EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0327

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú le Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla a neartú

COM/2023/327 final

An Bhruiséil,14.6.2023

COM(2023) 327 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú le Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla a neartú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN MHOLTA

1.1.Forais agus cuspóirí an mholta

An 16 Lúnasa 2022, d’achtaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’) an tAcht um Laghdú Boilscithe (‘IRA’) 1 , lena leasaítear Roinn 30D de Chód Ioncaim Intíre na Stát Aontaithe (an ‘Creidmheas d’Fheithiclí Glana’). Rinneadh fóirdheontas de le haghaidh ceannach feithiclí cáilitheacha a oibrítear le ceallra nó le cill bhreosla, i bhfoirm creidmheas cánach ar luach suas le USD 7 500 in aghaidh na feithicle.

Chun bheith cáilithe d’uasmhéid an fhóirdheontais, ní mór feithicil a bheith inter alia feistithe le ceallra ag a bhfuil íoschion ábhair mianraí criticiúla 40 % (50 % in 2024, 60 % in 2025, 70 % in 2026, 80 % in 2027) a dhéantar:

(1)a eastóscadh agus a phróiseáil i SAM nó i dtír a bhfuil comhaontú saorthrádála i bhfeidhm ag SAM léi; nó

(2)a athchúrsáil i Meiriceá Thuaidh.

Dá bhrí sin, tá méadú ag teacht de réir a chéile ar na mianraí criticiúla agus ábhair phróiseáilte de thionscnamh an Aontais le haghaidh ceallraí gluaisteáin a eisiatar ó shlabhraí soláthair SAM leis an gCreidmheas d’Fheithiclí Glana. Tá sé sin i gcodarsnacht le hallmhairí mianraí criticiúla agus ábhar próiseáilte ó chomhpháirtithe i gcomhaontuithe saorthrádála le SAM, amhail an tSile agus an Chóiré, agus an tSeapáin lenar thug SAM comhaontú maidir le mianraí criticiúla i gcrích an 28 Márta 2023. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar dheiseanna onnmhairiúcháin ón Aontas go SAM.

Dá bhrí sin, an 10 Márta 2023 d’eisigh an tUachtarán von der Leyen agus an tUachtarán Biden ráiteas comhpháirteach inar léirigh siad go bhfuil sé beartaithe acu tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh Chomhaontú spriocdhírithe AE-SAM maidir le Mianraí Criticiúla (‘CMC’) 2 chun a áirithiú go bhféadfaí mianraí a eastóscadh nó a próiseáladh san Aontas a úsáid i bhfeithiclí atá incháilithe le haghaidh an Chreidmheasa d’Fheithiclí Glana. Chuir SAM in iúl go soiléir gur gá CMC a thabhairt i gcrích chun an stádas céanna a thabhairt don Aontas agus a thugtar do chomhpháirtithe i gcomhaontuithe saorthrádála le SAM chun críoch an Chreidmheasa d’Fheithiclí Glana.

In 2022, d’onnmhairigh an tAontas EUR 8,3 billiún de mhianraí criticiúla ábhartha do SAM, mar atá 16,3 % de mhéid iomlán na dtráchtearraí sin a d’onnmhairigh an tAontas.

De bhreis ar aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin faoi IRA, trí CMC a thabhairt i gcrích bheadh an tAontas agus SAM ag déanamh beart nua chun cur lena gcaidreamh eacnamaíoch níos leithne agus chun cuidiú le slabhraí soláthair idirnáisiúnta inbhuanaithe agus athléimneacha a thógáil in earnálacha atá fíorthábhachtach maidir leis na haistrithe i dtreo na aeráidneodrachta agus maidir leis an tslándáil, lena n‑áirítear aerspás agus cosaint.

