Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0337

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

COM/2023/337 final

An Bhruiséil,20.6.2023

COM(2023) 337 final

2023/0201(APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Athbhreithniú agus athchóiriú lárthéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil

Mar chuid den chomhaontú polaitiúil foriomlán maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, d’eisigh an Coimisiún dearbhú i mí na Nollag 2020 lenar gealladh athbhreithniú ar fheidhmiú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil a thíolacadh faoin 1 Eanáir 2024, agus a bhféadfadh tograí ábhartha le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 1 (Rialachán CAI) a bheith ag gabháil leis, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in CFAE 2 .

I gcomhréir leis an ngealltanas sin, agus leis an ráiteas a glacadh in éineacht le buiséad bliantúil 2023 3 , ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an ‘Athbhreithniú meántéarmach ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027’ 4 , lena ndéantar measúnú ar fheidhmiú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil go dtí seo, lena náirítear measúnú i dtaobh an féidir le buiséad an Aontais leanúint de mhodhanna comhchoiteanna a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna. Is é conclúid an mheasúnaithe sin go bhfuil gá le hathbhreithniú spriocdhírithe ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 chun go gcomhlíonfaidh an tAontas a chuspóirí uile, lena náirítear na cuspóirí is práinní, go dtí deireadh 2027.

Ag an am céanna, tá an togra le haghaidh leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a tíolacadh i mí na Nollag 2021 5 imithe i léig mar gheall ar thoradh na caibidlíochta reachtaí maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta 6 agus i bhfianaise na ndúshlán gan fasach a tháinig chun cinn in 2022, go háirithe iarmhairtí chogadh brúidiúil foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus forbairtí maicreacnamaíocha. Ar na cúiseanna sin, tá togra nua á chur ar aghaidh ag an gCoimisiún anois chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a chuirfear in ionad an togra a bhí ann roimhe seo, agus tarraingeofar an togra sin siar go foirmiúil in am trátha.

1.2Forais agus cuspóirí an togra

Ó bhí 2020 ann, tá an tAontas ag dul i ngleic le sraith dúshlán gan fasach. Tar éis phaindéim COVID-19, bhí ar an Aontas dul i ngleic le cogadh brúidiúil foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, leis an ngéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin agus leis an mboilsciú agus rátaí úis a bhain leis sin. Níorbh fhéidir na dúshláin sin a thuar tráth an chomhaontaithe maidir le CAI. Tá an Coimisiún tar éis gníomhú go pras agus úsáid a bhaint as gach acmhainn atá ar fáil dó, lena n‑áirítear athdháileadh agus athchlárú, sa bhreis ar na solúbthachtaí buiséadacha atá ann cheana. Mar sin féin, na solúbthachtaí buiséadacha teoranta atá leabaithe in CAI, tá siad beagnach ídithe agus tá na deiseanna athdháilte ar tí a dteorainneacha a bhaint amach, rud a chuireann bac ar chumas bhuiséad an Aontais aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is práinní fiú.

Mar gheall ar an éabhlóid gheopholaitiúil agus eacnamaíoch, tá dúshláin nua ann a bhfuil gá le gníomhaíocht mhéadaithe ón Aontas ina leith. Ní mór don Aontas Eorpach a thacaíocht don Úcráin a dhearbhú ar bhonn ilbhliantúil. I bhfianaise na spleáchas straitéiseach atá ann faoi láthair, trí dhlús a chur le haistriú dúbailte na hEorpa, ba cheart an deis a bheith ag an Aontas a athléimneacht a mhéadú agus ceannaireacht a fháil ar ais i bpríomhearnálacha trí infheistíocht chliste phoiblí agus phríobháideach in earnálacha straitéiseacha. Má táthar chun tosaíochtaí agus riachtanais chomhroinnte an Aontais a bhaint amach, ní mór buiséad fadtéarmach an Aontais a threisiú le haghaidh na tréimhse 2024-2027 ar mhaithe leis an gcistiú is riachtanaí a chur ar fáil chun freagairt do na dúshláin sin.

1.2.1.Tacaíocht bhuanseasmhach fhadtéarmach a thabhairt don Úcráin: saoráid na hÚcráine

Thug buiséad an Aontais tacaíocht ollmhór trí sholúbthachtaí agus trí aththosaíochtaí ach níor ceapadh CAI 2021-2027 chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí cogaidh san Eoraip. Tá riachtanais leachtachta na hÚcráine maidir le cobhsaíocht mhacra-airgeadais ard go fóill, agus ba cheart go dtiocfadh méadú de réir a chéile ar infheistíocht i dtéarnamh agus in atógáil tapa na hÚcráine de réir mar a thagann athrú ar an staid. Dá ndéanfaí gníomhaíocht eacnamaíoch a chothú agus bonneagar bunúsach a atógáil, chruthófaí fostaíocht agus ioncam, thabharfaí an deis do dhídeanaithe filleadh abhaile agus an méid cúnaimh idirnáisiúnta is gá a laghdú.

