EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0739

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tiaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

COM/2023/739 final

An Bhruiséil,24.11.2023

COM(2023) 739 final

2023/0422(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tiaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, bunaítear go háirithe an gá atá le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus forálacha comhchuibhithe ón Aontas a bhaineann le huasleibhéil iarmhar (MRLanna) lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, a áirithiú. Aithnítear sa Rialachán sin, i gcás bia agus beatha arna dtáirgeadh lasmuigh den Aontas, go bhféadfar cleachtais talmhaíochta éagsúla maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí a chur i bhfeidhm go dleathach, rud a fhágann ó am go chéile go mbíonn iarmhair lotnaidicídí ann atá éagsúil leis na hiarmhair a thagann as úsáidí a chuirtear i bhfeidhm go dleathach san Aontas. Dá bhrí sin, déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar MRLanna a shocrú le haghaidh táirgí allmhairithe (i.e. lamháltais allmhairiúcháin) trí shainchomhad eolaíoch cuimsitheach a sholáthar ina gcuirfear na húsáidí sin agus na hiarmhair a thagann astu san áireamh, rud a ndéanann Ballstát agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) meastóireacht air. Chomh maith leis sin, breithnítear MRLanna a shocraíonn an Coimisiún Codex Alimentarius ar an leibhéal idirnáisiúnta nuair a shocraítear MRLanna, agus na dea-chleachtais talmhaíochta chomhfhreagracha á gcur san áireamh.

I gcás na substainte gníomhaí tiaclóiprid, agus i gConclúidí EFSA maidir leis an athbhreithniú piaraí 1 , sainaithníodh réimsí ar údar imní criticiúil iad i ndáil le héilliú screamhuisce le meitibilítí tiaclóipride i ndáil le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a chomhlíonann na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá thoradh sin, ní dhearnadh formheas na substainte a athnuachan le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/23 ón gCoimisiún 2 . Ina theannta sin, aicmítear tiaclóiprid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar shubstaint thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1B.

Bhí ar na Ballstáit údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil tiaclóiprid a tharraingt siar mar shubstaint ghníomhach faoin 3 Lúnasa 2020. An uastréimhse chairde a cheadaítear do Bhallstát a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuaigh sí in éag an 3 Feabhra 2021.

I gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a) agus i gcomhar le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, tar éis neamh‑athnuachan tiaclóipride, dhréachtaigh an Coimisiún Rialachán chun é a ísliú go dtí an teorainn cainníochtaithe (LOQ). Mar sin féin, d’fhéadfadh roinnt eisceachtaí a bheith ann i gcás lamháltais áirithe allmhairiúcháin agus MRLanna Codex (CXLanna), go háirithe i gcás ina ndearnadh athbhreithniú orthu le déanaí agus inar mheas EFSA go raibh siad sábháilte3. Coinníodh na MRLanna sin i gcomhréir le hAirteagal 3(2), pointe (g) agus Airteagal 14(2), pointí (a), (c) agus (e) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

Mhol an Coimisiún dréacht‑Rialachán do na Ballstáit, a pléadh go mion sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ag na cruinnithe a bhí aige an 13-14 Feabhra 2023, an 10-11 Bealtaine 2023 agus an 18-19 Meán Fómhair 2023.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an cur chuige a úsáideadh comhsheasmhach le forálacha Rialachán (CE) 396/2005.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

I gcomhréir leis an Tuairim Réasúnaithe fhabhrach a ghlac EFSA agus ar bhonn Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49 (2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, ullmhaíodh dréacht‑Rialachán ón gCoimisiún agus cuireadh faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha é (féach caibidil 1). De réir Airteagal 45(4) den Rialachán sin, beidh feidhm ag an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú de réir Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468 ón gComhairle.

An rogha ionstraime

An dréacht‑Rialachán thuasluaite ón gCoimisiún lena moltar athbhreithniú a dhéanamh ar na MRLanna le haghaidh tiaclóipride, cuireadh faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha é, an 18-19 Meán Fómhair 2023, chun tuairim a fháil. Níor thug an Coiste tuairim uaidh maidir leis an dréacht‑Rialachán ón gCoimisiún, ós rud é nár thángthas ar thromlach cáilithe i bhfabhar ná i gcoinne na mbeart atá beartaithe.

