Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0424

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle

    COM/2023/424 final

    An Bhruiséil,12.7.2023

    COM(2023) 424 final

    2023/0250(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle

    {SEC(2023) 270 final} - {SWD(2023) 246 final} - {SWD(2023) 247 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    ·Forais agus cuspóirí an togra

    Foráiltear leis an togra seo do shraith beart spriocdhírithe chun feabhas a chur ar chumas íospartach brath ar a gcearta faoi Threoir 2012/29/AE 1 (an Treoir maidir le Cearta Íospartach nó VRD). Is é VRD an phríomhionstraim chothrománach do chearta íospartach. Leagtar síos leis cearta d’íospartaigh uile na coireachta uile, lena náirítear an ceart chun faisnéise, an ceart chun tacaíochta agus cosanta bunaithe ar riachtanais aonair na íospartach, cearta nós imeachta, agus an ceart chun cinneadh a fháil ón gciontóir maidir le cúiteamh ag deireadh imeachtaí coiriúla. Tá VRD infheidhme ó mhí na Samhna 2015 i ngach Ballstát den Aontas, cé is moite den Danmhairg, nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir.

    I mí an Mheithimh 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025) 2   chun dlús a chur lena iarrachtaí chun rochtain ar cheartas a áirithiú d’íospartaigh uile na coireachta beag beann ar an áit inar tharla an choir san Aontas nó ar na himthosca faoina ndearnadh í. Sainaithnítear sa straitéis cúig phríomhthosaíocht: (i) cumarsáid éifeachtach le híospartaigh agus timpeallacht shábháilte dóibh chun an choireacht a thuairisciú; (ii) feabhas a chur ar thacaíocht agus ar chosaint do na híospartaigh is leochailí; (iii) an rochtain atá ag íospartaigh ar chúiteamh a éascú; (iv) comhar agus comhordú a neartú i measc na ngníomhaithe ábhartha uile; agus (v) gné idirnáisiúnta chearta íospartach a neartú. Leagtar amach sa straitéis gníomhaíocht neamhreachtach don Choimisiún, do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara eile chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún sa straitéis freisin a mheas an raibh gá le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach agus, má bhí, na leasuithe is gá a mholadh.

    Ba fhorbairt ríthábhachtach é glacadh VRD in 2012 chun cearta íospartach agus ceartas atá dírithe ar íospartaigh a neartú san Aontas. Bhí ról tábhachtach ag an Treoir i limistéar Eorpach saoirse, slándála agus ceartais a chruthú. Mar sin féin, sainaithníodh roinnt easnamh maidir lena chur i bhfeidhm praiticiúil. Tugtar aghaidh orthu tríd an athbhreithniú spriocdhírithe seo ar an Treoir.

    Sainaithníodh na heasnaimh i dtuarascáil mheastóireachta VRD, a ghlac an Coimisiún an 28 Meitheamh 2022 3 . Léirítear sa mheastóireacht, cé gur sholáthair an Treoir na tairbhí a raibh coinne leo agus cearta íospartach a raibh tionchar dearfach acu ar an mórgóir, go bhfuil fadhbanna sonracha fós ann a bhaineann le cearta íospartach faoin Treoir.

    Ar an iomlán, tá feabhas foriomlán tagtha ar an gcaoi a gcaitheann na húdaráis inniúla le híospartaigh agus ar chumas na n‑íospartach páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla. Léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil VRD comhleanúnach agus comhsheasmhach go sásúil le reachtaíocht eile. Bhí tionchar dearfach ag VRD ar chearta íospartach rochtain a fháil ar fhaisnéis agus chuir sé feabhas ar an rochtain atá acu ar sheirbhísí tacaíochta, go háirithe ar sheirbhísí tacaíochta ginearálta atá ar fáil anois d’íospartaigh uile na coireachta uile. Ar an iomlán, tá feabhas curtha ag VRD ar shábháilteacht íospartach.

    In ainneoin na bhforbairtí dearfacha sin, áfach, leagtar béim sa mheastóireacht ar fhadhbanna sonracha a bhaineann le gach ceann de na cearta in VRD ar gá feabhas spriocdhírithe a chur orthu. Baineann na fadhbanna leis an easpa soiléireachta agus beachtais lena ndéantar cearta áirithe a fhoirmliú sa Treoir agus leis an lamháil mhór solúbthachta do na Ballstáit chun iad a thrasuí. Mar thoradh air sin, i gcásanna áirithe, tá srianta ar chur i bhfeidhm praiticiúil chearta íospartach agus difríochtaí sa chaoi a ndearna na Ballstáit an Treoir a thrasuí. Mar shampla, i ndáil leis an gceart chun measúnú aonair a dhéanamh ar riachtanais íospartach agus leis an gceart chun sainseirbhísí tacaíochta, fágtar na heilimintí riachtanacha faoi na nósanna imeachta náisiúnta. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an gceart chun cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir, fágtar lamháil inlíochta ró‑mhór faoi na Ballstáit. Rinne siad sin dochar do chur i bhfeidhm praiticiúil chearta íospartach.

    Cuireann na fadhbanna sin bac ar chumas íospartach brath ar a gcearta faoin Treoir agus an bonn a bhaint den mhuinín i scéimeanna ceartais náisiúnta agus iad siúd i mBallstáit eile. Is é an toradh a bhíonn ar an leibhéal íseal muiníne sin tearcthuairisciú ar choireacht mar gur fearr le híospartaigh gan í a thuairisciú. Níl muinín acu go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá i ndiaidh dóibh an choir a thuairisciú. Déanann sé sin dochar d’fheidhmiú rianúil limistéar Eorpach na saoirse, na slándála agus an cheartais. Chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin, tá gá le leasú ar VRD, leasú nach féidir a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais.

    Tá cúig phríomhfhadhb ann, a ndéantar cur síos orthu thíos.

    1.Ní i gcónaí a fhaigheann íospartaigh faisnéis faoina gcearta, nó faigheann siad faisnéis neamhleor a fhágann go bhfuil sé níos deacra nó dodhéanta dóibh na cearta sin a fheidhmiú. Mar shampla, sa chleachtas, déantar a gceart chun faisnéis a fháil faoina gcearta a bhaint d’íospartaigh nach dtuairiscíonn coireacht ag an gcéad teagmháil leis na húdaráis inniúla. Thairis sin, mar a dearbhaíodh i dtuarascáil Vociare 4 , de réir gairmithe, ní fhaigheann ach 30 % de leanaí, 26 % de dhaoine faoi mhíchumas intleachta agus 26 % de dhaoine neamhliteartha atá ina gcónaí san Aontas faisnéis ar bhealach atá oiriúnaithe dá riachtanais.

    2.Ní i gcónaí a bhaineann íospartaigh leochaileacha (amhail leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, íospartaigh na fuathchoireachta agus íospartaigh atá faoi choinneáil) tairbhe as measúnú tráthúil ar a riachtanais maidir le cosaint agus baintear bearta cosanta éifeachtacha díobh, amhail orduithe cosanta.

    3.Is minic nach féidir le híospartaigh leochaileacha brath ar thacaíocht speisialaithe, amhail cóireáil shíceolaíoch fhadaithe, agus is minic nach féidir le híospartaigh ar leanaí iad brath ar chur chuige spriocdhírithe bunaithe ar chomhar ilghníomhaireachta.

    4.Is minic a bhíonn sé deacair d’íospartaigh a bheith rannpháirteach in imeachtaí coiriúla mar gheall ar easpa comhairle dlí agus easpa treorach dlí agus easpa difríochtaí i rialacha maidir le stádas íospartach sna nósanna imeachta sin.

    5.Is deacair d’íospartaigh rochtain a fháil ar chúiteamh i gcásanna intíre agus trasteorann mar gheall ar an easpa tacaíochta stáit agus an cúiteamh ordaithe ón gciontóir á fhorfheidhmiú, rud a fhágann go bhfuil baol na híospartha tánaistí ann.

    Thairis sin, tá méadú tagtha le 10 mbliana anuas ar na híoschaighdeáin maidir lena bhfuil i gceist le ceartas atá fabhrach do leanaí 5 agus atá dírithe ar íospartaigh 6 . Dá bhrí sin, chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh brath go hiomlán ar a gcearta bunaithe ar na riachtanais atá acu faoi láthair agus ar na forbairtí is déanaí sa cheartas agus sa teicneolaíocht, moltar san athbhreithniú sin rialacha íosta níos forleithne ná na rialacha a glacadh in 2012. Tá siad sin bunaithe ar dhea-chleachtais na mBallstát.

    Is é is aidhm don athbhreithniú seo freagairt do na fadhbanna sonracha thuasluaite trí dhíriú ar thacar cuspóirí ginearálta agus sonracha (le cuspóir sonrach amháin do gach fadhb shonrach).

    Is é cuspóir ginearálta an athbhreithnithe seo rannchuidiú le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fheidhmíonn go maith agus atá bunaithe ar an méid seo a leanas:

    ·aitheantas éifeachtúil ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla;

    ·ardleibhéal slándála i ngeall ar thuairisciú feabhsaithe ar choireacht 7 ;

    ·ceartas atá dírithe ar íospartaigh, ina naithnítear íospartaigh agus inar féidir leo brath ar a gcearta.

    Áirítear an méid seo a leanas ar chuspóirí sonracha an athbhreithnithe sin:

    (i)feabhas suntasach ar an rochtain atá ag íospartaigh ar fhaisnéis;

    (ii)bearta cosanta a ailíniú níos fearr le riachtanais íospartach chun sábháilteacht na níospartach leochaileach a áirithiú;

    (iii)rochtain níos fearr ar thacaíocht speisialaithe d’íospartaigh leochaileacha;

    (iv)rannpháirtíocht níos éifeachtaí in imeachtaí coiriúla d’íospartaigh; agus

    (v)rochtain éascaithe ar chúiteamh ón gciontóir i ngach cás, lena náirítear cásanna náisiúnta agus trasteorann.

    Rinneadh measúnú cúramach ar na cuspóirí sonracha agus ar thorthaí na gcuspóirí sin sa mheasúnú tionchair. Tá míniú níos mionsonraithe ar na cuspóirí agus ar na leasuithe comhfhreagracha ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach curtha i láthair i Roinn 3 ar an measúnú tionchair.

    ·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Glacadh VRD an 25 Deireadh Fómhair 2012. Ní dhearnadh í a leasú ná a athbhreithniú ó shin i leith. Chomh maith le VRD, áirítear i reachtaíocht an Aontais maidir le cearta íospartach Treoir um Chúiteamh 2004 8 agus rialacha AE maidir le horduithe cosanta 9 . Tá na hionstraimí sin cothrománach freisin agus tá siad infheidhme maidir le híospartaigh uile na coireachta.

    Ina theannta sin, áirítear i reachtaíocht an Aontais maidir le cearta íospartach reachtaíocht earnálach ina bhfuil roinnt ionstraimí lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha na níospartach i gcatagóirí áirithe coireanna. Áirítear orthu sin an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint 10 , an Treoir i gcoinne míúsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí 11 , an Treoir maidir le Frithsceimhlitheoireacht 12 , agus an Treoir maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac 13 . An 8 Márta 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (togra VAW) 14 . An 19 Nollaig 2022, thíolaic an Coimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint 15 .

    Déantar gníomhartha áirithe a choiriúlú sa reachtaíocht earnálach agus foráiltear do chearta breise d’íospartaigh na gcoireanna sin a fhreagraíonn ar bhealach níos dírí dá riachtanais shonracha. Ní thagann an reachtaíocht earnálach in ionad rialacha VRD. Cuireann forálacha na reachtaíochta earnála le VRD agus tá siad infheidhme sa bhreis ar fhorálacha VRD. Forlíonann an reachtaíocht earnálach VRD trí chearta breise a chur ar fáil d’íospartaigh catagóirí sonracha coireanna faoin reachtaíocht earnálach. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar VRD, bainfidh gach íospartach, lena n‑áirítear iad siúd a chumhdaítear leis an reachtaíocht earnálach, tairbhe as rialacha neartaithe maidir le cearta íospartach. Tá an t‑athbhreithniú ar VRD ag teacht go hiomlán leis an reachtaíocht earnálach. Ní bheidh gá le haon athbhreithnithe ar an reachtaíocht earnálach atá glactha nó atá beartaithe.

    Sa mheasúnú tionchair, rinne an Coimisiún measúnú cúramach ar chomhsheasmhacht an togra seo leis an reachtaíocht earnálach uile. Go háirithe, seiceáladh comhsheasmhacht na mbeart atá beartaithe maidir le línte cabhracha íospartach, measúnuithe aonair feabhsaithe agus bearta spriocdhírithe agus comhtháite i gcoinne na reachtaíochta earnála. Áirítear leis sin an reachtaíocht atá ann cheana maidir le híospartaigh na sceimhlitheoireachta agus íospartaigh na mí‑úsáide gnéasaí ar leanaí iad agus bearta atá beartaithe maidir le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban nó an fhoréigin teaghlaigh agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Léiríodh sa mheasúnú go gcomhlánaíonn agus go neartaíonn na bearta atá beartaithe an reachtaíocht earnálach.

    Ní hionann an leibhéal cosanta atá beartaithe sa reachtaíocht earnálach agus tagarmharc chun caighdeáin a ardú d’íospartaigh uile na coireachta uile faoin athbhreithniú seo. Ós rud é go ndéantar na bearta reachtaíochta earnála a cheapadh agus béim á leagan ar riachtanais shonracha na n‑íospartach i gcatagóirí áirithe coireanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad ábhartha ná comhréireach d’íospartaigh uile gach coire. Mar sin féin, d’fhéadfadh eilimintí atá cumhdaithe cheana leis an reachtaíocht earnálach a bheith i gcuid de na bearta a mholtar faoin athbhreithniú seo. Tá sé sin dosheachanta i bhfianaise ábhar coiteann chearta íospartach agus ós rud é go bhfuil VRD infheidhme maidir le gach íospartach, lena n‑áirítear íospartaigh neamhleochaileacha agus leochaileacha. Is iad íospartaigh leochaileacha faoi VRD iad siúd a bhfuil saintacaíocht agus sainbhearta cosanta de dhíth orthu, lena n‑áirítear íospartaigh a chumhdaítear leis an reachtaíocht earnálach atá ann cheana agus atá beartaithe, ach a théann níos faide ná sin, amhail íospartaigh na sceimhlitheoireachta nó íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Mar shampla, moltar faoin athbhreithniú sin tacaíocht shíceolaíoch saor in aisce a áirithiú d’íospartaigh leochaileacha chomh fada agus is gá mar leasú ar Airteagal 9(1)(c). Is ceart é sin cheana féin d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta faoi Airteagal 24(2) den Treoir maidir le Frithsceimhlitheoireacht. Áirithítear comhsheasmhacht VRD leis an reachtaíocht earnálach go hiomlán sa chás seo toisc go leanann íospartaigh coireanna a chumhdaítear leis an reachtaíocht earnálach de thairbhe a bhaint as a gcearta faoin dá cheann. Tar éis theacht i bhfeidhm VRD athbhreithnithe, leanfaidh íospartaigh na sceimhlitheoireachta de thairbhe a bhaint as a gceart chun tacaíocht shíceolaíoch saor in aisce in éineacht le catagóirí eile d’íospartaigh leochaileacha.

    Tá gá le soiléiriú breise i ndáil le seirbhís tacaíochta speisialaithe spriocdhírithe agus chomhtháite d’íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu. Tagraítear in Airteagal 9(3)(b) RVD do thacaíocht den sórt sin go háirithe d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh, d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus d’íospartaigh an fhoréigin i ndlúthchaidreamh. Ní thagraíonn sé go sainráite, áfach, do ghrúpaí eile íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu. Dá bhrí sin, soiléirítear leis an leasú atá beartaithe ar VRD gur cheart seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite a bheith ar fáil d’íospartaigh eile a bhfuil riachtanais shonracha acu amhail íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, íospartaigh coireanna eagraithe, íospartaigh faoi mhíchumas, íospartaigh dúshaothraithe, íospartaigh na coireachta fuatha, íospartaigh na sceimhlitheoireachta nó íospartaigh na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí. Ní dhéanann sé sin difear do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit, faoin togra maidir le foréigean in aghaidh na mban chun rochtain ar sheirbhísí spriocdhírithe agus comhtháite a áirithiú d’íospartaigh coireanna a chumhdaítear leis an togra maidir le foréigean in aghaidh na mban agus go háirithe d’íospartaigh éignithe (na hionaid éignithe faoi Airteagal 28 den togra maidir le foréigean in aghaidh na mban) nó d’íospartaigh ciorrú ball giniúna ban (faoi Airteagal 29 den togra maidir le foréigean in aghaidh na mban).