Chun freastal ar riachtanais láithreacha, téarnamh gearrthéarmach agus atógáil fhadtéarmach na hÚcráine, mhol an Coimisiún rialachán lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine 7 , ionstraim chomhtháite sholúbtha ag a bhfuil uasacmhainn fhoriomlán suas le EUR 50 billiún i bpraghsanna reatha.

Cuirfear tacaíocht ar fáil i bhfoirm tacaíochta inaisíoctha (iasachtaí) agus tacaíochta neamh‑inaisíoctha agus i bhfoirm an tsoláthair le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha. Áiritheofar leis sin cistiú cobhsaí intuartha agus cuirfear creat iomchuí ar fáil ag an am céanna lena n‑áiritheofar go dtabharfar ord tosaíochta d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí trí Phlean don Úcráin, d’inbhuanaitheacht airgeadas na hÚcráine, agus do chosaint bhuiséad an Aontais. Maoineofar iasachtaí don Úcráin trí iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais agus beidh ‘lamháil’ bhuiséad an Aontais, mar a thugtar air, mar thaca leis, de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus laistigh de theorainneacha uasteorainn na n‑acmhainní dílse. Déanfar an tacaíocht neamh‑inaisíoctha agus an soláthar le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha a mhaoiniú faoi ionstraim speisialta théamach nua, Cúlchiste na hÚcráine, lena gcuirfear na hacmhainní is gá ar fáil do Shaoráid na hÚcráine, de bhreis ar uasteorainneacha CAI. Tá gá leis an gcur chuige solúbtha sin chun freastal ar riachtanais athraitheacha na tíre go dtí 2027.

1.2.2.An imirce a bhainistiú, comhpháirtíochtaí le tríú tíortha tábhachtacha a neartú agus aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí

Thar aon ní eile, bhí tionchar tubaisteach ag cogadh mídhleathach foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an Úcráin agus ar a muintir, ach bhí impleachtaí móra domhanda ag an gcogadh sin freisin, rud a rinne difear do rochtain shlán inacmhainne ár gcomhpháirtithe ar bhia agus ar fhuinneamh. Tháinig sé sin sa bhreis ar an iliomad géarchéimeanna geopholaitiúla agus tubaistí nádúrtha, agus chuir sé brú suntasach ar na hacmhainní atá ar fáil faoi Cheannteideal 6 ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’. Ní mór cumas an Aontais freagairt do dhúshláin phráinneacha dhomhanda chomh maith le géarchéimeanna daonnúla i dtríú tíortha a athbhunú.

I gcomhthéacs na héagobhsaíochta eacnamaíche agus polaitiúla domhanda atá ag dul in olcas, tá treochtaí imirce domhanda ag dul i méid, agus tá an brú imirce ag teorainneacha an Aontais ag ardú i gcónaí. Chuige sin, ní mór a chur ar chumas bhuiséad an Aontais leanúint de thacaíocht leanúnach airgeadais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, feabhas a chur ar bhainistiú teorainneacha agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha imirce a choinneáil ar bun le tríú tíortha — cibé acu tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais, nó tíortha a bhfuil líon mór dídeanaithe á n‑óstáil acu.

Maidir le gné inmheánach na himirce chomh maith le bainistiú teorainneacha, leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann 8 , atá sa chéim idirinstitiúideach faoi láthair, cuirfear creat nua marthanach ar fáil don Aontas maidir le bainistiú tearmainn agus imirce. Bunaithe ar staid reatha an phlé agus i gcomhréir le cuspóir na gcomhreachtóirí oibriú le chéile chun an tathchóiriú ar rialacha imirce agus tearmainn an Aontais a ghlacadh roimh dheireadh thréimhse reachtach 2019-2024 9 , beidh maoiniú breise ag teastáil chun an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme, go háirithe don scagadh agus don nós imeacht teorann, don acmhainneacht ghlactha, do na hathlonnuithe agus do na fillteacha.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún na huasteorainneacha caiteachais faoi Cheannteideal 4 ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’ agus faoi Cheannteideal 6 ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ a mhéadú le EUR 1 693 mhilliún agus EUR 9 056 mhilliún sa bhreis le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027.

