EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0256

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann leis na riachtanais íosta maidir le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla san earnáil iompair ócáidigh paisinéirí

COM/2023/256 final

An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 256 final

2023/0155(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann leis na riachtanais íosta maidir le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla san earnáil iompair ócáidigh paisinéirí

{SEC(2023) 197 final} - {SWD(2023) 137 final} - {SWD(2023) 138 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

   Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo le hathbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1  . Leis an Rialachán sin socraítear uastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna, agus íostréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla i gcomhair tiománaithe in earnáil an iompair tráchtála.

Le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 cumhdaítear dhá chineál tiománaithe. Is é an chéad chineál tiománaithe atá ag gabháil d’earraí a iompar de bhóthar i bhfeithiclí ar mó ná 3.5 tona a n-uasmhais incheadaithe (ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 freisin maidir le feithiclí ar mó a n-uasmhais incheadaithe ná 2.5 tona, agus iad ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta nó d’oibríochtaí cabatáiste). Is é an dara cineál tiománaithe atá ag gabháil do phaisinéirí a iompar i bhfeithiclí a thógtar nó a oiriúnaítear go buan chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh.

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le hoibreoirí iompair de bhóthar agus a dtiománaithe: (i) is cuma cé acu atá baint acu le hiompar paisinéirí nó le hiompar earraí; nó (ii) is cuma cé acu ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn ócáideach atá an t-iompar agus paisinéirí á n-iompar acu. Mar sin féin, tá tréithe difriúla ag an earnáil iompair ócáidigh paisinéirí i gcomparáid le hiompar lasta agus iompar paisinéirí ar bhonn tráthrialta. Ciallaíonn na saintréithe éagsúla sin go mbíonn tionchar difriúil ag an earnáil iompair ócáidigh paisinéirí ar dhálaí oibre na dtiománaithe, agus dá bhrí sin, ní mór na rialacha maidir le hamanna tiomána, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe is infheidhme maidir leo a oiriúnú.

Is í an ardséasúracht (buaiceanna ar an éileamh ar thurais paisinéirí i séasúir áirithe den bhliain, go háirithe le linn laethanta saoire an gheimhridh agus an tsamhraidh) an tsaintréith is mó a bhaineann le hiompar ócáideach paisinéirí. Saintréith eile a bhaineann leis ná achair thiomána éagsúla, ag brath ar na gníomhaíochtaí turasóireachta a dtugann paisinéirí fúthu, amhail cuairteanna. Ciallaíonn sé sin gur saintréith iad na hachair níos faide a bhíonn á dtiomáint i dtús agus i ndeireadh an turais agus an fad tiomána níos giorra san áit ina mbíonn na gníomhaíochtaí turasóireachta ar siúl. Ní mór don earnáil freastal ar iarrataí réasúnacha neamhphleanáilte agus ar iarrataí réasúnacha gan choinne na bpaisinéirí i dtéarmaí stadanna breise, athruithe ar bhealaí, nó athruithe ar an sceideal. Bíonn níos lú ama tiomána ann i gcoitinne ná mar a bhíonn i gcás iompar lasta nó i gcás seirbhísí tráthrialta bus. Is iondúil go gcodlaíonn tiománaithe in óstáin freisin, agus is annamh a bhíonn siad ag tiomáint san oíche. San am céanna, d’fhéadfadh tiománaithe a bheith faoi réir roinnt gníomhaíochtaí breise le linn an ama oibre, mar thoradh, go minic, ar idirghníomhaíochtaí le paisinéirí, mar shampla comhairle a thabhairt.

Tá an earnáil iompair ócáidigh paisinéirí ag cur i gcoinne leordhóthanacht na rialacha atá ann faoi láthair le blianta fada anuas. Bhí leordhóthanacht na rialacha atá ann faoi láthair faoi réir mheastóireacht ex post 2017 ar reachtaíocht shóisialta an Aontais maidir le hiompar de bhóthar 2 mar chuid den chlár um oiriúnacht rialála (REFIT) freisin. 

Mar sin féin, nuair a bhí an togra reachtach á ullmhú tar éis na meastóireachta, roghnaigh an Coimisiún aghaidh a thabhairt ar dtús ar na fadhbanna is géire a bhíonn ag tiománaithe atá ag gabháil d’iompar lasta, amhail tréimhsí fada ón mbaile agus dálaí oibre agus scíthe míshásúla. Leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, a ghlac an Coimisiún mar chuid de Phacáiste Soghluaisteachta I an 31 Bealtaine 2017 3 , níor tugadh aghaidh, dá bhrí sin, ar na saincheisteanna ar leith a bhíonn ag tiománaithe atá ag obair in iompar ócáideach paisinéirí de bhus agus de chóiste. Mar sin féin, phléigh na comhreachtóirí an tsaincheist sin, agus nuair a ghlac siad Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , cinneadh Airteagal 8(10) a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Leis an Airteagal sin, ceanglaíodh ar an gCoimisiún a mheasúnú an bhféadfaí rialacha níos iomchuí a ghlacadh maidir le tiománaithe atá i mbun seirbhísí ócáideacha le haghaidh iompar paisinéirí, mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 5 .

