Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0470

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg — EGF/2023/002 BE/Makro

COM/2023/470 final

An Bhruiséil,12.10.2023

COM(2023) 470 final

2023/0352(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg — EGF/2023/002 BE/Makro


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 1 .

2.An 3 Iúil 2023, chuir an Bheilg isteach iarratas EGF/2023/002 BE/Makro ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis na niomarcaíochtaí a rinne Makro Cash & Carry Belgium NV (Makro) sa Bheilg.

3.Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig sé ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán (AE) 2021/691, go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhámhachtain .

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2023/002 BE/Makro

Ballstát

An Bheilg

An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (leibhéal NUTS 2 2)

Provincie Antwerpen (BE21),

Provincie Oost‑Vlaanderen (BE23), Provincie Vlaams-Brabant (BE25), Province Hainaut (BE32), agus

Province Liège (BE33)

An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach

3 Iúil 2023

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas

3 Iúil 2023

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

17 Iúil 2023

An spriocdháta leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

8 Lúnasa 2023

An spriocdháta leis an measúnú a chur i gcrích

17 Deireadh Fómhair 2023

An critéar idirghabhála

Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691


An príomhfhiontar

Makro Cash & Carry Belgium


An líon fiontar lena mbaineann

1

An earnáil/na hearnálacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 3

Rannán 47 (An trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair)

An tréimhse thagartha (4 mhí):

10 Eanáir 2023 – 10 Bealtaine 2023

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha

1 431

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

1 431

An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

421

An buiséad i gcomhair seirbhísí pearsantaithe (EUR)

3 233 822

An buiséad chun CED 4 a chur chun feidhme (EUR)

0 093 500

Buiséad iomlán (EUR)

3 327 322

Ranníocaíocht ó CED (85 %) (EUR)

2 828 223

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.An 3 Iúil 2023, chuir an Bheilg iarratas EGF/2023/002 BE/Makro isteach laistigh de 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an t‑iarratas agus, an 17 Iúil 2023, d’iarr sé faisnéis bhreise ar an mBeilg. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de 15 lá oibre ón tráth a iarradh í. An sprioc-am 50 lá oibre ón tráth a fuarthas an t‑iarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh, is spriocdháta é a rachaidh in éag an 17 Deireadh Fómhair 2023.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an tiarratas le 1 431 oibrí iomarcach a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i Makro. Bhí an fiontar ag obair san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi rannán 47 de NACE Athbhreithniú 2 (An trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair). Na hiomarcaíochtaí a rinneadh, is iomarcaíochtaí iad atá lonnaithe i réigiúin atá ar leibhéal NUTS 2, is iad sin Provincie Antwerpen (BE21), Provincie OostVlaanderen (BE23), Provincie Vlaams-Brabant (BE25), Province Hainaut (BE32), agus Province Liège (BE33).

Critéir idirghabhála

6.Chuir an Bheilg an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691, lena gceanglaítear go dtarlódh scor na gníomhaíochta i gcás 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena náirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht i soláthraithe agus i dtáirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

7.Maireann an tréimhse thagartha de 4 mhí don iarratas ón 10 Eanáir 2023 go dtí an 10 Bealtaine 2023.

8.Bhí 1 431 oibrí iomarcach in Makro le linn na tréimhse tagartha. 

Iomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta a ríomh

9.De bhun Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (a), i gcomhar le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (c), ríomhadh scor ghníomhaíochtaí na noibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó ó dháta a éaga.

Tairbhithe incháilithe

10.Is é 1 431 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

Tuairisc ar na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta

11.Tharla na hiomarcaíochtaí sin de dheasca fhéimheacht an fhiontair.