Chuir SAM togra CMC faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh (‘an Coimisiún’) an 10 Márta. Chuir an Coimisiún an togra sin faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh (‘an Chomhairle’) agus Pharlaimint na hEorpa an 21 Márta 2023.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá caibidlíocht agus tabhairt i gcrích CMC comhsheasmhach le beartas trádála foriomlán an Aontais toisc go gcuideodh sé leis an trádáil agus an tinfheistíocht idir an tAontas agus SAM a mhéadú agus go laghdódh sé an riosca de theannais nua trádála idir an tAontas agus SAM. Tá an cuspóir dúbailte sin go hiomlán comhsheasmhach leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ina sonraítear gur cheart don Aontas comhtháthú na dtíortha uile i ngeilleagar an domhain a spreagadh, lena náirítear trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar na srianta atá ar an trádáil idirnáisiúnta 3 . Tá sé i gcomhréir le nádúr na comhpháirtíochta straitéisí AE-SAM mar a athdhaingnítear sa ráitis ó chruinniú mullaigh deiridh AE-SAM an 15 Meitheamh 2021 4 agus i gclár oibre eacnamaíoch dearfach na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta, mar a cuireadh in iúl sna Ráitis Chomhpháirteacha uaithi i mí Dheireadh Fómhair 2021 5 , mí na Bealtaine 2022 6 , mí na Nollag 2022 7 agus mí na Bealtaine 2023 8 .

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an moladh comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.

Ina Ghníomh beartaithe um Amhábhair Chriticiúla an 16 Márta 2023 9 , féachann an Coimisiún le feabhas a chur ar a chomhar le tríú tíortha trí infheistíochtaí inbhuanaithe i slabhraí soláthair amhábhar criticiúil agus i gcomhpháirteanna eile a thagann níos déanaí sa slabhra soláthair a spreagadh agus trí dheiseanna eacnamaíocha a aistriú go staideanna atá tairbhiúil go frithpháirteach. Cruthú comhpháirtíochtaí straitéiseacha i slabhraí soláthair amhábhar, amhail trí CMC, uirlis thábhachtach is ea é chun feabhas a chur ar an gcomhar sin.

Tá an moladh seo comhsheasmhach leis an nGníomh um an Tionscal Glannialasachta 10 atá beartaithe, arb é is aidhm leis méadú a chur ar mhonaraíocht príomhtheicneolaíochtaí atá neodrach ó thaobh carbóin de nó príomhtheicneolaíochtaí ‘aeráidneodracha’ san Aontas chun slabhraí soláthair slána inbhuanaithe iomaíocha a áirithiú le haghaidh an fhuinnimh ghlain d’fhonn uaillmhianta aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Airteagal 218(3) agus (4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

2.2.Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir Airteagal 5(3) CAE, ní bhíonn feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sna réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach. Is é an comhbheartas tráchtála, a liostaítear i measc na réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3 CFAE, bunús dlí substainteach is dócha a bheidh ag an gcomhaontú a thiocfaidh as an gcaibidlíocht. Cuimsíonn an beartas sin comhaontuithe trádála a chaibidliú de bhun Airteagal 207 CFAE.

2.3.Comhréireacht

Tá an moladh ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus tá gá leis i bhfianaise ár gcuspóra a áirithiú nach ndéantar idirdhealú in aghaidh mianraí criticiúla agus ábhair phróiseáilte de thionscnamh an Aontais le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha trína meas de bheith de thionscnamh ‘tíre a bhfuil comhaontú saorthrádála i bhfeidhm ag na Stáit Aontaithe léi’ agus an Creidmheas d’Fheithiclí Glana á chur i bhfeidhm.

2.4.An rogha ionstraime

Cinneadh ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

3.2.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

3.3.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis na gnóthachain a d’fhéadfaí a fháil óna áirithiú go measfaí gur de thionscnamh ‘tíre a bhfuil comhaontú saorthrádála i bhfeidhm ag na Stáit Aontaithe léi’ iad mianraí criticiúla agus ábhair phróiseáilte de thionscnamh an Aontais agus an Creidmheas d’Fheithiclí Glana á chur i bhfeidhm. Tionóladh roinnt éisteachtaí agus cruinnithe mar chuid de Chomhphlé leis an tSochaí Shibhialta. Tá an méid sin sa bhreis ar dhíospóireachtaí poiblí i bParlaimint na hEorpa, nó arna n‑eagrú aici, agus sna Ballstáit.