    Thairis sin, mar fhreagairt ar na heasnaimh a sainaithníodh sa mheastóireacht, ceanglaítear leis an togra seo ar na Ballstáit prótacail shonracha a bhunú lena n‑eagrófar gníomhaíochtaí sainseirbhísí tacaíochta chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar riachtanais iolracha íospartach a bhfuil riachtanais shonracha acu (féach mír 4 d’Airteagal 9 RVD a cuireadh isteach le déanaí).

    Chun a áirithiú nach bhfuil aon mhíthuiscint ann maidir le raon feidhme oibleagáidí na mBallstát faoin togra maidir le foréigean in aghaidh na mban agus faoin togra seo maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar VRD, tá sé beartaithe foráil shainráite a thabhairt isteach in VRD lena gceanglaítear ar na Ballstáit a n‑oibleagáidí faoin togra seo a thrasuí gan difear a dhéanamh dá n‑oibleagáidí faoin togra maidir le foréigean in aghaidh na mban. Ina theannta sin, chun VRD a ailíniú leis an téarmaíocht a úsáidtear sa togra maidir le foréigean in aghaidh na mban, soiléirítear leis an togra seo, i gcás ina dtagraíonn VRD d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, gur cheart íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh a áireamh sa choincheap sin.

    Tá an t‑athbhreithniú sin ag teacht go hiomlán le straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach mar a léirítear sa mheasúnú tionchair.

    ·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an tathbhreithniú sin comhsheasmhach freisin le beartais eile de chuid an Aontais, lena náirítear an digitiú. Go háirithe, freagraíonn an fhoráil atá beartaithe maidir le húsáid modhanna leictreonacha cumarsáide d’fhorbairtí sa teicneolaíocht i gcomhréir le beartas digiteála an Choimisiúin, lena náirítear digitiú an cheartais 16 . Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh, beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le deis a thabhairt d’íospartaigh a gcearta faisnéise a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar cheartas trí chumarsáid leictreonach a úsáid. Leis na bearta atá beartaithe, éascaítear rochtain ar cheartas d’íospartaigh i gcásanna trasteorann freisin trína iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht in imeachtaí coiriúla a éascú d’íospartaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear trí fhíschomhdháil agus trí ghlaonna comhdhála teileafóin. Sáraíonn ceanglas den sórt sin an teorainn atá ann faoi láthair faoi Threoir 2012/29/AE lena bhforáiltear don fhéidearthacht sin ach amháin chun críche íospartaigh a éisteacht i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh an 29 Bealtaine 2000 17 .

    Dírítear san athbhreithniú ar úsáid na cumarsáide leictreonaí a áirithiú. Trí rochtain chomhionann ar fhaisnéis, ar chosaint, ar thacaíocht, ar cheartas agus ar chúiteamh a éascú, cuirfidh an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach ar chumas na n‑íospartach uile a gcearta a fheidhmiú ar bhealach níos cothroime. Cuirfidh sé sin go mór le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 10 de chuid na Náisiún Aontaithe arb é is aidhm dó neamhionannais a laghdú.

    Agus é mar sprioc fhoriomlán aige muinín a mhéadú sna hinstitiúidí agus sna seirbhísí a thacaíonn le híospartaigh na coireachta, rannchuideoidh an tionscnamh leis an smacht reachta a chur chun cinn agus áiritheofar leis go mbeidh rochtain chomhionann ar cheartas ann ar a dtugann SDG 16 maidir leis an tsíocháin, an ceartas agus institiúidí láidre aghaidh ar an rochtain chéanna.

    Bheifí ag súil le feabhsuithe san fhadtéarma maidir le dea-shláinte agus dea-bhail (SDG 3). Bainfear é sin amach trí chosaint níos fearr a thabhairt d’íospartaigh agus trí íospairt thánaisteach a laghdú. Cuid de na héifeachtaí indíreacha a chabhraíonn leis an gcoireacht a dhíspreagadh, cuideoidh siad freisin le dul chun cinn a dhéanamh sa SDG seo, e.g. leibhéil níos airde tuairiscithe coireachta, imeachtaí dlíthiúla agus breithiúnais a fhorfheidhmítear den chuid is mó.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    ·Bunús dlí

    Is é Airteagal 82(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo. Cuireann sé sin ar chumas an Aontais rialacha íosta a leagan síos maidir le cearta íospartach: (i) a mhéid is gá aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha agus comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo a éascú; agus (ii) ar choinníoll go gcuirtear difríochtaí idir traidisiúin agus córais dlí na mBallstát san áireamh. Níl rialacha íosta maidir le cearta íospartaigh na coireachta teoranta do chásanna trasteorann. Cosúil leis na híoschaighdeáin do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do na daoine atá cúisithe, is féidir leis an Aontas íoschaighdeáin a leagan síos le haghaidh rialacha náisiúnta chun muinín fhrithpháirteach i gcórais bhreithiúnacha na mBallstát eile a mhéadú. Is féidir leis sin feabhas a chur ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo.

    ·Coimhdeacht

    Chun go mbeidh an t‑aitheantas frithpháirteach agus an comhar breithiúnach iomlán éifeachtach, ní mór muinín fhrithpháirteach a bheith ann i gcórais cheartais choiriúil na mBallstát eile. Ba cheart muinín fhrithpháirteach a bheith ann as caighdeáin chothroime agus ceartais na gcóras ceartais, agus ba cheart go mbeadh muinín ag an bpobal go gcuirfear na rialacha íosta céanna i bhfeidhm má thaistealaíonn siad nó má chónaíonn siad thar lear. Mar a aithnítear sa Chonradh, tá sé ríthábhachtach íoschaighdeáin a bhunú maidir le cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe agus maidir le cearta íospartach chun aitheantas frithpháirteach a éascú. Ceanglaítear leis an gConradh ar an Aontas Eorpach gníomhú sna réimsí sin roimh ré (is é sin sula mbrisfear an mhuinín as scéimeanna ceartais na mBallstát eile) chun an mhuinín sin a neartú.

    Tá comhchuibhiú suntasach déanta cheana féin ar chearta íospartach ag VRD agus ag an reachtaíocht earnálach agus, dá bhrí sin, chuidigh siad le muinín as córais bhreithiúnacha na mBallstát eile a mhéadú. Mar sin féin, mar a thuairiscítear sa mheastóireacht agus mar a deimhníodh sna comhairliúcháin, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta maidir le híoschaighdeáin a leagan síos maidir le cearta íospartach, ní raibh roinnt Ballstát in ann na cearta sin a chosaint go héifeachtach laistigh den raon feidhme a cheadaítear le VRD.

    Ina theannta sin, tá athrú tagtha ar íoschaighdeáin le 10 mbliana anuas ó glacadh VRD. Tá sé sin nasctha le forbairtí sa cheartas (ceartas atá fabhrach do leanaí agus d’íospartaigh), sa tsochaí (amhail gá níos mó le cur chuige comhordaithe chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh ar fáil i gcónaí i ngéarchéim 18 ) agus sa teicneolaíocht (digitiú, an méadú ar choireacht ar líne agus teicneolaíochtaí nua chun tacú le híospartaigh, cosaint agus rochtain ar cheartas). Ní mór íoschaighdeáin níos forleithne a leagan síos chun éifeachtacht VRD a áirithiú agus chun muinín fhrithpháirteach a choinneáil i measc na núdarás náisiúnta.

    Ba cheart go dtiocfadh breisluach AE go príomha as comhar breithiúnach a éascú in ábhair choiriúla agus feidhmiú rianúil an limistéir Eorpaigh saoirse, slándála agus ceartais a áirithiú. Chun go dtarlódh sé sin, tá sé ríthábhachtach muinín a bheith agat as rochtain chomhionann ar chearta íospartach atá neamhspleách ar an áit san Aontas inar tharla an choir. Sampla amháin ina dteastaíonn ardleibhéal muiníne i gcearta íospartach is ea cinneadh na núdarás breithiúnach maidir le himeachtaí a aistriú chuig Ballstát eile. Faoi Chinneadh Réime 19 2009/948/CGB, féadfaidh údaráis náisiúnta inniúla dul i dteagmháil lena chéile nuair atá forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil imeachtaí comhthreomhara á seoladh i mBallstát eile, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le haistriú imeachtaí chuig Ballstát eile. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an aistriú, cuireann na húdaráis náisiúnta san áireamh a mhéid is féidir leis na híospartaigh sna himeachtaí brath ar a gcearta sa Bhallstát aistrithe. Chun cinntí a dhéanamh maidir le haistrithe, tá sé ríthábhachtach go mbeadh ardleibhéal muiníne ag na húdaráis bhreithiúnacha go mbainfidh íospartaigh tairbhe as leibhéal coibhéiseach rochtana ar thacaíocht, ar chosaint, ar an bhféidearthacht páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla, agus ar rochtain ar chúiteamh do chiontóirí sa Bhallstát a naistrítear na himeachtaí chuige. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ós rud é gur mhol an Coimisiún le déanaí Rialachán maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla 20 a aistriú chun a áirithiú go ndéanann an Ballstát is fearr cion coiriúil a imscrúdú nó a ionchúiseamh 21 .

    Baineann breisluach AE freisin le dul i ngleic le scála agus cineál na bhfadhbanna nach féidir leis na Ballstáit déileáil leo astu féin.

    ·Comhréireacht

    Rinneadh measúnú cúramach ar na bearta a mholtar san athbhreithniú seo sa mheasúnú tionchair. Léiríodh comhréireacht i leibhéal na gníomhaíochta sna córais dlí náisiúnta. Tá an ghníomhaíocht sin leagtha amach i dtrí réiteach mhalartacha le haghaidh gach ceann de na cúig chuspóir shonracha (ón gceann is lú ualach go dtí na cinn is mó do na Ballstáit). Rinneadh comhréireacht gach ceann de na bearta atá beartaithe a mheasúnú go cúramach agus a thástáil le páirtithe leasmhara sna comhairliúcháin.

    ·An rogha ionstraime

    Mar a shonraítear in Airteagal 82(2) CFAE, féadfaidh reachtóir an Aontais gníomhú trí bhíthin treoracha. Tá treoir ina ceangal ar gach Ballstát maidir leis an toradh atá le baint amach ach fágtar rogha na foirme agus na modhanna faoi na húdaráis náisiúnta.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    ·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Agus é ag ullmhú na meastóireachta agus an mheasúnaithe tionchair ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara.

    I mí na Nollag 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún treochlár meastóireachta an tionscnaimh seo ar an suíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’ 22 . Fuarthas 56 fhreagra sa chomhairliúchán sin. An 28 Meitheamh 2022, ghlac an Coimisiún a mheastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach 23 . Staidéar tacaíochta agus bailiú sonraí ina raibh comhairliúchán poiblí 24 mar chuid den mheastóireacht. Sa chomhairliúchán poiblí, fuair an Coimisiún 95 aighneacht, lena náirítear 20 páipéar seasaimh.

    Mar chuid den mheasúnú tionchair ar an athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le cearta íospartach, rinne an Coimisiún na comhairliúcháin seo a leanas: glao ar fhianaise 25 (fuarthas 53 fhreagra); comhairliúchán poiblí (fuarthas 72 fhreagra, lena náirítear 15 pháipéar seasaimh ar athbhreithníodh ceann acu ina dhiaidh sin); comhairliúcháin spriocdhírithe le saineolaithe ó na Ballstáit, leis an Ardán um Chearta Íospartach agus le grúpa saineolaithe ar an dlí coiriúil; agus comhairliúcháin leathana mar chuid de staidéar an chonraitheora sheachtraigh chun tacú leis an measúnú tionchair ar chostas agus ar thairbhí na roghanna beartais.

    Chuathas i gcomhairle leis na catagóirí páirtithe leasmhara seo a leanas: (i) gairmithe a oibríonn le híospartaigh, lena n‑áirítear údaráis bhreithiúnacha sna Ballstáit, údaráis lárnacha agus údaráis forfheidhmithe dlí; (ii) baill d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn le híospartaigh, eadhon eagraíochtaí agus seirbhísí tacaíochta AE agus náisiúnta d’íospartaigh; (iii) gníomhaireachtaí agus líonraí AE, lena n‑áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), an Líonra Eorpach um Chearta Íospartach, líonra AE de phointí teagmhála náisiúnta maidir le cúiteamh, na pointí teagmhála aonair d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta sna Ballstáit, an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, agus an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí; (iv) eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa; (v) eagraíochtaí taighde agus acadúla; agus (vi) an pobal, lena n‑áirítear íospartaigh.

    ·Bailiú agus úsáid saineolais

    Cuireann an togra seo le fianaise a bailíodh mar chuid den mheastóireacht agus den mheasúnú tionchair ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach.

    Tá go leor tuarascálacha agus staidéar ar chearta íospartach agus ar chur chun feidhme VRD sna Ballstáit curtha san áireamh san athbhreithniú sin freisin. Áirítear orthu sin roinnt tuarascálacha ó thionscadail a fuair maoiniú ón Aontas 26 . Tá anailís costais is tairbhe seolta ag an gCoimisiún freisin, anailís a rinne conraitheoir seachtrach, chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht airgeadais na bpríomhroghanna.

    Ina theannta sin, chuir an Coimisiún san áireamh an obair a rinne Parlaimint na hEorpa roimhe seo. Áiríodh leis sin staidéar ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Cearta Íospartach, a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa in 2017 27 , staidéar a d’iarr an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) maidir le dlíthe nós imeachta coiriúla ar fud an Aontais 28 , agus an Rún ón bParlaimint maidir le híoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartach 29 .

    ·Measúnú tionchair

    Tá an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo bunaithe ar thorthaí na meastóireachta a rinne an Coimisiún.

    Rinne an Coimisiún roinnt roghanna beartais reachtaigh a mheas sa mheasúnú tionchair. Eisiadh roghanna neamhreachtacha ós rud é go n‑áirítear cheana féin i straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025) bearta neamhreachtacha atá le cur chun feidhme sna blianta amach romhainn, ach go bhfuil an tionchar a mheastar a bheidh acu san áireamh sa bhonnlíne.

    Leis na leasuithe a mholtar sa phacáiste tosaíochta de roghanna beartais sa mheasúnú tionchair, bainfear an méid seo a leanas amach:

    ·Rochtain níos éifeachtaí ar fhaisnéis, go háirithe tríd an oibleagáid línte cabhrach d’íospartaigh a chur ar bun lena gcuirtear faisnéis faoina gcearta ar fáil do gach íospartach a dhéanann teagmháil leo, lena náirítear iad siúd nach dtuairiscíonn coir.

    ·Bearta cosanta atá ag teacht níos fearr le riachtanais íospartach, go háirithe mar gheall ar an measúnú aonair feabhsaithe ar riachtanais chosanta íospartach agus ar liosta méadaithe na mbeart cosanta a bheidh ar fáil d’íospartaigh tar éis an mheasúnaithe, lena náirítear orduithe cosanta.

    ·Tacaíocht níos fearr a thabhairt, go háirithe tríd an gceart chun tacaíocht shíceolaíoch saor in aisce a fháil chomh fada agus is gá, don cheart chun tacaíochta spriocdhírithe ilghníomhaireachta d’íospartaigh ar leanaí iad agus do chearta daoine faoi mhíchumas.

    ·Rannpháirtíocht níos éifeachtaí d’íospartaigh in imeachtaí coiriúla tríd an gceart chun cúnaimh riaracháin sa chúirt agus an ceart chun leighis.