12.In 1970, d’oscail Makro Cash & Carry Belgium NV siopaí do dhaoine féinfhostaithe, do chleachtóirí saorghairme agus do ghairmithe fáilteachais a raibh táirgí bia agus neamhbhia á ndíol acu. In 2017, tar éis deacrachtaí airgeadais a mhair tuairim agus 10 mbliana, chinn an fiontar rochtain ar a shiopaí Makro a chur ar fáil do chustaiméirí ginearálta, cé go raibh a shiopaí Metro fós teoranta do ghairmithe um sheirbhísí bia agus dí (óstáin, bialanna agus lónadóirí).

13.D’ainneoin an chinnidh, EUR 67 milliún a bhí sna caillteanais sa bhliain airgeadais 2018/2019 agus EUR 44 mhilliún in 2019/2020 5 .

14.Lean díolacháin Makro de bheith ag laghdú: EUR 738 milliún in 2018/2019, EUR 714 mhilliún in 2019/2020, agus EUR 646 mhilliún in 2020/2021 6 . Le linn na paindéime, chuir an earnáil fáilteachais stop le gníomhaíocht ar feadh roinnt míonna, rud a rinne difear do líne díolacháin Makro do ghairmithe um sheirbhísí bia agus dí. Rinneadh difear do líne díolacháin Makro do chustaiméirí ginearálta chomh maith, mar gheall ar dhúntáin sainordaitheacha siopaí neamhbhia agus pasáistí neamhbhia in ollmhargaí, as ar eascair laghdú ar dhíolacháin agus méadú ar ríomhthráchtáil, rud atá ag méadú ó tháinig deireadh leis na bearta sriantacha.

15.An 1 Meán Fómhair 2022, chuir Makro isteach ar atheagrú breithiúnach trí dhí-chomhchruinniú cuideachta faoi údarás breithiúnach chuig Cúirt na nGnólachtaí in Antuairp. Cuireadh tús le próiseas tairisceana don fhiontar.

16.Bhí 11 siopa i líne díolacháin Makro do ghairmithe um sheirbhísí bia agus dí (arna mbrandáil mar Metro), agus díoladh 9 gcinn acu siúd le Sligro Food Group agus ceann amháin díobh le mórdhíoltóir bia Van Zon, ag deireadh 2022. Sábháladh na 400 post ar fad i siopaí Metro, chomh maith le 100 post ag an gceanncheathrú. Na fostaithe sa siopa nár ceannaíodh, táirgeadh post dóibh sa tsaoráid Sligro-ISPC a bhí in aice láimhe in Antuairp 7 .

17.Bhí 6 shiopa i líne díolacháin Makro do chustaiméirí ginearálta (arna mbrandáil mar Makro). Dhiúltaigh na glacadóirí don tairiscint ó na siopaí Makro de bhrí nár chomhlíon sí na ceanglais tairisceana agus nach raibh sí iontaofa 8 . Dearbhaíodh féimheacht Makro an 10 Eanáir 2023 9 agus cuireadh 1 431 oibrí ar iomarcaíocht.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, sin agus ar an bhfostaíocht

18.Na siopaí Makro do chustaiméirí ginearálta, bhí siad i bhFlóndras (ceithre shiopa) agus sa Vallúin (dhá shiopa). Na críocha a ndearna na hiomarcaíochtaí difear dóibh, is iad sin na réigiúin Antuairp, OostVlaanderen agus Vlaams-Brabant i bhFlóndras, agus na réigiúin Hainaut agus Liège sa Vallúin.

19.Mar gheall ar na difríochtaí idir na margaí saothair i bhFlóndras agus sa Vallúin, tá éagsúlacht ag baint le tionchar críochach na niomarcaíochtaí.

20.Mhéadaigh an ráta dífhostaíochta ó 8,5 % go 8,8 % sa Vallúin agus laghdaigh sé ó 3,3 % go 3,1 % i bhFlóndras, in R1 2023, i gcomparáid le R4 2022, agus léirítear leis an éagsúlacht ó bhliain go bliain méadú sa dá réigiún (méadú 0,4 pointe céatadáin sa Vallúin agus 0,3 pointe céatadáin i bhFlóndras) 10 .