Dá bhrí sin agus de bhun Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 45 (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, tá an Coimisiún ag cur dréacht‑Rialachán ón gComhairle maidir leis na bearta atá le glacadh faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte. Gníomhóidh an Chomhairle i leith an bhirt atá beartaithe trí thromlach cáilithe laistigh de 1 mhí amháin ón dáta ar cuireadh faoina bráid é. Má chuireann an Chomhairle i gcoinne an bhirt trí thromlach cáilithe, ní ghlacfar an beart. Má bheartaíonn an Chomhairle an beart a ghlacadh, cuirfidh sí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa é gan mhoill. In éagmais tuairim ón gComhairle, cuirtear an Rialachán ar ais chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa gan mhoill é le go ndéanfar grinnscrúdú air. Mura gcuireann an Pharlaimint i gcoinne an bhirt, glacfaidh an Coimisiún é. Má chuireann an Pharlaimint i gcoinne an bhirt, ní ghlacfaidh an Coimisiún é.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níl aon mheastóireacht ex post, comhairliúchán le páirtithe leasmhara ná measúnú tionchair beartaithe don Rialachán cur chun feidhme seo i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar buiséadach ag an Rialachán.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá sé beartaithe leis an Rialachán seo na MRLanna uile atá ann cheana le haghaidh tiaclóipride a laghdú go dtí an LOD tar éis neamhathnuachan a fhormheas cé is moite de roinnt MRLanna bunaithe ar úsáidí i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Na MRLanna le haghaidh tiaclóipride i bpapánna agus tae, comhfhreagraíonn siad do lamháltais allmhairiúcháin a dheimhnigh EFSA a bheith sábháilte do thomhaltóirí in 2023 3 . Na MRLanna le haghaidh tiaclóipride i gcnónna crann, cainchí, torthaí ón meispeal Gearmánach, locuatanna, aibreoga, silíní (milse), plumaí, sútha talún, sméara dubha, caora, torthaí agus caora beaga eile, cíobhaíonna, prátaí, trátaí, ubhphlandaí, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, rís, cruithneacht, táirgí ainmhíocha (mucra, bóainmhithe, caoirigh, capaill, éanlaith chlóis, agus ainmhithe feirme eile) táirgí ó fhíocháin (matán, ae, duáin agus scairteach inite), bainne agus uibheacha, comhfhreagraíonn siad do CXLanna a measadh a bheith sábháilte le haghaidh tomhaltóirí3.

2023/0422 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tiaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle 4 , agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcás tiaclóipride, socraíodh uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)De réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/23 ón gCoimisiún 5 , ní dhearnadh formheas na substainte gníomhaí tiaclóiprid a athnuachan, i bhfianaise na nábhar imní criticiúil a shainaithin an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i ndáil le héilliú screamhuisce le meitibilítí tiaclóipride. 6 Ina theannta sin, aicmítear tiaclóiprid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar shubstaint thocsaineach 7 don atáirgeadh de chatagóir 1B 8 .

(3)Cúlghaireadh gach údarú le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach tiaclóiprid, mar gheall ar an mbaol do shláinte an duine a eascraíonn as úsáid tiaclóipride agus as éilliú screamhuisce. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna atá ann cheana a scriosadh bunaithe ar na dea-chleachtais talmhaíochta a bhaineann leis na húdaruithe sin a shocraítear le haghaidh na substainte sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin i gcomhar le hAirteagal 14(1)(a) de.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim réasúnaithe a thabhairt, ina ndéanfaí measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na MRLanna atá ann faoi láthair, bunaithe ar lamháltais allmhairiúcháin agus MRLanna Codex (CXLanna) le haghaidh tiaclóipride, i bhfianaise na sonraí tomhaltais is déanaí atá ar fáil agus na sonraí deimhniúcháin riachtanacha a bheith ann nó gan bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sonraí arna sainaithint le linn an athbhreithnithe MRL i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 9 .

