AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.4.2023
COM(2023) 260 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Cósta agus Teorann i Montainéagró a shíniú thar ceann an Aontais, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe sin
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró
Tá an tAontas Eorpach,
agus Montainéagró,
a ngairfear ‘Páirtí’ ar gach ceann díobh, agus a ngairfear ‘Páirtithe’ orthu i bhfochair a chéile, anseo feasta,
DE BHRÍ go bhféadfaidh cásanna teacht chun cinn ina gcomhordóidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais agus Montainéagró, lena n‑áirítear ar chríoch Mhontainéagró,
DE BHRÍ gur cheart creat dlíthiúil i bhfoirm comhaontú stádais a bhunú i gcomhair cásanna ina mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill de na foirne a imscarfaidh an Ghníomhaireacht ar chríoch Mhontainéagró,
DE BHRÍ go bhféadfaí, leis an gcomhaontú stádais, foráil a dhéanamh maidir leis an nGníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Mhontainéagró chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú agus chun a áirithiú gur go héifeachtach a bhainisteofar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta,
I bhFIANAISE leibhéal ard na cosanta sonraí pearsanta i Montainéagró agus san Aontas Eorpach; agus
I bhFIANAISE gur dhaingnigh Montainéagró Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus an Prótacal breise a ghabhann leis;
AG CUIMHNEAMH gur prionsabail bhunúsacha a rialaíonn an comhar idir na Páirtithe iad urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha;
I bhFIANAISE gur dhaingnigh Montainéagró an Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950, coinbhinsiún a gcomhfhreagraíonn na cearta atá ann do na cearta atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
I bhFIANAISE gur cheart, i gcás gníomhaíochtaí oibríochtúla uile na Gníomhaireachta ar chríoch Mhontainéagró, lánurraim a thabhairt do chearta bunúsacha agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach, a chuid Ballstát agus/nó Montainéagró,
I bhFIANAISE go bhfuil gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil faoi oibleagáid cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, iompair eiticiúil, agus gairmiúlachta, sin agus urraim a bheith acu do chearta bunúsacha, maille le hoibleagáidí arna bhforchur orthu le forálacha an phlean oibríochtúil agus le cód iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh,
TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH AN COMHAONTÚ SEO A THABHAIRT I gCRÍCH:
Airteagal 1
Raon feidhme
1.Leis an gComhaontú seo, rialaítear gach ábhar is gá le haghaidh foirne bainistithe teorainneacha de chuid bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh chuig Montainéagró, áit ar féidir le baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú.
2.An t-imscaradh dá dtagraítear i mír 1, féadfar é a dhéanamh ar chríoch Mhontainéagró.
Faoi réir oibleagáidí na bpáirtithe faoi dhlí na farraige, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige go háirithe, féadfar gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh freisin i limistéar eacnamaíoch eisiach Mhontainéagró. Gníomhaíochtaí oibríochtúla arna gcur i gcrích faoin gcomhaontú seo, ní dhéanfaidh siad difear d’oibleagáidí cuardaigh agus tarrthála a thagann ó dhlí na mara, go háirithe ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ón gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus ón gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir.
3.An Comhaontú seo ná aon ghníomh a chuirtear i gcrích agus an Comhaontú á chur chun feidhme ag na Páirtithe nó thar a gceann, bunú pleananna oibríochtúla nó rannpháirtíocht in oibríochtaí trasteorann san áireamh, ní dhéanann siad difear ar bhealach ar bith do stádas ná teorainneacha chríocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Mhontainéagró faoi seach faoin dlí idirnáisiúnta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó le haon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin;
(2)ciallaíonn ‘gníomhaíocht oibríochtúil’ gníomhaíocht chomhpháirteach nó mear‑idirghabháil teorann;
(3)ciallaíonn ‘cumhachtaí feidhmiúcháin’ na cumhachtaí atá riachtanach i dtaca le cur i gcrích na gcúraimí a mbíonn gá leo i gcomhair rialú teorann, ar cúraimí iad a dhéantar ar chríoch Mhontainéagró le linn gníomhaíocht oibríochtúil dá bhforáiltear sa phlean oibríochtúil;
(4)ciallaíonn ‘rialú teorann’ an ghníomhaíocht a dhéantar ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt do rún an teorainn sin a thrasnú, nó do thrasnú na teorann sin, agus do na nithe sin amháin, gan beann ar aon chúinse eile, agus arb éard atá i gceist léi mar ghníomhaíocht, seiceálacha teorann, faireachas ar theorainneacha agus measúnú ar bhagairtí i leith slándáil inmheánach theorainn an stáit;
(5)Ciallaíonn ‘plean oibríochtúil’ plean is bonn do ghníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh amhail dá bhforáiltear faoi Airteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896;
(6)ciallaíonn ‘foirne bainistithe teorainneacha’ foirne arna gcur le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus mear‑idirghabhálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;
(7)ciallaíonn ‘fóram comhairliúcháin’ an comhlacht comhairleach arna bhunú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2019/1896;
(8)ciallaíonn ‘buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh’ buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1896;
(9)ciallaíonn ‘EUROSUR’ an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;
(10)ciallaíonn ‘duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha’ duine de lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2019/1896;
(11)ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát óna n-imscartar ball foirne nó óna gcuirtear ball foirne ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;
(12)ciallaíonn ‘teagmhas’ cás a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, leis an gcoireacht trasteorann nó cás ina bhfuil baol do bheatha na n-inimirceach, ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh nó Mhontainéagró, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;
(13)ciallaíonn ‘oibríocht chomhpháirteach’ gníomhaíocht arna comhordú nó arna heagrú ag an nGníomhaireacht chun tacú leis na húdaráis náisiúnta de chuid Mhontainéagró atá freagrach as rialú teorann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an inimirce neamhrialta, bagairtí reatha nó bagairtí a bheidh ann amach anseo ag teorainneacha Mhontainéagró, nó an choireacht trasteorann, sin nó atá dírithe ar chúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar le haghaidh rialú na dteorainneacha sin;
(14)ciallaíonn ‘ball den fhoireann’ ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foireann bainistithe teorainneacha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht oibríochtúil;
(15)ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach;
(16)ciallaíonn ‘limistéar oibríochtúil’ an limistéar geografach ina bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil le tarlú;
(17)ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach’ Ballstát a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil trí threalamh teicniúil nó baill foirne de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a sholáthar;
(18)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (‘an t-ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de na tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
(19)ciallaíonn ‘mear-idirghabháil teorann’ gníomhaíocht atá dírithe ar dhul i ngleic le dúshlán sonrach díréireach ag teorainneacha Mhontainéagró trí fhoireann bainistithe teorainneacha a imscaradh i gcríoch Mhontainéagró ar feadh tréimhse theoranta ama chun rialú teorann a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta de chuid Mhontainéagró atá freagrach as rialú teorann;
(20)ciallaíonn ‘baill foirne reachtúla’ baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle.