Deimhníodh sa mheasúnú tionchair a rinneadh le haghaidh an tionscnaimh sin 6 go bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair míchuí go pointe áirithe le haghaidh na hearnála iompair ócáidigh paisinéirí. Is minic a cheanglaítear tréimhsí scíthe agus sosanna nuair nach mbíonn siad ag teastáil ó thiománaithe, rud a fhágann nach bhfuil siad in ann turais a eagrú agus a dhéanamh de réir mar is mian le custaiméirí, nó le linn tréimhsí gnóthacha séasúracha. Is féidir leis sin difear a dhéanamh d’ioncam na dtiománaithe, go háirithe ioncam na dtiománaithe féinfhostaithe. Bíonn tionchar diúltach freisin ag na rialacha atá ann faoi láthair ar dhálaí oibre na dtiománaithe, ós rud é nach bhfuil siad in ann sosanna a ghlacadh ag amanna áisiúla agus nach bhfuil siad in ann na hoícheanta a chaitear ar shiúl ón mbaile a choimeád chomh híseal agus is féidir. Bíonn tionchar aige sin dá réir sin ar leibhéil struis agus tuirse na dtiománaithe, rud a laghdaíonn tarraingteacht ghairm na tiomána agus a chuireann sábháilteacht ar bhóithre i mbaol.

Thairis sin, tá éagothroime iomaíochta ann faoi láthair idir soláthraithe seirbhísí ócáideacha iompair idirnáisiúnta agus intíre (náisiúnta) paisinéirí. Is é is cúis leis sin nach féidir le seirbhísí ócáideacha a tharlaíonn laistigh de Bhallstát amháin an maolú dhá lá dhéag a chur i bhfeidhm (i.e. an tréimhse scíthe sheachtainiúil a chur siar ar feadh suas le 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile tar éis tréimhse scíthe sheachtainiúil thráthrialta roimhe sin) a leagtar síos in Airteagal 8(6)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, mar a leagtar síos le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta. Mar shampla, níl turas fadachair laistigh den Ghearmáin incháilithe don mhaolú dhá lá dhéag, ach tá turas idir an Bheilg agus Lucsamburg incháilithe don mhaolú sin, cé go bhféadfadh sé nach mbeadh aon difríocht idir an dá oibríocht sin i dtéarmaí achair agus faid de.

Ar an ábhar sin, is é is aidhm don togra seo: (i) dáileadh níos solúbtha sosanna agus tréimhsí scíthe a áirithiú; agus (ii) cóir chomhionann a leagan síos idir oibríochtaí ócáideacha iompair idirnáisiúnta agus intíre paisinéirí. Ní thugtar isteach aon athrú ar íosfhad sosanna nó tréimhsí scíthe ná ar uastréimhsí tiomána. Dá bhrí sin, féachann sé le seirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí atá éifeachtúil agus ar ardchaighdeán a ráthú agus feabhas a chur ar dhálaí oibre agus tiomána tiománaithe, go háirithe chun a strus agus a dtuirse a íoslaghdú.

   Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra reatha seo le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir le hiompar de bhóthar, agus go háirithe leis na rialacha ábhartha atá mar chreat le haghaidh mhargadh inmheánach an Aontais i dtaca le hiompar de bhóthar. Go háirithe, tá sé comhsheasmhach le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar 7 ; Treoir 2002/15/CE maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar 8 ; agus le Treoir 2006/22/CE maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme na reachtaíochta sóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar 9 . Tá sé comhsheasmhach freisin le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus.

   Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 go hiomlán comhsheasmhach leis an straitéis maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste 10 . Iarrtar sa straitéis sin go gcabhrófar leis an earnáil iompair agus le hearnálacha gaolmhara sa slabhra luacha – amhail oibreoirí taistil agus turasóireachta – teacht chucu féin níos fearr tar éis phaindéim COVID-19 agus a bheith níos athléimní agus timpeallacht oibre níos tarraingtí a chothú d’oibrithe iompair san am céanna. Thairis sin, tá an tionscnamh comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe bearta chun sábháilteacht ar bhóithre a áirithiú.

Ar bhonn níos leithne, rannchuidíonn an togra le ceann de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) atá an tAontas tiomanta a chur chun feidhme mar chuid de Chlár Oibre 2030, is é sin SDG 8 maidir le fás eacnamaíoch, fostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn 11 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

   Bunús dlí

Leis an togra seo, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus, mar sin, tá sé bunaithe ar an mbunús dlí céanna, mar atá Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

   Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Faoi Airteagal 4(2)(g) CFAE, is ag an Aontas agus ag na Ballstáit araon atá na cumhachtaí rialáil a dhéanamh ar an gcóras iompair. Mar sin féin, is é reachtóir an Aontais amháin ar féidir leis leasuithe a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana.