1.2.3.Iomaíochas fadtéarmach a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí straitéiseacha: an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)

Tá sé ríthábhachtach forbairt agus monarú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí digiteacha domhain, teicneolaíochtaí glana agus biteicneolaíochtaí straitéiseacha chun cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach. I bhfianaise na hiomaíochta idirnáisiúnta chun slabhraí luacha straitéiseacha a thógáil, tá freagra níos struchtúrtha de dhíth ar an Aontas ar riachtanais infheistíochta a chuid tionscal trí bhíthin Ardán nua um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) 10 , rud ar cheart dó cabhrú chun buntáiste Eorpach a chaomhnú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach, ó theicneolaíochtaí a bhaineann leis an ríomhaireacht, lena náirítear micrileictreonaic, ríomhaireacht chandamach, agus intleacht shaorga, go biteicneolaíocht, agus bithmhonarú agus teicneolaíochtaí glan‑nialasacha agus teicneolaíochtaí glana eile.

Cruthóidh Ardán STEP na dálaí is gá chun úsáid níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe a bhaint as cistí an Aontais atá ann cheana. Cuideoidh sé freisin le cistiú atá ann cheana a dhíriú ar na tionscadail ábhartha agus dlús a chur leis an gcur chun feidhme i bhfothacar réimsí atá ríthábhachtach do cheannaireacht na hEorpa agus, ag an am céanna, cothrom na Féinne a chaomhnú sa mhargadh aonair, agus comhtháthú dá réir sin. Chun a áirithiú go gcuirfear an tacaíocht airgeadais ar fáil go tapa, déanfaidh Ardán STEP ionstraimí an Aontais atá ann cheana a threisiú agus a ghiaráil, dlús a chur le cur chun feidhme chistí an bheartais comhtháthaithe agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as InvestEU, as an gCiste Nuálaíochta agus as an gComhairle Nuálaíochta Eorpach i dtreo teicneolaíochtaí straitéiseacha Eorpacha.

Tá athrú tagtha ar an tírdhreach domhanda. Is bagairt do shlándáil na hEorpa í an Rúis agus leanfaidh sí de bheith ina bagairt ar shlándáil na hEorpa sna blianta amach romhainn. Dá bhrí sin, neartóidh STEP sraith taighde an Chiste Eorpaigh Cosanta, rud a chuirfidh borradh faoi chumas nuálaíochta bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí, rud a chuirfidh le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais.

Chun borradh a chur faoin acmhainneacht infheistíochta atá tiomnaithe go sonrach d’ord tosaíochta na dteicneolaíochtaí straitéiseacha, ba cheart tacú le hArdán STEP idir 2024 agus 2027 trí threisiúcháin bhuiséadacha InvestEU, an Chiste Nuálaíochta, na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí faoin gclár Fís Eorpach agus faoin gCiste Eorpach Cosanta. Ba cheart, dá bhrí sin, leibhéil chaiteachais uasteorainneacha ábhartha CAI (Ceannteideal 1 ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha’, Ceannteideal 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ agus Ceannteideal 5 ‘Slándáil agus Cosaint’) a mhéadú de réir mar is iomchuí.

1.2.4.Réiteach inbhuanaithe ar chostais chistiúcháin NextGenerationEU

An méadú géar gan choinne ar ús reatha agus ar rátaí réamhcheaptha ó 2022 i leith atá mar thoradh ar bheartais airgeadaíochta níos déine chun srian a choinneáil ar an mboilsciú, tá an méadú sin ag cur isteach ar na heisitheoirí bannaí uile, lena náirítear an tAontas Eorpach. Mar thoradh air sin, na costais chistiúcháin atá le híoc as buiséad an Aontais mar thoradh ar iasachtaí a fháil le haghaidh NextGenerationEU, tá coinne leis go rachaidh siad thar na meastacháin a bhí beartaithe ar dtús tráth a glacadh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 11 .

Tá costais chistiúcháin NextGenerationEU éagsúil ó chláir chaiteachais ‘thraidisiúnta’ an Aontais. Braitheann siad go mór ar luaineachtaí sa ráta úis. Thairis sin, suas go dtí 2026, is ó na héiginnteachtaí maidir le huainiú na méideanna atá le fáil ar iasacht a thagann luaineacht bhreise, rud a bhraitheann den chuid is mó ar na heisíocaíochtaí le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Ag an am céanna, nuair a eisítear na bannaí, ní féidir caiteachas úis a chur siar, a athphleanáil ná a chealú. Cé go ndéantar foráil sa chreat dlíthiúil atá ann cheana maidir leis na sásraí is gá chun a áirithiú go gcumhdóidh an tAontas a oibleagáidí i leith sealbhóirí bannaí i ngach cás, ba cheart na modhanna agus na huirlisí a bheith ag buiséad an Aontais chun na costais sin a íoc ar an mbealach is éifeachtúla is féidir.

