Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0402

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach

    COM/2023/402 final

    An Bhruiséil,10.7.2023

    COM(2023) 402 final

    2023/0237(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2023) 269 final} - {SWD(2023) 240 final} - {SWD(2023) 241 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Ó 1953 i leith, mar aon le héabhlóid an Aontais Eorpaigh, tá ról atá ag éirí níos tábhachtaí go leanúnach ag staidreamh Eorpach chun tacú le gníomhaíochtaí, beartais agus gníomhartha reachtacha an Aontais, óna ndearadh agus a gcur chun feidhme go dtí an faireachán agus an mheastóireacht a dhéantar orthu.

    Is é an creat dlíthiúil reatha a rialaíonn staidreamh Eorpach Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in 2009. Rinneadh athbhreithniú air in 2015 chun rialachas foriomlán an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) a neartú agus go háirithe a neamhspleáchas gairmiúil. Ó shin i leith, is léir go bhfuil an rialachas neartaithe seo éifeachtach.

    Mar sin féin, mar thoradh ar na géarchéimeanna airgeadais, imirce agus Covid-19 a thit amach le déanaí, agus ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine a lean iad, méadaíodh ar éileamh ar Staidreamh Eorpach níos tráthúla, níos mionsonraithe, agus ar choinne a bheith lena leithéid, rud a bhí riachtanach chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht an Aontais agus chun an fhreagairt is fearr is féidir ón Aontas ar ghéarchéimeanna a áirithiú. San am atá thart, thug an tAontas faoi roinnt tionscnamh reachtach chun sásraí cuimsitheacha um fhreagairt ar ghéarchéimeanna a thógáil trí thograí amhail an sásra um Chosaint Shibhialta, an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), an Sásra um Cheartú Margaidh, nó an Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair (SMEI).

    Ag an am céanna, feidhmíonn CSE i gcomhthéacs atá á thiomáint ag claochlú digiteach as cuimse a chruthaigh riachtanais nua faisnéise in éineacht le go leor foinsí sonraí digiteacha a bheith ag teacht chun cinn. Tá na foinsí sin ar fáil anois chun leas a bhaint astu agus is féidir leo cabhrú le Staidreamh Eorpach a ghiniúint ar féidir leis freastal ar na riachtanais sin ar bhealach níos éifeachtúla, níos fairsinge agus níos tráthúla. Féadann sé sin, dá réir sin, fás eacnamaíoch a mhéadú, nuálaíocht a spreagadh, tacú le cuntasacht dhaonlathach agus le folláine fhoriomlán na sochaí.

    Mar thoradh air sin, tá athrú tagtha ar a bhfuil úsáideoirí ag súil leis ó staidreamh Eorpach, agus tá méadú tagtha ar éilimh ar fhaisnéis níos mionsonraithe, a tháirgtear ar shlí níos gasta, níos minice agus ina bhfuil léargais níos doimhne, faisnéis a thacaíonn le beartais an Aontais atá bunaithe ar fhianaise. Is príomhchodanna den timpeallacht nua seo anois iad na rialacha nua maidir le cosaint sonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, mar aon leis na paraiméadair nua cosanta príobháideachais. Ós rud é go bhfuil na modhanna táirgthe atá ann faoi láthair maidir le Staidreamh Eorpach teoranta d’fhoinsí sonraí traidisiúnta (e.g. suirbhéanna agus taifid riaracháin), tá sé deacair faoin am seo freastal ar na héilimh mhéadaitheacha sin agus b’fhéidir nach féidir freastal orthu in ar chor ar bith, fiú má leithdháiltear acmhainní breise ar na húdaráis staidrimh.

    Dá bhrí sin is é is cuspóir ghinearálta don togra seo an creat dlíthiúil lena rialaítear staidreamh Eorpach oiriúnú don am atá le teacht agus feabhas suntasach a chur ar fhreagrúlacht CSE ar riachtanais sonraí. Beidh an CSE in ann staidreamh a tháirgeadh a bheidh níos ábhartha, a bheidh ar fáil go pras agus a bheidh níos mionsonraithe. Cuirfidh sé sin feabhas ar éifeachtúlacht agus laghdóidh sé na costais agus na hualaí ar na Ballstáit agus ar fhreagróirí suirbhéanna. Féachann an tionscnamh seo freisin le sásra agus uirlisí a sholáthar do CSE chun freagairt go tapa agus ar bhealach comhchoiteann agus comhordaithe, d’éilimh phráinneacha sonraí le linn géarchéimeanna.

    Go sonrach, féachann an togra le cur ar chumas na n-údarás staidrimh leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na bhfoinsí agus na dteicneolaíochtaí sonraí digiteacha trína n-athúsáid don Staidreamh Eorpach a chumasú. Cuideoidh an togra le CSE a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí trí chomhroinnt sonraí a chur chun cinn agus trí comhordú an CSE a neartú; rúndacht staidrimh agus príobháideachas sonraí a chaomhnú go docht; cúraimí chomhpháirtithe CSE a thabhairt cothrom le dáta; breac-chuntas a thabhairt ar na róil a d’fhéadfadh a bheith ann chun deiseanna a eascraíonn as an gclaochlú digiteach a úsáid le haghaidh táirgeadh staidrimh ar shlí atá níos éifeachtaí ó thaobh costais de agus a bhfuil ualaigh níos lú ag baint leo, agus feidhmeanna nua a shonrú a d’fhéadfadh údaráis staidrimh a dhéanamh sna héiceachórais sonraí Eorpacha agus náisiúnta atá ag teacht chun cinn, agus prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh go hiomlán acu.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais reatha sa réimse beartais

    Tá an togra go hiomlán comhsheasmhach le forálacha reatha i reachtaíocht an Aontais maidir le staidreamh.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo ag teacht leis na rialacha reatha maidir le:

    - próiseáil sonraí pearsanta lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, (RGCS));

    - sásraí neartaithe chun infhaighteacht sonraí a mhéadú (an Gníomh um Rialachas Sonraí);

    - an cur chuige ginearálta maidir le sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí na hearnála poiblí i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil mar a fhoráiltear sa togra maidir leis an Acht um Shonraí atá á phlé faoi láthair;

    - príobháideacht agus rúndacht cumarsáide a chosaint, chomh maith le haon sonraí (pearsanta nó neamhphearsanta) a stóráiltear i dtrealamh teirminéil agus a bhfuil rochtain orthu ó threalamh teirminéil (is é seo an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas, a gcuirfear an Rialacháin maidir le ríomh-Phríobháideachas ina ionad. Tá sé seo á chaibidliú faoi láthair idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle).

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staidreamh a ullmhú, nuair is gá, chun gníomhaíochtaí an Aontais a chur i gcrích.

    Ina theannta sin, leagtar amach in Airteagal 338(2) CFAE na ceanglais maidir le Staidreamh Eorpach a sholáthar, agus sonraítear nach mór caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíochta, éifeachtúlachta costais, agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh gan ualach iomarcach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlachta neamheisiaí)

    Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mar nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Ciallaíonn sé seo nach ngníomhaíonn an tAontas ach toisc go mbeadh sé seo níos éifeachtaí ná gníomhaíocht a ghlactar ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.

    Ionas go mbeidh an CSE in ann Staidreamh Eorpach níos ábhartha, níos tráthúla agus níos mionsonraithe a tháirgeadh, tá gá le forálacha dlíthiúla ar leibhéal an Aontais chun foinsí nua sonraí a chur ar fáil do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (ISNanna) agus don Choimisiún (Eurostat), ionas gur féidir leo Staidreamh Eorpach a thiomsú ar bhealach inbhuanaithe.

    Faoi láthair, i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit sonraí atá á gcoinneáil go príobháideach a athúsáid le haghaidh staidrimh oifigiúil, tá coinníollacha agus coimircí difriúla ann ar fud na mBallstát. Mar thoradh ar chur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais gheofaí soiléireacht dhlíthiúil agus chinnteofaí cóireáil chothrom chóir do shealbhóirí sonraí príobháideacha atá gníomhach i roinnt Ballstát.

    Ionas go mbeidh an CSE freagrúil do ghéarchéimeanna, ba cheart tagairtí sonracha a thabhairt isteach sa chreat reachtach foriomlán a rialaíonn staidreamh Eorpach, lena gcumasaítear freagairt ghasta ar leibhéal an Aontais agus lena n-áiritheofar freisin go mbeidh an fhreagairt staidrimh mar an gcéanna ar fud na mBallstát. Chuirfeadh an sásra freagartha atá beartaithe feabhas ar éifeachtacht trí chomhordú staidrimh neartaithe, agus sainchúram agus freagrachtaí na n-údarás staidrimh náisiúnta á n-urramú ag an am céanna. Thairis sin, d’fhéadfaí é a úsáid sa bhreis ar ionstraimí reatha an Aontais um fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus é mar aidhm leis staidreamh tráthúil ábhartha a áirithiú le haghaidh cinnteoireachta atá bunaithe ar fhianaise laistigh de na hionstraimí sin.

    Chun an t-ualach ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh a laghdú agus éifeachtúlacht agus cáilíocht a mhéadú, ní mór na próisis laistigh den CSE a bharrfheabhsú. Áirítear leis na próisis sin socruithe maidir le bailiú sonraí agus comhroinnt sonraí a bhaineann le feiniméin a tharlaíonn i níos mó ná Ballstát amháin amhail gníomhaíochtaí ilnáisiúnta.

