nollaig 2024. Tá an fadú bliana amháin riachtanach agus comhréireach mar gheall ar chineál marthanach na ndeacrachtaí tromchúiseacha do sholáthairtí fuinnimh agus na rioscaí a eascraíonn as sin do phraghsanna agus do chinnteacht an tsoláthair a mheastar a leanfaidh ar aghaidh ar a laghad ar feadh 2024. Le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2576, níor cheart aon oibleagáidí breise a thabhairt isteach seachas an síneadh sealadach, go háirithe maidir le bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh a áirithiú.

    (25)Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2022/2576 go dtí an 31 Nollaig 2024.

    (26)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (27)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/2576 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/2576

    Leasaítear Rialachán (AE) 2022/2576 mar a leanas:

    (1)In Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    ‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.’

    (2)In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta (1):

    ‘Tá na figiúirí in Iarscríbhinn I, codanna (a) agus (b), bunaithe ar shonraí ón measúnú leordhóthanachta geimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 a rinne an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E), ach amháin i gcás Mhálta a bhfuil a ghiniúint leictreachais ag brath go heisiach ar sheachadtaí GNL agus nach bhfuil aon acmhainn shuntasach stórála aige. I bhfianaise shainiúlacht an gháis chalraigh ísil, ba cheart na luachanna le haghaidh na hÍsiltíre sa tábla seo a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta 37,89 arna roinnt ar 35,17. In Iarscríbhinn I, cuid (a), léirítear na méideanna míosúla aonair arna ríomh ag ENTSO-E le haghaidh na míonna ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí an Mhárta 2023; léirítear leis na figiúirí in Iarscríbhinn I, cuid (b), le haghaidh na míonna Aibreán 2023 go Nollaig 2024 meán na luachanna sa tréimhse idir mí na Nollag 2022 agus mí an Mhárta 2023.’

    (3)In Iarscríbhinn I (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    ‘Toirteanna gáis criticiúla uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 don tréimhse ó Aibreán 2023 go mí na Nollag 2024 (luachanna in milliún méadar ciúbach):’

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 31 Nollaig 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    COM(2023) 547 final.
    (2)     https://www.iea.org/reports/background-note-on-the-natural-gas-supply-demand-balance-of-the-european-union-in-2023  
    (3)     https://iea.blob.core.windows.net/assets/f45a2340-8479-4585-b26e-ec5e9b14feca/GlobalGasSecurityReview2023IncludingtheGasMarketReportQ32023.pdf .
    Go luath i mí na Samhna 2023, bhain fardail gháis an Aontais an leibhéal is airde riamh, is é sin os cionn toillte 99 %.
    (4)     SO0052-23_Ionchas Soláthair Geimhridh 2023-24 lena ngabhann Forbhreathnú Shamhradh 2024.pdf (entsog.eu)
    (5)    Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj ).
    (6)    COM(2023) 547 final.
    (7)    Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1938/oj).
    (8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean REPowerEU, COM(2022) 230 final, 18.5.2022.
    (9)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).
    Top