21.Ar an leibhéal náisiúnta, leath (50,5 %) de na daoine a bhí dífhostaithe sa chéad cheathrú de 2022, tá siad fós dífhostaithe bliain ina dhiaidh sin; tá 26 % acu tar éis an margadh saothair a fhágáil (neamhghníomhach) agus níl ach 24 % acu tar éis filleadh ar an bhfostaíocht. Tá difríochtaí réigiúnacha ann, mar sin féin: tá céatadán na ndaoine atá fós dífhostaithe bliain ina dhiaidh beagán níos airde sa Vallúin (55,1 %) ná an meánráta náisiúnta, ach titeann sé go 36,4 % i bhFlóndras 11 12 .

22.Sa chéad cheathrú de 2023, 77,3 % a bhí sa ráta dífhostaíochta i bhFlóndras, lena ngabhann athrú bliain ar bhliain de 0,7 pointe céatadáin. 65 % a bhí sa ráta dífhostaíochta sa Vallúin (12,3 pointe céatadáin níos ísle ná i bhFlóndras) lena ngabhann laghdú bliain ar bhliain de 0,9 pointe céatadáin 13 .

23.Is mó bacainní ag oibrithe scothaosta fostaíocht a aimsiú. Sa chéad cheathrú de 2023, tá difríocht 18,7 pointe céatadáin idir an ráta dífhostaíochta don aoisghrúpa 20-54 (76,4 %) agus an ráta dífhostaíochta don aoisghrúpa 55+ (56,8 %). I margadh saothair na Vallúine, tuairim agus 25 % de líon iomlán na gcuardaitheoirí poist i mí an Mhárta 2023, ba chuardaitheoirí poist cláraithe iad a bhí 50 bliain d’aois nó níos sine 14 . Tá beirt as gach triúr oibrí iomarcach in Makro (65 %) os cionn 50 bliain d’aois.

Cé gur chuir géarchéim COVID-19 dlús leis an gcuardach ar oibrithe a bhfuil níos mó cáilíochtaí acu i margadh saothair 15 na Beilge, is airgeadóirí agus oibrithe trádstórais a bhíonn i lucht saothair Makro go bunúsach. Is deacra ar na hoibrithe sin ath-imeascadh san fhostaíocht.

24.Chuir an Bheilg isteach ar chómhaoiniú CED amháin chun tacú le hiar-oibrithe Makro sa Vallúin. Measann údaráis réigiúnacha Fhlóndras nach gá an tacaíocht atá ar fáil d’iar-oibrithe Makro i bhFlóndras a bhreisiú le cómhaoiniú ó CED, i bhfianaise na staide maidir lena mhargadh saothair réigiúnach.

Cur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um oirchill ar athrú agus ar athstruchtúrú (QFR)

25.Thug an Bheilg tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um oirchill ar athrú agus athstruchtúrú.

26.Thuairiscigh an Bheilg go ndéantar, faoin dlí saothair náisiúnta 16 maidir le bainistiú gníomhach athstruchtúrúcháin, é a chur de cheangal ar fhiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh acu aonad fostaíochta (cellule pour l’emploi) 17 a bhunú, arb é is cuspóir dó 30 uair an chloig de sheirbhísí socrúcháin sheachtraigh a sholáthar d’oibrithe a scaoileadh chun bealaigh i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna i dtréimhse 3 mhí (60 uair an chloig laistigh de 6 mhí i gcás oibrithe 45+ d’aois). Mar sin féin, níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás féimheachta.