    Gan tuilleadh gníomhaíocht reachtaíochta ar leibhéal AE, leanfaidh na fadhbanna atá tagtha chun cinn agus d’fhéadfaidís dul in olcas de réir a chéile agus digitiú méadaithe na sochaí agus athruithe ar éileamh úsáideoirí á gcur san áireamh.

    Féadfaidh an tAontas bearta atá molta a ghlacadh sa réimse sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

    Comhréireacht

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar a thuairiscítear thíos.

    Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh an CSE a oiriúnú don am atá le teacht. Measadh go bhfuil sé oiriúnach chun na críche sin, agus mar thoradh air sin tá na buntáistí iomlána don tsochaí i bhfad níos mó ná na costais iomlána, mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair. Áirithítear le coimircí nós imeachta go gcuirtear comhréireacht i bhfeidhm ag gach céim de chur chun feidhme an Rialacháin athbhreithnithe (CE) Uimh. 223/2009.

    Tá an tionscnamh comhréireach toisc nach dtugann sé aghaidh ach ar bhacainní atá ann cheana ar Staidreamh Eorpach níos tráthúla, níos mionsonraithe a thiomsú. Baineann sé freisin le hobair na n-údarás náisiúnta agus braitheann sé uirthi agus comhdhlúthaíonn sé rannpháirtíocht láidir na bpáirtithe leasmhara ábhartha laistigh den CSE. Ní théann an rogha beartais dá dtugtar tosaíocht thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

    An rogha ionstraime

    Ós rud é go bhfuil ábhar an togra cumhdaithe cheana féin ag rialachán a leasófar leis an togra seo, is rialachán é an ionstraim is iomchuí.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Agus an togra seo á ullmhú, chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar bhealaí éagsúla. Leis an gcomhairliúchán poiblí bailíodh tuairimí ó pháirtithe leasmhara maidir le roghanna chun a chinntiú go mbeidh staidreamh Eorpach oiriúnach don am atá le teacht. Fuarthas aiseolas ó ghrúpaí páirtithe leasmhara éagsúla. Tá a dtuairimí le fáil go mion san iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad inmheánach oibre an mheasúnaithe tionchair.

    Rinneadh comhairliúchán poiblí idir an 19 Iúil agus an 25 Deireadh Fómhair 2022 1 . Fuarthas 204 fhreagra bailí san iomlán. Chuir freagróirí in iúl go dtacaíonn siad le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun sonraí digiteacha atá i seilbh na hearnála príobháidí a chur ar fáil chun staidreamh oifigiúil Eorpach a tháirgeadh, ós rud é gur mheas 83 % de na freagróirí go raibh tábhacht an-ard nó tábhacht ard ag baint leis sin. Mheas 11 % de na freagróirí go bhfuil staidreamh oifigiúil Eorpach sách freagrúil d’éileamh úsáideoirí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear le linn éigeandálaí agus géarchéimeanna poiblí, ach mheas 72 % go raibh siad beagáinín freagrúil, ach nach raibh siad freagrúil go leor. Maidir le cuspóirí a mbeadh comhroinnt sonraí níos éasca, níos córasaí idir údaráis staidrimh cabhrach ina leith laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach, mheas 72 % de na freagróirí go raibh sé ina chabhair an t-ualach freagartha a laghdú agus athúsáid sonraí a bailíodh cheana a cheadú. Ar deireadh, d’aontaigh 85 % de na freagróirí nó d’aontaigh siad go láidir gur cheart d’údaráis staidrimh comhairle ghairmiúil a sholáthar d’eagraíochtaí laistigh dá n-éiceachóras maidir le saincheisteanna a bhaineann le sonraí agus próiseáil sonraí, amhail cáilíocht, athúsáid sonraí, maoin intleachtúil, rúndacht, slándáil agus meiteashonraí.

    Bailíodh tuairimí ó pháirtithe leasmhara freisin tríd an “Study to support an Impact Assessment for the revision of Regulation (EC) No. 223/2009 on European Statistics”, a bhí bunaithe ar ábhar amhail agallaimh le páirtithe leasmhara a rinneadh idir Deireadh Fómhair agus Samhain 2022, ar shuirbhé ar líne (a reáchtáladh ón 5 Deireadh Fómhair go dtí an 7 Samhain 2022), agus ar cheardlann ar líne le páirtithe leasmhara a rinneadh an 8 Samhain 2022.

    Mar fhocal scoir, léirigh úsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh Eorpaigh tacaíocht d’athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ar aon dul leis an togra seo, cé gur thug táirgeoirí staidrimh (i.e. comhpháirtithe CSE) na hiarmhairtí maidir leis an mbuiséad dá n-aire. Thacaigh an pobal i gcoitinne freisin, i bhfianaise na dtairbhí suntasacha don tsochaí, ach ós rud é go bhféadfadh na sonraí ón earnáil phríobháideach atá le hathúsáid le haghaidh staidrimh Eorpaigh a bheith ina sonraí pearsanta go pointe áirithe, d’iarr siad cosaintí láidre rúndachta, cé gur aithin siad go soláthraíonn CSE cosaintí an-láidre cheana féin maidir le rúndacht.

    Féadfaidh gnólachtaí, ina ról mar shealbhóirí sonraí, costais a thabhú agus dá bhrí sin mheas siad go raibh sé riachtanach a leasanna a urramú. D’fháiltídís roimh an rogha tosaíochta, áfach, ar choinníoll go bhféadfaí réiteach cóir a fháil maidir le ceist an chúitimh costais. Is mór ag gach páirtí an laghdú a d’fhéadfadh teacht ar an ualach ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh trí úsáid foinsí nua sonraí a chur in ionad suirbhéanna.

    Mar fhocal scoir, d’iarr CSE arís agus arís eile leis na blianta fada anuas go dtabharfaí aghaidh ar leibhéal Eorpach ar cheist na rochtana ar shonraí atá á gcoinneáil go príobháideach chun críocha staidrimh. Cuireadh tús leis sin le páipéar seasaimh CSE maidir le rochtain ar shonraí a choinnítear go príobháideach agus a bhfuil leas an phobail ag baint leo i mí na Samhna 2017 2 agus, le déanaí, le páipéar seasaimh CSE maidir leis an togra faoin Acht um Shonraí a bheidh ann amach anseo 3 .

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Thacaigh roinnt doiciméad, staidéar, moltaí, comhdhálacha agus ionchur ó shaineolaithe eile leis an togra, lena n-áirítear:

    - Tuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe maidir le húsáid foinsí nua sonraí le haghaidh staidrimh oifigiúil a éascú: Empowering society by reusing privately-held data for official statistics – a European approach; (An tsochaí a chumhachtú trí shonraí atá á gcoinneáil go príobháideach a athúsáid le haghaidh staidrimh oifigiúil – cur chuige Eorpach;) 4 ;

    -Staidéar chun tacú le Measúnú Tionchair le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach;

    - Cruinniú ardleibhéil arna eagrú ag Uachtaránacht na Fraince i Lyon an 7-8 Aibreán 2022 maidir leis ‘an gCóras Staidrimh Eorpach a oiriúnú don todhchaí’;

    - Cruinniú idir Uachtaráin agus Ardstiúrthóirí ISNanna an CSE i Lucsamburg an 18 Bealtaine 2022 chun tuilleadh plé a dhéanamh ar dhá ábhar ar leith: rochtain inbhuanaithe ar shonraí a choinnítear go príobháideach agus ar chomhroinnt sonraí sa CSE chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh.

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála de chuid an Choimisiúin Eorpaigh an 14 Nollaig 2022 agus an 6 Márta 2023. An 27 Márta 2023, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach ach bhí cúpla rud ann nach raibh siad sásta leo. Chomh maith le rogha bhunlíne dhinimiciúil (PO0) lena gcuirtear san áireamh an Straitéis Sonraí Eorpach níos leithne agus nach bhfuil aon athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 i gceist léi, rinneadh measúnú ar dhá rogha reachtacha eile: (PO1) lena dtugtar isteach bearta reachtacha ar dhéine íseal; agus rogha (PO2) lena dtugtar isteach bearta reachtacha níos críochnúla, agus lena bhforchuirtear oibleagáidí ar shealbhóirí sonraí agus ar údaráis staidrimh náisiúnta na mBallstát. Le haghaidh gach rogha beartais sainíodh roinnt beart beartais ar leith.

    Léiríodh sa mheasúnú comparáideach ar na trí rogha beartais gurb í an rogha bhonnlíne (PO0) an toradh is lú is inmhianaithe ó thaobh éifeachtachta, éifeachtúlachta agus comhleanúnachais de, agus gurb í an chéad rogha beartais (PO1) is rogha is inmhianaithe. Tá an dara rogha beartais idir eatarthu. Tá sé seo fíor i gcás gach sprice sonraí. Níl PO1 chomh héifeachtach ach tá sé níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí ná PO2. Thairis sin, tá sé níos éasca é a chur i ngníomh agus tacaíonn páirtithe leasmhara leis. Léiríonn sé sin go soiléir gurb í PO1 an rogha thosaíochta.

