EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0369

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an euro digiteach a bhunú

COM/2023/369 final

An Bhruiséil,28.6.2023

COM(2023) 369 final

2023/0212(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an euro digiteach a bhunú

{SEC(2023) 257 final} - {SWD(2023) 233 final} - {SWD(2023) 234 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá saol mhuintir na hEorpa agus geilleagar na hEorpa á múnlú de réir a chéile ag an digitiú agus ag teicneolaíochtaí nua. Agus geilleagar na hEorpa ag éirí níos digití, tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann muintir na hEorpa as modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha chun beart a dhéanamh.

Nótaí bainc agus monaí - arb iad an taon chineál airgid bainc ceannais iad le dlíthairiscint atá ar fáil don phobal i gcoitinne (lena náirítear daoine, údaráis phoiblí agus gnólachtaí) - ní féidir leo féin tacú le geilleagar an Aontais sa ré dhigiteach. Dá bhrí sin, laghdaítear a núsáid in íocaíochtaí de réir mar a mhéadaíonn ceannacháin ar líne agus de réir mar a athraíonn nósanna íocaíochta an phobail i gcoitinne i dtreo an iliomad modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha a chuirtear ar fáil san Aontas. Cuireann sé sin an chothromaíocht inmhianaithe i mbaol idir airgead an bhainc ceannais agus modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha. D’fhéadfaí an treocht sin a threisiú fiú amach anseo, le teacht chun cinn airgeadraí digiteacha bainc ceannais (CBDC) tríú tír agus cripteamhonaí cobhsaí 1 arna neisiúint ag gnólachtaí príobháideacha, rud a d’fhéadfadh dul i ngleic le ról an euro in íocaíochtaí, san Aontas agus lasmuigh de.

D’fhéadfadh an easpa airgid ó bhainc ceannais atá ar fáil go forleathan agus inúsáidte, agus atá curtha in oiriúint go teicneolaíoch don ré dhigiteach, an mhuinín i leith airgead bainc thráchtála a laghdú, agus, ar deireadh, i leith an euro féin. Braitheann muinín i leith airgead bainc thráchtála ar an bhféidearthacht atá ag taisceoirí a dtaiscí a thiontú ar par in airgead bainc ceannais le dlíthairiscint, nach bhfuil ar fáil faoi láthair ach i bhfoirm airgid thirim. Mura bhfuil cineál airgid bainc ceannais ann is féidir a úsáid sa gheilleagar digiteach agus atá in-chomhshóite ar aon dul le taiscí bainc thráchtála, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de ról ancaire airgeadaíochta airgead bainc ceannais, rud a lagaíonn cobhsaíocht airgeadais agus ceannasacht airgeadaíochta san Aontas.

Sa chomhthéacs sin, le blianta beaga anuas, tá aird agus tarraingt shuntasach faighte ag eisiúint CBDC miondíola 2 . Cosúil le hairgead tirim, bheadh CBDC miondíola ina fhoirm oifigiúil airgid bainc ceannais a mbeadh rochtain dhíreach ag an bpobal i gcoitinne air, a mbeadh dlíthairiscint aige. Dá bhrí sin, dhéanfadh sé foirmeacha oifigiúla an airgeadra a oiriúnú d’fhorbairt theicneolaíoch, rud a chomhlánódh airgead tirim.

Sa limistéar euro, is gá CBDC miondíola — an euro digiteach — a bhunú chun airgead tirim a fhorlíonadh agus chun foirmeacha oifigiúla an airgeadra a chur in oiriúint d’fhorbairtí teicneolaíocha, ionas gur féidir an euro a úsáid mar airgeadra aonair, ar bhealach aonfhoirmeach éifeachtach ar fud an limistéir euro. Déanfar an euro digiteach a thairiscint freisin mar mhodh íocaíochta digiteach poiblí, in éineacht leis na modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha atá ann cheana, lena dtacófar le margadh na n‑íocaíochtaí miondíola Eorpacha agus le hearnáil an airgeadais dhigitigh a bheidh níos láidre agus níos iomaíche, níos éifeachtúla agus níos nuálaí, agus lena rannchuideofar le hathléimneacht mhargadh íocaíochtaí miondíola na hEorpa a fheabhsú tuilleadh freisin. Dá réir sin, éascóidh an euro digiteach forbairt réiteach íocaíochta miondíola uile-Eorpach agus idir-inoibritheach, lena n‑áirítear cur i bhfeidhm iomlán íocaíochtaí meandracha.

Is é cuspóir an togra seo a áirithiú go mbeidh airgead bainc ceannais a bhfuil dlíthairiscint aige fós ar fáil don phobal i gcoitinne, agus ag an am céanna modh íocaíochta úrscothach agus costéifeachtach a chur ar fáil, lena n‑áiritheofar ardleibhéal príobháideachais in íocaíochtaí digiteacha, lena gcoinneofar an chobhsaíocht airgeadais agus lena gcuirfear inrochtaineacht agus cuimsiú airgeadais chun cinn. Chun na críche sin, bunaítear leis an togra an euro digiteach a fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus bainc ceannais náisiúnta na mBallstát gurb é an euro atá mar airgeadra acu a eisiúint, mar chuid den Eurochóras, agus soláthraíonn sé an creat rialála is gá lenar cheart a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as an euro digiteach mar airgeadra aonair ar fud an limistéir euro, lena bhfreastalófar ar riachtanais úsáideoirí sa ré dhigiteach agus lena gcothófar iomaíocht, éifeachtúlacht, nuálaíocht agus athléimneacht i ngeilleagar digitithe an Aontais. Ní bheadh an euro digiteach ina airgead in-ríomhchláraithe agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí é a úsáid chun teorainn a chur lena chaiteachas ar earraí nó ar sheirbhísí sonracha ná chun é a dhíriú ar earraí nó seirbhísí sonracha: mar fhoirm dhigiteach den airgeadra aonair, ba cheart é a bheith go hiomlán idirmhalartach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Seachas forálacha ábhartha na gConarthaí (Airteagal 3(1)(c) CFAE agus Airteagal 127 go hAirteagal 133 CFAE), an Moladh ón gCoimisiún an 22 Márta 2010 maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro 3 , agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le raon feidhme agus éifeachtaí nótaí bainc agus monaí euro agus maidir le rochtain ar dhlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro 4 (arna nglacadh taobh leis an togra seo), níl aon fhorálacha beartais sa réimse beartais ábhartha, i.e. dlí airgeadaíochta mar chuid de bheartas airgeadaíochta an limistéir euro.

Tá an togra seo comhsheasmhach le forálacha sin an dlí phríomha. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir an dá chineál airgid bainc ceannais (an euro digiteach agus airgead tirim in euro), déanfar airgead dlíthairgthe tirim a rialáil ar bhealach comhsheasmhach le hairgead dlíthairgthe an euro dhigitigh, gan dochar do na difríochtaí idir na foirmeacha sin den euro.

Cuireann an togra seo le saoirse an mhargaidh inmheánaigh chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar, cibé áit a bhfuil an soláthraí seirbhísí íocaíochta ionchorpraithe. Chun a áirithiú go bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta uile an Aontais an euro digiteach a dháileadh ar fud an limistéir euro, tá togra le haghaidh Rialachán [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán maidir le soláthar seirbhísí digiteacha euro ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá ionchorpraithe i mBallstáit nach é an euro atá mar airgeadra acu — COM/2023/368 final] ag gabháil leis an tionscnamh seo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Straitéis Airgeadais Dhigitigh agus Straitéis Íocaíochtaí Miondíola 5 an Choimisiúin, a glacadh i mí Mheán Fómhair 2020, bhí siad ina dtacú le teacht chun cinn réiteach iomaíoch íocaíochta uile-Eorpach agus le hiniúchadh a dhéanamh ar euro digiteach mar rud a d’fhéadfadh a bheith ina chomhlánú ar airgead tirim in euro, rud atá le tairiscint taobh le modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha.

Bheadh tabhairt isteach an euro digiteach ríthábhachtach i gcomhthéacs na n‑iarrachtaí leanúnacha chun ilroinnt mhargadh íocaíochtaí miondíola na hEorpa a laghdú, chun iomaíocht, éifeachtúlacht, nuálaíocht agus athléimneacht a chur chun cinn sa mhargadh sin, agus chun tionscnaimh tionscail a spreagadh chun seirbhísí íocaíochta uile-Eorpacha a chur ar fáil, ag tacú go háirithe le cur i bhfeidhm iomlán íocaíochtaí meandracha.

Tacóidh an euro digiteach leis na príomhbheartais atá á saothrú ag an Aontas, go háirithe cosaint sonraí pearsanta, inrochtaineacht agus cuimsiú airgeadais.

Tacaíonn an tionscnamh seo leis an gcuspóir ardleibhéal príobháideachais in íocaíochtaí a áirithiú i gcomhréir le dlíthe cosanta sonraí an Aontais: go háirithe, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS) 6 agus Rialachán (AE) 2018/1715 (EUDPR) 7 maidir le dáileadh agus le húsáid an euro dhigitigh nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta. Déanfar an euro digiteach a cheapadh sa chaoi go laghdófar a oiread is féidir an phróiseáil a dhéanann soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus an Banc Ceannais Eorpach ar shonraí pearsanta go dtí an méid is gá chun feidhmiú cuí an euro dhigitigh a áirithiú. Beidh an euro digiteach ar fáil as líne, le leibhéal príobháideachais i leith soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá inchomparáide le haistarraingtí nótaí bainc ag uathmheaisíní bainc agus le húsáid airgid thirim. Déanfar socraíocht idirbheart an euro digitigh a cheapadh ar bhealach nach féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach ná leis na bainc ceannais náisiúnta sonraí a shannadh d’úsáideoir euro digitigh aitheanta nó inaitheanta.

Ina theannta sin, chun comhsheasmhacht le Treoir (AE) 2019/882 (an Gníomh Eorpach Inrochtaineachta) 8 a áirithiú, déanfar an euro digiteach a dhearadh ar bhealach a uasmhéadóidh a úsáid intuartha ag daoine faoi mhíchumas, ag daoine ag a bhfuil teorainneacha feidhme nó ag daoine ag a bhfuil scileanna digiteacha teoranta, agus ag daoine scothaosta.

Maidir le cuimsiú airgeadais, tá an tionscnamh bunaithe ar an gcur chuige a glacadh faoi Threoir (AE) 2014/92 (an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta) 9 , arb é is aidhm dó rochtain uilíoch ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha ag baint leo a áirithiú do gach tomhaltóir, lena náirítear daoine atá eisiata ó thaobh airgeadais de. Déanfar an euro digiteach a thairiscint de réir cur chuige den chineál céanna, ach leis na hoiriúnuithe is gá, chun rochtain uilíoch ar bhunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a áirithiú. Ar an gcéad dul síos, cheanglófaí ar gach institiúid creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta cuntais bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar arna iarraidh sin dá gcliaint. Ar an dara dul síos, i gcás tomhaltóirí nach cliaint institiúidí creidmheasa iad, bheadh feidhm ag Caibidil IV den Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta maidir le rochtain ar chuntas íocaíochta a bhfuil gné bhunúsach aige maidir le rochtain ar chuntas sa euro digiteach le bunseirbhísí, agus bheadh bunseirbhísí sa euro digiteach á dtairiscint saor in aisce do dhaoine nádúrtha. Ar an tríú dul síos, áirithítear leis an tionscnamh seo gur cheart d’eintitis phoiblí (údaráis áitiúla nó réigiúnacha nó oifigí poist) an euro digiteach a dháileadh freisin ar dhaoine nádúrtha nach mian leo cuntas sa euro digiteach a oscailt le hinstitiúidí creidmheasa nó le soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile. Thairis sin, leis an tionscnamh seo cuirtear de chúram ar an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ar an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid a Chomhrac treoirlínte a fhorbairt i gcomhpháirt lena sonraítear na caidrimh idir ceanglais AML/CFT agus rochtain ar bhunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach.

Le Treoir (AE) 2015/2366 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach 10 rialaítear soláthar seirbhísí íocaíochta ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta (lena náirítear institiúidí creidmheasa, institiúidí ríomh-airgid agus institiúidí íocaíochta) agus cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a bhfuil baint acu le hidirbheart íocaíochta. Mhol an Coimisiún pacáiste reachtach nua ina mbeidh Treoir nua maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus Rialachán a glacadh an 28 Meitheamh 2023 11 . Leis an bpacáiste seo, leathnaítear an sainmhíniú ar chistí chun gach cineál airgid bainc ceannais a eisítear le haghaidh úsáid mhiondíola (nótaí bainc, monaí agus airgeadra digiteach an bhainc ceannais) a chuimsiú. An 22 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún togra reachtach chun íocaíochtaí meandracha in euro a chur ar fáil do gach saoránach agus gnólacht a bhfuil cuntas bainc acu san Aontas agus i dtíortha LEE.

Trí urraim a thabhairt do chur chuige rioscabhunaithe atá mar bhonn agus mar thaca le creat an sciúrtha airgid a chomhrac (AML) de chuid an Aontais agus trí anaithnideacht iomlán a chur as an áireamh, tá an tionscnamh comhsheasmhach le cuspóirí phacáiste AML 12 a ghlac an Coimisiún i mí Iúil 2021. Ag an am céanna, foráiltear leis an tionscnamh d’ardleibhéal príobháideachais le haghaidh íocaíochtaí sa euro digiteach as líne, ar íocaíochtaí gaireachta airgid thirim iad. Leanfadh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne na rialacha céanna maidir le cosaint sonraí, príobháideachas agus AMC/CFT agus a bheadh i bhfeidhm maidir le modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha, i gcomhréir le AML/CFT an Aontais agus le Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, i gcomhréir le RGCS agus le straitéis sonraí oscailte an Choimisiúin.

Le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí 13 idir-inoibritheach ar fud an Aontais, is féidir le húsáideoirí, ar bhonn deonach, fíordheimhniú láidir custaiméara a dhéanamh agus íocaíochtaí á ndéanamh acu, mar a cheanglaítear le hAirteagal 97 den Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach. Ba cheart na feidhmiúlachtaí céanna a thairiscint d’úsáideoirí den euro digiteach.

Sainaithníodh an euro digiteach freisin mar ghné de straitéis an Choimisiúin chun tacú le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Go háirithe, tá an togra comhsheasmhach leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘I dtreo ról idirnáisiúnta níos láidre an euro’ 14 agus leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Córas Eacnamaíoch agus Airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’ 15 .

Is é is aidhm don Rialachán maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha 16 a glacadh i mí Mheán Fómhair 2022 iniomaíocht na margaí san earnáil dhigiteach a fheabhsú. Chuige sin, forchuireann sé roinnt oibleagáidí ar na gnóthais ar geatóirí ainmnithe iad le haghaidh croísheirbhísí ardáin arna náireamh ag an gCoimisiún Eorpach, arb é is cuspóir dóibh rogha úsáideoirí a chur chun cinn agus deiseanna a chur ar fáil d’úsáideoirí gnó. Cé go bhfuil geatóirí fós faoi réir fhorálacha sonracha an Ghnímh um Margaí Digiteacha, le tabhairt isteach an euro dhigitigh, a bheidh ar fáil le haghaidh íocaíochtaí as líne, bheadh gá le hidir-inoibritheacht éifeachtach agus rochtain chothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach ar chomhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí de ghairis mhóibíleacha chun a áirithiú go mbeadh an tseirbhís ar fáil d’úsáideoirí den euro digiteach sa mhargadh inmheánach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Mar fhoirm nua airgid bainc ceannais atá ar fáil don phobal i gcoitinne, in éineacht le nótaí bainc agus boinn euro, bunófar agus rialófar an euro digiteach le Rialachán de chuid an Aontais atá bunaithe ar Airteagal 133 CFAE. De bhun Airteagal 133 CFAE, ‘gan dochar do chumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach’.

Mar a míníodh thuas agus a fhorbrófar i roinn 3, is beart é bunú agus rialáil an euro dhigitigh atá riachtanach chun a áirithiú go n‑úsáidfear an euro mar airgeadra aonair sa ré dhigiteach. Ní mór a áirithiú leis an Rialachán seo gur féidir an euro digiteach a úsáid ar an mbealach céanna, i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna, agus gan scoilteadh, ar fud an limistéir euro.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí a thagann faoi réim inniúlacht eisiach an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 3(1) CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimse an bheartais airgeadaíochta do na Ballstáit gurb é an euro atá mar airgeadra acu. Sa réimse sin, ní féidir le Ballstáit an limistéir euro gníomhú agus níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

Comhréireacht

Rinneadh mionscrúdú ar an urraim do phrionsabal na comhréireachta sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra agus rinneadh measúnú ar na roghanna atá beartaithe go léir i gcoinne an chuspóra sin.

Go sonrach, micrifhiontair nach nglacann le modhanna leictreonacha íocaíochtaí, eintiteas dlíthiúil neamhbhrabúis agus daoine aonair nach ngníomhaíonn le linn gníomhaíocht tráchtála, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid glacadh le híocaíochtaí sa euro digiteach.

Maidir le dáileadh an euro dhigitigh, cé go bhféadfaidh gach soláthraí seirbhísí íocaíochta an euro digiteach a dháileadh, ní bheadh de cheangal ach ar institiúidí creidmheasa a bhfuil cuntais íocaíochta á n‑oibriú acu an cuntas sa euro digiteach a dháileadh arna iarraidh sin dá gcliaint. Dá gceanglófaí ar gach soláthraí seirbhísí íocaíochta an euro digiteach a dháileadh, ní bheadh sé comhréireach leis an gcuspóir a áirithiú go mbainfí úsáid éifeachtach as an euro digiteach mar mhodh íocaíochta d’airgead dlíthairgthe.

An rogha ionstraime

Is é Rialachán an ionstraim iomchuí chun rannchuidiú le leabhar rialacha aonair a chruthú, a mbeidh feidhm ghinearálta aige agus a bheidh ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i mBallstáit uile an limistéir euro, agus ar an gcaoi sin deireadh a chur leis an bhféidearthacht go mbeadh difríochtaí ann maidir le cur i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla, agus lena n‑áiritheofar an cuspóir an euro a úsáid mar airgeadra aonair, dá bhforáiltear in Airteagal 133 CFAE.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An 2 Deireadh Fómhair 2020, d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach ‘Tuarascáil ar euro digiteach’, inar scrúdaíodh na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann le euro digiteach a eisiúint, agus roghanna deartha féideartha, agus é mar chuspóir tuairimí níos leithne a lorg ón bpobal i gcoitinne maidir leis na gnéithe sin. Tar éis an tuarascáil a eisiúint, sheol an Banc Ceannais Eorpach ‘Comhairliúchán poiblí maidir le euro digiteach’ an 12 Deireadh Fómhair 2020, a bhí ar oscailt go dtí an 12 Eanáir 2021. Áiríodh 18 gceist sa chomhairliúchán a bhí dírithe ar thuairimí daoine aonair agus gairmithe a bhailiú. Bhí an chéad chuid dírithe go príomha ar dhaoine aonair ina ról mar úsáideoirí íocaíochta miondíola, agus dhírigh an dara cuid go príomha ar ghairmithe airgeadais, íocaíochta agus teicneolaíochta a bhfuil eolas sonrach acu ar eacnamaíocht, rialáil agus teicneolaíocht íocaíochtaí (miondíola). Mar sin féin, iarradh ar fhreagróirí aiseolas a thabhairt maidir leis an tsraith iomlán ceisteanna. Mheas saoránaigh agus gairmithe araon go raibh príobháideachas ar an ngné ba thábhachtaí de euro digiteach. Ina dhiaidh sin, choimisiúnaigh an Banc Ceannais Eorpach suirbhéanna breise maidir le modhanna íocaíochta digiteacha agus tiachóga a úsáideann tomhaltóirí.

Tá straitéis chomhairliúcháin an Choimisiúin lena dtacaítear leis an togra seo ag tógáil ar roinnt tionscnamh:

Sheol an Coimisiún glao ar fhianaise agus comhairliúchán spriocdhírithe maidir le euro digiteach an 5 Aibreán 2022, go dtí an 16 Meitheamh 2022. Rinne an comhairliúchán spriocdhírithe comhlánú ar chomhairliúchán poiblí BCE le faisnéis bhreise a bailíodh ó speisialtóirí tionscail, ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta (lena náirítear institiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta agus ríomh-airgid), ó sholáthraithe bonneagair íocaíochta, ó fhorbróirí réiteach íocaíochta, ó cheannaithe, ó chomhlachais ceannaithe, ó rialtóirí íocaíochtaí miondíola agus ó mhaoirseoirí, ó mhaoirseoirí AML, ó aonaid um fhaisnéis airgeadais, ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus ó údaráis agus saineolaithe ábhartha eile chomh maith le heagraíochtaí tomhaltóirí, chun cur leis an measúnú tionchair a d’ullmhaigh an Coimisiún d’fhonn a thogra le haghaidh rialachán maidir leis an euro digiteach a chur leis. Is iad seo a leanas príomhthorthaí na gcomhairliúchán spriocdhírithe: D’aontaigh saoránaigh an Aontais leis an gcuspóir rochtain ar airgead poiblí i bhfoirm dhigiteach a chur ar fáil do gach duine, lena náirítear do na daoine neamhbhainc. Chreid freagróirí gairmiúla go bhféadfadh an euro digiteach tairbhe a bhaint as gnólachtaí/ceannaithe i ngach cás íocaíochta. Bhí daoine i bhfabhar leis an euro digiteach a bheadh tapa, príobháideach, saor ó chostas agus ar fáil go forleathan. Mheas formhór na bhfreagróirí gairmiúla gurb iad na gnéithe is tábhachtaí atá le tairiscint don phobal i gcoitinne ná infhaighteacht leathan agus ionduchtú éasca, éascacht na húsáide, an cumas chun íoc ag am ar bith, áit ar bith le duine ar bith agus socrú láithreach. Creidtear go dtacaíonn an euro digiteach atá ar fáil go forleathan le neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais. Thacaigh formhór na bhfreagróirí gairmiúla le dlíthairiscint a dheonú don euro digiteach. Thacaigh formhór na bhfreagróirí leis an euro digiteach a bheith ar fáil go príomha do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu agus do ghnólachtaí atá bunaithe sa limistéar euro agus d’idirbhearta laistigh den limistéar euro.

Bhí an deis ag saineolaithe ó na Ballstáit agus ó na Bainc Ceannais Náisiúnta, chomh maith le hionadaithe ón mBanc Ceannais Eorpach, a dtuairimí a thabhairt i gcomhthéacs an tSainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíocht agus Árachas a bhunaigh an Coimisiún idir mí Mheán Fómhair 2022 agus mí Feabhra 2023. Tacaíodh leis an bplé trí chomhairliúcháin spriocdhírithe a bhí dírithe ar thíortha. Chuir na Ballstáit a dtuairimí in iúl freisin mar chuid de chruinnithe an Ghrúpa Euro ó 2021 ar aghaidh. Cé nach raibh ach réamhthuairimí ag cruinnithe an tSainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas ag saineolaithe na mBallstát, thacaigh a bhformhór le heisiúint féideartha an euro dhigitigh lena dtabharfaí dlíthairiscint dó sa limistéar euro.

An 7 Samhain 2022, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil ardleibhéil, lena dtugtar le chéile ionadaithe ó údaráis náisiúnta agus ón Aontas, Feisirí Pharlaimint na hEorpa, ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta agus an lucht acadúil.

D’eagraigh an Coimisiún cruinnithe comhchéime le hionadaithe ceannaithe/gnólachtaí, tomhaltóirí agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2023.

Ghlac an Coimisiún páirt i ndíospóireacht iomlánach de chuid Pharlaimint na hEorpa i mí Aibreáin 2023 agus i ndíospóireachtaí beartais a d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa i mí Eanáir 2023 agus i mí an Mhárta 2023.

Ó mhí Eanáir 2021 i leith, tá athbhreithniú comhpháirteach á dhéanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh ar an leibhéal teicniúil ar raon leathan ceisteanna beartais, dlíthiúla agus teicniúla a eascraíonn as an euro digiteach a thabhairt isteach, agus a sainorduithe agus a neamhspleáchas faoi seach dá bhforáiltear sna Conarthaí á gcur san áireamh.

Bailiú agus úsáid saineolais

Úsáideadh roinnt ionchur agus foinsí saineolais agus an tionscnamh seo á ullmhú, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

Fianaise a chuirtear ar fáil trí na comhairliúcháin éagsúla atá liostaithe thuas;

Anailísí grúpa fócais arna ndéanamh ag BCE in 2021, 2022 agus 2023;

Staidéar maidir le Modhanna Íocaíochta Digití Nua, Tuarascáil Kantar Márta 2022;

Rannpháirtíocht sheirbhísí an Choimisiúin, mar bhreathnóir, i nGrúpa Comhairleach Mhargadh BCE maidir leis an euro digiteach agus sa Bhord Eorpach um Íocaíochtaí Miondíola;

Páipéir oibre BCE, doiciméid inmheánacha oibre, suirbhéanna agus staidreamh;

Ionsamhlúcháin agus taighde an Choimisiúin agus an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC).

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo. Cuireadh an tuarascáil ar an measúnú tionchair isteach chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála den chéad uair an 14 Deireadh Fómhair 2022. Scrúdaigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an measúnú tionchair an 16 Samhain 2022 agus thug sé tuairim dhiúltach uaidh an 18 Samhain 2022. Cuireadh an tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 23 Márta 2023 agus thug an Bord tuairim dhearfach uaidh an 25 Aibreán 2023. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dhá thuairim maidir leis an tuarascáil. Iarradh sa chéad tuairim go gcuirfí feabhas ar shainmhíniú na faidhbe agus ar chuspóirí sonracha agus iarradh loighic idirghabhála níos comhsheasmhaí. D’iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála freisin go dtabharfaí míniú breise ar fheidhmiú agus ar thionchar roinnt ceanglas bunriachtanach agus gnéithe dearaidh den euro digiteach, lena n‑áirítear teorainneacha ar a stór luacha, muirir ceannaithe a rialáil, rioscaí cibearshlándála chomh maith le ceisteanna slándála níos leithne. Iarradh sa dara tuairim go ndéanfaí tuilleadh measúnaithe ar na tairbhí agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le muirir ceannaithe agus go ndéanfaí tuilleadh anailíse ar an tionchar a mheastar a bheidh ag na roghanna tosaíochta ar an margadh agus ar na gníomhaithe margaidh atá ann cheana. Cuireadh barúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála san áireamh sa tuarascáil chríochnaitheach ar an measúnú tionchair agus feabhsaíodh na hanailísí agus na tuairiscí dá réir sin.

Meastar sa mheasúnú tionchair gurb í an phríomhfhadhb agus an phríomhchúis leis an ngá atá leis an euro digiteach a chruthú ná nach leor airgead bainc ceannais i bhfoirm fhisiciúil i.e. airgead tirim amháin sa ré dhigiteach chun tacú le geilleagar na hEorpa.

Sainaithníodh dhá chúis leis an bhfadhb:

I ngeilleagar atá ag digitiú go tapa, níl airgead bainc ceannais i bhfoirm fhisiciúil, i.e. níl airgead tirim ar fáil le haghaidh íocaíochtaí i gcuid den gheilleagar atá ag fás, go háirithe ríomhthráchtáil, agus ní féidir leis freastal ar riachtanais thionscal 4.0 amach anseo (e.g. íocaíochtaí meaisín le meaisín, íocaíochtaí coinníollacha);

Féadfaidh CBDCanna tríú tír agus modhanna nuálacha íocaíochta eile (i.e. cripteamhona cobhsaí) nach bhfuil ainmnithe in euro sciar den mhargadh a ghnóthú de réir a chéile i margaí íocaíochta an limistéir euro agus ról an euro a laghdú.