27.Déantar foráil i reachtaíocht réigiúnach na Vallúine 18 maidir le tacaíocht shonrach d’oibrithe iomarcacha, i bhfoirm aonad ath-imlonnaithe (cellule de reconversion) 19 ón tSeirbhís Réigiúnach Fostaíochta Poiblí agus Gairmoiliúna (Forem), arna iarraidh sin ag eagraíochtaí ionadaíocha na noibrithe. Níl aon oibleagáid ar an bhfostóir ná ar Forem maidir leis an aonad ath-imlonnaithe. Is trí aonad ath-imlonnaithe den sórt sin a dhéanfar bainistiú ar chur chun feidhme na mbeart atá cómhaoinithe ag CED.

28.Maidir leis na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe iomarcacha, thuairiscigh an Bheilg gur bunaíodh an taonad ath-imlonnaithe an 1 Feabhra 2023, go gairid tar éis na niomarcaíochtaí.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí a chistítear le cistí náisiúnta nó cistí an Aontais

29.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thíos agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Bheilg nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile an Aontais.

30.Leis an bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe, comhlánaítear gníomhaíochtaí a chistítear le cistí náisiúnta eile nó le cistí eile de chuid an Aontais.

Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

31.Chuir an Bheilg in iúl gur tarraingíodh suas an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena nionadaithe agus lena gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2021/691.

32.Agus é d’aidhm ag Forem, ceardchumainn (FGTB 20 agus CSC 21 ) agus comhpháirtithe eile pacáiste fónta de bhearta saincheaptha a ullmhú chun tacú le hiarrachtaí oibrithe Makro filleadh ar an obair, tháinig siad le chéile an 27 Eanáir, an 2 Márta, an 20 Márta agus an 5 Bealtaine 2023, chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais athoiliúna na noibrithe. Chuathas i gcomhairle freisin leis na comhairleoirí sóisialta a thug cuidiú do na hoibrithe tar éis a ndífhostaithe. Is é an toradh a bhí ar na cruinnithe sin pacáiste comhordaithe de bhearta CED a chomhlíonann Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2021/691.

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

33.Meastar gur 421 an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. De bhun Airteagal 8(7), pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/691, is é seo a leanas miondealú na noibrithe sin de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéil oideachais:

Catagóir

An líon
tairbhithe a bhfuil coinne leo

Inscne:

Fir:

189

(44,9 %)

Mná:

232

(55,1 %)

Neamh‑dhénártha

0

(0,0 %)

Aoisghrúpa:

Faoi bhun 30 bliain:

2

(0,5 %)

30-54 bliana:

229

(54,4 %)

Os cionn 54 bliana:

190

(45,1 %)

Leibhéal oideachais

Oideachas meánscoile sóisearach nó níos lú 22  

87

(20,7 %)

Oideachas meánscoile sinsearach 23 nó oideachas iar-mheánscoile 24

297

(70,5 %)

Oideachas treasach 25

37

(8,8 %)

Bearta atá beartaithe

34.De bhun Airteagal 8(7), pointe 8(7), de Rialachán (AE) 2021/691, is iad na bearta seo a leanas atá sa phacáiste comhordaithe pearsanaithe atá le soláthar d’oibrithe iomarcacha:

Seirbhísí faisnéise, treoir ghairme agus cúnamh i socrúchán seachtrach: Cuirfear treoir aonair agus seirbhísí cuardaigh poist, chomh maith le tacaíocht ó oibrithe sóisialta, ar fáil d’oibrithe le linn na tréimhse cur chun feidhme. Tabharfar aird ar leith ar dhaoine leochaileacha atá faoi anacair shíceolaíoch, féichiúnas, nó míchumas aitheanta trí bhíthin gairmithe a bhfuil saineolas acu ar chúnamh a thabhairt do na grúpaí sin.

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint: Beidh rochtain ag oibrithe ar thairiscint chaighdeánach oiliúna Forem agus a chomhpháirtithe. Ina theannta sin, tar éis tionscadail aonair a phróifíliú agus a chomhaontú leis an gcomhairleoir gairme, cuirfear oiliúint shonrach ar fáil chun freastal ar na riachtanais a sainaithníodh.