Airteagal 3
Gníomhaíochtaí Oibríochtúla a Sheoladh
1.Is le cinneadh i scríbhinn ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (‘an stiúrthóir feidhmiúcháin’) a sheolfar gníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhaontú seo arna iarraidh sin i scríbhinn ag údaráis inniúla Mhontainéagró. Áireofar le hiarraidh den sórt sin tuairisc ar an gcás, ar na haidhmeanna féideartha agus ar na riachtanais a bheidh i gceist, agus próifílí na mball foirne a bheidh de dhíth, lena n-áirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme.
2.Má chinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur dócha go mbeadh sáruithe tromchúiseacha agus/nó leanúnacha ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta ag baint leis an ngníomhaíocht oibríochtúil a iarradh, nó go n-eascródh sáruithe den chineál sin as an ngníomhaíocht chéanna, ní sheolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil.
3.Má mheasann stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh, tar éis iarraidh a fháil faoi mhír 1, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh nó saineolaithe na Gníomhaireachta a údarú le taisteal go Montainéagró chun measúnú a dhéanamh ar an staid ann. Éascóidh Montainéagró an taisteal sin.
4.Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin gan gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh má mheasann sé go bhfuil cúis ann, a bhfuil údar léi, í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun fhorálacha ábhartha Airteagal 18.
Airteagal 4
Plean Oibríochtúil
1.Aontófar plean oibríochtúil i ndáil le gach gníomhaíocht oibríochtúil idir an Ghníomhaireacht agus Montainéagró i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896. Beidh an plean oibríochtúil ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar Mhontainéagró agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.
2.Leis an bplean oibríochtúil, leagfar amach go mionsonrach gnéithe eagraíochtúla agus gnéithe nós imeachta na gníomhaíochta oibríochtúla, na nithe seo a leanas san áireamh:
(a)tuairisc ar an gcás, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, aidhm na hoibríochta san áireamh;
(b)an t-achar measta a mhairfidh an ghníomhaíocht oibríochtúil chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach;
(c)an limistéar oibríochtúil;
(d)tuairisc mhionsonraithe ar na cúraimí a bheidh le cur i gcrích fad a bheifear i mbun feidhm oifigiúil, lena n-áirítear na cúraimí a mbíonn gá le cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, ar fhreagrachtaí, lena n-áirítear freagrachtaí i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais cosanta sonraí, agus ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne, lena n-áirítear treoracha maidir leis an gcuardach incheadaithe ar bhunachair sonraí agus maidir leis na hairm sheirbhíse, an t-armlón agus an trealamh atá incheadaithe i Montainéagró;
(e)comhdhéanamh na foirne bainistithe teorainneacha, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile/láithreacht ball eile d’fhoireann reachtúil na Gníomhaireachta, lucht faireacháin ar chearta bunúsacha san áireamh;
(f)forálacha maidir le ceannas agus rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna na bpóilíní teorann nó na mball foirne ábhartha eile de chuid Mhontainéagró a bheidh freagrach as comhoibriú leis na baill de na foirne agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na bpóilíní teorann sin nó na mball foirne ábhartha eile sin a bheidh i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus áit na mball de na foirne sa slabhra ceannais;
(g)an trealamh teicniúil a bheidh le húsáid le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú arna iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;
(h)forálacha mionsonraithe maidir leis an nGníomhaireacht teagmhais a thuairisciú láithreach don bhord bainistíochta agus d’údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach agus Mhontainéagró i ndáil le haon teagmhas a tharlóidh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanfar faoin gComhaontú seo;
(i)scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina mbeidh tagarmharcanna i ndáil leis an tuarascáil mheastóireachta, tagarmharcanna maidir le cosaint na gceart bunúsach san áireamh, agus an dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;
(j)maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach i ndáil le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus an dlí is infheidhme sa limistéar oibríochtúil, lena n‑áirítear tagairtí don dlí náisiúnta, don dlí idirnáisiúnta agus do dhlí an Aontais maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus díbhordáil;
(k)téarmaí an chomhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, seachas an Ghníomhaireacht, tríú tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;
(l)treoracha ginearálta maidir le conas a áirithiú go gcosnófar na cearta bunúsacha le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta agus oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine;
(m)nósanna imeachta lena ndéantar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a gcás, a threorú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;
(n)nósanna imeachta lena leagtar amach sásra um ghearáin (lena n-áirítear iad siúd a thaisctear faoi Airteagal 8(5) anseo thíos) in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil, lena n-áirítear póilíní teorann nó baill foirne ábhartha eile de chuid Mhontainéagró agus baill de na foirne, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht agus chuig Montainéagró, ar gearáin iad ina líomhnaítear gur sáraíodh cearta bunúsacha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta;
(o)socruithe lóistíochta, lena n‑áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina mbeidh an ghníomhaíocht oibríochtúil le tarlú; agus
(p)forálacha maidir le hoifig allamuigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 6.