In éagmais gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, is é is dóichí go mairfeadh na fadhbanna a sainaithníodh. Ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin ina n-aonar, i bhfianaise chineál trasteorann na bhfadhbanna agus toisc go leagtar síos na rialacha atá le leasú maidir le sosanna agus íostréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla i reachtaíocht an Aontais faoi láthair. Dá bhrí sin, tá údar maith le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

   Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo a leanas a sainaithníodh: (i) dálaí oibre míshásúla le haghaidh tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar; agus (ii) éagothroime iomaíochta idir seirbhísí ócáideacha iompair de bhóthar le haghaidh paisinéirí intíre agus seirbhísí ócáideacha iompair de bhóthar le haghaidh paisinéirí idirnáisiúnta.

Mar a luaitear i Roinn 8.1 den mheasúnú tionchair, cuirtear chun feidhme leis an togra an rogha beartais a mheastar gurb í an réiteach is oiriúnaí agus is comhréirí í. Tugann an réiteach sin cothromaíocht idir dálaí oibre agus dálaí scíthe tiománaithe a fheabhsú agus an deis a thabhairt d’oibreoirí oibríochtaí iompair a eagrú a éifeachtúla is féidir, agus na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach comhsheasmhach thar theorainneacha.

   An rogha ionstraime

Ós rud é go bhfuil rialachán atá i bhfeidhm á leasú ag an togra seo, is rialachán atá san ionstraim a roghnaítear freisin. Ós beag an líon athruithe a mholtar, ní gá ná ní iomchuí an Rialachán a athmhúnlú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

   Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Bhí Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 faoi réir meastóireacht ex post a cuireadh i gcrích an 31 Bealtaine 2017 12 , agus a rinneadh mar chuid den chlár um oiriúnacht rialála (REFIT).

Ba é conclúid na meastóireachta ex post go bunúsach go bhféadfadh sé nach mbeadh cuid de na rialacha maidir le heagrú amanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe oiriúnach don earnáil iompair ócáidigh paisinéirí mar gheall ar a saintréithe agus a riachtanais seirbhíse shonracha.

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Leanann an togra seo comhairliúchán cuimsitheach le páirtithe leasmhara a rinneadh le linn 2021 agus 2022.

Rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí idir an 21 Eanáir 2021 agus an 18 Feabhra 2021 maidir leis an measúnú ar tionchar tionscanta 13 . Fuarthas 87 bhfreagra ar an iomlán ó údaráis phoiblí, ó pháirtithe leasmhara tionscail, ó cheardchumainn, ó thiománaithe agus ón bpobal. Go ginearálta, tharraing an t-aiseolas aird ar fhadhb leis na rialacha atá ann cheana maidir le seirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar. Ina dhiaidh sin, mhair comhairliúchán poiblí oscailte 12 sheachtain ón 23 Samhain 2021 go dtí an 18 Feabhra 2022, ina bhfuarthas 170 aighneacht ar an iomlán. Bailíodh faisnéis luachmhar ón gcomhairliúchán sin maidir leis na dúshláin atá roimh an earnáil agus a gníomhaithe, agus maidir le rogha na bhfreagróirí maidir le bearta sonracha beartais. Le linn an staidéir tacaíochta a rinne conraitheoir seachtrach, rinneadh comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara chun léargas sonrach agus mionsonraithe a fháil ar na nithe seo a leanas: (i) an dóigh a n-oibríonn iompar ócáideach paisinéirí de bhóthar; (ii) na fadhbanna a bhaineann leis an reachtaíocht atá ann cheana; agus (iii) tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir le bearta beartais a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar deireadh, rinne conraitheoir seachtrach trí chás-staidéar, inar díríodh ar oibreoirí beaga, meánmhéide agus móra i mBallstáit éagsúla. Le linn na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla, lorgaíodh ionchur go háirithe ó na cineálacha páirtithe leasmhara seo a leanas: comhlachais ghnó; oibreoirí bus agus cóiste; ceardchumainn; tiománaithe aonair; agus údaráis phoiblí.

Léiríodh sa chomhairliúchán cuimsitheach go bhfuil difríochtaí móra idir tuairimí maidir leis na rialacha atá ann faoi láthair agus na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha sin – idir fostóirí agus fostaithe, agus idir cuideachtaí beaga agus cuideachtaí móra araon. Den chuid is mó, bhí ceardchumainn agus formhór na dtiománaithe (fostaithe) i gcoinne solúbthacht nua a thabhairt isteach maidir le heagrú na hoibre agus maidir leis na tréimhsí scíthe le haghaidh tiománaithe bus agus cóiste. An chúis a bhí leis sin ná gur bhraith siad go dtiocfadh meath ar dhálaí oibre mar thoradh ar athruithe den sórt sin. Mar sin féin, léirigh na tiománaithe go raibh siad toilteanach tacú le roinnt athruithe ar na rialacha, mar shampla maidir leis an méid seo a leanas: (i) an maolú dhá lá dhéag a leathnú chun turais ócáideacha intíre a chumhdach; agus (ii) cé gur ar bhonn níos lú ná sin atá sé, coigeartuithe ar na rialacha maidir le tréimhsí sosa agus maidir le sosanna éigeantacha a roinnt. Bhain an cur i gcoinne is mó le hathruithe ar dháileadh na dtréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla. Os a choinne sin, tá formhór na n-oibreoirí bus agus cóiste agus a n-ionadaithe i bhfabhar athruithe fairsinge ar na rialacha maidir le dáileadh sosanna agus maidir le tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí na hearnála agus chun freastal níos fearr ar riachtanais na bpaisinéirí. Cuirtear san áireamh sa togra na hionchuir éagsúla a fuarthas agus tá sé d’aidhm aige cothromaíocht a bhaint amach idir na fadhbanna a sainaithníodh agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo.