Tacaíocht chun gnólacht a chruthú. Tá an beart dírithe ar oibrithe ar mian leo a bheith féinfhostaithe. Áireofar leis céim diagnóise agus treorach, gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an bhfiontraíocht, seisiúin eolais ar an bhféidearthacht atá ann gnólacht a chur ar bun trí dhiagnóisiú eacnamaíoch críochach agus líonrú a dhéanamh le fiontraithe ábhartha agus le cóistí cáilithe tionscnaimh.

Ranníocaíocht chun gnólacht a chruthú. Na hoibrithe a bhunaíonn gnólacht nó gníomhaíocht mar dhaoine féinfhostaithe, gheobhaidh siad ranníocaíocht suas le EUR 15 000. Íocfar an ranníocaíocht in dhá thráthchuid, i bhfianaise doiciméid tacaíochta lena gcruthaítear tús agus forbairt na gníomhaíochta gnó.

Dreasachtaí agus liúntais: (1) Liúntais um chuardach poist agus liúntais oiliúna. Gheobhaidh na hoibrithe EUR 2 in aghaidh gach uaire a chaitheann siad faoi oiliúint éifeachtach nó ag gabháil do ghníomhaíochtaí um chuardach poist. (2) Bónas maidir le scileanna TF a fheabhsú. Na hoibrithe sin a dhéanann an modúl maidir le rochtain ar an neamhspleáchas digiteach, gheobhaidh siad cnapshuim EUR 400 ar choinníoll go nglacfaidh siad páirt ghníomhach ann agus go gcríochnóidh siad an oiliúint. Is é is aidhm don bhónas an neamhlitearthacht dhigiteach a laghdú trí iar-oibrithe Makro a spreagadh chun a gcuid scileanna TF a fheabhsú. (3) Bónas maidir le scileanna teanga a fheabhsú. Na hoibrithe sin a dhéanann modúl dianoiliúna teanga arna eagrú ag Forem nó tumchúrsa teanga i bhfiontar chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna Ollainnise, Béarla nó Gearmáinise mar chuid de chuardach poist shonraigh, gheobhaidh siad cnapshuim EUR 500. Is é cuspóir an bhónais forbairt scileanna trasdisciplíneacha teanga a spreagadh chun ath-imeascadh oibrithe i bpoist a éascú. (4) Liúntas chun dul ar ais ar scoil. Deonófar liúntas míosúil de EUR 350 d’oibrithe a théann i mbun staidéir mheánscoile nó staidéir threasacha go lánaimseartha go ceann bliain amháin ar a laghad, nó i mbun oiliúint cháilitheach go ceann 3 mhí ar a laghad chun na scileanna riachtanacha a fhoghlaim le haghaidh poist a bhfuil éileamh orthu agus a bhfuil sé deacair daoine a earcú dóibh, ar poist iad a bhaineann le feidhmeanna criticiúla 26 nó a bhfuil éagothroime shuntasach iontu ó thaobh inscne de. (5) Liúntas chun gnólacht a chruthú. Chun tacú leis na hoibrithe agus iad ag bunú a ngnólachta, tabharfar liúntas míosúil de EUR 350 dóibh ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí.

35.Oiliúint chun neamhspleáchas digiteach a fháil chomh maith leis an mbónas maidir le scileanna TF a fheabhsú, faoi mar a luaitear thuas, mar aon le modúl ar an ngeilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtúil acmhainní, tá siad sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2021/691. Beidh an modúl maidir leis an ngeilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtúil acmhainní a forbraíodh d’iar-oibrithe Swissport (EGF/2020/005 BE) 27 anois ina chuid de thairiscint oiliúna caighdeánach Forem arna cómhaoiniú ag CSE+. Dá bhrí sin, ní dhéantar foráil bhuiséadach maidir leis sa togra seo. Thairis sin, tá geilleagar acmhainntíosach ag croílár na tairisceana oiliúna de lárionad oiliúna ‘comhshaoil’ Forem 28 .