    ·Rochtain níos fearr ar chúiteamh trí (i) cearta íospartach a neartú chun cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir le linn an imeachta choiriúil; agus (ii) é a chur de cheangal ar an stát cúiteamh an chiontóra a íoc le híospartaigh in am trátha tar éis an bhreithiúnais ar chúiteamh an chiontóra, agus deis a thabhairt don stát é a aisghabháil níos déanaí ón gciontóir.

    Mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair, is mó i ngach Ballstát na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo ó na leasuithe atá beartaithe san athbhreithniú seo ná na costais a bhfuiltear ag súil leo.

    Ní hionann an cóimheas ar fud na mBallstát agus tá cóimheas costais is tairbhe níos airde ag roinnt acu (tionchar dearfach níos airde in aghaidh an euro a chaitear) agus tá cuid acu níos ísle (tionchar dearfach níos ísle in aghaidh an euro a chaitear). Is ó shuímh thosaigh éagsúla na mBallstát a thagann an phríomhchúis atá leis na difríochtaí sin. Áirítear leis sin go háirithe an leibhéal iarrachta (costais) nach mór do na Ballstáit a ghabháil orthu féin chun torthaí na leasuithe atá beartaithe a bhaint amach, difríochtaí sna costais a bhaineann le trasuí beart áirithe (mar shampla tacaíocht shíceolaíoch) agus líon éagsúil íospartach ar fud na mBallstát.

    Léirítear go soiléir sa mheasúnú tionchair, cé go mbeidh ar na Ballstáit infheistíochtaí tosaigh áirithe a dhéanamh, go mbeidh geilleagair fheidhmiúla níos fearr, sochaithe níos athléimní, agus institiúidí poiblí níos láidre mar thoradh ar na leasuithe atá beartaithe. Íospartaigh na coireachta a fhaigheann tacaíocht agus cosaint thráthúil, a chomhtháthaíonn iad ar bhealach níos éasca sa tsochaí, a fhilleann ar an obair níos tapúla agus a bhraitheann níos lú ar scéimeanna cúraim sláinte. Tá fonn níos mó ar íospartaigh den sórt sin an choireacht a thuairisciú agus comhoibriú leis na húdaráis inniúla. Dá bhrí sin, mar thoradh ar na leasuithe atá beartaithe, bainfidh na Ballstáit tairbhe as na geilleagair fheabhsaithe, as sochaithe níos comhtháite agus as scéimeanna ceartais níos láidre.

    Cuireadh an dréachtmheasúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 3 Samhain agus pléadh é an 30 Samhain 2022. Rinneadh athbhreithniú beag ar an measúnú tionchair tar éis na héisteachta chun na costais cur chun feidhme agus an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna a léiriú ar bhealach níos beaichte. An 1 Nollaig, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach maidir leis an dréacht gan forchoimeádas.

    ·Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Tugtar le fios san anailís sa mheasúnú tionchair gur cheart go laghdófaí an t‑ualach ar na Ballstáit san fhadtéarma leis an bpacáiste de roghanna tosaíochta, fiú dá dtiocfadh méadú ar chostais áirithe sa ghearrthéarma. Ba cheart go mbeadh an t‑ardú sin níos mó ná cúiteamh leis na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo de bharr phacáiste na roghanna.

    Tiocfaidh roinnt simplithe le haghaidh na n‑údarás náisiúnta ó bhearta éagsúla, rud a mhéadóidh comhar agus comhordú i measc na ndaoine a bhíonn ag déileáil le híospartaigh, lena n‑áirítear seirbhísí tacaíochta. Is é an toradh a bheidh air sin go ndéanfar scéimeanna ceartais a eagrú ar bhealach níos éifeachtúla. Go háirithe, roinnfear le daoine eile (lena n‑áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saorálaithe) an t‑ualach reatha ar na póilíní, arb í an oibleagáid faisnéis iomlán maidir le cearta íospartach a chur ar fáil i gcomhréir le riachtanais shonracha gach íospartaigh.

    Sainaithníodh tairbhí breise d’fheidhmiú chórais cheartais na mBallstát. Go háirithe, táthar ag súil go gcuideofar go mór le seirbhísí a dhéileálann le cúiteamh stáit tríd an rogha thosaíochta maidir le cúiteamh ordaithe a chur chun feidhme go hiomlán. Ba cheart go ndéanfaí tuilleadh simplithe trí dhéileáil le gach saincheist a bhaineann le cúiteamh sna himeachtaí coiriúla, seachas in imeachtaí coiriúla agus sibhialta araon. Laghdóidh sé sin líon na gcásanna sibhialta agus déanfaidh sé córas na cúirte níos éifeachtúla.

    An 5 Nollaig 2022, ghlac an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ a thuairim maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar acquis 30 chearta na níospartach. Tá a chuid moltaí i gcomhréir leis an obair leanúnach i réimse chearta íospartach agus leis na roghanna beartais tosaíochta sa mheasúnú tionchair.

    ·Cearta bunúsacha

    Urramaíonn an togra na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachann na roghanna beartais uile le hidirdhealú a laghdú trí rochtain chomhionann ar fhaisnéis, ar chosaint, ar thacaíocht, ar cheartas agus ar chúiteamh a chur ar fáil agus trí íoschaighdeáin leordhóthanacha a áirithiú d’íospartaigh uile na coireachta gan idirdhealú, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais shonracha íospartach.

    Go nithiúil, maidir le rochtain chomhionann ar fhaisnéis faoi chearta íospartach, rinneadh breithniú ar conas rochtain níos fearr a áirithiú d’íospartaigh in institiúidí dúnta. Cuirfidh an suíomh gréasáin (atá ina dhlúthchuid den líne chabhrach d’íospartaigh) feabhas ar rochtain ar fhaisnéis d’íospartaigh nach bhfuil teanga oifigiúil an Bhallstáit acu. Trí fheabhas a chur ar mheasúnuithe ar riachtanais aonair, is féidir measúnú níos fearr a dhéanamh ar riachtanais aonair íospartach, rud a fhágfaidh cosaint níos cothroime agus níos éifeachtaí do na híospartaigh is leochailí. Maidir le tacaíocht d’íospartaigh, beartaítear leis an tionscnamh, i measc nithe eile, tacaíocht shíceolaíoch saor in aisce a leathnú chun grúpa níos leithne íospartach a chumhdach (tá sé forchoimeádta faoi láthair d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta). Ina theannta sin, tá sé beartaithe leis an athbhreithniú níos mó ceart a thabhairt d’íospartaigh na coireachta le linn imeachtaí coiriúla, beag beann ar a stádas foirmiúil mar pháirtí. Dá bhrí sin, is dócha go spreagfaidh an fhéidearthacht duine a bheith in éineacht leo le linn imeachtaí, go spreagfaidh sin gach íospartach chun a gcearta a éileamh. Cuireadh isteach foráil maidir le cearta daoine faoi mhíchumas lena gcuirtear na cearta sa togra seo ar fáil dá riachtanais shonracha. Cuirfidh sé sin ar chumas daoine faoi mhíchumas leas a bhaint as cearta íospartach ar bhonn comhionann le daoine eile. Is é is aidhm do na hathruithe sin go léir an neamhionannas a laghdú agus meastar go mbeidh tionchar dearfach acu ar chearta bunúsacha.

    Tá cur isteach ar an gceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7) agus cosaint shonraí pearsanta (Airteagal 8) an íospartaigh agus an chiontóra riachtanach agus comhréireach chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh brath go héifeachtach ar a gcearta tacaíochta agus cosanta. Ina theannta sin, déantar foráil sa togra maidir le hoibleagáid shonrach gan sonraí pearsanta an íospartaigh a roinnt leis na húdaráis imirce. Áirithítear leis an gcoimirciú sin nach bpróiseáiltear faisnéis faoin íospartach ach amháin chun críocha VRD. Is gá sonraí pearsanta a bhailiú chun críocha staidrimh chun éifeachtacht na mbeart san athbhreithniú seo a áirithiú agus chun beartas chearta íospartach a mhúnlú. Déantar meas ar phríobháideachas agus ar shaol teaghlaigh na n‑íospartach a neartú a thuilleadh trína áirithiú go ndéanfar bearta cosanta leordhóthanacha i gcoinne ciontóirí tar éis measúnuithe aonair a dhéanamh.

    Áirítear ar na cearta bunúsacha, mar a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an ceart chun na beatha (Airteagal 2), an ceart go ndéanfar sláine fhisiciúil agus mheabhrach a urramú (Airteagal 3), an ceart ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun comhionannais os comhair an dlí (Airteagal 20), an ceart chun neamh‑idirdhealaithe (Airteagal 21), cearta an linbh (Airteagal 24), daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú (Airteagal 26), an ceart chun cúnaimh shóisialta agus cúram sláinte (Airteagal 35), an ceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41), agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47).

    Rinneadh measúnú ar an togra freisin i bhfianaise chearta na gciontóirí, na ndaoine atá faoi dhrochamhras agus na ndaoine atá cúisithe. Áirítear orthu sin an ceart chun rochtain a fháil ar cheartas (Airteagal 47), toimhde na neamhchiontachta (Airteagal 48), an ceart chun cosanta agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta maidir le himeachtaí coiriúla (Airteagal 49), an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla mar gheall ar an gcion coiriúil céanna (Airteagal 50), agus rialacha AE maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe. Fuarthas amach nach raibh tionchar ag na roghanna ar chearta bunúsacha ciontóirí, daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe.

    Ina theannta sin, breithnítear sa togra seo cearta daoine faoi mhíchumas agus na hoibleagáidí a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a bhfuil an tAontas agus na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann.

    Meastar go neartóidh an togra cearta bunúsacha na n‑íospartach. Mar sin féin, i gcás roinnt roghanna, beidh an éifeacht dhíreach ar chearta bunúsacha níos suntasaí ná mar a bheidh i gcás roghanna eile. Ós rud é nach féidir an tionchar a chainníochtú, roghnaíodh anailís cháilíochtúil mar mhodheolaíocht. Déantar é sin trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid is féidir le gach rogha feabhas a chur ar an mbonnlíne.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

    5.EILIMINTÍ EILE

    ·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    I gcomhréir le hAirteagal 2 den togra seo, ceanglaítear ar na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun go gcomhlíonfar iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí. Tá eisceacht ann maidir leis na forálacha is gá a thabhairt isteach chun Airteagal 26b (maidir le húsáid modhanna leictreonacha cumarsáide) a chomhlíonadh, ar forálacha iad ba cheart a ghlacadh agus a fhoilsiú faoi [ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach]. Ní mór do na Ballstáit téacs a bhforálacha a chur in iúl don Choimisiún.

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar thionchar an togra seo trí úsáid a bhaint as sásraí atá ann cheana faoin Treoir atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 28 (Soláthar staidrimh), ní mór do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun córas a bhunú chun staidreamh maidir le híospartaigh na coireachta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Ní mór dóibh na sonraí sin a sheoladh chuig an gCoimisiún (Eurostat) gach trí bliana.

    Leanfaidh an Coimisiún de chruinnithe a thionól d’Ardán an Aontais um Chearta Íospartach maidir le hábhair a bhaineann le cearta íospartach. Cuirfidh na malartuithe sin leis an bhfaireachán agus leis an meastóireacht chomh maith.

    Faoin [sé bliana tar éis a ghlactha], ní mór don Choimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Threoir 2012/29/AE arna leasú leis an Treoir seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ní mór measúnú a dhéanamh sa tuarascáil ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an cur chun feidhme teicniúil.

    ·Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Chun cur chun feidhme cuí na Treorach seo a áirithiú, is gá doiciméad míniúcháin (e.g. i bhfoirm táblaí comhghaoil) de réir mar is gá de réir bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-543/17 31 . Is annamh a bhíonn an reachtaíocht lena dtrasuitear an Treoir maidir le Cearta Íospartach teoranta d’aon téacs dlí amháin toisc gur minic a dhéantar na forálacha a ionchorprú in ionstraimí náisiúnta éagsúla. Ar an gcúis sin, ní mór do na Ballstáit doiciméad míniúcháin a chur ar fáil don Choimisiún le téacs na bhforálacha a glacadh lena dtrasuitear an Treoir seo.

    ·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Dírítear leis na leasuithe ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach ar fhorálacha arb é is aidhm dóibh: rochtain na n‑íospartach ar thuairisciú faisnéise agus coireachta a fheabhsú, rochtain ar shaintacaíocht d’íospartaigh leochaileacha a éascú, lena n‑áirítear leanaí agus rochtain níos fearr ar cheartas d’íospartaigh faoi mhíchumas, rannpháirtíocht níos éifeachtaí íospartach in imeachtaí coiriúla, rochtain níos fearr ar chúiteamh d’íospartaigh, bearta cosanta íospartach a ailíniú níos fearr le riachtanais na n‑íospartach, úsáid modhanna leictreonacha cumarsáide agus oibleagáidí sonracha maidir le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh.

    (a)Forálacha arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an rochtain atá ag íospartaigh ar thuairisciú faisnéise agus coireachta (Airteagal 3a, Airteagal 5a agus Airteagal 26a).

    Faoi Airteagal 4 RVD, tá sé de cheart ag íospartaigh faisnéis faoina gcearta a fháil ón gcéad teagmháil leis na húdaráis inniúla, na póilíní de ghnáth. Mar sin féin, ní théann gach íospartach i dteagmháil leis na húdaráis inniúla. Mar a léiríodh i dtuarascáil 2021 ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha 32 , ní thuairiscíonn íospartaigh an choir i bhformhór na gcásanna. Ní bhíonn rochtain ag na híospartaigh sin ar fhaisnéis, lena náirítear faisnéis faoina gcearta tacaíochta agus cosanta, beag beann ar choir a thuairisciú nó gan í a thuairisciú.

    Cé go gceanglaítear le VRD go gcuirtear faisnéis ar fáil d’íospartaigh i gcomhréir leis an gceart chun tuiscint a fháil agus chun í a thuiscint (Airteagal 3 VRD), fuarthas amach sa mheastóireacht gur minic a úsáideann na húdaráis inniúla teanga nach bhfuil curtha in oiriúint do riachtanais íospartach 33 . Is amhlaidh atá i gcás daoine faoi mhíchumas, daoine nach labhraíonn an teanga náisiúnta, leanaí agus daoine scothaosta. Ina theannta sin, ós rud é gur minic a tharlaíonn an chéad teagmháil leis na húdaráis inniúla ar láthair coire, ní féidir le daoine atá suaite díreach tar éis na coire an fhaisnéis a fhaigheann siad a thuiscint.

    Faoi Airteagal 6 RVD, ba cheart d’íospartaigh faisnéis leantach a fháil freisin ó na húdaráis inniúla maidir le céimeanna éagsúla den nós imeachta coiriúil, a ról agus staid an chiontóra (e.g. scaoileadh saor ó choinneáil). Mar sin féin, mheas sciar mór de na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den mheastóireacht nach mbaineann íospartaigh leas iomlán as a gcearta chun faisnéise ón gcéad teagmháil le húdarás inniúil faoi VRD, agus gur cheart é sin a fheabhsú.

    Níl modh cumarsáide níos cuimsithí le híospartaigh fós ar fáil i ngach Ballstát lena gcuirtear castacht riachtanais íospartach san áireamh maidir lena gceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis. Tá go leor íospartach fós ann nach féidir leo a bheith ag brath ar línte cabhracha íospartach trí úsáid a bhaint as an uimhir theileafóin 116 006 34 . Ba cheart go dtabharfadh na línte cabhrach sin an fhaisnéis a theastaíonn uathu d’íospartaigh tráth ar bith. Ba cheart dóibh a bheith in ann labhairt gan bhac faoina dtaithí agus iad a tharchur chuig na póilíní nó chuig seirbhísí eile más gá. Baineann níos lú íospartach arís tairbhe as línte cabhrach níos teicniúla ar a bhfuil suíomh gréasáin cuimsitheach agus is féidir teagmháil a dhéanamh trí chomhrá agus trí ríomhphost chomh maith le glaonna teileafóin 35 .