   Bailiú agus úsáid saineolais

Thug conraitheoir seachtrach cúnamh don Choimisiún trí staidéar 14 a chur ar fáil chun tacú leis an measúnú tionchair atá mar bhonn taca leis an togra reatha seo. Thug an staidéar léargas luachmhar don Choimisiún, go háirithe maidir leis na roghanna beartais a cheapadh; measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí; agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhfuil tionchar díreach orthu a bhailiú.

   Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, ar measúnú é ar chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach in iúl ina leith, fara agúis áirithe, an 16 Nollaig 2022 15 . Tugadh aghaidh ar príomhbharúlacha uile an Bhoird sa leagan athbhreithnithe den mheasúnú tionchair 16 .

Rinneadh trí rogha beartais a mheas sa mheasúnú tionchair, agus bhí sraith beart beartais i ngach ceann acu. Bhí difríochtaí idir na roghanna beartais i dtéarmaí na nithe seo a leanas: (i) solúbthacht i leith sosanna; (ii) na critéir incháilitheachta chun tréimhsí scíthe laethúla a chur siar; agus (iii) an gá atá le tréimhsí scíthe seachtainiúla inoiriúnaithe. Is de chineál reachtach iad na roghanna beartais sin go léir, agus ní bheartaítear go mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le hoibríochtaí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar. I measc na roghanna, tá na nithe seo a leanas: (i) oiriúnú teoranta d’oibríochtaí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar i rogha beartais A; (ii) scéimeanna agus socruithe níos solúbtha le haghaidh sosanna agus le haghaidh tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla i rogha C; agus (iii) cur chuige leathsholúbtha i rogha B.

Go sonrach, cheadódh an chéad rogha beartais (‘rogha beartais A’) do thiománaithe a sosanna a roinnt ina dtréimhsí 30 agus 15 nóiméad nó i dtréimhsí 15 nóiméad an ceann. Cheadófaí leis freisin tús na tréimhse scíthe laethúla a chur siar 1 uair an chloig nuair nach faide ná 7 n-uaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán don lá sin, nó tús na tréimhse scíthe laethúla a chur siar 2 uair an chloig nuair nach faide ná 5 huaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán. Ní bheadh na maoluithe sin indéanta ach uair amháin le linn turais a mhairfeadh 8 lá nó níos mó. Ina theannta sin, le rogha beartais A, dhéanfaí na rialacha maidir le seirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí nach dtarlaíonn ach laistigh de thír amháin a ailíniú freisin leis na rialacha maidir le seirbhísí idirnáisiúnta, trí chead a thabhairt an tréimhse scíthe sheachtainiúil a chur siar ar feadh suas le 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile tar éis tréimhse scíthe sheachtainiúil thráthrialta roimhe sin (an maolú 12 lá, mar a thugtar air).

Cheadódh an dara rogha beartais (‘rogha beartais B’) do thiománaithe a sosanna a roinnt ar bhealach atá go hiomlán solúbtha. Leis an rogha sin, cheadófaí do thiománaithe freisin tús na tréimhse scíthe laethúla a chur siar 1 uair an chloig nuair nach faide ná 7 n-uaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán don lá sin, nó tús na tréimhse scíthe laethúla a chur siar 2 uair an chloig nuair nach faide ná 5 huaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán. Ní bheadh na maoluithe sin indéanta ach faoi dhó le linn turais a mhairfeadh 8 lá nó níos mó. Thairis sin, cheadódh rogha beartais B do thiománaithe atá páirteach i seirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar a mhaireann 8 lá ar a laghad a dtréimhsí scíthe seachtainiúla a dháileadh thar 10 seachtaine i ndiaidh a chéile.