    Cumhdaítear leis an rogha thosaíochta bearta a dhéanfaidh

    (i) úsáid inbhuanaithe chothrom foinsí sonraí digiteacha le haghaidh staidrimh Eorpaigh a áirithiú trí shásra a bhunú trínar féidir a cheangal ar shealbhóirí sonraí príobháideacha ar bhonn éigeantach athúsáid na sonraí atá ina seilbh acu a chumasú chun staidreamh den sórt sin a fhorbairt agus a tháirgeadh;

    (ii) cead a thabhairt gníomhaíochtaí staidrimh a thionscnamh go díreach ar leibhéal AE mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus ar chúinsí urghnácha;

    (iii) comhroinnt sonraí sainordaithe i measc chomhpháirtithe an CSE chun críocha staidrimh i gcás inarb ábhartha agus ina bhfuil údar leis;

    (iv) a cheadú don Choimisiún (Eurostat) sonraí a roinnt leis na ISNanna trí bhonneagar slán; agus

    (v) a chur ar chumas na ISNanna rialachas sonraí a ghlacadh orthu féin ina n-éiceachórais sonraí faoi seach, agus ar an gcaoi sin idir-inoibritheacht agus caighdeánú sonraí a fheabhsú.

    Cearta bunúsacha

    Níor sainaithníodh sa mheasúnú tionchair aon tionchar díreach a d’fhéadfadh a bheith ar chearta bunúsacha. Is é an t-aon cheart bunúsach a d’fhéadfadh a bheith i mbaol go hindíreach ná cosaint sonraí nuair a bhíonn comhroinnt sonraí á cur chun cinn agus nuair a bhíonn comhordú laistigh den CSE á neartú. Eagrófar comhroinnt fheabhsaithe sonraí den sórt sin, áfach, agus rúndacht staidrimh agus príobháideachas sonraí á gcaomhnú go docht ag an am céanna. Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na coinníollacha agus na rialacha uile dá bhforáiltear leis an reachtaíocht cosanta sonraí, amhail Rialachán (AE) 2016/679 5 agus Rialachán (AE) 2018/1725 6 .

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí buiséadach ag an togra.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Meastar gurb é in 2024 a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an rialachán atá beartaithe agus go nglacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme go gairid ina dhiaidh sin. Beidh an rialachán infheidhme go díreach i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh gan aon ghá le plean cur chun feidhme.

    I gcomhréir leis an measúnú tionchair, déanfar faireachán agus meastóireacht rialta ar chur chun feidhme an rialacháin a glacadh. Tá socruithe faireacháin sa mheasúnú tionchair freisin, lena n-áirítear tograí le haghaidh na dtáscairí a úsáidfear.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Sainmhínithe tábhachtacha nua a thabhairt isteach nó cinn atá ann cheana a oiriúnú (togra chun Airteagal 3 a leasú)

    Tá sé beartaithe sainmhíniú nua ar “staidreamh ilfhoinse” a thabhairt isteach chun a léiriú gur féidir staidreamh Eorpach a thiomsú trí mheascán d’fhoinsí éagsúla sonraí a úsáid. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-údarás staidrimh an meascán is ábhartha agus is cost-éifeachtaí de bhunfhoinsí sonraí a lorg chun cineálacha éagsúla staidrimh oifigiúil Eorpaigh a fhorbairt agus a tháirgeadh.

    Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar shaol dáiríre na haoise digití ina bhfeidhmíonn an CSE, moltar freisin sainmhínithe nua a thabhairt isteach amhail ‘sonraí ’, ‘meiteashonraí’, ‘sealbhóirí sonraí’, ‘comhroinnt sonraí’ agus ‘foinse sonraí’. Ní mór an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar “chríocha staidrimh” a oiriúnú freisin ionas go mbeidh gníomhaíochtaí taighde a dhéanann údaráis staidrimh, nó bunú frámaí samplála go sainráite mar chuid de chríocha staidrimh den sórt sin.

    Cumas an CSE a mhéadú chun freagairt go tapa agus ar bhealach comhchoiteann agus comhordaithe d’éilimh phráinneacha sonraí le linn géarchéime (togra le haghaidh Airteagal 16a nua)

    Go ginearálta, tá éilimh ar staidreamh oifigiúil níos mionsonraithe agus níos tráthúla, ar minic dóibh a bheith gar d’fhíor-am, ag méadú ach tá an cumas na héilimh sin a chomhlíonadh ríthábhachtach go háirithe le linn géarchéime, mar a tharla le déanaí le linn phaindéim Covid-19 agus na géarchéime fuinnimh a spreag ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Laistigh den ghnáth-thimthriall pleanála, leanann an t-am goir le haghaidh staitistice nua ar aghaidh ar feadh roinnt blianta de ghnáth, ach má tá an t-éileamh práinneach agus tábhachtach, tá gá le réiteach mear le coimircí iomchuí do gach comhpháirtí agus do cháilíocht agus do chomhchuibhiú na faisnéise staidrimh a bheidh mar thoradh air. Ní mór don CSE a bheith in ann freagairt ar shlí níos tapúla nó nuáil a dhéanamh go réamhghníomhach chun freagairt le staidreamh Eorpach d’éilimh pholaitiúla, eisceachtúla, neamhphleanáilte den sórt sin nach féidir freastal orthu faoi chur chun feidhme amlíne clársceidealaithe 7 mbliana an chláir staidrimh Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní leor gur féidir leis an gCoimisiún gníomhaíochtaí sonracha a ghlacadh chun an clár staidrimh Eorpach a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    Dá bhrí sin, moltar foráil nua lena ndéantar foráil do ghníomhaíochtaí staidrimh féideartha ar leibhéal Eorpach chun freastal ar riachtanais phráinneacha faisnéise a thagann chun cinn le linn géarchéime agus tar éis sásraí éigeandála a ghníomhachtaítear i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bunaíodh le dlí an Aontais.

    I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí sealadacha staidrimh atá le tionscnamh agus le déanamh ar an leibhéal Eorpach, i ndlúthchomhar leis an gCoiste CSE. Ba é an tairbhe do pháirtithe leasmhara polaitiúla agus do lucht déanta beartais freagrúlachta feabhsaithe láithrí den sórt sin laistigh den CSE aschuir staidrimh agus léargais atá inchomparáide ar fud Bhallstáit an Aontais a fháil ar bhealach sách tráthúil.

    Is féidir a áireamh sna gníomhaíochtaí staidrimh sin staidreamh a tháirgeadh a bhunaítear ar bhailiúcháin nua sonraí sealadacha, nó léargais bhreise a sholáthar a bhunaítear ar shonraí atá ann cheana. Is féidir a áireamh ar na gníomhaíochtaí freisin modheolaíochtaí nua a fhorbairt agus bearta comhordaithe eile atá dírithe ar leanúnachas, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht an staidrimh Eorpaigh a chuirtear ar fáil le linn géarchéimeanna a áirithiú.

    Agus an gá atá le gníomhaíocht staidrimh á shainaithint aige, ní mór don Choimisiún (Eurostat) an Coiste CSE a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leis ar bhealach tráthúil, trédhearcach. Féadfaidh ISNanna a chinneadh teacht ar bord agus páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí staidrimh. Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin lena sonraítear an tréimhse ama, an mhinicíocht agus na ceanglais cáilíochta maidir leis na gníomhaíochtaí staidrimh sin.

    Thairis sin, d’fhéadfaí é a úsáid ag an am céanna ar ionstraimí reatha an Aontais um fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus é mar aidhm leis staidreamh tráthúil ábhartha a áirithiú le haghaidh cinnteoireachta atá bunaithe ar fhianaise laistigh de na hionstraimí sin.

    Rochtain thráthúil ar shonraí riaracháin le haghaidh staidrimh Eorpaigh a neartú (togra chun Airteagal 17a a leasú)

    Tá sé beartaithe an ceanglas a neartú go ligfidh na comhlachtaí poiblí náisiúnta atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin atá ábhartha d’fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh Staidrimh Eorpaigh do na ISNanna agus d’údaráis náisiúnta eile rochtain a fháil ar shonraí riaracháin 7 , iad a athúsáid agus a chomhtháthú saor in aisce in am agus minicíochta de ar leor iad chun staidreamh a tháirgeadh agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) laistigh de na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a shainítear sa reachtaíocht staidrimh.

    Ina theannta sin, tugtar isteach leasú agus soiléiriú go gceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain agus cead athúsáide a fháil go tráthúil, ar shonraí ábhartha agus ar mheiteashonraí ábhartha ó bhunachair sonraí agus ó chórais idir-inoibritheachta arna gcoimeád ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, nuair is gá sin chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Chun na críche sin, oibreoidh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais chun na sonraí agus na meiteashonraí saincheaptha a cheanglaítear, na módúlachtaí oibriúcháin le haghaidh athúsáid sonraí agus na coimircí fisiceacha agus loighciúla is gá a shonrú.

    Rochtain inbhuanaithe a áirithiú ar shonraí a choinnítear go príobháideach agus a thagann chun cinn mar fhotháirge ó sheirbhísí digiteacha agus ó Idirlíon na n-Earraí don Staidreamh Eorpach (togra le haghaidh Airteagail 17b, 17c, 17d agus 17e nua)

    In Airteagail 17b, 17c, 17d agus 17e nua, i gCaibidil III maidir le ‘Staidreamh Eorpach a Tháirgeadh’, tá sé beartaithe oibleagáid a thabhairt isteach do shealbhóirí sonraí príobháideacha sonraí a chur ar fáil, arna iarraidh sin dóibh, do na ISNanna nó don Choimisiún (Eurostat), faoi choinníollacha áirithe. Is ionann an sásra atá beartaithe agus creat comhréireach, teoranta agus intuartha ar leibhéal Eorpach atá éifeachtach chun na sonraí sin a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus, ag an am céanna, a áirithíonn deimhneacht dhlíthiúil agus a íoslaghdaíonn an t-ualach freagartha ar ghnólachtaí. Tá an sásra sin gan dochar, áfach, do na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar fhreagróirí staidrimh atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach, ná don oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí, sonraí a chur ar fáil bunaithe ar riachtanais eisceachtúla i gcomhréir leis an Acht um Shonraí 8 .