Dá bhrí sin, tá gá le sásra solúbthachta sonrach chun aghaidh a thabhairt ar an luaineacht sin. Ba cheart ionstraim speisialta théamach nua (an ‘Ionstraim EURI’) a bhunú, de bhreis ar uasteorainneacha CAI, go dtí deireadh CAI, chun críche costais chistiúcháin NextGenerationEU a sháraíonn na méideanna a beartaíodh ar dtús in 2020 faoi uasteorainn chaiteachais Cheannteideal 2b a chumhdach, agus chun na críche sin amháin.

1.2.5.Riarachán feidhmiúil a choinneáil ar bun chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach

Tá acmhainní an riaracháin Eorpaigh (ceannteideal 7) faoi bhrú mór mar gheall ar chúraimí breise a tugadh don Aontas, ardú na bpraghsanna fuinnimh agus boilsciú ard.

Leis an iliomad tionscnamh nua a tugadh isteach le 2 bhliain anuas, cuireadh cúraimí suntasacha breise ar an Aontas ó cuireadh tús leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil seo gan méadú comhfhreagrach ar líon na foirne. Ní bheidh an riarachán Eorpach in ann leanúint de líon méadaitheach cúraimí a chur i gcrích leis an leibhéal acmhainní atá ann faoi láthair.

Bíonn mórthionchar ag boilsciú ard ar chaiteachas riaracháin. D’ainneoin iarrachtaí eisceachtúla chun tosaíocht a thabhairt do chostais agus iad a laghdú ar mhaithe le srian a chur leis na caiteachas riaracháin, ní leor na huasteorainneacha reatha faoi cheannteideal 7 ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’ chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn as brúnna boilscitheacha.

Chun dualgais dhlíthiúla na nInstitiúidí a chomhlíonadh agus chun na freagrachtaí breise arna sannadh ag na comhreachtóirí don Choimisiún a láimhseáil, is gá, dá bhrí sin, uasteorainn Cheannteideal 7 ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’ a ardú EUR 1 621 mhilliún, lena n‑áirítear méadú EUR 1 331 mhilliún ar an bhfo-uasteorainn ‘Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí’.

1.2.6.Feabhas a chur ar chumas bhuiséad an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna agus d’fhorbairtí gan choinne

Tá an ‘Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála’ (SEAR), arb é atá i gceist leis ionstraim speisialta théamach a chabhraíonn le dul i ngleic le héigeandálaí sna Ballstáit agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, faoi bhrú ollmhór ó bhí 2021 ann. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar líon agus ar mhéid na mórthubaistí nádúrtha, go háirithe i ngeall ar an athrú aeráide, agus ar líon agus ar mhéid na ngéarchéimeanna daonnúla, ba cheart méid bliantúil an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a mhéadú.

Ós rud é go raibh corrlaigh bhuiséadacha laghdaithe den chuid is mó sna chéad bhlianta de CAI, bhí sé riachtanach an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun go mbeadh sí ar fáil go hiomlán nach mór. An brú ard atá i ngach Ceannteideal caiteachais go dtí deireadh CAI, éilíonn sé sin méadú ar an Ionstraim Sholúbthachta chun a áirithiú gur féidir le buiséad an Aontais freagairt do riachtanais gan choinne a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Bunús dlí

Is é Airteagal 312 CFAE an bunús dlí leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a ghlacadh.

Coimhdeacht

Tagann an tionscnamh faoi réimse beartais ina bhfuil cumhachtaí eisiacha ag an Aontas (faoi Airteagal 312 CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an méid is lú is gá chun na cuspóirí atá sonraithe a bhaint amach ar leibhéal na hEorpa ná thar an méid is gá chuige sin. Tá na hathruithe comhréireach leis an tsraith shuntasach imeachtaí gan choinne agus dúshlán nua a tharla ó glacadh Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 i mí na Nollag 2020.

An gaol leis an togra atá ar feitheamh

Cuirtear an togra seo le haghaidh leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 in ionad thogra an 22 Nollaig 2021 (COM(2021)569) a tharraingeofar siar.

3.MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA

Caibidil 1 – Forálacha Ginearálta

Airteagal 2 – Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh

Tagraíonn an chéad mhír d’Airteagal 2 d’Iarscríbhinn I ina bhfuil tábla uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil. Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.

Leasaítear an chéad fhomhír den dara mír chun an tagairt don ‘Ionstraim EURI’ (Airteagal 10a nua) agus do ‘Cúlchiste na hÚcráine’ (Airteagal 10b nua) a thabhairt isteach, agus leis an bprionsabal nach n‑áirítear na hionstraimí sin sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus go gcuirtear a maoiniú ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí araon.