Cheadódh an tríú rogha beartais (‘rogha beartais C’) do thiománaithe a sosanna a roinnt ar bhealach atá go hiomlán solúbtha freisin. Leis an rogha sin, cheadófaí do thiománaithe freisin tús a dtréimhsí scíthe laethúla a chur siar 1 uair an chloig nuair nach faide ná 7 n-uaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán don lá sin, nó tús a dtréimhsí scíthe laethúla a chur siar 2 uair an chloig nuair nach faide ná 5 huaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán. Bheadh na maoluithe sin neamhtheoranta a mhéid a bhaineann leis an líon uaireanta a d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm le linn turais 8 lá nó níos mó. Thairis sin, cheadódh rogha beartais C do sheirbhísí ócáideacha intíre iompair paisinéirí an maolú 12 lá a úsáid, ach chuirfeadh rogha beartais C deireadh freisin leis an gcoinníoll ‘seirbhís ócáideach aonair’ 17 agus leis an oibleagáid dhá thréimhse scíthe sheachtainiúla thráthrialta a ghlacadh tar éis an maolú 12 lá a úsáid.

Is í rogha beartais A an rogha beartais ab fhearr, ós rud é go meastar gurb í an rogha beartais is éifeachtaí agus is comhsheasmhaí í le cuspóir Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 dálaí oibre a fheabhsú. Tá sé sin amhlaidh d’ainneoin an chóimheasa tairbhe agus costais níos ísle i gcomparáid le rogha beartais C agus rogha beartais B. Mar sin féin, i dtéarmaí cothromaíocht a bhaint amach idir bearta lena soláthraítear níos mó solúbthachta maidir le sosanna agus tréimhsí scíthe a eagrú ar thaobh amháin, agus dálaí oibre na dtiománaithe a choinneáil ar an leibhéal céanna ar an taobh eile, meastar go bhfuil rogha beartais A níos comhréirí ná rogha beartais B agus rogha beartais C.

Ní dhéanann an rogha beartais ab fhearr difear do na híos-sosanna iomlána, d’uastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, ná d’íostréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla. Leis na bearta atá beartaithe faoin rogha beartais ab fhearr, ní dhéantar foráil ach maidir leis na nithe seo a leanas: (i) solúbthacht maidir le dáileadh sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla; agus (ii) infheidhmeacht an mhaolaithe 12 lá maidir le seirbhísí ócáideacha iompair intíre paisinéirí.

Tagann glansochair i gcoibhneas leis an mbunlíne as gach ceann de na trí rogha beartais. Meastar go mbaineann na glansochair is airde le rogha beartais C (idir EUR 171.3 milliún agus EUR 242.2 milliún), agus ina dhiaidh sin rogha beartais B (idir EUR 100.4 milliún agus EUR 206.8 milliún) agus rogha beartais A (idir EUR 100.4 milliún agus EUR 135.8 milliún). Le rogha beartais A, meastar go sábhálfaí costais choigeartaithe d’oibreoirí bus agus cóiste idir EUR 106.4 milliún agus EUR 141.9 milliún, arna shloinneadh mar luach reatha i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. Le rogha beartais B, shábhálfaí idir EUR 106.4 milliún agus EUR 212.8 milliún ar chostais choigeartaithe, agus shábhálfaí idir EUR 177.3 milliún agus EUR 248.3 milliún de thoradh rogha beartais C. Tá coinne leis go mbeidh an éifeacht is mó ag coigilteas costais sa chéad 2 bhliain de chur chun feidhme na rialacha nua agus go dtiocfaidh laghdú ar an éifeacht de réir a chéile le himeacht ama, agus meastar go mbeidh coigilteas nialasach ann san fhadtéarma (faoi 2050) i gcoibhneas leis an mbunlíne.

Níorbh fhéidir tionchair shóisialta na rogha ab fhearr a chainníochtú, go háirithe i ngeall ar mhéid beag earnáil na seirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí agus ar an nganntanas sonraí atá ar fáil maidir leis an earnáil sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí ach measúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar an tionchar ar dhálaí oibre. Measadh freisin go raibh na tionchair ar an gcomhshaol beagán dearfach ach ní fhéadfaí iad a chainníochtú. Ar an ábhar sin, ní léiríonn an cóimheas ríofa tairbhe agus costais an tionchar ar dhálaí oibre ná ar an gcomhshaol, agus ní mór na measúnuithe cainníochtúla agus cáilíochtúla a chur le chéile chun go mbeifear in ann teacht ar thuairim iomlán eolasach.

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, trí na rialacha atá ann faoi láthair a oiriúnú do shainiúlachtaí na hearnála iompair ócáidigh paisinéirí, beidh sé níos éasca d’oibreoirí agus do thiománaithe seirbhísí éifeachtúla agus ardcháilíochta a eagrú. Beidh tionchar dearfach aige sin ar a bhfeidhmíocht ghnó, lena n-áirítear trí chostais a shábháil agus trí sheirbhís fheabhsaithe a thairiscint. Meastar go mbeidh glanchoigilteas costais idir EUR 105.8 milliún agus EUR 141.3 milliún ann do ghnólachtaí faoin togra, coigilteas arna shloinneadh mar luach reatha i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. Bainfidh FBManna, ar gnách leo oibriú le líon teoranta tiománaithe agus busanna, an tairbhe is mó as na bearta atá beartaithe. D’fhéadfadh sé go dtabhódh riaracháin phoiblí roinnt costas teoranta agus iad ag cur eolas ar na rialacha nua, ar costais iad a thuartar ag EUR 5.4 milliún, arna sloinneadh mar luach reatha i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. San am céanna, tá coinne le tionchair dhearfacha trí dheacrachtaí atá ann faoi láthair maidir le comhlíonadh a réiteach, cé nach bhféadfaí na tairbhí sin a chainníochtú.