3.Beidh an plean oibríochtúil agus aon leasú air nó aon oiriúnú air faoi réir chomhaontú na Gníomhaireachta, Mhontainéagró agus aon Bhallstát atá i gcomharsanacht Mhontainéagró nó a bhfuil teorainn acu leis an limistéar oibríochtúil, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an comhaontú sin a chomhordú leis na Ballstáit ábhartha.
4.Tarlóidh malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil chun críocha EUROSUR i gcomhréir leis na rialacha chun léargas ar dhálaí sonracha a bheidh le leagan amach sa phlean oibríochtúil don ghníomhaíocht oibríochtúil lena mbaineann a shuí agus a roinnt.
5.An mheastóireacht ar an ngníomhaíocht oibríochtúil i gcomhréir le mír 2 pointe (i), déanfaidh Montainéagró agus an Ghníomhaireacht í i gcomhar le chéile.
6.Na téarmaí comhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le mír 2 pointe (k) den Airteagal seo, cuirfear i gcrích iad i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil.
Airteagal 5
Tuairisciú Teagmhas
Beidh sásra um thuairisciú teagmhas ag an nGníomhaireacht agus ag Aireacht Gnóthaí Baile - Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró
araon chun gur féidir tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar aon teagmhas a thiocfaidh chun cinn le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanfar faoin gComhaontú seo.
Cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró le chéile chun gach fiosrúchán agus imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir le haon teagmhas a thuairisceofar tríd an sásra sin, amhail finnéithe a shainaithint agus fianaise a bhailiú agus a sholáthar, lena n-áirítear iarrataí chun nithe a bhaineann le teagmhas a tuairiscíodh a fháil, agus más iomchuí, a thabhairt ar láimh. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t-údarás inniúil a sholáthróidh iad.
Airteagal 6
Oifigí Allamuigh
1.Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Mhontainéagró chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Bunóidh an Ghníomhaireacht suíomh na hoifige allamuigh i gcomhairle le húdaráis ábhartha Mhontainéagró.
2.Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus beidh siad oibríochtúil le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i Montainéagró agus sa réigiún comharsanachta. Faoi réir chomhaontú Mhontainéagró, féadfaidh an Ghníomhaireacht fad a chur leis an tréimhse ama sin.
3.Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann na hoifige allamuigh, duine a dhéanfaidh formhaoirseacht ar obair fhoriomlán na hoifige.
4.I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:
(a) tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a sholáthar agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;
(b) tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do Mhontainéagró sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;
(c) faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne agus tuairisciú go tráthrialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;
(d) comhar a dhéanamh le Montainéagró maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n‑eagrú ag an nGníomhaireacht i Montainéagró, lena n‑áirítear aon saincheist bhreise a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin;
(e) tacú leis an oifigeach comhordúcháin sa chomhar a dhéanann sé le Montainéagró maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna n‑eagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta;
(f) tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a bhfuil sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir foirne na Gníomhaireachta agus údaráis ábhartha Mhontainéagró, mar aon le haon chúraimí ábhartha;
(g) tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann leis na baill de na foirne a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh agus a úsáid;
(h) an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a chur ar fáil maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht a éascú;
(i) bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá; agus
(j) tacú le baill foirne agus/nó le gníomhaíochtaí eile de chuid na Gníomhaireachta i Montainéagró mar a comhaontaíodh idir an Ghníomhaireacht agus Montainéagró.
5.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró na socruithe chun na cúraimí a shanntar don oifig/do na hoifigí allamuigh a chomhlíonadh.
6.Tabharfaidh Montainéagró cúnamh don Ghníomhaireacht acmhainneacht oibríochtúil na hoifige nó na n-oifigí allamuigh a áirithiú. Leagfar amach sonraí breise i socrú ar leith idir Montainéagró agus an Ghníomhaireacht.
Airteagal 7
Oifigeach Comhordúcháin
1.Gan dochar do ról na n‑oifigí allamuigh mar a shainmhínítear in Airteagal 6, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó de na baill foirne reachtúla lena n‑imscaradh mar oifigigh chomhordúcháin do gach gníomhaíocht oibríochtúil. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Montainéagró ar an eolas maidir leis an gceapachán sin.
2.Is iad na nithe seo a leanas a bheidh i gceist le ról an oifigigh chomhordúcháin:
(a) gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, Montainéagró agus na baill de na foirne, trí chuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha an imscartha;
(b) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcomhar leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin ina leith sin;
(c) gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile; agus
(d) comhar agus comhordú i measc Mhontainéagró agus na mBallstát rannpháirteach a chothú.
3.I gcomhthéacs gníomhaíochtaí oibríochtúla, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an t-oifigeach comhordúcháin a údarú le cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne a réiteach.
4.Is treoracha a chomhlíonann an plean oibríochtúil amháin a eiseoidh Montainéagró do na baill de na foirne. I gcás ina measann an t-oifigeach comhordúcháin nach bhfuil na treoracha a eisítear do na baill de na foirne i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil ná leis na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme, cuirfidh sé é sin in iúl d’oifigigh Mhontainéagró a dhéanann ról comhordúcháin agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 18.
Airteagal 8
Cearta Bunúsacha
1.Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim dlí is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
2.Déanfaidh baill de na foirne, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí, is comhréireach a bheidh siad le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.
Níl cead bearta atá i mbealach na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann baill de na foirne iad agus a gcuid cúraimí á gcomhlíonadh nó a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu nuair is gá agus nuair atá sé comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin agus ní mór meas a bheith acu ar bhunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le gach ball foirne d’údaráis náisiúnta Mhontainéagró atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil.
3.Déanfaidh oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíontacht gach gníomhaíochta oibríochtúla maidir le caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí nó a hionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar Mhontainéagró; tabharfaidh sé tuairimí maidir leis na pleananna oibríochtúla agus cuirfidh sé an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha i dtaobh gníomhaíocht oibríochtúil. Tacóidh Montainéagró le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, de réir mar a iarrtar air.