    Chun na fadhbanna a sainaithníodh maidir le rochtain íospartach ar fhaisnéis a shárú, moltar sraith beart san athbhreithniú seo, go háirithe oibleagáid ar na Ballstáit línte cabhrach d’íospartaigh a sholáthar (Airteagal 3a). Bainfidh sé úsáid as uimhir theileafóin an Aontais 116 006 agus as suíomh gréasáin le teicneolaíocht úrscothach chun an rochtain is fearr a thabhairt sa chuid is mó de theangacha labhartha agus do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh an líne chabhrach ina chéad phointe teagmhála d’íospartaigh uile gach coire, cuirfidh sí tacaíocht mhothúchánach ar fáil agus cuirfidh sí íospartaigh ar aghaidh chuig sainseirbhísí tacaíochta más gá.

    Tá an tathbhreithniú atá beartaithe i gcomhréir le línte cabhracha eile ina núsáidtear uimhreacha forchoimeádta an Aontais a thosaíonn le 116 leanbh ar iarraidh (116 000) agus le híospartaigh foréigin inscnebhunaithe (116 116). Tá an togra i gcomhréir freisin le straitéis an Choimisiúin maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí 36 . Tacaíonn sé leis an líonra d’ionaid idirlín níos sábháilte (SICanna), lena náirítear línte cabhrach do leanaí, tuismitheoirí agus cúramóirí maidir le saincheisteanna ar líne (amhail foréigean ar líne agus cibearbhulaíocht) agus beolínte chun ábhar míúsáide leanaí a thuairisciú ar líne. Tá an togra i gcomhréir freisin le beartas an Choimisiúin arb é is aidhm dó a áirithiú go dtugtar aghaidh ar chibearbhulaíocht san uimhir 116 111.

    Chun a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh faisnéis chuimsitheach uileghabhálach, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit leis an togra nósanna imeachta sonracha a chur ar bun i bhfoirm nó i bprótacail. Ceanglaítear le hAirteagal 26a) go gcuirfear prótacail den sórt sin ar bun i gcomhar le húdaráis forfheidhmithe dlí, le húdaráis bhreithiúnacha (ionchúisitheoirí agus breithiúna) agus le heagraíochtaí tacaíochta. Cuirfidh siad treoracha ar fáil do na comhpháirtithe éagsúla maidir le conas a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh faisnéis atá in oiriúint dá riachtanais aonair agus atá ábhartha don chuid shonrach den nós imeachta.

    Déantar foráil san athbhreithniú freisin maidir le hoibleagáid chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh coir a thuairisciú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (Airteagal 5(a)1). Beidh sé níos éasca freisin do dhaoine atá faoi choinneáil coir a thuairisciú (soláthrófar na sonraí sna prótacail arna mbunú i gcomhordú agus i gcomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bhreithiúnacha (ionchúisitheoirí agus breithiúna) agus eagraíochtaí tacaíochta (Airteagal 26a)).

    Beidh sé níos éasca d’imircigh neamhrialta tuairisciú a dhéanamh ar choireacht freisin. Ceanglaítear le hAirteagal 5(a)5 den togra nach mbeidh cead ag na húdaráis inniúla a thagann i dteagmháil le híospartach a thuairiscíonn cion coiriúil sonraí pearsanta a bhfuil stádas cónaitheora an íospartaigh acu a aistriú chuig údaráis imirce más rud é gur bailíodh na sonraí sin mar thoradh ar thuairisciú coireachta ar a laghad go dtí go gcríochnófar an chéad mheasúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 22 den Treoir um Athshlándáil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú nach gcruthaíonn tuairisciú na coire agus rannpháirtíocht in imeachtaí coiriúla faoi Threoir 2012/29/AE aon chearta maidir le stádas cónaithe an íospartaigh, nach bhfuil aon éifeacht fionraíochta acu agus a stádas cónaithe á chinneadh. Ina theannta sin, i gcás imircigh neamhrialta ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce neamhdhleathach a éascú agus atá ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla, tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis ábhartha iad a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina bhféidearthachtaí faoin Treoir maidir le Cead Cónaithe. Áirítear ar na féidearthachtaí sin go háirithe tréimhse mhachnaimh a dheonú chun cinneadh a dhéanamh an gcomhoibreoidh siad leis an imscrúdú, agus eisiúint an cheada cónaithe.

    (b)Forálacha chun rochtain ar shaintacaíocht d’íospartaigh leochaileacha a éascú, lena náirítear leanaí (Airteagail 9(1), 9a agus 24)

    Foráiltear le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 den Treoir maidir leis an Margadh Aonair Digiteach don cheart chun tacaíocht speisialaithe, spriocdhírithe agus chomhtháite saor in aisce a fháil d’íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu, lena náirítear tacaíocht shíceolaíoch i gcás ina mbeidh siad ar fáil. Léiríodh sa mheastóireacht, áfach, nach féidir le híospartaigh leochaileacha, lena náirítear leanaí, tairbhe a bhaint as tacaíocht éifeachtach go minic 37 .

    Is saincheist fós í an easpa cur chuige atá íogair do leanaí i roinnt mhaith Ballstát 38 . Léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil easpa comhthuisceana ann maidir leis an tacaíocht spriocdhírithe agus chomhtháite atá ag teastáil d’íospartaigh leochaileacha, go háirithe leanaí. Mar thoradh air sin, ní féidir le gach leanbh san Aontas tairbhe a bhaint as saintacaíocht ardchaighdeáin. Sonraítear i Straitéis Chuimsitheach an Aontais maidir le Cearta an Linbh (2021-2024) 39 gur cheart imeachtaí breithiúnacha a chur in oiriúint d’aois agus do riachtanais linbh agus nach mór dóibh a gcearta uile a urramú, i bhfianaise leas an linbh. Faoi láthair, is é samhail Barnahus an sampla is úire de chur chuige atá fabhrach do leanaí i leith an cheartais 40 . Cé nach gceanglaíonn an tathbhreithniú sin ar na Ballstáit samhail Barnahus a leanúint, tógann sé ar a phrionsabail. Chun an fhadhb a réiteach, ceanglaítear leis an athbhreithniú in Airteagal 9a nua go ndéanfaidh na Ballstáit foráil do chur chuige spriocdhírithe, ilghníomhaireachta chun tacú le híospartaigh ar leanaí iad agus iad a chosaint. Ba cheart é a bheith bunaithe ar sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite comhordaithe ar na háitribh chéanna. Is é sin an príomhbhreiseán do na bearta atá in VRD cheana féin atá fabhrach do leanaí (amhail fístaifeadadh ar theistiméireachtaí, teagmháil súl a sheachaint, agallaimh atá fabhrach do leanaí leis an duine céanna). Faoin athbhreithniú sin, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin cur chuige ilghníomhaireachta spriocdhírithe comhtháite den sórt sin a chur ar fáil do gach íospartach ar leanaí iad a bhfuil gá acu leis.

    Léiríodh sa mheastóireacht freisin nach mbíonn tacaíocht shíceolaíoch saor in aisce d’íospartaigh ar fáil i mbeagnach leath de na Ballstáit 41 . Is minic a iarrtar ar íospartaigh íoc as tacaíocht shíceolaíoch tar éis na chéad seisiún. Tá fadhbanna ar leith ag baint leis sin d’íospartaigh leochaileacha nach bhfuil sé d’acmhainn acu de ghnáth íoc as tacaíocht. D’fhéadfadh éifeachtaí na coireachta a bheith fadtéarmach, agus tá roinnt tosca ann a chuireann leis na héifeachtaí sin, amhail tromchúis na coire, staid phearsanta an íospartaigh agus aon íospairt roimhe sin 42 . Dá bhrí sin, mar a cuireadh i bhfios go láidir i dtuarascáil ó FRA in 2019 (lch. II), ní bheidh íospartaigh na coireachta foréigní in ann aon ról suntasach a imirt in imeachtaí coiriúla mura bhfaigheann siad tacaíocht shíceolaíoch atá gairmiúil agus a thugann cumhacht dóibh.

    Chun an fhadhb a réiteach, moltar san athbhreithniú in Airteagal 9(1) go n‑áireofar sna sainseirbhísí tacaíochta tacaíocht shíceolaíoch saor in aisce chomh fada agus is gá do gach íospartach leochaileach a bhfuil tacaíocht den sórt sin de dhíth orthu — i.e., i gcás ina léirítear sa mheasúnú aonair go bhfuil gá leis. Leanfaidh gach íospartach de thairbhe a bhaint as tacaíocht mhothúchánach agus shíceolaíoch a bhíonn ar fáil dóibh go minic i ndiaidh coireachta, ach beidh rochtain éascaithe ag íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu ar thacaíocht shíceolaíoch den sórt sin ba cheart a bheith ar fáil dóibh ní hamháin sa ghearrthéarma tar éis na coireachta, ach go fadtéarmach freisin (ar feadh tréimhse chomh fada agus is gá).

    Éilíonn an dá bheart atá beartaithe comhordú náisiúnta idir seirbhísí tacaíochta, údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha a shonraítear i bprótacail (Airteagal 26a).

    Neartófar an rochtain atá ag íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta leis an gceanglas go mbeidh seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh ag feidhmiú i ngéarchéim — i gcomhréir leis na ceachtanna a foghlaimíodh le linn COVID‑19. Bainfear é sin amach trí mhír a chur le hAirteagal 8 RVD. Beidh íospartaigh in ann leas a bhaint freisin as tarchuir éascaithe chuig seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh (leasuithe ar Airteagal 8).

    Leis na bearta atá beartaithe, soiléirítear raon feidhme na tacaíochta do na híospartaigh is leochailí, leanaí san áireamh. Thairis sin, cuireann siad feabhas ar an muinín as scéimeanna ceartais náisiúnta agus iad siúd i mBallstáit eile.

    (c)Forálacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain níos éifeachtaí ag íospartaigh ar an gceartas (Airteagal 10a agus Airteagal 10b)

    Faoi VRD, áirítear ar na príomhchearta lena n‑éascaítear rannpháirtíocht íospartach in imeachtaí coiriúla an ceart chun éisteacht a fháil (Airteagal 10 VRD), cearta i gcás ina gcinnfear gan ionchúiseamh a dhéanamh (Airteagal 11 VRD), an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil (Airteagal 13 VRD) agus sraith ceart atá dírithe ar íospartaigh a chosaint ar íospairt thánaisteach agus athíospairt le linn na n‑imeachtaí (Airteagail 18 go 24 VRD). Tugadh chun suntais sa mheastóireacht agus sna comhairliúcháin go bhfuil rannpháirtíocht íospartach in imeachtaí coiriúla deacair nó fiú dodhéanta mura bhfuil na daoine cearta in éineacht leo agus mura dtugtar comhairle cheart dóibh. Le comhairle ó dhlíodóir a dhéanann ionadaíocht ar an íospartach sa chúirt, freagraítear d’fhormhór na saincheisteanna, go háirithe gnéithe dlíthiúla. Mar sin féin, níl sé de cheart ag gach íospartach dlíodóir a fháil. Is féidir cúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, rud a chinntear le tástáil acmhainne atá an‑dian i roinnt Ballstát. Ina theannta sin, féadfar cúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh siúd a ndearnadh cineálacha áirithe coireanna ina gcoinne, ach ní fhéadfar sin a dhéanamh ach amháin má tá siad ina bpáirtithe in imeacht coiriúil (Airteagal 13 VRD). Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach é a bheith de cheart ag íospartaigh duine seachas dlíodóir a bheith in éineacht leo a d’fhéadfadh, ar a laghad, comhairle a thabhairt maidir le ról agus cearta na n‑íospartach le linn na n‑imeachtaí agus tacaíocht mhothúchánach a chur ar fáil. Le hAirteagal 20 VRD déantar foráil maidir le ceart den sórt sin ach tá sé teoranta do chéim an imscrúdaithe (roimh an triail).

    Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh sé de cheart ar a laghad ag na híospartaigh uile san Aontas cúnamh a fháil le linn na trialach agus faisnéis leordhóthanach a fháil ó fhoireann na cúirte 43 .

    Léirítear sa mheastóireacht gur fadhb mhór eile a bhaineann le rannpháirtíocht íospartach in imeachtaí coiriúla nach bhfuil stádas dlíthiúil mar pháirtí san imeacht coiriúil ag íospartaigh 44 i roinnt Ballstát. Fágann VRD an méid sin faoin dlí náisiúnta, mar sin tá seasamh na níospartach éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile (páirtí, ionchúisitheoir cúnta, páirtí sibhialta nó finné a bhfuil ceart éisteachta aige, cuir i gcás). Thairis sin, is minic nach mbíonn leigheasanna dlí ag íospartaigh chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a bhaineann leo go díreach 45 . Mar thoradh air sin, déantar sárú de facto ar an gceart atá ag íospartaigh rochtain a fháil ar cheartas.

    Chun rannpháirtíocht níos éifeachtaí íospartach in imeachtaí coiriúla a áirithiú, moltar san athbhreithniú seo ceart chun cúnaimh sa chúirt a bhunú in Airteagal 10a nua.

    Moltar leis an athbhreithniú sin freisin go mbunófaí ceart d’íospartaigh agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí a dhéantar le linn imeachtaí cúirte a bhaineann le cearta áirithe íospartach faoin treoir seo, amhail an ceart chun bearta cosanta speisialta a fháil d’íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu, an ceart chun aistriúcháin le linn éisteacht na cúirte. Bheadh ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir le híospartaigh agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí sin go neamhspleách ar a stádas sna himeachtaí coiriúla agus i gcomhréir le prionsabal an athbhreithnithe bhreithiúnaigh (Airteagal 10b).

    Mar thoradh air sin, cuirfear feabhas ar thaithí íospartach leis an gcóras ceartais choiriúil agus ar an muinín atá acu as an gcóras. Cuideoidh sé sin leo a gcuid tuairimí a chur in iúl, feabhas a chur ar a gcuid fianaise agus feabhas a chur ar a gcuid rannpháirtíochta, rud a mhéadaíonn an éifeachtacht bhreithiúnach.

    (d)Forálacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain níos éifeachtaí ag íospartaigh ar chúiteamh

    Mar a léiríodh i straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach, tá sé fós deacair i roinnt mhaith Ballstát rochtain a bheith ag íospartaigh ar chúiteamh ón gciontóir agus ón stát. Baineann an fhadhb le cásanna intíre agus le cásanna trasteorann araon. Faoi Airteagal 16 VRD, tá sé de cheart ag gach íospartach cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir le linn imeachtaí coiriúla mura bhforáiltear leis an dlí náisiúnta go ndéanfar cinneadh den sórt sin in imeachtaí dlíthiúla eile. Mar a léirítear i dtuarascáil Milquet agus mar a dheimhnítear sa mheastóireacht, is minic nach mbíonn an ceart sin éifeachtach 46 ós rud é, i roinnt Ballstát, nach ndéantar aon chinneadh maidir le cúiteamh sna himeachtaí coiriúla 47 . Thairis sin, fiú tar éis imeacht coiriúil as ar tháinig an breithiúnas lena bhforchuirtear oibleagáid ar dhéantóir na coire cúiteamh a dhéanamh, is minic nach ndéantar an tíospartach a chúiteamh toisc go bhfuil sé deacair iallach a chur ar an gciontóir an cúiteamh a íoc. Ós rud é nach bhfuil rochtain éifeachtach ar chúiteamh ón gciontóir san imeacht coiriúil, bíonn ar íospartaigh páirt a ghlacadh in imeachtaí sibhialta atá anásta agus fada. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh orthu iarratas a dhéanamh ar chúiteamh stáit faoi rialacha náisiúnta maidir le cúiteamh stáit 48 . Baineann an fhadhb le cásanna intíre agus le cásanna trasteorann araon.

    Chun an rochtain atá ag íospartaigh ar chúiteamh ón gciontóir a éascú, moltar san athbhreithniú seo an ceart a thabhairt d’íospartaigh cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir le linn an imeachta choiriúil agus lena linn sin amháin. Mar thoradh air sin, maidir leis an eisceacht atá ann faoi láthair faoi Airteagal 16 VRD, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta do chinneadh den sórt sin a dhéanamh in imeachtaí dlíthiúla eile, ba cheart an eisceacht sin a scriosadh. Ina theannta sin, molann an Coimisiún go mbeadh sé éigeantach do na Ballstáit an cúiteamh atá dlite ón gciontóir a íoc roimh ré leis an íospartach tar éis an bhreithiúnais agus ansin aisíocaíocht an chúitimh a lorg ón gciontóir (Airteagal 16 nua, mír 2).