Leasaíodh an tríú mír d’Airteagal 2 i mí na Nollag 2022 12 mar chuid de phacáiste tacaíochta eisceachtúil don Úcráin chun go bhféadfar ráthaíochtaí a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin do na blianta 2023 agus 2024 de bhreis ar uasteorainneacha CAI. Déantar an mhír seo a leasú a thuilleadh chun an cumhdach buiséadach a leathnú ón lamháil go dtí an ráthaíocht le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin i bhfoirm iasachtaí atá ar fáil go dtí 2027 faoi Shaoráid na hÚcráine atá beartaithe. Dá réir sin, má bhíonn ar an Aontas oibleagáidí aisíocaíochta a urramú ó acmhainní an bhuiséid sa chás nach níocann an Úcráin an íocaíocht chuí in am, slógfar na méideanna is gá de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, suas le teorainneacha uasteorainn na nacmhainní dílse.

Ceannteideal 3 – Ionstraimí speisialta

Roinn 1 - Ionstraimí speisialta téamacha

Airteagal 9 – Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála

Leasaítear an dara mír chun foráil a dhéanamh maidir le huasmhéid bliantúil nua an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, arna mhéadú go EUR 1 739 milliún (i bpraghsanna 2018).

Airteagal 10a — Ionstraim EURI

Tugtar isteach an tAirteagal nua seo chun foráil a dhéanamh maidir le ‘Ionstraim EURI’, ionstraim speisialta théamach nua.

Is iad na míreanna sonracha caiteachais a bhféadfar Ionstraim EURI a úsáid ina leith na híocaíochtaí úis agus cúpóin atá dlite i leith na gcistí a fhaightear ar iasacht ar na margaí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse (AE, Euratom) Uimh. 2020/2053 13 , rud a chomhfhreagraíonn do chostais chistiúcháin iasachtaí NextGenerationEU le haghaidh tacaíocht neamhinaisíoctha agus inaisíoctha trí ionstraimí airgeadais.

Ba cheart Ionstraim EURI a shlógadh nuair is mó costais iasachtaí NextGeneration in aon bhliain ar leith ná na méideanna a bhí beartaithe i mí na Nollag 2020.

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart na méideanna sonracha a leagtar síos mar thairseacha le haghaidh shlógadh Ionstraim EURI do na blianta 2024, 2025, 2026 agus 2027 a leagan amach go sainráite i ndearbhluach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

2024 14

2025 15

2026 16

2027 17

Tairseach bhliantúil i bpraghsanna reatha (EUR milliún)

2 071,4

2 677,8

3 744.6

4 980.3

Tairseach bhliantúil i bpraghsanna 2018 (EUR milliún)

arna thiontú ar bhonn an díbhoilsceora bhliantúil sheasta 2 % a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán CAI.

1 840,0

2 332,0

3 196.0

4 168.0

Cumhdóidh Ionstraim EURI aon mhéid de chostais chistiúcháin NextGenerationEU atá os cionn na dtairseach sin.

I bhfianaise na héiginnteachta maidir le héabhlóid na bparaiméadar lena gcinntear costais chistiúcháin NextGenerationEU (uainiú eisíocaíochtaí iarbhír na tacaíochta neamh‑inaisíoctha agus éabhlóid na rátaí úis), ní féidir uasmhéid seasta a shocrú le haghaidh Ionstraim EURI.

Déanfar Ionstraim EURI a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil (buiséad agus/nó buiséad leasaitheach), agus iontrálfar na leithreasuithe de bhreis ar uasteorainneacha CAI, le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí araon.

Airteagal 10b — Cúlchiste na hÚcráine

Tugtar isteach an tAirteagal nua seo chun foráil a dhéanamh maidir le hionstraim speisialta théamach nua: ‘cúlchiste na hÚcráine’.

Le Cúlchiste na hÚcráine, déanfar foráil maidir le caiteachas ar thacaíocht neamh‑inaisíoctha agus ar sholáthar ráthaíochtaí buiséadacha don Úcráin faoi ‘Shaoráid na Úcráine’ atá beartaithe, lena gcuirfear an tsolúbthacht is gá ar fáil chun freastal ar riachtanais athraitheacha na hÚcráine.

Ba cheart Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh gach bliain faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil (buiséad agus/nó buiséad leasaitheach), agus na meastacháin is fearr ar na riachtanais i bhfianaise forbairtí cogaidh, feidhmíocht mhacra-airgeadais na hÚcráine, acmhainneacht ionsúcháin agus inbhuanaitheacht fiachais á gcur san áireamh. Iontrálfar na leithreasuithe de bhreis ar uasteorainneacha CAI i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí araon.