Rinneadh roinnt roghanna a mheas maidir leis na gnéithe riachtanacha den euro digiteach a rialáil. Rinneadh scrúdú sna roghanna ar an gcaoi a bhféadfaí an euro digiteach a rialáil chun na cuspóirí beartais a bhaint amach agus, ag an am céanna, cothromaíocht a bhaint amach idir na príomh-chomhbhabhtálacha: (i) úsáid fhorleathan a chumasú agus iomaíocht chothrom le réitigh íocaíochta príobháideacha á háirithiú ag an am céanna, (ii) príobháideachas a chosaint agus inrianaitheacht a áirithiú ag an am céanna, (iii) úsáid fhorleathan a áirithiú agus cobhsaíocht airgeadais agus soláthar creidmheasa a chosaint agus (iv) tacú le húsáid idirnáisiúnta agus rioscaí do thíortha nach bhfuil sa limistéar euro agus don Eurochóras a mhaolú ag an am céanna.

Cuirtear pacáiste roghanna tosaíochta i láthair sa mheasúnú tionchair:

Dlíthairiscint a sholáthar don euro digiteach agus oibleagáid a chur ar gach íocaí glacadh leis, cé go bhfuil eisceachtaí comhréireacha cuí ann, agus socruithe dáileacháin. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir gach cineál airgid bainc ceannais, moltar freisin dlíthairiscint an airgid thirim a rialáil i dtogra reachtach comhthreomhar;

Ba cheart do BCE leibhéal na dtáillí uasta agus na dtáillí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta a fhoilsiú;

Foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal príobháideachais agus cosanta sonraí le haghaidh íocaíochtaí gaireachta as líne ar luach íseal trí shonraí pearsanta a bhaineann le céannacht úsáideoirí a phróiseáil tráth a nosclófar cuntais íocaíochta sa euro digiteach le soláthraithe seirbhísí íocaíochta ach gan sonraí idirbhirt a nochtadh do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, agus chaithfí le híocaíochtaí ar líne mar a chaithfí le modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha, i gcomhréir le ceanglais AMC/CFT atá ann faoi láthair;

Na rioscaí a bhaineann le dí-idirghabháil airgeadais agus an riosca don chobhsaíocht airgeadais a laghdú trí chead a thabhairt don Bhanc Ceannais Eorpach uirlisí a shainiú agus a chur chun feidhme chun feidhm stór luacha an euro dhigitigh a choinneáil laistigh de theorainneacha réasúnacha;

An euro digiteach a chur ar fáil ar dtús do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa limistéar euro agus do chuairteoirí, ach b’fhéidir úsáid an euro dhigitigh a leathnú níos déanaí chuig Ballstáit agus tríú tíortha nach bhfuil sa limistéar euro, faoi réir comhaontuithe agus/nó socruithe, chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais agus do cheannasacht airgeadaíochta a mhaolú.

Bheadh roinnt buntáistí ag baint leis an meascán roghanna sin a thabharfadh údar maith leis an ngá atá leis an euro digiteach a thabhairt isteach chun a áirithiú go leanfar den euro a úsáid mar airgeadra aonair sa ré dhigiteach 17 . D’fhéadfadh an pobal i gcoitinne leas a bhaint as rogha níos leithne toisc go bhféadfaidís airgead bainc ceannais a úsáid le hairgead dlíthairgthe ar fud an limistéir euro, chomh maith le modhanna íocaíochtaí digiteacha bunaithe ar airgead bainc thráchtála. Bhainfeadh an pobal i gcoitinne tairbhe freisin as an muinín fheabhsaithe sa chóras airgeadaíochta a chuirtear ar fáil trí ancaire digiteach airgeadaíochta. Thacódh an euro digiteach atá éasca le húsáid agus a bheadh ar fáil go forleathan le cuimsiú airgeadais breise i sochaí dhigitithe. Bheadh rogha níos mó ag ceannaithe freisin maidir le híocaíochtaí a fháil agus bhainfeadh siad tairbhe as níos mó iomaíochta sa mhargadh íocaíochta uile-Eorpach, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó éifeachtúlachta ann.

Dhéanfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta an euro digiteach a dháileadh ar a gcustaiméirí agus ina theannta sin d’fhéadfadh siad táillí a ghiniúint ar sheirbhísí nuálacha breise atá nasctha leis an euro digiteach agus le seirbhísí eile.

Thairis sin, thacódh an euro digiteach le uathriail straitéiseach oscailte trí scéim íocaíochta nua a chruthú a bheadh athléimneach in aghaidh aon chur isteach seachtrach a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh euro digiteach tacú le gnólachtaí Eorpacha le haghaidh cásanna úsáide amach anseo in earnáil Tionsclaíocht 4.0 agus in web 3 (i.e. an t‑idirlíon díláraithe) trí rogha phoiblí a thabhairt dóibh seachas íocaíochtaí in-ríomhchláraithe a d’fhéadfadh CBDCanna na dtíortha eachtracha agus cripteamhonaí cobhsaí ó chuideachtaí teicneolaíochta a chur ar fáil. Is ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar cheannaithe agus ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochtaí den chuid is mó a thitfeadh costais chur chun feidhme an tionscnaimh. Ar chúiseanna comhréireachta, foráiltear sa rogha thosaíochta d’eisceachtaí ar ghlacadh sainordaitheach i gcás roinnt catagóirí ceannaithe ar an tuiscint go mbeadh ar cheannaithe a ghlacann le modhanna íocaíochta leictreonacha príobháideacha glacadh le híocaíochtaí sa euro digiteach freisin. D’fhéadfadh costais foghlama áirithe a bheith ar thomhaltóirí freisin, ar an gcaoi chéanna leis na costais foghlama a bhaineann le baincéireacht ar líne nó le haipeanna nua. Spreagfadh an tionscnamh roinnt costais oibriúcháin (athfhillteacha) freisin. D’fhéadfadh daoine bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a úsáid le haghaidh táillí saor in aisce agus íoc as seirbhísí íocaíochta breise sa euro digiteach, a mheastar freisin go socrófar iad ar bhonn iomaíoch i gcomparáid leis na modhanna íocaíochta atá ann cheana. Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag tabhairt isteach an euro dhigitigh ar mhargadh íocaíochta miondíola an Aontais agus ar thaiscí araon. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh an euro digiteach an sciar den mhargadh a bhaineann le modhanna íocaíochta príobháideacha leictreonacha atá ann cheana a laghdú, rud a d’fhágfadh go mbeadh ioncam níos ísle ann do soláthraithe seirbhísí íocaíochta áirithe. Ar an taobh eile, chiallódh dáileadh an euro dhigitigh ioncam le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileadh agus a fháil araon. Ina theannta sin, is féidir le comhshó féideartha na gcistí a chuirtear i soláthraithe seirbhísí íocaíochta (go háirithe institiúidí creidmheasa) go dtí an euro digiteach staid leachtachta agus ioncam úis an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta a laghdú agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar sholáthar creidmheasa.

Ós rud é gur dócha go n‑úsáidfeadh an euro digiteach ar líne bonneagar cosúil leis na modhanna íocaíochta atá ar fáil faoi láthair, meastar go mbeidh an tomhaltas fuinnimh agus, dá bhrí sin, an tionchar ar an gcomhshaol cosúil leis na híocaíochtaí atá ann cheana. Ó thaobh tionchar sóisialta de, chuirfeadh an euro digiteach feabhas ar chuimsiú airgeadais trí rochtain ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a áirithiú do dhaoine neamhbhainc i gcomhthéacs ina n‑éiríonn níos lú úsáide agus níos lú úsáide in airgead tirim i ngeilleagar digitithe.

Ar an iomlán, is é conclúid an mheasúnaithe gur mó na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann leis an euro digiteach dea-dheartha le coimircí iomchuí ná na costais a bhaineann leis. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh na costais a bheadh an-mhór i gcás nach ndéanfaí aon ghníomh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní tionscnamh REFIT é an tionscnamh seo. Baineann sé le foirm nua airgid bainc ceannais a bhfuil dlíthairiscint aige ar fáil don phobal i gcoitinne, mar aon leis na nótaí bainc agus na monaí euro a chruthófar agus a rialálfar ina ghnéithe fíor-riachtanacha le Rialachán nua de chuid an Aontais atá bunaithe ar Airteagal 133 CFAE. Dá bhrí sin, níl sé bunaithe ar mheastóireacht ar aon Rialachán atá ann cheana.

Beidh tionscnamh an euro dhigitigh neodrach den chuid is mó maidir le peirspictíocht ‘ceann-istigh-ceann-amuigh’. Níl aon chreat ann faoi láthair le haghaidh an euro dhigitigh, agus dá bhrí sin níl aon chostais riaracháin ann cheana a d’fhéadfaí a shábháil sa réimse sin.

Cé go mbeidh costais choigeartaithe i gceist leis an tionscnamh, a choinneofaí chomh híseal agus is féidir agus a chúiteofaí le sochair, ní fhorchuirtear leis aon chostas riaracháin nua agus mór, i.e. ceanglais shonracha maidir le lipéadú, tuairisciú nó clárú, ar ghá iad a fhritháireamh le coigilteas costais in áiteanna eile.

Cearta bunúsacha

Urramaítear go hiomlán leis an tionscnamh na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Urramaíonn sé go cuí freisin an ceart chun saoirse (Airteagal 6 den Chairt), an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt), an ceart chun maoine (Airteagal 17 den Chairt), cearta daoine scothaosta (Airteagal 25 den Chairt), lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas (Airteagal 26 den Chairt), agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí (Airteagal 38 den Chairt).

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun cúraimí atá fíor-riachtanach d’úsáid agus do dháileadh an euro dhigitigh a chomhlíonadh. Beidh tionchar aige sin ar na cearta bunúsacha chun an tsaoil phríobháidigh agus ar chosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt. Ní bheidh feidhm ag aon teorannú ar chosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais ach amháin a mhéid a bhfuil fíorghá leis, i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chairt. Go sonrach, ní gá sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin le haghaidh na gcúraimí a bhaineann le dáileadh agus le húsáid an euro dhigitigh a leagtar síos sa Rialachán seo agus le haghaidh cúraimí atá ann cheana agus a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó chun oibleagáid dhlíthiúil arna bunú i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm aici maidir le cistí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/2366 a chomhlíonadh. Áirítear ar na cúraimí sin calaois a chosc agus a bhrath, an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, comhlíonadh na n‑oibleagáidí a bhaineann le cánachas agus seachaint cánach, agus bainistiú rioscaí oibríochtúla agus slándála. Áirithítear leis an togra seo go n‑urramaíonn gníomhaíochtaí próiseála ceanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí trí fhreagrachtaí faoi seach an rialaitheora a bhunú ó thaobh na cosanta sonraí de, go háirithe freagrachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta. I gcás ina gcinnfidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc ceannais náisiúnta an modh próiseála mar rialaitheoir, áiritheoidh bearta úrscothacha slándála agus caomhnaithe príobháideachais go ndéanfar ainm bréige a chur ar shonraí pearsanta nó go ndéanfar iad a chriptiú ar bhealach nach féidir sonraí pearsanta a chur go díreach i leith úsáideora den euro digiteach atá sainaitheanta nó in-sainaitheanta. Leagtar síos sa togra freisin nós imeachta chun a fhíorú an bhfuil aon cheann de chustaiméirí soláthraithe seirbhísí íocaíochta ina ndaoine nó ina n‑eintitis ainmnithe atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais. Bunaítear leis rialacha soiléire maidir le minicíocht na bhfíoruithe sin agus maidir leis an bhfreagracht a bheidh orthu. Áirithítear leis an tionscnamh go bhfuil aon sonraí pearsanta chun na fíoruithe sin a dhéanamh leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an Rialachán seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Maidir leis an gcuspóir a áirithiú gur féidir leis an mbanc ceannais airgead, an euro digiteach, a eisiúint chun tacú leis an Aontas trí na riachtanais íocaíochta sa ré dhigiteach a chomhlíonadh, is féidir faireachán leanúnach a dhéanamh air ar bhonn leanúnach bunaithe ar shonraí ó na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, ó cheannaithe agus ó BCE. D’fhéadfadh méid an euro dhigitigh atá i gcúrsaíocht, chomh maith le líon agus luach iomlán na n‑íocaíochtaí miondíola in euro digiteach, agus a sciar coibhneasta i gcomparáid le modhanna íocaíochta eile, a bheith ar na príomhtháscairí maidir le faireachán a dhéanamh ar úsáid an euro dhigitigh i ngeilleagar digitithe an Aontais.

Ní bheidh ach ceanglais tuairiscithe nua theoranta ann do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta.

Cuimsítear leis an togra plean ginearálta chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar ar na cuspóirí sonracha, agus cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún an chéad athbhreithniú a dhéanamh tar éis 3 bliana tar éis dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin (agus gach 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin), agus príomhthorthaí an athbhreithnithe sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Tá an t‑athbhreithniú le déanamh de réir Threoirlínte an Choimisiúin um Rialachán Níos Fearr.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ábhar, bunú agus eisiúint an euro dhigitigh (Airteagal 1 go hAirteagal 4)

Is é is cuspóir don Rialachán seo an euro digiteach a bhunú agus a ghnéithe fíor-riachtanacha a rialáil chun úsáid an euro mar airgeadra aonair a áirithiú ar fud an limistéir euro. Tá an euro digiteach ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha chun críche íocaíochtaí miondíola. Maidir le heisiúint an euro dhigitigh ag an mbanc ceannais Eorpach nó ag bainc ceannais náisiúnta Bhallstáit an limistéir euro, i é an Banc Ceannais Eorpach atá freagrach as.

An dlí is infheidhme agus údaráis inniúla (Airteagal 5 agus Airteagal 6)

Soiléirítear in Airteagal 5 go bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, arna leasú le Treoir (AE) [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir 2009/110/CE — COM(2023) 366 final] maidir leis an euro digiteach. Leis an Treoir sin, leathnaítear an sainmhíniú ar chistí chuig airgead bainc ceannais a eisítear le haghaidh úsáid mhiondíola, lena n‑áirítear airgeadraí digiteacha bainc ceannais.

Ar an gcaoi chéanna, tá feidhm le Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas, arna leasú le Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá ionchorpraithe i mBallstáit nach é an euro atá mar airgeadra acu— COM/2023/368 final], Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015, maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta (seachas íocaíochtaí as líne), mar a cuireadh in ionad [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán le haghaidh Rialachán maidir le Frithsciúradh Airgid — COM/2021/421 final) agus togra le haghaidh Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid — COM/2021/423] agus tá feidhm maidir leis an euro digiteach ag Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí.

Cé go mbeadh údaráis inniúla faoi Threoir 2015/2366 agus faoi Threoir 2015/849 freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar aon oibleagáid a leagtar síos sna Gníomhartha sin de chuid an Aontais, bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, bheadh na húdaráis inniúla chéanna freagrach freisin as a áirithiú go n‑urramófar forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Ba cheart feidhm a bheith freisin ag socruithe maoirseachta idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus údaráis inniúla na mBallstát óstach a leagtar síos faoi Threoir 2015/2366 agus Treoir 2015/849 maidir leis an euro digiteach.

Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí dlíthairisceana faoin Rialachán seo agus chun na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú.

Ní rialaítear leis an Rialachán seo ach an mhaoirseacht a dhéanann údaráis inniúla agus córais smachtbhannaí maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá ionchorpraithe i mBallstáit gurb é an euro atá mar airgeadra acu. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá ionchorpraithe i mBallstáit nach é an euro atá mar airgeadra acu an euro digiteach a dháileadh, faoi réir chórais mhaoirseachta agus smachtbhannaí na mBallstát nach é an euro atá mar airgeadra acu. Chun na críche sin, tá togra reachtach bunaithe ar Airteagal 114 CFAE ag gabháil leis an Rialachán seo.

Airgead dlíthairgthe (Airteagail 7 go 12)

Deonaítear dlíthairiscint ar an euro digiteach lena ngabhann inter alia glacadh sainordaitheach na n‑íocaithe (Airteagal 7), mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán. Sainítear in Airteagal 9 sraith eisceachtaí ón oibleagáid glacadh leis an euro digiteach. Áirítear leis an tsraith eisceachtaí sin an ceart atá ag micrifhiontar gan glacadh leis an euro digiteach, ach amháin má ghlacann sé le modhanna íocaíochta digiteacha inchomparáide. Ar an gcaoi chéanna, níl sé d’oibleagáid ar dhuine nádúrtha atá ag gníomhú le linn gníomhaíocht phearsanta amháin glacadh leis an euro digiteach. Ina theannta sin, leis an oibleagáid glacadh leis an euro digiteach, urramaítear go hiomlán saoirse chonarthach na bpáirtithe, ós rud é nach gceanglófar ar íocaí glacadh le híocaíochtaí sa euro digiteach más rud é gur chomhaontaigh an t‑íocaí agus an t‑íocóir araon go sainráite ar mhodh difriúil íocaíochta roimh an íocaíocht. Mar sin féin, beidh toirmeasc ar íocaithe téarmaí conarthacha nár caibidlíodh ar leithligh a úsáid (Airteagal 10) toisc go mbainfí an bonn de ghlacadh sainordaitheach na n‑íocaithe agus de shaoirse chonarthach na n‑íocóirí dá bharr sin. Ina theannta sin, aithnítear in Airteagal 11 eisceachtaí breise ar an euro digiteach de chineál dlí airgeadaíochta a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún iad a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe. Tá feidhm ag cumhacht an Choimisiúin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena dtugtar isteach eisceachtaí ón nglacadh sainordaitheach a eascraíonn as an airgead dlíthairgthe i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcásanna uamtha C-422/19 agus C-423/19. Ceanglaítear le hAirteagal 12 go mbeidh inmhalartaitheacht an euro dhigitigh agus an airgid thirim in euro ina chéile ar par. Chun amhras a sheachaint, le hAirteagal 12 tugtar an ceart don íocóir freisin rogha a dhéanamh íoc in euro digiteach nó in airgead tirim sna cásanna sin ina bhfuil feidhm ag glacadh sainordaitheach araon i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear go háirithe na forálacha sin a dhéanann difear do ghlacadh sainordaitheach (i.e. Airteagail 7, 8, 9, 10 agus 11), chomh maith leis an Rialachán maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro.

Dáileadh (Airteagail 13 go 14)

I gcomhréir leis an údarú a deonaíodh dóibh chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar faoi Threoir 2015/2366, féadfaidh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta uile atá údaraithe san Aontas seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar, lena n‑áirítear seirbhísí íocaíochta breise sa euro digiteach, de bhreis ar bhunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach. Ní theastaíonn údarú breise óna n‑údaráis inniúla ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta chun seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar. Chun an euro digiteach a dháileadh, ní mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta caidreamh conarthach a dhéanamh le húsáideoirí den euro digiteach. Eisiatar gaol conarthach idir úsáideoirí den euro digiteach agus an Banc Ceannais Eorpach. D’fhéadfadh sé go mbeadh cuntas íocaíochta sa euro digiteach amháin nó níos mó ag úsáideoirí den euro digiteach, atá á choimeád ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta céanna nó ag soláthraí seirbhísí íocaíochta eile.

Tá soláthar seirbhísí sa euro digiteach ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta teoranta do (i) daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe sna Ballstáit arb é an euro atá mar airgeadra acu, (ii) daoine nádúrtha nó dlítheanacha a d’oscail cuntas digiteach euro tráth a raibh cónaí orthu nó a bhí bunaithe sna Ballstáit arb é an euro atá mar airgeadra acu, ach nach bhfuil cónaí orthu a thuilleadh nó atá bunaithe sna Ballstáit sin, (iii) cuairteoirí, (iv) daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i mBallstáit nach é an euro atá mar airgeadra acu, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, agus (v) daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tíortha, lena n‑áirítear críocha faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas Eorpach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19 agus Airteagail 20. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá údaraithe lasmuigh den limistéar euro na seirbhísí sin a sholáthar trí bhíthin saorbhunaíocht nó trí shaorsholáthar seirbhísí faoi Threoir 2015/2366.

Leagtar síos in Airteagal 13 freisin cúraimí sonracha a chuirfidh soláthraí seirbhísí íocaíochta i gcrích chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair ar fud an Aontais. Áirítear leis sin feidhmiúlachtaí cistithe agus díchistithe a chur ar fáil agus a chur ar chumas úsáideoirí den euro digiteach a gcuid sealúchas sa euro digiteach a bheith os cionn aon teorainn a fhéadfaidh BCE a ghlacadh (e.g. teorainneacha sealúchais) a dhíchistithe go huathoibríoch chuig cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach amhail cuntas bainc tráchtála nuair a fhaightear idirbheart íocaíochta sa euro digiteach (‘cur chuige cailliúna’). Áirítear leis sin freisin é a chur ar chumas úsáideoirí digiteacha idirbheart íocaíochta sa euro digiteach a dhéanamh i gcás inar mó méid an idirbhirt ná a sealúchais sa euro digiteach (‘cur chuige cascáide aisiompaithe’).

Le hAirteagal 14 ceanglaítear ar institiúidí creidmheasa a oibríonn cuntas íocaíochta gach tacar bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a dháileadh ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sna Ballstáit arb é an euro atá mar airgeadra acu, arna iarraidh sin dá gcliaint. I gcás daoine nádúrtha nach bhfuil cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach acu in institiúid creidmheasa nó nach mian leo cuntas íocaíochta sa euro digiteach a oscailt in institiúid creidmheasa nó i soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile a dháileann an euro digiteach, ba cheart do na Ballstáit eintitis shonracha (i.e. údaráis áitiúla nó réigiúnacha nó oifigí poist) a ainmniú a mbeadh sé de cheangal orthu na bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gceart rochtana ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu faoi Threoir (AE) 2014/92 (an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta) maidir le bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a bhfuil bunseirbhísí sa euro digiteach acu a sholáthraítear saor in aisce seachas ‘táillí saor in aisce nó réasúnta’ faoi Airteagal 18 den Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta. Bheadh dáileadh an euro dhigitigh ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile ar thionscnamh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta féin. Na soláthraithe seirbhísí íocaíochta uile a gceanglaítear orthu bunseirbhísí sa euro digiteach a sholáthar faoi Airteagal 14, ba cheart dóibh tacaíocht don chuimsiú digiteach a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine a bhfuil teorainneacha feidhme acu nó do dhaoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu, agus do dhaoine scothaosta.

Teorainneacha le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha (Airteagal 16)

Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach ionstraimí a fhorbairt chun teorainn a chur le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha, lena n‑áirítear teorainneacha sealúchais. Sainítear in Airteagal 16 sraith critéar ar cheart do pharaiméadair agus d’úsáid na n‑ionstraimí arna bhforbairt ag an mBanc Ceannais Eorpach iad a chomhlíonadh d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a chosaint. Go háirithe, níor cheart go gcuirfeadh na hionstraimí sin cosc ar ghlacadh le hidirbheart íocaíochta sa euro digiteach agus tús a chur leis. Faoi réir na gcritéar a shonraítear faoi Airteagal 16, ba cheart an cinneadh ar cheart ionstraimí den sórt sin a úsáid, chomh maith lena gcalabrú, a bheith go hiomlán ag an mBanc Ceannais Eorpach agus cathain ba cheart iad a úsáid. Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, níor cheart go mbeadh ús ar an euro digiteach.

Táillí ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach (Airteagal 17)

Rialaítear muirear seirbhíse ceannaí nó táille idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta chun a áirithiú nach sáraíonn siad an méid is ísle de na méideanna seo a leanas: (i) na costais iomchuí arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta, lena n‑áirítear corrlach réasúnach brabúis agus (ii) táillí nó muirir a iarrtar ar mhodhanna íocaíochta inchomparáide. Chun na críche sin, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar na costais, na táillí agus na muirir ábhartha agus na méideanna sin a fhoilsiú agus a athbhreithniú ó am go chéile. Bheadh údaráis inniúla arna n‑ainmniú ag na Ballstáit freagrach as comhlíonadh an Airteagail seo a áirithiú.

Rochtain ar an euro digiteach agus úsáid an euro sin lasmuigh den limistéar euro (Airteagail 18 go 21)

Leagtar síos i gCaibidil V rialacha lena rialaítear rochtain ar an euro digiteach agus úsáid an euro sin lasmuigh den limistéar euro, ar rialacha iad atá ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil daoine nádúrtha agus dlítheanacha ina gcónaí nó bunaithe i mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro nó i dtríú tír. Is féidir rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid i mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro, faoi réir dhá choinníoll: (1) go ndéanann an Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro iarraidh chuige sin agus go ngeallann sé roinnt coinníollacha; (2) go ndéanann an Banc Ceannais Eorpach agus an banc ceannais náisiúnta nach bhfuil sa limistéar euro socrú ina sonraítear na bearta cur chun feidhme is gá. Is féidir rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid i dtríú tír freisin, faoi réir dhá choinníoll chomh maith: (1) go dtabharfaidh an tAontas agus an tríú tír comhaontú idirnáisiúnta i gcrích, agus go ngeallann an tríú tír roinnt coinníollacha a thabhairt i gcrích; (2) go ndéanann an Banc Ceannais Eorpach agus an banc ceannais náisiúnta nach bhfuil sa limistéar euro socrú ina sonraítear na bearta cur chun feidhme is gá. Go háirithe, is féidir rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid i gcríoch faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas, faoi réir an chomhaontaithe airgeadaíochta lena bhforáiltear dó. Leagtar síos i gCaibidil V freisin rialacha maidir le híocaíochtaí trasairgeadra idir an euro digiteach agus airgeadraí áitiúla, ar cheart dóibh a bheith faoi réir socrú roimh ré idir an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc ceannais náisiúnta nach bhfuil sa limistéar euro.

Gnéithe teicniúla (Airteagail 22 go 24)

Ba cheart an euro digiteach a dhearadh ar bhealach a éascóidh a úsáid ag an bpobal i gcoitinne, lena n‑áirítear daoine atá eisiata ó thaobh airgeadais de nó daoine atá i mbaol a gcuimsithe airgeadais, daoine faoi mhíchumas, daoine faoi mhíchumas, teorainneacha feidhme nó scileanna digiteacha teoranta, agus daoine scothaosta.

Ní bheidh ceanglas ar úsáideoirí den euro digiteach cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach a bheith acu. Mar sin féin, tá gá le cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach le haghaidh roinnt feidhmiúlachtaí a bhaineann leis an euro digiteach. Go háirithe, féadfaidh úsáideoirí den euro digiteacha cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach amháin a ainmniú a bheidh nasctha leis an gcuntas íocaíochta sa euro digiteach chun cascáidí a úsáid agus feidhmiúlachtaí cascáide a aisiompú le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne.

Ba cheart an euro digiteach a bheith ar fáil le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne agus ar líne amhail ó chéad eisiúint an euro dhigitigh agus ba cheart go gceadófaí idirbhearta íocaíochta coinníollacha dá bharr. Níor cheart an euro digiteach a bheith ina airgead in-ríomhchláraithe, rud a chiallaíonn nach féidir aonaid a úsáid, mar gheall ar choinníollacha caiteachais a shainítear go bunúsach, ach amháin chun cineálacha sonracha earraí nó seirbhísí a cheannach, nó atá faoi réir teorainneacha ama nach féidir iad a úsáid ina ndiaidh a thuilleadh: mar fhoirm dhigiteach den airgeadra aonair, ba cheart an euro digiteach a bheith go hiomlán idirmhalartach.