4.Aontaíonn an Ghníomhaireacht agus Montainéagró rochtain thráthúil éifeachtach ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don fhóram comhairliúcháin, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair sa limistéar oibríochtúil.
5.Beidh sásra um ghearáin ag an nGníomhaireacht agus Montainéagró araon chun líomhaintí ar sháruithe ar chearta bunúsacha, arna ndéanamh ag a mbaill foirne agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo, a phróiseáil. Leagfar an sásra amach sa phlean oibríochtúil.
Airteagal 9
Lucht faireacháin ar Chearta Bunúsacha
1.Déanfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh i ngach gníomhaíocht oibríochtúil chun, inter alia, cúnamh a thabhairt don oifigeach comhordúcháin agus comhairle a chur air.
2.Déanfaidh duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le cearta bunúsacha in ullmhú, cur i gcrích agus measúnú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha. Áireofar air sin, go háirithe:
(a) ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896;
(b) cuairteanna a thabhairt, lena n‑áirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla;
(c) comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordúcháin agus cúnamh agus comhairle a chur ar fáil dó;
(d) an t‑oifigeach comhordúcháin a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le haon ábhar imní i dtaca le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht oibríochtúil; agus
(e) rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (i).
3.Beidh rochtain ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, neamhspleách ar chomhlíonadh a gcúraimí, ar gach réimse ina dtarlóidh an ghníomhaíocht oibríochtúil agus ar na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.
4.Nuair a bheidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair sa limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu chun gur féidir iad a shainaithint go soiléir mar bhaill den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.
5.Féadfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta comhar a dhéanamh le hInstitiúid Chosantóir Chearta an Duine agus Shaoirsí Mhontainéagró (Ombudsman).
Airteagal 10
Baill de na Foirne
1.Beidh an t-údarás ag baill de na foirne na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu sa phlean oibríochtúil, lena n-áirítear na cinn a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, a dhéanamh.
2.Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag na baill de na foirne, comhlíonfaidh siad dlíthe agus rialacháin Mhontainéagró chomh maith le dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí idirnáisiúnta.
3.Ní fhéadfaidh baill de na foirne cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin ar chríoch Mhontainéagró faoi threoracha agus i láthair údaráis bainistithe teorainneacha Mhontainéagró. Féadfaidh Montainéagró baill de na foirne a údarú le cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus cumhachtaí sonracha a fheidhmiú ar a chríoch in éagmais na n‑údarás bainistithe teorainneacha faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit baile, mar is iomchuí.
4.Is í éide bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh á caitheamh ag baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad, le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.
Beidh a n-éide náisiúnta féin á gcaitheamh ag baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.
Agus iad ar dualgas, ní mór do gach ball den fhoireann comhartha aitheantais pearsanta infheicthe a chaitheamh ar a éide chomh maith le harmbhanda gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta.
5. Údaróidh Montainéagró baill de na foirne ábhartha le cúraimí a chomhlíonadh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a éilíonn úsáid fornirt, lena n‑áirítear airm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a iompar agus a úsáid, i gcomhréir le forálacha ábhartha an phlean oibríochtúil, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
-Féadfaidh baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.
-Féadfaidh baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.
6.Déanfar úsáid fornirt, lena n‑áirítear iompar agus úsáid arm seirbhíse, armlóin agus trealaimh eile, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta Mhontainéagró agus i láthair údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Mhontainéagró. Féadfaidh Montainéagró baill de na foirne a údarú le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha ábhartha Mhontainéagró, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
-Maidir le baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad, beidh an t-údarú sin le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Mhontainéagró faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.
-Maidir le baill foirne nach baill foirne reachtúla iad, beidh an t-údarás sin le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Mhontainéagró faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.
Gan dochar do cheanglais dhlí náisiúnta Mhontainéagró, ní mór úsáid fornirt ag na baill de na foirne a bheith riachtanach agus comhréireach agus ní mór go gcomhlíonfaidh sé dlí ábhartha an Aontais, an dlí idirnáisiúnta agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1896.
7.Cuirfidh an Ghníomhaireacht, sula n‑imscarfar na baill de na foirne, Montainéagró ar an eolas maidir leis na hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a bhfuil cead ag baill de na foirne a iompar faoi mhír 5 den airteagal seo. Féadfaidh Montainéagró, áfach, toirmeasc a chur ar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh áirithe eile a iompar, ar choinníoll go gcuirfear an cosc céanna sin i bhfeidhm ar a húdaráis bainistithe teorainneacha féin faoi dhlí Mhontainéagró féin. Sula n‑imscarfar na baill de na foirne, cuirfidh Montainéagró an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n‑úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.
Déanfaidh Montainéagró na socruithe is gá le haghaidh eisiúint aon cheadúnas arm is gá agus éascóidh sé allmhairiú, onnmhairiú, iompar agus stóráil na n‑arm, armlóin agus trealaimh eile a bheidh ar fáil do na baill de na foirne, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht. Leagfar amach sa phlean oibríochta an nós imeachta chun ceadúnas arm a eisiúint.
8.Féadfar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach na mball de na foirne nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta Mhontainéagró agus i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais.
9.Féadfaidh Montainéagró baill de na foirne a údarú le bunachair sonraí náisiúnta a cheadú más gá chun aidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil a chomhlíonadh. Áiritheoidh Montainéagró go soláthróidh sé an rochtain sin ar bhunachair sonraí ar shlí éifeachtúil agus éifeachtach.
Sula n‑imscarfar na baill de na foirne, cuirfidh Montainéagró an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair sonraí náisiúnta a fhéadfar a cheadú.