Chun in‑ríomhchláraitheacht leordhóthanach a chur ar fáil don Aontas agus don Úcráin chun Saoráid na hÚcráine a chur chun feidhme, ba cheart uasmhéid le haghaidh na tréimhse 2024-2027, mar aon le híosmhéideanna táscacha bliantúla, a áireamh i gCúlchiste na hÚcráine. Is gá freisin uasmhéideanna a leagan amach a fhéadfar a chur ar fáil go bliantúil do Chúlchiste na hÚcráine le linn na tréimhse 2024 go 2027 chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n‑acmhainní dílse a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle.

Ar mhaithe le comhsheasmhacht le cur chun feidhme Shaoráid na hÚcráine, cé go leagtar síos CAI 2021-2027 i bpraghsanna 2018, ba cheart na méideanna a shloinneadh i bpraghsanna reatha.

Roinn 2 - Ionstraimí speisialta neamhthéamacha

Airteagal 12 – An Ionstraim Sholúbthachta

Leasaítear an chéad mhír chun foráil a dhéanamh maidir le huasmhéid bliantúil nua na hIonstraime Solúbthachta, arna mhéadú go EUR 1 562 mhilliún (i bpraghsanna 2018).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

4.1.Méadú ar na huasteorainneacha caiteachais do na blianta 2024 go 2027

Tá na hiarmhairtí seo a leanas ag an togra ar leibhéil na n‑uasteorainneacha bliantúla le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi Cheannteidil 1, 3, 4, 5, 6, agus 7, lena n‑áirítear an fho-uasteorainn do chaiteachas riaracháin na n‑institiúidí, rud a mhéadaítear faoi na méideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018):

EUR milliúin

Méadú ar uasteorainneacha i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

2024

2025

2026

2027

Ceannteideal 1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

777

762

748

733

Ceannteideal 3

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

1 110

1 088

1 067

1 046

Ceannteideal 4

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

264

464

965

Ceannteideal 5

Slándáil agus Cosaint

333

327

320

313

Ceannteideal 6

An Chomharsanacht agus an Domhan

2 331

2 286

2 241

2 198

Ceannteideal 7

An Riarachán Poiblí Eorpach

132

333

556

600

Fo-uasteorainn 
Caiteachas riaracháin na ninstitiúidí

110

285

464

472

An méadú iomlán ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

4 683

5 060

5 396

5 855

Agus sásra coigeartaithe na n‑uasteorainneacha íocaíochta dá bhforáiltear faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair (Airteagal 11) á chur san áireamh, éilítear leis an togra seo go méadófar uasteorainn CAI i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in 2026 agus 2027, mar a shonraítear thíos (i bpraghsanna 2018).

EUR milliúin

2024

2025

2026

2027

Méadú ar uasteorainn i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

7 725

2 772

Ba cheart, dá bhrí sin, na huasteorainneacha bliantúla caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí CAI 2021-2027 a leasú le do na blianta 2024 go 2027, agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a mhodhnú dá réir sin.

4.2.Ionstraimí Speisialta

Déantar ionstraimí speisialta, lena n‑áirítear na hionstraimí speisialta nua ‘Ionstraim EURI’ agus ‘Cúlchiste na hÚcráine’ a áirítear sa togra seo, a shlógadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus, de réir mar is infheidhme, sna bunghníomhartha ábhartha.

Ós rud é go ndéantar caiteachas i ndáil le hionstraimí speisialta a iontráil ‘de bhreis ar’ uasteorainneacha caiteachais an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, níl aon impleacht bhuiséadach láithreach ag an togra seo ina leith sin.

2023/0201 (APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 18 ,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thíolaic an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021-2027 a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 19 tar éis a chéad bhlianta cur chun feidhme, lena náirítear measúnú ar inbhuanaitheacht na nuasteorainneacha caiteachais 20 .

(2)Ó mhí na Nollag 2020 i leith, tá an tAontas ag dul i ngleic le sraith dúshlán gan fasach. Ghníomhaigh an tAontas go tapa agus bhain sé leas as na hacmhainní uile atá ar fáil dó, ach tá an tsolúbthacht bhuiséadach theoranta atá leabaithe in CAI 2021-2027 beagnach ídithe, rud a chuireann bac ar chumas bhuiséad an Aontais aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is práinní fiú.

(3)Baineadh úsáid fhorleathan as ionstraimí speisialta sna chéad bhlianta de chur chun feidhme CAI chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iomadúla. Tá gá fós le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh, cé go bhfuil na hinfhaighteachtaí buiséadacha chun aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin sa tréimhse CAI atá fágtha thar a bheith teoranta.