    Táthar ag súil go gcuirfidh na tograí sin feabhas suntasach ar chaighdeáin íospartach maidir le cúiteamh ón gciontóir i gcásanna intíre agus trasteorann. Tríd an méid sin a éascú, cuirfidh siad teorainn — go mór mór — leis na cásanna ina n‑iarrann íospartaigh cúiteamh stáit. Is amhlaidh atá toisc nach ndeonaítear cúiteamh stáit, i bhformhór na gcásanna, ach amháin mura bhfuair íospartaigh an cúiteamh ón gciontóir.

    (e)Forálacha maidir le bearta cosanta íospartach a ailíniú ar bhealach níos fearr le riachtanais íospartach chun sábháilteacht íospartach leochaileach a áirithiú (Airteagail 22 agus 23)

    Déantar foráil in Airteagal 22 VRD maidir leis an gceart atá ag íospartach measúnú tráthúil agus aonair a fháil ar a riachtanais chosanta. Is é is cuspóir dó a chinneadh an bhfuil íospartach an‑leochaileach ar bhealach ar bith d’íospairt thánaisteach (dochar ón imeacht coiriúil) agus d’athíospairt, imeaglú agus/nó frithbheartaíocht (dochar ón gciontóir) ionas gur féidir bearta cosanta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm. Leagtar síos na bearta cosanta sin in Airteagal 23 VRD. Fágtar na coinníollacha maidir le measúnuithe aonair faoin dlí náisiúnta. De réir na meastóireachta, tá an ceart chun measúnú aonair a fháil ar cheann de na héachtaí is suntasaí atá bainte amach ag VRD. Mar sin féin, sa chleachtas, is minic a chuireann na trí easnamh a leanas a sainaithníodh bac ar a cháilíocht:

    ·tá an measúnú ródhéanach sa nós imeachta;

    ·níl baint ag an measúnú le síceolaithe ná le seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, a bhfuil an saineolas acu chun measúnú a dhéanamh ar staid shíceolaíoch gach íospartaigh;

    ·déanann sé faillí ar na rioscaí a bhaineann leis an gciontóir a d’fhéadfadh airm a bheith aige nó d’fhéadfadh míúsáid a bhaint as drugaí nó alcóil.

    Ní mór measúnuithe aonair ar riachtanais íospartach a dhéanamh i gceart chun a áirithiú go ndéanfar íospartaigh a chosaint go leordhóthanach. Gan na measúnuithe sin, ní féidir le híospartaigh tairbhe a bhaint as na bearta cosanta speisialta a leagtar síos in Airteagal 23 VRD. Áirítear leis na bearta sin teicnící speisialta agallaimh, gan féachaint sa tsúil ar an gciontóir, agus gan a bheith i seomra na cúirte. Mar sin féin, ní áirítear leo bearta cosanta fisiciúla ón gciontóir (orduithe cosanta, cuir i gcás), cé go n‑áirítear le cearta íospartach chun cosanta faoi VRD cosaint ar íospairt thánaisteach agus ar athíospairt. Léirítear sa mheastóireacht agus sna comhairliúcháin nár líonadh an bhearna sin in VRD leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Chinn go leor páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den mheastóireacht nach bhfuil fáil go forleathan ar cheart na n‑íospartach chun cosanta agus gur cheart é a neartú.

    Déantar foráil leis an athbhreithniú sin maidir le leasuithe spriocdhírithe ar mheasúnú riachtanais aonair na n‑íospartach (trí leasuithe poncúla ar Airteagal 22 atá ann faoi láthair) trí na heilimintí seo a leanas a chur leis:

    ·an measúnú a dhéanamh ag an gcéad teagmháil leis na húdaráis inniúla;

    ·trí sheirbhísí tacaíochta, forfheidhmiú an dlí agus na breithiúna a chur san áireamh — prótacail atá le cur ar bun faoi Airteagal 26a nua), déanfar foráil maidir le bearta praiticiúla maidir leis an gcaoi ar cheart an comhar sin a chur ar bun sna Ballstáit;

    ·meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le déantóir na coire (míúsáid alcóil nó seilbh arm, cuir i gcás);

    ·lena náirítear measúnú ar riachtanais aonair tacaíochta.

    Thairis sin, leis an athbhreithniú sin neartófar an úsáid a bhaintear as bearta cosanta le haghaidh cosaint fhisiciúil íospartach, orduithe cosanta, cuir i gcás, trí bhearta cosanta fisiciúla a chur leis an liosta de bhearta cosanta speisialaithe a leagtar síos in Airteagal 23 VRD. Cuideoidh an togra seo le feasacht a ardú maidir leis na bearta cosanta náisiúnta atá ar fáil, lena n‑áirítear orduithe cosanta. Tá sé d’aidhm aige freisin an chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad faoi láthair a shimpliú.

    Ar an iomlán, rachaidh na bearta a mholtar san athbhreithniú seo maidir le measúnuithe aonair níos spriocdhírithe chun tairbhe do gach íospartach toisc go n‑áiritheofar leis go ndéanfar measúnú maith ar an ngá atá le bearta cosanta. Tá sé d’aidhm aige freisin aitheantas frithpháirteach d’orduithe cosanta Eorpacha a éascú trí fheabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad ar an leibhéal náisiúnta.

    (f)Cumarsáid leictreonach a úsáid (Airteagal 26b)

    Tá go leor forbairtí teicneolaíochta (digitiú) ann ó glacadh an Treoir. Ní bhaineann íospartaigh san Aontas tairbhe as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí nua go fóill ós rud é nach bhfuil uirlisí digiteacha oiriúnacha ar fáil chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar an gceartas, an fhéidearthacht coireanna a thuairisciú ar líne nó rochtain ar líne a fháil ar chomhaid íospartach, cuir i gcás 49 .

    Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh, molann an Coimisiún bearta maidir le húsáid cumarsáide leictreonaí (Airteagal 26b nua). Go háirithe, beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an deis a thabhairt d’íospartaigh a gcearta faisnéise a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar cheartas trí chumarsáid leictreonach a úsáid. Tá na bearta atá beartaithe i gcomhréir le beartas an Choimisiúin maidir leis an digitiú, lena n‑áirítear a thogra maidir le digitiú an cheartais.

    (g)Cearta íospartach atá faoi mhíchumas (Airteagal 26c)

    Léiríodh sa mheastóireacht nach féidir le daoine atá faoi mhíchumas lántairbhe a bhaint as a gcearta mar íospartaigh na coireachta go fóill. Tharla forbairtí móra maidir le táirgí agus seirbhísí a dhéanamh inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas le 10 mbliana anuas ó glacadh VRD. Go háirithe in 2019, ghlac an Coimisiún Treoir 2019/882/AE maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí 50 . Leis an athbhreithniú ar VRD, aithníonn an Coimisiún na forbairtí sin agus molann sé rochtain ar an gceartas a éascú d’íospartaigh atá faoi mhíchumas. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún foráil shonrach, thrasearnálach a chur isteach maidir le cearta íospartach atá faoi mhíchumas chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí agus ar bhearta cosanta agus go mbeidh na modhanna cumarsáide digití comhsheasmhach leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (Airteagal 26c nua).

    (h)Ceart íospartach chun leigheasanna (Airteagal 26d)

    Faoi láthair, ní dhéantar foráil in VRD maidir le leigheasanna dlíthiúla d’íospartaigh na coireachta ar sáraíodh a gcearta faoin Treoir seo. Eascraíonn an ceart sin ó phrionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais lena gceanglaítear ar na Ballstáit leigheasanna leordhóthanacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm má sháraítear ceart a thugtar do dhaoine aonair faoi dhlí an Aontais. Leagadh béim i dtuarascálacha FRA ar easpa rialach den sórt sin agus ar an ngá atá le riail den sórt sin a thabhairt isteach. Thairis sin, i mí an Mhárta 2023, ghlac Comhairle na hEorpa Moladh maidir le cearta, seirbhísí agus tacaíocht d’íospartaigh na coireachta 51 , lena bhforáiltear don cheart atá ag íospartach leigheas a fháil.

    Chun an fhadhb a réiteach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún foráil a chur isteach in Airteagal 26d nua maidir le leigheasanna dlí d’íospartaigh ar shárú a gceart faoin Treoir seo. Tá an fhoráil seo ar aon dul le forálacha comhchosúla i rialacha an Aontais maidir le cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe. Comhlíonann sé sin an bhearna atá ann faoi láthair agus tugann sé an chothromaíocht is gá idir cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe agus cearta íospartach.

    (i)Oibleagáidí sonracha maidir le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh (Airteagal 27a)

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún foráil a thabhairt isteach lena soiléireofar an nasc idir an togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar VRD agus an togra reachtach maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh. De réir na forála sin, ní mór do na Ballstáit na bearta faoi VRD a chur chun feidhme gan beann ar na hoibleagáidí faoin togra eile. Is é cuspóir na forála seo a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go dtrasuífidh siad an dá threoir go hiomlán agus go dtabharfaidh siad aird ar leith ar rialacha níos sonraí a thrasuí maidir le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Beidh feidhm ag na bearta faoin dá thogra maidir le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh.

    (j)Ceanglas maidir le sonraí faoi chearta íospartach a bhailiú gach 3 bliana (Airteagal 28)

    Foráiltear le hAirteagal 28 nach mór do na Ballstáit, gach 3 bliana, sonraí a sheoladh chuig an gCoimisiún ina léireofar an chaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach in VRD.

    Léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh ar an Treoir, áfach, go bhfuil bearnaí móra fós sa bhailiú sonraí. Go háirithe, níl na sonraí a bhailíonn na Ballstáit cuimsitheach agus is minic nach bhfuil siad inchomparáide. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go gceanglófar ar na Ballstáit córas a chruthú chun staidreamh maidir le híospartaigh na coireachta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh trí leasú a dhéanamh ar Airteagal 28. Ba cheart go n‑áireofaí sa staidreamh sonraí atá ábhartha do chur i bhfeidhm nósanna imeachta náisiúnta maidir le híospartaigh na coireachta, lena n‑áirítear an tacar íosta táscairí seo a leanas: líon agus cineál na gcoireanna a tuairiscíodh, aois agus gnéas na n‑íospartach. Ba cheart go n‑áireofaí sna sonraí freisin faisnéis faoin gcaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach sa Treoir faoi mar atá inniu.

    Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit sonraí a bhailiú, lena n‑áirítear trí chaighdeáin choiteanna, dí‑chomhiomlánú agus formáidí tuairiscithe a tharraingt suas. Ní mór do na Ballstáit na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) gach 3 bliana. Aithnítear freisin sa togra le haghaidh athbhreithniú ar VRD an ról a bhí ag an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha go dtí seo maidir le cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a anailísiú, ar sonraí iad a bhaineann leis an gcaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar a gcearta faoin Treoir le 10 mbliana anuas ó glacadh an Treoir. Maidir le ról na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha a chur leis an bhforáil maidir le bailiú sonraí, áirítear leis sin go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann leanúint dá dea-obair agus go leanfaidh sí de chúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir leis an gcúram sin.

    Tá coinne leis go gcuirfidh an beart seo feabhas ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar inchomparáideacht na sonraí maidir le híospartaigh na coireachta thar thréimhsí tagartha agus Ballstáit éagsúla. Cuirfidh sé feabhas freisin ar an mbailiú sonraí ar leibhéal an Aontais. Ionas nach gcuirfidh an bailiú sonaí ualach ar na Ballstáit, ní bheidh gá an bailiú sonraí a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ach gach 3 bliana.

    2023/0250 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2)(c) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 52 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 53 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Chun a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh na coireachta faisnéis, tacaíocht agus cosaint iomchuí agus go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla, tá Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle glactha ag an Aontas 54 .

    (2)Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar an gcaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar a gcearta faoi Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus d’fhoilsigh sé na torthaí sa tuarascáil mheastóireachta 55 . Léirítear sa mheastóireacht, cé gur baineadh amach den chuid is mó le Treoir 2012/29/AE na tairbhí a raibh coinne leo agus go raibh tionchar dearfach ar chearta íospartach, gurb ann fós d’fhadhbanna sonracha a bhaineann le cearta íospartach faoin Treoir seo. I measc na neasnamh a sainaithníodh, ní leor an cumas atá ann brath ar chearta íospartach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, tacaíocht agus cosaint a thabhairt i gcomhréir le riachtanais aonair gach íospartaigh, páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla agus cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir le linn imeachtaí coiriúla. Freagraíonn an tathbhreithniú sin ar Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle do na heasnaimh a léiríodh ina meastóireacht agus i gcuid mhór comhairliúchán.

    (3)Chun modhanna nua-aimseartha rianúla a sholáthar d’íospartaigh chun a gcearta a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit a chur ar chumas íospartach cumarsáid leictreonach a dhéanamh leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart an deis a bheith ag íospartaigh uirlisí leictreonacha a úsáid chun faisnéis a fháil faoina gcearta agus faoina gcás, coireanna a thuairisciú agus cumarsáid a dhéanamh ar shlí eile leis na húdaráis inniúla agus le seirbhísí tacaíochta trí theicneolaíochtaí cumarsáide agus faisnéise. Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann an modh cumarsáide a roghnú, agus ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le teicneolaíochtaí cumarsáide agus faisnéise den sórt sin mar mhalairt ar na gnáthmhodhanna cumarsáide, ach gan iad a ionadú go hiomlán, áfach.

    (4)Chun bealaí cumarsáide cuimsitheacha a áirithiú agus castacht riachtanais íospartach á cur san áireamh maidir lena gceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, ba cheart do gach íospartach, gan beann ar an áit san Aontas a ndearnadh an choir ná na cúinsí a bhain leis an gcoir, a bheith in ann rochtain a fháil ar línte cabhrach d’íospartaigh trí úsáid a bhaint as an uimhir theileafóin 116 006 ar fud an Aontais nó trí nasc a dhéanamh leis na suíomhanna gréasáin tiomnaithe. Faoi na línte cabhrach sin, ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann an fhaisnéis faoina gcearta agus tacaíocht mhothúchánach a fháil agus ba cheart iad a chur ar aghaidh chuig na póilíní nó chuig seirbhísí eile, lena náirítear línte cabhrach speisialaithe eile — más gá. Ba cheart do línte cabhrach den sórt sin íospartaigh a chur ar aghaidh chuig línte cabhrach speisialaithe eile, dá dtagraítear i gCinneadh 2007/116/CE ón gCoimisiún 56 , an uimhir chomhchuibhithe a bhaineann leis an líne chabhrach do leanaí ‘116 111’, do leanaí atá ar iarraidh ‘116 000’ agus don fhoréigean inscnebhunaithe ‘116 116’, cuir i gcás.

    (5)Níor cheart go ndéanfadh an líne chabhrach ghinearálta d’íospartaigh difear d’oibriú na línte cabhrach tiomnaithe speisialaithe, línte cabhrach do leanaí agus línte cabhrach d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, cuir i gcás, mar a cheanglaítear faoi Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac]. Ba cheart go bhfeidhmeodh línte cabhrach ginearálta d’íospartaigh sa bhreis ar na línte cabhrach speisialaithe.