    Nós imeachta dhá chéim chun bonn cirt a fháil atá beartaithe leis an togra, trína gcaithfear an gá le rochtain a fháil ar fhoinse nua sonraí a bhunú ar dtús ar leibhéal cláir oibre bhliantúil an Staidrimh Eorpaigh. Bheadh an bonn cirt sa chlár oibre bliantúil ina réamhchoinníoll don dara céim, tráth a gcuirfidh na ISNanna nó an Coimisiún (Eurostat) iarratais aonair faoi bhráid sealbhóirí sonraí príobháideacha i ndáiríre chun roinnt sonraí a chur ar fáil d’fhonn staidreamh áirithe a thiomsú (laistigh de raon feidhme na chéad chéime). Ní mór d’iarratais den sórt sin a bheith i gcomhréir leis na riachtanais staidrimh, cuspóir an iarratais a chur in iúl go soiléir agus leasanna sealbhóir na sonraí príobháideacha ar iarradh air na sonraí a chur ar fáil a urramú.

    Cé gurb iad na ISNanna na príomhphointí rochtana ar shonraí a choinnítear go príobháideach chun Staidreamh Eorpach a thiomsú, d’fhéadfadh sé go mb’fhearr don Choimisiún (Eurostat) feidhmiú mar an chéad phointe rochtana ar shonraí ó ghnólachtaí i gcásanna áirithe. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le réimsí ina bhféadfadh cur chuige i leith bailithe sonraí CSE a bheith níos éifeachtaí, mar chásanna ina mbíonn sonraí i seilbh cuideachtaí a oibríonn ar scála an Aontais ar fad. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm leis an togra oibleagáid comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh a bhunú idir ISNanna chun iarratais iomarcacha ar shealbhóirí sonraí príobháideacha a sheachaint agus chun cur chuige ar mhaithe le híoslaghdú sonraí a áirithiú.

    Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sonrú a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ar na socruithe chun na sonraí a chur ar fáil, amhail an fhormáid sonraí, na ceanglais maidir le meiteashonraí, teimpléad coiteann atá le húsáid agus iarratas á chur isteach nó ar an mbealach iarbhír chun rochtain a fháil ar na sonraí, go mbaineann d’oibleagáid le sonraí a chur ar fáil a chumhdaíonn féidearthachtaí éagsúla, lena n-áirítear sonraí a tharchur, creat ríofa slán tríú páirtí a úsáid nó algartam a sheoladh chuig an sealbhóir sonraí príobháideach.

    Sonraítear leis na forálacha oibleagáidí do na ISNanna agus don Choimisiún (Eurostat) agus sonraí á n-athúsáid a chuirtear ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh. Go háirithe, ba cheart do na ISNanna agus don Choimisiún (Eurostat) na sonraí sin a úsáid go heisiach chun críocha staidrimh i gcomhréir le prionsabail na rúndachta staidrimh agus na cost-éifeachtachta agus ní roinnfidh siad le tríú páirtithe iad ach amháin má tá an sealbhóir sonraí tar éis toiliú. Ina theannta sin, glacfaidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) bearta iomchuí chun rúndacht staidrimh agus rúin trádála a chosaint chomh maith le hábhair imní dhlisteanacha eile atá ag sealbhóirí sonraí príobháideacha a chaomhnú, lena n-áirítear an costas agus an iarracht a theastaíonn chun na sonraí a chur ar fáil. Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) tuairisc ar na príomhchatagóirí costas a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí ar féidir cúiteamh a dheonú ina leith don sealbhóir sonraí chomh maith leis an modheolaíocht chun na costais sin a ríomh.

    Comhroinnt sonraí a chothú laistigh den CSE (togra le haghaidh Airteagal 17f nua)

    Tá sé beartaithe forálacha nua maidir le comhroinnt sonraí idir ISNanna agus idir ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) a thabhairt isteach i gCaibidil III atá ann faoi láthair maidir le ‘Staidreamh Eorpach a Tháirgeadh’ chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh agus chun a gcáilíocht a fheabhsú, i gcás inarb ábhartha agus i gcás inar gá, agus chun na críche sin amháin. Mar shampla, i gcásanna amhail breathnóireacht ar fheiniméin trasteorann nach féidir a thomhas mar shuim meastachán náisiúnta.

    Féachtar ar chomhroinnt sonraí mar bhealach chun rochtain ar fhoinsí sonraí laistigh de CSE a mhéadú le haghaidh forbairt staidrimh agus táirgeadh staidrimh araon agus chun tacú le críocha anailíse sonraí. Soláthróidh ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) atá rannpháirteach sa chomhroinnt sonraí laistigh de CSE na coimircí uile is gá maidir le cosaint fhisiceach agus loighciúil na rúndachta sonraí. Ba cheart comhroinnt sonraí a éascú trí bhonneagar slán a úsáid, lena n-áirithítear sláine theicniúil agus rúndacht na próiseála sonraí.

    Nuair is sonraí rúnda de réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán seo nó sonraí pearsanta de réir Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 iad na sonraí lena mbaineann, ceadófar na sonraí sin a chomhroinnt agus féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn deonach, bunaithe ar theicneolaíochtaí um fheabhsú príobháideachta.

    Staidreamh Eorpach a fhorbairt (togra le haghaidh Caibidil IIIa nua maidir le ‘Staidreamh Eorpach a fhorbairt’ le hAirteagal 17g nua)

    Tugtar isteach leis an togra Caibidil IIIa nua maidir le ‘Staidreamh Eorpach a fhorbairt’ lena dtugtar aghaidh ar shaincheist an staidrimh atá á fhorbairt, ar a dtugtar ‘staidreamh turgnamhach’ uaireanta. Is é an chuspóir creat a chruthú faoina bhféadfar staidreamh Eorpach a fhorbairt i réimsí sonracha mar chuid d’iarracht chomhchoiteann de chuid CSE, agus teicneolaíochtaí nua agus léargais nua á gcomhtháthú de réir a chéile ar an gcaoi sin. Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar le Coiste an CSE, forbairt aschuir agus léargais staidrimh nua a thionscnamh ar bhealach comhordaithe ar fud an CSE.

    Staidreamh Eorpach a scaipeadh (togra le haghaidh mír 4 nua in Airteagal 18)

    Tá sé beartaithe leas a bhaint as go bhfoilseoidh na Ballstáit staidreamh Eorpach ar an leibhéal náisiúnta uaireanta roimh na spriocdhátaí tarchuir a leagtar amach sa reachtaíocht earnála ábhartha. A luaithe a fhoilseofar na sonraí sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) a bheith in ann na sonraí céanna sin a scaipeadh díreach ina dhiaidh sin agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le tráthúlacht mhéadaithe ar an leibhéal Eorpach, fad a urramóidh siad sainmhínithe agus aicmiú ábhartha.

    Sonraí atá ar fáil go poiblí a athúsáid (togra le haghaidh Airteagal 25 mionathraithe)

    Chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos éifeachtúla as sonraí atá ar fáil go poiblí, tá sé beartaithe foclaíocht Airteagal 25 a leasú.

    Feidhmeanna nua ISNanna sna creataí náisiúnta um rialachas sonraí (togra le haghaidh Airteagal 26a nua)

    Tá sé beartaithe freisin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go bhféadfaidh ISNanna feidhmeanna a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta sna creataí náisiúnta rialachais sonraí, lena n-áirítear na cinn sin dá bhforáiltear san Acht um Rialachas Sonraí, leis an gcuspóir comhtháthú sonraí agus idir-inoibritheacht, tuairisc ar mheiteashonraí, dearbhú cáilíochta agus socrú caighdeán a chur chun cinn agus foinsí nua sonraí a shainaithint a bheidh le húsáid le haghaidh staidreamh atá á fhorbairt. Ní mór na feidhmeanna sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar síos sa Rialachán seo. 

    Clásal maidir le meastóireacht agus athbhreithniú (togra le haghaidh Airteagal 27a nua)

    I gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, tá sé beartaithe clásal athbhreithnithe a chur isteach.

    2023/0237 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 bunaítear an creat dlíthiúil ar leibhéal an Aontais chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    (2)Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 in 2015 chun an rialachas sa Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) a neartú a thuilleadh, go háirithe a neamhspleáchas gairmiúil, agus ó shin i leith léiríodh go bhfuil an rialachas neartaithe éifeachtach.

    (3)Tá réaltachtaí atá thar a bheith difriúil tugtha isteach ag an gclaochlú digiteach agus tá timpeallacht nua cruthaithe aige ina bhfuil riachtanais nua maidir le staidreamh Eorpach. Thairis sin, mar thoradh ar ghéarchéim Covid-19 le déanaí agus ar an ngéarchéim fuinnimh a spreagadh mar gheall ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, méadaíodh na héilimh agus na hionchais maidir le staidreamh Eorpach níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe a theastaíonn chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht an Aontais agus chun an fhreagairt is fearr is féidir ón Aontas ar ghéarchéimeanna a áirithiú.