36.Maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair iad atá laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/691. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

37.Maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh cheana chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe iomarcacha, chuir an Bheilg in iúl nach bhfuil feidhm ag oibleagáid dhlíthiúil an fhostóra seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a chur ar fáil do na hoibrithe iomarcacha mar gheall ar fhéimheacht an fhiontair. Mar sin féin, cuireadh tús leis an tacaíocht do na hoibrithe tríd an aonad ath-imlonnaithe 3 seachtaine i ndiaidh na niomarcaíochtaí.

38.Sholáthair an Bheilg an fhaisnéis a theastaíonn maidir le bearta atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/691, dheimhnigh an Bheilg nach gcuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na mbeart sin.

Buiséad measta

39.Is é EUR 3 327 322 luach na gcostas measta ina n‑iomláine, costais a chuimsíonn caiteachas EUR 3 233 822 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 93 500 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

40.Is é EUR 2 828 223 (85 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

41.De bhun Airteagal 8(7), pointe (m) de Rialachán (AE) 2021/691, shonraigh an Bheilg gurb í an Vallúin a sholáthraíonn an réamh-mhaoiniú agus an comhchistiú náisiúnta.

Bearta

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí 
(EUR) 29

Costais mheasta iomlána

(EUR) 30  

Seirbhísí pearsantaithe (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691)

Seirbhísí faisnéise, treoir ghairme agus cúnamh i socrúchán seachtrach
(
reconversion: accompagnement/orientation/mobilisation)

421

5 350

2 252 335

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint
(
formations et modules spécifiques)

421

944

397 367

Tacaíocht le gnólacht a chruthú
(
dispositif d’accompagnement à l’entrepreneuriat) 

50

2 660

132 982

Ranníocaíocht chun gnólacht a chruthú
(
bourse de lancement)

12

10 000

120 000

Fo-iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

2 902 684

(89,76

 %)

Liúntais agus dreasachtaí (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/691)

Dreasachtaí agus liúntais
(
allocation de recherche d’emploi et de formation, prime numérique, prime langue, allocation de reprise d’études, allocation d’entrepreneuriat) 

421

787

331 138

Fo-iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

331 138

(10,24 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

0 31

2. Bainistíocht

43 400

3. Faisnéis agus poiblíocht

15 000

4. Rialú agus tuairisciú

35 100

Fo-iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

93 500

(2,81 %)

Costais iomlána (a + b + c):

3 327 322

Ranníocaíocht CED (85 % de na costais iomlána)

2 828 223

42.Costais na mbeart a shainaithnítear sa tábla thuas mar bhearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/691, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Bheilg go bhfuil na bearta sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

43.I gcomhréir le hAirteagal 7(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/691, dheimhnigh an Bheilg nach mbeidh costais na n‑infheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíocht, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ó fhostaithe níos mó ná EUR 22 000 in aghaidh an tairbhí.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

44.An 1 Feabhra 2023, thosaigh an Bheilg ar na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu. Dá bhrí sin, an caiteachas ar na bearta, is caiteachas é a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Feabhra 2023 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.

45.An 1 Eanáir 2023, thosaigh an Bheilg ar an gcaiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe, beidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 10 Eanáir 2023 go dtí 31 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

46.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a cheanglaítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/691, lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Bheilg fógra don Choimisiún gurb iad na comhlachtaí sin a bhainistíonn agus a rialaíonn CSE+ a bhainisteoidh agus a rialóidh an ranníocaíocht airgeadais.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

47.Rinne an Bheilg na dearbhuithe uile a bhfuil gá leo a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

urramófar na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú sa rochtain ar na bearta atá beartaithe agus i gcur chun feidhme na mbeart sin,

comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

beidh cosc ar aon mhaoiniú dúbailte,

cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Togra buiséadach

48.Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 32 .