   Cearta bunúsacha

Rannchuidíonn an togra seo le cuspóirí Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 18 , agus go háirithe Airteagal 31 di, lena ndéantar foráil maidir leis an gceart chun dálaí oibre cearta agus córa. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfidh an togra feabhas ar dhálaí oibre tiománaithe ócáideacha bus agus cóiste, trí sholúbthacht theoranta ach riachtanach a cheadú i rialacha áirithe maidir le sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

   Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar éifeachtacht an tionscnaimh seo trí mheascán de thuarascálacha náisiúnta cur chun feidhme agus trí anailís a dhéanamh ar shonraí ó eagraíochtaí forfheidhmithe an Aontais agus ó fhoinsí bhunachar sonraí an Aontais. Go háirithe, déanfar faireachán agus meastóireacht ar fhorbairtí ar líon, ar chineálacha agus ar mhinicíocht na sáruithe ar na rialacha sóisialta nualeasaithe trí thuarascálacha cur chun feidhme bunaithe ar Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Leis an Airteagal sin ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis is gá a chur in iúl gach 2 bhliain chun a chur ar a chumas don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas gach 2 bhliain maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin agus maidir le forbairtí sa réimse i dtrácht araon. Ina theannta sin, déanfaidh Eurostat agus/nó suirbhéanna tiomnaithe faireachán agus meastóireacht ar na tionchair eacnamaíocha agus ar na tionchair ar dhálaí oibre agus ar dhea-bhail na dtiománaithe.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra tugtar isteach líon teoranta leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar a leanas:

in Airteagal 4, leasaítear pointe (n) chun an tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar aisghaireadh Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle 19 , a thabhairt cothrom le dáta;

in Airteagal 4, cuirtear isteach pointe (n)(a) nua chun an sainmhíniú is gá ar sheirbhísí ócáideacha paisinéirí, dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, a thabhairt isteach, agus chun a shoiléiriú go gcumhdaíonn an sainmhíniú sin seirbhísí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon;

in Airteagal 7, cuirtear isteach mír nua chun a cheadú do thiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí a sos éigeantach a roinnt i dtrí shos ar leith de 15 nóiméad ar a laghad an ceann, sa bhreis ar an bhféidearthacht atá ann faoi láthair sos a roinnt ina dhá shos ar leith de 15 nóiméad agus de 30 nóiméad;

in Airteagal 8(2), cuirtear isteach mír nua chun a cheadú do thiománaithe atá ag gabháil do sheirbhís ócáideach aonair paisinéir a mhaireann 8 lá nó níos mó tús na tréimhse scíthe laethúla a chur siar 1 uair an chloig, nuair nach faide ná 7 n-uaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán don lá sin, nó tús na tréimhse scíthe laethúla a chur siar 2 uair an chloig, nuair nach faide ná 5 huaire an chloig an tréimhse tiomána laethúil iomlán don lá sin. Soiléirítear leis an mír nua freisin na coinníollacha atá le comhlíonadh chun go mbeidh feidhm ag na maoluithe sin;

in Airteagal 8(6)(a), leasaítear an frása réamhráiteach, chomh maith le pointe (a), chun an fhéidearthacht an tréimhse scíthe sheachtainiúil a chur siar ar feadh suas le 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile, tar éis tréimhse scíthe sheachtainiúil thráthrialta roimhe sin, a leathnú chun seirbhísí ócáideacha náisiúnta paisinéirí a chumhdach.

2023/0155 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann leis na riachtanais íosta maidir le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla san earnáil iompair ócáidigh paisinéirí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 20 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 21 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is den ríthábhacht é dálaí maithe oibre a bheith ag tiománaithe agus dálaí cothroma gnó a bheith ag gnóthais iompair de bhóthar chun earnáil iompair de bhóthar atá éifeachtúil, slán, agus cuntasach i dtéarmaí sóisialta a chruthú, chun an neamh-idirdhealú a áirithiú agus chun oibrithe cáilithe a mhealladh. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach rialacha sóisialta an Aontais maidir le hiompar de bhóthar a bheith soiléir, comhréireach, oiriúnach don chuspóir, éasca a chur i bhfeidhm, agus éasca a fhorfheidhmiú, agus go gcuirtear chun feidhme iad go héifeachtach comhsheasmhach ar fud an Aontais.

(2)Tá feidhm ag na rialacha maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 maidir le hoibreoirí iompair de bhóthar agus a dtiománaithe, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil siad páirteach in iompar paisinéirí nó earraí nó gan beann ar cé acu, a mhéid a bhaineann le hiompar paisinéirí, atá an t-iompar tráthrialta nó ócáideach.