Módúlachtaí dáileacháin (Airteagail 25 go 33)

Féadfaidh úsáideoirí Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí a bunaíodh faoi Rialachán [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí — COM(2021) 281 final] a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh agus a chur ar bord.

Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach a áirithiú go bhfuil an euro digiteach comhoiriúnach, a mhéid is féidir, le réitigh íocaíochta digití príobháideacha chun sineirgí a chumasú idir an euro digiteach agus réitigh íocaíochta digití príobháideacha, lena n‑áirítear le bonneagair chomhroinnte agus críochfoirt chomhroinnte ag an bpointe idirghníomhaíochta.

Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach tacaíocht a thabhairt do phróiseáil díospóidí, lena n‑áirítear díospóidí teicniúla agus calaoise, a bhaineann leis an euro digiteach, ar leibhéal an limistéir euro. Níor cheart don Bhanc Ceannais Eorpach gníomhú mar pháirtí in aon cheann de na díospóidí sin. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh feidhm sásra díospóide a fhorbairt agus a bhainistiú, chomh maith le feidhm coiscthe calaoise, a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí tacaíochta.

Cé go bhféadfaidh an Banc Ceannais Eorpach comhéadan tosaigh a sholáthar idir úsáideoirí den euro digiteach agus bonneagair íocaíochta na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a seirbhísí tosaigh dílseánaigh a fhorbairt. Ba cheart rogha a bheith ag úsáideoirí den euro digiteach idir na réitigh éagsúla atá ar fáil.

Ba cheart go gcuirfeadh an euro digiteach ar chumas úsáideoirí digiteacha a gcuntais íocaíochta sa euro digiteach a athrú go soláthraí seirbhísí íocaíochta eile arna iarraidh sin ag an úsáideoir den euro digiteach. In imthosca eisceachtúla, lena n‑áirítear nuair a chaill soláthraí seirbhísí íocaíochta na sonraí ábhartha, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tacú le haistriú an chuntais íocaíochta dhigitigh chuig soláthraí seirbhísí íocaíochta eile arna ainmniú ag an úsáideoir den euro digiteach.

Príobháideachas agus cosaint sonraí (Airteagail 34 go 36)

Sainítear go beacht in Airteagal 35 na cúraimí ina bhféadfaidh BCE agus bainc ceannais náisiúnta sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n‑áirítear idirbhearta íocaíochta in euro digiteach a shocrú. Ba cheart go gcuirfeadh próiseáil sonraí pearsanta leis an úsáid a bhaintear as bearta úrscothacha slándála agus caomhnaithe príobháideachais, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm nó criptiú, chun a áirithiú nach gcuireann BCE agus bainc ceannais náisiúnta sonraí i leith úsáideora den euro digiteach sainaitheanta. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le catagóirí soláthraithe seirbhísí íocaíochta lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta, BCE agus bainc ceannais náisiúnta agus soláthraithe seirbhísí tacaíochta.

Creat maidir le Frithsciúradh Airgid agus Maoiniú Frithsceimhlitheoireachta (Airteagal 37)

Déantar foráil in Airteagal 37 maidir le creat coigeartaithe frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne a mbeidh leibhéal níos airde príobháideachais acu ná mar a bheidh ag íocaíochtaí ar líne. I gcás íocaíochtaí digiteacha euro as líne, ní bhfaighidh an Banc Ceannais Eorpach, na bainc ceannais náisiúnta agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta rochtain ar shonraí idirbheart pearsanta. Ní bheidh rochtain ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta ach ar shonraí cistithe agus díchistithe a bhaineann inter alia le céannacht an úsáideora agus leis an méid arna chistiú agus arna dhíchistiú, cosúil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta nuair a thaisceann nó nuair a aistreoidh úsáideoirí airgead tirim. Ba cheart do soláthraithe seirbhísí íocaíochta na sonraí cistithe agus díchistithe sin a tharchur, arna iarraidh sin, chuig Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus chuig údaráis inniúla eile i gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil úsáideoirí páirteach i sciúradh airgid nó i maoiniú sceimhlitheoireachta. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teorainneacha sealúchais agus idirbhirt a shocrú.

Forálacha críochnaitheacha (Airteagail 38 go 42)

Tuairisceoidh an Banc Ceannais Eorpach ar an euro digiteach mar chuid dá oibleagáidí tuairiscithe rialta. Thairis sin, tuairisceoidh sé go sonrach don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún Eorpach maidir leis na hionstraimí chun teorainn a chur le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha chomh maith lena bparaiméadar, i ndáil leis an gcuspóir cobhsaíocht airgeadais a choimirciú, tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh an eisiúint atá beartaithe don euro digiteach, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú freisin ar thionchar na bparaiméadar agus ar úsáid na n‑ionstraimí, go háirithe ar ról na n‑idirghabhálaithe airgeadais i maoiniú an gheilleagair.

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. A luaithe a chomhaontóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán seo, cinnfidh an Banc Ceannais Eorpach cathain ba cheart an euro digiteach a eisiúint agus cén méid ina leith, de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.

2023/0212 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an euro digiteach a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 19 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chuir an Coimisiún i dtábhacht sa Straitéis Airgeadais Dhigitigh agus sa Straitéis Íocaíochtaí Miondíola 20 i mí Mheán Fómhair 2020, go mbeadh euro digiteach, mar airgeadra digiteach bainc ceannais miondíola, ina chatalaíoch don nuálaíocht in íocaíochtaí, i maoiniú agus i dtráchtáil i gcomhthéacs na niarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun ilroinnt mhargadh íocaíochtaí miondíola an Aontais a laghdú. Sa Chruinniú Mullaigh Euro i mí an Mhárta 2021, iarradh go mbeadh earnáil an airgeadais dhigitigh ní ba láidre agus ní ba nuálaí agus go mbeadh córais íocaíochta ní b’éifeachtúla agus ní b’athléimní. D’aithin an Grúpa Euro freisin, i ráiteas uaidh an 25 Feabhra, acmhainneacht an euro dhigitigh nuálaíocht a chothú sa chóras airgeadais. Sa chomhthéacs sin, ba díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa 21 agus don Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais 22 i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2022 cinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh céim imscrúdaithe 2 bhliain a sheoladh ar thionscadal maidir leis an euro digiteach, dar thús mí Dheireadh Fómhair 2021.

(2)An 2 Deireadh Fómhair 2020, d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach a ‘Tuarascáil ar an euro digiteach’ 23 . Bhí an tuarascáil mar bhonn chun tuairimí a lorg maidir leis na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann le euro digiteach a eisiúint agus maidir leis an dearadh a d’fhéadfadh a bheidh ann.

(3)Ní féidir airgead bainc ceannais i bhfoirm nótaí bainc agus monaí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí ar líne. Sa lá atá inniu ann, braitheann íocaíochtaí ar líne go hiomlán ar airgead bainc thráchtála. Braitheann inghlacthacht agus idirmhalartacht airgead bainc thráchtála ar a in-chomhshóiteacht ar bhonn ceann ar cheann le hairgead bainc ceannais le hairgead dlíthairgthe, rud a fheidhmíonn mar ancaire airgeadaíochta. Tá an ancaire airgeadaíochta sin i gcroílár fheidhmiú na gcóras airgeadaíochta agus airgeadais. Tá sé mar bhonn thaca faoi mhuinín úsáideoirí as airgead bainc thráchtála agus as an euro mar airgeadra agus, dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach chun cobhsaíocht an chórais airgeadaíochta a chosaint i ngeilleagar agus i sochaí dhigitithe. Ós rud é nach féidir le hairgead bainc ceannais i bhfoirm fhisiceach amháin aghaidh a thabhairt ar riachtanais geilleagair atá ag digitiú go tapa, d’fhéadfadh sé sin deireadh a chur de réir a chéile leis an ancaire airgeadaíochta d’airgead bainc thráchtála. Is gá, dá bhrí sin, cineál nua airgeadra oifigiúil a thabhairt isteach le dlíthairiscint atá saor ó riosca agus a chabhraíonn leis an inmhalartacht a léiriú ar comhchéim leis an airgead a eisíonn bainc thráchtála éagsúla.

(4)Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le geilleagar atá ag digitiú go tapa, ba cheart don euro digiteach tacú le cásanna úsáide d’íocaíochtaí miondíola. Áirítear leis na cásanna úsáide sin íocaíochtaí ó dhuine go duine, ó dhuine go rialtas, ó ghnólacht le duine, ó ghnólacht go gnólacht, ó ghnólacht go rialtas, ó rialtas le duine, ó rialtas go gnólacht, agus ó rialtas go rialtas. Anuas air sin, ba cheart an euro digiteach a bheith in ann riachtanais íocaíochtaí amach anseo a chomhlíonadh, agus go háirithe íocaíochtaí meaisín le meaisín i gcomhthéacs Thionsclaíocht 4.0 agus íocaíochtaí ar an idirlíon díláraithe (Web3). Níor cheart don euro digiteach freastal ar íocaíochtaí idir idirghabhálaithe airgeadais, soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus rannpháirtithe eile sa mhargadh (is é sin íocaíochtaí mórdhíola), a bhfuil córais socraíochta in airgead bainc ceannais ann ina leith agus i gcás ina bhfuil imscrúdú breise á dhéanamh ag an Eurochóras ar úsáid teicneolaíochtaí éagsúla.

(5)Sa chomhthéacs nach féidir le hairgead tirim amháin freagairt do riachtanais geilleagair dhigitithe, tá sé fíor-riachtanach tacú le cuimsiú airgeadais trí rochtain uilíoch, inacmhainne agus éasca ar an euro digiteach a áirithiú do dhaoine sa limistéar euro, chomh maith lena ghlacadh forleathan maidir le híocaíochtaí. D’fhéadfadh méadú teacht ar eisiamh airgeadais sa gheilleagar digitithe ós rud é go bhféadfadh sé nach bhfreastalódh modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha go sonrach ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí nó go bhféadfadh sé nach mbeadh siad oiriúnach i roinnt ceantar tuaithe nó iargúlta gan líonra cumarsáide (cobhsaí). Dé réir an Bhainc Dhomhanda agus an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, ‘tá córais agus seirbhísí íocaíochta miondíola atá éifeachtúil, inrochtana agus sábháilte criticiúil do chuimsiú airgeadais níos fearr’ 24 . Tugadh bunús breise leis an gcinneadh sin leis an staidéar ar Mhodhanna Nua Íocaíochta Digití arna choimisiúnú ag an mBanc Ceannais Eorpach, inar thángthas ar an gconclúid gurb iad na gnéithe is tábhachtaí maidir le modh íocaíochta nua éascaíocht úsáide, gan scileanna teicneolaíochta a bheith ag teastáil, agus a bheith slán agus saor in aisce i gcás an daonra gan cuntas bainc/gan seirbhísí iomlána bainc/as líne 25 . Chuirfeadh euro digiteach rogha mhalartach phoiblí ar fáil ar mhodhanna príobháideacha digiteacha íocaíochtaí agus thacódh sé le cuimsiú airgeadais toisc go mbeadh sé deartha de réir na gcuspóirí sin, agus ar an gcaoi sin go bhfreastalódh sé ar rochtain saor in aisce, ar éascacht úsáide agus ar inrochtaineacht fhorleathan agus ar ghlacadh forleathan.

(6)Ba cheart don euro digiteach nótaí bainc agus boinn euro a chomhlánú agus níor cheart dó foirmeacha fisiceacha an airgeadra aonair a ionadú. Mar ionstraimí dlíthairgthe, tá airgead tirim agus euro digiteach chomh tábhachtach céanna. Le Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí - COM/2023/364], dhéanfaí dlíthairiscint ar airgead tirim a chomhchuibhiú agus d’áiritheofaí go ndéanfaí airgead tirim a dháileadh go forleathan agus go núsáidfí é go héifeachtach.  

(7)D’fhéadfadh forbairtí amach anseo in íocaíochtaí digiteacha difear a dhéanamh do ról an euro i margaí íocaíochta miondíola san Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta. Tá go leor banc ceannais ar fud an domhain ag féachaint faoi láthair ar eisiúint airgeadraí digiteacha (‘CBDCanna’) agus tá CBDCanna eisithe cheana féin ag roinnt tíortha. Ina theannta sin, d’fhéadfadh rudaí dá ngairtear cripteamhonaí tríú tíortha, nach bhfuil ainmnithe in euro, dá mbainfí úsáid forleathan astu le haghaidh íocaíochtaí, íocaíochtaí atá ainmnithe in euro i ngeilleagar an Aontais a dhíchur tríd an éileamh ar íocaíochtaí in-ríomhchláraithe (dá ngairtear íocaíochtaí coinníollacha i gcomhthéacs an Rialacháin seo) a shásamh, lena náirítear sa ríomhthráchtáil, i margaí caipitil nó i dTionsclaíocht 4.0. Dá bhrí sin, bheadh euro digiteach tábhachtach chun ról an euro a choinneáil ar bun sa ré digiteach.

(8)Is gá, dá bhrí sin, creat dlíthiúil a leagan síos chun foirm dhigiteach an euro a bhunú le stádas dlíthairisceana, a bheidh le húsáid ag daoine, ag gnólachtaí agus ag údaráis phoiblí sa limistéar euro. Mar fhoirm nua den euro atá ar fáil don phobal, ba cheart iarmhairtí tábhachtacha sochaíocha agus eacnamaíocha a bheith ag an euro digiteach. Is gá, dá bhrí sin, an euro digiteach a bhunú agus a phríomhthréithe a rialú, mar bheart dlí airgeadaíochta. Tá an Banc Ceannais Eorpach inniúil chun an euro digiteach a eisiúint agus a údarú do bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát an euro digiteach a eisiúint, ar Ballstáit iad a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus a chumhachtaí faoi na Conarthaí á bhfeidhmiú aige. Ar bhonn na gcumhachtaí sin agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an euro digiteach a eisiúint, na tráthanna agus na méideanna ina leith, agus bearta áirithe eile a bhfuil dlúthbhaint acu lena eisiúint, bearta sa bhreis ar nótaí bainc agus ar mhonaí.

(9)Ar nós nótaí bainc agus monaí euro, ba cheart an euro digiteach a bheith ina dhliteanas díreach ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar bhainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu i leith úsáideoirí an euro dhigitigh. Ba cheart an euro digiteach a eisiúint le haghaidh méid cothrom le haghaidhluach an dliteanais chomhfhreagraigh ar chlár comhardaithe comhdhlúite an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, go háirithe trí chúlchistí na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chomhshó ina sealúchais dhigiteacha, chun an téileamh ó úsáideoirí digiteacha euro a shásamh. Chun euro digiteach a choinneáil agus a úsáid, níor cheart d’úsáideoirí den euro digiteach ach caidreamh conarthach a bhunú le soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach ar chuntais íocaíochta oscailte sa euro digiteach. Ní bhunófaí aon chuntas ná gaol conarthach eile idir an túsáideoir den euro digiteach agus an Banc Ceannais Eorpach nó na bainc ceannais náisiúnta. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta cuntais sa euro digiteach úsáideoirí den euro digiteach a bhainistiú thar a gceann agus seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar dóibh. Ós rud é nach páirtí iad soláthraithe seirbhísí íocaíochta sa dliteanas díreach atá ag úsáideoirí den euro digiteach i leith an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann úsáideoirí den euro digiteach, ní dhéanfadh dócmhainneacht soláthraithe seirbhísí íocaíochta difear d’úsáideoirí den euro digiteach.

(10)Ba cheart an euro digiteach a rialú le forálacha an Rialacháin seo. Féadfar iad a fhorlíonadh leis na gníomhartha tarmligthe a dtugtar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh de bhun Airteagail 11, 34, 35, 36 agus 38, agus leis na gníomhartha cur chun feidhme a dtugtar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh de bhun Airteagal 37. Anuas air sin, faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus a ghníomhartha tarmligthe, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach bearta mionsonraithe, rialacha mionsonraithe agus caighdeáin mhionsonraithe a ghlacadh de bhun a inniúlachtaí féin. I gcás ina mbíonn tionchar ag bearta, rialacha agus caighdeáin den sórt sin ar chearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, soiléirítear sa Rialachán freisin go bhfuil an euro digiteach faoi réir Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus faoi réir Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, gan dochar don chreat coigeartaithe maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne. Chomh maith leis sin, tá idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach agus na seirbhísí íocaíochta gaolmhara faoi réir Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, arna leasú le Treoir [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí airgid leictreonaigh sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir 2009/110/CE - COM(2023) 366 final] lena bhforáiltear go náirítear le ‘cistí’ airgead bainc ceannais arna eisiúint le haghaidh úsáide miondíola (i.e. nótaí bainc, monaí agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais), agus tá na hidirbhearta sin faoi réir Rialachán (AE) 2021/1230 maidir le híocaíochtaí trasteorann.

(11)Chun cosaint éifeachtach a áirithiú ar dlíthairiscint an euro dhigitigh mar airgeadra aonair ar fud an limistéir euro, agus ar ghlacadh íocaíochtaí in euro digiteach, ba cheart rialacha maidir le smachtbhannaí i leith sáruithe a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

(12)Forálacha ábhartha Threoir (AE) 2015/2366 mar a cuireadh Treoir (AE) [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta agus maidir le seirbhísí airgid leictreonaigh sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena leasaítear Treoir 2015/2366/AE agus Treoir 2009/110/CE - COM(2023) 366 final] ina ionad, Treoir (AE) 2015/849 mar a cuireadh Treoir (AE) [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/423 final] ina ionad agus Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart dóibh an mhaoirseacht a rialú a dhéanann údaráis inniúla agus an córas smachtbhannaí agus na socruithe maoirseachta idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach a rialú, maidir le gníomhaíochtaí Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta atá bunaithe sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu. Chun maoirseacht éifeachtúil ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach faoi Threoir (AE) 2015/2366 as maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí íocaíochta comhoibriú leis an mBanc Ceannais Eorpach freisin chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na noibleagáidí a bhaineann le híocaíochtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. XXX maidir leis an euro digiteach a bhunú. Ní mór d’aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán reatha Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2017/1725 a chomhlíonadh a mhéid a thagann siad faoina raon feidhme faoi seach. Dá bhrí sin, tá na húdaráis mhaoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 freagrach as maoirseacht a dhéanamh as próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(13)Ba cheart do na Ballstáit, dá núdaráis ábhartha agus dá soláthraithe seirbhísí íocaíochta bearta faisnéise agus oideachais a úsáid chun an leibhéal feasachta agus eolais is gá maidir leis na gnéithe éagsúla den euro digiteach a áirithiú.

(14)Dé réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh  26 , léiríonn an coincheap ‘dlíthairiscint’ maidir le modh íocaíochta atá ainmnithe in aonad airgeadra, sa ghnáthchiall, nach féidir an modh íocaíochta sin a dhiúltú go ginearálta chun fiachas atá ainmnithe san aonad airgeadra céanna a shocrú, ar a luach iomlán, agus an éifeacht aige an fiachas a urscaoileadh.

(15)Is saintréith d’airgead an bhainc cheannais é stádas dlíthairisceana. Sa limistéar euro, is iad nótaí bainc agus monaí an taon mhodh íocaíochta amháin a bhfuil stádas dlíthairisceana acu, de bhun Airteagal 128(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus Airteagail 10 agus 11 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle 27 maidir le tabhairt isteach an euro 28 .

(16)Ba cheart an euro digiteach, mar airgeadra digiteach ag a bhfuil stádas dlíthairisceana atá ainmnithe in euro arna eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag bainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, mar chuid den Eurochóras, a bheith inrochtana agus inúsáidte go forleathan agus glacadh forleathan leis. Trí dlíthairiscint a dheonú don euro digiteach, ba cheart tacú lena inúsáidteacht in íocaíochtaí ar fud an limistéir euro agus, ar an gcaoi sin, tacú leis na hiarrachtaí infhaighteacht agus inrochtaineacht leanúnach ar airgead bainc ceannais ina ról mar ancaire airgeadaíochta, ós rud é nach féidir le hairgead tirim amháin aghaidh a thabhairt ar riachtanais geilleagair atá ag digitiú go tapa. Thairis sin, le glacadh sainordaitheach íocaíochtaí in euro digiteach mar cheann de phríomhchoinníollacha na dlíthairisceana, áirithítear go mbainfidh daoine agus gnólachtaí leas as an nglacadh forleathan agus go mbeidh fíor-rogha acu airgead an bhainc ceannais a íoc ar bhealach digiteach agus ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an limistéir euro.

(17)Ba cheart dlíthairiscint a bheith ag an euro digiteach le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne a dhéantar laistigh den limistéar euro, ar an gcaoi chéanna le nótaí bainc agus monaí euro a bhfuil dlíthairiscint acu sa limistéar euro. Ba cheart dlíthairiscint a bheith ag an euro digiteach freisin le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a dhéantar le híocaí a bhfuil cónaí air sa limistéar euro nó atá bunaithe ann, i gcás ina bhfuil an tíocóir ina chónaí sa limistéar euro nó bunaithe ann. Ar an gcuma chéanna, ba cheart dlíthairiscint a bheith ag an euro digiteach le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a dhéantar le híocaí a bhfuil cónaí air sa limistéar euro nó atá bunaithe ann, i gcás nach bhfuil an tíocóir ina chónaí sa limistéar euro nó bunaithe ann.

(18)Ós rud é go néilíonn an euro digiteach an cumas modhanna íocaíochta digiteacha a ghlacadh, d’fhéadfadh sé a bheith díréireach oibleagáid a fhorchur ar gach íocaí glacadh le híocaíochtaí in euro digiteach. Chuige sin, ba cheart eisceachtaí ón nglacadh sainordaitheach le haghaidh íocaíochtaí in euro digiteach a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha ag gníomhú dóibh le linn gníomhaíocht phearsanta nó gníomhaíocht tís amháin. Ba cheart eisceachtaí ar ghlacadh éigeantach a chur ar fáil freisin do mhicrifhiontair, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo sa limistéar euro chun cruthú post fiontraíochta agus nuálaíochta a fhorbairt, a bhfuil ról ríthábhachtach acu i múnlú an gheilleagair. Ba cheart do bheartais agus gníomhaíochtaí an Aontais na hualaí rialála atá ar fhiontair den mhéid sin a laghdú. Ba cheart eisceachtaí ar glacadh sainordaitheach a chur ar fáil freisin d’eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúis a chuireann leas an phobail chun cinn agus a fhónann do leas an phobail maidir le spriocanna éagsúla a bhaineann le leas na sochaí, lena náirítear cothromas, oideachas, sláinte, cosaint an chomhshaoil agus cearta an duine. Maidir le micrifhiontair agus eintiteas dhlítheanacha neamhbhrabúsacha, bheadh fáil an bhonneagair is gá agus na costais ghlactha díréireach. Dá bhrí sin, ba cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid glacadh le híocaíochtaí in euro digiteach. I gcásanna den sórt sin, ba cheart fáil fós a bheith ann ar mhodhanna eile chun fiachais airgeadaíochta a shocrú. Mar sin féin, ba cheart micrifhiontair agus eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha eile a ghlacann le modhanna digiteacha íocaíochta inchomparáide ó íocóirí a bheith faoi réir glacadh sainordaitheach le híocaíochtaí in euro digiteach. Ba cheart a áireamh le modhanna íocaíochta digiteacha inchomparáide íocaíocht le cárta dochair nó íocaíocht mheandrach nó réitigh theicneolaíocha eile amach anseo ag an bpointe idirghníomhaíochta, ach níor cheart a áireamh leo aistriú creidmheasa agus dochar díreach nach dtionscnaítear ag an bpointe idirghníomhaíochta. Micrifhiontair agus eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha nach nglacann le modhanna íocaíochta digiteacha inchomparáide óna níocóirí chun fiachas a shocrú (e.g. ní ghlacann siad ach le nótaí bainc agus monaí euro), ach a fhéadfaidh íocaíochtaí digiteacha a úsáid chun fiachas a shocrú lena níocaithe (e.g. íocann siad le haistrithe creidmheasa), níor cheart iad a bheith faoi réir an ghlactha shainordaithigh le euro digiteach. Ar deireadh, féadfaidh íocaí íocaíocht in euro digiteach a dhiúltú freisin má dhéantar an diúltú de mheon macánta agus má thugann an tíocaí údar leis an diúltú ar fhorais dhlisteanacha agus shealadacha, i gcomhréir le himthosca nithiúla nach bhfuil neart aige orthu, rud a fhágann nach féidir glacadh le híocaíochtaí in euro digiteach tráth an idirbhirt, amhail briseadh cumhachta i gcás idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne, nó gaireas lochtach i gcás idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne nó ar líne.

(19)Chun a áirithiú gur féidir eisceachtaí breise ar ghlacadh sainordaitheach an euro dhigitigh a thabhairt isteach ag céim níos déanaí má tá gá leo, mar shampla de dheasca sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh a theacht chun cinn amach anseo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean ar an gCoimisiún i leith tabhairt isteach eisceachtaí breise de chineál dlí airgeadaíochta ar an oibleagáid idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a ghlacadh, a bheadh feidhm leo ar bhealach comhchuibhithe ar fud an limistéir euro, agus aon mholadh ó na Ballstáit chuige sin á chur san áireamh. Ní fhéadfaidh an Coimisiún eisceachtaí den sórt sin a ghlacadh má tá gá leo, má tá údar leo ar mhaithe le leas an phobail, má tá siad comhréireach, agus má chaomhnaíonn siad éifeachtacht dhlíthairiscint an euro dhigitigh. Cumhacht an Choimisiúin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le tabhairt isteach eisceachtaí breise ar an oibleagáid idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a ghlacadh, ba cheart é a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit, de bhun a gcumhachtaí féin i réimsí inniúlachta roinnte, reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena dtugtar isteach eisceachtaí ar an nglacadh sainordaitheach a thagann as an dlíthairiscint i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa bhreithiúnas uaithi i gCásanna Uamtha C-422/19 agus C-423/19.

(20)Chun a áirithiú go mbainfidh daoine agus gnólachtaí leas as líonra inghlacthachta forleathan agus go mbeidh siad in ann an euro digiteach a úsáid go héifeachtach ina níocaíochtaí ó lá go lá, níor cheart d’íocaithe atá faoi réir glacadh sainordaitheach íocaíochtaí in euro digiteach íocaíochtaí in euro digiteach a eisiamh go haontaobhach trí théarmaí conarthacha nár caibidlíodh ar leithligh ná trí chleachtais tráchtála.

(21)Is é an príomhchuspóir atá le bunú an euro dhigitigh é a úsáid mar fhoirm den airgeadra aonair le dlíthairiscint sa limistéar euro. Chun na críche sin agus i gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar ar úsáideoirí den euro digiteach a bhfuil cónaí orthu sa limistéar euro nó bunaithe ann, lena náirítear tomhaltóirí nach bhfuil seoladh seasta acu, iarrthóirí tearmainn agus tomhaltóirí nach ndeonaítear cead cónaithe orthu ach nach féidir iad a dhíbirt ar chúiseanna dlíthiúla nó fíorasacha. Daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil ag fáil seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach cheana, ós rud é gur oscail siad cuntas íocaíochta sa euro digiteach an tráth a raibh cónaí orthu i mBallstát nó a raibh siad bunaithe ann agus a bhfuil an euro mar airgeadra aige, ach nach bhfuil cónaí orthu a thuilleadh nó nach bhfuil siad bunaithe a thuilleadh sa Bhallstát sin, féadfaidh siad seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a fháil fós ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, faoi réir teorainneacha ama a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le stádas cónaithe nó bunaíochta na ndaoine sin a fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a shainiú.