    (4)Chun aghaidh a thabhairt ar ionchais mhéadaitheacha maidir le staidreamh Eorpach níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe chomh maith le freagairt CSE níos tapúla agus níos comhordaithe ar éilimh staidrimh phráinneacha le linn géarchéime, is gá Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a leasú. Is é cuspóir an Rialacháin seo a áirithiú go bhfuil staidreamh Eorpach ábhartha an t-am ar fad tríd na riachtanais úsáideora sin atá ag athrú agus atá níos déine a chur san áireamh, go háirithe trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na bhfoinsí agus na dteicneolaíochtaí sonraí digiteacha, trína n-athúsáid le haghaidh staidrimh Eorpaigh a chumasú, trí CSE a dhéanamh níos aclaí agus níos ábalta freagairt go héifeachtach agus go tapa do ghéarchéimeanna, agus trí chomhroinnt sonraí a chur chun cinn agus comhordú a neartú i measc comhpháirtithe CSE.

    (5)Chun léiriú a thabhairt ar shaol dáiríre an lae inniu agus ar an aois dhigiteach ina bhfeidhmíonn an CSE, ba cheart sainmhínithe nua nó nuashonraithe a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 chun soiléiriú a dhéanamh ar na coincheapa ‘sonraí’, ‘meiteashonraí’, ‘sealbhóirí sonraí’, ‘athúsáid sonraí’, ‘comhroinnt sonraí’, ‘foinse sonraí’, ‘staidreamh ilfhoinse’, ‘úsáid chun críocha staidrimh’, agus ‘géarchéim’.

    (6)Léiríodh le paindéim Covid le déanaí go bhfuil staidreamh Eorpach tráthúil, iontaofa agus inchomparáide ríthábhachtach maidir le héifeachtacht fhreagairt na n-údarás poiblí ar chásanna éigeandála. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a thabhairt do CSE gníomhaíochtaí comhordaithe a thionscnamh go tapa má thagann riachtanais phráinneacha sonraí agus staidrimh chun cinn lasmuigh den chreat pleanála rialta, go háirithe le linn géarchéime. I gcás den sórt sin, ba cheart do shealbhóir sonraí, arna iarraidh sin air, sonraí a chur ar fáil d’institiúid staidrimh náisiúnta (ISN) nó don Choimisiún (Eurostat) a léiríonn go bhfuil gá eisceachtúil leis na sonraí a iarradh a úsáid, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos san Acht um Shonraí 10 .

    (7)Tá rochtain agus athúsáid foinsí nua sonraí, a thagann chun cinn mar fhotháirgí seirbhísí digiteacha agus Idirlíon na nEarraí (IoT), ag éirí ríthábhachtach chun staidreamh Eorpach atá tráthúil, minic agus mionsonraithe go leor a tháirgeadh ar bhealach níos éifeachtúla agus níos saoire. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a áirithiú ar fhoinsí nua sonraí i gcoitinne agus go háirithe ar shonraí a choinnítear go príobháideach chun Staidreamh Oifigiúil Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh ar bhonn inbhuanaithe agus de réir rialacha atá cóir, soiléir agus intuartha.

    (8)Is iarraidh sheanbhunaithe ag CSE é rochtain a fháil ar fhoinsí nua sonraí, lena n-áirítear go háirithe ar shonraí a choinnítear go príobháideach, mar a léiríodh i bPáipéar Seasaimh CSE maidir le rochtain ar shonraí a choinnítear go príobháideach agus a bhfuil leas an phobail ag baint leo ó mhí na Samhna 2017, agus i bPáipéar Seasaimh CSE maidir leis an togra faoin Acht um Shonraí a bheidh ann amach anseo ó mhí an Mheithimh 2021.

    (9)Ba cheart athúsáid sonraí atá i seilbh phríobháideach agus foinsí nua sonraí eile a bheith faoi réir coimircí agus ráthaíochtaí diana dlíthiúla, teicniúla agus nós imeachta, lena n-áirítear ardleibhéal slándála, rúndachta agus meas ar phríobháideacht a chur i bhfeidhm, mar a chumhdaítear cheana i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart an fhéidearthacht rochtain ar shonraí a choinnítear go príobháideach a iarraidh a bheith teoranta do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (ISNanna), agus iad ag gníomhú dóibh féin nó thar ceann údarás náisiúnta eile de chuid CSE, agus don Choimisiún (Eurostat) amháin. Ina theannta sin ba cheart, mar réamhriachtanas, iad a bhunú i gclár oibre bliantúil agus a bheith teoranta do chásanna ina bhfuil, ar thaobh amháin, na sonraí a iarrtar riachtanach chun staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh agus, ar an taobh eile, nach féidir na sonraí a fháil go héasca ar shlí eile, nó go mbeadh laghdú suntasach ar an ualach freagartha ar shealbhóirí sonraí agus ar ghnólachtaí eile mar thoradh ar an athúsáid sonraí.

    (10)Ba cheart iarratais ar shonraí ó na ISNanna nó ón gCoimisiún (Eurostat) a bheith trédhearcach agus comhréireach ó thaobh a raon feidhme agus leibhéal an mhionsonraithe de. I ndáil leis sin, is gá iad seo a leanas a shonrú agus a mhíniú: cuspóir an iarratais, an úsáid atá beartaithe do na sonraí a iarradh, an mhinicíocht agus na spriocdhátaí faoinar cheart na sonraí a chur ar fáil chomh maith leis na socruithe oibríochtúla chun iad a chur ar fáil.

    (11)Leis na hiarratais ar shonraí, ba cheart don ISN nó don Choimisiún (Eurostat) cuireadh a thabhairt don sealbhóir sonraí chuig idirphlé chun paraiméadair nithiúla na n-iarratas ar shonraí, na socruithe, bearta chun costais a fhritháireamh a d’fhéadfadh a bheith ar shonraí a chur ar fáil, agus aon bhearta eagraíochtúla agus teicniúla chun rúndacht sonraí agus rúin trádála a chosaint, a shonrú d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na gnéithe sin. Mura dtabharfar aon chomhaontú i gcrích laistigh de thrí mhí, ba cheart an deis a bheith ag an ISN nó ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an sealbhóir sonraí príobháideach sonraí a chur ar fáil. Má mhainníonn sealbhóir na sonraí na sonraí a iarradh a tharchur d’aon ghnó nó go faillíoch laistigh den tréimhse shocraithe nó má tharchuireann sé sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha, ba cheart an deis a bheith ag an ISN nó ag an gCoimisiún pionóis a ghlacadh ba cheart a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe á gcur san áireamh, i bhfianaise an leasa phoiblí atá á shaothrú. Ba cheart na pionóis arna nglacadh ag na ISNanna a bheith coibhéiseach le pionóis maidir le sáruithe ar rialacha náisiúnta comhchosúla. Beidh gach cinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart dlínse neamhtheoranta a bheith ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le fíneálacha atá glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 261 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (12)Ba cheart comhtháthú breise staidrimh agus faisnéise geospásúla a spreagadh freisin chun úsáid níos éifeachtúla acmhainní agus comhtháthú feabhsaithe sonraí ag eagraíochtaí poiblí éagsúla a chumasú agus chun aschuir nua staidrimh a tháirgeadh, amhail anailís spásúil, agus léirshamhlú agus scaipeadh sonraí. Tacóidh siad seo le cinnteoireacht agus le monatóireacht a dhéanamh ar spriocanna beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

    (13)Is gá a áirithiú go ligfidh na comhlachtaí poiblí náisiúnta atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin a bhaineann le forbairt, le táirgeadh agus le scaipeadh Staidrimh Eorpaigh d’údaráis staidrimh náisiúnta rochtain a dhéanamh ar na sonraí sin, iad a athúsáid agus a chomhtháthú saor in aisce in am agus minic go leor chun staidreamh a tháirgeadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a shainítear i reachtaíocht staidrimh an Aontais.

    (14)I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoinRialachán seo, ba cheart go gcomhlíonfadh próiseáil den sórt sin reachtaíocht ábhartha AE maidir le cosaint sonraí pearsanta, is é sin, Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 . I gcomhréir leis an bprionsabal íoslaghdaithe sonraí a leagtar amach sna rialacháin seo, ba cheart sonraí a sholáthraítear faoin Rialachán seo a chomhiomlánú de ghnáth sa mhéid nach féidir daoine aonair a shainaithint.

    (15)Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta chun críocha staidrimh oifigiúil ag údaráis staidrimh náisiúnta, a mheastar a bheith chun leas an phobail, a bheith cumhdaithe ag maoluithe agus faoi réir coimircí iomchuí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Mar shampla, níor cheart a mheas go bhfuil tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta chun críocha staidrimh ar neamhréir leis na críocha tosaigh ar chucu a bailíodh iad. Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear leis na coimircí áirithe ba cheart a chur ibhfeidhm maidir le comhroinnt sonraí pearsanta de réir an Rialacháin seo go ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil, go n-áireofaí leo prionsabail an teorannaithe de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, teorannú stórála agus sláine agus rúndacht mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679. Maidir leis sin, ba cheart teicneolaíochtaí cosanta príobháideachais atá deartha go sonrach chun na prionsabail sin a chur chun feidhme a úsáid chun sonraí a roinnt.