(4)Le buiséad an Aontais ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais na freagairtí beartais is gá a sholáthar ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad nach féidir freastal orthu laistigh de na huasteorainneacha atá ann cheana ná trí sholúbthacht ídithe. Dá bhrí sin, na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh Cheannteidil 1, 3, 5, 6, agus 7 lena náirítear fo-uasteorainn chaiteachas riaracháin na ninstitiúidí do na blianta 2024, 2025, 2026 agus 2027, agus uasteorainn Cheannteideal 4 do 2025, 2026 agus 2027, ba cheart iad a mhéadú. Mar thoradh air sin, ba cheart na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do na blianta 2026 agus 2027 a mhéadú.

(5)Le cogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá cogadh ar siúl ar chríoch na hEorpa an athuair. Leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú leis an Úcráin a fhad is gá agus cuideoidh sé go daingean leis an Úcráin agus í ar a conair Eorpach. Chuige sin, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) [XXX] [Saoráid na hÚcráine] 21  mar fhreagairt an Aontais chun tacú le cobhsaíocht mhacra-airgeadais, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna d’iarrachtaí athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair aontachais leis an Aontas.

(6)I bhfianaise na néiginnteachtaí a bhaineann le cogadh foghach na Rúise, ba cheart go mbeadh Saoráid na hÚcráine ina hionstraim sholúbtha chun foirm agus leibhéal leordhóthanach tacaíochta a sholáthar go dtí 2027. Ba cheart tacaíocht faoi Shaoráid na hÚcráine a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí, tacaíochta neamhinaisíoctha agus i bhfoirm an tsoláthair le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha.

(7)Maidir leis an gcuid de Shaoráid na hÚcráine a chuirtear ar fáil i bhfoirm iasachtaí, is iomchuí síneadh a chur, go dtí 2027, le ráthaíocht bhuiséadach an Aontais atá ann cheana chun an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin a chumhdach. Mar thoradh air sin, ba cheart go bhféadfaí na leithreasuithe is gá a shlógadh i mbuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin a bheidh ar fáil go dtí deireadh 2027.

(8)Maidir leis an gcuid sin den tacaíocht le haghaidh Shaoráid na hÚcráine a sholáthraítear i bhfoirm tacaíochta neamhinaisíoctha agus i bhfoirm an tsoláthair le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha, ba cheart na leithreasuithe a sholáthar trí ionstraim speisialta théamach nua, ‘Cúlchiste na hÚcráine’. Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a shlógadh go bliantúil faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE, de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

(9)Maidir le hinríomhchláraitheacht Shaoráid na hÚcráine agus forbairt ordúil an chaiteachais, is iomchuí íosmhéideanna táscacha bliantúla agus uasmhéideanna a fhéadfar a chur ar fáil go bliantúil do Chúlchiste na hÚcráine sa tréimhse 2024 go 2027 a leagan amach.

(10)Ó 2022 i leith, tá borradh tagtha ar rátaí úis san Aontas agus sa chuid is mó de na mórgheilleagair le haghaidh na neisitheoirí bannaí uile, lena náirítear san Aontas. Mar thoradh air sin, meastar go rachaidh na costais chistiúcháin le haghaidh iasachtaí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (‘NextGenerationEU’) atá le híoc as buiséad an Aontais faoi Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 22 thar na meastacháin a bhí beartaithe ar dtús faoi uasteorainneacha CAI tráth a glactha i mí na Nollag 2020.

(11)I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le héabhlóid na rátaí úis amach anseo agus chun brú míchuí ar chláir an Aontais a sheachaint, is iomchuí ionstraim speisialta théamach nua a bhunú chun costais chistiúcháin uile iasachtaí NextGenerationEU a chumhdach, ar costais iad a sháraíonn na méideanna a bhí beartaithe ar dtús. Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad an Aontais a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

(12)Ba cheart an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála agus an Ionstraim Sholúbthachta a threisiú chun acmhainneacht leordhóthanach a choinneáil ar bun chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt d’imthosca gan choinne go dtí 2027.

(13)I bhfianaise na dteagmhas gan choinne sin agus na ndúshlán nua sin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI, agus ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a leasú dá réir sin.

(14)Tá na leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 gan dochar don oibleagáid uasteorainneacha na nacmhainní dílse a leagtar síos in Airteagail 3(1) agus 6 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle a urramú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘2. I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ó na hionstraimí speisialta dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10, 10a, 10b agus 12, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI.’;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 go 2027 i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.’;

(2)In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Ní rachaidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR 1 739 milliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n‑úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.’;

(3)Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10ú
Ionstraim EURI

1.Féadfar Ionstraim EURI a úsáid chun na costais bhreise a mhaoiniú i gcás ina sáróidh, i mbliain ar leith, costais an úis agus na níocaíochtaí cúpóin atá dlite i leith na gcistí a fuarthas ar iasacht ar na margaí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 na méideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018):

2024 – EUR 1 840 milliún,

2025 – EUR 2 332 mhilliún,

2026 – EUR 3 196 mhilliún,

2027 – EUR 4 168 milliún,

2.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim EURI a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.’;

Airteagal 10b
Cúlchiste na hÚcráine

1.Féadfar Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh chun críche caiteachas a mhaoiniú faoin [Rialachán maidir le Saoráid na hÚcráine] agus chun na críche sin amháin, agus beidh sé d’aidhm aige EUR 2 500 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha a chur ar fáil mar mhéid táscach bliantúil.