Ní cheadóidh baill de na foirne ach na sonraí sin a bhfuil gá leo chun a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú. Déanfar an ceadú sin i gcomhréir le dlí náisiúnta Mhontainéagró maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
10.Chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a chur chun feidhme, déanfaidh a an Aireacht Gnóthaí Baile - Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró oifigigh a imscaradh ar oifigigh iad atá ábalta agus toilteanach cumarsáid a dhéanamh i mBéarla chun ról comhordúcháin a chomhlíonadh thar ceann Mhontainéagró i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.
Airteagal 11
Pribhléidí agus Díolúintí Mhaoine, Chistí, Shócmhainní agus Oibríochtaí na Gníomhaireachta
1.Beidh aon áitreabh agus foirgnimh de chuid na Gníomhaireachta i Montainéagró dosháraithe. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú.
2.Maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, lena n‑áirítear modhanna iompair, cumarsáid, cartlanna, comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní airgeadais, is dosháraithe a bheidh siad.
3.Áirítear le sócmhainní na Gníomhaireachta sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Ballstáit, nó arna gcairtfhostú nó arna léasú ag Ballstát agus arna gcur ar fáil don Ghníomhaireacht. Ar bhordáil ionadaí/ionadaithe údaráis inniúla náisiúnta, pléifear leo siúd mar acmhainní i mbun seirbhíse rialtais agus déanfar iad a údarú i ndáil leis sin.
4.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i ndáil leis an nGníomhaireacht. Ní bheidh maoin ná sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riaracháin ná dlíthiúil. Ní fhéadfaidh maoin na Gníomhaireachta a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.
5.Arna iarraidh sin d’údaráis bhreithiúnacha ábhartha Mhontainéagró, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin toiliú a thabhairt d’údaráis náisiúnta ábhartha Mhontainéagró dul isteach in áitribh agus i bhfoirgnimh agus/nó rochtain ar mhaoin agus ar shócmhainní na Gníomhaireachta i gcás ina bhfuil amhras tromchúiseach ann faoi chionta coiriúla.
Féadfar glacadh le toiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin i gcás dóiteáin nó tubaiste eile a dteastaíonn gníomh cosanta pras ina leith.
6.Ceadóidh Montainéagró iontráil agus baint earraí agus trealaimh arna n‑imscaradh ag an nGníomhaireacht chuig Montainéagró chun críoch oibríochtúil.
7.Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht (lena n-áirítear dleachtanna custaim) agus ó gach cáin chomh maith le haon toirmeasc agus srian ar allmhairí agus ar onnmhairí i ndáil le hearraí agus trealamh atá beartaithe dá húsáid oifigiúil, lena n-áirítear earraí agus trealamh arna allmhairiú nó arna n-onnmhairiú ag tríú páirtí thar ceann na Gníomhaireachta.
Airteagal 12
Pribhléidí agus Díolúintí na mBall de na Foirne
1.Is é is aidhm do na pribhléidí agus na díolúintí a dheonófar ina dhiaidh sin do na baill den fhoireann feidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla a áirithiú le linn na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an bplean oibríochta ar chríoch Mhontainéagró.
2.Ní bheidh na baill de na foirne faoi réir aon chineál fiosrúcháin ná imeacht dlíthiúil i Montainéagró nó ag údaráis Mhontainéagró, seachas sna cúinsí dá dtagraítear i mír 3.
3.Beidh díolúine ag baill de na foirne ó dhlínse choiriúil, shibhialta agus riaracháin Mhontainéagró i leith gach gnímh arna dhéanamh acu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis Mhontainéagró imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh i gcoinne baill de na foirne, cuirfidh údaráis inniúla Mhontainéagró é sin in iúl láithreach don stiúrthóir feidhmiúcháin. Beidh an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcomhréir le cinneadh infheidhme na Gníomhaireachta, cinneadh a leagfar amach sa phlean oibríochtúil.
Tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin in iúl d’údaráis ábhartha Mhontainéagró, gan aon mhoill mhíchuí, cé acu a rinne nó nach ndearna an ball den fhoireann an gníomh i dtrácht agus a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige. Má rinneadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar na himeachtaí. Mura ndearnadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, féadfar an t-imeacht a thionscnamh. Beidh cáiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin ceangailteach ar Mhontainéagró, agus ní féidir leis cur ina aghaidh.
Go dtí go bhfaighfear an cáiliú sin, staonfaidh an Ghníomhaireacht ó aon bheart a dhéanamh atá beartaithe chun aon ionchúiseamh coiriúil a d’fhéadfadh údaráis inniúla Mhontainéagró a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an mball den fhoireann a chur i mbaol, lena n-áirítear éascú a dhéanamh ar imeacht an bhaill den fhoireann lena mbaineann ó Mhontainéagró.
Ní dhéantar baill den foirne a dhíolmhú ó dhlínse an Bhallstáit baile mar gheall ar phribhléidí a dheonaítear dóibh agus díolúine ó dhlínse choiriúil Mhontainéagró.
4.Má thionscnaíonn baill de na foirne imeachtaí, coiscfidh sé sin orthu díolúine a agairt ón dlínse i leith aon fhrithmhaímh a bhainfidh go díreach leis an bpríomh-mhaíomh.
5.Áitribh, áiteanna cónaithe, modhanna iompair agus cumarsáide agus maoin na mball de na foirne, lena n-áirítear comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní, beidh siad dosháraithe, ach amháin i gcás bearta forghníomhaithe a cheadaítear de bhun mhír 10.
6.Beidh Montainéagró freagrach as aon díobháil arna déanamh ag baill de na foirne ar thríú páirtithe agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú.
7.I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí‑iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball foirne ar ball d’fhoireann reachtúil é agus nach mbaineann le feidhmeanna oifigiúla a fheidhmiú, féadfaidh Montainéagró a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n‑íocfadh an Ghníomhaireacht cúiteamh.
I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí‑iompar toiliúil ag ball den fhoireann, nó arna déanamh ag ball den fhoireann nach ball foirne reachtúil de chuid na Gníomhaireachta é, agus é gan bheith i mbun a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú, féadfaidh Montainéagró a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n‑íocfadh an Ballstát baile lena mbaineann cúiteamh.