3.4.Measúnú tionchair

Mar gheall ar an riachtanas polaitiúil dul ar aghaidh go tapa chun teannais trádála idir an tAontas agus SAM a laghdú nó a sheachaint tar éis IRA, agus chun a áirithiú go n‑áireofaí mianraí a eastóscadh nó a próiseáladh san Aontas le haghaidh creidmheasanna cánach feithiclí glasa faoi IRA agus faoina bhearta cur chun feidhme, tarscaoileadh an próiseas measúnaithe tionchair foirmiúil.

3.5.Cearta bunúsacha

Tá an moladh comhsheasmhach le Conarthaí an Aontais agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleacht buiséadach ag an CMC don Aontas.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Gnéithe nós imeachta

Déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, comhaontú a chaibidliú a bheidh le tabhairt i gcrích idir an tAontas agus SAM. I gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE, moltar go n‑ainmneoidh an Chomhairle an Coiste um an mBeartas Trádála mar an gcoiste nár mhór an chaibidlíocht a dhéanamh i gcomhair léi.

Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas ag gach céim den nós imeachta, i gcomhréir le hAirteagal 218(10) CFAE.

Cuirfidh an Coimisiún an Moladh seo agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis ar fáil don phobal go díreach tar éis a ghlactha.

Molann an Coimisiún go gcuirfí na treoracha caibidlíochta ar fáil don phobal go díreach i ndiaidh a nglactha ag an gComhairle.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú le Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla a neartú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo údaraítear don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht, thar ceann an Aontais Eorpaigh, le Stáit Aontaithe Mheiriceá le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slabhraí soláthar idirnáisiúnta mianraí idirnáisiúnta a neartú.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht bunaithe ar threoracha caibidlíochta na Comhairle a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht i gcomhar le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 4

Déanfar an Cinneadh seo agus a Iarscríbhinn a chur ar fáil don phobal díreach tar éis a nglactha.

Airteagal 5

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    PL 117-169, H.R.5376 - Acht um Laghdú Boilscithe 2022.
(2)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/statement_23_1613  
(3)    Airteagal 21 mír 2(e) CAE.
(4)     https://www.consilium.europa.eu/media/50758/eu-us‑summit‑joint‑statement‑15-june-final-final.pdf
(5)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/STATEMENT_21_4951
(6)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/statement_22_7516
(7)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/statement_22_7516
(8)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/statement_23_2992
(9)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú (‘An Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla’) – féach https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_23_1661
(10)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glannialasachta na hEorpa a neartú (‘an Gníomh um an Tionscal Glannialasachta’) – féach https://single-market‑economy.ec.europa.eu/publications/net‑zero-industry-act_ga
Top

An Bhruiséil,14.6.2023

COM(2023) 327 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú le Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla a neartú


IARSCRÍBHINN

TREORACHA MAIDIR LE CAIBIDLÍOCHT LE hAGHAIDH COMHAONTÚ LE STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ MAIDIR LE SLABHRAÍ SOLÁTHAIR IDIRNÁISIÚNTA MIANRAÍ CRITICIÚLA A NEARTÚ

Cineál agus Raon Feidhme an Chomhaontaithe

1.Ba cheart forálacha a bheith sa Chomhaontú maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla agus earnálacha gaolmhara a neartú.    

2.Ba cheart an Comhaontú a bheith iomlán comhsheasmhach le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) agus le comhaontuithe idirnáisiúnta eile arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach nó ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit.

Cuspóirí

3.Leis an gComhaontú ba cheart an trádáil ar shlabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla agus éagsúlú na slabhraí sin a neartú agus glacadh teicneolaíochtaí le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha a chur chun cinn trí chomhthiomantas an Aontais Eorpaigh agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur ar bhonn foirmiúil maidir leis an trádáil a éascú, an iomaíocht chothrom agus coinníollacha margadhdhírithe le haghaidh na trádála i mianraí criticiúla a chur chun cinn, caighdeáin láidre saothair agus chomhshaoil a bhaineann leis an trádáil a áirithiú i slabhraí soláthair mianraí criticiúla, agus dul i gcomhar le chéile in iarrachtaí slabhraí soláthair slána, inbhuanaithe agus cothromasacha a áirithiú maidir le mianraí criticiúla.