(22)I gcomhréir le Treoir 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ciallaíonn an coincheap ‘cistí’ nótaí bainc agus monaí, airgead taisce nó ríomh-airgead. Mar fhoirm nua airgid bainc ceannais le dlíthairiscint, ba cheart an euro digiteach a mheas mar chistí faoi Threoir 2015/2366. Ba cheart a áirithiú go mbeadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach faoi réir na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo arna dtrasuí ag na Ballstáit agus faoi mhaoirseacht na núdarás inniúil dá dtagraítear sa Treoir seo chun na críche sin chomh maith. Agus an euro digiteach á eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag bainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, mar chuid den Eurochóras, bheadh siad ag gníomhú ina gcáil mar údarás airgeadaíochta agus, dá bhrí sin, níor cheart dóibh a bheith faoi réir Threoir 2015/2366 i gcomhréir le hAirteagal 1(e) den Treoir sin.

(23)Is catagóir cuntas íocaíochta iad cuntais íocaíochta sa euro digiteach atá ainmnithe in euro trína bhfuil úsáideoirí den euro digiteach in ann na hidirbhearta seo a leanas, inter alia, a dhéanamh: cistí a chur, airgead tirim a tharraingt amach, agus idirbhearta íocaíochta a dhéanamh le tríú páirtithe agus a fháil uatha, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear agus ar struchtúr an mhórleabhair nó na sonraí (e.g. an ndéantar euro digiteach a thaifeadadh mar iarmhéideanna sealúchais nó mar aonaid luacha). I gcás ina néilíonn na gníomhaíochtaí sin próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith ina rialaitheoirí.

(24)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas faoi Threoir 2015/2366 seirbhísí cistiúcháin agus díchistithe a sholáthar dá gcliant, gan beann ar a gcumas an fhoinse leachtachta le haghaidh na gcistí sin in airgead bainc ceannais a sholáthar. Arna iarraidh sin ag a gcliant, i bhfianaise seirbhísí cistiúcháin agus díchistithe a chur i gcrích go rathúil, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas a bhfuil cead acu cuntas a bheith acu ag an mbanc ceannais rochtain ar chórais íocaíochta a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas nach bhfuil cead acu cuntas a bheith acu ag an mbanc ceannais, agus ar an gcuma chéanna, ba cheart dóibh dul tríd an mbonneagar socraíochta trí orduithe aistrithe na soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas nach bhfuil cead acu cuntas a bheith acu ag an mbanc ceannais ar bhealach oibiachtúil, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

(25)Chun aon teorainn sealúchais maidir le húsáid an euro dhigitigh a chinnfidh an Banc Ceannais Eorpach a fhorfheidhmiú, agus úsáideoirí den euro digiteach á mbordáil acu, nó le linn seiceálacha ex-post i gcás inarb iomchuí, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta atá i gceannas ar an euro digiteach a dháileadh a fhíorú an bhfuil cuntais íocaíochta sa euro digiteach ag an gcustaiméir ionchasach nó ag an gcustaiméir atá ann cheana. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tacú le soláthraithe seirbhísí íocaíochta an cúram a chur i gcrích maidir le haon teorainn sealúchais a fhorfheidhmiú, lena náirítear trí phointe rochtana aonair d’aitheantóirí úsáideora den euro digiteach agus na teorainneacha sealúchais sa euro digiteach a bhunú ina naonar nó i gcomhpháirt le bainc ceannais náisiúnta. Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais, chun a áirithiú nach féidir céannacht úsáideoirí aonair den euro digiteach a nascadh leis an bhfaisnéis sa stór lárnach ag eintitis seachas soláthraithe seirbhísí íocaíochta arb é a gcliant nó a gcustaiméir ionchasach an túsáideoir den euro digiteach. Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach a bheith ina rialaitheoir a mhéid a éilíonn na gníomhaíochtaí sin go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil. Nuair a bhunaíonn an Banc Ceannais Eorpach an pointe rochtana aonair in éineacht leis na bainc ceannais náisiúnta, ba cheart dóibh a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha.

(26)Chun tacú le rochtain uilíoch ar an euro digiteach ag an bpobal i gcoitinne sa limistéar euro, agus chun nuálaíocht agus ardleibhéal iomaíochta a chothú i margadh na níocaíochtaí miondíola, ba cheart na hidirghabhálaithe ábhartha uile a bheith in ann an euro digiteach a dháileadh. Maidir le gach soláthraí seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas faoi Threoir 2015/2366, lena náirítear institiúidí creidmheasa, institiúidí ríomh-airgid, institiúidí íocaíochta, institiúidí gíoró postoifige atá i dteideal faoin dlí náisiúnta seirbhísí íocaíochta a sholáthar, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach agus do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, mar chuid den Eurochóras, sa chás nach bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta ná mar údaráis phoiblí eile, agus ba cheart do na Ballstáit nó dá núdaráis réigiúnacha nó áitiúla, sa chás nach bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil mar údaráis phoiblí, a bheith in ann cuntais íocaíochta sa euro digiteach agus na seirbhísí digiteacha íocaíochta euro gaolmhara a sholáthar, gan beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ba cheart cead a bheith ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a rialaítear faoi Rialachán 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 agus atá ina soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas faoi Threoir 2015/2366 an euro digiteach a dháileadh freisin. I gcomhréir le Treoir 2015/2366, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas rochtain a sholáthar ar shonraí maidir le cuntais íocaíochta do sholáthraithe seirbhísí tionscnaimh íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais bunaithe ar Chomhéadain Feidhmchláir (CFanna), chun go mbeidh siad in ann seirbhísí nuálacha breise a fhorbairt agus a sholáthar.

(27)I gcás ina raibh infhaighteacht an euro dhigitigh ag brath ar chinntí gnó saor in aisce ó gach soláthraí seirbhísí íocaíochta, d’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta an euro digiteach a imeallú nó a eisiamh fiú. D’fhéadfadh sé sin cosc a chur ar úsáideoirí íocaíochtaí a dhéanamh agus a fháil i bhfoirm airgeadra a bhfuil dlíthairiscint aige. Sa chás sin, ní ráthófaí an taonmheanma in úsáid an euro dhigitigh ar fud an limistéir euro a cheanglaítear le hAirteagal 133 CFAE. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go gceanglófaí ar sholáthraithe bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach ainmnithe a dháileadh.

(28)Ba cheart ceanglas maidir leis an euro digiteach a dháileadh a bheith comhréireach leis an gcuspóir úsáid éifeachtach an euro dhigitigh mar mhodh íocaíochta dlíthairgthe a áirithiú. Dá ndéanfaí an oibleagáid sin a shrianadh d’institiúidí creidmheasa atá gníomhach cheana féin i seirbhísí gnó miondíola, d’áiritheofaí éifeachtacht na dlíthairisceana, agus sheachnófaí ag an am céanna ualach díréireach a chur ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ag a bhfuil samhlacha gnó speisialaithe nach bhfuil dírithe ar thomhaltóirí. Dá bhrí sin, tá an oibleagáid an euro digiteach a dháileadh teoranta d’institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí cuntais íocaíochta arna iarraidh sin dá gcliaint. Tá an méid sin gan dochar do chur i bhfeidhm Chaibidil IV den Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta maidir le rochtain ar chuntas íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha aige ar rochtain ar chuntas digiteach euro a bhfuil gnéithe bunúsacha aige do thomhaltóirí nach cliaint d’institiúid creidmheasa iad.

(29)Chun úsáid fhorleathan an euro dhigitigh a áirithiú, lena náirítear i gcás daoine nach bhfuil cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach acu, nach mian leo cuntas íocaíochta sa euro digiteach a oscailt in institiúid chreidmheasa nó i soláthraithe seirbhíse íocaíochta eile a fhéadfaidh an euro digiteach a dháileadh, nó daoine faoi mhíchumas, teorainneacha feidhme nó scileanna digiteacha teoranta, agus daoine scothaosta a dháileadh, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh eintitis phoiblí, lena náirítear údaráis áitiúla nó réigiúnacha, nó oifigí poist, an euro digiteach a dháileadh. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit eintitis a ainmniú ar cheart dóibh an cúram sin a dhéanamh laistigh dá gcríoch. Ba cheart d’eintitis den sórt sin, mar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faoi Threoir (AE) 2015/2366, forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena náirítear Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir (AE) 2015/849.

(30)Chun úsáid fhorleathan an euro dhigitigh a chumasú agus chun coinneáil bonn ar bhonn leis an nuálaíocht in íocaíochtaí digiteacha, ba cheart seirbhísí bunúsacha agus seirbhísí breise íocaíochta sa euro digiteach a bheith ar áireamh i seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach. Is seirbhísí íocaíochta, cuntais nó tacaíochta iad seirbhísí bunúsacha íocaíochta digiteacha euro a mheastar a bheith fíor-riachtanach chun go núsáidfidh daoine nádúrtha an euro digiteach. Áirítear leis sin, inter alia, ionstraim íocaíochta amháin ar a laghad a sholáthar do dhaoine nádúrtha. Níor cheart ach do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas faoi Threoir 2015/2366 an tacar iomlán de bhunseirbhísí sa euro digiteach a sholáthar. Sa bhreis ar na bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach sin, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile faoi Threoir 2015/2366 seirbhísí íocaíochta breise sa euro digiteach a fhorbairt agus a sholáthar. Áirítear le seirbhísí íocaíochta breise sa euro digiteach, mar shampla, idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach atá coinníollach amhail seirbhísí íocaíochta in aghaidh na húsáide nó seirbhísí íocaíochta tionscanta. Ba cheart go néascódh bonneagar an euro dhigitigh úsáid seirbhísí roghnacha den sórt sin.

(31)De bhun a chumhachtaí faoi na Conarthaí agus i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach a bheith in ann teorainneacha a shocrú maidir le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha. Ba cheart úsáid éifeachtach an euro dhigitigh mar mhodh íocaíochta dlíthairgthe a chaomhnú trí theorainneacha ar mhuirir idir sholáthraithe seirbhísí íocaíochta nó ar mhuirir ceannaí.

(32)D’fhéadfadh úsáid neamhshrianta an euro dhigitigh mar stór luacha cobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro a chur i mbaol, agus bheadh éifeachtaí díobhálacha ag institiúidí creidmheasa ar sholáthar creidmheasa don gheilleagar. D’fhéadfadh sé go gceanglófaí leis sin go ndéanfadh an Banc Ceannais Eorpach, d’fhonn cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, teorainneacha a thabhairt isteach ar úsáid an euro dhigitigh mar stór luacha. Áirítear ar na huirlisí beartais a d’fhéadfaí a úsáid chun na críche sin teorainneacha cainníochtúla le sealúchais aonair sa euro digiteach agus teorainneacha le catagóirí eile cistí a thiontú go euro digiteach laistigh de thréimhse shonraithe, ach ní bheadh siad teoranta dóibh. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le paraiméadair agus úsáid na nionstraimí dá dtagraítear i mír 1, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach prionsabal an gheilleagair margaidh oscailte a urramú le saoriomaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 127(1) CFAE.

(33)Níor cheart teorainneacha a úsáid in ionad luath-idirghabhála nó bearta maoirseachta eile. Níor cheart teorainneacha den sórt sin a fhorchur ach oiread chun aghaidh a thabhairt ar chásanna institiúidí creidmheasa aonair a ndéileálfadh údaráis réitigh inniúla nó údaráis ábhartha eile leo de ghnáth trí uirlisí agus cumhachtaí atá ar fáil dóibh a úsáid, lena náirítear íocaíochtaí a chur ar fionraí, moratoria, bearta atá ar fáil faoi Threoir 2013/36/AE, Treoir 2014/59/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ná bearta comhchosúla eile atá dírithe ar inmharthanacht a athbhunú, ar an institiúid lena mbaineann a réiteach nó ar staid anás airgeadais a leigheas ar shlí eile.

(34)Ba cheart an rogha a bheith ag úsáideoirí an euro dhigitigh an euro digiteach a úsáid ar líne nó as líne, nó an dá rud, faoi réir na dteorainneacha arna socrú ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag gníomh cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta na gairis stórála áitiúla a chlárú agus a dhíchlárú le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne a gcustaiméirí. Níor cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta aitheantóir an ghairis stórála áitiúil a úsáidtear le haghaidh an euro dhigitigh as líne a stóráil ach amháin ar feadh na tréimhse ina néascaítear euro digiteach as líne dá gcustaiméirí. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais chun a áirithiú nach féidir úsáid a bhaint as aitheantóir feiste úsáideoirí aonair den euro digiteach chun críocha eile seachas chun euro digiteach as líne a sholáthar.

(35)Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta na gairis stórála áitiúla a chlárú agus a athchlárú le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne a gcustaiméirí. Níor cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta aitheantóir an ghairis stórála áitiúil a úsáidtear le haghaidh an euro dhigitigh as líne a stóráil ach amháin ar feadh na tréimhse ina néascaítear euro digiteach as líne dá gcustaiméirí. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais chun a áirithiú nach féidir aitheantóir feiste úsáideoirí aonair den euro digiteach a chur i gcomparáid leis an bhfaisnéis maidir leis an úsáideoir den euro digiteach chun an tábhar sonraí a shainaithint, seachas chun críoch Airteagal 37.

(36)Leis an euro digiteach, ba cheart go mbeifí in ann taithí réidh íocaíochta a fháil. Aon ionstraim a d’fhéadfadh an Banc Ceannais Eorpach a úsáid chun teorainn a chur le feidhm stór luacha an euro dhigitigh, ba cheart di an cuspóir sin a chur san áireamh. Le sásraí uathoibrithe lena nasctar cuntas íocaíochta sa euro digiteach le cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach, ba cheart feidhmiúlacht íocaíochta an euro dhigitigh a bheith gan bhac, trína áirithiú go ndéantar idirbhearta go rathúil i láthair teorainneacha sealúchais den euro digiteach an duine aonair a d’fhéadfadh a bheith ceangailteach ar thaobh an íocóra nó an íocaí. Go sonrach, ba cheart d’úsáideoirí den euro digiteach a bheith in ann idirbheart íocaíochta sa euro digiteach a thionscnamh cé gur lú méid a sealúchas den euro digiteach ná méid an idirbhirt, trí chistí ó chuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach a shlógadh go huathoibríoch chun méid an idirbhirt a chomhlánú (‘feidhmiúlacht aisiompaithe cascáide’). Os a choinne sin, ba cheart d’úsáideoirí den euro digiteach a bheith in ann idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a fháil cé go sáraíonn méid an idirbhirt an teorainn a leagtar síos ar a sealúchais den euro digiteach, trí chistí a aistriú go huathoibríoch de bhreis ar an teorainn chuig cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach (‘feidhmiúlacht cascáide’). Ba cheart na feidhmiúlachtaí íocaíochta sin a bheith údaraithe go sainráite ag úsáideoirí den euro digiteach. I gcás ina bhfuil cuntas íocaíochta sa euro digiteach atá i seilbh soláthraí seirbhísí íocaíochta amháin nasctha le cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach atá i seilbh soláthraí seirbhísí íocaíochta eile, ba cheart dóibh socrú a dhéanamh ina sonrófar a róil agus a bhfreagrachtaí faoi seach faoi rialacha cosanta sonraí, agus ba cheart dóibh comhshocrú a dhéanamh maidir leis na bearta slándála is gá chun tarchur slán sonraí pearsanta idir an dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta a áirithiú.

(37)Cé go bhfuil sé d’aidhm ag ionstraimí a úsáideann an Banc Ceannais Eorpach chun teorainn a chur le húsáid iomarcach an euro dhigitigh mar stór luacha cobhsaíocht airgeadais agus idirghabháil airgeadais a chosaint, d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar sheasamh bheartas airgeadaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus idirghníomhú leis mar sin féin. Ba ghá, dá bhrí sin, ionstraimí den sórt sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an limistéir euro chun úsáid an euro dhigitigh mar airgeadra aonair agus aonmheanma an bheartais airgeadaíochta a áirithiú. Ina theannta sin, bheadh gá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach chun cothrom iomaíochta a áirithiú do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i margadh aonair na hEorpa nó chun forfheidhmiú róchasta aon ionstraime a sheachaint trí sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ar bhonn cónaitheacht úsáideoirí den euro digiteach. Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, níor cheart go mbeadh ús ar an euro digiteach chun críocha an euro digiteach a úsáid go príomha mar mhodh íocaíochta agus úsáid an euro mar stór luacha á theorannú ag an am céanna.

(38)Níor cheart teorainneacha ar úsáid an euro dhigitigh d’úsáideoirí den euro digiteach a nach bhfuil cónaí orthu nó nach bhfuil bunaithe lasmuigh den limistéar euro a bheith níos fabhraí ná mar a bheadh d’úsáideoirí den euro digiteach a bhfuil cónaí orthu sa limistéar euro nó atá bunaithe ann, agus chun freastal ar cheannasacht airgeadaíochta agus ar ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais laistigh agus lasmuigh den limistéar euro araon.

(39)Aon teorainn ar an bhfeidhm stór luacha a chinn an Banc Ceannais Eorpach, ba cheart iad a bheith ceangailteach ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach agus ba cheart iad a chur chun feidhme. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh cuntas íocaíochta sa euro digiteach amháin nó níos mó ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta céanna nó ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta éagsúla, ba cheart iad a bheith faoi réir teorainn sealúchais aonair a fhéadfaidh úsáideoir den euro digiteach a leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta éagsúla. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta an deis a thairiscint d’úsáideoirí den euro digiteach cuntas comhpháirteach íocaíochta sa euro digiteach a bheith acu go dlíthiúil. Sa chás sin, ba cheart aon teorainn sealúchais a chuirtear i bhfeidhm ar an gcomhchuntas íocaíochta sa euro digiteach a bheith cothrom le suim theorainneacha sealúchais leithdháilte na núsáideoirí den euro digiteach. I gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta sa euro digiteach i seilbh ach ag aon úsáideoir den euro digiteach amháin go dlíthiúil, ach gur féidir le roinnt daoine rochtain a fháil air go teicniúil agus é a úsáid, ar shainordú de facto nó dlíthiúil arna thabhairt ag an úsáideoir den euro digiteach, ba cheart go leanfadh aon teorainn sealúchais a chuirtear i bhfeidhm ar an gcuntas íocaíochta sa euro digiteach de bheith cothrom leis an teorainn sealúchais a shainítear le haghaidh cuntas íocaíochta sa euro digiteach atá i seilbh úsáideora aonair den euro digiteach, chun aon teacht timpeall ar na teorainneacha sealúchais a sheachaint.

(40)Chun rochtain fhorleathan ar an euro digiteach agus úsáid an euro dhigitigh a áirithiú, i gcomhréir lena stádas mar dhlíthairiscint, agus chun tacú lena ról mar ancaire airgeadaíochta sa limistéar euro, níor cheart muirear a ghearradh ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa limistéar euro, ar dhaoine nádúrtha a d’oscail cuntas sa euro digiteach tráth a raibh cónaí orthu sa limistéar euro, ach nach bhfuil cónaí orthu ann a thuilleadh, ná ar chuairteoirí, as bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a úsáid. Ciallaíonn sé sin nár cheart aon táille dhíreach a ghearradh ar úsáideoirí den euro digiteach den sórt sin as an rochtain bhunúsach atá acu ar an euro digiteach ná as úsáid bhunúsach an euro sin, lena náirítear gan táille idirbhirt a ghearradh orthu nó aon táille eile a bhaineann go díreach le soláthar seirbhísí a bhaineann le húsáid bhunúsach an euro dhigitigh. Níor cheart a cheangal ar úsáideoirí den euro digiteach cuntas íocaíochta euro neamhdhigiteach a bheith acu ná a oscailt ná glacadh le táirgí eile sa euro neamhdhigiteach. I gcás ina gcomhaontaíonn úsáideoir an euro dhigitigh le pacáiste seirbhísí ina bhfuil seirbhísí sa euro neamhdhigiteach agus bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach, ba cheart don soláthraí seirbhísí íocaíochta a bheith in ann an pacáiste seirbhísí sin a mhuirearú dá rogha féin. Sa chás sin, níor cheart muirear difreáilte a bheith ann ar sheirbhísí sa euro neamhdhigiteach nuair a dhéantar iad a thairiscint ar leithligh nó mar chuid de phacáiste lena náirítear bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach. I gcás ina niarrann úsáideoir an euro dhigitigh gan ach bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a fháil le soláthraí seirbhísí íocaíochta, níor cheart na muirear a ghearradh ar na seirbhísí sin, lena náirítear as feidhmiúlachtaí cascáide agus aisiompaithe cascáide i gcás ina bhfuil cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach ag an úsáideoir den euro digiteach le soláthraí seirbhísí íocaíochta eile freisin. Níor cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith in ann muirear a ghearradh ar úsáideoirí den euro digiteach as seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach breise sa bhreis ar na bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach.

(41)Ní ghearrann an Banc Ceannais Eorpach ná an Eurochóras muirear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta as na costais a íocann sé chun tacú lena soláthar seirbhísí sa euro digiteach d’úsáideoirí den euro digiteach.

(42)Ós rud é gur cineál den airgeadra aonair é an euro digiteach a bhfuil dlíthairiscint aige, níor cheart idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a bheith faoi réir táillí iomarcacha ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta. Go sonrach, trí dlíthairiscint a dheonú ar an euro digiteach, agus atoradh ar ghlacadh sainordaitheach, ní bheadh aon rogha ag ceannaithe ach glacadh le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach. Ina theannta sin, laghdaíonn aon mhuirear nó táille in aghaidh an idirbhirt nó na tréimhse, go díreach nó go hindíreach, aghaidhluach na níocaíochtaí a fhaightear, ar cuid riachtanach den dlíthairiscint é. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh bonn cirt oibiachtúil le táille nó muirear, mar shrian ar aghaidhluach an euro dhigitigh, agus go mbeadh sé comhréireach leis an gcuspóir maidir le húsáid éifeachtach an euro dhigitigh mar mhodh íocaíochta dlíthairgthe a áirithiú.

(43)Chun a áirithiú go mbeidh táillí agus muirir aonfhoirmeach ar fud an limistéir euro agus go mbeidh siad comhréireach, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar a leibhéal agus, ar an mbonn sin, na méideanna comhfhreagracha a fhoilsiú mar aon le tuarascáil mhíniúcháin. Ba cheart go gceadófaí saoriomaíocht idir idirghabhálaithe atá faoi bhun an leibhéil sin le táille uasta nó le muirear uasta. Ba cheart táillí nó muirir a dhíriú ar na costais ábhartha arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta chun seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar i ndáil le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach, ar gnéithe oibiachtúla iad, agus féadfaidh corrlach réasúnach brabúis a bheith san áireamh leo. Chun na críche sin, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach úsáid a bhaint as meastachán ar an meánchostas ionadaíoch arna thabhú ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar fud an limistéir euro agus, dá bhrí sin, ba cheart dó a bheith in ann sonraí ábhartha a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta. Ba cheart na costais ábhartha a bhaineann le seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar i ndáil le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a bhunú ar na costais arna dtabhú ag grúpa ionadaíoch de na soláthraithe seirbhísí íocaíochta is éifeachtúla in aon bhliain ar leith. Ba cheart d’údaráis inniúla arna nainmniú ag na Ballstáit a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na huastáillí nó na muirir uasta sin.

(44)Ina theannta sin, chun úsáid éifeachtach an euro dhigitigh a áirithiú, tá sé tábhachtach nach mbeidh táillí nó muirir níos airde ná na táillí nó na muirir a iarrtar le haghaidh modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha inchomparáide. Maidir le scéimeanna cártaí idirnáisiúnta a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , scéimeanna cártaí náisiúnta, agus íocaíochtaí meandracha ag an bpointe idirghníomhaíochta arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta, ba cheart a mheas gur modhanna inchomparáide íocaíochtaí iad.

(45)Ós rud é nach mbeadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach in ann táillí a ghearradh ar dhaoine nádúrtha as bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach, d’fhéadfadh sé go mbeadh táille idir sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ag teastáil chun cúiteamh a sholáthar do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin as na costais dáileacháin. Ba cheart go soláthrófaí leis an táille idir-soláthraithe seirbhísí íocaíochta cúiteamh leordhóthanach as costais dáileacháin na soláthraithe seirbhísí íocaíochta dáilte agus fála araon, lena náirítear corrlach réasúnach brabúis.

(46)Dá ndéanfadh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe lasmuigh den limistéar euro an euro digiteach a dháileadh, chuideofaí le húsáid idirnáisiúnta an euro a chothú. Rachadh sé sin chun tairbhe don limistéar euro agus do gheilleagair eile freisin trí íocaíochtaí trasteorann a éascú chun críche trádála nó seoltán, i gcomhréir le clár oibre G20.

(47)D’fhéadfadh tionchar neamh-inmhianaithe a bheith ag dáileadh iomarcach an euro dhigitigh lasmuigh den limistéar euro ar mhéid agus ar chomhdhéanamh chlár comhardaithe comhdhlúite an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta. D’fhéadfadh na tionchair ar cheannasacht airgeadaíochta agus ar chobhsaíocht airgeadais na dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro a bheith éagsúil freisin ag brath ar úsáid an euro dhigitigh lasmuigh den limistéar euro. D’fhéadfadh na tionchair sin a bheith díobhálach i gcás ina dtiocfadh an euro digiteach in ionad an airgeadra áitiúil i líon ard idirbheart intíre. Go sonrach, staid ina mbeadh an euro digiteach ceannasach i mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá aige, rud a thiocfadh in ionad an airgeadra náisiúnta de facto, d’fhéadfadh sé sin cur isteach ar na critéir agus ar an bpróiseas maidir le glacadh an limistéir euro a leagtar amach in Airteagal 140 CFAE. Chun éifeachtaí neamh-inmhianaithe a sheachaint agus chun cosc a chur ar cheannasacht airgeadaíochta agus ar rioscaí cobhsaíochta airgeadais, laistigh agus lasmuigh den limistéar euro araon, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht don Aontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha, agus maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach, socruithe a thabhairt i gcrích le bainc ceannais náisiúnta na mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá acu agus le bainc ceannais náisiúnta tríú tíortha, chun na coinníollacha a shonrú maidir le soláthar rialta seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach d’úsáideoirí den euro digiteach a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe lasmuigh den limistéar euro. Níor cheart go gcumhdódh comhaontuithe agus comhshocruithe den sórt sin cuairteoirí chuig an limistéar euro, ar féidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 31 , i gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar go díreach dóibh.

(48)Ba cheart soláthar seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach d’úsáideoirí den euro digiteach a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá aige a bheith faoi réir socrú roimh ré idir an Banc Ceannais Eorpach agus banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit nach é an euro an tairgeadra atá aige, tar éis iarraidh a fháil ón mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá aige. I gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro.