8.Ní bheidh aon Pháirtí ná aon Bhallstát rannpháirteach ná an Ghníomhaireacht faoi dhliteanas i leith aon díobháil a dhéantar i Montainéagró de dheasca theagmhas force majeure nach bhfuil aon neart aige air.
9.Ní bheidh ar bhaill de na foirne fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí dlíthiúla i Montainéagró. Féadfaidh baill de na foirne fianaise a thabhairt trí ráiteas a chuirtear isteach i gcomhréir le dlí nós imeachta Mhontainéagró. Ní dhéanfaidh cur isteach an ráitis sin difear don díolúine dá bhforáiltear faoi mhír 3.
10.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith baill de na foirne, ach amháin i gcás ina ndéantar imeacht coiriúil, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh ina n-aghaidh nuair nach mbaineann an t-imeacht sin lena bhfeidhmeanna oifigiúla. Maoin de chuid ball de na foirne, atá deimhnithe ag stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta mar ní atá riachtanach chun a bhfeidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh. In imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin ní bheidh baill de na foirne faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin.
11.Beidh baill de na foirne, maidir le seirbhísí a sholáthar don Ghníomhaireacht, díolmhaithe ó fhorálacha um shlándáil shóisialta a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm i Montainéagró.
12.Ní ghearrfar aon cháin, de chineál ar bith, i Montainéagró ar thuarastal ná díolaíocht a íocann an Ghníomhaireacht agus/nó Ballstáit bhaile le baill de na foirne, ná araon ioncam a fhaigheann baill de na foirne lasmuigh de Mhontainéagró.
13.Ceadóidh Montainéagró iontráil earraí d’úsáid phearsanta na mball foirne agus deonóidh siad eisiamh ó gach dleacht chustaim, cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, iompar agus seirbhísí comhchosúla, i leith earraí den sórt sin. Ceadóidh Montainéagró onnmhairiú earraí den sórt sin freisin.
14.Beidh bagáiste pearsanta na mball de an foirne díolmhaithe ó iniúchadh, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha le ceapadh go bhfuil earraí ann nach d’úsáid phearsanta na mball de na foirne iad, nó earraí a thoirmeasctar a n‑allmhairiú nó a n‑onnmhairiú de réir an dlí nó atá faoi réir rialacháin choraintín Mhontainéagró. Ní iniúchfar bagáiste pearsanta den sórt sin ach amháin i láthair na mball de na foirne lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid na Gníomhaireachta.
15.Ceapfaidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró pointí teagmhála atá ar fáil i gcónaí agus a bheidh freagrach as malartú faisnéise agus bearta láithreacha a bheidh le déanamh maidir le haon ghníomh arna dhéanamh ag ball den fhoireann a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar dhlí coiriúil, chomh maith leis an malartú faisnéise agus na gníomhaíochtaí oibríochtúla i ndáil le haon imeacht sibhialta ná riaracháin in aghaidh ball den fhoireann.
Go dtí go mbeidh beart déanta ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile, cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró le chéile chun na fiosrúcháin agus imscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh maidir le haon chion coiriúil líomhainte a bhfuil leas ag an nGníomhaireacht agus Montainéagró nó iad araon ina leith, i sainaithint finnéithe agus bailiú agus soláthar fianaise, lena n-áirítear an iarraidh ar nithe a bhaineann leis an gcion coiriúil a mhaítear a fháil, agus a thabhairt ar láimh, más iomchuí. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t-údarás inniúil a sholáthróidh iad.
Airteagal 13
Baill de na Foirne atá Gortaithe nó Éagtha
1.Gan dochar d’Airteagal 12, beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin cúram a ghlacadh, agus socruithe oiriúnacha a dhéanamh, i leith aisdúichiú aon bhall den fhoireann atá gortaithe nó éagtha, chomh maith lena mhaoin phearsanta.
2.Ní dhéanfar scrúdú iarbháis ar bhall den foireann atá éagtha ach amháin le toiliú sainráite an Bhallstáit baile lena mbaineann agus i láthair ionadaí ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát baile lena mbaineann.
3.Rachaidh Montainéagró agus an Ghníomhaireacht i gcomhar a chéile a mhéid is féidir d’fhonn baill de na foirne atá gortaithe nó éagtha a aisdúichiú go pras.
Airteagal 14
Doiciméad Creidiúnúcháin
1.Eiseoidh an Ghníomhaireacht doiciméad i Montainéigris agus i mBéarla chuig gach ball den fhoireann chun críoch aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Mhontainéagró agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus sa phlean oibríochtúil (an ‘doiciméad creidiúnúcháin’).
2.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mball foirne ar an doiciméad creidiúnúcháin: ainm agus náisiúntacht; céim nó teideal poist; grianghraf digitithe a tógadh le deireanas agus na cúraimí a bheidh le déanamh le linn an imscartha. Áireofar dáta éaga ar an doiciméad creidiúnúcháin.
3.Chun críoch aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Mhontainéagró, beidh ar bhaill de na foirne an doiciméad creidiúnúcháin a thabhairt leo i gcónaí.
4.Aithneoidh Montainéagró go gceadaíonn an doiciméad creidiúnúcháin, in éineacht le doiciméad bailí taistil, iontráil don bhall ábhartha den fhoireann agus go gceadaíonn sé dó fanacht i Montainéagró gan gá le víosa, cead cónaithe, réamh‑údarú ná aon doiciméad eile, suas leis an lá a rachaidh an doiciméad in éag.
5.Tabharfar an doiciméad creidiúnúcháin ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na tréimhse imscartha. Cuirfear údaráis inniúla Montainéagró ar an eolas maidir leis sin.