2.Ní rachaidh Cúlchiste na hÚcráine thar EUR 50 000 milliún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoi Chúlchiste na hÚcráine in aon bhliain ar leith thar EUR 16 700 milliún i bpraghsanna reatha.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.’;

(4)In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Féadfar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh, d’aon bhliain airgeadais ar leith, ar chaiteachas sonrach gan choinne i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí nach féidir a mhaoiniú laistigh de theorainneacha na n‑uasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile. Beidh uasteorainn EUR 1 562 mhilliún (i bpraghsanna 2018) ar an tsuim bhliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta.’;

(5)Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
(2)    Dearbhú ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú / athbhreithniú meántéarma, PV(2020)2361, Miontuairiscí ón 2361ú cruinniú den Choimisiún a tionóladh sa Bhruiséil (Berlaymont) Dé Máirt an 15 Nollaig 2020.
(3)    Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, PV(2022)2438, Miontuairiscí ón 2438ú cruinniú de chuid an Choimisiúin a tionóladh in Strasbourg (foirgneamh Winston Churchill) Dé Máirt an 22 Samhain 2022.
(4)    COM(2023) 336, 20.6.2023.
(5)    COM(2021) 569, 22.12.2021.
(6)    Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, IO L 130, 16.5.2023, lgh. 1–51.
(7)    COM(2023)338, 20.6.2023
(8)    COM(2020) 609 final, 23.9.2020
(9)    Treochlár Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Uachtaránachtaí Rothlacha na Comhairle maidir le heagrú, comhordú agus cur chun feidhme amlíne na caibidlíochta idir na comhreachtóirí maidir le CEAS agus an Comhshocrú Eorpach Nua maidir le himirce agus tearmann.
(10)    COM(2023)335, 20.6.2023
(11)    Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gcaoi a gcaitear le costais úis agus aisíocaíochtaí NGEU in CAI 2021-2027, 2020/C 444 I/04, IO C 444I, 22.12.2020, lch. 4.
(12)    Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 325, 20.12.2022, lch. 11.
(13)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(14)    Clárú Airgeadais do na blianta 2024 go 2027 tar éis ghlacadh an bhuiséid do 2023 mar a fhoráiltear in Airteagal 41(2) den Rialachán Airgeadais agus i bpointe 26 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28), mar a cuireadh in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an 24 Feabhra 2023.
(15)    SEC(2023)250, Ráiteas ar mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2024 (Ullmhú Dhréachtbhuiséad 2024), Cuid II Clárú Airgeadais.
(16)    Ibidem.
(17)    Ibidem.
(18)    IO C […], […], lch. […].
(19)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11)
(20)    COM(2023) 336, 20.6.2023.
(21)    IO […], […], lch. […].
(22)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
Top

An Bhruiséil,20.6.2023

COM(2023) 337 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)

(EUR milliún - praghsanna 2018)

LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán 
2021-2027

1. An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus an Cúrsaí Digiteacha

19 712

20 211

19 678

19 955

19 280

19 394

19 206

137 436

2. Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

5 996

62 642

63 525

65 079

65 286

56 787

58 809

378 124

2a. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

1 666

56 673

57 005

57 436

57 874

48 414

49 066

328 134

2b. Athléimneacht agus Luachanna

4 330

5 969

6 520

7 643

7 412

8 373

9 743

49 990

3. Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

53 562

52 626

51 893

52 123

51 195

49 999

49 207

360 605

Lena n‑áirítear: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

38 040

37 544

36 857

36 054

35 401

34 729

34 015

252 640

4. Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

1 687

3 104

3 454

3 569

4 084

4 146

4 701

24 745

5. Slándáil agus Cosaint

1 598

1 750

1 762

2 112

2 279

2 398

2 576

14 475

6. An Chomharsanacht agus an Domhan

15 309

15 522

14 789

16 387

15 609

14 833

15 026

107 475

7. An Riarachán Poiblí Eorpach

10 021

10 215

10 342

10 586

10 887

11 229

11 443

74 723

Lena n‑áirítear: Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí

7 742

7 878

7 945

8 107

8 310

8 541

8 660

57 183

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

107 885

166 070

165 443

169 811

168 620

158 786

160 968

1 097 583

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ

154 065

153 850

152 682

151 436

151 175

158 900

153 947

1 076 055

Top