(3)Mar sin féin, níl sainghnéithe na hearnála iompair ócáidigh paisinéirí de bhóthar i gcoiteann ag an earnáil iompair lasta de bhóthar ná ag an earnáil iompair thráthrialta paisinéirí de bhóthar. Saintréith d’iompar ócáideach paisinéirí de bhóthar is ea an ardséasúracht agus faid éagsúla ama a chaitear ag tiomáint atá ag brath ar na gníomhaíochtaí turasóireachta a dhéanann paisinéirí. Ní mór dó freastal ar iarrataí neamhsceidealaithe agus ar iarrataí gan choinne ó phaisinéirí i dtéarmaí stadanna breise agus athruithe ar an mbealach nó ar an sceideal, nuair is féidir. Go ginearálta, bíonn níos lú ama tiomána i gceist le hiompar ócáideach paisinéirí de bhóthar i gcomparáid le hiompar lasta nó le seirbhísí tráthrialta bus. Chomh maith leis sin, is iondúil go gcodlaíonn tiománaithe in óstáin, agus is annamh a bhíonn siad ag tiomáint san oíche. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh tiománaithe a bheith faoi réir roinnt gníomhaíochtaí breise le linn an ama oibre, mar thoradh, go minic, ar idirghníomhaíochtaí le paisinéirí.

(4)Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex post ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nach bhfuil cuid de na rialacha aonfhoirmeacha a bhaineann le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe oiriúnach do shainghnéithe seirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar. Léirigh measúnuithe breise a rinne an Coimisiún ina leith sin go bhfuil roinnt de cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla mí-oiriúnach agus neamhphraiticiúil le haghaidh tiománaithe agus oibreoirí a bhíonn ag gabháil d’iompar ócáideach paisinéirí de bhóthar, toisc go mbíonn tionchar diúltach acu ar an gcumas seirbhísí ócáideacha éifeachtúla ardcháilíochta do phaisinéirí a eagrú, ar dhálaí oibre tiománaithe, agus ar shábháilteacht ar bhóithre dá bharr sin.

(5)Dá bhrí sin, is iomchuí na ceanglais maidir le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe a oiriúnú chun go mbeidh siad oiriúnach do cheanglais shonracha na seirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar. Is iomchuí freisin na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí ócáideacha iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar a ailíniú.

(6)Níor cheart sábháilteacht na dtiománaithe ná sábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol ar bhealach ar bith ná níor cheart méadú ar bhealach ar bith ar leibhéal tuirse na dtiománaithe ná níor cheart meath ar bhealach ar bith teacht ar dhálaí oibre mar gheall ar rialacha níos solúbtha maidir le sceidealú sosanna agus tréimhsí scíthe tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar. Dá bhrí sin, leis an tsolúbthacht sin, níor cheart athrú teacht ar na rialacha atá ann faoi láthair maidir leis na híos-sosanna iomlána, maidir le huastréimhsí tiomána in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus maidir leis an uastréimhse choicísiúil tiomána.

(7)Chun sainmhíniú aonfhoirmeach ar sheirbhísí ócáideacha do phaisinéirí a áirithiú, is gá a shoiléiriú go gcumhdaíonn an sainmhíniú a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 seirbhísí náisiúnta agus seirbhísí idirnáisiúnta araon. Is iomchuí freisin an tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, lenar aisghaireadh Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle 24 , a thabhairt cothrom le dáta.

(8)Níor cheart do sholúbthacht bhreise i sceidealú sosanna le haghaidh tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar cosc a chur ar na tiománaithe sin sosanna a ghlacadh den fhad íosta is gá chun go mbeidh siad in ann scíth a ligean i gceart. Dá bhrí sin, is iomchuí íosfhad a shocrú i gcás gach sosa. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar a sos éigeantach a roinnt i dtrí shos ar leith de 15 nóiméad ar a laghad an ceann, sa bhreis ar an bhféidearthacht eile sos a roinnt.

(9)Chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as an tsolúbthacht bhreise sin i sceidealú thréimhsí scíthe na dtiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar, tá sé fíor-riachtanach raon feidhme na solúbthachta sin a theorannú go soiléir agus foráil a dhéanamh maidir le seiceálacha iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart do thiománaithe a bheith in ann tús a dtréimhsí scíthe laethúla a chur siar ar feadh uastréimhse 1 uair an chloig nó 2 uair an chloig, i gcásanna nach faide ná 5 nó 7 n-uaire an chloig faoi seach an tréimhse tiomána don lá sin, agus níor cheart dóibh tús na dtréimhsí scíthe a chur siar ach amháin nuair atá turais 8 lá nó níos faide á ndéanamh acu. Ba cheart teorannú breise a dhéanamh ar an tsolúbthacht sin do cheann amháin den dá chineál maolaithe le linn thréimhse an turais. Ba cheart é a bheith indéanta freisin an dara seiceáil a dhéanamh ar imthosca den sórt sin le hasphrionta ón trealamh taifeadta nó ón uainchlár dualgas, de bhreis ar na taifid tacagraif.