Airteagal 15
Feidhm maidir le Baill Foirne nach nImscartar mar Bhaill de na Foirne
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 13 agus 14 maidir le gach ball foirne a imscartar chuig Montainéagró faoin gcomhaontú seo nó faoi phlean oibríochtúil faoi nach baill de na foirne iad, lena n-áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus na baill foirne reachtúla arna n-imscaradh chuig oifigí allamuigh.
Airteagal 16
Sonraí Pearsanta a Chosaint
1.Ní chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin má bhíonn cumarsáid den sórt sin riachtanach le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ag údaráis inniúla Mhontainéagró nó ag an nGníomhaireacht. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údarás i gcás faoi leith, lena n-áirítear aistriú na sonraí pearsanta sin chuig an bPáirtí eile, beidh an phróiseáil sonraí sin faoi réir na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme maidir leis an údarás sin. Áiritheoidh na Páirtithe na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll le haghaidh aistriú sonraí d’aon chineál:
(a)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí;
(b) ní mór sonraí pearsanta a bhailiú don chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus níor cheart don údarás atá á gcur in iúl ná don údarás is faighteoir tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin;
(c) ní mór sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis an gcuspóir dá ndéantar iad a bhailiú nó a phróiseáil a thuilleadh; go háirithe, na sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an údaráis atá á gcur in iúl, féadfaidh siad baint a bheith acu le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas agus leis an ní nó na nithe sin amháin:
– Céadainm;
– Sloinne;
– Dáta breithe;
– Náisiúntacht;
– Céim;
– Bithleathanach an doiciméid taistil;
– Doiciméad creidiúnúcháin;
– Grianghraf ón doiciméad aitheantais/pas/doiciméid creidiúnúcháin;
– Seoladh ríomhphoist;
– Uimhir fóin póca;
– Mionsonraí an airm;
– Fad an imscartha;
– Suíomh an imscartha;
– Uimhreacha aitheantais aerárthaí nó soithí;
– Dáta teachta;
– An t-aerfort teachta/an pointe trasnaithe teorann teachta;
– Uimhir eitilte teachta;
– Dáta imeachta;
– An t-aerfort imeachta/an pointe trasnaithe teorann imeachta;
– Uimhir eitilte imeachta;
– Ballstát baile/tríú tír;
– Údarás imscartha;
– Cúraimí/próifíl oibríochtúil;
– Modh iompair;
– Bealach
de chuid ball de na foirne, bhaill foirne na Gníomhaireachta, breathnóirí ábhartha, nó ball de chláir malartaithe foirne;
(d)ní mór sonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta;
(e) ní mór sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críche dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu;
(f)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, ag cur rioscaí sonracha na próiseála san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme, agus bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí á n-úsáid (‘sárú ar shonraí’); déanfaidh an Páirtí is faighteoir bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon sárú ar shonraí, agus cuirfidh sé an Páirtí atá á gcur in iúl ar an eolas maidir le haon sárú den sórt sin gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig;
(g)glacfaidh an t-údarás atá á gcur in iúl agus an t-údarás is faighteoir araon gach céim réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil an Airteagal seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leormhaith, ábhartha, cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le críoch na próiseála; airítear leis fógra a thabhairt don Pháirtí eile maidir le haon cheartú nó léirscriosadh;
(h) arna iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás is faighteoir an t-údarás atá á gcur in iúl ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a cuireadh in iúl;
(i)níl cead sonraí pearsanta a chur in iúl ach amháin do na húdaráis inniúla seo a leanas:
-An Ghníomhaireacht
-An Aireacht Gnóthaí Baile – Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró
Chun sonraí a chur in iúl do chomhlachtaí eile, éilítear réamh-údarú an údaráis atá á gcur in iúl;
(j)tá an t-údarás atá á gcur in iúl agus an t-údarás is faighteoir faoi oibleagáid taifead i scríbhinn a dhéanamh ar an gcur in iúl agus ar fháil na sonraí pearsanta;
(k)beidh formhaoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear chun taifid den sórt sin a iniúchadh; beidh sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta formhaoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí;
(l) beidh sé de cheart ag ábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar na sonraí sin agus go ndéanfaí sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a ceartú nó a léirscriosadh, faoi réir srianta riachtanacha comhréireacha ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; agus
(m) beidh sé de cheart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil i gcás shárú na gcoimircí thuasluaite.
2.Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear an Airteagal seo chun feidhme. Arna iarraidh sin don Pháirtí eile, déanfaidh an Páirtí a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun a shuí agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san Airteagal seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe chuig an bPáirtí a d’iarr an t-athbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.
3.Beidh na coimircí um chosaint sonraí faoin gComhaontú seo faoi réir formhaoirseachta ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ag Gníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta agus um Shaor-Rochtain ar Fhaisnéis Mhontainéagró.
4.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta.
5.Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró tuarascáil chomhpháirteach suas maidir le cur i bhfeidhm an airteagail seo ag deireadh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Seolfar an tuarascáil sin chuig oifigeach um chearta bunúsacha agus oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta agus do Ghníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta agus um Shaor-Rochtain ar Fhaisnéis Mhontainéagró.
6.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl agus a phróiseáil chun críoch gníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gComhaontú seo i bhforálacha sonracha de na pleananna oibríochtúla ábhartha. Comhlíonfaidh na forálacha sin ceanglais ábhartha dhlí an Aontais Eorpaigh agus dhlí Mhontainéagró. Tabharfar tuairisc iontu, inter alia, ar chuspóir beartaithe an chur in iúl, ar an rialaitheoir nó ar na rialaitheoirí agus ar gach ról agus freagracht, ar na catagóirí sonraí a chuirtear in iúl, ar na tréimhsí sonracha coinneála sonraí, agus ar na coimircí íosta go léir. Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an intuarthacht, cuirfear na forálacha sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an treoraíocht ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
Airteagal 17
Faisnéis Rúnaicmithe agus Faisnéis Íogair Neamh-Rúnaicmithe a Mhalartú
1.Cumhdófar aon mhalartú, comhroinnt nó scaipeadh faisnéise rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo faoi chomhshocrú riaracháin ar leithligh a thabharfar i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Mhontainéagró agus a bheidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh roimh ré.