(49)Ba cheart soláthar seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach d’úsáideoirí den euro digiteach atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tíortha, cé is moite de thríú tíortha nó críocha atá faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas, a bheith faoi réir comhaontú roimh ré idir an tAontas agus an tríú tír sin. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin i gcás Stáit atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó sa Choinbhinsiún lena mbunaítear Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. Ba cheart comhaontú den sórt sin a chomhlánú le comhshocrú idir an Banc Ceannais Eorpach agus banc ceannais náisiúnta an tríú tír. Idirghabhálaithe atá bunaithe sa tír chónaithe nó bhunaíochta chéanna seachas úsáideoirí den euro digiteach agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, féadfaidh siad seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha. Ba cheart d’idirghabhálaithe a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach i dtríú tíortha a bheith faoi réir ceanglais rialála agus mhaoirseachta leordhóthanacha, agus é mar chuspóir acu a áirithiú go ndéanfar an euro digiteach, ar airgead bainc ceannais é, a dháileadh go sábháilte agus go leormhaith, agus nach mbainfear mí-úsáid as. Ba cheart ceanglais rialála agus mhaoirseachta a chinneadh mar chuid de thabhairt i gcrích an chomhaontaithe idirnáisiúnta, bunaithe ar chritéir chomhréireacha, oibiachtúla agus aonfhoirmeacha. Ba cheart comhaontuithe agus comhshocruithe le tríú tíortha ardriosca arna sainaithint de bhun Rialachán [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac— COM/2021/421 final) a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

(50)Soláthar seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach d’úsáideoirí den euro digiteach atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tíortha nó i dtríú críocha, faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas, ba cheart é a rialú le comhaontuithe airgeadaíochta. Idirghabhálaithe atá bunaithe sa tír chónaithe nó bhunaíochta chéanna seachas úsáideoirí den euro digiteach agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, féadfaidh siad seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha nó i gcríocha, faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas.

(51)Ina theannta sin, dá núsáidfí an euro digiteach in íocaíochtaí trasairgeadra, rannchuideofaí le húsáid idirnáisiúnta an euro a chothú. Rachadh sé sin chun tairbhe don limistéar euro agus do gheilleagair eile freisin trí íocaíochtaí trasteorann a éascú chun críche trádála nó seoltán, i gcomhréir le clár oibre G20.

(52)Úsáideoirí den euro digiteach, bíodh siad ina gcónaí nó bunaithe sa limistéar euro nó lasmuigh de, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé d’acmhainn acu íocaíochtaí trasairgeadra a fháil nó a thionscnamh idir an euro digiteach agus airgeadra áitiúil. Sna comhshocruithe arna dtabhairt i gcrích idir an Banc Ceannais Eorpach agus bainc ceannais náisiúnta sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra atá aige agus i dtríú tíortha, ba cheart na coinníollacha a shonrú maidir le rochtain ar chórais íocaíochta idir-inoibritheacha agus le húsáid na gcóras sin chun críche íocaíochtaí trasairgeadra a bhaineann leis an euro digiteach.

(53)Ba cheart comhaontuithe agus comhshocruithe a bhaineann le soláthar seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach nó íocaíochtaí trasairgeadra a bhaineann leis an euro digiteach a thabhairt i gcrích ar bhonn deonach, i dtosaíocht le Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro. Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach comhoibriú le bainc ceannais náisiúnta na mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá acu chun críche íocaíochtaí trasairgeadra a bhaineann leis an euro digiteach.

(54)Le dearadh teicniúil an euro dhigitigh, ba cheart go mbeadh sé inrochtana go forleathan ag an bpobal i gcoitinne agus inúsáidte aige. Ba cheart don dearadh sin, go háirithe, tacú le rochtain ar dhaoine atá eisiata ó thaobh airgeadais de nó ar dhaoine atá i mbaol eisiaimh airgeadais, ar dhaoine faoi mhíchumas trína áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 (an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht), ar dhaoine a bhfuil teorainneacha feidhme acu agus a bhainfeadh tairbhe freisin as inrochtaineacht, nó daoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu agus daoine scothaosta. Chun na críche sin, ba cheart gnéithe úsáide a bheith ag an euro digiteach atá simplí agus éasca le láimhseáil, agus ba cheart go mbeadh rochtain leordhóthanach air trí raon leathan gaireas crua-earraí chun freastal ar riachtanais grúpaí éagsúla den daonra. Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach, beag beann ar na húsáideoirí sin a bhfuil cuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach acu. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag na húsáideoirí sin cuntais íocaíochta sa euro digiteach a bheith acu le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá éagsúil leis na cinn a bhfuil cuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach acu leo.

(55)Ba cheart don euro digiteach tacú le clársceidealú idirbheart íocaíochta coinníollach sa euro digiteach ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta. Níor cheart, áfach, gur ‘airgead in-ríomhchláraithe’ é an euro digiteach, rud a chiallaíonn aonaid nach féidir a úsáid, mar gheall ar choinníollacha caiteachais a shainítear go dlúth, ach amháin chun cineálacha sonracha earraí nó seirbhísí a cheannach, nó atá faoi réir teorainneacha ama nach féidir iad a úsáid ina ndiaidh a thuilleadh. Is éard atá in idirbhearta íocaíochta coinníollacha íocaíochtaí a spreagtar go huathoibríoch le bogearraí bunaithe ar choinníollacha réamhshainithe comhaontaithe. Níor cheart go mbeadh úsáid an euro dhigitigh mar airgead in-ríomhchláraithe ina cuspóir nó ina héifeacht ag íocaíochtaí coinníollacha. D’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta cineálacha éagsúla loighce a fhorbairt chun raon idirbheart íocaíochta coinníollach a thairiscint d’úsáideoirí den euro digiteach, lena náirítear idirbhearta íocaíochta uathoibrithe chun euro digiteach a chur síos nó a tharraingt siar, buanorduithe íocaíochta a spreagann íocaíochtaí uathoibríocha de mhéid sonrach ar dháta sonrach, agus íocaíochtaí idir meaisíní ina gcláraítear na meaisíní sin chun íocaíochtaí a spreagadh go huathoibríoch as a bpáirteanna spártha féin ar iad a ordú, chun leictreachas a mhuirearú agus a íoc ar na coinníollacha margaidh is fabhraí, chun árachas a íoc, agus maidir le táillí léasaithe agus cothabhála ar bhonn úsáide.

(56)Chun úsáid an euro dhigitigh agus soláthar seirbhísí nuálacha a éascú, ba cheart don Eurochóras tacú le soláthar idirbheart íocaíochta coinníollach sa euro digiteach. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfaí tacaíocht a thabhairt do chineálacha áirithe seirbhísí íocaíochta coinníollacha trí bhearta, rialacha agus caighdeáin mhionsonraithe a d’fhéadfadh cabhrú le soláthraithe seirbhísí íocaíochta iarratais idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a oibriú a fhorghníomhódh loighic choinníollach. D’fhéadfaí a áireamh leis sin sraith uirlisí teicniúla amhail comhéadain feidhmchláir. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh an tEurochóras feidhmiúlachtaí breise a chur ar fáil i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh, ar feidhmiúlachtaí iad atá riachtanach chun seirbhísí íocaíochta coinníollacha a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach. D’fhéadfadh sé sin forchoimeádas cistí sa bhonneagar socraíochta a éascú chun roinnt íocaíochtaí coinníollacha a chur i gcrích amach anseo. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta an loighic ghnó le haghaidh idirbhearta íocaíochta coinníollacha sa euro digiteach a oiriúnú i gcomhréir leis na caighdeáin agus na comhéadain feidhmchláir a fhéadfaidh an tEurochóras a ghlacadh chun idirbhearta den sórt sin a éascú.

(57)Le Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí, féadfar idirbhearta digiteacha a éascú trí fhíordheimhniú, sainaithint agus malartú tréithe, lena náirítear ceadúnais agus deimhnithe, a chumasú. Ba cheart do Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí rannchuidiú le rochtain uilíoch éifeachtach ar an euro digiteach agus le húsáid uilíoch éifeachtach an euro sin. Ba cheart do na Ballstáit Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí a eisiúint bunaithe ar chaighdeáin choiteanna agus ar chleachtais choiteanna a leagtar amach sa reachtaíocht cur chun feidhme. Ba cheart coimircí láidre sonracha a bheith ag Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí chun cosaint sonraí agus príobháideachas agus deimhniú slándála ardleibhéil a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na sonraíochtaí teicniúla lena rialaítear Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí sna réitigh tosaigh atá le forbairt ag an mBanc Ceannais Eorpach. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí an idir-inoibritheacht ábhartha a dhéanamh le Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí lena bhféadfaí leas a bhaint as na sochair sin. Bunaithe ar rogha an úsáideora, leis an idir-inoibritheacht le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí, ba cheart an deis a bheith ann dícheall cuí custaiméara a urscaoileadh freisin faoi Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac— COM/2021/421 final). Ina theannta sin, chun eispéireas comhleanúnach custaiméara a bhaint amach, d’fhéadfadh sé go roghnódh idirghabhálaithe a seirbhísí tosaigh sa euro digiteach a chomhtháthú go hiomlán sna sonraíochtaí lena rialaítear Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí.

(58)Ba cheart d’úsáideoirí a bheith in ann, más mian leo, íocaíochtaí leis an euro digiteach a chur ar bord agus a údarú trí Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta glacadh le Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí chun céannachtaí custaiméirí ionchasacha agus aitheantais custaiméirí atá ann cheana a fhíorú, i gcomhréir le Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt — togra le haghaidh Rialachán maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac— COM/2021/421 final). Chun oscailt cuntas sa euro digiteach ar fud an Aontais a éascú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith in ann brath freisin ar fhianuithe cáilithe arna soláthar ag Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí, lena náirítear le haghaidh cianfheidhmíocht díchill chuí do chustaiméirí. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta glacadh le húsáid Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí freisin más mian leis an íocóir an tiachóg a úsáid chun idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a údarú. Ina theannta sin, chun íocaíochtaí gan tadhall as líne in euro digiteach a éascú, ba cheart go bhféadfaí Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí a úsáid chun euro digiteach a stóráil sa ghaireas íocaíochta.

(59)Chun eispéireas úsáideoirí úsáideora comhchuibhithe a éascú, leis na rialacha, na caighdeáin agus na próisis maidir leis an euro digiteach a fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a ghlacadh de bhun a inniúlachtaí féin, ba cheart a áirithiú go mbeidh aon úsáideoir den euro digiteach in ann idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a dhéanamh le haon úsáideoirí den euro digiteach eile ar fud an limistéir euro gan beann ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta lena mbaineann agus ar na seirbhísí tosaigh a úsáidtear. Chun ilroinnt mhargadh íocaíochtaí miondíola na hEorpa a laghdú, agus chun tacú le hiomaíocht, le héifeachtúlacht agus le nuálaíocht sa mhargadh sin, agus le hionstraimí íocaíochta a fhorbairt ar fud an Aontais i gcomhréir le cuspóir straitéis an Choimisiúin maidir le híocaíochtaí miondíola, ba cheart an euro digiteach a bheith comhoiriúnach, a mhéid is féidir, le réitigh íocaíochta dhigiteacha phríobháideacha, ag cur le sineirgí feidhmiúla agus teicniúla. Go háirithe, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach féachaint lena áirithiú go bhfuil an euro digiteach comhoiriúnach le réitigh íocaíochta dhigiteacha phríobháideacha ag an bpointe idirghníomhaíochta, agus le híocaíochtaí duine le duine, áit a bhfuil ilroinnt mhargadh íocaíochtaí miondíola an Aontais mór faoi láthair. D’fhéadfaí tacú leis an gcomhoiriúnacht sin trí chaighdeáin oscailte, rialacha comhchoiteanna agus próisis chomhchoiteanna, agus b’fhéidir trí bhonneagair chomhroinnte, a úsáid. Cé go bhféadfar réitigh atá ann cheana a ghiaráil i gcás ina meastar go bhfuil na réitigh sin iomchuí chun comhoiriúnacht a áirithiú, go háirithe d’fhonn costais fhoriomlána oiriúnaithe a íoslaghdú, leis na réitigh sin atá ann cheana níor cheart go gcruthófaí spleáchais mhíchuí a d’fhéadfadh cosc a chur ar an euro digiteach a oiriúnú do theicneolaíochtaí nua nó a bheadh ar neamhréir leis na gnéithe digiteacha euro. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus gan aon cheart in-fhorfheidhmithe a thabhairt d’oibreoirí margaidh, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach féachaint lena áirithiú go bhfuil an euro digiteach comhoiriúnach le réitigh íocaíochta dhigiteacha phríobháideacha ar bhonn iarrachta agus i gcás ina meastar gurb iomchuí sin.

(60)Chun réiteach díospóidí a éascú, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach tacaíocht theicniúil agus fheidhmiúil a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus d’úsáideoirí den euro digiteach chun díospóidí a réiteach, díospóidí a bhaineann ar a laghad ar bith le díospóidí teicniúla agus calaoise. Áirítear ar dhíospóidí teicniúla, inter alia, cásanna ina bhfuil difríocht idir méid an idirbhirt, i gcás ina bhfuil dúbláil ann, nó i gcás nach bhfuil aon údarú ná réamhbhailíochtú ann. I measc na ndíospóidí calaoise tá, inter alia, cásanna ina ndéantar goid aitheantais, cásanna maidir le calaois aitheantais cheannaí, earraí góchumtha.

(61)Chun rochtain a fháil ar an euro digiteach agus chun é a úsáid mar chuid de sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach, ba cheart seirbhísí tosaigh a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach. Ba cheart an deis a bheith ag na húsáideoirí sin rochtain a fháil ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach agus iad a úsáid trí na seirbhísí tosaigh arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus ag an mBanc Ceannais Eorpach. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith in ann brath ar sheirbhísí tosaigh arna soláthar ag páirtithe leasmhara eile, lena náirítear an Banc Ceannais Eorpach, go háirithe i gcás ina bhfuil an costas a bhaineann le seirbhísí tosaigh a fhorbairt agus a oibriú, lena náirítear feidhmchláir, díréireach. I gcás inar féidir le húsáideoirí den euro digiteach rogha a dhéanamh idir seirbhísí tosaigh éagsúla, ba cheart an cinneadh maidir le seirbhís tosaigh ar leith a roghnú a bheith faoi láimh na núsáideoirí sin ar deireadh agus níor cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ná don Bhanc Ceannais Eorpach é a fhorchur. I ndáil leis sin, ba cheart é a bheith d’acmhainn ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta an deis a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a rochtain agus a úsáid trí na seirbhísí tosaigh arna soláthar ag an mBanc Ceannais Eorpach. Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach agus na soláthraithe seirbhísí íocaíochta bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais chun a áirithiú nach féidir leis an mBanc Ceannais Eorpaigh rochtain a fháil ar chéannacht úsáideoirí aonair den euro digiteach trína réiteach tosaigh.

(62)Ionas nach gcuirfear isteach ar chaidreamh custaiméirí na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ná ar an ról atá acu i ndáileadh an euro dhigitigh, ba cheart na réitigh tosaigh arna soláthar ag an mBanc Ceannais Eorpach a theorannú do sholáthar comhéadain idir úsáideoirí den euro digiteach agus bonneagair íocaíochta na soláthraithe seirbhísí íocaíochta. Go sonrach, ní bheadh caidreamh conarthach ag an Eurochóras le húsáideoirí digiteacha euro fiú dá núsáidfeadh na húsáideoirí sin na seirbhísí tosaigh arna soláthar ag an mBanc Ceannais Eorpach. Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach agus do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais chun a áirithiú nach féidir leis an mBanc Ceannais Eorpaigh rochtain a fháil ar chéannacht úsáideoirí aonair den euro digiteach trína réiteach tosaigh.

(63)Chun eispéireas úsáideora réidh a chumasú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí tosaigh d’úsáideoirí den euro digiteach chun an euro digiteach a rochtain agus a úsáid a bheith cúramach gur féidir le húsáideoirí den euro digiteach rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid go tapa agus go héasca. Go háirithe, ba cheart cuntais íocaíochta sa euro digiteach a lipéadú go soiléir trí úsáid a bhaint as lógó oifigiúil an euro dhigitigh. Ba cheart rochtain a fháil ar chuntais íocaíochta sa euro digiteach trí leathanach amháin de shuíomh gréasáin an idirlín nó trí fheidhmchlár, nó trí aon seirbhís tosaigh eile, ar bhonn cothrom le cuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach.

(64)Chun foráil a dhéanamh maidir le socraíocht mheandarach, idirbhearta sa euro digiteach ar líne agus as líne araon, lena náirítear i gcomhthéacs maoinithe agus díchistithe, agus mar chascáid agus feidhmiúlachtaí aisiompaithe cascáide, ba cheart iad a shocrú láithreach, i gcúpla soicind, i ngnáthchúinsí. Ba cheart socraíocht maidir le hidirbheart íocaíochta sa euro digiteach ar líne a dhéanamh i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh arna ghlacadh ag an Eurochóras. Ba cheart idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a shocrú laistigh de cúpla soicind mar a shonraítear faoi na ceanglais fheidhmiúla agus theicniúla arna nglacadh ag an mBanc Ceannais Eorpach. Ba cheart socraíocht chríochnaitheach ar idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a bhaint amach tráth a thaifeadtar an euro digiteach lena mbaineann an tíocóir agus an tíocaí i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh arna fhormheas ag an mBanc Ceannais Eorpach, gan beann ar an euro digiteach a thaifeadadh mar iarmhéideanna sealúchais nó mar aonaid luacha, nó ar an teicneolaíocht a úsáidtear. Ba cheart go bhféachfadh bonneagar socraíochta an euro dhigitigh le hoiriúnú do theicneolaíochtaí nua a áirithiú, lena náirítear teicneolaíocht mórleabhar dáilte.

(65)Toisc nach bhfuil nascacht líonra ann, ba cheart socraíocht íocaíochtaí gan tadhall as líne in euro digiteach a dhéanamh i stóráil áitiúil na níocóirí agus na níocaithe faoi seach. Ba cheart idirbhearta íocaíochta gan tadhall in euro digiteach as líne a shocrú laistigh de cúpla soicind mar a shonraítear faoi na ceanglais fheidhmiúla agus theicniúla arna nglacadh ag an mBanc Ceannais Eorpach. Ba cheart socraíocht chríochnaitheach a dhéanamh tráth a nuashonraítear taifid na sealúchas ábhartha sa euro digiteach i ngairis stórála áitiúla an íocóra agus an íocaí, faoi seach, gan beann ar an euro digiteach a thaifeadadh mar iarmhéideanna sealúchais nó mar aonaid luacha, nó ar an teicneolaíocht a úsáidtear.

(66)Ós rud é bhfuil soláthraithe seirbhísí íocaíochta ina bpáirtithe in idirbheart íocaíochta sa euro digiteach idir dhá úsáideoir den euro digiteach, níl rioscaí sistéamacha ag baint le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach agus, dá bhrí sin, nach gá iad a ainmniú mar chóras mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . . Ba cheart idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a shocrú laistigh de shoicindí agus, dá bhrí sin, níor cheart aon rogha maidir le glanluacháil a cheadú.

(67)Ar chúiseanna a bhaineann le saoirse chonarthach agus chun iomaíocht a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag úsáideoirí den euro digiteach a gcuntais íocaíochta sa euro digiteach a aistriú chuig soláthraithe seirbhísí íocaíochta éagsúla. Arna iarraidh sin d’úsáideoirí an euro dhigitigh, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a chumasú ansin na cuntais íocaíochta sa euro digiteach a mhalartú, agus na haitheantóirí cuntais céanna á gcoinneáil acu ag an am céanna. In imthosca eisceachtúla nuair nach bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta in ann an cúram sin a chomhlíonadh, lena náirítear de dheasca na sonraí ábhartha a bhaineann le cuntas íocaíochta sa euro digiteach a bheith caillte aige, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach a bheith in ann malartú cuntas íocaíochta sa euro digiteach a údarú ionas gur féidir leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta nua arna ainmniú ag an úsáideoir den euro digiteach an fhaisnéis faoi shealúchais sa euro digiteach an úsáideora den euro digiteach a aisghabháil agus an tathrú a chur i gcrích gan brath ar an soláthraí seirbhísí íocaíochta nach bhfuil ar fáil. Leis an bpróiseas sin, ba cheart an túsáideoir den euro digiteach a bheith in ann leanúint de rochtain a fháil ar a shealúchais sa euro digiteach tríd an soláthraí seirbhíse íocaíochta ainmnithe nua. Ní bheadh aon ról oibríochtúil ag an mBanc Ceannais Eorpach sa mhalartú ar chuntas i gcásanna gnóthais leantaigh agus in imthosca eisceachtúla araon.

(68)Tá sé fíor-riachtanach go gcoiscfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta calaois chun saoránaigh a bhaineann úsáid as an euro digiteach a chosaint, chun sláine na sonraí pearsanta a phróiseáiltear in íocaíochtaí sa euro digiteach a chosaint, agus chun feidhmiú rianúil agus éifeachtúil an euro dhigitigh a áirithiú. Tá ról fíor-riachtanach ag cosc na calaoise chun muinín a chothú san airgeadra aonair. Chun na críche sin, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach sásra ginearálta chun calaois a bhrath agus a chosc calaoise a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí bainistithe calaoise arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta maidir le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne. Le sásra ginearálta chun calaois a bhrath agus a chosc, soláthraítear raon feidhmeanna fíor-riachtanacha chun patrúin calaoise a bhrath nach bhféadfadh soláthraí seirbhísí íocaíochta aonair a bhrath as a stuaim féin. Is minic nach mbíonn léargas iomlán ag soláthraí seirbhísí íocaíochta amháin ar na gnéithe lena bhféadfaí calaois a bhrath go tráthúil. Mar sin féin, is féidir é a dhéanamh níos éifeachtaí le faisnéis faoi ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith calaoiseach a eascraíonn ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta eile. Is ann don fheidhm ghinearálta sin um chalaois a bhrath i scéimeanna íocaíochta inchomparáide agus tá sí riachtanach chun rátaí calaoise ar léir a bheith íseal a bhaint amach d’fhonn an euro digiteach a choinneáil slán do thomhaltóirí agus do cheannaithe araon. Ba cheart aistriú faisnéise idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus an sásra chun calaois a bhrath agus a chosc a bheith faoi réir bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais chun a áirithiú nach naithneofar úsáideoirí aonair den euro digiteach sa sásra lárnach chun calaois a bhrath agus a chosc.

(69)Chun íocaíochtaí sa euro digiteach a phróiseáil ar líne nó as líne, tá sé fíor-riachtanach go bhfaighidh soláthraithe seirbhísí tosaigh don euro digiteach agus eisitheoirí Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí rochtain ar theicneolaíocht cumarsáide neasréimse (NFC) ar ghairis mhóibíleacha. Áirítear go háirithe ach ní go heisiach ar na comhpháirteanna sin aeróga cumarsáide neasréimse agus na heilimintí slána, mar a thugtar orthu, de ghairis mhóibíleacha (e.g.: Cárta Cliste Uilíoch (UICC), SE leabaithe (eSE), agus microSD etc. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú nach ndiúltódh déantúsóirí buntrealaimh gairis mhóibíleacha nó soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain ar aeróga cumarsáide neasréimse ná ar na gnéithe slándála aon uair is gá chun seirbhísí digiteacha euro a sholáthar. Ba cheart rochtain fhorleathan ar airgead bainc ceannais le dlíthairiscint a bheith ann. Chun an méid sin a áirithiú sa gheilleagar digiteach freisin, beidh soláthraithe seirbhísí tosaigh le haghaidh an euro dhigitigh agus oibreoirí Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí i dteideal bogearraí a stóráil ar chrua-earraí gairis móibíleacha ábhartha chun idirbhearta le euro digiteach a dhéanamh indéanta go teicniúil ar líne agus as líne araon. Chun na críche sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar dhéantúsóirí buntrealaimh gairis mhóibíleacha agus ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain a sholáthar ar théarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar na comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí uile a theastaíonn le haghaidh idirbhearta sa euro digiteach ar líne agus as líne. I ngach cás, bheadh sé d’oibleagáid ar na hoibreoirí sin acmhainneacht leordhóthanach a chur ar fáil maidir le gnéithe ábhartha crua-earraí agus bogearraí i ngairis mhóibíleacha chun idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a phróiseáil agus chun euro digiteach a stóráil ar ghairis mhóibíleacha le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne. Ba cheart an oibleagáid sin a bheith gan dochar d’Airteagal 6, mír (7), de Rialachán (AE) 2022/1925, lena gcuirtear d’oibleagáid ar mhaoir gheata idir-inoibritheacht éifeachtach agus rochtain a sholáthar, saor in aisce, leis an gcóras oibriúcháin, leis na gnéithe crua-earraí nó bogearraí de ghairis mhóibíleacha chun críocha idir-inoibritheachta, is infheidhme maidir le modhanna íocaíochtaí digiteacha atá ann cheana agus modhanna digiteacha nua, lena náirítear an euro digiteach.

(70)Is cearta bunúsacha iad na cearta chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Mar a chuir an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí 34 i dtábhacht go láidir, tá ardchaighdeán príobháideachais agus cosanta sonraí ríthábhachtach chun muinín mhuintir na hEorpa as an euro digiteach a bheidh ann amach anseo a áirithiú. Tá sé sin i gcomhréir freisin le Prionsabail Beartais Phoiblí G7 le haghaidh Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais Miondíola. Dhéanfaí próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh comhlíonadh agus i gcomhthéacs an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 35 agus Rialachán (AE) 2018/1715 36 , chomh maith le Treoir 2002/58/CE 37 i gcás inarb infheidhme.

(71)Dá bhrí sin, ba cheart an euro digiteach a cheapadh sa chaoi go laghdófar a oiread is féidir an phróiseáil a dhéanann soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus an Banc Ceannais Eorpach ar shonraí pearsanta go dtí an méid is gá chun feidhmiú cuí an euro dhigitigh a áirithiú. Ba cheart an euro digiteach a bheith ar fáil as líne, le leibhéal príobháideachais i leith soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá inchomparáide le haistarraingtí nótaí bainc ag uathmheaisíní bainc. Ba cheart socraíocht idirbheart sa euro digiteach a cheapadh ar bhealach nach féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach ná leis na bainc ceannais náisiúnta sonraí a shannadh d’úsáideoir den euro digiteach aitheanta nó inaitheanta.

(72)Chomh maith leis sin, ba cheart cosaint sonraí trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a leabú sna córais próiseála sonraí pearsanta go léir a fhorbraítear agus a úsáidtear faoi chuimsiú an Rialacháin seo. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta a bheith faoi réir coimircí iomchuí chun cearta agus saoirsí an duine is ábhar do na sonraí a chosaint. Ba cheart a áirithiú leis na coimircí sin go bhfuil bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm go háirithe chun a áirithiú go nurramófar na prionsabail cosanta sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1715, lena náirítear íoslaghdú sonraí agus teorannú de réir cuspóra.

(73)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith in ann sonraí pearsanta a phróiseáil a mhéid is gá chun cúraimí atá riachtanach d’fheidhmiú cuí an euro dhigitigh a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí próiseála dleathach a mhéid a bhaineann leis an euro digiteach má tá siad riachtanach agus a mhéid atá siad riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, is cúraimí ar mhaithe le leas an phobail iad próiseáil sonraí pearsanta chun críocha teorainneacha sealúchais a fhorfheidhmiú, cistiú agus díchistiú gabháltas úsáideora a thionscnamh agus bainistiú a dhéanamh ar ghairis stórála áitiúla le haghaidh íocaíochtaí sa euro digiteach as líne, ar cúraimí iad atá fíor-riachtanach chun cosaint a thabhairt do shaoránaigh a úsáideann an euro digiteach agus do chobhsaíocht agus sláine chóras airgeadais an Aontais. Is iad soláthraithe seirbhísí íocaíochta a bheidh ina rialaitheoirí sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann leis na cúraimí sin. Ina theannta sin, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta sonraí pearsanta a phróiseáil chun cúraimí atá ann cheana a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail nó chun oibleagáid dhlíthiúil arna bunú i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm aici maidir le cistí a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/2366 a chomhlíonadh. Tá feidhm ag na cúraimí sin maidir le seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus calaois a chosc agus a bhrath i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, oibleagáidí a bhaineann le cánachas agus seachaint cánach a chomhlíonadh, agus rioscaí oibríochtúla agus slándála a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/255.