    (6)Ba cheart feabhas a chur ar thuairisciú coireachta san Aontas chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac, chun athíospairt a sheachaint agus chun sochaithe níos sábháilte a áirithiú. Is gá an neamhmhothálacht phoiblí i leith na coireachta a chomhrac, trí dhaoine a fheiceann an choir a spreagadh chun coireanna a thuairisciú agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh agus trí thimpeallachtaí níos sábháilte a chruthú d’íospartaigh chun coireanna a thuairisciú. I gcás íospartaigh ar imircigh neamhrialta iad san Aontas, má bhíonn timpeallacht shábháilte ann chun coireanna a thuairisciú, laghdaítear an eagla go seolfar nósanna imeachta um fhilleadh mar thoradh ar theagmhálacha le húdaráis forfheidhmithe dlí. Níor cheart sonraí pearsanta íospartach ar imircigh neamhrialta iad san Aontas a aistriú chuig na húdaráis inniúla imirce go dtí go gcríochnófar an chéad mheasúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2012/29/AE ar a laghad. Ní chruthaítear aon cheart maidir le stádas cónaithe an íospartaigh le tuairisciú na coire ná le rannpháirtíocht in imeachtaí coiriúla faoi Threoir 2012/29/AE, agus níl aon éifeacht fionraíochta ag an dá rud sin agus a stádas cónaithe á chinneadh. Ba cheart do gach íospartach leochaileach, íospartaigh ar leanaí iad nó íospartaigh atá faoi choinneáil, cuir i gcás, a bhfuil imeaglú á dhéanamh orthu, nó atá spleách ar bhealach eile ar an gciontóir nó a bhfuil a soghluaisteacht teoranta ar bhealach eile, a bheith in ann coir a thuairisciú i ndálaí ina gcuirtear san áireamh a gcás áirithe agus i gcomhréir leis na prótacail a cuireadh ar bun go sonrach chun na críche sin.

    (7)Ba cheart seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite a bheith ar fáil do raon leathan íospartach a bhfuil riachtanais shonracha acu. Féadfar a áireamh ar na híospartaigh sin ní hamháin íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh, ach freisin íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, íospartaigh coireanna eagraithe, íospartaigh atá faoi mhíchumas, íospartaigh an dúshaothraithe, íospartaigh na fuathchoireachta, íospartaigh na sceimhlitheoireachta nó íospartaigh na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí. Mar fhreagairt ar na heasnaimh a sainaithníodh sa mheastóireacht, ba cheart do na Ballstáit prótacail shonracha a bhunú lena neagrófar gníomhaíochtaí seirbhísí tacaíochta speisialaithe chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar riachtanais iolracha na níospartach a bhfuil riachtanais shonracha acu. Ba cheart prótacail den sórt sin a bhunú i gcomhordú agus i gcomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis ionchúisimh, breithiúna, údaráis choinneála, seirbhísí ceartais aisiríoch agus seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh.

    (8)Chun iarmhairtí tromchúiseacha na híospartha a sheachaint ag aois óg, ar iarmhairtí iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar shaol iomlán íospartach, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfaighidh ná híospartaigh uile ar leanaí iad an caighdeán is airde tacaíochta agus cosanta. Ba cheart go mbainfeadh formhór na níospartach leochaileach ar leanaí iad, lena náirítear íospartaigh na míúsáide gnéasaí ar leanaí iad, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar leanaí iad agus íospartaigh ar leanaí iad a ndearna an choir difear mór dóibh ar bhealach eile de bharr thromchúis na coire nó de bharr a gcúinsí áirithe, ba cheart go mbainfidís tairbhe as na seirbhísí tacaíochta agus cosanta spriocdhírithe agus comhtháite lena náirítear cur chuige comhordaithe comhoibrithe na seirbhísí breithiúnacha agus sóisialta laistigh den áitreabh céanna. Ba cheart seirbhísí den sórt sin a sholáthar i spás tiomnaithe. Chun a áirithiú go ndéanfar an tíospartach ar leanbh é a chosaint go héifeachtach i gcásanna ina mbaineann an choir le sealbhóir na freagrachta tuismitheora, nó ina bhfuil coinbhleacht leasa idir an leanbh agus sealbhóir na freagrachta tuismitheora, cuireadh foráil isteach chun a áirithiú, i gcásanna amhail coir a thuairisciú, agallaimh leighis nó fhóiréinseacha, tarchur chun seirbhísí tacaíochta nó tacaíocht shíceolaíoch, i measc nithe eile, nár cheart na gníomhartha sin a bheith ag brath ar thoiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora, agus leas an linbh á chur san áireamh i gcónaí.

    (9)Ionas go mbraithfidh íospartaigh go bhfuil ceartas bainte amach agus ionas go mbeidh siad in ann a leas a chosaint, tá sé tábhachtach go mbeidh siad i láthair agus in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sna himeachtaí coiriúla. Sin é an fáth ar cheart é a bheith de cheart ag gach íospartach san Aontas, go neamhspleách ar a stádas san imeacht coiriúil, ar rud é a bhunaítear leis an dlí náisiúnta, leigheas éifeachtach a fháil faoin dlí náisiúnta i gcás sárú ar a gcearta faoin Treoir seo. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith de cheart ag gach íospartach san Aontas, go neamhspleách ar a stádas san imeacht coiriúil, athbhreithniú a iarraidh ar chinntí a rinneadh le linn imeachtaí cúirte agus a dhéanann difear dóibh go díreach. Ba cheart a áireamh i gcinntí den sórt sin ar a laghad cinntí maidir le socruithe ateangaireachta le linn éisteachtaí cúirte agus cinntí maidir le bearta cosanta speisialta atá ar fáil d’íospartaigh a bhfuil riachtanais chosanta speisialta acu. Maidir leis na rialacha nós imeachta faoina bhféadfaidh íospartaigh athbhreithniú a iarraidh ar chinntí den sórt sin a dhéantar le linn imeachtaí cúirte, ba cheart na rialacha sin a chinneadh leis an dlí náisiúnta lenar cheart foráil a dhéanamh maidir leis na ráthaíochtaí riachtanacha nach gcuirfeadh an fhéidearthacht athbhreithniú a dhéanamh síneadh díréireach leis an imeacht coiriúil.

    (10)Ba cheart measúnú a dhéanamh ar gach íospartach ar bhealach tráthúil, leordhóthanach, éifeachtúil agus comhréireach. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh an tacaíocht agus an chosaint a fhreagraíonn dá riachtanais aonair. Ba cheart an measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta agus chosanta íospartach a dhéanamh i gcéimeanna. Sa chéad chéim, ba cheart measúnú a dhéanamh ar gach íospartach ón gcéad teagmháil leis na húdaráis inniúla chun a áirithiú go ndéanfar na híospartaigh is leochailí a shainaithint ag na céimeanna anluath den imeacht. Amhail ó na chéad chéimeanna eile, ba cheart do sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, lena náirítear síceolaithe, measúnú a dhéanamh ar íospartaigh a dteastaíonn measúnú feabhsaithe den sórt sin uathu. Is iad na seirbhísí sin is fearr atá in ann staid folláine íospartach a mheas. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú aonair freisin staid dhéantóir na coire: d’fhéadfadh stair foréigin a bheith aige, d’fhéadfadh sé a bheith i seilbh arm nó ag baint míúsáide as drugaí agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh rioscaí níos airde a bheith ann d’íospartaigh. Ba cheart go náireofaí freisin sa mheasúnú aonair ar riachtanais íospartach measúnú ar riachtanais tacaíochta íospartach, agus ní hamháin measúnú ar riachtanais chosanta. Tá sé ríthábhachtach íospartaigh a bhfuil tacaíocht speisialta de dhíth orthu a shainaithint, ionas go gcuirfear tacaíocht spriocdhírithe amhail cúnamh síceolaíoch saor in aisce ar fáil thar thréimhse fhada dóibh siúd a bhfuil an tacaíocht sin de dhíth orthu.

    (11)Mar thoradh ar an measúnú feabhsaithe ar riachtanais chosanta íospartach, ba cheart íospartaigh a bhfuil cosaint fhisiciúil de dhíth orthu a bheith in ann an chosaint sin a fháil i bhfoirm atá oiriúnaithe dá gcás áirithe. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin na húdaráis forfheidhmithe dlí a bheith i láthair nó an ciontóir a choinneáil ón íospartach ar bhonn orduithe cosanta náisiúnta. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith de chineál coiriúil, riaracháin nó sibhialta.

    (12)Ba cheart do gach íospartach a bheith in ann cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir laistigh de na himeachtaí coiriúla ionas nach mbeidh orthu páirt a ghlacadh in iliomad imeachtaí ciotacha fadálacha in imeachtaí sibhialta ar leithligh. Ba cheart do gach íospartach leas a bhaint as na scéimeanna maidir le cúiteamh ina bhfaigheann siad, tar éis cinneadh maidir le cúiteamh ón gciontóir ag deireadh an imeachta choiriúil, an cúiteamh ón stát gan mhoill. Ina dhiaidh sin, ba cheart don stát a bheith in ann an cúiteamh a fháil ar ais ón gciontóir. Le cur chuige den sórt sin maidir le cúiteamh, cosnaítear íospartaigh ar na rioscaí a bhaineann le híospairt thánaisteach, ós rud é nach gá d’íospartaigh dul i dteagmháil le ciontóirí agus cúiteamh á fháil acu. Ní dhéanann rochtain éascaithe den sórt sin ar chúiteamh ón gciontóir le linn imeachtaí coiriúla difear d’oibleagáidí na mBallstát chun a áirithiú go bhfuil scéim ann maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna intinniúla foréigneacha arna ndéanamh ina gcríocha féin, lena ráthaítear cúiteamh cóir agus iomchuí d’íospartaigh faoi Threoir 2004/80/CE ón gComhairle 58 .

    (13)Ní féidir le híospartaigh tairbhe éifeachtach a bhaint as a gcearta chun faisnéise, chun tacaíochta agus chun cosanta i gcomhréir lena riachtanais aonair má bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar na scéimeanna ceartais náisiúnta ina bhfuil easpa comhair agus comhordaithe idir na daoine a mbíonn teagmháil acu le híospartaigh. Gan dlúthchomhar agus dlúthchomhordú idir forfheidhmiú an dlí náisiúnta, ionchúiseamh, breithiúna, seirbhísí aisiríocha, seirbhísí cúitimh agus seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, is deacair d’íospartaigh a gcearta a fhorghníomhú go héifeachtach faoi Threoir 2012/29/AE. Moltar d’údaráis eile, cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta, cuir i gcás, a bheith páirteach sa chomhar agus sa chomhordú sin. Tá an méid sin bailí go háirithe maidir le híospartaigh ar leanaí iad.

    (14)Tá prótacail náisiúnta ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh faisnéis faoina gcearta agus faoina gcás agus go ndéantar measúnú leordhóthanach ar íospartaigh ionas go mbeidh siad in ann an tacaíocht agus an chosaint a fhreagraíonn dá riachtanais aonair a fháil, ar riachtanais iad a athraíonn le himeacht ama. Ba cheart prótacail a bhunú trí bhearta reachtacha ar bhealach is fearr a oireann do dhlíchórais náisiúnta agus d’eagrú an cheartais sna Ballstáit. Ba cheart go rialófaí leis sin na gníomhaíochtaí maidir le faisnéis a sholáthar d’íospartaigh, tuairisciú coireanna a éascú do na híospartaigh is leochailí, lena náirítear iad siúd atá faoi choinneáil, agus measúnú aonair ar riachtanais íospartach. Ba cheart a shonrú sna bearta reachtacha lena mbunaítear na prótacail na heilimintí riachtanacha is gá chun sonraí a phróiseáil, lena náirítear faighteoirí na sonraí pearsanta agus na catagóirí sonraí a phróiseálfar i gcomhthéacs oibriú na bprótacal. Ba cheart foráil a dhéanamh sna prótacail maidir le treoracha ginearálta i ndáil le conas déileáil le seirbhísí agus gníomhaíochtaí faoi Threoir 2012/29/AE ar bhealach cuimsitheach gan déileáil le cásanna aonair, áfach.

    (15)Ba cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a leithdháileadh chun comhlíonadh éifeachtach na mbeart a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar línte cabhrach d’íospartaigh a bhunú, lena náiritheofar feidhmiú rianúil seirbhísí tacaíochta speisialaithe agus measúnú aonair ar riachtanais íospartach maidir le cosaint agus le tacaíocht, lena náirítear i gcás ina soláthraíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha na seirbhísí sin.

    (16)Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas 59 agus tá siad faoi cheangal ag a oibleagáidí go feadh a ninniúlachtaí faoi seach. Faoi Airteagal 13 den Choinbhinsiún sin, tá sé d’oibleagáid ar na Stáit is Páirtithe rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú do dhaoine atá faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile, agus dá bhrí sin, is gá inrochtaineacht a áirithiú agus cóiríocht réasúnach a chur ar fáil ionas go mbeidh a gcearta mar íospartaigh ag íospartaigh atá faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile. Leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 , is féidir cur chun feidhme an Choinbhinsiúin sin a éascú agus cearta na níospartach a leagtar síos le Treoir 2012/29/AE inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas a áirithiú.

    (17)Ba cheart do Eurojust a áirithiú go dtabharfar aird iomchuí ar iarrataí a bhaineann le cearta íospartach i gcomhréir lena shainordú faoi Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 .

    (18)Tá bailiú sonraí cruinne agus comhleanúnacha agus foilsiú tráthúil sonraí agus staitisticí a bhailítear ríthábhachtach chun eolas iomlán a áirithiú maidir le cearta íospartaigh na coireachta laistigh den Aontas. Ceanglas a thabhairt isteach do na Ballstáit sonraí i dtaca le cur i bhfeidhm nósanna imeachta náisiúnta maidir le híospartaigh na coireachta a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún gach 3 bliana ar bhealach comhchuibhithe, meastar gur céim ábhartha a bheidh ann sin chun a áirithiú go nglacfar beartais agus straitéisí a bhfuil bunús sonraí leo. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit staidreamh maidir le híospartaigh na coireachta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus maidir le tuairisciú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach sa Treoir seo.

    (19)Ceanglaítear le prionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais go gcuirfidh na Ballstáit leigheasanna leordhóthanacha éifeachtacha i bhfeidhm i gcás sárú ar cheart a thugtar do dhaoine aonair le dlí an Aontais. Ba cheart leigheas éifeachtach a bheith ar fáil i gcás ina mbaintear an bonn de na cearta faoi Threoir 2012/29/AE nó ina ndiúltaítear dóibh go hiomlán nó i bpáirt.

    (20)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar an ngá atá ann comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a éascú trí mhuinín as rochtain chomhionann ar chearta íospartach a áirithiú, is cuma cén áit san Aontas a tharla an choir, ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart atá beartaithe, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (21)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (22)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éire [i litir dar dáta …,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.] 

    [I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.]

    (23)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 agus thug sé tuairim uaidh an [XX XX 2023] 63 ,

    (24)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2012/29/AE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Treoir 2012/29/AE mar a leanas:

    (1)cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 3a

    Líne chabhrach d’íospartaigh

    1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun línte cabhrach d’íospartaigh a bhunú atá inrochtana go héasca, soláimhsithe, saor in aisce agus rúnda:

    (a)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fáil d’íospartaigh;

    (b)tacaíocht mhothúchánach a chur ar fáil;

    (c)íospartaigh a chur ar aghaidh chuig seirbhísí tacaíochta speisialaithe agus/nó línte cabhrach speisialaithe más gá.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit soláthar na línte cabhrach dá dtagraítear i mír 1 trí líne chabhrach teileafóin atá nasctha le huimhir chomhchuibhithe AE ‘116 006’ agus trí theicneolaíochtaí eile faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear suíomhanna gréasáin.

    3.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh na seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil i dteangacha eile, lena náirítear ar a laghad na teangacha is mó a úsáidtear sa Bhallstát.

    4.Féadfaidh eagraíochtaí poiblí nó eagraíochtaí neamhrialtasacha línte cabhrach a chur ar bun agus féadfar iad a eagrú ar bhonn gairmiúil nó deonach.’;

    (2)cuirtear an tAirteagal 5a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 5a

    Coir a thuairisciú

    1.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh cionta coiriúla a thuairisciú do na húdaráis inniúla trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá inrochtana agus soláimhsithe. Áireofar leis an bhféidearthacht sin fianaise a chur isteach nuair is féidir.