2.Maidir le haon mhalartú faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo:
(a)pléifidh an Ghníomhaireacht leis i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún agus pléifidh Montainéagró leis i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta.
(b)gheobhaidh sé leibhéal cosanta ón bPáirtí is faighteoir atá comhionann le leibhéal na cosanta a thugtar leis na bearta a chuireann an Páirtí atá á cur in iúl i bhfeidhm maidir leis an bhfaisnéis sin i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta; agus
(c)déanfar é trí chóras malartaithe faisnéise a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1896.
3.Comhlíonfaidh na Páirtithe cearta maoine intleachtúla a bhaineann le haon sonraí a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 18
Cinneadh maidir le Maoiniú le haghaidh Gníomhaíocht Oibríochtúil a Chur ar Fionraí, a Fhoirceannadh agus/nó a Aistarraingt
1.Mura gcomhlíontar na coinníollacha chun gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanamh a thuilleadh, lena n-áirítear mar a thug Montainéagró fógra faoi, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil sin a fhoirceannadh tar éis dó Montainéagró a chur ar an eolas. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna ina leith.
2.Mura léiríonn Montainéagró urraim don Chomhaontú seo ná do phlean oibríochtúil, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha a aistarraingt, agus/nó é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Montainéagró a chur ar an eolas i scríbhinn.
3.Mura féidir slándáil rannpháirtí i ngníomhaíocht oibríochtúil arna imscaradh i Montainéagró a ráthú, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha nó codanna di a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.
4.Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur tharla sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta, ar sáruithe iad atá tromchúiseacha nó ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar dócha go dtarlóidh siad i ndáil le gníomhaíocht oibríochtúil a dhéantar faoin gComhaontú seo, aistarraingeoidh sé maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha, agus/nó déanfaidh sé é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Montainéagró a chur ar an eolas.
5.Féadfaidh Montainéagró a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna ina leith.
6.Beidh éifeacht ag fionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe faoin Airteagal seo ón dáta a thugtar an fógra do Mhontainéagró. Ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná oibleagáidí a eascróidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó an phlean oibríochtúil sula ndéantar an maoiniú a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a aistarraingt.
7.Féadfaidh Montainéagró a iarraidh go bhfoirceannfaí imscaradh aon bhall den fhoireann nó aon bhall foirne ábhartha eile nach léiríonn urraim don Chomhaontú seo ná do phlean oibríochtúil faoin gComhaontú nó a dhéanann sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht Mhontainéagró. Is é an stiúrthóir feidhmiúcháin nó an Ballstát baile lena mbaineann de réir mar is ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an imscaradh a fhoirceannadh agus tabharfar fógra ina leith d’údaráis ábhartha Mhontainéagró.
Airteagal 19
Calaois a Chomhrac
1.Tabharfaidh Montainéagró fógra don Ghníomhaireacht, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus/nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise láithreach má fhaigheann sé amach go bhfuil líomhaintí inchreidte calaoise, éillithe nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh.
2.I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le maoiniú ón Aontas Eorpach a eisíoctar i ndáil leis an gComhaontú seo, soláthróidh Montainéagró gach cúnamh riachtanach don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus/nó d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a chríoch, lena n‑áirítear agallaimh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair a éascú (lena n‑áirítear rochtain ar chórais faisnéise agus bunachair sonraí i Montainéagró); agus rochtain a éascú ar aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bainistíocht theicniúil agus airgeadais ar chúrsaí arna maoiniú go páirteach nó go hiomlán ag an Aontas Eorpach.
Airteagal 20
Cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo
1.I gcás Mhontainéagró, is í an Aireacht Gnóthaí Baile – Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.
2.I gcás an Aontais Eorpaigh, is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.
Airteagal 21
Réiteach Díospóidí
1.Déanfaidh ionadaithe ón nGníomhaireacht agus ó údaráis inniúla Mhontainéagró scrúdú le chéile ar aon díospóid a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
2.Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo le hidirbheartaíocht idir na Páirtithe agus ar an mbealach sin amháin.
Airteagal 22
Teacht i bhFeidhm, Cur i bhFeidhm Sealadach, Leasú, Fad, Fionraí agus Foirceannadh an Chomhaontaithe agus Foirceannadh an Chomhaontaithe Réamhtheachtaigh
1.Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú, ghlacadh nó fhormheas na bPáirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.
2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha i gcomhréir le mír 1.
Go dtí go gcuirfear na nósanna imeachta is gá i gcrích chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfar an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón gcéad dáta den dara mí tar éis dháta a shínithe ag na Páirtithe.
3.Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.
4.Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.
I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé fógra a thabhairt faoi sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.
5.Leis seo, déantar Comhaontú Stádais an 7 Deireadh Fómhair 2019 idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró, a síníodh i Lucsamburg, a aisghairm agus cuirtear an Comhaontú seo ina ionad.
Le linn na tréimhse ina mbeidh an Comhaontú seo á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm Chomhaontú Stádais an 7 Deireadh Fómhair 2019 idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró, a síníodh i Lucsamburg.
Maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna seoladh ar bhonn Chomhaontú Stádais an 7 Deireadh Fómhair 2019 idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró, a síníodh i Lucsamburg, a bheidh ar siúl go fóill tráth chur i bhfeidhm sealadach nó theacht i bhfeidhm an chomhaontuithe seo, féadfar leanúint léi, faoi réir leasú nó oiriúnú an phlean oibríochtúil lena mbaineann i gcomhréir leis an gcomhaontú seo.
6.Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Montainéagró, chuig Aireacht Ghnóthaí Eachtracha Mhontainéagró.
Arna dhéanamh i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Montainéigris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
Arna dhéanamh sa XX, dáta, LL/MM/BBBB