Ábhar an Chomhaontaithe

4.Ba cheart forálacha a bheith sa Chomhaontú maidir le slabhraí soláthair idirnáisiúnta mianraí criticiúla a neartú, agus ar an gcaoi sin déanfar foráil maidir le gealltanais fhrithpháirteacha trádála, saothair agus chomhshaoil.    

Gnéithe éascaithe trádála

5.Leis an gComhaontú ba cheart an trádáil a éascú, cur leis an rochtain ar fhoinsí mianraí criticiúla atá inbhuanaithe, iontaofa agus saor ó mhíúsáidí saothair, agus an iomaíocht chothrom agus coinníollacha margadhdhírithe le haghaidh na trádála i mianraí criticiúla a chur chun cinn. 

6.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gComhaontú comhthuiscint ar beartais agus nósanna imeachta neamhmhargaidh atá saobhach agus a bhaineann le mianraí criticiúla, agus le hearnálacha gaolmhara eile a thógáil, mar aon le gníomhaíocht chomhordaithe a fhorbairt chun éagsúlú slabhraí soláthair a chothú, leochaileachtaí a laghdú, agus a riosca a bhaint de spleáchais straitéiseacha.

Gnéithe inbhuanaitheachta

7.Leis an gComhaontú ba cheart comhar in obair atá ar bun a spreagadh lena náirítear maidir le caighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh measúnú saolré ar mhianraí criticiúla, agus le haghaidh a neastóscadh, a lipéadú agus nathchúrsáil d’fhonn tacú le slabhraí soláthair inbhuanaithe.

8.Leis an gComhaontú ba cheart ardleibhéil cosanta comhshaoil a chur chun cinn i ndáil le mianraí criticiúla agus feabhas ar leibhéil cosanta comhshaoil a chothú maidir le saolré na mianraí criticiúla agus maidir leis an trádáil i mianraí criticiúla.

9.Ba cheart a chur i dtábhacht sa Chomhaontú an ról tábhachtach atá ag comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha i gcosaint an chomhshaoil, lena náirítear maidir leis na tionchair a bhíonn ag saolré na mianraí criticiúla ar an gcomhshaol, agus an tábhacht a bhaineann le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha ábhartha a chur chun feidhme.

10.Leis an gComhaontú ba cheart bearta a spreagadh lena gcuirtear cineálacha cur chuige chun cinn atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de agus a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach chun an téileamh ar eastóscadh mianraí criticiúla agus ar phróisis ghaolmhara, agus an tionchar a bhíonn aige sin ar an gcomhshaol, a laghdú.

Gnéithe saothair

11.Leis an gComhaontú ba cheart a dhearbhú go bhfuil sé beartaithe ag an dá thaobh cearta saothair a ghlacadh agus a choinneáil ar bun ina gcuid dlíthe agus cleachtas, sin agus beartais a choinneáil ar bun a mheastar a bheith iomchuí chun oibrithe san earnáil mianraí criticiúla a chosaint ar aon idirdhealú fostaíochta i gcomhréir le prionsabail agus cearta bunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair san obair.

12.Ba cheart a aithint sa Chomhaontú a thábhachtaí atá comhar mar bhealach chun dul chun cinn a dhéanamh ar spriocanna coiteanna a bhaineann le cearta saothair in eastóscadh agus próiseáil mianraí criticiúla. 

13.Ba cheart a aithint sa Chomhaontú a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara maidir le beartas trádála a bhaineann le slabhraí soláthair mianraí criticiúla, lena náirítear eagraíochtaí saothair, comhshaoil agus gnó, ionadaithe ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Gnéithe idirnáisiúnta

14.Ba cheart a aithint sa Chomhaontú a thábhachtaí atá iarrachtaí leanúnacha déthaobhacha agus ilpháirtithe chun slabhraí soláthair inbhuanaithe agus cothromasacha a neartú trí chaighdeáin choiteanna idir comhghuaillithe agus comhpháirtithe. Dá réir sin, rachaidh an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhar le chéile agus i bhfóraim ilpháirtithe, de réir mar is iomchuí, maidir le hiarrachtaí slabhraí soláthair slána, inbhuanaithe agus cothromasacha a áirithiú maidir le mianraí criticiúla.

Top