(74)Aon phróiseáil sonraí pearsanta chun a fhíorú an daoine liostaithe nó eintitis liostaithe iad úsáideoirí de bhun bearta sriantacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE, ba cheart í a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá próiseáil ainmneacha agus aitheantóirí cuntas íocaíochta daoine nádúrtha comhréireach agus riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta sriantacha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE lena ndéantar foráil do reo sócmhainní nó toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil.

(75)Is éard atá in idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne íocaíochtaí a tharlaíonn i ndlúthghaireacht fhisiceach (‘duine le duine’). Tá cosúlachtaí idir iad agus idirbhearta airgid thirim agus ba cheart déileáil leo ar an mbealach céanna ó thaobh príobháideachais de. Dá bhrí sin, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta sonraí pearsanta a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne a phróiseáil, ach níor cheart dóibh ach sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaineann le euro digiteach a thaisceadh nó a aistarraingt ó chuntais íocaíochta sa euro digiteach chun iad a luchtú ar na gairis stórála áitiúla, nó ó na gairis stórála áitiúla isteach sna cuntais íocaíochta sa euro digiteach. Áirítear leis sin aitheantóir na ngaireas stórála áitiúil a shannann soláthraithe seirbhísí íocaíochta d’úsáideoir den euro digiteach a shealbhaíonn an euro digiteach as líne. Ba cheart an leibhéal príobháideachais sin a bheith inchomparáide le haistarraingtí nótaí bainc ag uathmheaisíní bainc nuair a dhéanann soláthraithe seirbhísí íocaíochta sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaineann le céannacht úsáideora agus sonraí a bhaineann leis an gcaoi a ndearnadh idirbhearta cistithe agus díchistithe. Ciallaíonn sé sin nár cheart aon fhaireachán a dhéanamh ar shonraí idirbhirt le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne.

(76)Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus na bainc ceannais náisiúnta sonraí pearsanta a phróiseáil a mhéid is gá chun cúraimí atá riachtanach d’fheidhmiú cuí an euro dhigitigh a chomhlíonadh. Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, is cúraimí ar mhaithe le leas an phobail iad próiseáil sonraí pearsanta chun críocha idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a shocrú agus chun críocha slándála agus sláine bhonneagar an euro dhigitigh, ar cúraimí iad atá fíor-riachtanach chun cosaint a thabhairt do shaoránaigh a úsáideann an euro digiteach agus do chobhsaíocht agus sláine chóras airgeadais an Aontais. Áirítear ar an gcúram slándáil agus sláine an bhonneagair dhigitigh euro a chothabháil gníomhaíochtaí a bhaineann le cobhsaíocht agus athléimneacht oibríochtúil an euro dhigitigh a áirithiú. Is iad an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc ceannais náisiúnta a bheidh ina rialaitheoirí sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann leis na cúraimí sin. Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc ceannais náisiúnta sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh na gcúraimí sin trí úsáid a bhaint as bearta úrscothacha slándála agus caomhnaithe príobháideachais, amhail bréagainmniú nó criptiú, chun a áirithiú nach féidir sonraí a úsáid chun úsáideoir sonrach den euro digiteach a shainaithint go díreach.

(77)Chun na teorainneacha sealúchais a fhorfheidhmiú agus chun a áirithiú go ndéanfar cuntais íocaíochta sa euro digiteach a mhalartú go heisceachtúil i gcásanna éigeandála arna iarraidh sin don úsáideoir den euro digiteach, tá gá le pointe rochtana aonair d’aitheantóirí úsáideora den euro digiteach agus leis na teorainneacha gaolmhara maidir le sealbhú an euro dhigitigh chun feidhmiú éifeachtúil an euro dhigitigh a áirithiú ar fud an limistéir euro ar fad, toisc go bhféadfadh cuntais sa euro digiteach a bheith ag úsáideoirí den euro digiteach i mBallstáit éagsúla. Agus an pointe rochtana aonair á bhunú, ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach agus do na bainc ceannais náisiúnta a áirithiú go níoslaghdófar próiseáil sonraí pearsanta chuig an méid atá fíor-riachtanach agus go bhfuil cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú leabaithe. Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach agus do na bainc ceannais náisiúnta breithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí agus chun an riosca a bhaineann le sáruithe ar shonraí a íoslaghdú, ar stóráil dhíláraithe sonraí a úsáid.

(78)Lena phacáiste maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 21 Iúil 2021 38 , (‘pacáiste AML’), tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na rialacha i gcoinne sciúradh airgid (‘AML’) a neartú go mór ar fud an Aontais. I gcomhréir leis an gcuspóir sin agus chun cur i bhfeidhm éifeachtach cheanglais AML/CFT a áirithiú maidir leis an euro digiteach, ba cheart a fhoráil leis an Rialachán seo go mbeidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne faoi réir cheanglais AML/CFT, ceanglais a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849.

(79)Chun glacadh forleathan an euro dhigitigh a éascú, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh úsáideoirí ionchasacha den euro digiteach in ann rochtain éasca a fháil ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar bhealach comhchuibhithe ar fud an limistéir euro. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan aon dochar don chur chuige riosca atá mar bhonn agus mar thaca ag an bpacáiste AML, d’údarás sciúrtha airgid an Aontais (‘ÚFA’) aghaidh a thabhairt ar oscailt cuntas íocaíochta sa euro digiteach ina Chaighdeáin Theicniúla Rialála maidir le dícheall cuí custaiméara. I gcás idirbhearta nó caidrimh ghnó a mbaineann riosca íseal leo, ba cheart do ÚFA bearta díchill chuí simplithe ábhartha a shainaithint ar cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta iad a chur i bhfeidhm. Ba cheart do ÚFA tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt na gCaighdeán Teicniúil Rialála sin.

(80)I gcodarsnacht le hidirbhearta íocaíochta digiteacha euro as líne, níl idirbhearta íocaíochta in euro digiteacha ar líne teoranta d’idirbhearta gaireachta fhisiceacha, agus is féidir iad a úsáid chun cistí a aistriú go cianda idir úsáideoirí digiteacha euro. Maidir le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí rioscaí AML/CFT le hairgeadraí digiteacha bainc ceannais ná mar a bheadh i gceist le hairgead tirim toisc go mbeidís ag gníomhú mar ionstraim a mbeadh a leachtacht cosúil le leachtacht airgid thirim ach gan na teorainneacha ar inaistritheacht atá intuigthe in airgead tirim. Ba cheart a leagan síos, dá bhrí sin, go mbeidh idirbheart íocaíochta sa euro digiteach ar líne faoi réir Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 .

(81)Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas dlíthairgthe a áirithiú agus chun coinneáil bord ar bhord le forbairtí teicneolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le heisceachtaí breise ar ghlacadh éigeantach agus cineálacha sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag an mbanc ceannais náisiúnta agus ag soláthraithe seirbhísí tacaíochta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí.

(82)Cé go bhfuil cosúlachtaí idir idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne agus idirbhearta airgid thirim agus gur cheart déileáil leo ar bhealach comhchosúil ó thaobh sealúchais a bhaineann go sonrach le príobháideachas agus teorainneacha idirbhirt le haghaidh íocaíochtaí gaireachta as líne, tá siad fíor-riachtanach chun rioscaí AML/CFT a mhaolú,

(83)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm teorainneacha sealúchais agus idirbheart le haghaidh íocaíochtaí gaireachta as líne, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 . Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear idirbhearta agus teorainneacha sealúchais maidir leis an euro dhigitigh as líne, ós rud é go rannchuidíonn na gníomhartha sin leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

(84)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos maidir lena dhlíthairiscint, a dháileadh, a úsáid agus a ghnéithe riachtanacha go háirithe, chun an bunchuspóir a bhaint amach, is é sin a áirithiú go núsáidfear an euro mar airgeadra aonair i ngeilleagar digitithe,. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(85)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 agus thug siad tuairim chomhpháirteach an [XX XX 2023].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1
Ábhar

D’fhonn an euro a oiriúnú d’athruithe teicneolaíocha agus d’fhonn a úsáid mar airgeadra aonair a áirithiú, bunaítear leis an Rialachán seo an euro digiteach agus leagtar síos ann rialacha maidir lena dhlíthairiscint, a dháileadh, a úsáid agus a ghnéithe teicniúla fíor-riachtanacha go háirithe.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn ‘euro digiteach’ foirm dhigiteach an airgeadra aonair atá ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha;

2.ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 ;

3.ciallaíonn ‘idirbheart íocaíochta sa euro digiteach’ gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó thar a cheann nó ag an íocaí, lena gcuirtear, lena naistrítear nó lena naistarraingítear euro digiteach, beag beann ar aon bhunoibleagáid idir an tíocóir agus an tíocaí;

4.ciallaíonn ‘úsáideoir den euro digiteach’ aon duine a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta sa euro digiteach mar íocóir, mar íocaí, nó sa dá cháil sin;

5.ciallaíonn ‘cuntas íocaíochta sa euro digiteach’ cuntas atá ag úsáideoir amháin nó níos mó den euro digiteach le soláthraí seirbhísí íocaíochta chun rochtain a fháil ar an euro digiteach arna thaifeadadh i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh nó i ngaireas euro dhigitigh as líne agus chun idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a thionscnamh nó a fháil, bíodh sin as líne nó ar líne, agus gan beann ar struchtúr teicneolaíochta agus sonraí;

6.Ciallaíonn ‘Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí’ na tiachóga a leagtar amach in Airteagal 6ú de Rialachán (EUDIWR) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí – COM(2021) 281 final];

7.ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí íocaíochta’ soláthraí seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir 2015/2366;

8.ciallaíonn ‘seirbhís íocaíochta sa euro digiteach’ aon cheann de na gníomhaíochtaí gnó a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

9.ciallaíonn ‘íocóir’ aon duine a bhfuil cuntas íocaíochta sa euro digiteach aige agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sa euro digiteach sin;

10.ciallaíonn ‘íocaí’ aon duine a bheartaítear mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta sa euro digiteach;

11.ciallaíonn ‘cistiú’ an próiseas trína bhfaigheann úsáideoir den euro digiteach euro digiteach mar mhalairt ar airgead tirim nó ar chistí eile, lena gcruthaítear dliteanas díreach ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar bhanc ceannais náisiúnta i leith an úsáideora den euro digiteach sin;

12.ciallaíonn ‘díchistiú’ an próiseas trína ndéanann úsáideoir den euro digiteach euro digiteach a mhalartú le hairgead tirim nó le cistí eile;  

13.ciallaíonn ‘banc ceannais náisiúnta’ banc ceannais náisiúnta Ballstáit arb é an euro an tairgeadra atá aige;

14.ciallaíonn ‘idirbheart íocaíochta sa euro digiteach ar líne’ idirbheart íocaíochta sa euro digiteach ina ndéantar an tsocraíocht i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh;

15.ciallaíonn ‘idirbheart íocaíochta sa euro digiteach as líne’ idirbheart íocaíochta sa euro digiteach a dhéantar i ngaireacht fhisiceach, i gcás ina ndéantar an túdarú agus an socrú i ngairis stórála áitiúla an íocóra agus an íocaí araon;

16.ciallaíonn ‘cónaí’ an áit ar a bhfuil cónaí dlíthiúil san Aontas ag duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 ;

17.ciallaíonn ‘idirbheart coinníollach íocaíochta sa euro digiteach’ idirbheart íocaíochta sa euro digiteach a dtugtar treoir ina leith go huathoibríoch ar chomhlíonadh coinníollacha réamhshainithe arna gcomhaontú ag an íocóir agus ag an íocaí;

18.ciallaíonn ‘airgead in-ríomhchláraithe’ aonaid airgid dhigitigh a bhfuil loighic intreach acu lena gcuirtear teorainn le hidirmhalartacht iomlán gach aonaid;

19.ciallaíonn ‘bonneagar socraíochta an euro dhigitigh’ bonneagar socraíochta an euro dhigitigh arna ghlacadh ag an Eurochóras;

20.ciallaíonn ‘seirbhís tosaigh’ na heilimintí uile is gá chun seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach a idirghníomhaíonn trí chomhéadain shainithe le réitigh chúil agus le seirbhísí tosaigh eile;

21.ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach ball den Aontas Eorpach í;

22.ciallaíonn ‘cuairteoir’ duine nádúrtha nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air i mBallstát arb é an euro an tairgeadra atá aige, agus atá ag taisteal chuig ceann de na Ballstáit sin agus ag fanacht ann, lena náirítear chun críoch turasóireachta, gnó nó oideachais agus oiliúna;

23.Ciallaíonn ‘Ballstát nach é an euro an tairgeadra atá aige’ Ballstát nach bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle ina leith an gcomhlíonann sé na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 140 CFAE;

24.ciallaíonn ‘muirear seirbhíse ar an gceannaí’ táille a íocann an tíocaí le soláthraí seirbhísí íocaíochta agus idirbheart íocaíochta sa euro digiteach á fháil aige;

25.ciallaíonn ‘íocaíocht inchomparáide trí mhodhanna digiteacha’ íocaíocht trí mhodhanna digiteacha, lena náirítear íocaíocht le cárta dochair agus íocaíocht mheandrach ag an bpointe idirghníomhaíochta cé is moite d’aistriú creidmheasa agus dochar díreach nach dtionscnaítear ag an bpointe idirghníomhaíochta;

26.ciallaíonn ‘aistriú’, arna iarraidh sin d’úsáideoir den euro digiteach, an fhaisnéis faoi gach seirbhís íocaíochta sa euro digiteach nó faoi chuid de na seirbhísí sin, lena náirítear íocaíochtaí athfhillteacha, a dhéantar ar chuntas íocaíochta sa euro digiteach, a aistriú ó chuntas íocaíochta sa euro digiteach go chéile, nó na sealúchais euro dhigitigh a aistriú ó chuntas íocaíochta sa euro digiteach go chéile, nó iad araon, agus an chéad chuntas íocaíochta sa euro digiteach a dhúnadh nó a fhágáil ar oscailt, agus an tráth céanna, an taitheantóir cuntais céanna á choinneáil;

27.ciallaíonn ‘aitheantóir úsáideora’ aitheantóir uathúil arna chruthú ag soláthraí seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach a dhéanann idirdhealú go soiléir, chun críocha an euro dhigitigh ar líne, idir úsáideoirí den euro digiteach ach nach bhfuil inchurtha i leith duine nádúrtha nó dlítheanach inaitheanta ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta;

28.ciallaíonn ‘ailias úsáideora’ aitheantóir uathúil bréagainmnithe a úsáidtear chun céannacht úsáideora a chosaint agus íocaíochtaí sa euro digiteach á bpróiseáil nach féidir ach an soláthraí seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach nó an túsáideoir den euro digiteach a chur i leith duine nádúrtha nó dlítheanach inaitheanta;

29.ciallaíonn ‘fíordheimhniú úsáideora’ píosa uathúil faisnéise arna chruthú ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach lenar féidir, i dteannta an aitheantóra úsáideora, le húsáideoir den euro digiteach a chruthú gur leis na sealúchais sa euro digiteach ar líne arna dtaifeadadh i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh;

30.ciallaíonn ‘soláthraithe seirbhísí tacaíochta’ eintiteas amháin nó níos mó, arna cheapadh nó arna gceapadh ag an mBanc Ceannais Eorpach, a sholáthraíonn seirbhísí do gach soláthraí seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach arb é is aidhm dóibh feidhmiú rianúil idirbheart íocaíochta sa euro digiteach a éascú;

31.ciallaíonn ‘gaireas móibíleach’ gaireas a chuireann é ar a gcumas d’úsáideoirí den euro digiteach idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a údarú ar líne nó as líne, lena náirítear go háirithe fóin chliste, táibléid, uaireadóirí cliste agus gach cineál gairis inchaite.

CAIBIDIL II
AN EURO DIGITEACH A BHUNÚ AGUS A EISIÚINT

Airteagal 3
An euro digiteach a bhunú

Bunaítear leis seo an euro digiteach mar fhoirm dhigiteach an airgeadra aonair.

Airteagal 4
An euro digiteach a eisiúint

1.I gcomhréir leis na Conarthaí, beidh an ceart eisiach ag an mBanc Ceannais Eorpach eisiúint an euro dhigitigh a údarú, agus féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta an euro digiteach a eisiúint.

2.Beidh an euro digiteach ina dhliteanas díreach ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar bhainc cheannais náisiúnta i leith úsáideoirí den euro digiteach.

Airteagal 5
An dlí is infheidhme

1.Rialófar an euro digiteach le forálacha an Rialacháin seo, arna bhforlíonadh leis na gníomhartha tarmligthe a dtugtar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh de bhun Airteagail 11, 33, 34, 35 agus 38, agus leis na gníomhartha cur chun feidhme a dtugtar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh de bhun Airteagal 37.

2.Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, rialófar an euro digiteach freisin leis na bearta, rialacha agus caighdeáin mhionsonraithe a fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a ghlacadh de bhun a chuid inniúlachtaí féin. I gcás ina mbeidh tionchar ag na bearta, rialacha agus caighdeáin mhionsonraithe sin ar chosaint chearta agus shaoirse na ndaoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rachaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí sula nglacfar iad.

3.I gcomhréir le hAirteagal 4(25) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, arna ionadú ag Treoir (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa mhargadh inmheánach - COM/2023/366 final] agus Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach - COM/2023/367 final] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XX XX 2023, beidh feidhm ag forálacha na Treorach sin maidir le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach.

4.I gcomhréir le hAirteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas, arna leasú le Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le soláthar seirbhísí sa euro digiteach ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá corpraithe i mBallstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu - COM/2023/368 final], beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin sin maidir le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach.

5.Gan dochar d’Airteagal 37 den Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí maidir le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach.

Airteagal 6
Údaráis inniúla

1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun comhlíonadh Chaibidil III agus Airteagal 17 ina gcríoch féin a áirithiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin, agus léireoidh siad aon roinnt feidhmeanna nó dualgas.

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Chaibidil III agus ar Airteagal 17 a leagan síos agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme, lena n‑áirítear cumhacht na n‑údarás inniúil rochtain a fháil ar na sonraí is gá. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.Le Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, arna hionadú ag Treoir (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa mhargadh inmheánach - COM/2023/366 final], rialófar an mhaoirseacht a dhéanfaidh údaráis inniúla, an córas smachtbhannaí agus na socruithe maoirseachta idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach, maidir le Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta a bheith ag comhlíonadh a noibleagáidí de bhun Chaibidlí IV, V, VI agus VII den Rialachán seo.

3.Le Treoir (AE) 2015/849, arna hionadú ag Treoir (AE) [cuir isteach tagairt ina hionad – togra le haghaidh Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/423 final], rialófar an mhaoirseacht a dhéanfaidh údaráis inniúla, an córas smachtbhannaí agus na socruithe maoirseachta idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach, maidir le gníomhaíochtaí Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta i ndáil leis an euro digiteach chun a áirithiú go gcomhlíonfar Caibidil IX de Rialachán (AE) Uimh. [x] maidir leis an euro digiteach a bhunú. 

4.Chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Chaibidlí IV, V agus VII den Rialachán seo, rachaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta leordhóthanacha i bhfeidhm chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail faoi infhaighteacht agus gnéithe an euro dhigitigh agus faoi dheiseanna rochtain a fháil ar an euro digiteach.

CAIBIDIL III
AIRGEAD DLÍTHAIRGTHE

Airteagal 7
Dlíthairiscint

1.Dlíthairiscint a bheidh sa euro digiteach.

2.Is éard a bheidh i gceist le dlíthairiscint an euro dhigitigh go mbeidh sé sainordaitheach glacadh lena aghaidhluach iomlán, leis an gcumhacht urscaoileadh ó oibleagáid íocaíochta.

3.I gcomhréir le glacadh sainordaitheach an euro dhigitigh, ní dhiúltóidh an tíocaí don euro digiteach a thairgfear mar íocaíocht chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh.

4.I gcomhréir le glacadh le haghaidhluach iomlán an euro dhigitigh, beidh luach airgeadúil an euro dhigitigh a thairgfear mar íocaíocht féich comhionann le luach an fhéich airgeadaíochta. Toirmiscfear formhuirir ar fhiachas a íoc leis an euro digiteach.

5.I gcomhréir le cumhacht an euro dhigitigh urscaoileadh ó oibleagáid íocaíochta, beidh íocóir in ann é féin a urscaoileadh ó oibleagáid íocaíochta trí euro digiteach a thairiscint don íocaí.

Airteagal 8
Raon feidhme críochach na dlíthairisceana

1.Dlíthairiscint a bheidh sa euro digiteach i gcás íocaíochtaí as líne féich airgeadaíochta arna ainmniú in euro a tharlaíonn laistigh den limistéar euro.

2.Dlíthairiscint a bheidh sa euro digiteach i gcás íocaíochtaí ar líne féich airgeadaíochta arna ainmniú in euro le híocaí atá ina chónaí nó bunaithe sa limistéar euro.

Airteagal 9
Eisceachtaí ar an oibleagáid glacadh leis an euro digiteach

De mhaolú ar Airteagal 7(3) agus Airteagal 8, beidh íocaí i dteideal diúltú don euro digiteach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inar fiontar é an tíocaí a fhostaíonn níos lú ná deichniúr nó nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil nó iomlán a chláir chomhardaithe bhliantúil, nó más eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach é mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , mura nglacann sé le híocaíocht inchomparáide trí mhodhanna digiteacha;

(b)i gcás ina ndéanfar diúltú de mheon macánta agus i gcás ina mbeidh an diúltú sin bunaithe ar fhoras dlisteanach sealadach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta i bhfianaise imthosca nithiúla nach bhfuil neart ag an íocaí orthu;

(c)i gcás inar duine nádúrtha é an tíocaí agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)i gcás inar chomhaontaigh an tíocaí leis an íocóir, roimh an íocaíocht, ar mhodh íocaíochta éagsúil, faoi réir Airteagal 10.

Chun críocha phointe (b), is ar an íocaí a bheidh an dualgas cruthúnais a shuíomh gurbh ann d’fhoras dlisteanach sealadach i gcás ar leith agus go raibh an diúltú comhréireach.

Airteagal 10
Toirmeasc ar eisiamh aontaobhach íocaíochtaí sa euro digiteach

Ní úsáidfidh íocaithe atá faoi réir na hoibleagáide glacadh leis an euro digiteach téarmaí conarthacha nár caibidlíodh ar bhonn indibhidiúil ná cleachtais tráchtála arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh go úsáid an euro dhigitigh ag íocóirí fiacha airgeadaíochta atá ainmnithe in euro a eisiamh. Ní bheidh téarmaí conarthacha ná cleachtais tráchtála den sórt sin ina gceangal ar an íocóir. Measfar nár caibidlíodh téarma conarthach ar bhonn indibhidiúil i gcás inar dréachtaíodh é roimh ré agus i gcás, dá bhrí sin, nach raibh an t‑íocóir in ann tionchar a imirt ar shubstaint an téarma, go háirithe i gcomhthéacs conartha chaighdeánaigh réamhcheaptha.

Airteagal 11
Eisceachtaí breise de chineál dlí airgeadaíochta

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eisceachtaí breise de chineál dlí airgeadaíochta ar phrionsabal an ghlactha shainordaithigh a shainaithint. Tabharfar údar leis na heisceachtaí sin le cuspóir atá ar mhaithe an leasa phoiblí agus atá comhréireach leis an aidhm sin, ní dhéanfaidh siad dochar d’éifeachtacht dhlíthairiscint an euro dhigitigh, agus ní cheadófar iad ach amháin ar choinníoll go bhfuil modhanna eile ar fáil chun fiacha airgeadaíochta a íoc. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n‑ullmhú ag an gCoimisiún, rachaidh sé i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal 12
Idirghníomhaíocht idir an euro digiteach agus nótaí bainc agus monaí euro

1.Beidh an euro digiteach in-chomhshóite le nótaí bainc agus monaí euro ar par.

2.Glacfaidh íocaithe féich airgeadaíochta arna ainmniú in euro le híocaíochtaí sa euro digiteach de réir fhorálacha an Rialacháin seo, is cuma cé acu a ghlacann siad le híocaíochtaí i nótaí bainc agus monaí euro nó nach nglacann i gcomhréir le Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt – togra maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro – COM (2023) 364 final]. I gcás ina bhfuil sé sainordaitheach glacadh le nótaí bainc agus monaí euro agus leis an euro digiteach i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (XXX maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro ), tá an tíocóir i dteideal an modh íocaíochta a roghnú.

CAIBIDIL IV
DÁILEADH

Airteagal 13
Soláthraithe seirbhísí íocaíochta

1.Faoi chuimsiú Threoir 2015/2366, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar do na daoine seo a leanas:

(a)daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe sna Ballstáit arb é an euro an tairgeadra atá acu;

(b)daoine nádúrtha agus dlítheanacha a d’oscail cuntas sa euro digiteach tráth a bhí cónaí orthu nó a bhí siad bunaithe sna Ballstáit arb é an euro an tairgeadra atá acu, ach nach bhfuil cónaí orthu nó nach bhfuil bunaithe sna Ballstáit sin a thuilleadh;

(c)cuairteoirí;

(d)daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18;

(e)daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha, lena náirítear críocha atá faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 19 agus 20.

Maidir leis na húsáideoirí den euro digiteach dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c), féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach srian ama a chur ar an rochtain atá acu ar an euro digiteach agus an úsáid a mbaineann siad as faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16(2). Cinnfear na tréimhsí sin i ndáil le stádas cónaithe nó stádas cuairte na n‑úsáideoirí den euro digiteach.

Chun críoch phointe (a), áireofar ar chónaitheoirí saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tíortha araon a thairbhíonn de chearta cónaithe de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

2.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta riarthóra de réir bhrí Threoir 2015/2366 é ar a gcumas d’úsáideoirí den euro digiteach a gcuntais íocaíochta sa euro digiteach a chistiú nó a dhíchistiú de láimh nó go huathoibríoch ó nó chuig cuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach, nó nótaí bainc agus monaí euro nuair a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí íocaíochta seirbhísí airgid thirim, faoi réir aon teorainn a fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo.

3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta feidhmiúlachtaí cistiúcháin agus díchistiúcháin ar fáil d’úsáideoirí den euro digiteach mar a leanas:

(a)tráth ar bith, ar bhonn leanúnach, i gcás ina ndéantar cistiú agus díchistiú le cuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach;

(b)nuair a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí íocaíochta seirbhísí airgid thirim i gcás ina ndéantar cistiú agus díchistiú le nótaí bainc agus monaí euro.

4.Na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta riarthóra cuntais de réir bhrí Threoir 2015/2366, cuirfidh siad é ar a gcumas d’úsáideoirí den euro digiteacha an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)a gcuid euro digiteach os cionn aon teorainn a fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 a dhíchistiú go huathoibríoch chuig cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach, i gcás ina bhfaighfear idirbheart íocaíochta sa euro digiteach ar líne;

(b)idirbheart íocaíochta sa euro digiteach ar líne a dhéanamh i gcás inar mó méid an idirbhirt ná a sealúchais sa euro digiteach.

Chun críoch phointí (a) agus (b), agus tar éis formheas a fháil roimh ré ó úsáideoirí den euro digiteach, déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta gach cuntas íocaíochta sa euro digiteach a nascadh le cuntas íocaíochta aonair sa euro neamhdhigiteach arna ainmniú ag na húsáideoirí den euro digiteach. Ceadófar d’úsáideoirí den euro digiteach an cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach ainmnithe sin a bheith acu le soláthraí seirbhísí íocaíochta nach ionann é agus an soláthraí seirbhísí íocaíochta ina bhfuil cuntas íocaíochta sa euro digiteach ar leith i seilbh.