(5)Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur díorthaíodh na MRLanna a socraíodh le haghaidh iarmhair thiaclóipride i bpapánna agus tae ó lamháltais allmhairiúcháin, a raibh sonraí ag tacú leo agus a mheastar a bheith sábháilte le haghaidh tomhaltóirí 10 . Dá bhrí sin, ba cheart na MRLanna sin a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(6)I gcás iarmhair thiaclóipride i gcnónna crann, cainchí, torthaí ón meispeal Gearmánach, locuatanna, aibreoga, silíní (milse), plumaí, sútha talún, sméara dubha, caora, torthaí agus caora beaga eile, cíobhaíonna, prátaí, trátaí, ubhphlandaí, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, rís, cruithneacht, táirgí ainmhíocha (mucra, bóainmhithe, caoirigh, capaill, éanlaith chlóis, agus ainmhithe feirme eile) táirgí ó fhíocháin (matán, ae, duáin agus scairteach inite), bainne agus uibheacha, comhfhreagraíonn na MRLanna atá ann faoi láthair do na luachanna CXL agus tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar go bhfuil siad sábháilte do thomhaltóirí7; ba cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil freisin i gcomhréir le prionsabail Airteagal 14(2)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(7)Maidir le sútha craobh, cúcamair, cúirséid, síolta ráibe/canóla, síolta mustaird agus síolta cadáis, is iomchuí na MRLanna atá ann cheana a ísliú go dtí na luachanna comhfhreagracha CXL, ar luachanna ar tháinig an tÚdarás ar an gconclúid ina leith go bhfuil siad sábháilte le haghaidh tomhaltóirí7; ba cheart iad a ísliú freisin, dá bhrí sin. Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na sonraí deimhniúcháin a cuireadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sonraí a sainaithníodh le linn an athbhreithnithe MRL i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais sonraí nó nach raibh siad ag teastáil a thuilleadh7. Dá bhrí sin, agus chun amhras a sheachaint, ba cheart na fonótaí faoi seach ina léirítear easpa faisnéise faoi thrialacha iarmhar, faoi mheitibileacht na mbarr le cóireáil síolta agus faoi mhodhanna anailíseacha le haghaidh tráchtearraí éagsúla a scriosadh.

(8)Shainaithin an tÚdarás riosca sláinte le haghaidh tomhaltóirí maidir leis na MRLanna le haghaidh péitseog agus piobair mhilse/piobair chloigíneacha7. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna le haghaidh na dtáirgí sin a ísliú le haghaidh na LODanna táirgeshonracha.

(9)Maidir le hiarmhair thiaclóipride bunaithe ar dhea-chleachtais talmhaíochta nach bhfuil údaraithe a thuilleadh san Aontas, is iomchuí na MRLanna faoi seach a shocraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a ísliú go dtí an teorainn cinnidh tháirgeshonrach (‘LOD’) i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, i gcomhar le hAirteagal 17 den Rialachán sin.

(10)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair thiaclóipride a mhéid a bhaineann leis an ngá LODanna áirithe a oiriúnú. Mhol na saotharlanna sin LODanna táirgeshonracha ar féidir iad a bhaint amach go hanailíseach le haghaidh gach táirge.

(11)Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh. Go háirithe, rinneadh MRLanna na saille ó mhucra, ó bhóainmhithe, ó chaoirigh, ó ghabhair, ó eachainmhithe, agus ó ainmhithe talún feirmshaothraithe eile a ailíniú le MRLanna na matán, ar cuireadh na CXLanna faoi seach chun feidhme ina leith, chun cion an mhatáin agus na saille i ‘bhfeoil (ó mhamaigh seachas mamaigh mhuirí)’ a léiriú.

(12)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir.

(13)Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas sula mbeidh na MRLanna nua infheidhme agus ar ina leith a choinnítear leibhéal ard cosanta tomhaltóirí ar bun. Is amhlaidh atá i gcás gach táirge, seachas péitseoga agus piobair mhilse/piobar chloigíneacha.

(14)Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh.

(15)Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Da bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán, beidh feidhm aige go fóill maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], seachas péitseoga agus piobair mhilse/piobair chloigíneacha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

(1)    EFSA Journal (Iris EFSA) (2019). Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance thiacloprid [‘Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach tiaclóiprid’]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(3):5595. doi: 10.2903/j.efsa.2019.5595.
(2)    IO L 8, 14.1.2020, lch. 8.
(3)    European Food Safety Authority Statement on the shortterm (acute) dietary risk assessment and evaluation of confirmatory data for certain maximum residue levels (MRLs) for thiacloprid. [‘Ráiteas ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maidir le measúnú gearrthéarmach ar (ghéar-)riosca cothúcháin agus meastóireacht ar shonraí daingniúcháin maidir le huasleibhéil iarmhar áirithe (MRLanna) i gcás tiaclóipride’.] EFSA Journal [Iris EPSA], 2023;21(3):7888.
(4)    IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(5)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/23 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 maidir le neamhathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí tiaclóiprid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 8, 14.1.2020, lch. 8).
(6)    An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance thiacloprid [‘Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach tiaclóiprid’]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2019;17(3):5595.
(7)    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(8)    Rialachán (AE) 2017/776 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2017 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 116, 5.5.2017, lch. 1).
(9)    Rialachán (AE) 2015/1200 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2015 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na huasleibhéil iarmhar le haghaidh aimídeasulfúróin, feanheacsaimíde, creasocsaim-meitile, tiaclóipride agus trífhlocsastróibine i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 195, 23.7.2015, lch. 1).
(10)    European Food Safety Authority Statement on the shortterm (acute) dietary risk assessment and evaluation of confirmatory data for certain maximum residue levels (MRLs) for thiacloprid. [‘Ráiteas ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maidir le measúnú gearrthéarmach ar (ghéar-)riosca cothúcháin agus meastóireacht ar shonraí daingniúcháin maidir le huasleibhéil iarmhar áirithe (MRLanna) le haghaidh tiaclóipride’.] EFSA Journal [Iris EPSA], 2023;21(3):7888.
Top

An Bhruiséil,24.11.2023

COM(2023) 739 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh tiaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe




IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh tiaclóipride:

Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir 
uimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair 
a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (a)

Tiaclóiprid

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,01*

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,02*

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

 

0130010

Úlla

0,01*

0130020

Piorraí

0,01*

0130030

Cainchí

0,7

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

0,7

0130050

Locuatanna

0,7

0130990

Eile (2)

0,01*

0140000

Torthaí cloiche

 

0140010

Aibreoga

0,5

0140020

Silíní (iad milis)

0,5

0140030

Péitseoga

0,01*

0140040

Plumaí

0,5

0140990

Eile (2)

0,01*

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a) fíonchaora

0,01*

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b) sútha talún

1

0153000

(c) torthaí cána

1

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d) torthaí beaga eile agus caora eile

1

0154010

Fraocháin

 

0154020

Mónóga

 

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

 

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

 

0154050

Mogóirí róis

 

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

 

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

 

0154080

Caora troim

 

0154990

Eile (2)

 

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a) craiceann inite

0,01*

0161010

Dátaí

 

0161020

Figí

 

0161030

Ológa boird

 

0161040

Cumcuait

 

0161050

Torthaí réaltúla

 

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

 

0161070

Plumaí láva

 

0161990

Eile (2)

 

0162000

(b) craiceann do-ite, é beag

 

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

0,2

0162020

Lítsíonna

0,01*

0162030

Páiseoga

0,01*

0162040

Piorraí deilgneacha

0,01*

0162050

Réalt‑úlla

0,01*

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

0,01*

0162990

Eile (2)

0,01*

0163000

(c) craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

0,01*

0163020

Bananaí

0,01*

0163030

Mangónna

0,01*

0163040

Papánna

0,5

0163050

Pomagránaití

0,01*

0163060

Céiriomoighe

0,01*

0163070

Guábhaí

0,01*

0163080

Anainn

0,01*

0163090

Torthaí aráin

0,01*

0163100

Duraígh

0,01*

0163110

Úlla deilgneacha

0,01*

0163990

Eile (2)

0,01*

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

0211000

(a) prátaí

0,02

0212000

(b) glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

0,01*

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c) glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

0,01*

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

0,01*

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a) Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

0,5

0231020

Piobair

0,01*

0231030

Ubhthorthaí

0,7

0231040

Ocra

0,01*

0231990

Eile (2)

0,01*

0232000

(b) guird a bhfuil craiceann inite acu

 

0232010

Cúcamair

0,3

0232020

Gircíní

0,01*

0232030

Cúirséid

0,3

0232990

Eile (2)

0,01*

0233000

(c) guird a bhfuil craiceann do-ite acu

 

0233010

Mealbhacáin

0,2

0233020

Puimcíní

0,01*

0233030

Mealbhacáin uisce

0,2

0233990

Eile (2)

0,01*

0234000

(d) arbhar milis

0,01*

0239000

(e) glasraí eile a thugann torthaí

0,01*

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

0,01*

0241000

(a) praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b) praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c) praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d) cálráibí