    (16)Le bheith ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí nua agus léargais nua a chomhtháthú de réir a chéile, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh staidreamh Eorpach ábhartha an t-am ar fad, ba cheart rialacha a bhunú faoina bhféadfar staidreamh a fhorbairt, mar chuid d’iarracht chomhchoiteann de chuid CSE, i réimsí sonracha d’fhonn iad a chomhtháthú i dtáirgeadh rialta Staidrimh Eorpaigh. Cé nach gá go gcomhlíontar na critéir cháilíochta go léir a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart caitheamh leis an staidreamh sin mar Staidreamh Eorpach.

    (17)Agus iad ag iarraidh aschuir nua staidrimh a nuáil agus a fhorbairt go leanúnach, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh lánaird a thabhairt ar riachtanais úsáideoirí, mar a léiríonn go háirithe comhairlí náisiúnta úsáideoirí staidrimh. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún an Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach (ESAC), a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 mar phríomhchomhlacht de chuid an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí, freagróirí agus táirgeoirí staidrimh Eorpaigh, a chur ar an eolas faoin gcaoi ar chuir sé tuairimí ESAC san áireamh, go háirithe maidir le staidreamh Eorpach nua a fhorbairt.

    (18)Ba cheart d’údaráis staidrimh comhar idirdhisciplíneach láidir, struchtúrtha, marthanach le hinstitiúidí acadúla agus taighde a chur chun cinn freisin, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, go háirithe nuair a bhíonn staidreamh nua á fhorbairt acu, modhanna agus teicneolaíochtaí nua á dtástáil acu agus nuálaíocht agus turgnamh á gcur chun cinn acu.

    (19)I bhfianaise na hiontaoibhe a thugtar le ISNanna agus a gcuid saineolais teicniúil den scoth i mbainistiú sonraí, i gcáilíocht sonraí agus i gcosaint sonraí, ba cheart na Ballstáit a spreagadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, chun feidhmeanna áirithe a shannadh do ISNanna sna creataí náisiúnta rialachais sonraí, lena n-áirítear na cinn sin dá bhforáiltear san Acht um Rialachas Sonraí, agus mar chuspóir acu comhtháthú sonraí agus idir-inoibritheacht, tuairisc ar mheiteashonraí, dearbhú cáilíochta agus socrú caighdeán a chur chun cinn. I ndáil leis sin, ba cheart rannpháirtíocht ISNanna i ndearadh tosaigh, i bhforbairt ina dhiaidh sin agus i scor de thaifid riaracháin a aisghairm agus a atreisiú nuair is iomchuí, d’fhonn comhsheasmhacht agus cáilíocht sonraí a áirithiú, i measc nithe eile, agus an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú.

    (20)Níor cheart sonraí atá ar fáil go dleathach don phobal a mheas mar shonraí rúnda nuair a úsáidtear iad chun críocha staidrimh.

    (21)Ar mhaithe le tráthúlacht mhéadaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún (Eurostat) staidreamh Eorpach na mBallstát a scaipeadh a luaithe a fhoilseofar go náisiúnta iad, fiú má rinneadh sin roimh na spriocdhátaí chun an staidreamh a sholáthar a leagtar amach i reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais.

    (22)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin, an creat dlíthiúil maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, a bhaint amach go leordhóthanach agus, ar chúiseanna comhsheasmhachta agus inchomparáideachta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun an chuspóir sin a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a bhaint amach.

    (23)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na gníomhaíochtaí sealadacha staidrimh atá le déanamh, lena n-áirítear na ceanglais ábhartha maidir leis an tréimhse ama, an mhinicíocht agus an cháilíocht, maidir leis na socruithe teicniúla ginearálta chun sonraí atá i seilbh phríobháideach a chur ar fáil do na ISNanna agus don Choimisiún (Eurostat) agus maidir leis na gnéithe teicniúla a bhaineann le comhroinnt sonraí idir na húdaráis staidrimh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 .

    (24)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , agus thug sé tuairim uaidh an [xxx].

    (25)Chuathas i gcomhairle leis an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1 
    Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 mar a leanas:

    (1)leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)    cuirtear isteach na pointí 4a, 4b, 4c, 4d agus 4e seo a leanas:

    ‘4a. ciallaíonn ‘sonraí’ aon léiriú digiteach nó neamhdhigiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais agus ar fhaisnéis;

    4b. ciallaíonn ‘meiteashonraí’ aon sonraí lena sainítear agus lena dtugtar tuairisc ar shonraí agus ar phróisis eile, nó a úsáidtear ar an mbealach sin;

    4c. ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ duine dlítheanach nó duine nádúrtha a bhfuil sé de cheart aige, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme nó leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, nó a bhfuil sé de chumas aige, sonraí áirithe a chur ar fáil;

    4d. ciallaíonn ‘athúsáid sonraí’ an úsáid a bhaineann údaráis staidrimh náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) as sonraí arna sealbhú agus arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh;

    4e. ciallaíonn ‘comhroinnt sonraí’ soláthar sonraí nó cead athúsáide sonraí ó údarás staidrimh d’údarás staidrimh eile chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid aonair a bhaint as na sonraí sin chun críoch staidrimh;’;

    (b)    cuirtear isteach na pointí 5a, 5b agus 5c seo a leanas:

    ‘5a. ciallaíonn ‘foinse sonraí’ foinse lena soláthraítear sonraí atá ábhartha, inti féin nó i gcomhcheangal le sonraí ó fhoinsí eile, chun staidreamh a fhorbairt agus a tháirgeadh, lena n-áirítear suirbhéanna, daonáirimh, taifid riaracháin nó sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí arna iarraidh sin dóibh;

    5b. ciallaíonn ‘rochtain ar shonraí’ próiseáil a dhéanann institiúid staidrimh náisiúnta nó an Coimisiún (Eurostat) ar shonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóir sonraí príobháideach, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla, agus gan a cheangal go ndéanfaí na sonraí sin a tharchur ná a íoslódáil;

    5c. ciallaíonn ‘staidreamh ilfhoinse’ staidreamh a fhorbraítear nó a tháirgtear ar bhonn foinsí éagsúla sonraí, lena n-áirítear trí bhíthin teicnící samhaltaithe;’;

    (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

    ‘8. ciallaíonn ‘úsáid chun críoch staidrimh’ úsáid eisiach chun torthaí agus anailísí staidrimh a fhorbairt agus a tháirgeadh, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí gaolmhara taighde agus eolaíochta nó chun creataí samplála a bhunú;’;

    (d)    cuirtear an pointe 8a seo a leanas isteach:

    ‘8a ciallaíonn ‘géarchéim’ staid a bhfuil tionchar fadréimseach nó tábhacht pholaitiúil ag baint léi a chruthaíonn éileamh láithreach gan choinne ar staidreamh Eorpach;’;

    (2)cuirtear isteach an tAirteagal 16a seo a leanas:

    Airteagal 16a 
    Freagairt staidrimh ar ghéarchéim

    1.    Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) scrúdú ar ghníomhaíochtaí sealadacha staidrimh agus tabharfaidh sé faoi na gníomhaíochtaí sin de réir mar is iomchuí, faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a) is gá freagairt do riachtanais phráinneacha faisnéise a eascraíonn as géarchéim agus tar éis sásraí éigeandála a bheith gníomhachtaithe nó sásraí atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo a bheith á ngníomhachtú, i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais, amhail:

    (i) an chosaint shealadach faoi Threoir 2001/55/CE ón gComhairle 16 ;

    (ii) sásra cosanta sibhialta an Aontais faoi Chinneadh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 ;

    (iii) an tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle 18  

    (iv) an creat éigeandála faoi Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle 19 ;

    (v) an sásra ceartúcháin margaidh faoi Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle 20 ;

    (vi) an modh éigeandála faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) xx/xx (le glacadh 21 );

    (b) ní féidir freastal ar na riachtanais phráinneacha faisnéise sin faoin gclár staidrimh Eorpach.

    2.    Is é an Coimisiún (Eurostat) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí sealadacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1 ar leibhéal an Aontais agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:

    (a) staidreamh Eorpach a tháirgeadh bunaithe ar bhailiúcháin nua sonraí;

    (b) táscairí agus léargais nua staidrimh a sholáthar bunaithe ar shonraí atá ann cheana;

    (c) modheolaíochtaí comhchuibhithe staidrimh agus treoirlínte modheolaíochta gaolmhara a fhorbairt, chun a áirithiú go mbeidh staidreamh ar fud na mBallstát inchomparáide agus comhsheasmhach;

    (d) gníomhaíocht chomhordaithe eile ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm di freagairt staidrimh thráthúil agus ábhartha a thabhairt ar an staid shonrach.

    3.    Agus measúnú á dhéanamh aige ar an ngá atá le gníomhaíochtaí sealadacha staidrimh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) Coiste CSE ar an eolas go pras agus rachaidh sé i gcomhairle leis agus cuirfidh sé a threoraíocht ghairmiúil san áireamh.

    4.    Féadfaidh na ISNanna cinneadh a dhéanamh, ar leithligh agus ar bhonn deonach, a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sealadacha staidrimh sin, ach áiritheoidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), ábharthacht agus cumhdach leordhóthanach na ngníomhaíochtaí sin ar leibhéal an Aontais. Agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sealadacha staidrimh, comhlíonfaidh na ISNanna na ceanglais choiteanna maidir leis an tréimhse ama, an mhinicíocht agus an cháilíocht chun na sonraí náisiúnta a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).