5.Beidh an euro digiteach a dháilfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta in-chomhshóite ar par le hairgead taisce agus airgead leictreonach arna ainmniú in euro.

6.Chun críoch seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach, ní rachaidh úsáideoirí den euro digiteach i ngaol conarthach ach le soláthraithe seirbhísí íocaíochta. Ní bheidh aon ghaol conarthach ag úsáideoirí den euro digiteach leis an mBanc Ceannais Eorpach ná leis na bainc cheannais náisiúnta.

7.Féadfaidh úsáideoirí den euro digiteach cuntas íocaíochta sa euro digiteach amháin nó níos mó a bheith acu leis na soláthraithe seirbhísí íocaíochta céanna nó éagsúla.

8.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis inrochtana ar fáil don phobal, saor in aisce, faoi ghnéithe sonracha seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach agus faoi na coinníollacha a bhaineann lena ndáileadh.

Airteagal 14
Rochtain ar an euro digiteach i mBallstáit arb é an euro an
tairgeadra atá acu

1.Chun an euro digiteach a dháileadh ar dhaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 13(1)(a), arna iarraidh sin dá gcliaint, déanfaidh institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear i bpointí (1), (2) nó (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366, gach bunseirbhís íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a sholáthar do na daoine sin.

2.I gcás na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 13(1)(a) nach bhfuil cuntas sa euro neamhdhigiteach acu, beidh feidhm ag Caibidil IV de Threoir (AE) 2014/92 maidir le rochtain ar chuntas íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha aige, cé is moite d’Airteagail 17 agus 18, maidir le rochtain tomhaltóirí ar chuntas sa euro digiteach a bhfuil bunseirbhísí aige.

3.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (f), de Threoir (AE) 2015/2366, nó institiúidí gíoró postoifige dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (c), de Threoir (AE) 2015/2366 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar do na daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 13(1)(a) nach bhfuil cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach ina seilbh acu nó nach mian leo ceann a bheith ina seilbh acu;

(b)bunseirbhísí íocaíochta digití a sholáthar agus tacaíocht ar mhaithe leis an gcuimsiú digiteach a sholáthar aghaidh ar aghaidh i ngaireacht fhisiceach do dhaoine faoi mhíchumas, daoine le teorannú cumais nó daoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu, agus do dhaoine scothaosta.

4.Soláthróidh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 tacaíocht ar mhaithe leis an gcuimsiú digiteach do dhaoine faoi mhíchumas, daoine le teorannú cumais nó daoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu, agus do dhaoine scothaosta. Gan dochar do mhír 3, pointe (b), is éard a bheidh sa tacaíocht ar mhaithe leis an gcuimsiú digiteach cúnamh tiomnaithe ar mhaithe le hionduchtú go cuntas sa euro digiteach agus úsáid a bhaint as na bunseirbhísí sa euro digiteach uile.

5.Déanfaidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid (‘ÚFA’) arna bhunú faoi Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt - togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (‘ÚFA’) - COM/2021/421 final)] agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach lena sonrófar an idirghníomhaíocht idir ceanglais AML/CFT agus soláthar bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach agus béim ar leith ar chuimsiú airgeadais grúpaí leochaileacha lena náirítear iarrthóirí tearmainn nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, daoine aonair nach bhfuil aon seoladh seasta acu nó náisiúnaigh tríú tíortha nach ndeonaítear cead cónaithe dóibh ach nach féidir iad a dhíbirt ar chúiseanna dlíthiúla nó fíorasacha.  

CAIBIDIL V
AN EURO DIGITEACH A ÚSÁID MAR STÓR LUACHA AGUS MAR MHODH ÍOCAÍOCHTA

Airteagal 15
Prionsabail

1.D’fhonn é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid, beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme agus rannchuidiú le cobhsaíocht an chórais airgeadais, féadfaidh úsáid an euro dhigitigh mar stór luacha a bheith faoi réir teorainneacha.

2.D’fhonn úsáid éifeachtach an euro dhigitigh mar mhodh íocaíochta is airgead dlíthairgthe a áirithiú, agus chun muirir iomarcacha ar cheannaithe atá faoi réir na hoibleagáide glacadh leis an euro digiteach faoi Chaibidil II a sheachaint, agus an tráth céanna, cúiteamh á sholáthar as na costais ábhartha arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta as íocaíochtaí sa euro digiteach a sholáthar, beidh leibhéal na muirear nó na dtáillí atá le híoc ag daoine nádúrtha nó ag ceannaithe le soláthraithe seirbhísí íocaíochta, nó idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta, faoi réir teorainneacha.

Airteagal 16
Teorainneacha le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha

1.Chun críoch Airteagal 15(1), forbróidh an Banc Ceannais Eorpach ionstraimí chun teorainn a chur le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha agus déanfaidh sé cinneadh maidir lena bparaiméadair agus lena núsáid, i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach san Airteagal seo. Maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta riarthóra cuntais de réir bhrí Threoir 2015/2366 do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), cuirfidh siad na teorainneacha sin i bhfeidhm maidir le cuntais íocaíochta sa euro digiteach.

2.Le paraiméadair agus úsáid na nionstraimí dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas:

(a)na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 15(1) a chosaint, go háirithe an chobhsaíocht airgeadais;

(b)inúsáidteacht an euro dhigitigh agus glacadh leis mar ionstraim is airgead dlíthairgthe a áirithiú;

(c)prionsabal na comhréireachta a urramú.

3.Déanfar paraiméadair agus úsáid na nionstraimí dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go haonfhoirmeach ar fud an limistéir euro.

4.Beidh feidhm ag aon teorainn sealúchais ar chuntais íocaíochta sa euro digiteach arna ghlacadh de bhun mhír 1 maidir le sealúchais as líne agus ar líne araon. I gcás ina núsáidfidh úsáideoir den euro digiteach euro digiteach as líne agus ar líne araon, beidh an teorainn a bhfuil feidhm aici maidir le euro digiteach ar líne cothrom leis an teorainn fhoriomlán arna cinneadh ag an mBanc Ceannais Eorpach lúide an teorainn sealúchais le haghaidh an euro dhigitigh as líne arna socrú ag úsáideoirí den euro digiteach. Féadfaidh úsáideoir den euro digiteach a theorainn sealúchais as líne a shocrú ag méid ar bith idir nialas agus an teorainn sealúchais arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 37.

5.Beidh cuairteoirí ar an limistéar euro dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointí (b), (d) agus (e), faoi réir teorainneacha a mhéid a bhaineann le húsáid an euro mar stór luacha nach airde ná na teorainneacha arna gcur chun feidhme iarbhír sa limistéar euro i gcás daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstáit arb é an euro an tairgeadra atá acu. Déanfar paraiméadair agus úsáid na nionstraimí a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go haonfhoirmeach ar fud na mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá aige. Agus úsáid na nionstraimí sna Ballstáit sin á gcinneadh agus na paraiméadair á socrú ag an mBanc Ceannais Eorpach, rachaidh sé i gcomhairle le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá acu.

6.I gcás ina mbeidh cuntas íocaíochta sa euro digiteach iomadúla ag úsáideoir den euro digiteach, sonróidh an túsáideoir den euro digiteach do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta lena bhfuil na cuntais íocaíochta sa euro digiteach aige an bealach a leithdháilfear an teorainn sealúchais aonair idir na cuntais íocaíochta sa euro digiteach éagsúla.

7.I gcás ina mbeidh cuntas íocaíochta sa euro digiteach ag níos mó ná úsáideoir den euro digiteach amháin, is éard a bheidh in aon teorainn sealúchais ar an gcuntas íocaíochta sa euro digiteach gaolmhar arna glacadh de bhun mhír 1 agus suim na dteorainneacha sealúchais aonair arna leithdháileadh ar a úsáideoirí.

8.Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, bheidh ús ar an euro digiteach.

Airteagal 17
Táillí ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach

1.Chun críoch Airteagal 15(2), gan dochar d’aon táille a d’fhéadfaí a ghearradh ar sheirbhísí íocaíochta eile sa euro digiteach, ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta táillí ar dhaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointí (a), (b) agus (c), chun na bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2 a sholáthar.

2.Chun críoch Airteagal 15(2), aon mhuirear seirbhíse ar an gceannaí nó aon táille idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta i ndáil le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach, comhlíonfaidh siad prionsabal na comhréireachta. Ní bheidh aon mhuirear seirbhíse ar an gceannaí nó aon táille idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta níos mó ná an ceann is ísle den dá mhéid seo a leanas:

(a)na costais ábhartha arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta chun íocaíochtaí sa euro digiteach a sholáthar, agus corrlach réasúnta brabúis a bheith san áireamh leis freisin;

(b)táillí nó muirir arna niarraidh le haghaidh íocaíocht inchomparáide trí mhodhanna digiteacha. 

3.Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach faireachán tráthrialta ar an bhfaisnéis atá ábhartha chun críocha na méideanna dá dtagraítear i mír 2, agus foilseoidh sé go tréimhsiúil na méideanna a eascróidh as an bhfaireachán sin i dtuarascáil mhíniúcháin.

4.Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis uile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm a sholáthar agus comhlíonadh an Airteagail seo a fhíorú. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta aon fhaisnéis a iarrfar a sheoladh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an Banc Ceannais Eorpach síos. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a cheangal go ndeimhneoidh iniúchóir neamhspleách an fhaisnéis sin.

5.An mhodheolaíocht atá le forbairt ag an mBanc Ceannais Eorpach chun faireachán a dhéanamh na méideanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 agus chun na méideanna sin a ríomh, beidh sí bunaithe ar na paraiméadair seo a leanas:

(a)beidh méid na dtáillí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus na muirear seirbhíse ar an gceannaí dá dtagraítear i mír 2(a) bunaithe ar na costais ábhartha arna dtabhú chun seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta is costéifeachtúla arb éard a bheidh iontu le chéile an ceathrú cuid den euro digiteach arna dháileadh ar fud an limistéir euro i mbliain ar leith, mar a thuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta don Bhanc Ceannais Eorpach, lena náirítear corrlach réasúnta brabúis;

(b)déanfar an corrlach réasúnta brabúis a áirítear san uasmhéid dá dtagraítear i mír 2(a) a ríomh ar bhonn chorrlach brabúis na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a ghearrann an corrlach brabúis is ísle arb éard a bheidh iontu le chéile an ceathrú cuid den euro digiteach arna dháileadh ar fud an limistéir euro i mbliain ar leith, mar a thuairisceoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta don Bhanc Ceannais Eorpach;

(c)beidh méid na dtáillí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus na muirear seirbhíse ar an gceannaí dá dtagraítear i mír 2(b) bunaithe ar ghrúpa ionadaíoch soláthraithe seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn íocaíocht inchomparáide trí mhodhanna digiteacha sa limistéar euro;

(d)Beidh na méideanna dá dtagraítear i mír 2 aonfhoirmeach agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ar fud an limistéir euro.

6.Is é an muirear seirbhíse ar an gceannaí an taon mhuirear in aghaidh an idirbhirt a fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chur i bhfeidhm ar cheannaithe. Ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta muirear ar cheannaithe as an euro digiteach a chistiú agus a dhíchistiú, lena náirítear idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear in Airteagal 13(4). Áireoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta costais a bhaineann le cistiú agus díchistiú sna costais ábhartha dá dtagraítear i mír 2(a).

7.Ní bhainfidh aon táille idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta leis an euro digiteach a chistiú agus a dhíchistiú, lena náirítear idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear in Airteagal 13(4).

CAIBIDIL VI
DÁILEADH AN EURO DHIGITIGH LASMUIGH DEN LIMISTÉAR EURO

Airteagal 18
Dáileadh an euro dhigitigh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstáit nach é an euro an
tairgeadra atá acu

1.Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta an euro digiteach a dháileadh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstát nach é an euro digiteach an tairgeadra atá aige ach amháin má tá socrú chuige sin sínithe ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin.

2.Beidh síniú an tsocraithe dá dtagraítear i mír 1 faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá fógra tugtha ag an mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá aige do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Bhanc Ceannais Eorpach faoin iarraidh rochtain ar an euro digiteach agus úsáid an euro dhigitigh a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe sa Bhallstát sin.

(b)in iarraidh an Bhallstáit nach é an euro an tairgeadra atá aige, tá sé geallta aige:

(i)a áirithiú go gcloífidh a bhanc ceannais náisiúnta le haon riail, treoirlíne, treoir nó iarraidh arna heisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach i ndáil leis an euro digiteach;

(ii)a áirithiú go soláthróidh a bhanc ceannais náisiúnta an fhaisnéis go léir faoin rochtain ar an euro digiteach agus faoi úsáid an euro dhigitigh sa Bhallstát sin a d’fhéadfadh an Banc Ceannais Eorpach a éileamh.

(c)tá an reachtaíocht náisiúnta uile is gá glactha ag an mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá aige chun a áirithiú go nurramófar na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo nó na rialacha agus na caighdeáin arna nglacadh de bhun Airteagal 5(2).

3.Sonrófar sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 1 na bearta agus nósanna imeachta cur chun feidhme is gá, agus na cásanna ina bhféadfar an comhaontú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

4.Na teorainneacha arna socrú ag an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16(4) maidir le húsáid an euro dhigitigh ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu, agus atá infheidhme sna Ballstáit sin, déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na teorainneacha sin a chur chun feidhme.

Airteagal 19
Dáileadh an euro dhigitigh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha

1.Ní fhéadfar an euro digiteach a dháileadh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha ach amháin má tá comhaontú chuige sin sínithe ag an Aontas agus ag an tríú tír lena mbaineann roimh ré.

2.Ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis na socruithe le haghaidh chaibidliú agus thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)áirithíonn an tríú tír an méid seo a leanas:

(i)cloífidh a banc ceannais náisiúnta, agus i gcás inarb iomchuí, a húdarás inniúil náisiúnta le haon riail, treoirlíne, treoir nó iarraidh arna heisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach i ndáil leis an euro digiteach;

(ii)soláthróidh a banc ceannais náisiúnta, agus i gcás inarb iomchuí, a húdarás inniúil náisiúnta an fhaisnéis go léir faoi úsáid an euro dhigitigh sa tríú tír sin a d’fhéadfadh an Banc Ceannais Eorpach a éileamh;

(b)tá an reachtaíocht náisiúnta uile is gá glactha ag an tríú tír chun a áirithiú go nurramófar na rialacha agus na caighdeáin a leagtar síos sa Rialachán seo nó arna nglacadh de bhun Airteagal 5(2).

(c)áirithíonn an tríú tír go bhfuil idirghabhálaithe atá bunaithe nó atá ag feidhmiú sa tríú tír a dháileann an euro digiteach faoi réir ceanglais mhaoirseachta agus rialála, atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe san Aontas.

3.Sonrófar sa chomhaontú idir an tAontas agus an tríú tír na bearta agus nósanna imeachta cur chun feidhme is gá, agus na cásanna ina bhféadfar an comhaontú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go háirithe i gcás inar sainaithníodh an tríú tír mar thríú tír a bhfuil easnaimh straitéiseacha mhóra aici ina córas náisiúnta chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final] nó mar thríú tír a bhfuil laigí comhlíontachta aici ina córas náisiúnta chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final]. Déanfar an comhaontú sin a chomhlánú le socrú idir an Banc Ceannais Eorpach agus banc ceannais náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil náisiúnta an tríú tír.

4.Féadfar caibidlíocht le tríú tíortha a chur ar fionraí ar bhonn an fhorais dá dtagraítear i mír 3.

5.Na teorainneacha arna socrú ag an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16(5) maidir le húsáid an euro dhigitigh ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe sa tríú tír, agus atá infheidhme sa tríú tír sin, déanfaidh idirghabhálaithe atá bunaithe nó ag feidhmiú sa tríú tír na teorainneacha sin a chur chun feidhme.

Airteagal 20
Dáileadh an euro dhigitigh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha nó i gcríocha faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas

1.Maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe in Andóra, i Monacó, i San Mairíne agus i Stát Chathair na Vatacáine, sna Comhranna Francacha thar lear mar atá Saint-Barthélemy, agus Saint Pierre agus Miquelon, nó in aon tríú críoch eile atá faoi chomhaontú airgeadaíochta arb é is cuspóir dó an ceart a thabhairt don tríú críoch lena mbaineann an euro a úsáid mar airgeadra oifigiúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1103/97 ón gComhairle 45 agus Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle 46 , féadfar an euro digiteach a dháileadh ar na daoine sin, tar éis leasú chuige sin a dhéanamh ar na comhaontuithe airgeadaíochta lena mbaineann.

2.Faoi réir coinníollacha breise a fhéadfar a chomhaontú idir an tAontas agus an tríú críoch lena mbaineann, maidir le dáileadh an euro dhigitigh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú críocha a rialaítear leis an gcomhaontú airgeadaíochta dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfar leis an dáileadh sin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 21
Íocaíochtaí trasairgeadra

1.Beidh íocaíochtaí trasairgeadra idir an euro digiteach agus airgeadraí eile faoi réir comhaontuithe roimh ré idir an Banc Ceannais Eorpach de pháirt, agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá acu agus na tríú tíortha den pháirt eile.

2.Rachaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcomhar le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá acu chun íocaíochtaí idir-inoibritheacha a chumasú idir an euro digiteach agus airgeadraí eile.

CAIBIDIL VII
GNÉITHE TEICNIÚLA

Roinn 1
Feidhmiúlachtaí an euro dhigitigh

Airteagal 22
Inrochtaineacht agus úsáid

1.Maidir leis an euro digiteach:

(a)beidh gnéithe úsáide agus seirbhíse aige atá simplí agus éasca le láimhseáil, lena náirítear i gcás daoine faoi mhíchumas, daoine le teorannú cumais nó daoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu, agus daoine scothaosta;

(b)beidh rochtain éasca ag daoine faoi mhíchumas air trí chomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/882.

2.Agus iad ag gabháil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta chun seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar, ní cheanglófar ar úsáideoirí den euro digiteach cuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach a bheith acu ná a oscailt ná glacadh le táirgí eile sa euro neamhdhigiteach.

3.Beidh uimhir uathúil cuntais íocaíochta sa euro digiteach ag gach cuntas íocaíochta sa euro digiteach.

4.Féadfar gach cuntas íocaíochta sa euro digiteach a nascadh le cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach amháin nó níos mó a ainmneoidh an túsáideoir den euro digiteach. Chun críoch Airteagal 13(4), ní fhéadfar gach cuntas íocaíochta sa euro digiteach a nascadh ach le cuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach amháin.

5.Ceadóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta do níos mó ná úsáideoir den euro digiteach amháin cuntas íocaíochta sa digiteach euro a úsáid.

Airteagal 23
Idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne agus ar líne

1.Beidh an euro digiteach ar fáil d’idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne agus as líne araon ón gcéad eisiúint den euro digiteach amach.

2.Beidh an euro digiteach, arna gcoinneáil ar líne nó as líne, in-chomhshóite ar par idir a chéile, arna iarraidh sin d’úsáideoirí den euro digiteach.

3.Sula dtionscnófar idirbheart íocaíochta sa euro digiteach mar chuid d’íocaíocht éadadhaill, cuirfear an tíocaí agus an tíocóir ar an eolas faoi cé acu as líne nó ar líne a bheidh an tidirbheart íocaíochta sa euro digiteach.

Airteagal 24
Idirbhearta coinníollacha íocaíochta sa euro digiteach

1.Chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus úsáideoirí den euro digiteach idirbhearta coinníollacha íocaíochta sa euro digiteach a úsáid, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)bearta, rialacha agus caighdeáin mhionsonraithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) is féidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta a úsáid chun idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach atá coinníollach agus idir-inoibritheach a áirithiú;

(b)na feidhmiúlachtaí i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh is gá a sholáthar chun idirbhearta coinníollacha íocaíochta sa euro digiteach a fheidhmiú, lena náirítear chun cistí a fhorchoimeád.

2.Ní airgead in-ríomhchláraithe a bheidh i gceist leis an euro digiteach.

Roinn 2
Módúlachtaí dáileacháin

Airteagal 25 
Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí

1.Beidh seirbhísí tosaigh idir-inoibritheach le Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí nó comhtháite iontu.

2.Arna iarraidh sin d’úsáideoirí den euro digiteach, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach gur féidir leis na húsáideoirí sin brath ar fheidhmiúlachtaí a dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí i gcomhréir le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí – COM(2021) 281 final];

Airteagal 26
Idir-inoibritheacht

Féachfaidh an Banc Ceannais Eorpach lena áirithiú a mhéid is féidir idir-inoibritheacht na gcaighdeán lena rialaítear seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach le caighdeáin ábhartha lena rialaítear íocaíocht phríobháideach trí mhodhanna digiteacha. Féachfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chumasú, a mhéid is féidir agus i gcás inarb iomchuí, go mbainfidh íocaíocht phríobháideach trí mhodhanna digiteacha úsáid as rialacha, caighdeáin agus próisis lena rialaítear na seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach.

Chun críoch na chéad fhomhíre, féadfar tacú leis an idir-inoibritheacht inter alia trí chaighdeáin oscailte a úsáid.

Airteagal 27
Sásra um réiteach díospóidí

1.Gan dochar do na díospóidí a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta, is le Treoir 2015/2366 a rialófar díospóidí. Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe ar fhorálacha den Rialachán seo lena ndéantar dochar do nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh leis do chomhleasanna tomhaltóirí.

2.Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta sásraí a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta chun an malartú teachtaireachtaí a éascú chun díospóidí a réiteach. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach nó na soláthraithe seirbhísí tacaíochta arna nainmniú ag an mBanc Ceannais Eorpach na sásraí sin a oibriú go díreach.

3.Ní ghníomhóidh an Banc Ceannais Eorpach mar pháirtí in aon cheann de na díospóidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 28
Seirbhísí tosaigh chun rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid

1.Soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach, tabharfaidh siad rogha d’úsáideoirí den euro digiteach na seirbhísí tosaigh digiteacha seo a leanas a úsáid chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí den euro digiteach rochtain a fháil ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach agus iad a úsáid:

(a)seirbhísí tosaigh arna bhforbairt ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta; agus

(b)seirbhísí tosaigh arna bhforbairt ag an mBanc Ceannais Eorpach.

I gcás nach dtairgeann soláthraí seirbhísí íocaíochta seirbhís tosaigh sa euro digiteach, úsáidfidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta sin seirbhís an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

2.Le seirbhísí tosaigh arna soláthar ag an mBanc Ceannais Eorpach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ní dhéanfar foráil maidir le caidrimh custaiméirí, nach ndéanfaidh ach soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad a sholáthar ina ról i ndáileadh an euro dhigitigh mar a leagtar síos in Airteagal 13 agus faoi Threoir 2015/2366. Ní bheidh rochtain ag an mBanc Ceannais Eorpach ar aon sonraí pearsanta i ndáil leis na seirbhísí tosaigh arna bhforbairt ag an mBanc Ceannais Eorpach agus arna núsáid ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta.

3.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a dháileann an euro digiteach:

(a)go núsáideann seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach lógó oifigiúil an euro dhigitigh;

(b)gur féidir le húsáideoirí den euro digiteach cuntais íocaíochta sa euro digiteach a rochtain agus a úsáid go tapa agus go héasca.

Airteagal 29
Comhlíonadh smachtbhannaí an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE

1.Fíoróidh Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta a fheidhmíonn idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach an duine nó eintiteas liostaithe é aon úsáideoir den euro digiteach dá gcuid. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta fíoruithe den sórt sin díreach tar éis theacht i bhfeidhm aon bhirt sriantaigh nua nó leasaithe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE lena ndéantar foráil maidir le reo sócmhainní nó toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus uair amháin gach lá féilire ar a laghad.

2.Le linn idirbheart íocaíochta sa euro digiteach a fheidhmiú, ní fhíoróidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí atá bainteach le feidhmiú an idirbhirt sin an daoine nó eintitis liostaithe iad an tíocóir nó an tíocaí a núsáidtear a gcuntais íocaíochta sa euro digiteach chun an tidirbheart íocaíochta sa euro digiteach sin a fheidhmiú sa bhreis ar fhíoruithe a dhéanamh faoi mhír 1.

3.Soláthraí seirbhísí íocaíochta a mhainnigh na fíoruithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh agus a fheidhmíonn idirbheart íocaíochta sa euro digiteach, rud a fhágann go mainníonn soláthraí seirbhísí íocaíochta eile atá bainteach le feidhmiú an idirbhirt íocaíochta sa euro digiteach sin sócmhainní daoine nó eintiteas liostaithe a reo, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do na daoine nó do na heintitis sin, cúiteoidh sé an damáiste airgeadais a rinneadh don soláthraí seirbhísí íocaíochta eile de thoradh na bpionós arna bhforchur ar an soláthraí seirbhísí íocaíochta eile sin faoi bhearta sriantacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE lena ndéantar foráil maidir le reo sócmhainní nó toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil.

Airteagal 30
Idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a shocrú

1.Déanfar idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne agus as líne a shocrú láithreach.

2.Déanfar idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a shocrú go críochnaitheach tráth a thaifeadfar aistriú an euro dhigitigh lena mbaineann ón íocóir go dtí an tíocaí i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh arna ghlacadh ag an Eurochóras.

3.Déanfar idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne a shocrú go críochnaitheach tráth a dhéanfar taifid na sealúchas sa euro digiteach lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta i ngairis stórála áitiúla an íocóra agus an íocaí.

Airteagal 31 
Cuntais íocaíochta sa euro digiteach a aistriú

1.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta é ar a gcumas d’úsáideoirí den euro digiteach, arna iarraidh sin dóibh, a gcuntais íocaíochta sa euro digiteach a aistriú go soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile agus na haitheantóirí cuntais céanna á gcoinneáil acu an tráth céanna.

2.In imthosca eisceachtúla i gcás nach bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta in ann, go hoibríochtúil, seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach ar feadh tréimhse fhada ama, nó má chaill sé na sonraí lena mbaineann a bhaineann le cuntais íocaíochta sa euro digiteach, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta a údarú cuntais íocaíochta sa euro digiteacha a shealbhaítear sa soláthraí seirbhísí íocaíochta sin a aistriú chuig soláthraí seirbhísí íocaíochta eile arna ainmniú ag an úsáideoir den euro digiteach. Leis an aistriú, cuirfear é ar a chumas don soláthraí seirbhísí íocaíochta nua an taistriú a chur i gcrích gan brath ar an soláthraí seirbhísí íocaíochta nach bhfuil ar fáil.

Airteagal 32
Sásra ginearálta um chalaois a bhrath agus a
chosc

1.Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach na cúraimí um chalaois a bhrath agus a chosc a dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta faoi Threoir 2015/2366 a éascú trí shásra ginearálta um chalaois a bhrath agus a chosc a bhunú le haghaidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne chun feidhmiú rianúil éifeachtúil an euro dhigitigh a áirithiú. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach nó na soláthraithe seirbhísí tacaíochta arna nainmniú ag an mBanc Ceannais Eorpach an sásra ginearálta sin um chalaois a bhrath agus a chosc a oibriú go díreach.

2.Rachaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí sula bhforbróidh sé na sonraí maidir le gnéithe oibríochtúla an tsásra um chalaois a bhrath agus a chosc.