49.Tar éis dó an t‑iarratas a scrúdú maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/691, agus tar éis dó an líon tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, na bearta atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún CED a shlógadh le haghaidh EUR 2 828 223, suim arb í 85 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe í, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

50.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe de bhun Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/691, agus mar a leagtar síos i bpointe 9 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 33 .

Gníomhartha gaolmhara

51.An tráth céanna a chuirfidh sé an togra sin le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh i láthair, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun EUR 2 828 223 a aistriú chuig an líne bhuiséadach ábhartha.

52.An tráth céanna a ghlac an Coimisiún an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, ghlac sé cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais arb é atá ann cinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 34 . Tiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin sin i bhfeidhm an dáta a gheobhaidh an Coimisiún fógra go bhfuil an taistriú buiséadach formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, de bhun Airteagal 15(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/691.

2023/0352 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg — EGF/2023/002 BE/Makro

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 35 , agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 36 , agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2)Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 37 ón gComhairle agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

(3)An 3 Iúil 2023, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe in Makro Cash & Carry Belgium NV sa Bheilg. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38  

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 828 223 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2023, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun an méid
EUR 2 828 223 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha] 39*

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2)    Rialachán Tarmligthe 2019/1755 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na naonad críche ar mhaithe le staidreamh a bhunú (NUTS). IO L 270, 24.10.2019, lgh. 1-56.
(3)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(4)    I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691.
(5)     RTBF.be
(6)     MetroAG.de
(7)     Sligro-ISPC
(8)     Retaildetail.be
(9)    Moniteur Belge Uimh. 15, 16.1.2023, lch. 6674
(10)     Statbel. Emploi et chômage (14.6.2023) .
(11)    I Réigiún Príomhchathrach na Bruiséile 61 %.
(12)     Statbel. Transitions sur le marché du travail (14.6.2023) .
(13)     Statbel. Emploi et chômage (14.6.2023) .
(14)    Le Forem, « Emploi du temps. Photo locale de la demande d’emploi ». Mars 2023.
(15)    Bodart, V. & B. Van der Linden (2022), Crise du COVID-19. Rebond économique et difficultés de recrutement en Belgique. Regards économiques 168, UCLouvain.
(16)    Foraithne Ríoga (Arrêté Royal) an 10 Samhain 2006 lena leasaítear Foraithne Ríoga an 9 Márta 2006.
(17)     Forem. Teagmhas athstruchtúrúcháin: aonaid fostaíochta .
(18)    Foraithne Rialtas na Vallúine an 29 Eanáir 2004, arna leasú le Foraithne an 30 Aibreán 2009.
(19)     Forem. Teagmhas athstruchtúrúcháin: aonaid ath-imlonnaithe .
(20)    Fédération générale du travail de Belgique.
(21)    Conféderation des syndicats chrétiens.
(22)    ISCED 0-2
(23)    ISCED 3
(24)    ISCED 4
(25)    ISCED 5-8
(26)     Liosta de phoist a bhfuil éileamh orthu agus a bhfuil sé deacair daoine a earcú dóibh nó a bhaineann le feidhmeanna criticiúla. « Métiers en tension de recrutement en Wallonie. Liste des métiers/fonctions critiques et en pénurie ». Le Forem 2020 .
(27)    COM(2021) 212
(28)     www.formation-environnement.be
(29)    Chun deachúlacha a sheachaint, slánaítear na meánchostais mheasta in aghaidh an oibrí. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt atá fágtha dála an iarratais a chuir an Bheilg isteach.
(30)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(31)    Déantar gníomhaíochtaí ullmhúcháin a mhaoiniú trí bhuiséad oibriúcháin Forem d’athoiliúint chomhchoiteann. Ní iarrtar aon chómhaoiniú.
(32)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(33)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 29.
(34)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(35)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(36)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 29
(37)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(38)    COM(2023) 470
(39) *    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san IO é.
Top