    5.    Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na gníomhaíochtaí sealadacha staidrimh a shainmhíniú agus an nós imeachta maidir lena ngabháil de láimh a leagan amach, lena n-áirítear na ceanglais ábhartha maidir leis an tréimhse ama, an mhinicíocht agus an cháilíocht atá le cur i bhfeidhm ag na ISNanna sin atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht shealadach staidrimh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    6.    Beidh éifeacht ag bearta a ghlacfar faoi mhír 5 ar feadh tréimhse nach faide ná 24 mhí.’;

    (3)In Airteagal 17a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘Rochtain, athúsáid agus comhtháthú taifead riaracháin chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh’;

    (4)in Airteagal 17a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.    Ligfidh na comhlachtaí poiblí náisiúnta atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin atá ábhartha d’fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh do na ISNanna agus d’údaráis náisiúnta eile (dá ngairtear ‘ONA’ anseo feasta) dá dtagraítear in Airteagal 4, rochtain a dhéanamh ar na sonraí sin agus ar na meiteashonraí ábhartha, agus iad a athúsáid agus a chomhtháthú, saor in aisce, ar bhealach tráthúil agus minic go leor chun staidreamh a tháirgeadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos i reachtaíocht staidrimh an Aontais.’;

    (5)in Airteagal 17a, cuirtear an mhír 2a seo a leanas leis:

    ‘2a.    Chun críche an Rialacháin seo, ceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain a fháil go tráthúil ar shonraí ábhartha agus ar mheiteashonraí ábhartha ó bhunachair sonraí agus ó chórais idir-inoibritheachta arna gcoimeád ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus iad a athúsáid agus a chomhtháthú go tráthúil agus gan dochar do ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na bunachair sonraí agus na córais idir-inoibritheachta sin. Chun na críche sin, comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) leis na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais chun na sonraí agus na meiteashonraí saincheaptha is gá, na módúlachtaí oibriúcháin maidir le hathúsáid sonraí agus na cosaintí riachtanacha fisiceacha agus loighciúla a shonrú.’;

    (6)in Airteagal 17a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.    Déanfaidh ISNanna agus úinéirí taifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú. Leis na sásraí sin, cuirfear an deis ar fáil freisin do na ISNanna seiceálacha cáilíochta sonraí a dhéanamh agus frámaí staidrimh a thógáil atá bunaithe ar thaifid riaracháin ábhartha.’;

    (7)cuirtear Airteagal 17b, Airteagal 17c, Airteagal 17d, Airteagal 17e agus Airteagal 17f seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 17b 
    Oibleagáid ar shealbhóirí sonraí príobháideacha sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh

    1.    Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i reachtaíocht staidrimh earnálach an Aontais ná don oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil bunaithe ar riachtanas eisceachtúil i gcomhréir leis an Acht um Shonraí, féadfaidh ISN nó an Coimisiún (Eurostat) iarraidh ar shealbhóir sonraí príobháideacha sonraí agus na meiteashonraí ábhartha a chur ar fáil chun staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh má tá na coinníollacha seo a leanas bunaithe ag an gclár oibre bliantúil:

    (a) go bhfuil na sonraí a iarradh riachtanach chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh; agus

    (b) nach féidir na sonraí a fháil go héasca trí mhodhanna malartacha, amhail suirbhéanna nó athúsáid taifead riaracháin, nó go mbeidh laghdú suntasach ar an ualach freagartha ar shealbhóirí sonraí agus ar ghnólachtaí eile mar thoradh ar a n-athúsáid.

    2.    Mar chomhordaitheoir an chórais staidrimh náisiúnta, féadfaidh ISN iarraidh ar shonraí a chur faoi bhráid shealbhóir sonraí príobháideach thar ceann ONA, nuair atá na sonraí a iarrtar riachtanach le haghaidh Staidrimh Eorpaigh atá á fhorbairt agus á tháirgeadh ag an ONA sin.

    3.    Comhoibreoidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) lena chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun iarrataí iomarcacha ar shealbhóirí sonraí príobháideacha a sheachaint agus chun a chinneadh cé a chuirfidh iarratais ar shonraí isteach. Go háirithe, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) an t-iarratas ar shonraí faoi bhráid shealbhóir príobháideach sonraí, i gcomhaontú leis na ISNanna, nuair a bheidh cur chuige den sórt sin níos éifeachtaí, mar shampla i gcás sealbhóirí sonraí a oibríonn ar scála uile-Aontais.

    4.    Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhaontú leis na ISNanna, bonneagar slán a bhunú chun comhroinnt bhreise leis na ISNanna a éascú maidir le sonraí a bhfuarthas rochtain orthu i gcomhréir le mír 2.

    5.    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le fiontair bheaga agus micrifhiontair mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 22 .

    Airteagal 17c 
    Iarratais ar shonraí agus socruithe chun sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh

    1.    Agus sonraí á n-iarraidh acu i gcomhréir le hAirteagal 17b, déanfaidh na ISNanna nó an Coimisiún (Eurostat):

    (a) sonróidh sé na sonraí atá ag teastáil;

    (b) léireoidh sé an riachtanas staidrimh a n-iarrtar na sonraí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17b(1);

    (c) sonrófar ann an mhinicíocht lena gcuirfear na sonraí ar fáil agus na spriocdhátaí faoina gcuirfear ar fáil iad;

    (d) sonrófar ann na socruithe oibríochtúla chun na sonraí a chur ar fáil;

    (e) tabharfaidh sé cuireadh don sealbhóir sonraí chuig an idirphlé faoi mhír 3.

    2.    Maidir le hiarratais ar shonraí dá dtagraítear i mír 1:

    (a) cloífidh siad le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus beidh siad comhréireach leis an riachtanas staidrimh i dtaobh leibhéal mionsonraithe, toirte agus minicíochta na sonraí;

    (b) bainfidh siad, a mhéid is féidir, le sonraí neamhphearsanta.

    3.    Tar éis iarraidh ar shonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfar idirphlé idir an ISN nó an Coimisiún (Eurostat) agus an sealbhóir sonraí lena mbaineann chun gnéithe a phlé amhail leibhéal comhiomlánaithe na sonraí, an spriocdháta agus na socruithe chun na sonraí a sholáthar na bearta cosanta slándála agus rúndachta, chomh maith le gnéithe a bhaineann le cúiteamh féideartha ar chostais, agus é mar aidhm acu comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na gnéithe sin.

    4.    Mura dtabharfar aon chomhaontú i gcrích laistigh de thrí mhí tar éis fógra a thabhairt faoin iarratas ar shonraí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an ISN nó an Coimisiún, trí chinneadh a ghlacadh, a cheangal ar an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil. Beidh an cinneadh sonrach mar a cheanglaítear faoi litreacha (a) go (d) de mhír 1 agus cuirfear san áireamh ann saincheisteanna ar thángthas ar aon aigne fúthu b’fhéidir, le linn an idirphlé leis an sealbhóir sonraí. Féadfar a áireamh sa chinneadh freisin cúiteamh don sealbhóir sonraí príobháideach nach sáróidh na costais imeallacha a bhaineann leis an ullmhúchán a theastaíonn chun na sonraí a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh an tréimhse chun na sonraí a chur ar fáil a bheith níos giorra ná 15 lá. Sula nglacfar an cinneadh, tabharfaidh an ISN nó an Coimisiún an deis don sealbhóir sonraí éisteacht a fháil maidir leis na bearta a bheartaíonn an ISN nó an Coimisiún a ghlacadh. Léireofar sa chinneadh na fíneálacha dá bhforáiltear faoi mhír 6 agus na modhanna sásaimh ina choinne.

    5.    Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i reachtaíocht staidrimh earnálach an Aontais, cuirfidh sealbhóir sonraí na sonraí ábhartha ar fáil don ISN nó don Choimisiún (Eurostat) laistigh den tréimhse a shonraítear sa chinneadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

    6.    Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a glacadh i gcomhréir le mír 4 a áirithiú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin fíneálacha a ghlacadh i gcás ina mainneoidh an sealbhóir sonraí príobháideacha, d’aon ghnó nó go faillíoch, na sonraí a iarradh le cinneadh a sholáthar laistigh den tréimhse shocraithe nó ina soláthróidh sé sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha. Agus méid na bhfíneálacha á shocrú, tabharfaidh an Ballstát agus an Coimisiún aird ar chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an tsáraithe.

    7.    Chun mír 6 a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha uasta EUR 25 000. I gcás ina dtarlóidh sé arís laistigh de thrí bliana, féadfaidh an fhíneáil EUR 50 000 a shroicheadh. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le ríomh na fíneála.

    8.    Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneáil laistigh de bhliain amháin tar éis an spriocdháta chun sonraí a chur isteach a leagtar síos ina chinneadh faoi mhír 4 i gcás ina mainneoidh an sealbhóir sonraí aon sonraí a chur isteach nó laistigh de bhliain amháin tar éis sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha a chur isteach.

    Beidh an chumhacht atá ag an gCoimisiún chun cinntí lena bhforchuirtear fíneáil a fhorfheidhmiú, faoi réir thréimhse theorann cúig bliana. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.

    9.    Sula nglacfaidh siad cinneadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an deis don sealbhóir sonraí éisteacht a fháil maidir le réamhchinntí agus bearta a d’fhéadfadh an Ballstát nó an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na réamhchinntí.