    2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun spreagadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil a fhios aige go ndearnadh cionta coiriúla, nó a cheapann de mheon macánta go ndearnadh amhlaidh, nó go bhfuil coinne le tuilleadh gníomhartha foréigin, an méid sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh coireanna a dhéantar i saoráidí coinneála a thuairisciú go héifeachtach. Áireofar ar na saoráidí coinneála, sa bhreis ar phríosúin, ionaid choinneála agus cealla coinneála do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe, saoráidí speisialaithe coinneála d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus ionaid réamhaistrithe, agus ionaid chóiríochta ina bhfuil iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta lonnaithe.

    4.I gcás ina dtuairiscíonn leanaí cionta coiriúla, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na nósanna imeachta tuairiscithe sábháilte, rúnda, deartha agus inrochtana ar bhealach atá oiriúnach do leanaí agus go núsáidfear iad i gcomhréir lena naois agus lena naibíocht.

    5.Maidir leis na húdaráis inniúla a mbíonn teagmháil acu le híospartach a thuairiscíonn coireanna, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil toirmeasc ar na húdaráis sin sonraí pearsanta a bhaineann le stádas cónaithe an íospartaigh a aistriú chuig na húdaráis inniúla imirce, ar a laghad go dtí go gcríochnófar an chéad mheasúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 22.’;

    (3)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    ‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh na seirbhísí tacaíochta ábhartha ginearálta nó speisialaithe i dteagmháil le híospartaigh má léirítear sa mheasúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 22 go bhfuil gá le tacaíocht agus go dtoilíonn an t‑íospartach go rachaidh na seirbhísí tacaíochta i dteagmháil leis nó má iarrann an t‑íospartach tacaíocht.’;

    (b)cuirtear an mhír seo a leanas isteach: 

    ‘6. Leanfaidh seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh de bheith oibríochtúil tráth géarchéime, cuir i gcás géarchéimeanna sláinte, cásanna imirce suntasacha nó staideanna éigeandála eile.’;

    (4)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c) tacaíocht mhothúchánach agus, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, tacaíocht shíceolaíoch a luaithe a thagann siad ar an eolas faoi stádas duine mar íospartach. Má léiríodh an gá speisialta le tacaíocht shíceolaíoch trí mheasúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 22, beidh tacaíocht shíceolaíoch ar fáil d’íospartaigh a bhfuil tacaíocht den sórt sin de dhíth orthu chomh fada agus is gá.’;

    (b)    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b) tacaíocht spriocdhírithe agus chomhtháite, lena náirítear tacaíocht tráma agus comhairleoireacht tráma, d’íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu, cuir i gcás íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, lena náirítear foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chumhdaítear le Treoir (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac], íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, íospartaigh coireanna eagraithe, íospartaigh atá faoi mhíchumas, íospartaigh an dúshaothraithe, íospartaigh na fuathchoireachta, íospartaigh na sceimhlitheoireachta, íospartaigh na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí.’;

    (c)    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘4. Soláthróidh na Ballstáit na seirbhísí cosanta agus na seirbhísí tacaíochta speisialaithe is gá chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar riachtanais iolracha na n‑íospartach a bhfuil riachtanais shonracha acu i gcomhréir leis na prótacail dá dtagraítear in Airteagal 26a(1), pointe (c).’

    (5)cuirtear isteach an tAirteagal 9a seo a leanas roimh Chaibidil II:

    ‘Airteagal 9a

    Seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite do leanaí

    1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh fáil ar sheirbhísí spriocdhírithe agus comhtháite speisialaithe atá oiriúnach do leanaí chun foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht agus cosaint atá oiriúnach ó thaobh aoise de atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar an iliomad riachtanas atá ag íospartaigh ar leanaí iad.

    2.Déanfaidh seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite d’íospartaigh ar leanaí iad foráil maidir le sásra ilghníomhaireachta comhordaithe lena náirítear na seirbhísí seo a leanas:

    (a)faisnéis a sholáthar;

    (b)scrúdú leighis;

    (c)tacaíocht mhothúchánach agus shíceolaíoch;

    (d)an fhéidearthacht coireanna a thuairisciú;

    (e)measúnú aonair ar riachtanais chosanta agus tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 22;

    (f)fianaise a fhístaifeadadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1).

    3.Soláthrófar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 laistigh den áitreabh céanna.’;

    (6)cuirtear isteach na hAirteagail 10a agus 10b seo a leanas:

    ‘Airteagal 10a

    An ceart chun cúnaimh sa chúirt

    Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cúnamh a bhunú ag áitreabh na cúirte chun faisnéis agus tacaíocht mhothúchánach a chur ar fáil d’íospartaigh.

    Airteagal 10b

    An ceart chun athbhreithniú ar chinntí a dhéantar le linn imeachtaí cúirte

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear íospartaigh ar an eolas gan mhoill faoi chinntí a dhéantar in imeachtaí cúirte a dhéanann difear go díreach dóibh agus go mbeidh an ceart acu chun athbhreithniú ar chinntí den sórt sin. Áireofar ar na cinntí sin, ar a laghad, cinntí de bhun na bhforálacha seo a leanas:

    (a)Airteagal 7(1) i ndáil le cinntí maidir le socruithe ateangaireachta le linn éisteachtaí cúirte;

    (b)Airteagal 23(3).

    2.Is leis an dlí náisiúnta a chinnfear na rialacha nós imeachta faoina bhféadfaidh íospartaigh athbhreithniú ar chinntí dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh.

    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cinntí breithiúnacha maidir le hiarraidh ar athbhreithniú den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnach ama.’;

    (7)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn na n‑imeachtaí coiriúla, go mbeidh íospartaigh i dteideal cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir, laistigh de thréimhse réasúnach ama.’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑íocfaidh a n‑údaráis inniúla an cúiteamh arna bhreithniú go díreach leis an íospartach gan moill mhíchuí. Beidh na húdaráis inniúla seachaithe maidir le ceart an íospartaigh i ndáil leis an gciontóir do mhéid an chúitimh arna bhreithniú.’;

    (8)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b) dul ar iontaoibh na bhforálacha, a mhéid is féidir, maidir le físchomhdháil agus glaonna comhdhála chun rannpháirtíocht íospartach a bhfuil cónaí orthu thar lear in imeachtaí coiriúla a éascú.’;

    (b)cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis inniúla cúnamh a iarraidh ar Eurojust agus an fhaisnéis atá dírithe ar chomhar a éascú le húdaráis inniúla na mBallstát eile i gcásanna trasteorann a tharchur chuig Eurojust.’;

    (9)in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear sonraí pearsanta a bhaineann le híospartach ar fáil don chiontóir go díreach nó go hindíreach lena bhféadfaidh an ciontóir áit chónaithe an íospartaigh a shainaithint nó dul i dteagmháil leis an íospartach ar bhealach ar bith.’;

    (10)Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    Measúnú aonair ar íospartaigh chun riachtanais shonracha tacaíochta agus chosanta a shainaithint’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh íospartaigh measúnú tráthúil agus aonair, chun tacaíocht shonrach agus riachtanais chosanta a shainaithint agus chun a chinneadh an mbainfeadh siad tairbhe as bearta speisialta dá bhforáiltear faoi Airteagal 9(1), pointe (c), agus faoi Airteagail 23 agus 24, agus a mhéid a bhainfeadh siad tairbhe astu, mar gheall ar a leochaileacht shonrach i ndáil le híospairt thánaisteach agus athíospairt, imeaglú agus frithbheartaíocht.’;

    (c)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    ‘1a. Déanfar an measúnú aonair a thionscnamh nuair a rachaidh an t‑íospartach i dteagmháil den chéad uair leis na húdaráis inniúla, agus mairfidh sé chomh fada agus is gá ag brath ar riachtanais shonracha gach íospartaigh. I gcás ina léiríonn toradh chéim thosaigh an mheasúnaithe aonair ó na chéad údaráis teagmhála gur gá leanúint den mheasúnú, déanfar an measúnú sin i gcomhar leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí ag brath ar chéim an nós imeachta agus ar riachtanais aonair íospartach i gcomhréir leis na prótacail dá dtagraítear in Airteagal 26a.’;

    (d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheasúnú aonair:

    (a)saintréithe pearsanta an íospartaigh, lena náirítear taithí ábhartha ar idirdhealú, fiú nuair atá siad bunaithe ar mheascán de fhorais éagsúla amhail gnéas, inscne, aois, míchumas, reiligiún nó creideamh, teanga, bunadh ciníoch, sóisialta nó eitneach, gnéaschlaonadh;

    (b)cineál na coire;

    (c)imthosca na coire;

    (d)an gaol leis an gciontóir agus saintréithe an chiontóra.

    3. I gcomhthéacs an mheasúnaithe aonair, tabharfar aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

    (a)íospartaigh a ndearnadh díobháil mhór dóibh mar gheall ar dhéine na coire;

    (b)íospartaigh a ndearnadh coir ina gcoinne, ar choir í a rinneadh le claontacht nó le cúis idirdhealaitheach a d’fhéadfadh, go háirithe, a bheith bainteach lena saintréithe pearsanta;

    (c)íospartaigh atá fíorleochaileach mar gheall ar a gcaidreamh leis an gciontóir agus a spleáchas air.

    I ndáil leis an méid sin, tabharfar aird chuí ar íospartaigh na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe, na gáinneála ar dhaoine, an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n‑áirítear foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh, foréigean gnéasach, teacht i dtír nó fuathchoireacht, íospartaigh na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí agus íospartaigh atá faoi mhíchumas. Tabharfar aird ar leith ar íospartaigh a thagann faoi níos mó ná ceann amháin de na catagóirí sin.’;

    (e)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    ‘3a. I gcomhthéacs an mheasúnaithe aonair, tabharfar aird ar leith ar an riosca a bhaineann leis an gciontóir, lena n‑áirítear an riosca a bhaineann le hiompar foréigneach agus díobháil choirp, úsáid arm, rannpháirtíocht i ngrúpa coireachta eagraithe, mí‑úsáid drugaí nó alcóil, mí‑úsáid leanaí, saincheisteanna meabhairshláinte, iompar stalcaireachta, bagairtí nó fuathchaint.’;

    (f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    ‘4. Chun críocha na Treorach seo, toimhdeofar go bhfuil riachtanais shonracha tacaíochta agus chosanta ag íospartaigh ar leanaí iad de bharr a leochaileachta i ndáil le híospairt thánaisteach agus athíospairt, imeaglú agus frithbheartaíocht. Chun a chinneadh an mbainfidh siad tairbhe as bearta speisialta dá bhforáiltear faoi Airteagail 23 agus 24 agus a mhéid a bhainfidís tairbhe astu, beidh íospartaigh ar leanaí iad faoi réir measúnú aonair dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Eagrófar an measúnú aonair ar íospartaigh ar leanaí iad faoi chuimsiú na seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 9a’;

    (g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    ‘6. Déanfar measúnuithe aonair le dlúth‑rannpháirtíocht an íospartaigh agus cuirfear a mianta san áireamh, lena n‑áirítear i gcás nach mian leo leas a bhaint as bearta speisialta dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 9a, 23 agus 24.’;

    (h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7

    ‘7. Déanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú aonair a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun a áirithiú go mbaineann na bearta tacaíochta agus cosanta le staid athraitheach an íospartaigh. Má tá athrú suntasach tagtha ar na heilimintí atá mar bhonn leis an measúnú aonair, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar é a nuashonrú le linn na n‑imeachtaí coiriúla.’;

    (11)in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (d):

    ‘(d) is duine den ghnéas céanna leis an íospartach a chuirfidh na hagallaimh ar fad ar íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh nó an fhoréigin inscnebhunaithe lena náirítear íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chumhdaítear le Treoir (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac], más mian leis an íospartach sin, ach amháin i gcás inar ionchúisitheoir nó breitheamh a dhéanfaidh na hagallaimh, ar choinníoll nach ndéanfar dochar do na himeachtaí coiriúla.’;

    (12)in Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘4. Beidh na bearta seo a leanas chun cosaint fhisiciúil íospartach a áirithiú ar fáil d’íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha chosanta acu arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 22(1) le linn imeachtaí coiriúla:

    (a)údaráis forfheidhmithe dlí a bheith i láthair ar bhonn leanúnach nó sealadach;

    (b)orduithe urchoisc, srianta nó cosanta chun cosaint a thabhairt d’íospartaigh ar aon ghníomh foréigin, lena náirítear trí iompar contúirteach áirithe de chuid an chiontóra a thoirmeasc nó a shrianadh.’;

    (13)in Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3. I gcás ina mbaineann an cion le sealbhóir na freagrachta tuismitheora, nó ina bhféadfadh aon choinbhleacht leasa eile a bheith ann idir na híospartaigh ar leanaí iad agus sealbhóir na freagrachta tuismitheora, cuirfidh na Ballstáit leas an linbh san áireamh agus áiritheoidh siad nach mbeidh aon ghníomh lena n‑éilítear toiliú ag brath ar thoiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora.’;

    (14)cuirtear na airteagail a leanas isteach i gCaibidil 5:

    ‘Airteagal 26a

    Prótacail trí chomhordú agus comhar náisiúnta

    1.Déanfaidh na Ballstáit prótacail shonracha a bhunú agus a chur chun feidhme maidir le heagrú seirbhísí agus gníomhaíochtaí faoin Treoir seo ag na húdaráis inniúla agus ag daoine eile a mbíonn teagmháil acu le híospartaigh. Déanfar na prótacail a tharraingt suas i gcomhordú agus i gcomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis ionchúisimh, breithiúna, údaráis choinneála, seirbhísí ceartais aisiríoch agus seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh. Beidh sé d’aidhm ag na prótacail shonracha an méid a leanas ar a laghad a áirithiú:

    (a)go bhfaighidh íospartaigh faisnéis atá in oiriúint dá riachtanais aonair athraitheacha; go mbeidh faisnéis den sórt sin simplí agus éasca le tuiscint, go soláthrófar í ar bhealach tráthúil, in iliomad formáidí lena náirítear ó bhéal, i scríbhinn agus go digiteach;

    (b)íospartaigh atá faoi choinneáil lena náirítear i bpríosúin, in ionaid choinneála agus i gcealla coinneála do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe, agus i saoráidí coinneála speisialaithe d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus in ionaid réamhaistrithe nó in institiúidí eile, lena náirítear in ionaid chóiríochta ina bhfuil iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta lonnaithe:

    (i)go bhfaighidh siad an fhaisnéis faoina gcearta;

    (ii)go mbeidh siad in ann brath ar thuairisciú éascaithe coireanna;

    (iii)go mbeidh rochtain acu ar thacaíocht agus ar chosaint i gcomhréir lena riachtanais aonair;

    (c)measúnú aonair ar riachtanais íospartach maidir le tacaíocht agus cosaint dá dtagraítear in Airteagal 22, agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar d’íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu, riachtanais aonair na níospartach ag céimeanna éagsúla den nós imeachta coiriúil a chur san áireamh.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú ar na prótacail dá dtagraítear i mír 1 go tráthrialta chun a néifeachtacht a áirithiú, agus uair amháin gach 2 bhliain ar a laghad.

    3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta reachtacha is gá chun go bhféadfar faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt, lena náirítear faisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta íospartach a chomhroinnt idir na húdaráis inniúla agus seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh chun rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht agus cosaint iomchuí d’íospartaigh aonair a áirithiú.

    Airteagal 26b

    Modhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh íospartaigh na coireachta a gcearta dá bhforáiltear in Airteagal 3a, Airteagal 4(1), Airteagal 5(1), Airteagal 5a, Airteagal 6(1), (2), (4), (5) agus (6) agus Airteagal 10b a fheidhmiú trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid.

    2.Ní chuirfear cosc ar íospartaigh na coireachta rochtain a fháil ar chórais náisiúnta a thairgeann na modhanna leictreonacha cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 nó úsáid a bhaint astu ar shlí eile ar an mbonn gur cónaitheoirí de chuid Ballstáit eile iad.

    3.I gcás inar gá ríomhshainaitheantas, ríomhshínithe agus ríomhshéalaí a úsáid i gcórais náisiúnta a thairgeann modhanna leictreonacha cumarsáide, ceadóidh na Ballstáit úsáid a bhaint as scéimeanna ríomhshainaitheantais a dtugtar fógra ina leith, ríomhshínithe cáilithe, agus ríomhshéalaí cáilithe aon Bhallstáit eile mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 .