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

0,01*

0251000

(a) leitísí agus plandaí sailéid

 

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n‑áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b) spionáistí agus duilleoga comhchosúla

 

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c) duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

 

0254000

(d) biolair uisce

 

0255000

(e) sreabháin na Beilge

 

0256000

(f) luibheanna agus bláthanna inite

 

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

0,01*

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

 

0260050

Lintilí

 

0260990

Eile (2)

 

0270000

Glasraí gais

0,01*

0270010

Lus súgach

 

0270020

Cardúin

 

0270030

Soilirí

 

0270040

Finéal Fhlórans

 

0270050

Bliosáin chruinne

 

0270060

Cainneanna

 

0270070

Biabhóg

 

0270080

Péacáin bhambú

 

0270090

Croíthe pailme

 

0270990

Eile (2)

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,01*

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01*

0300000

PISEÁNAIGH

0,01*

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

 

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

0,02*

0401020

Piseanna talún

0,02*

0401030

Síolta poipín

0,02*

0401040

Síolta seasamain

0,02*

0401050

Síolta lus na gréine

0,02*

0401060

Síolta ráibe

0,5

0401070

Pónairí soighe

0,02*

0401080

Síolta mustaird

0,5

0401090

Síolta cadáis

0,02*

0401100

Síolta puimcín

0,02*

0401110

Síolta cróch bréige

0,02*

0401120

Síolta borráiste

0,02*

0401130

Caimilín

0,02*

0401140

Síolta cnáibe

0,02*

0401150

Pónairí ricne

0,02*

0401990

Eile (2)

0,02*

0402000

Olathorthaí

0,02*

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

 

0402020

Eithní pailme ola

 

0402030

Torthaí pailme ola

 

0402040

Capac

 

0402990

Eile (2)

 

0500000

GRÁNAIGH

 

0500010

Eorna

0,01*

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

0,01*

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

0,01*

0500040

Muiléad coiteann

0,01*

0500050

Coirce

0,01*

0500060

Rís

0,02

0500070

Seagal

0,01*

0500080

Sorgam

0,01*

0500090

Cruithneacht

0,1

0500990

Eile (2)

0,01*

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

 

0610000

Taenna

10

0620000

Pónairí caife

0,05*

0630000

Insiltí luibhe ó

0,05*

0631000

(a) bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b) duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c) fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d) aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

0,05*

0650000

Carúib

0,05*

0700000

LEANNLUSANNA

0,05*

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05*

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,05*

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05*

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,05*

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,05*

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,05*

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05*

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05*

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,05*

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,01*

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

 

1011000

(a) mucra

 

1011010

Matán

0,1

1011020

Saill

0,07

1011030

An t‑ae

0,5

1011040

An duán

0,5

1011050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

0,5

1011990

Eile (2)

0,01*

1012000

(b) bó‑ainmhithe

 

1012010

Matán

0,1

1012020

Saill

0,07

1012030

An t‑ae

0,5

1012040

An duán

0,5

1012050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

0,5

1012990

Eile (2)

0,01*

1013000

(c) caoirigh

 

1013010

Matán

0,1

1013020

Saill

0,07

1013030

An t‑ae

0,5

1013040

An duán

0,5

1013050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

0,5

1013990

Eile (2)

0,01*

1014000

d) gabhair

 

1014010

Matán

0,1

1014020

Saill

0,07

1014030

An t‑ae

0,5

1014040

An duán

0,5

1014050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

0,5

1014990

Eile (2)

0,01*

1015000

(e) each‑ainmhithe

 

1015010

Matán

0,1

1015020

Saill

0,07

1015030

An t‑ae

0,5

1015040

An duán

0,5

1015050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

0,5

1015990

Eile (2)

0,01*

1016000

(f) éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

0,02

1016020

Saill

0,01*

1016030

An t‑ae

0,02

1016040

An duán

0,02

1016050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

0,02

1016990

Eile (2)

0,01*

1017000

(g) ainmhithe talún feirmshaothraithe eile

 

1017010

Matán

0,1

1017020

Saill

0,07

1017030

An t‑ae

0,5

1017040

An duán

0,5

1017050

Scairteach inite (seachas an t‑ae agus an duán)

0,5

1017990

Eile (2)

0,01*

1020000

Bainne

0,05

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,02*

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05*

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01*

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01*

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01*

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 

Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh

(a) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I

Top