3.Leis an sásra um chalaois a bhrath agus a chosc, déanfar an méid seo a leanas:

(a)measúnú a dhéanamh ar an neamhchosaint ar riosca calaoise a bhaineann le hidirbhearta ar líne sa euro digiteach i bhfíor-am sula dtabharfar an tidirbheart isteach i mbonneagar socraíochta an euro dhigitigh, agus ní úsáidfidh ach soláthraithe seirbhísí íocaíochta an sásra chuige sin,;

(b)tacú le soláthraithe seirbhísí íocaíochta chun idirbhearta calaoiseacha a bhrath in idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a socraíodh.

4.Chun críoch an Airteagail seo, soláthróidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn 5 don sásra um chalaois a bhrath agus a chosc. Déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais, a chur chun feidhme chun a áirithiú nach mbeidh an tseirbhís tacaíochta in ann úsáideoirí den euro digiteach a shainaithint go díreach ar bhonn na faisnéise arna soláthar don sásra um chalaois a bhrath agus a chosc.

Airteagal 33
Rochtain chothrom, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ar ghairis mhóibíleacha

1.Gan dochar d’Airteagal 6, mír (7), de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828, ceadóidh monaróirí buntrealaimh gaireas móibíleach agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/1972 47 do sholáthraithe seirbhísí tosaigh agus do sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí idir-inoibritheacht éifeachtach leis na gnéithe crua-earraí agus bogearraí, agus rochtain chun críoch idir-inoibritheachta orthu, ar gnéithe iad is gá chun sonraí a stóráil agus a aistriú chun idirbhearta sa euro digiteach ar líne nó as líne a phróiseáil, ar théarmaí cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha.

2.Ní chuirfear cosc ar mhonaróirí buntrealaimh gaireas móibíleach agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí dá dtagraítear i mír 1 bearta atá fíor-riachtanach agus comhréireach a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh an idir-inoibritheacht isteach ar shláine na ngnéithe crua-earraí agus bogearraí a mbaineann an oibleagáid idir-inoibritheachta leo ar choinníoll go bhfuil údar cuí le bearta den sórt sin.

3.Chun téarmaí cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm de bhun mhír 1, foilseoidh monaróirí buntrealaimh gaireas móibíleach agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí dá dtagraítear i mír 1 coinníollacha ginearálta maidir le hidir-inoibritheacht agus rochtain éifeachtach. Áireofar ar na coinníollacha ginearálta sin sásra um réiteach díospóidí atá bunaithe san Aontas Eorpach. Beidh an sásra um réiteach díospóidí gan dochar don cheart sásamh a lorg os comhair údaráis bhreithiúnacha i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL VIII
PRÍOBHÁIDEACHAS AGUS COSAINT SONRAÍ

Airteagal 34
Próiseáil ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta
 

1.Déanann soláthraithe seirbhísí íocaíochta cúram ar mhaithe le leas an phobail i gcás ina bpróiseálann siad sonraí pearsanta chun na gcríoch seo a leanas:

(a)teorainneacha a fhorfheidhmiú, lena náirítear a fhíorú an bhfuil cuntais sa euro digiteach le soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile ag úsáideoirí den euro digiteach ionchasacha nó atá ann cheana, dá dtagraítear in Airteagal 16;

(b)cistiú agus díchistiú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus (3), agus idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear in Airteagal 13(4);

(c)euro digiteach as líne a sholáthar, lena náirítear na gairis stórála áitiúla dá dtagraítear i litir (b) d’Iarscríbhinn I a chlárú agus a dhíchlárú;

(d)comhlíonadh smachtbhannaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 29;

(e)na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faoi Threoir (AE) 2015/2366 a bhaineann le hidirbhearta a fheidhmiú agus calaois a chosc agus a bhrath, an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac faoi Threoir (AE) 2015/849, comhlíonadh cánachais faoi Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, Treoir (AE) 2011/16/AE agus an dlí náisiúnta ábhartha, bainistiú rioscaí oibríochtúla agus slándála faoi Rialachán (AE) 2022/2554 agus oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2014/92/AE, a mhéid a bhaineann siad leis an euro digiteach.

Chun euro digiteach as líne a sholáthar, tá an phróiseáil cosaint sonraí a dhéanann soláthraithe seirbhísí íocaíochta teoranta do chistiú agus díchistiú i gcomhréir le hAirteagal 37, míreanna 3, 4 agus 5.

2.Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 (a) go (c), den Airteagal seo, leagtar síos in Iarscríbhinn III na cineálacha sonraí pearsanta.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun na cineálacha sonraí pearsanta a liostaítear in Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta.

Measfar gurb iad soláthraithe seirbhísí íocaíochta na rialaitheoirí sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina mbeidh cuntas íocaíochta sa euro digiteach atá i seilbh soláthraí seirbhísí íocaíochta amháin nasctha le cuntas íocaíochta sa euro digiteach atá i seilbh soláthraí seirbhísí íocaíochta eile i gcomhréir le hAirteagal 13(4), beidh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin ina rialaitheoirí comhpháirteacha.

4.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais, a chur chun feidhme chun a áirithiú nach bhféadfar úsáideoirí aonair den euro digiteach a shainaithint go díreach le haon sonraí a chuirfear in iúl don Bhanc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta ná do sholáthraithe seirbhísí tacaíochta.

Airteagal 35
Próiseáil sonraí pearsanta ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta

1.Déanann an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta cúram ar mhaithe le leas an phobail nó údarás oifigiúil a fheidhmiú i gcás ina bpróiseálann siad sonraí pearsanta chun na gcríoch seo a leanas:

(a)rochtain a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ar bhonneagar socraíochta an euro dhigitigh agus tacú le malartú teachtaireachtaí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta;

(b)idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne a shocrú;

(c)slándáil agus sláine bhonneagar socraíochta an euro dhigitigh agus gaireas stórála áitiúla a chosaint; 

(d)tacú le fíorú a dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta i dtaobh an bhfuil cuntais íocaíochta sa euro digiteach le soláthraithe eile seirbhísí íocaíochta ag úsáideoir ionchasach cheana féin chun cosc a chur ar theacht timpeall ar theorainneacha i gcomhréir le hAirteagal 16;

(e)in imthosca eisceachtúla mar a shainmhínítear in Airteagal 31 (2), údarú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta cuntais íocaíochta sa euro digiteacha atá le soláthraí seirbhísí íocaíochta a aistriú chuig soláthraithe eile seirbhísí íocaíochta arna nainmniú ag an úsáideoir den euro digiteach.

2.Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, leagtar síos in Iarscríbhinn IV na cineálacha sonraí pearsanta.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun na cineálacha sonraí pearsanta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a thabhairt cothrom le dáta.

4.Tacófar le sonraí pearsanta a phróiseáiltear le haghaidh cúraimí dá dtagraítear i mír 1 trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais. Áireofar leis sin deighilt shoiléir sonraí pearsanta chun a áirithiú nach bhféadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta úsáideoirí aonair den euro digiteach a shainaithint go díreach.

5.Measfar gurb é an Banc Ceannais Eorpach an rialaitheoir sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann leis na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 8 den Airteagal seo. Nuair a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach cúram dá dtagraítear i míreanna 1 agus 8 a chomhlíonadh go comhpháirteach leis na bainc cheannais náisiúnta, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha le haghaidh an chúraim sin.

6.Tá an tAirteagal seo gan dochar don phróiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le comhlíonadh chúraimí agus chumhachtaí eile an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta, lena náirítear chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta.

7.I gcás ina gcinnfidh an Banc Ceannais Eorpach gan cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 32 a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí tacaíochta, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach na cineálacha sonraí pearsanta dá dtagraítear in Iarscríbhinn 5 a phróiseáil faoi réir na gceanglas dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

8.Chun tacú leis an gcúram atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta na teorainneacha sealúchais a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus an taistriú éigeandála arna iarraidh sin don úsáideoir i gcomhréir le hAirteagal 31(2) a áirithiú, féadfaidh BCE, ina aonar nó i gcomhpháirt le bainc cheannais náisiúnta, pointe rochtana aonair d’aitheantóirí úsáideoirí den euro digiteach agus de na teorainneacha sealúchais sa euro digiteach gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (4) d’Iarscríbhinn 4 a bhunú. Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais, a chur chun feidhme chun a áirithiú nach féidir céannacht úsáideoirí aonair den euro digiteach a bhaint as an bhfaisnéis a gheobhaidh eintitis seachas soláthraithe seirbhísí íocaíochta arb é a gcustaiméir nó a gcustaiméir ionchasach an túsáideoir den euro digiteach tríd an bpointe rochtana aonair.

Airteagal 36
Próiseáil ag soláthraithe seirbhísí tacaíochta

1.I gcás ina gcinnfidh an Banc Ceannais Eorpach cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 32 a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí tacaíochta, soláthróidh soláthraithe seirbhísí tacaíochta seirbhísí a bhaineann le híocaíochtaí do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta. I gcás den sórt sin, déanann soláthraithe seirbhísí íocaíochta cúram ar mhaithe le leas an phobail i gcás ina bpróiseálann siad sonraí pearsanta chun na gcríoch seo a leanas:

(a)tacú le calaois a chosc agus a bhrath ar fud soláthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 32;

(b)tacú le malartú teachtaireachtaí chun díospóidí a réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27.

2.Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, leagtar síos in Iarscríbhinn V na cineálacha sonraí pearsanta.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun na cineálacha sonraí pearsanta a liostaítear in Iarscríbhinn V a thabhairt cothrom le dáta.

4.Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 ach amháin nuair a dhéantar bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena náirítear bearta úrscothacha slándála agus bearta úrscothacha um chaomhnú príobháideachais, a chur chun feidhme chun a áirithiú nach féidir leis na soláthraithe seirbhísí tacaíochta úsáideoirí aonair den euro digiteach a shainaithint go díreach.

5.Measfar gurb iad na soláthraithe seirbhísí tacaíochta na rialaitheoirí sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tá an mhír seo gan dochar do cheapadh oibreoirí aon seirbhíse a bhaineann le híocaíochtaí ar fud soláthraithe seirbhísí íocaíochta ag an mBanc Ceannais Eorpach agus d’iniúchadh ar leibhéal feidhmíochta na seirbhíse gan aon sonraí pearsanta a phróiseáil.

CAIBIDIL IX
AN SCIÚRADH AIRGID A CHOMHRAC

Airteagal 37
Rialacha maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac a bhfuil feidhm acu maidir le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne

1.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta míreanna 2 go 6 i bhfeidhm maidir le hidirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne. 

2.Ní choinneoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta ná na bainc cheannais Eorpacha ná na bainc cheannais náisiúnta sonraí idirbhirt.

3.Coinneoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta sonraí maidir le cistiú agus díchistiú chun euro digiteach a stóráil ar ionstraimí íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 40 de Threoir (AE) 2015/849 agus le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an tAirteagal sin. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta, arna iarraidh sin, na sonraí sin ar fáil don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais agus d’údaráis inniúla eile dá dtagraítear in Airteagal 2(31) de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final].

4.Chun críocha mhír 3, ciallaíonn na sonraí maidir le cistiú agus díchistiú an méid seo a leanas:

(a)an méid arna chistiú nó arna dhíchistiú;

(b)aitheantóir an ghairis stórála áitiúil le haghaidh íocaíocht sa euro digiteach as líne;

(c)dáta agus uair an idirbhirt cistithe agus díchistithe;

(d)uimhreacha na gcuntas arna núsáid chun an cistiú agus an díchistiú a dhéanamh.

5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena socraítear teorainneacha idirbheart agus teorainneacha sealúchais i ndáil le híocaíochtaí sa euro digiteach as líne. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39.

6.Cuirfear san áireamh sna teorainneacha idirbheart agus sealúchais an gá atá leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus, an tráth céanna, gan srian míchuí a chur ar úsáid an euro dhigitigh as líne mar mhodh íocaíochta. Agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 á dtarraingt suas ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)measúnú ar na bagairtí, na leochaileachtaí agus na rioscaí a bhaineann leis an euro digiteach i réimse an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus a nionstraim íocaíochta á chistiú agus á dhíchistiú;

(b)moltaí agus tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht socraithe caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i dtaca leis an sciúradh airgid a chosc agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac;

(c)an cuspóir mar atá inúsáidteacht an euro dhigitigh agus glacadh leis mar ionstraim is airgead dlíthairgthe a áirithiú.

Chun críocha phointe (a), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ÚFA tuairim a ghlacadh lena ndéanfar measúnú ar leibhéal na mbagairtí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an euro digiteach as líne agus lena leochaileachtaí. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 38
Gníomhartha tarmligthe

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 11, 33, 34 agus 35 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 11, 33, 34 agus 35 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra faoi sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 11, 33, 34 agus 35 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 1 mhí ó tugadh fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 39
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 40
Tuarascálacha

1.Beidh feidhm ag socruithe cuntasachta Airteagal 15(1) agus (3) de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh maidir le heisiúint agus úsáid an euro dhigitigh.

Chun na críche sin, tuairisceoidh an Banc Ceannais Eorpach ar fhorbairt an euro dhigitigh agus ar a úsáid. Cumhdófar sa tuarascáil rannchuidiú an Bhainc Cheannais Eorpaigh i gcur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, lena n‑áirítear maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a)leibhéal na dtáillí nó na muirear atá le híoc ag ceannaithe le soláthraithe seirbhísí íocaíochta, nó a íoctar idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta;

(b)idir-inoibritheacht an euro dhigitigh le hairgeadraí eile i mBallstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu agus i dtríú tíortha;

(c)forbairt airgeadraí digiteacha bainc ceannais seachas an euro digiteach i mBallstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu agus i dtríú tíortha ábhartha, agus ábharthacht na forbartha sin maidir leis an limistéar euro;

(d)treochtaí margaidh in íocaíochtaí agus ábharthacht na dtreochtaí sin maidir le cásanna úsáide nuálacha.

2.Roimh eisiúint bheartaithe an euro dhigitigh agus roimh chur chun feidhme aon athraithe ar pharaiméadair agus úsáid na nionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 16 nó ar a laghad gach 3 bliana tar éis eisiúint an euro dhigitigh, soláthróidh an Banc Ceannais Eorpach an méid seo a leanas do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún:

(a)faisnéis faoi na hionstraimí chun teorainn a chur le húsáid an euro dhigitigh dá dtagraítear in Airteagal 16 agus na paraiméadair a bhfuil sé beartaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach iad a ghlacadh i bhfianaise na timpeallachta airgeadais agus airgeadaíochta atá ann;

(b)anailís ar an mbealach a meastar go gcomhlíonfaidh na hionstraimí agus na paraiméadair dá dtagraítear i bpointe (a) an cuspóir mar atá cobhsaíocht airgeadais a chosaint.

3.Bliain amháin tar éis na chéad eisiúna den euro digiteach agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar anailís ar thionchar na bparaiméadar agus ar úsáid na nionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 16 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)ról na nidirghabhálaithe airgeadais i maoiniú an gheilleagair;

(b)ceanglais leachtachta a leagtar síos i Rialachán 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.Déanfaidh na Ballstáit, bliain amháin tar éis na chéad eisiúna den euro digiteach agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi na nithe uile seo a leanas:

(a)na pionóis a cuireadh i bhfeidhm de bhun Airteagal 6(1);

(b)líon na gcuntas sa euro digiteach a osclaíodh;

(c)líon na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn bunseirbhísí sa euro digiteach do dhaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus Airteagal 14(3);

(d)líon na gcuntas íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear in Airteagail 14(2) agus 14(3) a d’oscail soláthraithe seirbhísí íocaíochta.

cion na n‑iarratas dá dtagraítear in Airteagail 14(2) agus 14(3) ar dhiúltaigh soláthraithe seirbhísí íocaíochta dóibh

Airteagal 41
Athbhreithniú

1.Laistigh de bhliain amháin tar éis na chéad eisiúna den euro digiteach, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Agus a thuarascáil á hullmhú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh na tuarascálacha ón mBanc Ceannais Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 40 agus aon tuairim a nochtfaidh an Banc Ceannais Eorpach.

2.Laistigh de bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an bhforbairt ar airgeadraí digiteacha bainc cheannais miondíola sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu agus ar thionchar an Rialacháin seo ar an margadh inmheánach, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, tograí chun gníomhartha reachtacha a leasú lena rialaítear úsáid airgeadraí digiteacha bainc cheannais miondíola ar fud an Aontais.

3.Laistigh de 3 bliana tar éis na chéad eisiúna den euro digiteach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh an bhfuil, sa limistéar euro, rochtain leordhóthanach éifeachtach ar an euro digiteach agus an bhfuil glacadh leordhóthanach éifeachtach leis.

Airteagal 42
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Is cripteashócmhainn é cripteamhona cobhsaí a thagraíonn d’airgeadra fiat nó do phunann sócmhainní leachtacha chun a luach margaidh a chobhsú.
(2)    De réir suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí maidir le ‘Seirbhísí airgeadais agus táirgí miondíola’: dúirt duine as gach triúr freagróirí AE gur chuala siad go bhfuil plé ar siúl maidir leis an bhféidearthacht an euro digiteach a thabhairt isteach. Tá an suirbhé ar fáil tríd an nasc: Seirbhísí agus Táirgí Airgeadais Miondíola — Deireadh Fómhair 2022 — Suirbhé Eorabharaiméadair (europa.eu)
(3)    IO L 83, 30.3.2010, lgh. 70-71.
(4)     Moladh ón gCoimisiún an 22 Márta 2010 maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí euro (europa.eu)
(5)    COM(2020) 591 final agus COM(2020) 592 final
(6)     EUR-Lex - 02016R0679-20160504 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(7)     EUR-Lex - 32018R1725 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(8)     EUR-Lex - 32019L0882 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(9)     EUR-Lex - 32014L0092 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(10)     EUR-Lex - 02015L2366-20151223 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(11)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir 2009/110/CE (COM(2023) 366 final) agus Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/210 (COM(2013) 367 final)
(12)     Pacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (europa.eu)
(13)     EUR-Lex - 52021PC0281 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(14)     https://ec.europa.eu/info/publications/towards-stronger-international-role-euro-commission-contribution-european-council-13-14-december-2018_ga .
(15)    COM(2021) 32 final
(16)     Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach .
(17)    Tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil an tacaíocht don euro fós ar leibhéal an-ard san Aontas (71 %, an dara leibhéal is airde a taifeadadh riamh), agus is airde fós é i limistéar an euro (79 %). Foinse: Eorabharaiméadar Caighdeánach 98 (Geimhreadh 2022-2023), suirbhé ar fáil tríd an nasc: Eorabharaiméadar Caighdeánach 98 — Geimhreadh 2022-2023 — Feabhra 2023 — Suirbhé Eorabharaiméadair (europa.eu)
(18)    IO C [...], [...], lch. [...].
(19)    IO C […], […], lch. […].
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas (COM(2020) 591 final)
(21)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach – tuarascáil bhliantúil 20212021/2063(INI)
(22)    https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6301-2022-INIT/ga/pdf
(23)    An Banc Ceannais Eorpach, Tuarascáil ar an euro digiteach , Deireadh Fómhair 2020.
(24)    https://documents1.worldbank.org/curated/en/806481470154477031/pdf/Payment-Aspects-of-Financial-Inclusion.pdf
(25)     Staidéar ar Mhodhanna Nua Íocaíochta Digití (europa.eu) , Mí an Mhárta 2022. De réir an Bhainc Dhomhanda, ciallaíonn cuimsiú airgeadais go bhfuil rochtain ag daoine aonair ar tháirgí agus ar sheirbhísí airgeadais atá úsáideach agus inacmhainne a fhreastalaíonn ar a riachtanais – idirbhearta, íocaíochtaí, coigilteas, creidmheas agus árachas’.
(26)    Féach breithiúnas an 26 Eanáir 2021 i gCásanna Uamtha C-422/19 agus C-423/19, Hessischer Rundfunk, EU:C:2021:63 pointe 46.
(27)    Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le tabhairt isteach an euro, (IO L 139, 11.5.1998, lch. 1).
(28)    IO L 139, 11.5.1998, lch. 1.
(29)    Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937, IO L 150, 9.6.2023, lch. 40  
(30)    Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).
(31)    Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (IO L 1, 3.1.1994, lch. 3).
(32)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(33)    Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús
(34)    Ráiteas maidir leis na roghanna maidir le dearadh le haghaidh euro digiteach ó thaobh an phríobháideachais agus na cosanta sonraí de a glacadh an 10 Deireadh Fómhair 2022.
(35)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88.
(36)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39-98.
(37)    Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(38)    Togra le haghaidh Rialachán maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (COM/2021/420 final); Togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear na sásraí ar cheart do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch ML/TF a chosc, agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (COM(2021) 423 final); Togra le haghaidh Rialachán lena gcruthaítear Údarás de chuid an Aontais um fhrithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (‘ÚFA’) COM/2021/421 final); agus Togra le haghaidh athmhúnlú Rialachán (AE) 2015/847 lena leathnaítear ceanglais inrianaitheachta chuig criptea-shócmhainní (COM/2021/422 final)
(39)    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).
(40)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(41)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(42)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(43)    Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).
(44)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(45)    Rialachán (CE) Uimh. 1103/97 ón gComhairle an 17 Meitheamh 1997 maidir le forálacha áirithe a bhaineann le tabhairt isteach an euro (IO L 162, 19.6.1997, lch. 1).
(46)    Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le tabhairt isteach an euro (IO L 139, 11.5.1998, lch. 1).
(47)    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L, 17.12.2018, lch. 36).
Top

An Bhruiséil,28.6.2023

COM(2023) 369 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an euro digiteach a bhunú

{SEC(2023) 257 final} - {SWD(2023) 233 final} - {SWD(2023) 234 final}


IARSCRÍBHINN I
Seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach

Is éard atá i gceist le seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach:

(a)é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí den euro digiteach rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid, gan dochar do na teorainneacha a d’fhéadfadh a bheith ann arna socraítear ag an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16;

(b)é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí den euro digiteach idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a thionscnamh agus a fháil agus ionstraimí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar d’úsáideoirí den euro digiteach;

(c)cuntais íocaíochta sa euro digiteacha de chuid úsáideoirí den euro digiteach a bhainistiú;

(d)gníomhaíochtaí cistiúcháin agus díchistiúcháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13; agus

(e)seirbhísí íocaíochta breise sa euro digiteach a sholáthar anuas ar bhunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach de bhun Iarscríbhinn II.

IARSCRÍBHINN II
Bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach

Is éard a bheidh i gceist le bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach le haghaidh daoine nádúrtha:

(a)cuntas íocaíochta sa euro a oscailt, a choinneáil agus a dhúnadh;

(b)iarmhéideanna agus idirbhearta a cheadú;

(c)cistiú agus díchistiú neamh-uathoibrithe ó chuntas íocaíochta sa euro neamhdhigiteach;

(d)cistiú agus díchistiú ó/go hairgead tirim;

(e)idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach a thionscnamh agus a fháil trí bhíthin ionstraim íocaíochta leictreonaí, agus gan sin a dhéanamh i gcás idirbhearta coinníollacha íocaíochta sa euro digiteach seachas buanorduithe, sna cásanna úsáide seo a leanas:

idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ó dhuine go duine;

idirbhearta íocaíochta sa euro digiteacha ag an bpointe idirghníomhaíochta, lena náirítear ag an díolphointe agus i réimse na ríomhthráchtála;

idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ó rialtas go duine agus ó dhuine go rialtas.

(f)idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear in Airteagal 13(4) agus

(g)ionstraim íocaíochta leictreonaí amháin ar a laghad a sholáthar chun idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach dá dtagraítear i litir (e) a fheidhmiú.

IARSCRÍBHINN III
Sonraí pearsanta a phróiseálann soláthraithe seirbhísí íocaíochta

1.Chun críoch phointe (a) d’Airteagal 34(1), beidh an phróiseáil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)an taitheantóir úsáideora;

(ii)an fíordheimhniú úsáideora;

(iii) faisnéis faoi chuntais íocaíochta sa euro digiteach; lena náirítear faisnéis faoi shealúchais an úsáideora sa euro digiteach agus uimhir uathúil an chuntais íocaíochta sa euro digiteach; agus

(iv) faisnéis faoi idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne, lena náirítear aitheantóir an idirbhirt agus méid an idirbhirt.

2.Chun críoch phointe (b) d’Airteagal 34(1), beidh an phróiseáil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)an taitheantóir úsáideora;

(ii)an fíordheimhniú úsáideora;

(iii)faisnéis faoi chuntais íocaíochta sa euro digiteach, lena náirítear uimhir uathúil an chuntais íocaíochta sa euro digiteach; agus

(iv)faisnéis faoi chuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach, lena náirítear uimhir chuntais an chuntais íocaíochta sa euro neamhdhigiteach nasctha.

3.Chun críoch phointe (c) d’Airteagal 34(1), beidh an phróiseáil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)an taitheantóir úsáideora; lena náirítear ainm shealbhóirí na ngaireas stórála áitiúil; agus

(ii)faisnéis faoin ngaireas stórála áitiúil, lena náirítear aitheantóir an ghairis stórála áitiúil.

IARSCRÍBHINN IV
Sonraí pearsanta a phróiseálann an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta

1.Chun críocha phointe (a) d’Airteagal 35(1), beidh an phróiseáil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)faisnéis faoi chuntais íocaíochta sa euro digiteach, lena náirítear uimhir uathúil an chuntais íocaíochta sa euro digiteach; agus

(ii)faisnéis faoi idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne. Faisnéis atá nasctha le huimhir uathúil cuntais íocaíochta sa euro digiteach, lena náirítear méid an idirbhirt.

2.Chun críoch phointe (b) d’Airteagal 35(1), beidh an phróiseáil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)an tailias úsáideora;

(ii)an fíordheimhniú úsáideora;

(iii)an tagairt do shealúchais sa euro digiteach le cur chun dochair; agus

(iv)an tagairt do shealúchais sa euro digiteach le cur chun sochair.

3.Chun críoch phointe (c) d’Airteagal 35(1), beidh an phróiseáil teoranta do na sonraí is gá chun anailís ghóchumtha a dhéanamh ar idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach as líne: faisnéis faoin ngaireas stórála áitiúil, lena náirítear uimhir an ghairis stórála áitiúil.

4.Chun críocha phointí (d) agus (e) d’Airteagal 35(1), agus an phointe rochtana aonair dá dtagraítear in Airteagal 34(8), beidh an phróiseáil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)an taitheantóir úsáideora;

(ii)an fíordheimhniú úsáideora, a bhaineann le sealúchais an úsáideora sa euro digiteach atá ann cheana; agus

(iii)faisnéis faoi chuntais íocaíochta sa euro digiteach, lena náirítear uimhir uathúil an chuntais íocaíochta sa euro digiteach, sealúchais an úsáideora sa euro digiteach, an teorainn sealúchais arna roghnú ag an úsáideoir agus cineál an chuntais sa euro digiteach.

IARSCRÍBHINN V
Sonraí pearsanta a phróiseálann soláthraithe seirbhísí tacaíochta

Chun críocha phointe (a) d’Airteagal 36(1), beidh an phróiseáil teoranta do na sonraí is gá chun calaois a chosc agus a bhrath i ndáil le soláthraithe seirbhísí íocaíochta:

(i)faisnéis faoi chuntais íocaíochta sa euro digiteach, lena náirítear aitheantóir uathúil an chuntais sa euro digiteach;

(ii)faisnéis faoi idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne, lena náirítear méid an idirbhirt; agus

(iii)faisnéis faoi sheisiún idirbhirt úsáideora den euro digiteach, lena náirítear raon seoltaí prótacail idirlín an ghléis.

Top