    Airteagal 26c

    Cearta íospartach atá faoi mhíchumas

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh íospartaigh atá faoi mhíchumas tairbhe as modhanna leictreonacha cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 26b den Treoir seo, ar bhonn comhionann le daoine eile, trí na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh 67 .

    2.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh atá faoi mhíchumas rochtain a fháil, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar aon nós imeachta chomh maith leis na seirbhísí tacaíochta agus na bearta cosanta a chumhdaítear leis an Treoir seo i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil d’íospartaigh atá faoi mhíchumas arna iarraidh sin.

    Airteagal 26d

    Leigheasanna

       Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leigheas éifeachtach ag íospartaigh faoin dlí náisiúnta i gcás sárú ar a gcearta faoin Treoir seo.’;

    (15)cuirtear an tAirteagal 27a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 27a

    Oibleagáidí sonracha i ndáil le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta chun an Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh siad go ndéanfar é sin gan difear a dhéanamh do na hoibleagáidí faoi Threoir (AE).../... [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac], ar oibleagáidí iad atá infheidhme maidir leis na híospartaigh sin i dteannta na n‑oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit na nithe a leanas

    (a)ní dhéanann an líne chabhrach d’íospartaigh dá dtagraítear in Airteagal 3a den Treoir seo difear d’oibriú línte cabhrach tiomnaithe speisialaithe d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh mar a cheanglaítear faoi Airteagal 31 de Threoir (AE) …/… [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac];

    (b)ní dhéanann an oibleagáid bearta a dhéanamh de bhun Airteagal 5a(2) den Treoir seo difear d’oibleagáid na mBallstát bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun tuairisciú gníomhartha foréigin in aghaidh na mban nó gníomhartha foréigin teaghlaigh a spreagadh mar a leagtar amach in Airteagal 16(1) de Threoir (AE) …/… [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac];

    (c)ní dhéanann an oibleagáid bearta a ghlacadh de bhun Airteagal 5a(3) den Treoir seo difear d’oibleagáid na mBallstát bearta speisialaithe a dhéanamh chun a áirithiú go dtuairiscítear tarluithe foréigin in aghaidh na mban nó tarluithe foréigean teaghlaigh in ionaid ghlactha agus choinneála mar a leagtar amach in Airteagal 35(4) de Threoir (AE) …/… [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac];

    (d)ní dhéanann an oibleagáid bearta a dhéanamh de bhun Airteagal 5a(4) den Treoir seo difear d’oibleagáid na mBallstát bearta spriocdhírithe a dhéanamh faoi Airteagal 16(4) de Threoir (AE) …/… [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac];

    (e)a mhéid a bhaineann le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban nó an fhoréigin teaghlaigh, beidh feidhm ag forálacha [Airteagail 18 agus 19 de Threoir (AE) …/… [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac] i dteannta na rialacha a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2019/29, arna leasú leis an Treoir seo’

    (f)na prótacail maidir le measúnú aonair ar riachtanais íospartach maidir le tacaíocht agus cosaint dá dtagraítear in Airteagal 26a i gcomhar le hAirteagal 22 den Treoir seo, ní dhéanann siad difear d’oibleagáidí na mBallstát treoirlínte a eisiúint agus sásraí tiomnaithe a bhunú d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 23, pointe (b), agus Airteagal 40(2) de Threoir (AE) …/… [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac].’;

    (16)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

    ‘Airteagal 28

    Soláthar sonraí agus staidrimh

    1.Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun córas a bhunú chun staidreamh maidir le híospartaigh na coireachta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Áireofar ar an staidreamh sonraí atá ábhartha do chur i bhfeidhm nósanna imeachta náisiúnta maidir le híospartaigh na coireachta, lena náirítear ar a laghad líon agus cineál na gcoireanna a tuairiscíodh agus líon, aois agus gnéas na níospartach agus cineál an chiona. Áireofar iontu freisin faisnéis faoin gcaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach sa Treoir seo.

    2.Baileoidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear san Airteagal seo ar bhonn comhchomhiomlánaithe arna fhorbairt i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh siad na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) gach 3 bliana. Ní bheidh sonraí pearsanta iontu.

    3.Tacóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún staidreamh maidir le híospartaigh na coireachta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus tuairisciú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach sa Treoir seo.

    4.Tacóidh an Coimisiún (Eurostat) leis na Ballstáit maidir le bailiú sonraí dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear trí chaighdeáin choiteanna a bhunú maidir le haonaid chomhairimh, rialacha comhairimh, díchomhiomlánuithe coiteanna, formáidí tuairiscithe, agus maidir le cionta coiriúla a aicmiú.

    5.Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh arna bhailiú ar fáil don phobal. Ní bheidh sonraí pearsanta sa staidreamh.

    6.Ní dhéanfaidh bailiú sonraí faoi mhír 1 difear don bhailiú tiomnaithe sonraí faoi Airteagal 44 de Threoir (AE) …/… [maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac].’;

    (17)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

    ‘Airteagal 29

    Tuairisciú ón gCoimisiún agus athbhreithniú

    Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi [6 bliana tar éis ghlacadh na Treorach]. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar a mhéid a ghlac na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an cur chun feidhme teicniúil.

    Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más gá’;

    Airteagal 2

    Trasuí

    1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh [faoi cheann 2 bhliain tar éis di teacht i bhfeidhm] cé is moite de na forálacha is gá chun Airteagal 26b a chomhlíonadh, ar nithe iad a ghlacfar agus a fhoilseofar [faoi cheann 4 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle.
    (2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún um Straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025), COM/2020/258 Final.
    (3)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 (SWD/2022/0179 final).
    (4)     Tuarascáil Sintéise Vociare , a d’fhoilsigh Victim Support Europe [Tacaíocht d’Íospartaigh na hEorpa] agus Comhlachas Chearta Íospartach na Portaingéile (APAV) in 2019. Déantar measúnú sa tuarascáil ar chur i bhfeidhm praiticiúil na Treorach maidir le Cearta Íospartach i 26 Bhallstát den Aontas.
    (5)    Féach, mar shampla, an fás tapa a tháinig ar mhúnla Barnahus (tithe leanaí) sna Ballstáit.
    (6)    Féach, mar shampla, tionscadal Re-just ‘ Action plan for developing victim centred and trauma informed criminal justice systems [Plean gníomhaíochta chun córais cheartais choiriúil atá dírithe ar íospartaigh agus ar an tráma a fhorbairt] ’, a foilsíodh in 2021, ina gcuirtear i láthair na caighdeáin is déanaí maidir le rochtain na níospartach ar fhaisnéis, lena náirítear línte cabhrach, cur chuige comhordaithe chun tacú le híospartaigh, cosaint íospartach agus rannpháirtíocht sa cheartas.
    (7)    Mar thoradh ar na leasuithe atá beartaithe, i gcás 10-20 % de na híospartaigh a chuir in iúl nár thuairiscigh siad coireacht mar gheall ar an eagla go ndéanfaí bearta díoltais, dhéanfaidís tuairisciú mar a mhínítear sa mheasúnú tionchair.
    (8)    Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta, IO L 261, 6.8.2004, lch. 15–18.
    (9)    Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lch. 2) agus Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta (IO L181, 29.6.2013, lch. 4).
    (10)    Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
    (11)    Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le míúsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).
    (12)    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle. IO.
    (13)    Treoir 2019/713 (IO L 123, 10.5.2019, lch. 18).
    (14)    COM(2022) 105 final, 8.3.2022.
    (15)    COM (2022) 732 final, 19.12.2023.
    (16)

       Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomhshainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomhidirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

    (17)    IO C 197,12.7,2000, lch. 3
    (18)     Cearta bunúsacha a chumhdach tráth géarchéime | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (europa.eu) , 13 Deireadh Fómhair 2022.
    (19)    Cinneadh Réime 2009/948/CGB.
    (20)    Glacadh an togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú COM(2023) 185 final 2023/0093 (COD) an 5 Aibreán 2023.
    (21)    Sampla eile ina bhfuil gá le hiontaoibh is ea nuair a théann údaráis náisiúnta inniúla isteach i bhfoireann chomhpháirteach imscrúdaithe (JIT). Is cineál dlúthchomhair é JIT idir údaráis inniúla bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe dlí in dhá Bhallstát nó níos mó chun déileáil le cásanna casta trasteorann ar mhórscála go minic (bunaithe ar Chinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 ). Is minic a bhíonn baint ag íospartaigh leochaileacha ó roinnt Ballstát leis na cásanna sin, amhail íospartaigh na gáinneála, íospartaigh teacht i dtír gnéasach ar leanaí nó íospartaigh na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí. Chuige sin, ní mór ardleibhéal muiníne a bheith ann go gcaithfidh na comhpháirtithe uile go leordhóthanach leis na híospartaigh a bhfuil baint acu leis na himscrúduithe agus go nurramófar a gcearta i ngach tír lena mbaineann. Is sampla é JIT maidir leis na coireanna idirnáisiúnta is tromchúisí a líomhnaítear a rinneadh san Úcráin (agus seacht mBallstát rannpháirteach ann) a raibh baint acu le híospartaigh choireachta na hÚcráine a theith ón tír chuig Ballstáit éagsúla den Aontas Eorpach ó shin.
    (22)     Tacú le híospartaigh na coireachta — meastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach (europa.eu) .
    (23)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 (SWD(2022) 180 final).
    (24)     Tacú le híospartaigh na coireachta — meastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach (europa.eu) .
    (25)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13096-Criminal-justice-EU-rules‑on‑victims‑rights‑update-_ga
    (26)    Féach Tuarascáil Vociare nó Tuarascáil Artemis. Chun samplaí na dtionscadal a fheiceáil, féach in Iarscríbhinn 1 den mheasúnú tionchair.
    (27)    Treoir 2012/29/AE maidir le Cearta Íospartach — Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach. PE 611.022, Nollaig 2017,  https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/611022/EPRS_STU(2017)611022_EN.pdf .
    (28)    Dlíthe nós imeachta coiriúla ar fud an Aontais Eorpaigh — anailís chomparáideach ar na príomhdhifríochtaí roghnaithe agus ar an tionchar atá acu ar fhorbairt reachtaíocht AE. PE 604.977, Lúnasa 2018,  https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2018/604977/IPOL_STU(2018)604977_EN.pdf
    (29)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Bealtaine 2018 maidir le cur chun feidhme Threoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta (2016/2328 (INI)).
    (30)     https://commission.europa.eu/system/files/2022-12/Final%20opinion%202022_SBGR3_07%20Revision%20of%20the%20victims%20rights%20acquis_rev.pdf .
    (31)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais 5 an Mór-Dhlísheomra) an 8 Iúil 2019 i gCás C-534/17 An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Beilge.
    (32)     Suirbhé FRA maidir le Coireacht, Sábháilteacht agus Cearta Íospartach , Feabhra 2021.
    (33)    Mar shampla, i roinnt Ballstát (lena náirítear an Bhulgáir, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóvaic), is cóip de na forálacha náisiúnta maidir le cearta íospartach í an fhaisnéis scríofa arna soláthar ag na húdaráis.
    (34)    Arna bhunú faoi Chinneadh ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leasaítear Cinneadh 2007/116/CE maidir le huimhreacha forchoimeádta breise a thabhairt isteach dar tús ‘116’. Níl sé éigeantach uimhreacha forchoimeádta a chur i bhfeidhm ach moltar iad a chur i bhfeidhm. Ní mór coinníollacha áirithe a chomhlíonadh chun na huimhreacha a úsáid. I gcás íospartach, ní mór don líne chabhrach 116 006 faisnéis a sholáthar faoi chearta íospartach, glaoiteoirí a chur ar aghaidh chuig póilíní agus seirbhísí eile (más gá) agus comhairleoireacht a chur ar fáil.
    (35)    I measc na samplaí is fearr tá: líne chabhrach na hÉireann , líne chabhrach na hEastóine , líne chabhrach na Cróite,   líne chabhrach na Laitvia , líne chabhrach na Sualainne .
    (36)    COM(2022) 212 final, 11.5.2022.
    (37)    Measann thart ar leath de na páirtithe leasmhara nach bhfaigheann íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu dóthain tacaíochta.
    (38)    Le linn na gcomhairliúchán, bhain go leor fadhbanna le fístaifeadtaí leanaí le haghaidh fianaise, rannpháirtíocht atá fabhrach do leanaí i dtrialacha, cur chuige aonair do na leanaí is leochailí i roinnt Ballstát, lena náirítear BE, BG, DE, EL, LT agus PT.
    (39)    COM/2021/142 final, 24.3.2021.
    (40)     Faoi Barnahus — Barnahus  — mar oifig a thacaíonn le leanaí, faoi aon díon amháin, áit a gcomhoibríonn forfheidhmiú an dlí, ceartas coiriúil, seirbhísí cosanta leanaí, agus oibrithe míochaine agus meabhairshláinte le chéile agus measúnú a dhéanamh ar staid an linbh agus cinneadh a dhéanamh ar an obair leantach.
    (41)    AT, CY, CZ, DE, EE, IE, LT, LV, MT, NL, PT, SI.
    (42)    D’fhéadfadh imní, dúlagar, ciontacht, náire, iompar féinscriosach agus neamhábaltacht gníomhú nó smaoineamh go réasúnach a bheith i gceist le hiarmhairtí síceolaíocha na coireachta, féach Frithghníomhartha Síceolaíochta Íospartaigh na Coireachta Foréigní, Cambridge University Press , 2018.
    (43)    Is ann do dhea-chleachtais. Mar shampla, in Éirinn, cuireann V-Sac tacaíocht d’íospartaigh ar fáil sa chúirt ó shaorálaithe oilte do bhreis agus míle íospartach gach bliain.
    (44)    In ocht mBallstát ar a laghad — CY, EE, EL, FR, IE, MT, NL, RO.
    (45)    I 13 Bhallstát, níl leigheasanna dlíthiúla leordhóthanacha ag íospartaigh chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a bhaineann leo go díreach (BE, DE, FR, HU, IE, LT, LU, LV, MT, NL, RO, SE, SK). Baineann sé sin den chuid is mó leis an easpa seasaimh dhlíthiúil atá ag páirtí san imeacht.
    (46)    Creideann formhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo go bhfuil an ceart atá ag íospartaigh cúiteamh a fháil ón gciontóir neamhéifeachtach agus gur cheart é a neartú.
    (47)    Féach, go háirithe, cleachtas na mbreithiúna in CZ, SK, agus AU.
    (48)    Le Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh choireachta, ceanglaítear go dtabharfaidh na Ballstáit rochtain ar chúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinniúla, lena náirítear i gcásanna trasteorann. Is faoi nósanna imeachta náisiúnta a fhágtar na coinníollacha maidir le rochtain den sórt sin ar chúiteamh.
    (49)    Féach an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún maidir le digitiú an cheartais (SWD(2021) 392 final).
    (50)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí.
    (51)    Moladh ó Choiste na nAirí chuig Ballstáit Chomhairle na hEorpa maidir le cearta, seirbhísí agus tacaíocht d’íospartaigh na coireachta CM/Rec(2023)2 a glacadh an 15 Márta 2023.
    (52)    IO C , , lch. .
    (53)    IO C , , lch. .
    (54)    Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).
    (55)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 (SWD/2022/0179 final).
    (56)    Cinneadh 2007/116/CE ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2007 maidir leis an tsraith uimhrithe náisiúnta dar tús ‘116’ a choimeád d’uimhreacha comhchuibhithe do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo (IO L 049, 17.2.2007, lch. 30).
    (57)    Treoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO …).
    (58)    Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO L 261, 6.8.2004, lch. 15).
    (59)    IO L 23, 27.1.2010, lch. 37.
    (60)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
    (61)    Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinnidh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
    (62)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (63)    [Oifig na bhFoilseachán: Fonóta nuair a bheidh sé ar fáil]
    (64)    Treoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO ...).’;
    (65)    Treoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (OJ …).’
    (66)

       Rialachán (AE) Uimh 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomhshainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomhidirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

    (67)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
    Top