    10.    Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na socruithe teicniúla ginearálta a bhunú chun sonraí a chur ar fáil faoin Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    Airteagal 17d 
    Athbhreithniú ar chinntí a fhorchuireann fíneálacha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

    I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó thaobh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

    Airteagal 17e 
    Oibleagáidí ISNanna agus an Choimisiúin (Eurostat) maidir le sonraí a chuirtear ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh

    1.    Úsáidfidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) na sonraí a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17b chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh:

    (a) chun críocha staidrimh go heisiach;

    (b) i gcomhréir le prionsabail na rúndachta staidrimh agus na cost-éifeachtachta; agus

    (c) leis an oibleagáid gan iad a roinnt le tríú páirtithe ach amháin má tá an sealbhóir sonraí tar éis toiliú.

    2.    Déanfaidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat):

    (a) bearta iomchuí a ghlacadh chun rúndacht staidrimh agus rúin trádála a chosaint agus chun ábhair imní dhlisteanacha eile atá ag sealbhóirí sonraí príobháideacha a chaomhnú, lena n-áirítear an costas agus an iarracht a theastaíonn chun na sonraí a chur ar fáil;

    (b) cuirfidh sé chun feidhme, a mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil, bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí.

    3.    Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo maidir le ONA a fuair sonraí tar éis iarratas a chuir ISN isteach thar a cheann i gcomhréir le hAirteagal 17b(2).

    4.    Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) tuairisc ar na príomhchatagóirí costas a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí ar féidir cúiteamh a dheonú ina leith don sealbhóir sonraí agus ar an modheolaíocht chun na costais sin a ríomh.

    Airteagal 17f 
    Comhroinnt sonraí sa CSE

    1.    Roinnfear na sonraí idir ISNanna agus idir ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) chun críocha staidrimh amháin agus chun cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a fheabhsú.

    2.    Déanfar comhroinnt sonraí arna iarraidh sin ag ISN nó ag an gCoimisiún (Eurostat) i gcás ina mbeidh sé sin ábhartha agus riachtanach. Déanfar comhroinnt sonraí freisin nuair a chuirfidh ISN an t-iarratas ar aghaidh thar ceann ONA agus nuair a úsáidfear na sonraí chun críocha staidrimh amháin agus chun cáilíocht an staidrimh Eorpaigh atá forbartha agus táirgthe ag an ONA sin a fheabhsú.

    3.    Soláthróidh na ISNanna, agus nuair is ábhartha na ONAanna, atá rannpháirteach sa chomhroinnt sonraí laistigh den CSE na cosaintí uile is gá maidir le cosaint fhisiceach agus cosaint loighciúil na rúndachta sonraí. Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) bonneagar slán chun comhroinnt sonraí a éascú. Féadfaidh na ISNanna, agus nuair is ábhartha na ONAanna, an bonneagar slán um chomhroinnt sonraí sin a úsáid chun na críche a shonraítear i mír 1.

    4.    Nuair is sonraí rúnda de réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán seo iad na sonraí lena mbaineann nó nuair is sonraí pearsanta iad mar a shainmhínítear i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 iad, ceadófar na sonraí sin a chomhroinnt agus féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn deonach ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)go mbeidh sí bunaithe ar iarratas lena dtugtar údar maith leis an ngá na sonraí a chomhroinnt i ngach cás ar leith, go háirithe maidir leis na saincheisteanna cáilíochta ar cheart aghaidh a thabhairt orthu go sonrach;

    (b)go bhfuil sí bunaithe ar theicneolaíochtaí cosanta príobháideachais atá deartha go sonrach chun Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh, go háirithe maidir le teorannú ó thaobh cuspóra de, íoslaghdú sonraí, teorannú stórála, sláine agus rúndacht;

    (c)nach ndéanann sé difear do Chaibidil V den Rialachán seo.

    5.    Ní bhainfidh na sonraí a iarrtar faoin Airteagal seo le saincheisteanna slándála náisiúnta ná le cúrsaí míleata.

    6.    Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na gnéithe teicniúla a bhaineann le comhroinnt sonraí idir na húdaráis staidrimh dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    7.    Tá an tAirteagal seo gan dochar d’Airteagal 21 den Rialachán seo.’;

    (8)cuirtear isteach an Chaibidil IIIa seo a leanas:

    CAIBIDIL IIIa

    FORBAIRT AN STAIDRIMH EORPAIGH

    Airteagal 17g 
    Staidreamh i mbun forbartha

    1.    Féachfaidh na ISNanna, na ONAanna agus an Coimisiún (Eurostat) le haschuir agus léargais staidrimh nua a nuáil agus a fhorbairt go leanúnach bunaithe ar na foinsí sonraí uile atá ar fáil agus úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí úrscothacha, agus é mar aidhm iad a chomhtháthú i dtáirgeadh rialta Staidrimh Eorpaigh.

    2.    Forbrófar an Staidreamh Eorpach agus na prionsabail staidrimh, a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh ina n-iomláine. Maidir leis an staidreamh atá á fhorbairt ní gá go gcomhlíontar na critéir cháilíochta go léir a leagtar amach in Airteagal 12(1).

    3.    Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) Staidreamh Eorpach atá á fhorbairt le comhaontú na ISNanna agus léireoidh sé go sainráite go bhfuil an staidreamh sin á bhforbairt.

    4.    Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar le Coiste an CSE, forbairt aschuir agus léargais staidrimh nua a thionscnamh ar bhealach comhordaithe ar fud an CSE. Déanfar na haschuir agus na léargais staidrimh sin a áireamh sa chlár oibre bliantúil agus a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí staidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 14(1).’;

    (9)In Airteagal 18, cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

    ‘4.    Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) úsáid a bhaint as Staidreamh Eorpach a d’fhoilsigh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta roimh na spriocdhátaí a leagtar amach sa reachtaíocht earnála ábhartha agus an staidreamh sin a scaipeadh roimh an am a bheartaítear sa reachtaíocht earnála sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na sainmhínithe agus an t-aicmiú.’;

    (10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

    Airteagal 25 
    Sonraí atá ar fáil go poiblí

    Níor cheart sonraí atá ar fáil go dleathach don phobal a mheas mar shonraí rúnda nuair a úsáidtear iad chun críocha staidrimh.’;

    (11)cuirtear isteach an tAirteagal 26a seo a leanas:

    ‘Airteagal 26a 
    Rannchuidiú le creataí náisiúnta nua um rialachas sonraí

    1.    I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, féadfaidh na ISNanna feidhmeanna a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta mar a leagtar síos sna creataí náisiúnta rialachais sonraí agus mar chuspóir acu comhtháthú sonraí agus idir-inoibritheacht, tuairisc ar mheiteashonraí, dearbhú cáilíochta agus socrú caighdeán a chur chun cinn, mar aon le cúraimí agus feidhmeanna eile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , agus foinsí nua sonraí a shainaithint a bheidh le húsáid chun staidreamh a fhorbairt agus a tháirgeadh.

    2.    Beidh comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin ag na ISNanna ag luí leis na prionsabail staidrimh, mar a leagtar amach in Airteagal 2(1 ).’;

    (12)cuirtear isteach an tAirteagal 27a seo a leanas:

    ‘Airteagal 27a
    Meastóireacht agus athbhreithniú

    Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán leasaitheach seo [cúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm] agus cuirfidh sé tuarascáil faoina phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa mheastóireacht, déanfar go háirithe measúnú ar an méid seo a leanas:

    (a)an fhreagairt staidrimh ar ghéarchéim faoi Airteagal 16a;

    (b)an oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí cead a thabhairt a gcuid sonraí a athúsáid le haghaidh staidrimh Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagail 17b, 17c, 17d agus 17e;

    (c)an chomhroinnt sonraí sa CSE faoi Airteagal 17f;

    (d)staidreamh Eorpach a fhorbairt faoi Chaibidil IIIa.’.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)

       Féach ar na sonraí ar Cloisimis uait.

    (2)     Páipéar seasaimh maidir le rochtain ar shonraí a choinnítear go príobháideach agus a bhfuil leas an phobail ag baint leo , Samhain 2017.
    (3)     Páipéar seasaimh an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) maidir leis an Acht um Shonraí a bheidh ann amach anseo , Meitheamh 2021.
    (4)     Tuarascáil deiridh an ghrúpa saineolaithe maidir le Empowering society by reusing privately-held data for official statistics — A European approach; (An tsochaí a chumhachtú trí shonraí atá á gcoinneáil go príobháideach a athúsáid le haghaidh staidrimh oifigiúil – cur chuige Eorpach;) , eagrán 2022.
    (5)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (6)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag forais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (7)    De réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, is iad údaráis náisiúnta eile, in éineacht le ISNanna agus Eurostat, a chomhdhéanann an chomhpháirtíocht, is é sin, an CSE.
    (8)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An tAcht Sonraí), (COM/2022/68 críochnaitheach).
    (9)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
    (10)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An tAcht Sonraí), (COM/2022/68 críochnaitheach).
    (11)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag forais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (12)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (13)    Cinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 91/116/CEE ón gComhairle (IO L 73, 15.3.2008, lch. 13).
    (14)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (15)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag forais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (16)    Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint acu (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
    (17)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
    (18)    Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a chur ar fáil laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lch. 1).
    (19)    Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais (IO L 314, 6.12.2022, lch. 64).
    (20)    Rialachán (AE) 2022/2578 an 22 Nollaig 2022 ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh den Aontas agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna atá ró-ard (IO L 335, 29.12.2022, lch. 45).
    (21)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (COM(2022)459 final).
    (22)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
    (23)    Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
    Top