(10)Maidir leis an bhféidearthacht an tréimhse scíthe sheachtainiúil a chur siar ar feadh suas le 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile a theorannú go heisiach do sheirbhísí idirnáisiúnta ócáideacha do phaisinéirí, bíonn tionchar diúltach aige sin i dtéarmaí iomaíocht neamhshaofa agus chóir idir oibreoirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá sé chomh maith ag seirbhísí náisiúnta ócáideacha do phaisinéirí a seirbhísí a sholáthar faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le seirbhísí idirnáisiúnta ócáideacha do phaisinéirí i dtéarmaí an achair a thaistealaítear nó an fhaid nó na seirbhísí a chuirtear ar fáil do phaisinéirí. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbainfeadh seirbhísí náisiúnta ócáideacha do phaisinéirí tairbhe as an bhféidearthacht sin freisin. 

(11)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is iad sin iomaíocht chóir a áirithiú agus dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le sosanna agus tréimhsí scíthe le haghaidh tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leormhaith, ach, mar gheall ar chineál na gcuspóirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(12)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):

‘(n) ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta do phaisinéirí’ seirbhísí náisiúnta agus idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí 2 agus 3, de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;

_______

* Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).’;

(b)cuirtear isteach an pointe (na) seo a leanas:

‘(na) ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha do phaisinéirí’ seirbhísí ócáideacha náisiúnta agus idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 4, de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009;’;

(2)in Airteagal 7, cuirtear isteach an ceathrú mír seo a leanas:

‘I gcás tiománaí atá ag gabháil do sheirbhís ócáideach do phaisinéirí, féadfar freisin trí shos de 15 nóiméad ar a laghad an ceann a chur in ionad an tsosa dá dtagraítear sa chéad mhír, ar sosanna iad a dháilfear i gcaitheamh na tréimhse tiomána dá dtagraítear sa chéad mhír, ar bhealach a chomhlíonfaidh an chéad mhír.’;

(3)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a) cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

‘2a. Ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr sin, féadfaidh tiománaí atá ag gabháil do sheirbhís ócáideach do phaisinéirí a mhaireann 8 lá ar a laghad maolú ar mhír 2, an chéad fhomhír, ar na bealaí seo a leanas:

(a) an tréimhse scíthe laethúil a chur siar 1 uair an chloig ar a mhéad, ar choinníoll nach faide ná 7 n-uaire an chloig an t-am tiomána carntha iomlán don lá sin;

(b) an tréimhse scíthe laethúil a chur siar 2 uair an chloig ar a mhéad, ar choinníoll nach faide ná 5 huaire an chloig an t-am tiomána carntha iomlán don lá sin.

Ní fhéadfar gach ceann de na maoluithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a úsáid ach aon uair amháin le linn an turais dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Breacfaidh an tiománaí de láimh cúis an mhaolaithe sin ar leathanach taifid an trealaimh taifeadta, nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht go ceann scríbe nó go háit stadta oiriúnach, ar a dhéanaí.’;

(b) i mír 6a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití agus phointe (a):

‘De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh tiománaí atá ag gabháil do sheirbhís aonair ócáideach do phaisinéirí an tréimhse scíthe sheachtainiúil a chur siar ar feadh suas le 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile tar éis tréimhse scíthe sheachtainiúil thráthrialta roimhe sin, ar choinníoll:

(a) go maireann an tseirbhís 24 uair an chloig as a chéile ar a laghad;’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(2)    SWD(2017)184 final, le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52017SC0184 .
(3)    COM(2017) 277 final.
(4)    Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1).
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (athmhúnlú) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).
(6)    SWD(2023)137 final
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(8)    Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).
(9)    Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste – an córas iompair Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí], arna glacadh an 9 Nollaig 2020 (COM/2020/789 final).
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Next steps for a sustainable European future: European action for sustainability, Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip – Gníomhaíocht Eorpach um inbhuanaitheacht] arna glacadh an 22 Samhain 2016 (COM(2016) 739 final).
(12)    SWD(2017)184 final.
(13)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12488-Tiomanaithe-bus-agus-coiste-rialacha-an-Aontais-maidir-le-treimhsi-tiomana-agus-scithe_ga .
(14)    https://op.europa.eu/s/yEMl
(15)    SEC(2023)197 final. 
(16)    SWD(2023)137 final.
(17)    Ciallaíonn seirbhís ócáideach aonair i gcomhthéacs Airteagal 8(6a) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nach bhféadfaidh tiománaithe ach turas amháin a dhéanamh laistigh de 12 lá chun go mbeidh cead acu a dtréimhse scíthe sheachtainiúil a chur ar siar go dtí deireadh an 12ú lá.
(18)    IO C 326, 26.10.2012, lch. 2.
(19)    Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 74, 20.3.1992, lch. 1).
(20)    IO C , , lch. .
(21)    IO C , , lch. .
(22)    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (athmhúnlú) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).
(24)    Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 74, 20.3.1992, lch. 1).
Top