AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 403 final
2023/0280(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh in Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/863
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le Cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe d’Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) don tréimhse 2024‑2028 i dtaca le glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
Is é is aidhm don Choinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (Coinbhinsiún NAFO), trí NAFO a bhunú, rannchuidiú, trí chomhairliúchán agus chomhar, leis an úsáid is fearr is féidir, le bainistiú réasúnach agus le caomhnú acmhainní iascaigh limistéar Choinbhinsiún NAFO (an Limistéar Rialála). Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Eanáir 1979 agus rinneadh leasú air 4 huaire.
Ceapadh an ceathrú leasú, a tháinig i bhfeidhm an 18 Bealtaine 2017, chun nuachóiriú a dhéanamh ar NAFO, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·cur chuige éiceachórais maidir le bainistiú iascach a ionchorprú;
·próiseas cinnteoireachta NAFO a chuíchóiriú;
·na hoibleagáidí ar na páirtithe conarthacha, na Ballstáit brataí agus Stáit an chalafoirt a neartú; agus
·sásra um réiteach díospóidí foirmiúil a bhunú.
Is páirtí i gCoinbhinsiún NAFO é an tAontas, tar éis dó é a fhormheas faoi Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78. Dhaingnigh sé an ceathrú leasú ar an gCoinbhinsiún le Cinneadh 2010/717/AE ón gComhairle.
2.2.Coimisiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
Is comhlacht é Coimisiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (Coimisiún NAFO) arna bhunú le Coinbhinsiún NAFO chun a bheith freagrach as acmhainní iascaigh sa limistéar rialála a bhainistiú agus a chaomhnú. Glacann sé bearta caomhnaithe agus bainistithe chun an úsáid is fearr is féidir maidir leis na hacmhainní iascaigh faoina raon feidhme a bhaint amach.
Mar chomhalta de Choimisiún NAFO, tá an tAontas i dteideal páirt a ghlacadh ina chinneadh agus vótáil ina leith. Is de chomhthoil a dhéanann Coimisiún NAFO a chinntí.
2.3.Cinntí NAFO
Tá an t‑údarás ag Coimisiún NAFO bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlacadh maidir leis na hiascaigh atá faoina chúram agus tá na bearta sin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.
I gcomhréir le hAirteagal XIV.1 den Chomhaontú, tiocfaidh na bearta i bhfeidhm 60 lá tar éis an dáta a chuirfidh NAFO in iúl do na páirtithe conarthacha iad. Aon pháirtí conarthach a dhéanann agóid i gcoinne birt laistigh de 60 lá tar éis fógra a fháil, níl siad faoi cheangal ag an mbeart sin.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh
Leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais faoi láthair ag cruinnithe bliantúla na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) de réir cur chuige dhá shraith. Leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle bunphrionsabail sheasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil agus déantar an seasamh a choigeartú ina dhiaidh sin le haghaidh gach cruinnithe bhliantúil le páipéir leathoifigiúla ó sheirbhísí an Choimisiúin atá le formhuiniú ag an gComhairle.
Maidir le NAFO, cuirtear an cur chuige sin chun feidhme le Cinneadh (AE) 2019/863 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2019, lena leagtar amach seasamh an Aontais in NAFO don tréimhse 2019‑2023. Tá prionsabail ghinearálta sa Chinneadh ach cuirtear gnéithe sonracha NAFO san áireamh a mhéid is féidir. Ina theannta sin, leagtar amach ann an próiseas caighdeánach chun seasamh an Aontais a leagan síos bliain i ndiaidh bliana, mar a d’iarr na Ballstáit.
Cuimsíodh le Cinneadh (AE) 2019/863 ón gComhairle prionsabail an chomhbheartais iascaigh nua (CBI), mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus cuireadh san áireamh leis freisin na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an Chomhbheartais Iascaigh. Thairis sin, coigeartaíodh leis seasamh an Aontais maidir le Conradh Liospóin.
Déantar foráil le Cinneadh (AE) 2019/863 ón gComhairle maidir le measúnú, agus i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais roimh an gcruinniú bliantúil in 2024. Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo seasamh an Aontais in NAFO don tréimhse 2024-2028 agus ar an gcaoi sin, cuirtear in ionad Chinneadh (AE) 2019/863 ón gComhairle é.
I dtaca le hiascaireacht, cuimsítear leis an athbhreithniú atá ann faoi láthair an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Cuirtear san áireamh ann freisin an Straitéis um Plaistigh agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Thairis sin, cuirtear san áireamh ann freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist agus ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Coimisiún NAFO arna bhunú le comhaontú, is é sin Comhaontú NAFO.
Na gníomhartha a iarrtar ar Choimisiún NAFO a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Tá siad le bheith ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal XIV de Choinbhinsiún NAFO agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíochta an Aontais, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
·Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
·Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú;
·Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus
·Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme maidir le Limistéar Rialála na hEagraíochta Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle
Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach Chomhaontú NAFO a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh sin nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an iascach a bhaineann an príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 an bunús dlí lena leagtar amach na prionsabail atá le léiriú leis an seasamh seo.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe. Tiocfaidh an Cinneadh in ionad Chinneadh (AE) 2019/863 ón gComhairle, cinneadh a chumhdaíonn an tréimhse 2019‑2023.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 43(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.
2023/0280 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh in Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/863
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle, thug an tAontas an Coinbhinsiún um Chomhar in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘Coinbhinsiún NAFO’) i gcrích, lenar bunaíodh Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘NAFO’). De bhun Cinneadh 2010/717/AE ón gComhairle, thug an tAontas an ceathrú leasú ar Choinbhinsiún NAFO i gcrích, Coinbhinsiún lenar bunaíodh Coimisiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (‘Coimisiún NAFO’).
(2)Glacann Coimisiún NAFO bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na n‑acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún NAFO (‘an Limistéar rialála’) a áirithiú agus chun na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a choimirciú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.
(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , déantar foráil go bhfuil ar an Aontas a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuirfidh siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur le de réir a chéile hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.
(4)I gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n‑éiceachóras a aisiompú. Maidir leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus as caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na n‑earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.
(5)Déantar tagairt sa Straitéis um Plaistigh do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.
(6)Faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, príomhthosaíochtaí faoi ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.
(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún NAFO a leagan síos don tréimhse 2024-2028, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO a bheith ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle; agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(8)Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún NAFO le Cinneadh (AE) 2019/863 ón gComhairle agus is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a bhunú don tréimhse 2024-2028.
(9)I bhfianaise chineál athraitheach na n‑acmhainní iascaigh sa Limistéar Rialála agus an ghá ina dhiaidh sin le forbairtí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais, lena n‑áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh cruinnithe Choimisiún NAFO nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028. Ba cheart na seasaimh sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO).
Airteagal 2
I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasaimh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe Choimisiún NAFO.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil Choimisiún NAFO in 2029 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/863.
Airteagal 5
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán