Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0232

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE)2017/1001

    COM/2023/232 final

    An Bhruiséil,27.4.2023

    COM(2023) 232 final

    2023/0133(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE)2017/1001

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2023) 174 final} - {SWD(2023) 123 final} - {SWD(2023) 124 final} - {SWD(2023) 125 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Cuireann an caighdeánú go mór leis an nuálaíocht thionsclaíoch agus leis an iomaíochas. Braitheann caighdeáin rathúla ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha, a mbíonn gá le hinfheistíochtaí móra sa taighde agus san fhorbairt ina leith. Faoi rialacha roinnt mhaith eagraíochtaí um fhorbairt caighdeán (‘SDOnna’), amhail ETSI 1 agus IEEE 2 , féadfaidh cuideachtaí agus daoine aonair a rannchuidithe teicniúla a phaitinniú de réir caighdeáin. Paitinní lena gcosnaítear teicneolaíocht ar cuid riachtanach de chaighdeán iad, is bunphaitinní caighdeáin (BPCanna) a thugtar orthu. Go hiondúil, ceanglaíonn eagraíochtaí um fhorbairt caighdeán (SDOnna) go ngeallann aon duine nó cuideachta ar mian leo a gcuid teicneolaíochta paitinnithe a áireamh i gcaighdeán na paitinní ábhartha a cheadúnú do dhaoine nó cuideachtaí eile arbh fhéidir gur mhian leo an caighdeán a úsáid (tugtar ‘feidhmeoirí’ freisin ar na gnólachtaí a úsáideann/chuireann caighdeán chun feidhme 3 ). Ní mór na ceadúnais sin a dheonú d’fheidhmeoirí ar théarmaí agus ar choinníollacha cóir, réasúnta agus neamhidirdhealaitheacha. Má dhiúltaíonn sealbhóir na paitinne gealltanas den sórt sin a thabhairt, ní féidir a dteicneolaíocht phaitinnithe a áireamh sa chaighdeán.

    Is iad seo a leanas cuspóirí foriomlána an tionscnaimh seo atá beartaithe: (i) a áirithiú go dtairbhíonn úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear gnólachtaí beaga agus tomhaltóirí an Aontais de tháirgí atá bunaithe ar na teicneolaíochtaí caighdeánaithe is déanaí; (ii) áit tharraingteach a dhéanamh den Aontas Eorpach don nuálaíocht i gcaighdeáin; agus (iii) spreagadh a thabhairt do shealbhóirí agus d’fheidhmeoirí BPC nuáil a dhéanamh san Aontas, táirgí a dhéanamh agus a dhíol san Aontas, agus a bheith iomaíoch i margaí lasmuigh den Aontas. Is éard is aidhm don tionscnamh rannpháirtíocht na ngnóthas Eorpach a dhreasú sa phróiseas forbartha caighdeán agus i gcur chun feidhme leathan na dteicneolaíochtaí caighdeánaithe sin, go háirithe i dtionscail Idirlíon na Rudaí Nithiúla. 

    Sa chomhthéacs sin, féachtar leis an tionscnamh: (i) faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le BPCanna agus téarmaí agus coinníollacha FRAND atá ann cheana chun an chaibidlíocht faoi cheadúnú a éascú; (ii) feasacht a mhúscailt faoi cheadúnú BPC sa slabhra luacha, agus (ii) foráil a dhéanamh maidir le sásra um réiteach malartach díospóidí chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a shocrú.

    Iarradh i dTeachtaireacht an Choimisiúin ó 2017 ‘Cur chuige an Aontais i leith Bunphaitinní Caighdeáin a leagan amach’ 4 , ar chur chuige cuimsitheach cothrom don cheadúnú BPC le rannchuidiú na teicneolaíochta is fearr le hiarrachtaí caighdeánaithe domhanda a dhreasú, agus le rochtain éifeachtúil ar theicneolaíochtaí caighdeánaithe a chothú. D’aithin an Coimisiún an gá a bhí le trédhearcacht mhéadaithe, agus thug aghaidh ar ghnéithe áirithe den cheadúnú FRAND agus den fhorghníomhú BPC. Bhí conclúidí ón gComhairle 6681/18 5 mar thaca le tuairimí an Choimisiúin, agus chuir an Chomhairle i dtábhacht a thábhachtaí a bheadh trédhearcacht mhéadaithe.

    An 10 Samhain 2020, le conclúidí ón gComhairle 12339/20 6 , d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí a chur i láthair le haghaidh beartas an Aontais um Maoin Intleachtúil amach anseo. Thug an Chomhairle spreagadh don Choimisiún an plean gníomhaíochta maidir le Maoin Intleachtúil a bhí fógartha a chur i láthair go pras, agus tionscnaimh ann le cosaint MI a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos inacmhainne, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) 7 , agus comhroinnt éifeachtach MI a chur chun cinn, go sonrach sócmhainní criticiúla amhail BPCanna, agus cúiteamh leordhóthanach agus cóir a áirithiú d’fhorbróirí teicneolaíochta.

    An 25 Samhain 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún an plean gníomhaíochta maidir le maoin intleachtúil 8 , inar fhógair sé a spriocanna chun trédhearcacht agus intuarthacht um cheadúnú BPC, lena n‑áirítear trí fheabhas a chur ar an gcóras ceadúnúcháin BPC, chun tairbhe thionscal agus thomhaltóirí an Aontais, agus go háirithe na FBManna. Tugadh méaduithe ar dhíospóidí um cheadúnú BPC san earnáil mótarfheithiclí faoi deara sa phlean gníomhaíochta, agus an fhéidearthacht go dtiocfadh earnálacha IoT eile faoi réir díospóidí den sórt sin agus iad ag tosú ar an nascacht agus caighdeáin eile a úsáid. Thacaigh Conclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 9 agus Parlaimint na hEorpa (PE) ina Rún leis an bplean 10 . D’aithin Parlaimint na hEorpa an gá atá le córas CMI atá láidir agus cothrom, agus d’aontaigh sí le seasamh an Choimisiúin go mbraitheann an trédhearcacht is gá le haghaidh caibidlíocht chóir maidir le ceadúnú go mór ar infhaighteacht na faisnéise faoi BPCanna a bheith ann, faoina raon feidhme agus faoina dtréithe riachtanacha. D’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún freisin tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le gnéithe éagsúla de FRAND, agus machnamh a dhéanamh maidir le dreasachtaí féideartha le haghaidh caibidlíochta níos éifeachtúla ar cheadúnú BPC agus chun an dlíthíocht a laghdú.

    I gcomhthreo leis an tionscnamh sin, thug an Coimisiún an Straitéis um Chaighdeánú cothrom le dáta 11 agus tá na Treoirlínte Cothrománacha á athbhreithniú aige 12 . Is é is aidhm don Straitéis nua um Chaighdeánú, a foilsíodh i mí Feabhra 2022, ról an Aontais a neartú mar an bunaitheoir caighdeán domhanda, an t‑iomaíochas idirnáisiúnta a bhrú ar aghaidh agus geilleagar atá athléimneach, glas agus digiteach a chumasú. Tá an tionscnamh BPCanna atá ann faoi láthair comhlántach leis an Straitéis um Chaighdeánú agus leis na Treoirlínte Cothrománacha 13 , atá faoi athbhreithniú faoi láthair.

    Baineann tábhacht leis an tionscnamh sin freisin i gcomhthéacs na bhforbairtí domhanda. Mar shampla, tá cur chuige i bhfad níos déine á ghlacadh ag geilleagair éiritheacha áirithe chun caighdeáin dhúchasacha a chur chun cinn agus chun buntáiste iomaíoch a thabhairt dá dtionscail i dtéarmaí na rochtana ar an margadh agus rolladh amach na teicneolaíochta. Tá cinneadh déanta ag na Cúirteanna sa Ríocht Aontaithe, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa tSín freisin, agus a saintréithe dá gcuid féin acu, go bhfuil dlínse acu chun téarmaí agus coinníollacha domhanda FRAND a chinneadh i gcásanna sonracha a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar thionscal an Aontais 14 . Lena chois sin, tá roinnt tíortha tar éis 15  treoirlínte a eisiúint, nó tá siad ag smaoineamh ar a n‑eisiúint, lena rialófar an chaibidlíocht maidir le ceadúnú BPC 16 .

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Is gnách go ngintear tionchair shuntasacha dhearfacha eacnamaíocha le Comhaontuithe um chaighdeánú. Ní foláir do shealbhóir ‘BPC féideartha’ a dhearbhú do SDO cé acu a bheidh nó nach mbeidh siad toilteanach a gcuid paitinní a cheadúnú ar théarmaí agus coinníollacha FRAND nuair a chuirtear an caighdeán chun feidhme i dtáirgí nó sna comhpháirteanna ábhartha díobh. Mura dtugann sealbhóir paitinne gealltanas FRAND i gcomhréir le beartais CMI SDO, is féidir nach n‑áireofar a rannchuidithe BPC sa chaighdeán. Mar sin féin, trí theicneolaíocht phaitinnithe a áireamh i gcaighdeán, tá seasamh láidir eacnamaíoch ag an sealbhóir BPC vis‑à‑vis feidhmeoir féideartha caighdeán, óir nach féidir le feidhmeoirí ar mian leo caighdeáin a ionchorprú oibriú thar na bpaitinní sin, agus nach mór dóibh ceadúnas a íoc nó gan táirgí a mhonarú ina n‑úsáidtear an caighdeán. Dá fhorleithne atá cur i bhfeidhm an chaighdeáin, is é is láidre a d’éireodh seasamh an tsealbhóra, rud as a bhféadfadh iompraíocht fhrithiomaíoch teacht ón sealbhóir BPC.

    Tugtar treoraíocht sna Treoirlínte Cothrománacha le haghaidh SDOnna faoi conas féinmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 101(1) agus Airteagal 101(3) CFAE le haghaidh comhaontuithe um chaighdeánú. Leagadh amach na ceithre phrionsabal seo a leanas iontu le go ndéanfadh SDOnna machnamh ina bhféinmheasúnú orthu: (i) tá rannpháirtíocht sa bhunú caighdeán neamhshrianta; (ii) tá an nós imeachta maidir leis an gcaighdeán a ghlacadh trédhearcach; (iii) ní ann d’aon oibleagáid an caighdeán a chomhlíonadh; (iv) is ann do rochtain éifeachtach ar an gcaighdeán ar théarmaí FRAND. I bhfianaise an mhéid sin, is iondúil a cheanglaítear i mbeartais CMI SDO go nochtann rannpháirtithe i bhforbairt caighdeán gur ann do phaitinní (lena n‑áirítear iarratais ar phaitinn ar feitheamh) a d’fhéadfadh a bheith fíor‑riachtanach, nó éirí mar sin, don chaighdeán ábhartha. I bprionsabal, bheadh ceadúnas de dhíth ar fheidhmeoirí ó shealbhóirí na paitinne chun an caighdeán a chleachtadh. Go hiondúil, d’iarrfadh sealbhóirí BPC ar fheidhmeoirí ceadúnas den sórt sin a ghlacadh ar théarmaí agus coinníollacha FRAND. Ina breithiúnas suntasach in Huawei v. ZTE 17 , d’aithin Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ceart an tsealbhóra BPC féachaint lena phaitinní a fhorfheidhmiú sna cúirteanna náisiúnta agus na coinníollacha (céimeanna) a leagan amach nach mór iad a chomhlíonadh chun mí‑úsáid na staide ceannasaí ag an sealbhóir BPC a chosc agus urghaire á lorg. Toisc nach ndeonaítear an ceart eisiach ar úinéir paitinne léi cosc a chur ar aon tríú páirtí an t‑aireagán a úsáid gan toiliú an úinéara ach amháin sa dlínse dá n‑eisítear é (i.e. an Ghearmáin, an Fhrainc, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSín, etc.), is le dlíthe náisiúnta na bpaitinní agus le himeachtaí sibhialta nó dlíthe forfheidhmithe a rialaítear díospóidí faoi phaitinní. 18 .

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Thug an Coimisiún a straitéis um chaighdeánú cothrom le dáta le déanaí 19 . Is é is aidhm do Straitéis nua an Aontais um Chaighdeánú, a foilsíodh i mí Feabhra 2022, chun iomaíochas domhanda an Aontais a neartú, chun geilleagar athléimneach, glas agus digiteach a chumasú, agus chun luachanna daonlathacha a dhaingniú i bhfeidhmeanna teicneolaíochtaí agus aschur ardcháilíochta na gcaighdeán Eorpach á chaomhnú an tráth céanna. Tá an tionscnamh seo comhlántach leis an Straitéis um Chaighdeánú sa mhéid gurb éard is aidhm dó spreagadh agus cúiteamh a thabhairt do rannchuidiú leanúnach na dteicneolaíochtaí ceannródaíocha le caighdeáin trí cheadúnú na dteicneolaíochtaí paitinnithe atá ionchorpraithe sna caighdeáin a éascú.

    Tá an tionscnamh comhlántach leis na Treoirlínte Cothrománacha freisin, atá faoi athbhreithniú faoi láthair. Tugtar aghaidh iontu siúd ar shaincheisteanna a bhaineann leis an bpróiseas caighdeánaithe agus chun rochtain ar an gcaighdeán a áirithiú ar théarmaí agus coinníollacha FRAND. Soláthraítear uirlisí leis an tionscnamh chun próiseas ceadúnúcháin BPC a éascú tar éis fhoilsiú an chaighdeáin gan seasamh a ghlacadh i leith saincheisteanna a bhaineann leis an iomaíocht. 

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Baineann an tionscnamh le caighdeáin ar rannchuidigh sealbhóir paitinne teicneolaíocht phaitinnithe leo, agus dár gheall sé SDO le ceadúnú ar théarmaí agus coinníollacha FRAND. Na caighdeáin dá dtugann sealbhóirí paitinní gealltanais FRAND, cuirtear i bhfeidhm ar bhonn trasteorann i measc na mBallstát agus ar bhonn domhanda iad. Is annamh a dhéantar an ceadúnú BPC ar bhonn náisiúnta freisin. De ghnáth, is ar bhonn domhanda a thugtar conarthaí ceadúnúcháin i gcrích, agus féadfar gnéithe réigiúnacha áirithe a thabhairt san áireamh leo. Cumhdaíonn na caighdeáin idirnáisiúnta atá i gceist teicneolaíochtaí amhail 4G, 5G, Wi‑Fi, HEVC, AVC, DVB agus cinn eile lena n‑áirithítear idir‑inoibritheacht na dtáirgí ar fud an domhain.

    Is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí óir is é an cuspóir feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh an margadh aonair a bhunú agus a fheidhmiú. Féachann an tionscnamh le héifeachtúlacht an cheadúnúcháin BPCanna a áirithiú, rochtain dhlíthiúil ar na caighdeáin a éascú, agus glacadh níos forleithne na gcaighdeán a chur chun cinn. Níl aon riail shonrach de chuid an Aontais ná aon riail shonrach náisiúnta ann maidir le BPCanna seachas treoraíocht nó breithiúnais chúirte shonracha áirithe i ndáil leis an dlí iomaíochta 20 . Ina theannta sin, mar a aithníonn CBAE in Huawei v ZTE, seachas na rialacha comhchoiteanna a bhaineann le paitinn Eorpach a dheonú, fanfaidh paitinn Eorpach arna rialú leis an dlí náisiúnta le gach ceann de na Stáit Chonarthacha dár deonaíodh é, mar is amhlaidh freisin i gcás paitinní náisiúnta.

    Dheimhnigh CBAE 21  gur féidir dul i muinín Airteagal 114 CFAE más éard is aidhm dó teacht chun cinn constaicí don trádáil idir Ballstáit a chosc de thoradh forbairt dhibhéirseach na ndlíthe náisiúnta. Mar sin féin, ní mór a mheas gur dócha go dtiocfaidh constaicí den sórt sin chun cinn, agus nach mór an beart atá i gceist a dhearadh lena gcosc. Tá cúirteanna áirithe i mBallstáit, go háirithe na cúirteanna san Ísiltír 22 , sa Fhrainc 23  agus sa Ghearmáin 24  tar éis a bheith ag machnamh ar shaincheisteanna i ndáil le FRAND sa dlíthíocht náisiúnta ar bhonn imthosca na ndíospóidí a chuirtear faoina mbráid. Léirítear cuir chuige dhifriúla sna cásanna sin (nach gá torthaí difriúla a bheith orthu) a mhéid a bhaineann le cinneadh FRAND i ndáil le BPCanna a chumhdaíonn caighdeáin réigiúnacha nó dhomhanda. Is deacair do chúirteanna inniúla sna Ballstáit dul i ngleic le cásanna a bhaineann le BPC agus cinntí FRAND mionsonraithe agus comhsheasmhacha a dhéanamh. Is amhlaidh an méid sin den chuid is mó de bharr na heaspa trédhearcachta agus ilchastacht na saincheisteanna a bhíonn lárnach i gcinntí den sórt sin, amhail tréithe riachtanacha na bpaitinní, ceadúnais inchomparáide agus comhlíontacht le ceanglais FRAND. Cé nach mbeidh an tionscnamh ina léirmhíniú ar chásdlí CBAE ná nach nglacfar modheolaíochtaí ann le FRAND a chinneadh per se, is amhlaidh a bunófar sásraí leis lena gcuirfear chun cinn an trédhearcacht riachtanach, lena méadófar an chinnteacht agus lena laghdófar an fhéidearthacht go dtabharfaí breithiúnais neamh‑chomhsheasmhacha. Beidh sé sin ina fheabhsú mór ar chumais na gcúirteanna chun dul i ngleic le díospóidí BPC. 

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Na bearta a dhéantar ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil chun trédhearcacht a mhéadú agus ceadúnú BPCanna a éascú; is féidir nach éifeachtúil iad ar na cúiseanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, in ionad réiteach ar fud an Aontais le haghaidh BPCanna, is féidir go mbeidh réitigh dhifriúla náisiúnta ann le haghaidh na BPCanna maidir le caighdeán sonrach. Ar an dara dul síos, faoi chur chuige ar fud an Aontais, ní gá níos má aon seiceáil amháin ar thréithe riachtanacha a dhéanamh in aghaidh na fine paitinní lena fháil amach gur fíor‑riachtanach iad paitinní do chaighdeán. Dhéanfaí an tseiceáil ar bhonn modheolaíocht aonair ar fud an Aontais. Ar an tríú dul síos, is féidir go dtiocfaidh torthaí difriúla ó phróisis neamhláraithe um réiteach malartach díospóidí le haghaidh na punainne BPC céanna, rud lena bhféadfar ‘siopadóireacht dlínse’ a spreagadh laistigh den Aontas. Is féidir le cur chuige ar fud an Aontais cuidiú chun na fadhbanna sin a sheachaint.

    Comhréireacht

    Beidh an tionscnamh teoranta don mhéid is gá le trédhearcacht a bhaint amach a mhéid a bhaineann le BPCanna agus praghsáil, agus le huirlisí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara le haghaidh comhaontuithe ceadúnúcháin BPC idirbheartaithe. Beidh an ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais éifeachtúil agus coigleofar costais do pháirtithe leasmhara leis, go háirithe do shealbhóirí BPC, agus do Bhallstáit. Mar shampla, d’fhéadfadh aon chlár amháin a bheith ann in ionad roinnt mhaith clár, aon seiceáil amháin ar thréithe riachtanacha don Aontas ar fad, aon mhodheolaíocht amháin chun seiceálacha den sórt sin a chur i gcrích, agus próiseas cinnidh FRAND atá cuíchóirithe agus trédhearcach. Ní gá do shealbhóirí agus feidhmeoirí BPC na costais chéanna a thabhú go hathfhillteach i ngach Ballstát den Aontas a roghnaigh chun sainrialacha BPC a thabhairt isteach.

    An rogha ionstraime

    Bheadh éifeacht chomhchuibhithe laistigh den Aontas ag rialacha ar fud an Aontais maidir le trédhearcacht um BPCanna agus téarmaí FRAND, rud a d’éascódh saothar na gcúirteanna náisiúnta agus na Cúirte Aontaithe Paitinní amach anseo. Ba cheart gur rialachán a bheadh san ionstraim leis an tionscnamh seo a chur chun feidhme. Bheadh rialachán infheidhme go díreach, lena n‑áirítear trí ghníomhaireacht an Aontais a chumhachtú leis na cúraimí clár BPCanna a bhainistiú, agus nós imeachta comhchoiteann chinneadh FRAND a chur ar bun, rud a d’áiritheodh an aonfhoirmeacht ar fud an Aontais agus a thabharfadh deimhneacht dhlíthiúil níos mó. Ní féidir na torthaí sin a bhaint amach trí bhíthin Treorach.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Tá sraith seimineár gréasáin tugtha ag an gCoimisiún 25 . Is mar a leanas í an achoimre ar staidreamh na seimineár gréasáin: 16 uair an chloig d’inneachar; le hos cionn 60 cainteoir; os cionn 450 idirghníomhaíocht i réimse na gCeisteanna Coitianta; os cionn 1 700 taispeáint faoi na himeachtaí; os cionn 800 duine i ngrúpa Teams BPC an Choimisiúin; agus os cionn 1 000 freagróir ar shuirbhéanna an Choimisiúin san iomlán.

    Foilsíodh an glao ar fhianaise an 14 Feabhra 2022 agus bhí sé ar oscailt go dtí an 9 Bealtaine 2022. Le linn na tréimhse sin cuireadh isteach 97 bhfreagra agus 49 bpáipéar seasaimh.

    Reáchtáladh an comhairliúchán poiblí idir an 14 Feabhra 2022 agus an 9 Bealtaine 2022. Le linn na tréimhse sin cuireadh isteach 74 fhreagra.

    Foilsíodh suirbhé spriocdhírithe le haghaidh fiontair nuathionscanta agus FBManna an 28 Deireadh Fómhair 2022 agus cuireadh deireadh leis an 20 Samhain 2022. Arna iarraidh sin do roinnt páirtithe leasmhara, athosclaíodh an suirbhé an 25 Samhain 2022 gan dáta deiridh le cur ar a gcumas do pháirtithe leasmhara coinneáil orthu ag freagairt de réir mar a fhorbraíonn na margaí um Idirlíon na Rudaí Nithiúla (‘IoT’). Faoi dheireadh 2022, fuair an Coimisiún 39 bhfreagra.

    Tharla pléití le hionadaithe na mBallstát laistigh de Shainghrúpa an Choimisiúin um Beartas MI agus de mheithleacha ábhartha na Comhairle.

    Is seasamh aitheanta den chuid is mó é seasamh na bpríomhpháirtithe leasmhara amhail sealbhóirí BPC, feidhmeoirí, a sainchomhairleoirí agus a saineolaithe chomh maith lena gcomhlachais ionadaíocha. Ar an gcúis sin, tugadh aghaidh sa chomhairliúchán poiblí ar shaincheisteanna fíor‑shonracha i ndáil le BPC agus lorgaíodh tuairimí faoi ghníomhaíochtaí féideartha coincréiteacha.

    Rinne timpeall ar a leath de na freagróirí uile measúnú diúltach ar thionchar an chreata ceadúnúcháin BPC atá i bhfeidhm faoi láthair ar FBManna agus fiontair nua‑thionscanta, cheap an tríú cuid nach raibh aon tionchar ann, agus mheas timpeall 5 % díobh go raibh sé dearfach.

    D’iarrfadh beagnach trí cheathrú cuid de fhreagróirí ceadúnas gan sárú a dhéanamh ar BPC, agus 60 % díobh le bheith in ann táirgeadh agus costais a phleanáil. Is iad na príomhchúiseanna le BPC a bheith acu/a cheadúnú ná toradh ar infheistíocht a fháil ar T&F (70 % de fhreagraí), agus úsáid BPC chun críoch cosantach/margála (60 %) agus rannpháirtíocht sa phróiseas caighdeánúcháin amach anseo (40 %) ina dhiaidh sin.

    D’ainmnigh trí cheathrú de gach freagróir an easpa trédhearcachta maidir le ráta ríchíosanna FRAND, maidir leis an tírdhreach BPC (cé ar leis na BPCanna) agus breithiúnais dhibhéirseacha cúirte mar na príomhfhadhbanna, lena n‑áirítear gach freagróir sna grúpaí díobh siúd ag a mbíonn tuairimí bácha i bhfabhar feidhmeoirí (feidhmeoirí). I gcás an ghrúpa díobh siúd ag a bhfuil tuairimí bácha i bhfabhar sealbhóirí BPC (sealbhóirí BPC), ba iad na hurghairí dobhogtha agus i gcoinne agra na príomhfhadhbanna.

    D’iarr freagróirí níos mó faisnéise poiblí maidir le BPCanna a mhéid a bhaineann le ‘uimhir phaitinne agus iarratais’ (88 % de na freagraí uile), ‘caighdeán ábhartha, leagan, roinn, den chaighdeán’ (80 %), ‘sonraí teagmhála an tsealbhóra BPC’ (80 %), ‘aistriú úinéireachta’ (77 %), ‘cláir cheadúnúcháin’ (76 %) agus ‘téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha FRAND’ (72 %). Thacaigh timpeall 60 % de na freagróirí uile agus 90 % d’fheidhmeoirí le seiceálacha ar thréithe riachtanacha tríú páirtithe fad is saineolaithe neamhspleácha a dhéanann iad. Níor thacaigh ach 24 % de shealbhóirí BPC le réiteach den sórt sin. Mheas aon trian de gach freagróir nár cheart go mbainfeadh iarmhairtí dlíthiúla leis na seiceálacha ar thréithe riachtanacha.

    Cheap timpeall dhá thrian de na freagróirí uile agus timpeall 80 % d’fheidhmeoirí go mb’fhéidir go gcuideodh measúnú ar thréithe riachtanacha le measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint táirge ar BPC agus le cinneadh a dhéanamh faoin bpáirtí lena dtabharfaí faoi chaibidlíocht, le caibidlíocht faoi cheadúnú a dhéanamh níos réidhe agus le praghsáil ró‑ard a chosc. D’easaontaigh níos mó ná leath de shealbhóirí BPC leis na tionchair sin, ach d’aontaigh go mb’fhéidir go soláthrófaí forbhreathnú iontaofa leis na seiceálacha ar sciar de bhunphaitinní gach sealbhóra BPC.

    D’aontaigh timpeall trí cheathrú de fhreagróirí go mb’fhéidir go mbraithfeadh téarmaí agus coinníollacha córa agus réasúnta ar fheidhmiúlachtaí an chaighdeáin a cuireadh chun feidhme i dtáirge. Shíl timpeall 70 % díobh go mba cheart go mbeadh na téarmaí sin neamhspleách ar an leibhéal ceadúnúcháin.

    D’áitigh 70 % de na freagróirí uile agus 100 % d’fheidhmeoirí go mbeadh sé tábhachtach eolas a chur ar an ráta réasúnta ríchíosanna comhiomlána le haghaidh táirge. Ní raibh ach 20 % de shealbhóirí BPC ag teacht leis an tuairim sin.

    Measadh an eadráin (53 % de na freagraí uile) a bheith níos úsáidí ná an idirghabháil (35 %) le haghaidh mheasúnú FRAND, go háirithe i measc shealbhóirí BPC agus acadóirí/údarás/eagraíochtaí neamhrialtasacha.

    Saineolas a bhailiú agus a úsáid

    Bhraith an measúnú tionchair go príomha ar dhá staidéar sheachtracha agus ar rannchuidiú an tSainghrúpa BPC, cé nár bhraith sé go heisiach orthu:

    ‘Baron, J., Arque‑Castells, P., Leonard, A., Pohlmann, T., Sergheraert, E., Empirical Assessment of Potential Challenges in SEP Licensing [Measúnú Eimpíreach ar Dhúshláin Ionchasacha um Cheadúnú BPC], An Coimisiún Eorpach, AS GROW, 2023’;

    ‘Charles River Associates, Transparency, Predictability, and Efficiency of SSO-based Standardization and SEP Licensing [Trédhearcacht, Intuarthacht agus Éifeachtúlacht an Chaighdeánúcháin SSO‑bhunaithe agus an Cheadúnúcháin BPC], An Coimisiún Eorpach, AS GROW, 2016, https://ec.europa.eu/docsroom/documents/48794’; 

    ‘Group of Experts on Licensing and Valuation of Standard Essential Patents – Contribution to the Debate on SEPs’ [Sainghrúpa um Cheadúnú agus Luacháil na mBunphaitinní Caighdeáin] (2021).

    Tá roinnt mhaith staidéar déanta ag an gCoimisiún, arb iad na cinn is ábhartha:

    ‘An Coimisiún Eorpach, Airmheán Comhpháirteach Taighde, Bekkers, R., Henkel, J., Tur, E. M., et al., Pilot study for essentiality assessment of standard essential patents [Treoirstaidéar maidir le measúnú ar thréithe riachtanacha na mbunphaitinní caighdeáin], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2020’;

    ‘Landscape study of potentially essential patents disclosed to ETSI’[Staidéar tírdhreacha ar bhunphaitinní ionchasacha arna nochtadh do ETSI], Staidéar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde (2020);

    ‘Licensing Terms of Standard Essential Patents: A Comprehensive Analysis of Cases’[Téarmaí Ceadúnúcháin na mBunphaitinní Caighdeáin: Anailís Chuimsitheach ar Chásanna], Airmheán Comhpháirteach Taighde (2017);

    ‘Patents and Standards: A modern framework for IPR‑based standardisation’[Creat nua‑aimseartha don Chaighdeánú CMI‑bhunaithe] (2014).

    Ina theannta sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar roinnt páipéar agus seasaimh arna gcur isteach ag páirtithe leasmhara, airteagail ghairmiúla faoin ábhar, agus staidéir a rinneadh thar ceann údaráis eile. Rinne an Coimisiún anailís ar thionscnaimh maidir le BPCanna i dtíortha lasmuigh den Aontas. Leis an measúnú tionchair agus an dréacht‑rialachán a ullmhú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le príomh‑shaineolaithe, breithimh agus acadóirí. Ar deireadh, d’fhreastail an Coimisiún ar roinnt seimineáir ghréasáin agus comhdhálacha.

    Measúnú tionchair

    Rinne an Coimisiún measúnú tionchair agus chuir faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála i mí Feabhra 2023 é, agus fuair tuairim dhearfach an 17 Márta 2023 (TAG. le cur leis). Cuirtear na barúlacha a bhí sa tuairim sin san áireamh sa Mheasúnú Tionchair deiridh.

    Sa mheasúnú tionchair, rinne an Coimisiún machnamh ar na fadhbanna seo a leanas: na costais arda a bhaineann le hidirbhearta ceadúnúcháin agus éiginnteacht faoin ualach a bhaineann le ríchíosanna BPC. De bharr easpa faisnéise leordhóthanaí, ní féidir le feidhmeoirí measúnú a dhéanamh ar a nochtadh do BPC fada a dhóthain roimh ré leis na costais cheadúnúcháin a thabhairt san áireamh agus iad ag pleanáil an ghnó dá dtáirgí. Ar an taobh eile, déanann úinéirí BPC gearán faoi chaibidlíocht fhada agus chostasach, go háirithe le feidhmeoirí móra.

    Go sonrach, aithníodh na cúiseanna seo a leanas do na fadhbanna sin. Ar an gcéad dul síos, níl ach faisnéis theoranta ann ar cé leis BPCanna, agus níltear cinnte gurb éigeantach (gur fíor‑riachtanach iad) in aon chor gach paitinn dá bhfuil ceadúnais á lorg chun caighdeán a chur chun feidhme. Ar an dara dul síos, is fíorbheagán faisnéise atá ann maidir le táillí ceadúnais BPC (ríchíos FRAND), mar sin baineann dua dosháraithe d’fheidhmeoirí nach bhfuil saineolas ná acmhainní acu ach ar éigean measúnú a dhéanamh ar réasúntacht éileamh rí‑chíosanna a dhéanann sealbhóir BPC. Ar deireadh, is féidir go mbíonn díospóidí um cheadúnú dian ó thaobh ama agus costais de.

    Dá dhroim sin, is é is aidhm don tionscnamh caibidlíocht cheadúnúcháin BPC a éascú, agus costais idirbheart a ísliú do shealbhóirí BPC agus d’fheidhmeoirí araon trí (i) tuileadh soiléireachta a chur ar fáil maidir le cé ar leo BPCanna agus na BPCanna atá ina mbunphaitinní fíor‑riachtanacha; (ii) tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil maidir le ríchíosanna FRAND agus téarmaí agus coinníollacha eile, lena n‑áirítear múscailt feasachta sa slabhra luacha i dtaobh an cheadúnúcháin; agus (iii) réiteach díospóidí BPC a éascú. 

    Breithníodh na roghanna seo a leanas leis na cuspóirí sin a bhaint amach (is de réir a chéile a thógtar na roghanna beartais, cuireann gach ceann gnéithe nua leis an gceann roimhe sin): 

    Rogha 1: Treoraíocht dheonach. Bhainfeadh treoraíocht neamhcheangailteach a bhunú maidir le ceadúnú BPC léi sin. Trí lárionad inniúlachta maidir le BPCanna a chruthú laistigh d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), chuirfí comhairle shaor in aisce ar fáil do FBManna maidir le caibidlíocht cheadúnúcháin (lena n‑áirítear oiliúintí) agus dhéanfaí faireachán ar an margadh BPCanna, dhéanfaí staidéir ar cheadúnú BPCanna agus chuirfí réiteach malartach díospóidí chun cinn. 

    Rogha 2: Clár BPC le seiceálacha ar thréithe riachtanacha. Na sealbhóirí BPCanna a bheadh ag féachaint lena BPCanna a cheadúnú le ríchíosanna a fháil, agus lena bhforfheidhmiú san Aontas, b’éigean dóibh na paitinní a chlárú sa chlár BPCanna. Le cáilíocht an chláir a áirithiú, ba é meastóir neamhspleách a dhéanfadh na seiceálacha ar thréithe riachtanacha le modheolaíocht a bheadh le cinneadh ag an gCoimisiún ar leibhéal an Aontais agus córas arna riar ag EUIPO. Is iad seo a leanas na fo‑roghanna: (i) gach paitinn chláraithe a sheiceáil; nó (ii) líon beag paitinní réamhroghnaithe ag sealbhóirí BPC agus sampla randamach paitinní atá cláraithe ag gach sealbhóir BPC a sheiceáil.

    Rogha 3: Clár BPC le seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus nós imeachta (cinneadh FRAND) idir‑réitigh. Sula seolfaí dlíthíocht, b’éigean do pháirtithe i ndíospóid cheadúnúcháin BPC dul trí phróiseas idir‑réitigh éigeantach. D’fhéachfadh comhréiteoir neamhspleách chun cuidiú le páirtithe teacht ar théarmaí agus coinníollacha ceadúnúcháin a bheadh inghlactha go frithpháirteach. Ag deireadh an phróisis, mura n‑éiríonn leis na páirtithe teacht ar chomhaontú, eiseoidh an comhréiteoir tuarascáil neamhcheangailteach le moltaí inti faoin ráta FRAND (agus cuid rúnda agus neamhrúnda léi). 

    Rogha 4: Ríchíos comhiomlán le haghaidh BPC. Chuirfí próisis ar bun le rí‑chíos comhiomlán a chinneadh (i.e. uasphraghas iomlán) le caighdeán a úsáid sula bhfoilseofaí é, nó tamall gairid tar éis a fhoilsithe. Bheadh coinne leis go n‑aontódh sealbhóirí BPC ríchíos den sórt sin (b’fhéidir le cuidiú ó éascaitheoir neamhspleách ón lárionad inniúlachta). Ina theannta sin, d’fhéadfadh feidhmeoirí agus sealbhóirí BPC araon tuairim shaineolach a iarraidh maidir leis an ríchíos comhiomlán, ina mbeadh na páirtithe leasmhara uile in ann a dtuairimí a chur i láthair. Ar deireadh, d’fhéadfaí ríchíos comhiomlán a chinneadh le linn an idir‑réitigh dá n‑iarrfadh na páirtithe amhlaidh. Ní bheadh an ríchíos comhiomlán sin ceangailteach ach chomh beag, agus d’fhoilseofaí i gclár BPC é. 

    Rogha 5: Teach imréitigh BPC. Ionad ilfhreastail a bhunú le haghaidh feidhmeoirí chun ceadúnais BPC a fháil trí ríchíos comhiomlán a chur i dtaisce sa lárionad inniúlachta. Ba cheart go gcuirfeadh sealbhóirí BPC an lárionad ar an eolas faoi conas an ríchíos comhiomlán a leithdháileadh ina measc, agus ní bheidís in ann a gcuid íocaíochtaí ríchíosa a bhailiú mura ndéanfaidís amhlaidh. Ba cheart go síneoidís comhaontuithe ceadúnais freisin le haon fheidhmeoir a chuirfeadh ríchíos i dtaisce. Aon ríchíos nach mbaileodh sealbhóirí BPC laistigh de 1 bhliain amháin tar éis an ríchíos a chur i dtaisce, thabharfaí ar ais do na feidhmeoirí é. 

    Rogha 4 (treoraíocht dheonach, clár BPC le seiceálacha ar thréithe riachtanacha, nós imeachta maidir le FRAND a chinneadh agus cinneadh ríchíosanna comhiomlána ar bhunphaitinní caighdeáin) is ea an rogha thosaíochta. Laghdaítear leis an rogha neamhshiméadracht na faisnéise idir sealbhóir agus feidhmeoir BPC tríd an bhfaisnéis a chur ar fáil don dara ceann faoi na sealbhóirí ábhartha BPC, faoin méid BPCanna atá cláraithe acu sa chlár, agus faoin ráta tréithe riachtanacha atá acu (arna dhíorthú ó shampla randamach ionadaíoch de gach BPC cláraithe) agus faoin gcostas ionchasach iomlán [nó uasta] a bhainfeadh le teicneolaíocht chaighdeánaithe a úsáid (ríchíos comhiomlán). Is dócha go bhféadfadh idir‑réiteach éigeantach réamhthrialach costais socraithe díospóidí BPC a laghdú timpeall an t‑ochtú cuid óir tabharfaidh an comhréiteoir cúnamh don dá pháirtí chun teacht ar chomhaontú. Tabharfaidh lárionad inniúlachta faisnéis oibiachtúil, treoraíocht agus tacaíocht do FBManna maidir le BPCanna agus an ceadúnú BPC. Cuirtear sochair agus costais i láthair sa tábla thíos.

    Tábla 1: Meánchostais agus meánsochair bhliantúla chomhfhogasaithe na rogha tosaíochta in aghaidh an pháirtí dá ndéantar difear agus an tsuímh (EUR milliún).

    AE

    neamh‑AE

    Iomlán

    Feidhmeoirí BPC

    Costais

    -0.77

    -0.77

    -1.5

    Sochair

    12.89

    13.03

    25.9

    Glan

    12.11

    12.26*

    24.4

    Sealbhóirí BPC

    Costais

    -8.13

    -46.04

    -54.2

    Sochair

    3.79

    21.50

    25.3

    Glan

    -4.33

    -24.54

    -28.9

    Fo‑iomlán (glanéifeacht le haghaidh feidhmeoirí agus sealbhóirí)

    7.8

    -12.3

    -4.5

    Sochar don oifig paitinní Eorpach nó náisiúnta

    29.0

    29.0

    Glansochar iomlán

    36.8

    -12.3

    24.5

    * baineann le feidhmeoirí ó thíortha lasmuigh den Aontas ag a bhfuil fochuideachtaí san Aontas

    Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: slánaíodh na huimhreacha, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na hiomláin

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Níl an tionscnamh seo ina chuid d’iarracht simplithe REFIT óir níl aon riail AE ann faoi láthair maidir le BPCanna a d’fhéadfaí a shimpliú nó a dhéanamh níos éifeachtúla.

    Cearta bunúsacha

    Leis an togra, ba cheart feabhas a chur ar iompar gnólachta le haghaidh sealbhóirí agus feidhmeoirí BPC araon, agus le haghaidh gnólachtaí iartheachtacha eile sa deireadh thiar (Airteagal 16 den Chairt).

    Léirítear urraim sa togra do chearta maoine intleachtúla na sealbhóirí paitinní (Airteagal 17(2)) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), cé go n‑áirítear ann srian ar an gcumas chun BPC a fhorfheidhmiú ar BPC é nach bhfuil cláraithe laistigh de na teorainneacha ama forordaithe, agus go dtugtar isteach leis ceanglas chun idir‑réiteach a dhéanamh (cinneadh FRAND) sula bhforfheidhmeofaí BPCanna aonair. Ceadaítear teorannuithe ar chleachtadh na gceart MI faoi Chairt an Aontais, ar choinníoll go n‑urramaítear prionsabal na comhréireachta. De réir an chásdlí bhunaithe, is féidir srian a chur le cearta bunúsacha ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn na srianta sin le cuspóirí an leasa choitinn a shaothraíonn an tAontas, agus nach ionann iad, a mhéid a bhaineann leis an aidhm arna saothrú, agus trasnaíocht neamhréireach agus dofhulaingthe lena sáraítear fíor‑bhunús na gceart arna ráthú 26 . I dtaca leis an méid sin, is chun leas an phobail é an togra sa mhéid go soláthraítear faisnéis agus toradh aonfhoirmeach, oscailte agus intuartha leis maidir le BPCanna chun tairbhe na sealbhóirí, feidhmeoirí agus úsáideoirí deiridh BPC, ar leibhéal an Aontais. Tá sé d’aidhm leis teicneolaíocht a scaipeadh chun leasa fhrithpháirtigh na sealbhóirí agus na bhfeidhmeoirí BPC. Thairis sin, tá na rialacha a bhaineann le cinneadh FRAND teoranta ó thaobh ama de, agus tá sé d’aidhm leo feabhas a chur agus chuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas, ach ní rialacha ceangailteacha sa deireadh thiar atá iontu 27 .

    Tá cinneadh FRAND comhsheasmhach freisin leis an gceart ar leigheas éifeachtach agus ar rochtain ar an gceartas (Airteagal 47 de Chairt an Aontais Eorpaigh) óir coinníonn an feidhmeoir agus an sealbhóir BPC an ceart sin go hiomlán. Mura bhfuil an BPC cláraithe, is sealadach, agus teoranta agus riachtanach dá réir, é eisiamh an chirt ar fhorfheidhmiú éifeachtach, agus comhlíonann sé cuspóirí an leasa choitinn. Mar atá deimhnithe ag CBAE 28 , mheasfaí réiteach éigeantach díospóidí mar réamhchoinníoll le rochtain a fháil ar chúirteanna de bheith comhoiriúnach le prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí. Leanann cinneadh FRAND na coinníollacha le haghaidh réiteach éigeantach díospóidí ar a dtugtar achoimre sna breithiúnais ó CBAE, agus saintréithe sonracha an cheadúnúcháin BPC á dtabhairt san áireamh.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheadh aon tionchar ag an togra seo ar an Aontas Eorpach. Fanfaidh an córas BPCanna a thabharfar isteach leis an tionscnamh ina chóras atá go hiomlán féinchistithe, agus úsáid á baint as táillí arna n‑íoc ag úsáideoirí seirbhíse lárionad inniúlachtaí EUIPO. Is é EUIPO a mhaoineoidh costais tionscanta (costais TF san áireamh) an lárionaid inniúlachta, an chláir BPC agus na seirbhísí eile. Beidh coinne leis go bhfaighidh sé ar ais na costais tionscanta sin le táillí arna ngearradh nuair a bheidh an córas lán‑oibríochtúil. 

    Measann EUIPO go dtiocfaidh costas tionscanta an lárionaid inniúlachta agus an chláir, agus bonneagar TF á chur san áireamh, chuig EUR 2.4 milliún, agus go bhféadfadh obair suas le 12 choibhéiseach lánaimseartha a bheith i gceist leis. Beidh tuairim is EUR 2 mhilliún in aghaidh na bliana de dhíth ar chostas oibriúcháin an chórais nua ag EUIPO (cé is moite de sheirbhísí le saineolaithe seachtracha amhail saineolaithe ar thréithe riachtanacha nó comhréiteoirí). Is airde na costais sa chéad bhliain nó sna chéad bhlianta ina bhfuil coinne le clárú líon measta 72 000 fine paitinní, agus le seiceálacha ar thréithe riachtanacha le haghaidh líon measta 14 500 BPC (a mheastar mar bhuaic na gclárúchán agus na seiceálacha ar thréithe riachtanacha uile). Sna blianta ina ndiaidh sin, tá coinne leis go dtiocfaidh titim 10 % ar líon na gclárúchán agus na seiceálacha ar thréithe riachtanacha ón mbuaiclíon. Le linn na tréimhse oibriúcháin, bheadh timpeall 30 coibhéis lánaimseartha ar an meán sna buaicbhlianta de dhíth ar an lárionad inniúlachta, agus bheadh timpeall 10 gcoibhéis lánaimseartha de dhíth sna blianta ina dhiaidh sin. Cuirtear tionchair airgeadais agus bhuiséadacha an togra seo i láthair sa ráiteas airgeadais reachtach atá i gceangal leis an togra seo. Cuirtear ríomh na gcostas i láthair in Iarscríbhinn 7.1 den Mheasúnú Tionchair.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Úsáidfidh an Coimisiún na sonraí a bhailíonn an lárionad inniúlachta (EUIPO) le faireachán a dhéanamh ar an togra seo agus ar bhaint amach a chuid cuspóirí. Chuirfí san áireamh leis na gníomhaíochtaí faireacháin an tréimhse cur chun feidhme is gá (lena n‑áirítear an t‑am is gá chun an reachtaíocht riachtanach cur chun feidhme nua a achtú bunaithe ar na cumhachtaí cur chun feidhme a thabharfar don Choimisiún) agus an t‑am is gá do rannpháirtithe sa mhargadh chun dul in oiriúint don staid nua. Bhreithneofaí an tacar táscairí ábhartha dá dtagraítear i Roinn 9 den mheasúnú tionchair chun meastóireacht a dhéanamh ar na hathruithe. 

    Beidh an chéad mheastóireacht sceidealaithe le haghaidh 8 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin (rud a cheadóidh don fhíoras go mbeidh tosach feidhme an Rialacháin 24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm). Is gá na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, agus is gá an lárionad inniúlachta a chur ar bun go heagraíochtúil le linn an ama sin. Déanfar meastóireachtaí ina dhiaidh sin gach 5 bliana.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Is é Teideal I a chinneann ábhar agus raon feidhme an togra.

    Foráiltear leis an togra thrédhearcacht fheabhsaithe maidir leis an bhfaisnéis is gá le haghaidh ceadúnú BPC; clárú BPCanna; nós imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar thréithe riachtanacha maidir le BPCanna cláraithe; agus nós imeachta maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh le haghaidh ceadúnas BPC.

    Tá feidhm ag an togra maidir le BPCanna atá i bhfeidhm i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Baineann sé le caighdeáin arna bhfoilsiú ag eagraíocht um fhorbairt caighdeán (SDO) a iarrann ar shealbhóirí BPC gealltanas a thabhairt ceadúnú a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha atá cóir, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheach (FRAND). Níl feidhm aige maidir le BPCanna atá faoi réir beartas maoine intleachtúla saor ó ríchíosanna den SDO a d’fhoilsigh an caighdeán. Níl feidhm ag an togra maidir le maíomh neamhbhailíochta ná maidir le sárú BPCanna nach mbaineann le raon feidhme an Rialacháin seo.

    Le Teideal II den togra, cruthaítear lárionad inniúlachta laistigh de EUIPO chun bunachair sonraí, clár agus na nósanna imeachta le haghaidh seiceálacha tréithe riachtanaí ar BPCanna agus cinneadh FRAND a riar. Soláthróidh an lárionad inniúlachta oiliúint, tacaíocht agus comhairle ghinearálta freisin do FBManna maidir le BPCanna agus ardóidh sé feasacht ar cheadúnú BPC.

    Teideal III Áirítear leis an Teideal seo forálacha ina mionsonraítear an próiseas a bhaineann le fógra a thabhairt maidir le caighdeáin agus ríchíosanna comhiomlána, clárú BPCanna agus tuairim shaineolach maidir le ríchíosanna comhiomlána. Áirítear leis freisin forálacha maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí a chuirfeadh an lárionad inniúlachta san áireamh sa chlár agus sna bunachair sonraí. Beidh an clárú faoi réir táille.

    Spreagtar an próiseas clárúcháin BPC nuair a thugann rannchuiditheoirí nó feidhmeoirí fógra don lárionad inniúlachta faoi rátaí caighdeánacha agus/nó comhiomlána le haghaidh cur chun feidhme caighdeánach agus sonrach an chaighdeáin. Foilsíonn an lárionad inniúlachta fógra ina n‑iarrtar ar shealbhóirí BPC clárú. Tá 6 mhí ag sealbhóirí BPC chun cláraithe. Chun clárú tráthúil a dhreasú tar éis na 6 mhí, ní féidir le sealbhóirí BPC a BPCanna a fhorfheidhmiú go dtí go gcláraíonn siad. Ní fhéadfaidh sealbhóir BPC nár chláraigh laistigh de na 6 mhí ríchíosanna ná damáistí a lorg roimh an gclárú ach oiread. Déantar sin chun go spreagfaí clárú ach freisin chun go n‑áiritheofaí deimhneacht dhlíthiúil d’fheidhmeoirí.

    Cuirtear san áireamh sna rialacha gur féidir le hoifig phaitinne BPCanna áirithe a dheonú tar éis na tréimhse 6 mhí agus go bhféadfadh sé nach mbeadh cur chun feidhme caighdeáin áirithe ar eolas tráth foilsithe an chaighdeáin. Ní fhéadfar BPC a bhaint den chlár ach amháin má tá an BPC imithe in éag, má tá sé neamhbhailí nó má mheastar go bhfuil sé neamhriachtanach. Is féidir leis an sealbhóir BPC an clárú a mhodhnú agus ba cheart dó é a thabhairt cothrom le dáta. Is féidir le haon pháirtí leasmhar a chur in iúl go bhfuil clárú mícheart nó neamhiomlán agus gur gá é a mhodhnú.

    Féadfaidh rannchuiditheoirí nó feidhmeoirí tuairim shaineolach a iarraidh ar an ríchíos comhiomlán, faoi réir táille. Ansin, cheapfadh an lárionad inniúlachta painéal triúr comhréiteoirí chun an tuairim shaineolach a sholáthar. Is féidir le haon pháirtí leasmhar páirt a ghlacadh sa phróiseas agus a thuairimí a chur in iúl ar choinníoll go léiríonn sé a leas. Ba cheart go mbreithneofaí sa tuairim shaineolach freisin na tionchair ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ar an slabhra luacha atá i gceist. Ní bheidh an tuairim shaineolach ceangailteach ach beidh sí ann chun roinnt treorach don tionscal a sholáthar i ndáil le caibidlíocht cheadúnúcháin aonair BPC.

    Sa bhreis ar na sonraí a sholáthraíonn sealbhóirí BPC sa chlár agus/nó sna bunachair sonraí maidir le BPCanna aonair, socruithe maidir le ceadúnú poiblí agus sonraí teagmhála, ba cheart don lárionad inniúlachta sonraí a bhailiú maidir le cásdlí ar fud an domhain, rialacha tríú tíortha agus faisnéis phoiblí faoi théarmaí agus coinníollacha FRAND. Ba cheart dó staidreamh agus staidéir choimisiúin a dhéanamh freisin. Is é an cuspóir a bheadh ann ionad ilfhreastail a bheith ann maidir le gach rud is gá do pháirtithe leasmhara a bheith ar eolas aige faoi BPCanna agus faoi cheadúnú BPC. Beidh an chuid is mó den fhaisnéis ar fáil saor in aisce don phobal. Ní bheidh roinnt faisnéise mionsonraithe ar leith, mar shampla, maidir le BPCanna ar leith nó maidir le tuarascálacha ó chinntí FRAND ar fáil ach amháin ar chlárú agus ar tháille. Bainfidh FBManna tairbhe as táillí laghdaithe.

    I dTeideal IV den togra tá rialacha maidir le meastóirí d’iarrthóirí agus comhréiteoirí a roghnú chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh in imeachtaí a leagtar amach sa togra a chur i gcrích. Ní hamháin gur cheart an inniúlacht theicniúil is gá a bheith ag na meastóirí nó ag na comhréiteoirí ach ba cheart dóibh a léiriú go bhfuil siad neamhspleách agus nach bhfuil siad claonta. Ba cheart don lárionad inniúlachta uainchlár iarrthóirí a bhunú a chomhlíonann na coinníollacha uile. Ba cheart don lárionad inniúlachta athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar na huainchláir chun a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach iarrthóirí cáilithe á gcoinneáil ar bun.

    Baineann Teideal V den togra le seiceálacha ar thréithe riachtanacha maidir le BPCanna. Is cúram teicniúil an‑deacair é a chinneadh an bhfuil paitinn fíor‑riachtanach do chaighdeán. D’ainneoin na n‑iarrachtaí is fearr atá á ndéanamh ag sealbhóirí BPC, d’fhéadfadh sé go mbeadh BPCanna cláraithe ann nach bhfuil fíor‑riachtanach don chaighdeán a bhfuil siad cláraithe ina leith. Dá bhrí sin, tá seiceálacha ar thréithe riachtanacha an‑tábhachtach chun cáilíocht an chláir a áirithiú agus chun aon mhí‑úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, mar gheall ar easpa seiceálacha ar na sonraí cláraithe. Tá seiceálacha ar thréithe riachtanacha an‑tábhachtach freisin do shealbhóirí nó d’fheidhmeoirí BPC, a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh cuid dá BPCanna a chur isteach le haghaidh seiceáil den sórt sin chun a léiriú go bhfuil sé riachtanach nó neamhriachtanach le linn na caibidlíochta. Beidh na seiceálacha ar thréithe riachtanacha faoi réir táille a bheidh le híoc ag sealbhóirí BPC a seiceáiltear a BPCanna agus ag na feidhmeoirí a iarrann seiceálacha den sórt sin. Níor cheart go gcuirfeadh easpa seiceálacha ar thréithe riachtanacha bac ar chaibidlíocht cheadúnúcháin ná ar aon nós imeachta cúirte nó riaracháin i ndáil le BPCanna den sórt sin.

    Meastóirí a bhfuil saineolas acu sa réimse teicniúil ábhartha agus nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, déanfaidh siad seiceálacha ar thréithe riachtanacha maidir le BPCanna éilithe arna gcur isteach sa chlár BPC. Déanfar seiceálacha den sórt sin go bliantúil ar bhonn samplála agus ní bheidh ach seiceáil ar thréith riachtanach amháin ann in aghaidh na fine paitinne. Déanfar na seiceálacha bunaithe ar mhodheolaíocht lena n‑áirithítear roghnú atá cóir agus bailí ó thaobh staidrimh de atá in ann torthaí cruinn leordhóthanach a sholáthar maidir le céatadán na bpaitinní fíor‑riachtanacha i measc BPCanna cláraithe gach sealbhóir BPC. 

    Má bhíonn cúiseanna ag an meastóir le linn na seiceála lena chreidiúint go bhféadfadh sé nach bhfuil an BPC maíte fíor‑riachtanach don chaighdeán, ba cheart dó sealbhóir BPC a chur ar an eolas tríd an lárionad inniúlachta faoi aon chúis den sórt sin agus am a thabhairt don sealbhóir BPC a bharúlacha a chur isteach. Ní sholáthraíonn an meastóir a thuairim réasúnaithe chríochnaitheach ach amháin tar éis breithniú a dhéanamh ar an bhfreagairt. Bheadh an sealbhóir BPC in ann measúnú piaraí a iarraidh sula n‑eiseofaí tuairim dhiúltach ón meastóir. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe piaraí a úsáid chun feabhas a chur ar phróiseas na seiceála ar thréith riachtanach agus chun comhsheasmhacht a áirithiú.

    Leagtar síos le Teideal VI den togra forálacha maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh. Ní mór don sealbhóir BPC nó don fheidhmeoir an cinneadh FRAND a thionscnamh sula dtionscnóidh sé imeachtaí cúirte faoi seach san Aontas. Féadfaidh ceann de na páirtithe cinneadh FRAND a thionscnamh freisin go deonach chun díospóidí a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha FRAND a réiteach.

    I gcás nach dtabharfaidh an páirtí is freagróir freagra ar an iarraidh, cuirfidh an lárionad inniúlachta deireadh leis an nós imeachta nó, arna iarraidh sin don pháirtí iarrthach, leanfaidh sé leis an gcinneadh FRAND. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis sin chun a shuí gur tairiscint FRAND í nó chun méid an urrúis a chinneadh.

    Má bhíonn an dá pháirtí páirteach sa phróiseas, nó i gcás ina leanfar leis na himeachtaí le páirtí amháin, ceapfar comhréiteoir. Iarrfar ar na páirtithe nó ar an bpáirtí, de réir mar is infheidhme, aighneachtaí agus tograí a dhéanamh. Is féidir leo gealltanas a thabhairt freisin go gcomhlíonfaidh siad toradh chinneadh FRAND. Cabhróidh an comhréiteoir leo ar bhealach neamhspleách agus neamhchlaonta agus iad ag iarraidh cinneadh ráta FRAND a bhaint amach. Tabharfar de chumhacht don chomhréiteoir faisnéis a lorg go réamhghníomhach, dul i gcomhairle leis an bhfaisnéis uile atá ar fáil sa chlár agus sna bunachair sonraí, lena n‑áirítear tuarascálacha rúnda ar chinntí FRAND eile agus éisteacht le haon saineolaí, i gcás inar gá. Cuirfidh an comhréiteoir togra(í) faoi bhráid na bpáirtithe. Níor cheart go mairfeadh an nós imeachta níos faide ná 9 mí. Más rud é, nuair atá an nós imeachta críochnaithe agus nach bhfuil na páirtithe fós tar éis socrú a dhéanamh, déanfaidh an comhréiteoir togra críochnaitheach, a bhféadfaidh na páirtithe glacadh leis nó gan glacadh leis.

    Má thagann na páirtithe ar shocrú, cuirfidh an comhréiteoir deireadh leis an nós imeachta gan tuarascáil. Mura réitíonn na páirtithe ag deireadh an nós imeachta, cuirfidh an comhréiteoir deireadh leis an nós imeachta agus eiseoidh sé tuarascáil maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh. Sa chuid neamhrúnda den tuarascáil sin beidh a dtogra deiridh agus an mhodheolaíocht a chuir an comhréiteoir i bhfeidhm maidir leis an gcinneadh, agus beidh sé ar fáil lena chomhairliúchán sa chlár/bhunachar sonraí.

    Má chuireann páirtí bac ar an gcinneadh FRAND nó má lorgaíonn sé réiteach i ndlínsí eile, féadfaidh an comhréiteoir a mholadh go ndéanfaidh an páirtí eile an nós imeachta a fhoirceannadh nó leanúint leis an nós imeachta. Cinnfidh an páirtí comhlíontach conas dul ar aghaidh ag brath ar a riachtanais.

    Tá forálachai dTeideal VII den togra lena leagtar amach an chaoi a gcaitear le micrifhiontair agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh. Soláthróidh an lárionad inniúlachta oiliúint agus tabharfaidh sé tacaíocht saor in aisce do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide maidir le hábhair a bhaineann le BPC. Is é EUIPO a sheasfaidh na costais. Agus ceadúnas BPC á chaibidliú le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, beidh ar shealbhóirí BPC cuimhneamh ar théarmaí agus coinníollacha FRAND níos fabhraí a thairiscint dóibh.

    I dTeideal VIII den togra tá rialacha a mhéid a bhaineann le táillí agus muirir i leith sheirbhísí an lárionaid inniúlachta. Ba cheart do na táillí sin a bheith réasúnach agus ba cheart dóibh a bheith ag teacht leis na costais a bhaineann leis an tseirbhís a tugadh. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na táillí riaracháin, agus na táillí ar thuairimí saineolaithe maidir le ríchíosanna comhiomlána, meastóirí agus comhréiteoirí, na méideanna atá le gearradh agus an modh íocaíochta. Ba cheart go mbeadh táillí iomchuí do riachtanais na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide.

    Tá forálacha críochnaitheacha i dTeideal IX den togra. Tá feidhm ag an rialachán atá beartaithe maidir le caighdeáin a fhoilsítear tar éis dháta a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh gá le caighdeáin thábhachtacha áirithe a chumhdach, amhail 4G, ar a bhfuil roinnt mhaith feidhmchláir IoT á rith agus a bhfuil ceadúnú BPC neamhéifeachtúil ina leith. Cinnfear na caighdeáin sin i ngníomh tarmligthe agus féadfar, dá réir sin, iad a chur in iúl don lárionad inniúlachta laistigh de thréimhse theoranta ama tar éis an dáta cur i bhfeidhm chun an próiseas clárúcháin a ghníomhachtú. Áirítear sa Teideal seo freisin cumhachtú an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh mar aon leis an gclásal meastóireachta agus athbhreithnithe. Ar deireadh, tá forálacha sa Teideal chun Rialachán (AE) 2017/1001 a leasú.

    2023/0133 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE)2017/1001

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 29 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 30 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An 25 Samhain 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún a phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil 31 , plean inar fhógair sé a spriocanna maidir le trédhearcacht agus intuarthacht a chur chun cinn i gceadúnú bunphaitinní caighdeáin (BPCanna), lena n‑áirítear trí chóras ceadúnúcháin BPC a fheabhsú, ar mhaithe le tionscal agus tomhaltóirí an Aontais, agus go háirithe le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) 32 . Thacaigh Conclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 leis an bplean gníomhaíochta 33  agus thacaigh Parlaimint na hEorpa leis ina Rún 34

    (2)Is é is aidhm don Rialachán seo ceadúnú BPCanna a fheabhsú, trí aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá le ceadúnú neamhéifeachtúil amhail trédhearcacht neamh‑leordhóthanach maidir le BPCanna, téarmaí agus coinníollacha córa, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheacha (FRAND) agus ceadúnú sa slabhra luacha, agus úsáid theoranta a bhaint as nósanna imeachta um réiteach díospóide chun díospóidí FRAND a réiteach. Laghdaíonn siad sin uile cothroime agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais agus bíonn breis costais riaracháin agus idirbheartaíochta mar thoradh orthu. Trí cheadúnú BPCanna a fheabhsú, tá sé d’aidhm ag an Rialachán rannpháirtíocht gnólachtaí Eorpacha sa phróiseas forbartha caighdeánaí agus cur chun feidhme leathan na dteicneolaíochtaí caighdeánaithe sin a dhreasú, go háirithe i dtionscail Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT). Dá bhrí sin, saothraíonn an Rialachán seo cuspóirí atá comhlántach leis an gcosaint a thugtar d’iomaíocht neamhshaofa, ach nach ionann iad agus na cuspóirí sin, a ráthaítear le hAirteagail 101 agus 102 CFAE. Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do rialacha iomaíochta náisiúnta freisin.

    (3)Is paitinní iad BPCanna a chosnaíonn teicneolaíocht atá ionchorpraithe i gcaighdeán. Tá BPCanna ‘fíor‑riachtanach’ sa mhéid agus go gceanglaítear le cur chun feidhme an chaighdeáin úsáid a bhaint as na haireagáin atá cumhdaithe ag BPCanna. Braitheann rath caighdeáin ar chur chun feidhme leathan an chaighdeáin agus dá réir sin ba cheart cead a thabhairt do gach páirtí leasmhar caighdeán a úsáid. Chun cur chun feidhme leathan agus inrochtaineacht na gcaighdeán a áirithiú, ceanglaíonn eagraíochtaí um fhorbairt caighdeán ar shealbhóirí BPC a ghlacann páirt i bhforbairt caighdeáin gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad na paitinní sin a cheadúnú ar théarmaí agus coinníollacha FRAND d’fheidhmeoirí a rinne an rogha an caighdeán a úsáid. Is gealltanas conarthach deonach é gealltanas FRAND arna thabhairt ag sealbhóir BPC chun leasa tríú páirtithe, agus ba cheart do shealbhóirí BPC ina dhiaidh sin é a urramú amhlaidh freisin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le paitinní atá fíor‑riachtanach do chaighdeán atá foilsithe ag eagraíocht forbartha caighdeáin, a bhfuil gealltanas tugtha ag sealbhóir BPC di a BPCanna a cheadúnú ina leith ar théarmaí agus coinníollacha córa, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheacha (FRAND) agus nach bhfuil faoi réir beartais maoine intleachtúla atá saor ó ríchíosanna, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (4)Tá caidrimh thráchtála agus cleachtais ceadúnúcháin sheanbhunaithe ann le haghaidh cásanna áirithe úsáide caighdeán, amhail na caighdeáin le haghaidh cumarsáide gan sreang, le hatriallta thar na glúnta éagsúla as a dtagann spleáchas frithpháirteach nach beag agus luach suntasach a fhabhraíonn go feiceálach do shealbhóirí BPC agus d’fheidhmeoirí araon. Tá cásanna eile ann a bhaineann le húsáid níos nuaí de ghnáth – de na caighdeáin chéanna nó fothacair díobh uaireanta – le margaí nach bhfuil chomh haibí céanna, le pobail níos idirleata agus le pobail nach bhfuil chomh comhdhlúite céanna, ar pobail iad ina bhfuil neamh‑intuarthacht ríchíosa agus coinníollacha ceadúnúcháin eile agus an t‑ionchas go ndéanfar measúnuithe agus luachálacha paitinne casta agus dlíthíocht ghaolmhar á meas níos mó ar na dreasachtaí chun teicneolaíochtaí caighdeánaithe a úsáid i dtáirgí nuálacha. Dá bhrí sin, chun freagairt chomhréireach atá spriocdhírithe go maith a áirithiú, níor cheart nósanna imeachta áirithe faoin Rialachán seo, mar atá an cinneadh maidir le ríchíosanna comhiomlána agus cinneadh éigeantach FRAND roimh dhlíthíocht, a chur i bhfeidhm maidir le cásanna úsáide sainaitheanta de chaighdeáin áirithe nó codanna díobh a bhfuil fianaise leordhóthanach ann ina leith nach n‑eascraíonn deacrachtaí nach beag ná neamhéifeachtúlachtaí as caibidlíocht cheadúnúcháin BPC ar théarmaí FRAND.

    (5)Cé gur cheart go spreagfadh trédhearcacht i gceadúnú BPC timpeallacht infheistíochta chothrom, feadh slabhraí luacha iomlána an Mhargaidh Aonair, go háirithe maidir le cásanna úsáide teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus atá mar bhonn agus mar thaca ag cuspóirí an Aontais maidir le fás glas, digiteach agus athléimneach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán freisin maidir le caighdeáin nó codanna díobh, arna bhfoilsiú roimh a theacht i bhfeidhm i gcás ina ndéanann neamhéifeachtúlachtaí i gceadúnú BPCanna ábhartha saobhadh tromchúiseach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás teipeanna margaidh a chuireann bac ar infheistíocht sa Mhargadh Aonair, ar rolladh amach teicneolaíochtaí nuálacha nó ar fhorbairt teicneolaíochtaí nuaghinte agus cásanna úsáide atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, agus na critéir sin á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún na caighdeáin nó na codanna díobh a foilsíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na cásanna úsáide ábhartha, ar féidir BPCanna a chlárú ina leith, a chinneadh trí ghníomh tarmligthe.

    (6)Toisc gur cheart gealltanas FRAND a dhéanamh d’aon BPC a dhearbhaítear maidir le haon chaighdeán atá beartaithe lena chur i bhfeidhm arís agus arís eile agus ar bhonn leanúnach, ba cheart brí na gcaighdeán a bheith níos leithne ná mar atá i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 .

    (7)Áirítear le ceadúnú ar théarmaí agus coinníollacha FRAND ceadúnú saor ó ríchíosanna. Ós rud é go dtagann formhór na saincheisteanna chun cinn maidir le beartais cheadúnúcháin lena ngabhann ríchíosanna, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceadúnú saor ó ríchíosanna.

    (8)I bhfianaise chineál domhanda cheadúnú BPC, féadfaidh tagairtí do chinneadh maidir le ríchíosanna comhiomlána agus FRAND tagairt a dhéanamh do ríchíosanna comhiomlána domhanda agus do chinntí domhanda FRAND, nó de réir mar a chomhaontaíonn na páirtithe leasmhara a bhfuil fógra á thabhairt acu nó na páirtithe sna himeachtaí.

    (9)San Aontas, tá socrú caighdeáin agus cur i bhfeidhm rialacha maidir le dlí na hiomaíochta a bhaineann le hoibleagáid FRAND i ndáil le bunphaitinní caighdeáin bunaithe ar na Treoirlínte Cothrománacha 36  agus ar bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 16 Iúil 2015 i gcás C-170/13, Huawei Technologies Co. Ltd v ZTE Corp. agus ZTE Deutschland GmbH 37 . D’aithin an Chúirt Bhreithiúnais an ceart atá ag sealbhóir BPC féachaint lena phaitinní a fhorfheidhmiú i gcúirteanna náisiúnta faoi réir coinníollacha áirithe nach mór a chomhlíonadh chun mí‑úsáid ceannasachta ag sealbhóir BPC a chosc agus urghaire á lorg aige. Toisc nach ndeonaítear an ceart eisiach ar úinéir paitinne léi cosc a chur ar aon tríú páirtí an t‑aireagán a úsáid de cheal toiliú an úinéara ach amháin sa dlínse dá n‑eisítear é, is le dlíthe náisiúnta na bpaitinní agus le himeachtaí sibhialta nó dlíthe forfheidhmithe arna gcomhchuibhiú le Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a rialaítear díospóidí faoi phaitinní. 38 .

    (10)Toisc go bhfuil nósanna imeachta sonracha ann chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht agus sárú paitinní, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta den sórt sin.

    (11)Áirítear le haon tagairt do chúirt inniúil Ballstáit sa Rialachán seo an Chúirt Aontaithe Paitinní i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha.

    (12)Chun cur chun feidhme an rialacháin seo a éascú, ba cheart d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) na cúraimí ábhartha a chomhlíonadh trí bhíthin lárionad inniúlachta. Tá taithí fhairsing ag EUIPO maidir le bunachair sonraí, cláir leictreonacha agus sásraí malartacha um réiteach díospóidí a bhainistiú, ar gnéithe tábhachtacha iad de na feidhmeanna a shanntar faoin Rialachán seo.Is gá na hacmhainní daonna agus na hacmhainní airgeadais is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh a thabhairt don lárionad inniúlachta.

    (13)Ba cheart don lárionad inniúlachta clár leictreonach agus bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus a riar ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe ar BPCanna atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó, lena n‑áirítear torthaí seiceálacha ar thréithe riachtanacha, tuairimí, tuarascálacha, cásdlí atá ar fáil ó dhlínsí ar fud an domhain, rialacha a bhaineann le BPCanna i dtríú tíortha, agus torthaí staidéar a bhaineann go sonrach le BPCanna. Chun feasacht a ardú agus ceadúnú BPC a éascú do FBManna, ba cheart don lárionad inniúlachta cúnamh a thairiscint do FBManna. Ba cheart a áireamh le bunú agus riar córais le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus próisis chun ríchíosanna comhiomlána agus FRAND a chinneadh ag an lárionad inniúlachta gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar an gcóras agus ar na próisis ar bhonn leanúnach, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, ba cheart don lárionad inniúlachta nósanna imeachta oiliúna a bhunú le haghaidh meastóirí tréithe riachtanacha agus comhréiteoirí chun tuairimí a sholáthar maidir le ríchíos comhiomlán agus maidir le cinneadh FRAND agus ba cheart dó comhsheasmhacht ina gcuid cleachtas a spreagadh.

    (14)Ba cheart don lárionad inniúlachta a bheith faoi réir rialacha an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí. Ba cheart a chúraimí a cheapadh chun trédhearcacht a mhéadú trí fhaisnéis atá ann cheana atá ábhartha do BPCanna a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara uile ar bhealach láraithe agus córasach. Dá bhrí sin, bheadh gá le cothromaíocht a dhéanamh idir an rochtain phoiblí saor ar fhaisnéis bhunúsach agus an gá atá le feidhmiú an lárionaid inniúlachta a mhaoiniú. Chun na costais chothabhála a chlúdach, ba cheart táille chlárúcháin a iarraidh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis mhionsonraithe atá sa bhunachar sonraí, amhail torthaí aon seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus tuarascálacha cinnidh FRAND nach bhfuil faoi rún.

    (15)Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios an ríchíos iomlán a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh gach BPC a chlúdaíonn caighdeán (ríchíos comhiomlán) arb infheidhme é maidir le cuir chun feidhme an chaighdeáin sin chun measúnú a dhéanamh ar mhéid an ríchíosa do tháirge, rud a bhfuil ról suntasach aige i gcinntí costais an mhonaróra. Cuidíonn sé freisin le sealbhóir BPC an toradh ionchais ar infheistíocht a phleanáil. D’éascódh foilsiú an ríchíosa chomhiomláin lena bhfuil coinne agus na téarmaí agus coinníollacha ceadúnúcháin caighdeánacha le haghaidh caighdeán ar leith ceadúnú BPC agus laghdódh sé na costais a bhaineann le ceadúnú BPC. Mar sin, is gá an fhaisnéis ar rátaí ríchíosa iomlána (ríchíos comhiomlán) agus téarmaí agus coinníollacha ceadúnúcháin caighdeánacha FRAND a phoibliú.

    (16)Ba cheart do shealbhóirí BPC an deis a bheith acu an lárionad inniúlachta a chur ar an eolas ar dtús faoi fhoilsiú an chaighdeáin nó an ríchíosa chomhiomláin a chomhaontaigh siad eatarthu féin. Ach amháin i gcás na gcásanna úsáide caighdeán sin dá suíonn an Coimisiún go bhfuil cleachtais ceadúnúcháin sheanbhunaithe agus a fheidhmíonn go maith ar an iomlán ag na BPCanna, féadfaidh an lárionad inniúlachta cabhrú leis na páirtithe chun an ríchíos comhiomlán ábhartha a chinneadh. Sa chomhthéacs sin, mura bhfuil comhaontú ann maidir le ríchíos comhiomlán i measc sealbhóirí BPC, féadfaidh sealbhóirí BPC áirithe a iarraidh ar an lárionad inniúlachta comhréiteoir a cheapadh chun cabhrú leis na sealbhóirí BPC atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa phróiseas chun ríchíos comhiomlán a chinneadh do na BPCanna a chumhdaíonn an caighdeán ábhartha. Sa chás seo, is é ról an chomhréiteora cinnteoireacht na sealbhóirí BPC rannpháirteacha a éascú gan aon mholadh a dhéanamh maidir le ríchíos comhiomlán. Ar deireadh, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil tríú páirtí neamhspleách ann, saineolaí, a d’fhéadfadh ríchíos comhiomlán a mholadh. Dá bhrí sin, ba cheart do shealbhóirí agus/nó d’fheidhmeoirí BPC a bheith in ann tuairim shaineolach a iarraidh ar an lárionad inniúlachta maidir le ríchíos comhiomlán. Nuair a dhéantar iarraidh den sórt sin, ba cheart don lárionad inniúlachta painéal comhréiteoirí a cheapadh agus próiseas a riar ina n‑iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a bheith rannpháirteach. Tar éis dó faisnéis a fháil ó na rannpháirtithe uile, ba cheart don phainéal tuairim shaineolach neamhcheangailteach a sholáthar maidir le ríchíos comhiomlán. Ba cheart go n‑áireofaí sa tuairim shaineolach maidir le ríchíos comhiomlán anailís neamhrúnda maidir leis an tionchar a cheaptar a bheidh ag an ríchíos comhiomlán ar na sealbhóirí BPC agus ar na páirtithe leasmhara sa slabhra luacha. Bheadh sé tábhachtach i ndáil leis sin breithniú a dhéanamh ar thosca amhail, éifeachtúlacht cheadúnú BPC, lena n‑áirítear léargais ó aon ghnáthriail nó cleachtas maidir le maoin intleachtúil a cheadúnú sa slabhra luacha agus trascheadúnú, agus an tionchar ar dhreasachtaí chun nuálaíocht a dhéanamh i leith sealbhóirí BPC agus páirtithe leasmhara éagsúla sa slabhra luacha.

    (17)I gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí ginearálta na trédhearcachta, na rannpháirtíochta agus na rochtana ar chaighdeánú Eorpach, ba cheart don chlár láraithe faisnéis maidir leis an líon BPCanna is infheidhme maidir le caighdeán, úinéireacht na BPCanna ábhartha, agus na codanna den chaighdeán a chumhdaítear leis na BPCanna a chur ar fáil go poiblí.Beidh faisnéis sa chlár agus sa bhunachar sonraí maidir le caighdeáin, táirgí, próisis, seirbhísí agus córais ábhartha, lena gcuirtear an caighdeán chun feidhme, na BPCanna atá i bhfeidhm san Aontas, téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha FRAND i gcomhair ceadúnú BPC nó aon chlár ceadúnúcháin, clár comhchoiteann ceadúnúcháin agus tréithe riachtanacha. I gcás sealbhóirí BPC cruthófar trédhearcacht leis an gclár i ndáil leis na BPCanna ábhartha, a sciar féin de na BPCanna uile a dhearbhaítear i leith an chaighdeáin agus i ndáil le gnéithe den chaighdeán a chumhdaítear leis na paitinní. Beidh na sealbhóirí BPC níos fearr chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a dtéann a bpunanna i gcomparáid le punanna sealbhóirí BPCanna eile. Tá sé seo tábhachtach, ní hamháin le haghaidh caibidlíochta le feidhmeoirí ach freisin chun tras‑cheadúnú a dhéanamh le sealbhóirí BPCanna eile. I gcás feidhmeoirí, leis an gclár soláthrófar foinse faisnéise iontaofa maidir leis na BPCanna, lena n‑áirítear i ndáil leis na sealbhóirí BPC a bhféadfadh sé go gcaithfeadh an feidhmeoir ceadúnas a fháil uathu. Má chuirtear faisnéis den sórt sin ar fáil sa chlár, cabhrófar freisin le fad na bpléití teicniúla a ghiorrú le linn na chéad chéime den chaibidlíocht ar cheadúnú BPC.

    (18)A luaithe a fhógraítear caighdeán nó a shonraítear ríchíos comhiomlán, cibé acu a dhéanfar ar dtús, osclóidh an lárionad inniúlachta clárú na BPCanna ag sealbhóirí BPCanna atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó.

    (19)Chun trédhearcacht maidir le BPCanna a áirithiú, is iomchuí a cheangal ar shealbhóirí BPC a bpaitinní a chlárú, ar paitinní iad atá fíor‑riachtanach don chaighdeán dá bhfuil an clárú oscailte. Ba cheart do shealbhóirí BPC a gcuid BPCanna a chlárú laistigh de 6 mhí tar éis don lárionad inniúlachta tús a chur leis an gclárú nó tar éis na BPCanna ábhartha a dheonú, cibé acu is túisce. I gcás clárú caoithiúil, ba cheart do shealbhóirí BPCanna a bheith in ann ríchíosanna a bhailiú agus damáistí a éileamh i leith úsáidí agus sáruithe a tharla roimh an gclárú.

    (20)Féadfaidh sealbhóirí BPC clárú tar éis na teorann ama a shonraítear. Sa chás sin, áfach, níor cheart do shealbhóirí BPC a bheith in ann ríchíosanna a bhailiú agus damáistí a éileamh maidir leis an tréimhse moille.

    (21)Níor cheart do neamhbhailíocht, easpa tréithe riachtanacha nó neamh‑infhorfheidhmitheacht líon beag de na paitinní sin difear a dhéanamh do chlásail sa chomhaontú ceadúnúcháin a leagann ríchíos síos ar líon mór paitinní – san am i láthair ná sa todhchaí – nuair nach ndéanann siad difear don mhéid foriomlán agus d’infhorfheidhmitheacht an ríchíosa nó do chlásail eile i gcomhaontuithe den sórt sin.

    (22)Ba cheart do shealbhóirí BPC a áirithiú go ndéantar a gclárú BPC a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart nuashonruithe a chlárú laistigh de 6 mhí le haghaidh athruithe stádais ábhartha, lena n‑áirítear úinéireacht, torthaí neamhbhailíochta nó athruithe eile is infheidhme a eascraíonn as gealltanais chonarthacha nó cinntí arna ndéanamh ag údaráis phoiblí.Mura ndéantar an clárú a thabhairt cothrom le dáta, féadfar clárú an BPC a chur ar fionraí ón gclár.

    (23)Féadfaidh sealbhóir BPC modhnú ar chlárú BPC a iarraidh freisin. Féadfaidh páirtí leasmhar a iarraidh freisin go ndéanfar clárú BPC a mhodhnú, más féidir leis a léiriú go bhfuil an clárú míchruinn bunaithe ar chinneadh cinntitheach ó údarás poiblíNí féidir BPC a bhaint den chlár ach amháin arna iarraidh sin don sealbhóir BPC, má tá an phaitinn imithe in éag, má tá an phaitinn neamhbhailí nó má fuarthas amach go bhfuil sé neamhriachtanach le cinneadh críochnaitheach nó rialú ó chúirt inniúil Ballstáit nó má fuarthas go raibh sé neamhriachtanach faoin Rialachán seo.

    (24)Chun cáilíocht an chláir a áirithiú tuilleadh agus chun ró‑chlárú a sheachaint, ba cheart do mheastóirí neamhspleácha, a roghnófar de réir critéar oibiachtúil, seiceálacha randamacha a dhéanamh ar thréithe riachtanacha freisin, arna roghnú de réir critéar oibiachtúil a chinnfidh an Coimisiún. Níor cheart ach BPC amháin ón bhfine paitinní céanna a sheiceáil le haghaidh tréithe riachtanacha.

    (25)Ba cheart na seiceálacha seo ar thréithe riachtanacha a dhéanamh ar shampláil ó phunanna BPC chun a áirithiú go mbeidh an sampla in ann torthaí atá bailí go staitistiúil a tháirgeadh. Ba cheart, le torthaí na seiceálacha sampláilte ar thréithe riachtanacha, an cóimheas a chinneadh idir na BPCanna a ndearnadh seiceáil dheimhneach orthu ó na BPCanna uile atá cláraithe ag gach sealbhóir BPC. Ba cheart an ráta tréithe riachtanacha a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil.

    (26)Féadfaidh sealbhóirí nó feidhmeoirí BPC freisin suas le 100 BPC cláraithe a ainmniú in aghaidh na bliana le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha. Má dheimhnítear go bhfuil na BPCanna réamhroghnaithe fíor‑riachtanach, féadfaidh na sealbhóirí BPC an fhaisnéis seo a úsáid ina gcaibidlíocht agus mar fhianaise sna cúirteanna, gan dochar a dhéanamh do cheart feidhmeora chun agóid a dhéanamh i leith tréithe riachtanacha BPC cláraithe sa chúirt. Ní bheadh aon tionchar ag na BPCanna roghnaithe ar an bpróiseas samplála mar ba cheart an sampla a roghnú as gach BPC cláraithe de chuid gach sealbhóra BPC. Más ionann BPC réamhroghnaithe agus BPC a roghnaíodh don tacar samplach, níor cheart ach seiceáil amháin ar thréithe riachtanacha a dhéanamh. Níor cheart seiceálacha ar thréithe riachtanacha a dhéanamh arís ar BPCanna ón bhfine paitinní chéanna.

    (27)Aon mheasúnú ar thréithe riachtanacha na BPCanna arna dhéanamh ag eintiteas neamhspleách roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin, mar shampla trí chomhthiomsuithe patainní, chomh maith le cinntí maidir le tréithe riachtanacha ó údaráis bhreithiúnacha, ba cheart iad a léiriú sa chlár. Níor cheart na BPCanna sin a sheiceáil arís le haghaidh tréithe riachtanacha tar éis an fhianaise ábhartha a thacaíonn leis an bhfaisnéis sa chlár a chur ar fáil don lárionad inniúlachta.

    (28)Ba cheart do na meastóirí oibriú go neamhspleách i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta agus leis an gCód Iompair a chinnfidh an Coimisiún. Bheadh an sealbhóir BPC in ann measúnú piaraí a iarraidh sula n‑eiseofaí tuairim réasúnaithe. Mura bhfuil BPC ina ábhar d’athbhreithniú piaraí, ní bheadh aon athbhreithniú eile ann ar thorthaí na seiceála ar thréithe riachtanacha. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe piaraí a úsáid chun feabhas a chur ar phróiseas na seiceála ar thréithe riachtanacha agus chun comhsheasmhacht a áirithiú.

    (29)Dhéanfadh an lárionad inniúlachta torthaí na seiceálacha ar thréithe riachtanacha, bíodh siad dearfach nó diúltach, a fhoilsiú sa chlár agus sa bhunachar sonraí.Ní bheadh torthaí na seiceálacha ar thréithe riachtanacha ceangailteach ó thaobh dlí de. Mar sin, níor mhór aghaidh a thabhairt ar aon díospóid ina dhiaidh sin maidir le tréithe riachtanacha sa chúirt ábhartha. Féadfar, áfach, na torthaí ó na seiceálacha ar thréithe riachtanacha, cibé acu a iarrann sealbhóir BPC iad nó tá siad bunaithe ar shampla, a úsáid chun tréithe riachtanacha na BPCanna sin a léiriú i gcaibidlíocht, i gcomhthiomsuithe patainní agus sa chúirt.

    (30)Is gá a áirithiú nach ndéanfar sárú ar na hoibleagáidí clárúcháin agus ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo trí BPC a bhaint den chlár. Nuair a chinneann meastóir nach bhfuil BPC a mhaítear neamhriachtanach, ní féidir ach leis an sealbhóir BPC a iarraidh go mbainfí den chlár é agus ní féidir é a bhaint go dtí go mbeidh an próiseas samplála bliantúil curtha i gcrích agus go mbeidh an cion de fíor‑BPCanna ón sampla cruthaithe agus foilsithe.

    (31)Is é is aidhm do ghealltanas FRAND glacadh agus úsáid an chaighdeáin a éascú trí BPCanna a chur ar fáil do na feidhmeoirí ar théarmaí cothroma agus réasúnta agus toradh cothrom agus réasúnta a thabhairt don sealbhóir BPC as a nuálaíocht. Maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmithe sealbhóirí BPCanna nó gníomhaíochtaí arna dtionscnamh ag feidhmeoirí bunaithe ar dhiúltú sealbhóir BPC ceadúnas a thabhairt, ba cheart gurb é a sprioc deiridh comhaontú ceadúnais FRAND a thabhairt i gcrích. Is é is príomhchuspóir don Rialachán i dtaca leis seo an chaibidlíocht agus an réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a d’fhéadfadh dul chun tairbhe an dá pháirtí a éascú. Trí rochtain a áirithiú ar bhealaí tapa, cothroma agus cost‑éifeachtúla chun díospóidí a réiteach ar théarmaí agus coinníollacha FRAND, ba cheart do shealbhóirí agus d’fheidhmeoirí BPC araon tairbhe a bhaint astu. Mar sin, d’fhéadfadh na páirtithe go léir sochar a bhaint as sásra réitigh díospóide lasmuigh den chúirt a fheidhmíonn i gceart chun téarmaí FRAND a chinneadh (cinneadh FRAND). Féadfaidh páirtí cinneadh FRAND a iarraidh chun a léiriú gur tairiscint FRAND a thairiscint nó chun urrús a sholáthar, agus iad i mbun idirphlé de mheon macánta.

    (32)Le cinneadh FRAND ba cheart an chaibidlíocht maidir le téarmaí FRAND a shimpliú agus a bhrostú agus costais a laghdú. Ba cheart do EUIPO an nós imeachta a riar. Ba cheart don lárionad inniúlachta uainchlár comhréiteoirí a chruthú a chomhlíonann critéir inniúlachta agus neamhspleáchais atá bunaithe, mar aon le stór tuarascálacha neamhrúnda (ní bheidh rochtain ach ag na páirtithe agus na comhréiteoirí ar leagan rúnda de na tuarascálacha). Ba cheart gur dhaoine neodracha a bheadh sna comhréiteoirí a bhfuil taithí fhairsing acu ar réiteach díospóidí agus lántuiscint acu ar ghnéithe eacnamaíocha ceadúnúcháin ar théarmaí agus coinníollacha FRAND.

    (33)Céim shainordaitheach a bheadh i gcinneadh FRAND sula mbeadh sealbhóir BPC in ann imeachtaí um shárú paitinne a thionscnamh nó d’fhéadfadh feidhmeoir cinneadh nó measúnú a iarraidh ar théarmaí agus coinníollacha FRAND maidir le BPC os comhair cúirt inniúil Ballstáit. Níor cheart an oibleagáid maidir le cinneadh FRAND a thionscnamh áfach roimh na himeachtaí cúirte ábhartha a bheith ag teastáil le haghaidh BPCanna lena gcumhdaítear na cásanna úsáide caighdeán sin dá suíonn an Coimisiún nach bhfuil aon deacracht nó neamhéifeachtúlacht shuntasach maidir le ceadúnú ar théarmaí FRAND ina leith.

    (34)Féadfaidh gach páirtí a roghnú cibé acu an mian leis a bheith páirteach sa nós imeachta agus gealltanas a thabhairt go gcomhlíonfaidh sé toradh an nós imeachta sin. I gcás nach dtugann páirtí freagra ar iarraidh ar chinneadh FRAND nó mura ngeallann sé go gcomhlíonfaidh sé toradh chinneadh FRAND, ba cheart don pháirtí eile a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí foirceannadh ar chinneadh FRAND nó go leanfaí go haontaobhach de.. Níor cheart do pháirtí den sórt sin a bheith neamhchosanta ar dhlíthíocht tráth a dhéantar cinneadh FRAND. An tráth céanna, ba cheart gur nós imeachta éifeachtach é cinneadh FRAND chun go bhféadfaidh na páirtithe teacht ar chomhaontú roimh dhul chun dlí nó chun cinneadh a bhaint amach a úsáidfear in imeachtaí eile. Dá bhrí sin, ba cheart don pháirtí nó na páirtithe a gheallann go gcomhlíonfaidh siad toradh chinneadh FRAND agus a ghabhann go cuí don nós imeachta, ba cheart dóibh a bheith in ann leas a bhaint as a thabhairt chun críche.

    (35)Leis an oibleagáid maidir le cinneadh FRAND a thionscnamh, níor cheart dó dochar a dhéanamh do chosaint éifeachtach chearta na bpáirtithe. Chuige sin, an páirtí a gheallann toradh chinneadh FRAND a chomhlíonadh fad agus a theipeann ar an bpáirtí eile déanamh amhlaidh, ba cheart dó a bheith i dteideal imeachtaí a thionscnamh os comhair na cúirte náisiúnta inniúla ar feitheamh chinneadh FRAND. Ina theannta sin, ba cheart do cheachtar páirtí a bheith in ann urghaire sealadach de chineál airgeadais a iarraidh os comhair na cúirte inniúla. I gcás ina bhfuil gealltanas FRAND tugtha ag an sealbhóir BPC ábhartha, le hurghairí sealadacha de chineál airgeadais leordhóthanach agus comhréireach ba cheart an chosaint bhreithiúnach is gá a sholáthar don sealbhóir BPC a d’aontaigh a BPC a cheadúnú ar théarmaí FRAND, agus ba cheart don fheidhmeoir a bheith in ann leibhéal ríchíosanna FRAND a chonspóid nó cosaint a ardú maidir le heaspa tréithe riachtanacha nó maidir le neamhbhailíocht BPC. Sna córais náisiúnta sin lena gceanglaítear na himeachtaí a thionscnamh ar thuillteanais an cháis mar choinníoll chun bearta eatramhacha de chineál airgeadais a iarraidh, ba cheart go bhféadfaí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, ach ba cheart do na páirtithe a iarraidh go gcuirfí an cás ar fionraí le linn chinneadh FRAND. Agus an leibhéal urghaire sealadach airgeadais a mheasfar a bheith leordhóthanach i gcás ar leith á chinneadh, ba cheart, inter alia, acmhainn eacnamaíoch an iarratasóra agus na héifeachtaí féideartha ar éifeachtacht na mbeart ar a ndearnadh iarratas, a chur san áireamh, go háirithe i gcás FBManna, agus freisin chun mí‑úsáid beart den sórt sin a chosc. Ba cheart a shoiléiriú freisin a luaithe a fhoirceannfar cinneadh FRAND, go mbeidh an raon iomlán beart, lena n‑áirítear bearta sealadacha, réamhchúraim agus ceartaitheacha, ar fáil do na páirtithe.

    (36)Nuair a dhéanann na páirtithe cinneadh FRAND, ba cheart dóibh comhréiteoir a roghnú maidir le cinneadh FRAND ón uainchlár. I gcás easaontais, roghnódh an lárionad inniúlachta an comhréiteoir. Ba cheart cinneadh FRAND a thabhairt i gcrích laistigh de 9 mí. Bheadh an t‑am seo riachtanach le haghaidh nós imeachta a áirithíonn go n‑urramaítear cearta na bpáirtithe agus a bheadh sách tapa ag an am céanna chun moill a sheachaint maidir le ceadúnais a thabhairt i gcrích. Féadfaidh páirtithe socrú a dhéanamh tráth ar bith le linn an phróisis, as a leanfaidh foirceannadh chinneadh FRAND.

    (37)Nuair a cheaptar é, ba cheart don lárionad idir‑réitigh cinneadh FRAND a tharchur chuig an gcomhréiteoir, agus ba cheart dó scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá san iarraidh, agus an sceideal nós imeachta a chur in iúl do na páirtithe nó don pháirtí a iarrann leanúint ar aghaidh le cinneadh FRAND. 

    (38)Ba cheart don chomhréiteoir scrúdú a dhéanamh ar aighneachtaí agus ar mholtaí na bpáirtithe maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh, agus na céimeanna caibidlíochta ábhartha a bhreithniú, i measc imthosca ábhartha eile. Ba cheart go mbeadh an comhréiteoir, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó pháirtí, in ann a cheangal ar na páirtithe fianaise a chur isteach a mheasann sé a bheith riachtanach chun a chúram a chomhlíonadh. Féadfaidh an comhréiteoir scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus ar chlár an lárionaid inniúlachta agus ar thuarascálacha rúnda agus neamhrúnda ar chinntí eile FRAND, chomh maith le doiciméid agus faisnéis neamhrúnda arna soláthar ag an lárionad inniúlachta nó arna gcur faoina bhráid.

    (39)Mura nglacann páirtí páirt i gcinneadh FRAND tar éis don chomhréiteoir a bheith ceaptha, féadfaidh an páirtí eile an foirceannadh a iarraidh nó féadfaidh sé a iarraidh go neiseoidh an comhréiteoir moladh le haghaidh cinneadh FRAND ar bhonn na faisnéise a bhí sé in ann a mheasúnú.

    (40)Má thionscnaíonn páirtí nós imeachta i ndlínse lasmuigh den Aontas as a dtagann cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí agus infhorfheidhmithe maidir leis an gcaighdeán céanna atá faoi réir chinneadh FRAND agus a chur chun feidhme, nó lena náirítear BPCanna ón bhfine phaitinne chéanna le BPCanna atá faoi réir chinneadh FRAND agus lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe i gcinneadh FRAND mar pháirtí; roimh do pháirtí cinneadh FRAND a dhéanamh nó lena linn, déanfaidh an comhréiteoir, nó i gcás nach mbeidh sé/sí ceaptha fós nó bunaithe fós, ba cheart don lárionad inniúlachta a bheith in ann an nós imeachta a fhoirceannadh arna iarraidh sin don pháirtí eile.

    (41)Ag deireadh an nós imeachta, ba cheart don chomhréiteoir togra a dhéanamh ag moladh téarmaí agus coinníollacha FRAND. Ba cheart go mbeadh an rogha ag ceachtar páirtí glacadh leis an togra nó é a dhiúltú. Mura dtagann na páirtithe ar chomhréiteach agus/nó mura nglacann siad lena thogra, ba cheart don chomhréiteoir tuarascáil a dhréachtú maidir le cinneadh FRAND. Bheadh ann do leagan rúnda agus leagan neamhrúnda den tuarascáil. Ba cheart go gcuimseofaí sa leagan neamhrúnda den tuarascáil an togra maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND agus an mhodheolaíocht a úsáideadh agus ba cheart iad a sholáthar don lárionad inniúlachta lena bhfoilsiú mar threoir d’aon chinneadh FRAND ina dhiaidh sin idir na páirtithe agus páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint acu le caibidlíocht chomhchosúil. Mar sin bheadh dhá chuspóir leis an tuarascáil - na páirtithe a spreagadh le socrú a dhéanamh agus trédhearcacht a sholáthar maidir leis an bpróiseas agus na téarmaí atá molta ag FRAND i gcásanna easaontais.

    (42)Léirítear urraim sa Rialachán do chearta maoine intleachtúla na sealbhóirí paitinní (Airteagal 17(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), cé go n‑áirítear ann srian ar an gcumas chun BPC a fhorfheidhmiú ar BPC é nach bhfuil cláraithe laistigh de na teorainneacha ama forordaithe, agus go dtugtar isteach leis ceanglas chun idir‑réiteach a dhéanamh (cinneadh FRAND) sula bhforfheidhmeofaí BPCanna aonair. Ceadaítear teorainn a chur le feidhmiú na gceart maoine intleachtúla faoi Chairt an Aontais, ar choinníoll go n‑urramaítear prionsabal na comhréireachta. De réir an chásdlí bhunaithe, is féidir srian a chur le cearta bunúsacha ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn na srianta sin do chuspóirí an leasa choitinn a shaothraíonn an tAontas, agus nach ionann iad, a mhéid a bhaineann leis an aidhm arna saothrú, agus trasnaíocht neamhréireach agus dofhulaingthe lena sáraítear fíor‑bhunús na gceart arna ráthú 39 . I dtaca leis an méid sin, is chun leas an phobail é an Rialachán seo sa mhéid go soláthraítear faisnéis agus toradh aonfhoirmeach, oscailte agus intuartha leis maidir le BPCanna chun tairbhe an tsealbhóra, na feidhmeoirí agus úsáideoirí deiridh BPC, ar leibhéal an Aontais. Tá sé d’aidhm leis teicneolaíocht a scaipeadh chun leasa fhrithpháirtigh na sealbhóirí agus na bhfeidhmeoirí BPC. Thairis sin, is rialacha sealadacha iad na rialacha a bhaineann le cinneadh FRAND agus mar sin is rialacha teoranta iad, agus tá sé d’aidhm leo feabhas a chur ar an bpróiseas agus é a chuíchóiriú ach ní rialacha ceangailteacha iad sa deireadh thiar 40 .

    (43)Tá cinneadh FRAND comhsheasmhach freisin leis an gceart ar leigheas éifeachtach agus ar rochtain ar an gceartas mar a leagtar síos in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh toisc go gcoinníonn an feidhmeoir agus an sealbhóir BPC an ceart sin go hiomlán. Mura bhfuiltear cláraithe laistigh den teorainn ama forordaithe, is teoranta agus riachtanach é eisiamh an chirt ar fhorfheidhmiú éifeachtach, agus comhlíonann sé cuspóirí an leasa choitinn. Mar a dheimhnítear le CBAE 41 , meastar go bhfuil soláthar réitigh éigeantaigh díospóidí mar réamhchoinníoll le rochtain a fháil ar chúirteanna inniúla na mBallstát comhoiriúnach leis an bprionsabal maidir le cosaint dlí éifeachtach. Leanann cinneadh FRAND na coinníollacha le haghaidh réiteach éigeantach díospóidí ar a dtugtar achoimre sna breithiúnas ó CBAE, agus saintréithe sonracha an cheadúnúcháin BPC á gcur san áireamh.

    (44)Agus na ríchíosanna comhiomlána á gcinneadh agus cinntí FRAND á ndéanamh ag na comhréiteoirí, ba cheart dóibh a chur san áireamh go háirithe aon acquis de chuid an Aontais agus breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais a bhaineann le BPCanna chomh maith leis an treoir a eisítear faoin Rialachán seo, na Treoirlínte Cothrománacha 42  agus Teachtaireacht 2017 ón gCoimisiún maidir le Cur chuige an Aontais i leith Bunphaitinní Caighdeáin a leagan amach 43 . Ina theannta sin, ba cheart do na comhréiteoirí aon tuairim shaineolach ar an ríchíos comhiomlán a mheas nó ina éagmais sin, ba cheart dóibh faisnéis a iarraidh ar na páirtithe sula ndéanann siad a gcuid tograí críochnaitheacha chomh maith le treoir arna eisiúint faoin Rialachán seo.

    (45)Féadfaidh ceadúnú BPC a bheith ina chúis le hachrann i slabhraí luacha nár nochtadh do BPCanna go dtí seo. Tá sé tábhachtach, mar sin, go gcothóidh an lárionad inniúlachta feasacht maidir le ceadúnú BPC sa slabhra luacha trí aon cheann de na huirlisí atá ar fáil aige. I measc na dtosca eile bheadh cumas na monaróirí réamhtheachtacha costas ceadúnais BPC a chur ar aghaidh go dtí slabhra iartheachtach agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag clásail slánaithe atá ann cheana laistigh de shlabhra luacha.

    (46)D’fhéadfadh baint a bheith ag FBManna le ceadúnú BPCanna mar shealbhóirí agus mar fheidhmeoirí BPC. Cé go bhfuil roinnt sealbhóirí BPC ag FBManna faoi láthair, is dócha go n‑éascóidh na héifeachtúlachtaí a bhainfear leis an Rialachán seo ceadúnú a BPC. Tá gá le coinníollacha breise chun an tualach costais ar FBManna den sórt sin a mhaolú, amhail táillí riaracháin laghdaithe agus táillí a d’fhéadfadh a bheith laghdaithe le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus idir-réitigh chomh maith le tacaíocht agus oiliúint saor in aisce. Níor cheart do BPCanna na micrifhiontar agus na bhfiontar beag a bheith ina n‑ábhar ag sampláil le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha, ach ba cheart go mbeidís in ann BPCanna a mholadh le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha más mian leo. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart d’fheidhmeoirí FBManna tairbhigh de tháillí rochtana laghdaithe agus de thacaíocht agus oiliúint in aisce. Ar deireadh, ba cheart sealbhóirí BPC a spreagadh chun ceadúnú ó FBManna a dhreasú trí lascainí ar líon íseal nó díolúintí ó ríchíosanna FRAND.

    (47)Chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hítimí a bheidh le hiontráil sa chlár nó maidir leis na caighdeáin ábhartha atá ann cheana a chinneadh nó chun cásanna úsáide caighdeáin nó codanna de na caighdeáin sin a shainaithint a ndeimhníonn an Coimisiún nach bhfuil aon deacrachtaí nó neamhéifeachtúlachtaí suntasacha maidir le ceadúnú ar théarmaí FRAND ina leith. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 44 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (48)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha ábhartha den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na ceanglais mhionsonraithe a ghlacadh maidir le roghnú na meastóirí agus na gcomhréiteoirí, chomh maith leis na rialacha nós imeachta agus an Cód Iompair le haghaidh meastóirí agus comhréiteoirí a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún freisin na rialacha teicniúla a ghlacadh chun sampla de BPCanna a roghnú le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus leis an modheolaíocht chun go ndéanfaidh meastóirí agus meastóirí piaraí na seiceálacha sin ar thréithe riachtanacha. Ba cheart don Choimisiún freisin aon táille riaracháin a chinneadh dá sheirbhísí i ndáil leis na cúraimí faoin Rialachán seo agus táillí do na meastóirí seirbhísí, do shaineolaithe agus do na comhréiteoirí, maoluithe ar na táillí sin agus modhanna íocaíochta agus iad a oiriúnú de réir mar is gá. Ba cheart don Choimisiún freisin na caighdeáin nó codanna de na caighdeáin sin a foilsíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chinneadh, ar féidir BPCanna a chlárú ina leith. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 .

    (49)Ba cheart Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46  a leasú chun cumhacht a thabhairt do EUIPO dul i mbun na gcúraimí faoin Rialachán seo. Ba cheart feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a leathnú freisin chun na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo a áireamh. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do lárionad eadrána agus idirghabhála EUIPO próisis a bhunú amhail an cinneadh maidir le ríchíosanna comhiomlána agus cinneadh FRAND. 

    (50)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 .

    (51)Toisc gur cheart am a thabhairt do EUIPO, don Choimisiún agus do pháirtithe leasmhara ullmhú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart a chur i bhfeidhm a chur siar.

    (52)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo arb é sin trédhearcacht a mhéadú i ndáil le ceadúnú BPC agus sásra éifeachtúil a sholáthar chun easaontais a réiteach maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar iolrú costas agus, de bharr a éifeachtúlachtaí agus a fhairsinge, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I
    Forálacha Ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha seo a leanas maidir le paitinní atá fíor‑riachtanach do chaighdeán (‘BPCanna’):

    (a)rialacha lena bhforáiltear do thrédhearcacht fheabhsaithe maidir leis an bhfaisnéis is gá le haghaidh ceadúnú BPC;

    (b)rialacha maidir le clárú BPCanna;

    (c)nós imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar thréithe riachtanacha BPCanna cláraithe;

    (d)nós imeachta chun teacht ar réiteach cairdiúil i dtaca le díospóidí a bhaineann le cineál cóir, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheach na dtéarmaí agus na gcoinníollacha (‘cinneadh FRAND’);

    (e)inniúlachtaí do EUIPO chun na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

    2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paitinní atá fíor‑riachtanach do chaighdeán atá foilsithe ag eagraíocht um fhorbairt caighdeán, a bhfuil gealltanas tugtha ag sealbhóir BPC a BPCanna a cheadúnú ina leith ar théarmaí agus coinníollacha córa, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheacha (FRAND) agus nach bhfuil faoi réir beartais maoine intleachtúla atá saor ó ríchíosanna,

    (a)tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite de na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 3;

    (b)roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le Airteagal 66.

    3.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 17 agus 18 ná ag Airteagal 34(1) maidir le BPCanna a mhéid a chuirtear chun feidhme iad le haghaidh cásanna úsáide arna sainaithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4.

    4.I gcás ina bhfuil dóthain fianaise ann, a mhéid a bhaineann le cásanna úsáide sainaitheanta caighdeáin áirithe nó codanna díobh, nach n‑eascraíonn deacrachtaí suntasacha nó neamhéifeachtúlachtaí a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh as caibidlíochtaí ceadúnúcháin BPC ar théarmaí FRAND, déanfaidh an Coimisiún, tar éis próiseas comhairliúcháin iomchuí, trí bhíthin gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 67, liosta de chásanna úsáide den sórt sin, caighdeáin nó codanna díobh a bhunú, chun críocha mhír 3. 

    5.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le sealbhóirí BPC atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó.

    6.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le héilimh neamhbhailíochta nó éilimh maidir le sárú nach mbaineann le cur chun feidhme caighdeáin a dtugtar fógra ina leith faoin Rialachán seo.

    7.Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE ná do chur i bhfeidhm rialacha comhfhreagracha náisiúnta maidir le dlí iomaíochta.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘bunphaitinn chaighdeáin’ nó ‘BPC’ aon phaitinn atá riachtanach do chaighdeán;

    (2)ciallaíonn ‘riachtanach do chaighdeán’ go bhfuil éileamh amháin ar a laghad sa phaitinn nach féidir ar fhorais theicniúla cur chun feidhme nó modh a dhéanamh nó a úsáid a chomhlíonann caighdeán, lena n‑áirítear roghanna atá inti, gan an phaitinn a shárú faoi staid reatha na teicneolaíochta agus faoin ngnáthchleachtas teicniúil;

    (3)ciallaíonn ‘caighdeán’ sonraíocht theicniúil, arna glacadh ag eagraíocht um fhorbairt caighdeán, atá ceaptha lena fheidhmiú arís agus arís nó ar bhonn leantach, sonraíocht nach bhfuil a comhlíonadh éigeantach;

    (4)ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad ina bhforordaítear na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas, seirbhís nó córas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 ;

    (5)ciallaíonn ‘eagraíocht um fhorbairt caighdeán’ aon chomhlacht um chaighdeánú nach comhlachas tionsclaíoch príobháideach é a fhorbraíonn sonraíochtaí teicniúla dílsithe, a fhorbraíonn ceanglais theicniúla nó ceanglais cháilíochta nó moltaí maidir le táirgí, próisis táirgthe, seirbhísí nó modhanna;

    (6)ciallaíonn ‘sealbhóir BPC’ úinéir BPC nó duine a shealbhaíonn ceadúnas eisiach le haghaidh BPC i mBallstát amháin nó níos mó;

    (7)ciallaíonn ‘feidhmeoir’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a chuireann chun feidhme, nó a bheartaíonn, caighdeán a chur chun feidhme i dtáirge, i bpróiseas, i seirbhís nó i gcóras;

    (8)ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha FRAND’ téarmaí agus coinníollacha atá cothrom, réasúnach agus neamh‑idirdhealaitheach i gceadúnú BPCanna;

    (9)ciallaíonn ‘cinneadh FRAND’ nós imeachta struchtúrtha chun téarmaí agus coinníollacha FRAND de cheadúnas BPC a chinneadh;

    (10)ciallaíonn ‘ríchíos comhiomlán’ uasmhéid an ríchíosa le haghaidh na bpaitinní uile atá fíor‑riachtanach do chaighdeán;

    (11)ciallaíonn ‘comhthiomsú paitinní’ eintiteas arna chruthú trí chomhaontú idir dhá shealbhóir BPC nó níos mó chun ceann amháin nó níos mó dá bpaitinní a cheadúnú dá chéile nó do thríú páirtithe;

    (12)ciallaíonn ‘measúnú piaraí’ próiseas ina ndéanann meastóirí, seachas na meastóirí a rinne an tseiceáil ar thréithe riachtanacha, réamhscrúdú ar réamhthorthaí na seiceálacha ar thréithe riachtanacha;

    (13)ciallaíonn ‘cairt éilimh’ cur i láthair de chomhfhreagras idir tréithe (gnéithe) éilimh phaitinne amháin agus ceanglas amháin ar a laghad de chaighdeán nó de mholadh cáilíochta;

    (14)ciallaíonn ‘ceanglas caighdeáin’ friotal in ábhar an doiciméid, lena gcuirtear in iúl critéir atá infhíoraithe go hoibiachtúil atá le comhlíonadh agus nach gceadaítear imeacht uathu má táthar le comhlíonadh an doiciméid a mhaíomh;

    (15)ciallaíonn ‘moladh caighdeáin’ léiriú, in ábhar an doiciméid, a thugann rogha nó bearta féideartha molta a mheastar a bheith an‑oiriúnach gan gá le roghanna nó bearta eile a lua nó a eisiamh;

    (16)ciallaíonn ‘fine paitinní’ bailiúchán de dhoiciméid paitinní a chumhdaíonn an t‑aireagán céanna agus a bhfuil na tosaíochtaí céanna ag a mbaill;

    (17)ciallaíonn ‘páirtí leasmhar’ aon duine atá in ann leas dlisteanach a léiriú i BPCanna, lena n‑áirítear sealbhóir BPC, feidhmeoir, gníomhaire do shealbhóir BPC nó d’fheidhmeoir, nó comhlachas a dhéanann ionadaíocht ar leasanna shealbhóirí agus fheidhmeoirí BPC;

    (18)ciallaíonn ‘lárionad inniúlachta’ aonaid riaracháin EUIPO a chomhlíonann na cúraimí a chuirtear de chúram ar EUIPO faoin Rialachán seo.

    TEIDEAL II
    Lárionad inniúlachta

    Airteagal 3

    Cúraimí an lárionaid inniúlachta

    1.Lárionad inniúlachta arna bhunú laistigh de EUIPO a mbeidh na hacmhainní daonna agus na hacmhainní airgeadais is gá aige a dhéanfaidh na cúraimí faoin Rialachán seo.

    2.Tacóidh an lárionad inniúlachta le trédhearcacht agus le cinneadh FRAND maidir le BPCanna agus déanfaidh sé na cúraimí seo a leanas:

    (a)clár leictreonach agus bunachar sonraí leictreonach a chur ar bun agus a choinneáil ar bun le haghaidh BPCanna;

    (b)uainchláir de mheastóirí agus de chomhréiteoirí a chur ar bun agus a bhainistiú;

    (c)córas a chur ar bun agus a riar chun measúnú a dhéanamh ar thréithe riachtanacha BPCanna;

    (d)an próiseas maidir le cinneadh FRAND a chur ar bun agus a riar;

    (e)oiliúint a chur ar fáil do mheastóirí agus comhréiteoirí;

    (f)próiseas a riar chun ríchíos comhiomlán a chinneadh;

    (g)cur le trédhearcacht agus comhroinnt faisnéise trí na nithe seo a leanas:

    (i)torthaí agus tuairimí réasúnaithe na seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus tuarascálacha neamhrúnda maidir le cinntí FRAND a fhoilsiú;

    (ii)rochtain ar chásdlí (lena n‑áirítear réiteach malartach díospóidí) maidir le BPCanna a chumasú, lena n‑áirítear cásdlí ó dhlínse tríú tíre;

    (iii)faisnéis neamhrúnda a thiomsú maidir le modheolaíochtaí chun FRAND a chinneadh agus ríchíosanna FRAND;

    (iv)rochtain ar rialacha tríú tíortha a bhaineann le BPCanna a chumasú;

    (h)oiliúint, tacaíocht agus comhairle ghinearálta maidir le BPCanna a sholáthar do FBManna;

    (i)staidéir agus aon ghníomhaíocht eile is gá a dhéanamh chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo;

    (j)feasacht a chothú faoi cheadúnú BPC, lena n‑áirítear ceadúnú BPC sa slabhra luacha.

    3.Úsáidfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO na cumhachtaí a thugtar le hAirteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 chun na treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus foilseoidh sé na fógraí is gá chun na cúraimí uile a cuireadh de chúram ar an lárionad inniúlachta leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

    TEIDEAL III
    Faisnéis faoi BPCanna arna cur ar fáil tríd an lárionad inniúlachta

    Caibidil 1
    Forálacha Ginearálta

    Airteagal 4

    Clár de bhunphaitinní caighdeáin

    1.Bunaítear clár de chuid an Aontais le haghaidh BPCanna (‘an clár’).

    2.Coinneoidh an lárionad inniúlachta an clár ar bun i bhformáid leictreonach.

    3.Beidh na hiontrálacha seo a leanas sa chlár:

    (a)faisnéis maidir leis na caighdeáin ábhartha;

    (b)sainaithint BPCanna cláraithe, lena n‑áirítear tír a gclárúcháin agus uimhir na paitinne;

    (c)an leagan den chaighdeán, an tsonraíocht theicniúil agus na ranna sonracha den tsonraíocht theicniúil a mheastar an phaitinn a bheith riachtanach ina leith;

    (d)tagairt do na téarmaí i ngealltanas ceadúnúcháin FRAND shealbhóir an BPC don eagraíocht um fhorbairt caighdeán;

    (e)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsealbhóra BPC;

    (f)má tá an sealbhóir BPC mar chuid de ghrúpa cuideachtaí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála na máthairchuideachta;

    (g)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála ionadaithe dlíthiúla an tsealbhóra BPC san Aontas, i gcás inarb ábhartha;

    (h)aon téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha poiblí a bheith ann, lena n‑áirítear beartais ríchíosa agus lascaine an tsealbhóra BPC;

    (i)aon téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha poiblí a bheith ann le haghaidh ceadúnú BPC do FBManna;

    (j)infhaighteacht maidir le ceadúnú trí chomhthiomsuithe paitinní, i gcás inarb infheidhme;

    (k)sonraí teagmhála le haghaidh ceadúnú, lena n‑áirítear sonraí an eintitis cheadúnúcháin;

    (l)dáta cláraithe an BPC sa chlár agus an uimhir chlárúcháin.

    4.Beidh na hiontrálacha seo a leanas freisin sa chlár, agus an dáta ar taifeadadh iontráil den sórt sin ag gabháil le gach iontráil:

    (a)athruithe ar shonraí teagmhála na n‑iontrálacha dá dtagraítear i mír (3), pointí (e), (f), (g) agus (k);

    (b)ceadúnas a dheonú nó a aistriú trí chomhthiomsuithe paitinní, de bhun Airteagal 9 agus, i gcás inarb infheidhme; 

    (c)faisnéis faoi cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh seiceáil ar thréithe riachtanacha nó measúnú piaraí agus tagairt don toradh;

    (d)faisnéis maidir le cé acu atá an BPC imithe in éag nó neamhbhailí le breithiúnas críochnaitheach ó chúirt inniúil de chuid Ballstáit;

    (e)sonraí maidir le himeachtaí agus cinntí i dtaca le BPCanna de bhun Airteagal 10;

    (f)dáta foilsithe na faisnéise de bhun Airteagal 19(1) i gcomhar le hAirteagal 14(7), Airteagal 15(4) agus Airteagal 18(11);

    (g)an dáta a cuireadh an BPC ar fionraí ón gClár de bhun Airteagal 22;

    (h)ceartuithe ar an BPC, de bhun Airteagal 23;

    (i)an dáta a baineadh an BPC den bhunachar sonraí de bhun Airteagal 25 agus na forais lena bhaint;

    (j)an mhír dá dtagraítear i bpointí (b), (e) agus (f) a cheartú nó a bhaint den chlár.

    5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67, lena leasaítear míreanna (3) go (4) chun nithe seachas na nithe dá dtagraítear i míreanna (3) agus (4) a chinneadh atá le cur isteach sa Chlár chun críocha an Rialacháin seo.

    6.Déanfaidh an lárionad inniúlachta na nithe dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a bhailiú, a eagrú, a phoibliú agus a stóráil, lena n‑áirítear aon sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo.

    7.Coimeádfaidh an lárionad inniúlachta an clár ar shlí a bheidh inrochtana go héasca don phobal lena iniúchadh. Measfar gur de leas an phobail iad na sonraí agus beidh rochtain saor in aisce ag gach tríú páirtí orthu.

    Airteagal 5

    Bunachar sonraí leictreonach

    1.Déanfaidh an lárionad inniúlachta bunachar sonraí leictreonach le haghaidh BPCanna a bhunú agus a choinneáil ar bun.

    2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bhunachar sonraí inrochtana ag aon tríú páirtí ach é a bheith cláraithe leis an lárionad inniúlachta:

    (a)sonraí bibleagrafaíochta paitinne ar an BPC nó an BPC éilithe, lena n‑áirítear dáta tosaíochta, baill na fine, dáta an deonaithe agus dáta éaga;

    (b)téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha poiblí, lena náirítear beartais ríchíosa agus lascaine an tsealbhóra BPC de bhun Airteagal 7, an chéad mhír, pointe (b), má tá fáil orthu;

    (c)téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha poiblí maidir le ceadúnú BPC do FBManna de bhun Airteagal 62(1), má tá siad ar fáil;

    (d)faisnéis maidir le táirgí, próisis, seirbhísí nó córais agus cur chun feidhme atá ar eolas de bhun Airteagal 7, an chéad mhír, pointe (b);

    (e)faisnéis a bhaineann le tréithe riachtanacha de bhun Airteagal 8;

    (f)faisnéis neamhrúnda maidir le cinntí FRAND de bhun Airteagal 11;

    (g)faisnéis maidir le ríchíosanna comhiomlána de bhun Airteagail 15, 16 agus 17;

    (h)tuairimí saineolacha dá dtagraítear in Airteagal 18;

    (i)tuarascálacha neamhrúnda na gcomhréiteoirí de bhun Airteagal 57;

    (j)BPCanna a roghnaíodh le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha de bhun Airteagal 29, na tuairimí réasúnaithe nó na tuairimí réasúnaithe críochnaitheacha de bhun Airteagal 33;

    (k)an dáta agus na forais maidir leis an BPC a bhaint den bhunachar sonraí de bhun Airteagal 25;

    (l)faisnéis faoi rialacha a bhaineann leis an BPC i dtríú tíortha de bhun Airteagal 12;

    (m)cásdlí agus tuarascálacha de bhun Airteagal 13(3) agus (5);

    (n)ardú feasachta agus ábhair teagaisc.

    3.Féadfaidh rochtain ar an bhfaisnéis de bhun mhír (2), pointí (f), (h), (i), (j) agus (k) a bheith faoi réir táille a íoc.

    4.Mar sin féin, beidh rochtain iomlán saor in aisce ag údaráis phoiblí, lena n‑áirítear na cúirteanna, ar an bhfaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír (2) faoi réir clárú leis an lárionad inniúlachta.

    Airteagal 6

    Forálacha coiteanna maidir leis an gclár agus an bunachar sonraí

    1.Nuair a iarrann páirtí go gcoimeádfaí sonraí agus doiciméid an bhunachair sonraí faoi rún, soláthróidh an páirtí leagan neamhrúnda den fhaisnéis a cuireadh isteach faoi rún a bheidh mionsonraithe a dhóthain le go bhféadfar tuiscint réasúnta a fháil ar bhunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún. Féadfaidh an lárionaid inniúlachta an leagan neamhrúnda sin a nochtadh.

    2.Coimeádfaidh an lárionad inniúlachta comhaid aon nós imeachta a bhaineann le clárú an BPC. Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO cinneadh faoin bhfoirm ina gcoimeádfar na comhaid sin agus ina gcuirfear ar fáil iad. Coimeádfaidh an lárionad inniúlachta na comhaid ar feadh 10 mbliana tar éis deireadh a chur le clárú an BPC. Arna iarraidh sin, féadfar sonraí pearsanta a bhaint den chlár nó den bhunachar sonraí tar éis 18 mí ó dhul in éag an BPC nó tar éis an BPC a bhaint den chlár.

    3.Féadfaidh an lárionad inniúlachta aon fhaisnéis atá sa chlár nó sa bhunachar sonraí a cheartú de bhun Airteagal 23.

    4.Tabharfar fógra don sealbhóir BPC agus dá ionadaí dlíthiúil san Aontas maidir le haon athrú ar an gclár nó ar an mbunachar sonraí nuair a bhaineann an tathrú sin le BPC faoi leith.

    5.Arna iarraidh sin, eiseoidh an lárionad inniúlachta deimhnithe clárúcháin nó cóipeanna deimhnithe de na sonraí agus de na doiciméid sa chlár nó sa bhunachar sonraí. Féadfaidh na deimhnithe clárúcháin agus na cóipeanna deimhnithe a bheith faoi réir táille a íoc.

    6.Cinnfidh an Coimisiún na coinníollacha rochtana ar an mbunachar sonraí, lena n‑áirítear na táillí i gcomhair rochtana den sórt sin, nó i gcomhair deimhnithe clárúcháin agus cóipeanna deimhnithe den bhunachar sonraí nó den chlár, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

    Airteagal 7

    Cur chun feidhme caighdeáin agus téarmaí agus coinníollacha gaolmhara a bhaineann le ceadúnú BPC a shainaithint

    Soláthróidh sealbhóir BPC an fhaisnéis seo a leanas don lárionad inniúlachta:

    (a)faisnéis faoi na táirgí, na próisis, na seirbhísí nó na córais ina bhféadfar ábhar an BPC a ionchorprú nó a bhfuil sé beartaithe é a chur i bhfeidhm orthu, maidir le gach cur chun feidhme caighdeáin, nó cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar eolas ag an sealbhóir BPC.

    (b)i gcás ina bhfuil fáil orthu, na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha atá aige i gcomhair ceadúnú BPC, lena n‑áirítear a bheartais ríchíosa agus lascaine, laistigh de 7 mí ó thús an chlárúcháin don chaighdeán ábhartha agus chuireann an lárionad inniúlachta chun feidhme é.

    Airteagal 8

    Faisnéis a bhaineann le tréithe riachtanacha

    Soláthróidh sealbhóir BPC don lárionad inniúlachta an fhaisnéis seo a leanas le háireamh sa bhunachar sonraí agus le tagairt sa chlár:

    (a)cinneadh críochnaitheach maidir le tréithe riachtanacha le haghaidh BPC cláraithe arna dhéanamh ag cúirt inniúil de chuid Ballstáit laistigh de 6 mhí ó fhoilsiú an chinnidh sin.

    (b)aon seiceáil ar thréithe riachtanacha roimh [IO: cuir isteach an dáta = 24 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an rialacháin seo] arna déanamh ag meastóir neamhspleách i gcomhthéacs comhthiomsaithe paitinní, lena sainaithnítear uimhir chlárúcháin an BPC, aitheantas an chomhthiomsaithe patainní agus a riarthóra, agus an meastóir.

    Airteagal 9

    Faisnéis atá le soláthar le comhthiomsuithe paitinní

    Foilseoidh comhthiomsuithe paitinní ar a suíomhanna gréasáin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad agus cuirfidh siad an lárionad inniúlachta ar an eolas faoin bhfaisnéis sin:

    (a)caighdeáin faoi réir ceadúnú comhchoiteann;

    (b)scairshealbhóirí nó struchtúr úinéireachta an eintitis riaracháin;

    (c)próiseas chun meastóireacht a dhéanamh ar BPCanna;

    (d)uainchlár meastóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas;

    (e)liosta de na BPCanna a ndearnadh meastóireacht orthu agus liosta de na BPCanna atá á gceadúnú;

    (f)crostagairtí léiritheacha don chaighdeán;

    (g)liosta de na táirgí, seirbhísí agus próisis a fhéadfar a cheadúnú tríd an gcomhthiomsú paitinní nó tríd an eintiteas;

    (h)beartas ríchíosanna agus lascaine in aghaidh gach catagóir táirge;

    (i)comhaontú caighdeánach ceadúnais in aghaidh gach catagóir táirge;

    (j)liosta de na ceadúnóirí i ngach catagóir táirge;

    (k)liosta de na ceadúnóirí le haghaidh gach catagóir táirge.

    Airteagal 10

    Faisnéis maidir le cinntí i dtaca le BPCanna

    1.Tabharfaidh cúirteanna inniúla na mBallstát fógra don lárionad inniúlachta laistigh de 6 mhí ón dáta a nglacfar breithiúnas maidir le BPCanna i leith:

    (a)urghairí;

    (b)imeachtaí um shárú;

    (c)tréithe riachtanacha agus bailíocht;

    (d)mí‑úsáid ceannasachta;

    (e)téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh.

    2.Féadfaidh aon duine an lárionad inniúlachta a chur ar an eolas faoi aon imeacht breithiúnach nó faoi aon imeacht um réiteach malartach díospóidí a bhaineann le BPC.

    Airteagal 11

    Faisnéis maidir le cinntí FRAND

    1.Déanfaidh daoine atá páirteach in imeachtaí um réiteach malartach díospóidí a bhaineann le BPCanna atá i bhfeidhm i mBallstát na caighdeáin agus na cur chun feidhme lena mbaineann, an mhodheolaíocht a úsáidtear chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a ríomh, a nochtadh don lárionad inniúlachta laistigh de 6 mhí ó fhoirceannadh an nós imeachta sin, an mhodheolaíocht a úsáidtear chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a ríomh, faisnéis maidir le hainm na bpáirtithe, agus ar rátaí ceadúnúcháin sonracha arna gcinneadh.

    2.Ní nochtfaidh an lárionad inniúlachta aon fhaisnéis rúnda gan toiliú roimh ré ón bpáirtí lena mbaineann.

    Airteagal 12

    Faisnéis faoi rialacha a bhaineann leis an BPC i dtríú tíortha

    1.Déanfaidh an lárionad inniúlachta faisnéis faoi aon riail a bhaineann le BPC in aon tríú tír a bhailiú agus a fhoilsiú sa bhunachar sonraí.

    2.Féadfaidh aon duine faisnéis den sórt sin mar aon le faisnéis faoi nuashonruithe, ceartúcháin agus comhairliúcháin phoiblí a sholáthar don lárionad inniúlachta. Foilseoidh an lárionad inniúlachta an fhaisnéis sin sa bhunachar sonraí.

    Airteagal 13

    Cur le trédhearcacht agus comhroinnt faisnéise

    1.Déanfaidh an lárionad inniúlachta na sonraí go léir a chuirfidh na páirtithe leasmhara ar fáil, mar aon le tuairimí agus tuarascálacha ó mheastóirí agus ó chomhréiteoirí a stóráil sa bhunachar sonraí.

    2.Déanfar na sonraí sin a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)clárúcháin BPCanna, seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus imeachtaí idir-réitigh de bhun an Rialacháin seo a riar;

    (b)teacht ar an bhfaisnéis atá riachtanach chun na himeachtaí sin a láimhseáil ar shlí níos fusa agus níos éifeachtúla;

    (c)teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe sna himeachtaí;

    (d)tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirfear ar a chumas don lárionad inniúlachta a chuid oibríochtaí agus feidhmiú chlárú BPCanna agus na himeachtaí faoin Rialachán seo a fheabhsú.

    3.Cuirfidh an lárionad inniúlachta cásdlí ó chúirteanna inniúla na mBallstát, ó dhlínsí tríú tíortha agus ó chomhlachtaí um réiteach malartach díospóidí san áireamh sa bhunachar sonraí.

    4.Baileoidh an lárionad inniúlachta an fhaisnéis go léir maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND, lena n‑áirítear aon lascaine, a bheidh curtha ar fáil go poiblí ag sealbhóirí BPC, a nochtfar dó de bhun Airteagal 11 agus a áiríodh i dtuarascálacha ar chinneadh FRAND agus beidh nochtuithe den sórt sin inrochtana d’údaráis phoiblí san Aontas, lena n‑áirítear cúirteanna inniúla na mBallstát, faoi réir iarratais i scríbhinn. Beidh leagan neamhrúnda ag gabháil leis na doiciméid rúnda den fhaisnéis a cuireadh isteach faoi rún agus a bheidh mionsonraithe a dhóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

    5.Foilseoidh an lárionad inniúlachta sa bhunachar sonraí tuarascáil bhliantúil ar mhodheolaíochtaí le haghaidh cinntí FRAND bunaithe ar fhaisnéis ó chinntí cúirte agus eadrána agus ar fhaisnéis staidrimh maidir le ceadúnais agus táirgí atá ceadúnaithe ó na cinntí FRAND.

    6.Ar iarratas réasúnaithe ó pháirtí leasmhar, athrófar aon fhaisnéis rúnda i bhformáid neamhrúnda sula bhfoilsíonn nó sula dtarchuirfidh an lárionad inniúlachta an fhaisnéis sin.

    Caibidil 2Fógra maidir le caighdeán agus maidir le ríchíos comhiomlán

    Airteagal 14

    Fógra maidir le caighdeán a thabhairt don lárionad inniúlachta

    1.Tabharfaidh sealbhóirí paitinne atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó agus atá fíor‑riachtanach do chaighdeán a bhfuil gealltanais FRAND déanta ina leith an fógra seo a leanas don lárionad inniúlachta, i gcás inar féidir tríd an eagraíocht um fhorbairt caighdeán nó trí fhógra comhpháirteach:

    (a)ainm tráchtála caighdeáin;

    (b)an liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha lena sainítear an caighdeán;

    (c)dáta foilsithe na sonraíochta teicniúla is déanaí;

    (d)cur chun feidhme an chaighdeáin atá ar eolas ag na sealbhóirí BPC a dhéanann an fógra.

    2.Tabharfar an fógra sin laistigh de 30 lá ó fhoilsiú na sonraíochta teicniúla is déanaí.

    3.In éagmais an fhógra faoi mhír (1), tabharfaidh aon sealbhóir BPC atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó, fógra ina aonar, tráth nach déanaí ná 90 lá ó fhoilsiú na sonraíochta teicniúla is déanaí, don lárionad inniúlachta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír (1).

    4.In éagmais fógra faoi mhír (1) nó faoi mhír (3) féadfaidh aon fheidhmeoir fógra a thabhairt don lárionad inniúlachta faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír (1).

    5.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don eagraíocht um fhorbairt caighdeán ábhartha maidir leis an bhfoilsiú. I gcás fógra a thabhairt de bhun mhíreanna (3) agus (4), tabharfaidh sé fógra freisin, i gcás inar féidir, do shealbhóirí BPC aitheanta ina naonar nó iarrfaidh sé deimhniú ón eagraíocht um fhorbairt caighdeán gur thug sí fógra cuí do na sealbhóirí BPC.

    6.Foilseoidh an lárionad inniúlachta ar shuíomh Gréasáin EUIPO na fógraí a dhéanfar de bhun mhíreanna (1), (3) agus (4) le haghaidh barúlacha ó pháirtithe leasmhara.Féadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur faoi bhráid an lárionaid inniúlachta laistigh de 30 lá ó fhoilsítear an liosta.

    7.Tar éis don teorainn ama dá dtagraítear i mír (6) dul in éag, breithneoidh an lárionad inniúlachta na barúlacha go léir a gheofar, lena náirítear na sonraíochtaí teicniúla agus na cur chun feidhme ábhartha uile agus foilseoidh sé an fhaisnéis de bhun mhír (1).

    Airteagal 15

    Fógra a thabhairt don lárionad inniúlachta maidir le ríchíos comhiomlán

    1.Féadfaidh sealbhóirí BPCanna atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó a bhfuil gealltanais FRAND déanta ina leith fógra comhpháirteach a thabhairt don lárionad inniúlachta maidir leis an ríchíos comhiomlán do na BPCanna a chumhdaíonn caighdeán.

    2.Beidh an fhaisnéis maidir leis na nithe seo a leanas san fhógra arna thabhairt i gcomhréir le mír (1):

    (a)ainm tráchtála an chaighdeáin;

    (b)an liosta de na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear an caighdeán;

    (c)ainmneacha na sealbhóirí BPC atá ag tabhairt an fhógra dá dtagraítear i mír (1); 

    (d)an céatadán measta a dhéanann na sealbhóirí BPC dá dtagraítear i mír (1) a léiriú ó gach sealbhóir BPC;

    (e)an céatadán measta de BPCanna ar leo iad i gcomhpháirt ó gach BPC don chaighdeán;

    (f)na cur chun feidhme is eol do na sealbhóirí BPC dá dtagraítear i bpointe (c);

    (g)an ríchíos comhiomlán domhanda, mura sonraíonn na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nach ríchíos domhanda é an ríchíos comhiomlán; 

    (h)aon tréimhse a bhfuil an ríchíos comhiomlán dá dtagraítear i mír (1) bailí lena haghaidh. 

    3.Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 tráth nach déanaí ná 120 lá tar éis na nithe seo a leanas:

    (a)caighdeán arna fhoilsiú ag an eagraíocht um fhorbairt caighdeán le haghaidh cur chun feidhme is eol do na sealbhóirí BPC dá dtagraítear i mír (2), pointe (c); nó

    (b)is eol dóibh faoi chur chun feidhme nua an chaighdeáin.

    4.Foilseoidh an lárionad inniúlachta an fhaisnéis a sholáthraítear faoi mhír (2) sa bhunachar sonraí.

    Airteagal 16

    Athbhreithniú ar an ríchíos comhiomlán

    1.I gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar an ríchíos comhiomlán, cuirfidh na sealbhóirí BPC an lárionad inniúlachta ar an eolas faoin ríchíos comhiomlán athbhreithnithe agus faoi na cúiseanna atá leis an athbhreithniú.

    2.Foilseoidh an lárionad inniúlachta sa bhunachar sonraí an ríchíos comhiomlán tosaigh, an ríchíosa comhiomlán athbhreithnithe agus na cúiseanna leis an athbhreithniú sa chlár.

    Airteagal 17

    Próiseas chun comhaontuithe maidir le cinntí ríchíosa comhiomlána a éascú

    1.Sealbhóirí BPCanna atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó lena léirítear 20 % ar a laghad de na BPCanna uile de chaighdeán, féadfaidh siad iarraidh ar an lárionad inniúlachta comhréiteoir a cheapadh ón uainchlár comhréiteoirí chun idirghabháil a dhéanamh sa phlé maidir le ríchíos comhiomlán a chur isteach i gcomhpháirt.

    2.Déanfar iarraidh den sórt sin tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis fhoilsiú an chaighdeáin nó tráth nach déanaí ná 120 lá tar éis chéad díolachán cur chun feidhme nua ar mhargadh an Aontais le haghaidh chur chun feidhme nach eol tráth foilsithe an chaighdeáin.

    3.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh:

    (a)ainm tráchtála an chaighdeáin;

    (b)dáta foilsithe na sonraíochta teicniúla is déanaí nó dáta chéad díolachán an chur chun feidhme nua ar mhargadh an Aontais;

    (c)na cur chun feidhme is eol do na sealbhóirí BPC dá dtagraítear i mír (1);

    (d)ainmneacha agus sonraí teagmhála na sealbhóirí BPC a thacaíonn leis an iarraidh;

    (e)an céatadán measta de BPCanna ar leo iad go haonarach agus i gcomhpháirt ó na BPCanna ionchasacha uile a éilítear don chaighdeán.

    4.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra do na sealbhóirí BPC dá dtagraítear i mír (3), pointe (d) agus iarrfaidh sé orthu a spéis a léiriú maidir le bheith rannpháirteach sa phróiseas agus a gcéatadán measta de BPCanna ó na BPCanna uile don chaighdeán a sholáthar.

    5.Ceapfaidh an lárionad inniúlachta comhréiteoir as an uainchlár de chomhréiteoirí agus déanfaidh sé na sealbhóirí BPC uile a léirigh spéis maidir le bheith rannpháirteach sa phróiseas a chur ar an eolas.

    6.Sealbhóirí BPC a chuireann faisnéis faoi rún faoi bhráid an chomhréiteora, soláthróidh siad leagan neamhrúnda den fhaisnéis a cuireadh isteach faoi rún a bheidh mionsonraithe a dhóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a chuirtear isteach faoi rún a thuiscint.

    7.I gcás nach dtabharfaidh na sealbhóirí BPC fógra comhpháirteach laistigh de 6 mhí ó ceapadh an comhréiteoir, cuirfidh an comhréiteoir deireadh leis an bpróiseas.

    8.Má chomhaontaíonn na rannchuiditheoirí ar fhógra comhpháirteach, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 15(1), (2) agus (4).

    Airteagal 18

    Tuairim shaineolach neamhcheangailteach maidir le ríchíos comhiomlán

    1.Féadfaidh sealbhóir BPC nó feidhmeoir tuairim shaineolach neamhcheangailteach a iarraidh ar an lárionad inniúlachta maidir le ríchíos comhiomlán domhanda.

    2.Déanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 tráth nach déanaí ná 150 lá tar éis na nithe seo a leanas:

    (a)foilsítear an caighdeán ábhartha le haghaidh na gcur chun feidhme atá ar eolas; nó

    (b)díoltar cur chun feidhme nua den chéad uair ar mhargadh an Aontais.

    3.Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:

    (a)ainm tráchtála an chaighdeáin;

    (b)liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha lena sainítear an caighdeán;

    (c)liosta de tháirgí, próisis, seirbhísí nó córais nó cur chun feidhme ábhartha;

    (d)liosta de pháirtithe leasmhara atá ar eolas agus a sonraí teagmhála.

    4.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don eagraíocht um fhorbairt caighdeán ábhartha agus do na páirtithe leasmhara uile san iarraidh atá ar eolas. Foilseoidh sé an iarraidh ar shuíomh gréasáin EUIPO agus iarrfaidh sé ar pháirtithe leasmhara spéis a léiriú maidir le bheith rannpháirteach sa phróiseas laistigh de 30 lá ón lá a foilsíodh an iarraidh.

    5.Féadfaidh aon pháirtí leasmhar iarraidh a bheith rannpháirteach sa phróiseas tar éis bunús a leasa a mhíniú. Soláthróidh sealbhóirí BPC a gcéatadán measta de na BPCanna sin as na BPCanna uile le haghaidh caighdeáin. Soláthróidh feidhmeoirí faisnéis maidir le haon chur chun feidhme ábhartha den chaighdeán, lena n‑áirítear aon sciar ábhartha den mhargadh san Aontas. 

    6.Má áirítear sealbhóirí BPC sna hiarrataí ar rannpháirtíocht arb ionann iad le chéile agus 20 % measta ar a laghad de na BPCanna uile le haghaidh caighdeáin, in éineacht le feidhmeoirí ag a bhfuil sciar ábhartha den mhargadh de 10 % ar a laghad i gcomhpháirt san Aontas nó 10 FBM ar a laghad, ceapfaidh an lárionad inniúlachta painéal de thriúr comhréiteoirí a roghnófar as an uainchlár de chomhréiteoirí a bhfuil an cúlra iomchuí acu ón réimse ábhartha teicneolaíochta.

    7.Páirtithe leasmhara a chuireann faisnéis faoi rún faoi bhráid an phainéil, soláthróidh siad leagan neamhrúnda den fhaisnéis a cuireadh isteach faoi rún a bheidh mionsonraithe a dhóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint.

    8.Tar éis an cheapacháin, iarrfaidh an painéal ar na sealbhóirí BPC rannpháirteacha na nithe seo a leanas a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin:

    (a)ríchíos comhiomlán a mholadh, lena n‑áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(2), nó

    (b)an bonn cirt a chur isteach maidir leis an dodhéantacht ríchíos comhiomlán a mholadh mar gheall ar chúinsí teicneolaíocha, eacnamaíocha nó eile.

    9.Déanfaidh an painéal na haighneachtaí dá ndéantar foráil i mír 8 a mheas go cuí agus déanfaidh sé cinneadh:

    (a)an nós imeachta le haghaidh na tuairime saineolaí maidir le ríchíos comhiomlán a chur ar fionraí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 6 mhí, ar tréimhse í is féidir a leathnú tuilleadh ar bhonn iarraidh a mbeidh údar cuí léi ó dhuine de na sealbhóirí BPC rannpháirteacha, nó

    (b)an tuairim shaineolach a sholáthar.

    10.Soláthróidh an painéal an tuairim shaineolach laistigh de 8 mí ó dheireadh na tréimhse fionraí de bhun mhír 8(a) nó ón gcinneadh dá dtagraítear i mír 8(b). Tacóidh beirt ar a laghad de na triúr comhréiteoirí leis an tuairim.

    11.Áireofar sa tuairim shaineolach achoimre ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(2), ainmneacha na gcomhréiteoirí, an nós imeachta, na cúiseanna leis an tuairim maidir leis an ríchíos comhiomlán agus an mhodheolaíocht fholuiteach.Sonrófar na cúiseanna le haon tuairim éagsúil in iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an tuairim shaineolach.

    12.Áireofar sa tuairim shaineolach anailís ar an slabhra luacha lena mbaineann agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ríchíos comhiomlán ar dhreasachtaí nuálaíochta sealbhóirí BPC agus páirtithe leasmhara araon sa slabhra luacha ina mbeidh ceadúnú le tarlú.

    13.Foilseoidh an lárionad inniúlachta an tuairim shaineolach agus tabharfaidh sé fógra do na rannpháirtithe faoin bhfoilseachán sin.

    Caibidil 3Clárú BPCanna

    Airteagal 19

    Clár na mbunphaitinní caighdeáin a riar

    1.Cruthóidh an lárionad inniúlachta iontráil sa chlár do chaighdeán a bhfuil gealltanais FRAND déanta ina leith laistigh de 60 lá ón gceann is túisce de na teagmhais seo a leanas:

    (a)foilsíonn an lárionad inniúlachta an caighdeán agus an fhaisnéis ghaolmhar de bhun Airteagal 14(7);

    (b)foilsíonn an lárionad inniúlachta ríchíos comhiomlán agus an fhaisnéis ghaolmhar de bhun Airteagal 15(4) agus Airteagal 18(11).

    2.Foilseoidh an lárionad inniúlachta fógra ar shuíomh gréasáin EUIPO ina gcuirfear in iúl do na páirtithe leasmhara go ndearnadh iontráil sa chlár agus tagróidh sé do na foilseacháin dá dtagraítear i mír (1). Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra do na sealbhóirí BPC atá ar eolas go haonarach trí mheán leictreonach agus don eagraíocht um fhorbairt caighdeán ábhartha faoin bhfógra sa mhír sin.

    Airteagal 20

    Bunphaitinní caighdeáin a chlárú

    1.Arna iarraidh sin do shealbhóir BPC, cláróidh an lárionad inniúlachta aon phaitinn atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ar paitinn í atá fíor‑riachtanach le haghaidh caighdeáin, a bhfuil fógra foilsithe ag an lárionad inniúlachta ina leith de bhun Airteagal 19(2).

    2.Chun go bhféadfar BPC a chuimsiú sa chlár, comhfhreagróidh éileamh paitinne amháin ar a laghad do cheanglas nó moladh amháin ar a laghad don chaighdeán, arna shainaithint ag ainm, leagan (agus/nó eisiúint) agus fochlásal an chaighdeáin.

    3.Déanfar an iarraidh ar chlárú laistigh de 6 mhí ón lá a fhoilseofar an fógra de bhun Airteagal 19(2).I gcás nach ndeonóidh oifig paitinní náisiúnta nó Eorpach an BPC ach tar éis an fógra a bheith foilsithe de bhun Airteagal 19(2), déanfar an iarraidh ar chlárú laistigh de 6 mhí ón lá a dheonóidh an oifig paitinní ábhartha an BPC.

    4.Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(2), pointí (a), (b), (d) agus (e) san iarraidh.

    5.Déanfaidh sealbhóir BPC an fhaisnéis atá sa chlár agus sa bhunachar sonraí a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe ábhartha i ndáil lena BPC cláraithe a léiriú trí fhógra a thabhairt don lárionad inniúlachta laistigh de 6 mhí ón lá a tharlóidh an t‑athrú.

    6.Ní ghlacfar leis an iarraidh ar chlárú ach go n‑íocfaidh an sealbhóir BPC an táille chlárúcháin. Cinnfidh an Coimisiún an táille chlárúcháin sa ghníomh cur chun feidhme a eiseofar bunaithe ar Airteagal 63(5). Áireofar ar an táille chlárúcháin, i gcás fiontair mheánmhéide agus mhóra, na costais agus na táillí lena bhfuil coinne a bhaineann leis an tseiceáil ar thréith riachtanach BPCanna arna roghnú de bhun Airteagal 29(1).

    Airteagal 21

    Dáta clárúcháin

    1.Is é an dáta clárúcháin an dáta a gheobhaidh an lárionad inniúlachta iarraidh ar chlárú de bhun Airteagal 20(2), (4) agus (5).

    2.Foilseoidh an lárionad inniúlachta na BPCanna cláraithe sa chlár laistigh de 7 lá oibre ó dháta an chláraithe.

    Airteagal 22

    Scrúdú ar choinníollacha an chlárúcháin

    1.Déanfar seiceáil ar shampla de chlárúcháin BPC ar bhonn bliantúil le haghaidh iomláine agus cruinnis.

    2.Glacfaidh EUIPO modheolaíocht chun sampla de chlárúcháin BPC a roghnú lena seiceáil.

    3.I gcás nach mbeidh an fhaisnéis sa chlárú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 nó ina mbeidh faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ann, iarrfaidh an lárionad inniúlachta ar an sealbhóir BPC an fhaisnéis iomlán agus chruinn a sholáthar laistigh den teorainn ama nach lú ná 2 mhí arna socrú.

    4.Mura soláthróidh an sealbhóir BPC an fhaisnéis cheart agus iomlán, cuirfear an clárú ar fionraí ón gclár, go dtí go ndéanfar an neamhiomláine nó an neamhchruinneas a leigheas. 

    5.Sealbhóir BPC ar cuireadh a BPC ar fionraí ón gclár de bhun mhír (4) agus a mheasann go bhfuil cinneadh an lárionaid inniúlachta mícheart, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh os comhair Bhoird Achomhairc EUIPO ar chinneadh maidir leis an ábhar. Déanfar an t‑iarratas laistigh de 2 mhí ón bhfionraí. Laistigh de 2 mhí ón iarratas, diúltóidh Boird Achomhairc EUIPO don iarratas nó iarrfaidh siad ar an lárionad inniúlachta a chinneadh a cheartú agus an duine iarrthach a chur ar an eolas.

    6.Déanfar aon fhaisnéis chomhlántach nó cheartaitheach maidir le BPC de bhun an Airteagail seo saor in aisce.

    Airteagal 23

    Iontráil sa chlár nó faisnéis sa bhunachar sonraí a cheartú

    1.Féadfaidh sealbhóir BPC a iarraidh go ndéanfaí a chlárú BPC nó an fhaisnéis atá sa bhunachar sonraí a cheartú trí iarraidh iomchuí a dhéanamh chuig an lárionad inniúlachta, seachas mar a fhoráiltear dó sin i mír (2).

    2.Féadfaidh aon tríú páirtí iarraidh ar an lárionad inniúlachta clárú BPC nó faisnéis atá sa bhunachar sonraí a cheartú. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh:

    (a)ainm agus sonraí teagmhála an duine iarrthaigh;

    (b)uimhir chlárúcháin an BPC chláraithe;

    (c)na cúiseanna atá leis an iarraidh;

    (d)fianaise ó fhoinse neamhspleách a thacaíonn leis an iarraidh.

    3.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don sealbhóir BPC faoin iarraidh agus iarrfaidh sé ar an sealbhóir BPC an iontráil sa chlár nó an fhaisnéis a cuireadh isteach don bhunachar sonraí a cheartú, i gcás inarb ábhartha, laistigh de theorainn ama nach lú ná 2 mhí.

    4.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don sealbhóir BPC agus iarrfaidh sé ar an sealbhóir BPC an iontráil sa chlár nó an fhaisnéis a cuireadh isteach don bhunachar sonraí a cheartú, i gcás inarb ábhartha, laistigh de theorainn ama nach lú ná 2 mhí, nuair a chuirfidh cúirt inniúil de chuid Ballstáit an lárionad inniúlachta ar an eolas de bhun Airteagal 10(1), nó nuair is oifig paitinní nó aon tríú páirtí a chuirfidh ar an eolas é, maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)dul in éag BPC cláraithe

    (b)BPC cláraithe arna chur ó bhail ag údaráis inniúil; nó

    (c)breithiúnas críochnaitheach nach bhfuil an BPC cláraithe fíor‑riachtanach don chaighdeán ábhartha.

    5.Mura gceartóidh an sealbhóir BPC an iontráil sa chlár nó an fhaisnéis arna cur isteach don bhunachar sonraí laistigh den teorainn ama a thabharfar, cuirfear an clárú ar fionraí ón gclár, go dtí go ndéanfar an neamhiomláine nó an neamhchruinneas a leigheas. 

    6.Sealbhóir BPC ar cuireadh a BPC ar fionraí ón gclár de bhun mhír (5) agus a mheasann go bhfuil cinneadh an lárionaid inniúlachta mícheart, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh os comhair Bhoird Achomhairc EUIPO ar chinneadh maidir leis an ábhar. Déanfar an t‑iarratas laistigh de 2 mhí ón bhfionraí. Laistigh de 2 mhí ón iarratas, diúltóidh Boird Achomhairc EUIPO don iarratas nó iarrfaidh siad ar an lárionad inniúlachta a chinneadh a cheartú agus an duine iarrthach a chur ar an eolas.

    7.An láimhseáil a dhéanfaidh an lárionad inniúlachta ar na hiarrataí ar cheartú de bhun an Airteagail seo, cuirfear ar fionraí í ó roghnú an BPC lena thréithe riachtanacha a sheiceáil de bhun Airteagal 29 go dtí go bhfoilseofar toradh na seiceála ar thréithe riachtanacha sa chlár agus sa bhunachar sonraí de bhun Airteagal 33(1).

    8.Féadfaidh an lárionad inniúlachta aon earráid teanga nó earráid tras‑scríofa agus aon dearmad follasach nó earráid theicniúil is inchurtha ina leith sa chlár agus sa bhunachar sonraí a cheartú as a stuaim féin.

    9.Déanfar aon cheartú de bhun an Airteagail seo saor in aisce.

    Airteagal 24

    Éifeachtaí a bhaineann le gan clárú BPCanna a bheith ann nó clárú BPCanna a chur ar fionraí

    1.Ní fhéadfar BPC nach gclárófar laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 20(3) a fhorfheidhmiú i ndáil le cur chun feidhme an chaighdeáin a gceanglaítear clárú i gcúirt inniúil Ballstáit ina leith, ón teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 20(3) go dtí go gclárófar sa chlár é.

    2.Sealbhóir BPC nach bhfuil a chuid BPCanna cláraithe aige laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 20(3), ní bheidh sé i dteideal ríchíosanna a fháil ná damáistí a lorg as sárú ar na BPCanna sin i ndáil le cur chun feidhme an chaighdeáin a gceanglaítear clárú ina leith, ón teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 20(3) go dtí go gclárófar sa chlár é.

    3.Tá míreanna (1) agus (2) gan dochar do na forálacha a áirítear sna conarthaí lena socraítear ríchíos le haghaidh punann leathan paitinní, ar paitinní iad atá ann cheana nó paitinní amach anseo, agus sonraítear iontu nach ndéanfar difear do mhéid foriomlán agus d’infhorfheidhmitheacht an ríchíosa ná do théarmaí agus coinníollacha eile an chonartha má bhíonn cuid díobh neamhbhailí, neamhriachtanach nó do‑infheidhmithe.

    4.Tá feidhm ag míreanna (1) agus (2) freisin i gcás ina gcuirtear clárú BPC ar fionraí, le linn na tréimhse fionraíochta de bhun Airteagal 22(4) nó Airteagal 23(5), ach amháin i gcás ina n‑iarrann na Boird Achomhairc ar an lárionad inniúlachta a chinntí a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 22(5) agus Airteagal 23(6).

    5.Cúirt inniúil de chuid Ballstáit a n‑iarrtar uirthi cinneadh a dhéanamh maidir le haon saincheist a bhaineann le BPC atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó, fíoróidh sí cé acu atá nó nach bhfuil an BPC cláraithe mar chuid den chinneadh maidir le hinghlacthacht na gníomhaíochta.

    Airteagal 25

    BPC a bhaint den chlár agus den bhunachar sonraí

    1.Féadfaidh sealbhóir BPC a iarraidh go mbainfí a BPC cláraithe den chlár agus den bhunachar sonraí, ar na forais seo a leanas:

    (a)téann an phaitinn in éag;

    (b)cuireann údarás inniúil an phaitinn ó bhail;

    (c)breithiúnas críochnaitheach ó chúirt inniúil de chuid Ballstáit nach bhfuil an phaitinn chláraithe fíor‑riachtanach don chaighdeán ábhartha;

    (d)mar iarmhairt ar thoradh diúltach ón tseiceáil ar thréithe riachtanacha de bhun Airteagal 31(5) agus Airteagal 33(1).

    2.Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith, seachas ó roghnú an BPC lena thréithe riachtanacha a sheiceáil de bhun Airteagal 29 go dtí go bhfoilseofar toradh na seiceála ar thréithe riachtanacha sa chlár agus sa bhunachar sonraí de bhun Airteagal 33(1).

    3.Bainfidh an lárionad inniúlachta an BPC den chlár agus den bhunachar sonraí.

    Teideal IV
    Meastóirí agus Comhréiteoirí

    Airteagal 26

    Meastóirí agus comhréiteoirí 

    1.Déanfaidh meastóir seiceálacha ar thréithe riachtanacha.

    2.Déanfaidh comhréiteoir na cúraimí seo a leanas:

    (a)idirghabháil i measc páirtithe agus ríchíos comhiomlán á bhunú;

    (b)tuairim neamhcheangailteach a sholáthar maidir le ríchíos comhiomlán;

    (c)fónamh a dhéanamh i gcinneadh FRAND.

    3.Cloífidh na meastóirí agus na comhréiteoirí le cód iompair.

    4.Ceapfaidh an lárionad inniúlachta [10] meastóirí as an uainchlár de na meastóirí mar mheastóirí piaraí go ceann tréimhse [3] bliana.

    5.Faoin [IO: cuir isteach dáta = 18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear i , na socruithe praiticiúla agus oibríochtúla a bhaineann leis na nithe seo a leanas a leagan síos:

    (a)na ceanglais le haghaidh meastóirí nó comhréiteoirí, lena n‑áirítear Cód Iompair;

    (b)na nósanna imeachta de bhun Airteagail 17, 18, 31 agus 32 agus Teideal VI.

    Airteagal 27

    An nós imeachta roghnúcháin 

    1.Cuirfidh an lárionad inniúlachta nós imeachta i bhfeidhm chun iarrthóirí a roghnú bunaithe ar na ceanglais a bhunaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 26(5).

    2.Bunóidh an lárionad inniúlachta uainchlár d’iarrthóirí oiriúnacha le haghaidh meastóirí nó comhréiteoirí. D’fhéadfadh uainchláir éagsúla de mheastóirí agus comhréiteoirí a bheith ann ag brath ar réimse teicniúil a speisialtóireachta nó a saineolais. 

    3.I gcás nach bhfuil uainchlár d’iarrthóirí, meastóirí nó comhréiteoirí bunaithe ag an lárionad inniúlachta fós tráth na gcéad chlárúchán nó an chéad chinnidh FRAND, tabharfaidh an lárionad inniúlachta cuireadh do shaineolaithe clúiteacha ad hoc a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 26(5).

    4.Déanfaidh an lárionad inniúlachta athbhreithniú ar na huainchláir go tráthrialta ionas go gcoinneofar ar bun líon leordhóthanach iarrthóirí cáilithe.

    Teideal V
    Seiceálacha ar thréithe riachtanacha bunphaitinní caighdeáin

    Airteagal 28

    Ceanglas ginearálta le haghaidh seiceálacha ar thréithe riachtanacha

    1.Déanfaidh an lárionad inniúlachta córas seiceálacha ar thréithe riachtanacha a riar agus áiritheoidh sé go ndéantar ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta iad agus go gcosnaítear rúndacht na faisnéise a fhaightear.

    2.Is meastóir a roghnófar de bhun Airteagal 27 a dhéanfaidh an tseiceáil ar thréithe riachtanacha. Déanfaidh meastóirí seiceálacha ar thréithe riachtanacha BPCanna cláraithe le haghaidh an chaighdeáin dá bhfuil siad cláraithe.

    3.Ní dhéanfar seiceálacha ar thréithe riachtanacha ar níos mó ná BPC amháin ón ngrúpa paitinne faoi seach.

    4.Ní chuirfear bac ar chaibidlíocht cheadúnúcháin ná ar aon nós imeachta cúirte nó riaracháin i ndáil le BPC cláraithe de bharr nach mbeidh seiceáil ann ar thréithe riachtanacha ná seiceáil leanúnach ar thréithe riachtanacha. 

    5.Déanfaidh an meastóir achoimre ar thoradh na seiceála ar thréithe riachtanacha agus ar na cúiseanna atá leis i dtuairim réasúnaithe, nó, i gcás measúnaithe piaraí, i dtuairim réasúnaithe chríochnaitheach, nach mbeidh ceangailteach ó thaobh dlí de.

    6.Féadfar toradh na seiceála ar thréithe riachtanacha a rinneadh agus tuairim réasúnaithe an mheastóra nó tuairim réasúnaithe chríochnaitheach an mheastóra piaraí a úsáid mar fhianaise os comhair páirtithe leasmhara, comhthiomsuithe patainní, údaráis phoiblí, cúirteanna nó eadránaithe.

    Airteagal 29

    Na seiceálacha ar thréithe riachtanacha a riar 

    1.Roghnóidh an lárionad inniúlachta sampla de BPCanna cláraithe ar bhonn bliantúil ó ghrúpaí éagsúla paitinne ó gach sealbhóir BPC agus maidir le gach caighdeán sonrach sa chlár lena dtréithe riachtanacha a sheiceáil. Eisiafar BPCanna cláraithe de chuid micrifhiontar agus fiontar beag ón bpróiseas samplála bliantúil. Déanfar na seiceálacha bunaithe ar mhodheolaíocht lena n‑áiritheofar go mbunófar roghnúchán a bheidh cothrom agus bailí go staitistiúil lena bhféadfar torthaí cruinne a ndóthain a thabhairt maidir leis an ráta tréithe riachtanacha sna BPCanna cláraithe uile atá ag sealbhóir BPC maidir le gach caighdeán sonrach sa chlár. Faoin [IO: cuir isteach dáta = 18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an mhodheolaíocht mhionsonraithe a chinneadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

    2.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra do na sealbhóirí BPC faoi na BPCanna a roghnaíodh lena dtréithe riachtanacha a sheiceáil. Laistigh den teorainn ama arna bunú ag an lárionad inniúlachta, féadfaidh na sealbhóirí BPC, laistigh den tréimhse ama chéanna, cairt éilimh ar a mbeidh cúig chomhfhreagras ar a mhéad idir an BPC agus an caighdeán ábhartha a chur isteach, in éineacht le haon fhaisnéis theicniúil bhreise lena bhféadfaí an tseiceáil ar thréithe riachtanacha agus na haistriúcháin ar an bpaitinn a d’iarr an lárionad inniúlachta a éascú. 

    3.Foilseoidh an lárionad inniúlachta an liosta de na BPCanna a roghnaíodh lena dtréithe riachtanacha a sheiceáil. 

    4.Maidir le BPC a roghnaíodh lena thréithe riachtanacha a sheiceáil, más rud é go ndearnadh a thréithe riachtanacha a sheiceáil cheana féin nó go bhfuiltear á dhéanamh sin faoi láthair de bhun an Teidil seo, nó go bhfuiltear ag déanamh a thréithe riachtanacha a chinneadh nó a sheiceáil mar a thagraítear dó sin in Airteagal 8, ní dhéanfar aon seiceáil bhreise ar a thréithe riachtanacha. Úsáidfear an toradh ón tseiceáil nó ón gcinneadh ar thréithe riachtanacha roimhe sin chun céatadán na samplaí in aghaidh an tsealbhóra BPC agus in aghaidh an chaighdeáin chláraithe shonraigh a bhí rathúil sa tseiceáil ar thréithe riachtanacha a chinneadh.

    5.Féadfaidh gach sealbhóir BPC suas le 100 BPC cláraithe ó ghrúpaí éagsúla paitinne a mholadh go deonach gach bliain lena dtréithe riachtanacha a sheiceáil maidir le gach caighdeán sonrach a ndearnadh clárú BPC ina leith. 

    6.Féadfaidh aon fheidhmeoir suas le 100 BPC cláraithe ó ghrúpaí éagsúla paitinne a mholadh go deonach gach bliain lena dtréithe riachtanacha a sheiceáil maidir le gach caighdeán sonrach a ndearnadh clárúcháin BPC ina leith. 

    7.Déanfaidh an lárionad inniúlachta na BPCanna lena dtréithe riachtanacha a sheiceáil a leithdháileadh ar mheastóirí bunaithe ar an uainchlár de na meastóirí a bhunaítear de bhun Airteagal 27 agus soláthróidh sé rochtain don mheastóir ar an doiciméadacht iomlán arna soláthar ag an sealbhóir BPC.

    8.Áiritheoidh an lárionad inniúlachta nach nochtfar céannacht an mheastóra do na sealbhóirí BPC le linn an scrúdúcháin ar thréithe riachtanacha de bhun Airteagal 31 nó le linn an mheasúnaithe piaraí de bhun Airteagal 32. Is tríd an lárionad inniúlachta a dhéanfar an chumarsáid uile idir an sealbhóir BPC agus an meastóir.

    9.I gcás nach gcomhlíonfar ceanglais fhoirmiúla de bhun Airteagal 28, ceanglais nós imeachta eile nó an cód iompair, féadfaidh an lárionad inniúlachta, arna iarraidh sin d’aon pháirtí leasmhar laistigh de 1 mhí amháin ón lá a fhoilseofar an tuairim réasúnaithe nó an tuairim réasúnaithe chríochnaitheach nó ar a thionscnamh féin, athbhreithniú a dhéanamh ar an scrúdú agus cinneadh a dhéanamh:

    (a)a choinneáil ar bun, nó

    (b)cúlghairm

    torthaí an scrúdúcháin ar thréithe riachtanacha BPC cláraithe nó torthaí an mheasúnaithe piaraí.

    10.I gcás ina ndéanfaidh an lárionad inniúlachta na torthaí a chúlghairm de bhun mhír 9(b), ceapfaidh an lárionad inniúlachta meastóir nó meastóir piaraí nua chun scrúdú nua a dhéanamh ar an tseiceáil ar thréithe riachtanacha de bhun Airteagal 31 nó chun measúnú piaraí nua a dhéanamh de bhun Airteagal 32.

    11.An páirtí a iarrann go ndéanfaí athbhreithniú ar an scrúdú ar an tseiceáil ar thréithe riachtanacha nó ar an measúnú piaraí agus go ndéanfaí an meastóir a athcheapadh, agus a mheasann go bhfuil cinneadh an lárionaid inniúlachta mícheart, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh os comhair Bhoird Achomhairc EUIPO ar chinneadh maidir leis an ábhar. Déanfar an t‑iarratas laistigh de 2 mhí ó chinneadh an lárionaid inniúlachta. Diúltóidh Boird Achomhairc EUIPO don iarratas nó iarrfaidh siad ar an lárionad inniúlachta meastóir nua a cheapadh agus an duine iarrthach agus, i gcás inarb ábhartha, an sealbhóir BPC a chur ar an eolas.

    Airteagal 30

    Barúlacha ó pháirtithe leasmhara 

    1.Laistigh de 90 lá tar éis an liosta de na BPCanna cláraithe a roghnaíodh lena sampláil a bheith foilsithe, féadfaidh aon pháirtí leasmhar barúlacha i scríbhinn maidir le tréithe riachtanacha na BPCanna a roghnaíodh a chur faoi bhráid an lárionaid inniúlachta. 

    2.Cuirfear na barúlacha dá dtagraítear i mír (1) in iúl don sealbhóir BPC agus beidh seisean in ann ráiteas a thabhairt orthu laistigh den teorainn ama arna bunú ag an lárionad inniúlachta.

    3.Soláthróidh an lárionad inniúlachta na barúlacha agus na freagraí ón sealbhóir BPC don mheastóir tar éis dhul in éag na dteorainneacha ama a socraíodh.

    Airteagal 31

    Scrúdú ar thréithe riachtanacha BPC cláraithe

    1.Déanfar an scrúdú ar thréithe riachtanacha de réir nós imeachta lena n‑áiritheofar am, críochnúlacht agus ardcháilíocht leordhóthanach.

    2.Féadfaidh an meastóir iarraidh ar an sealbhóir BPC lena mbaineann barúlacha a chomhdú, laistigh de thréimhse a shocróidh an meastóir. 

    3.I gcás ina mbíonn cúiseanna ag meastóir lena chreidiúint go bhféadfadh sé nach bhfuil an BPC fíor‑riachtanach don chaighdeán, cuirfidh an lárionad inniúlachta an sealbhóir BPC ar an eolas faoi na cúiseanna sin agus sonróidh sé tréimhse ina bhféadfaidh sealbhóir BPC a bharúlacha, nó cairt éilimh leasaithe, a chur isteach.

    4.Déanfaidh an meastóir aon fhaisnéis a sholáthróidh an sealbhóir BPC a mheas go cuí.

    5.Eiseoidh an meastóir a thuairim réasúnaithe chuig an lárionad inniúlachta laistigh de 6 mhí tar éis a cheaptha. Áireofar sa tuairim réasúnaithe ainm an tsealbhóra BPC agus an mheastóra, an BPC atá faoi réir na seiceála ar thréithe riachtanacha, an caighdeán ábhartha, achoimre ar an nós imeachta scrúdúcháin, toradh na seiceála ar thréithe riachtanacha agus na cúiseanna ar a mbeidh an toradh sin bunaithe.

    6.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don sealbhóir BPC faoin tuairim réasúnaithe.

    Airteagal 32

    Measúnú piaraí 

    1.I gcás ina mbeidh an lárionad inniúlachta tar éis an sealbhóir BPC a chur ar an eolas de bhun Airteagal 31(3), féadfaidh an sealbhóir BPC measúnú piaraí a iarraidh roimh dhul in éag na tréimhse chun a bharúlacha a chur isteach de bhun Airteagal 31(3).

    2.Má iarrann an sealbhóir BPC measúnú piaraí, ceapfaidh an lárionad inniúlachta meastóir piaraí.

    3.Déanfaidh an meastóir piaraí an fhaisnéis uile arna cur isteach ag an sealbhóir BPC a mheas go cuí, in éineacht leis na cúiseanna ón meastóir tosaigh maidir leis an bhfáth a bhféadfadh sé nach bhfuil an BPC fíor‑riachtanach don chaighdeán agus aon chairt éilimh leasaithe nó aon bharúil bhreise arna soláthar ag an sealbhóir BPC.

    4.I gcás inar deimhníodh conclúidí tosaigh an mheastóra sa mheasúnú piaraí go bhféadfadh sé nach bhfuil an BPC ar a ndearnadh meastóireacht fíor‑riachtanach don chaighdeán dár cláraíodh é, cuirfidh an meastóir piaraí an lárionad inniúlachta ar an eolas agus soláthróidh sé na cúiseanna a bheidh leis an tuairim sin. Cuirfidh an lárionad inniúlachta an sealbhóir BPC ar an eolas agus iarrfaidh sé air a bharúlacha a chur isteach.

    5.Déanfaidh an meastóir piaraí barúlacha an tsealbhóra BPC a mheas go cuí agus eiseoidh sé tuairim réasúnaithe chríochnaitheach chuig an lárionad inniúlachta laistigh de 3 mhí tar éis a cheaptha. Áireofar sa tuairim réasúnaithe chríochnaitheach ainm an tsealbhóra BPC, an mheastóra agus an mheastóra piaraí, an BPC atá faoi réir na seiceála ar thréithe riachtanacha, an caighdeán ábhartha, achoimre ar an nós imeachta scrúdúcháin agus measúnaithe piaraí, conclúid tosaigh an mheastóra, toradh an mheasúnaithe piaraí agus na cúiseanna ar a mbeidh an toradh sin bunaithe.

    6.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don sealbhóir BPC faoin tuairim réasúnaithe chríochnaitheach.

    7.Ach torthaí an mheasúnaithe piaraí a bheith ar fáil beifear in ann feabhas a chur ar an bpróiseas seiceála ar thréithe riachtanacha agus comhsheasmhacht a áirithiú.

    Airteagal 33

    Torthaí na seiceálacha ar thréithe riachtanacha a fhoilsiú

    1.Déanfaidh an lárionad inniúlachta toradh na seiceála ar thréithe riachtanacha nó an mheasúnaithe piaraí a chur isteach sa chlár agus an tuairim réasúnaithe agus an tuairim réasúnaithe chríochnaitheach a chur isteach sa bhunachar sonraí. Beidh toradh na seiceála ar thréithe riachtanacha faoin Rialachán seo bailí le haghaidh gach BPC ón ngrúpa paitinne céanna. 

    2.Foilseoidh an lárionad inniúlachta sa chlár céatadán na BPCanna sampláilte in aghaidh an tsealbhóra BPC agus in aghaidh an chaighdeáin chláraithe shonraigh a bhí rathúil sa tástáil ar thréithe riachtanacha. 

    3.I gcás ina bhfuil earráid, atá inchurtha i leith an lárionaid inniúlachta, sna torthaí a fhoilsítear, déanfaidh an lárionad inniúlachta, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin don sealbhóir BPC atá ina chláraí, an earráid a cheartú agus an ceartúchán a fhoilsiú.

    Teideal VI
    Cinneadh FRAND

    Airteagal 34

    Cinneadh FRAND a thionscnamh

    1.Cinneadh FRAND i leith caighdeáin agus cur chun feidhme ar cruthaíodh iontráil sa chlár ina leith, déanfaidh aon duine de na daoine seo a leanas é a thionscnamh: 

    (a)Sealbhóir BPC, sula dtionscnófar aon mhaíomh maidir le sárú ar BPC os comhair cúirt inniúil de chuid Ballstáit;

    (b)feidhmeoir BPC sula ndéanfar aon iarraidh ar chinneadh nó measúnú ar théarmaí agus coinníollacha FRAND a ghabhann le ceadúnas BPC os comhair cúirt inniúil de chuid Ballstáit.

    2.Tagrófar don pháirtí a iarrfaidh cinneadh FRAND mar an ‘páirtí iarrthach’, d’aon pháirtí a fhreagróidh don iarraidh sin mar an ‘páirtí is freagróir’, agus tagrófar don dá cheann díobh mar na ‘páirtithe’ chun críocha chinneadh FRAND.

    3.Féadfaidh páirtí cinneadh FRAND a thionscnamh nó féadfaidh na páirtithe teacht isteach ann chun díospóidí a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha FRAND a réiteach ar bhonn deonach.

    4.Tá an oibleagáid maidir le cinneadh FRAND a thionscnamh de bhun mhír 1 roimh na himeachtaí cúirte gan dochar don fhéidearthacht atá ag ceachtar páirtí a iarraidh ar chúirt inniúil de chuid Ballstáit urghaire shealadach de chineál airgeadais a eisiúint in aghaidh an tsáraitheora líomhnaithe, go dtí go ndéanfar cinneadh FRAND. Eisiafar leis an urghaire shealadach go ndéanfar maoin an tsáraitheora líomhnaithe a urghabháil nó go ndéanfar na táirgí a bhfuil amhras ann go sáraítear BPC leo a urghabháil nó a choigistiú. I gcás ina bhforáiltear sa dlí náisiúnta nach féidir urghaire shealadach de chineál airgeadais a iarraidh ach amháin i gcás ina mbíonn cás ar feitheamh ar na tuillteanais, féadfaidh ceachtar páirtí cás ar na tuillteanais a thabhairt os comhair cúirt inniúil Ballstáit chun na críche sin. Iarrfaidh na páirtithe ar chúirt inniúil Ballstáit na himeachtaí ar na tuillteanais a chur ar fionraí áfach fad a bheidh cinneadh FRAND ar siúl. Agus cinneadh á dhéanamh aici cé acu ba cheart nó nár cheart an urghaire shealadach a dheonú, measfaidh cúirt inniúil Ballstáit go mbeidh nós imeachta um chinneadh FRAND ar siúl.

    5.A luaithe a fhoirceannfar cinneadh FRAND, beidh an raon iomlán beart ar fáil do na páirtithe, lena n‑áirítear bearta sealadacha, cosanta agus ceartaitheacha.

    Airteagal 35

    Rialacha nós imeachta

    Rialófar cinneadh FRAND le hAirteagal 34 go hAirteagal 58, mar a chuirtear chun feidhme tuilleadh de bhun Airteagal 26(5).

    Airteagal 36

    Ábhar na hiarrata chun cinneadh FRAND a thionscnamh

    1.Déanfar cinneadh FRAND a thionscnamh trí iarraidh i scríbhinn chuig an lárionad inniúlachta ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas: 

    (a)ainm agus faisnéis teagmhála an pháirtí iarrthaigh;

    (b)ainm agus seoladh an pháirtí is freagróir;

    (c)uimhreacha clárúcháin na BPCanna ábhartha sa chlár;

    (d)ainm tráchtála an chaighdeáin agus ainm na heagraíochta um fhorbairt caighdeán.

    (e)achoimre ar an gcaibidlíocht cheadúnúcháin go dtí seo, más infheidhme;

    (f)tagairtí d’aon chinneadh FRAND eile, más infheidhme.

    2.I gcás inar sealbhóir BPC a dhéanfaidh an iarraidh ar chinneadh FRAND a thionscnamh, i dteannta na faisnéise a liostaítear i mír (1), beidh an fhaisnéis seo a leanas inti: 

    (a)cairteacha éilimh ar a mapáiltear éilimh phaitinne ar chaighdeán na BPCanna cláraithe a roghnaítear; 

    (b)cruthúnas ar sheiceálacha ar thréithe riachtanacha, más infhaighte.

    3.Leis an iarraidh ar chinneadh FRAND a thionscnamh, féadfar togra le haghaidh cinneadh FRAND a áireamh.

    Airteagal 37

    Fad chinneadh FRAND 

    1.Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, an tréimhse ón dáta a chuirfear an iarraidh isteach chun leanúint le cinneadh FRAND i gcomhréir le hAirteagal 38(5)(b) nó Airteagal 38(3)(c) nó Airteagal 38(4)(a), an dara habairt, nó Airteagal 38(4)(c), de réir mar is infheidhme, go dtí dáta foirceanta an nós imeachta, ní rachaidh sí thar 9 mí.

    2.An tréimhse chun cosc ama a chur le héilimh os comhair cúirt inniúil Ballstáit, cuirfear ar fionraí í fad a bheidh cinneadh FRAND ar siúl.

    Airteagal 38

    Fógra faoin iarraidh ar chinneadh FRAND agus faoin bhfreagra

    1.Tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don pháirtí is freagróir faoin iarraidh laistigh de 7 lá agus cuirfidh sé an páirtí iarrthach ar an eolas faoi sin.

    2.Tabharfaidh an páirtí is freagróir fógra don lárionad inniúlachta laistigh de 15 lá ón dáta a fhaightear an fógra faoin iarraidh ar chinneadh FRAND ón lárionad inniúlachta i gcomhréir le mír (1). Léireofar sa fhreagra cé acu a chomhaontaíonn nó nach gcomhaontaíonn an páirtí is freagróir le cinneadh FRAND agus cé acu a gheallann nó nach ngeallann sé go gcomhlíonfaidh sé an toradh. 

    3.I gcás nach dtabharfaidh an páirtí is freagróir freagra laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír (2), nó i gcás ina gcuirfidh sé an lárionad inniúlachta ar an eolas faoina chinneadh gan a bheith rannpháirteach i gcinneadh FRAND, nó gan gealltanas a thabhairt go gcomhlíonfaidh sé an toradh, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

    (a)tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don pháirtí iarrthach faoi sin agus iarrfaidh sé air a chur in iúl laistigh de 7 lá cé acu a iarrfaidh nó nach n‑iarrfaidh sé go leanfar le cinneadh FRAND agus cé acu a gheallfaidh nó nach ngeallfaidh sé go gcomhlíonfaidh sé toradh chinneadh FRAND;

    (b)i gcás ina n‑iarrfaidh an páirtí iarrthach go leanfar le cinneadh FRAND agus ina dtabharfaidh sé gealltanas i leith an toraidh, leanfar le cinneadh FRAND, ach ní bheidh feidhm ag Airteagal 34(1) maidir leis na himeachtaí cúirte don pháirtí iarrthach i ndáil leis an ábhar céanna.

    (c)i gcás nach n‑iarrfaidh an páirtí iarrthach, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i bhfomhír (a), go leanfar le cinneadh FRAND, déanfaidh an lárionad inniúlachta cinneadh FRAND a fhoirceannadh.

    4.I gcás ina gcomhaontóidh an páirtí is freagróir le cinneadh FRAND agus ina ngeallfaidh sé go gcomhlíonfaidh sé an toradh de bhun mhír (2), lena n‑áirítear i gcás ina mbraithfidh an gealltanas sin ar ghealltanas an pháirtí iarrthaigh maidir le toradh chinneadh FRAND a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

    (a)tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don pháirtí iarrthach faoi sin agus iarrfaidh sé go gcuirfear an lárionad inniúlachta ar an eolas laistigh de 7 lá maidir le cé acu a gheallfaidh nó nach ngeallfaidh sé go gcomhlíonfaidh sé toradh chinneadh FRAND freisin. I gcás ina nglacfaidh an páirtí iarrthach leis an ngealltanas, leanfar le cinneadh FRAND agus beidh an toradh ina cheangal ar an dá pháirtí;

    (b)i gcás nach dtabharfaidh an páirtí iarrthach freagra laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i bhfomhír (a) nó ina gcuirfidh sé an lárionad inniúlachta ar an eolas faoina chinneadh gan gealltanas a thabhairt go gcomhlíonfaidh sé toradh chinneadh FRAND, tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra don pháirtí is freagróir agus iarrfaidh sé air a chur in iúl laistigh de 7 lá cé acu a iarrfaidh nó nach n‑iarrfaidh sé go leanfar le cinneadh FRAND.

    (c)i gcás ina n‑iarrfaidh an páirtí is freagróir go leanfar le cinneadh FRAND, leanfar le cinneadh FRAND, ach ní bheidh feidhm ag Airteagal 34(1) maidir leis na himeachtaí cúirte don pháirtí is freagróir i ndáil leis an ábhar céanna;

    (d)i gcás nach n‑iarrfaidh an páirtí is freagróir, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i bhfomhír (b), go leanfar le cinneadh FRAND, déanfaidh an lárionad inniúlachta cinneadh FRAND a fhoirceannadh.

    5.I gcás ina ngeallfaidh ceachtar páirtí go gcomhlíonfaidh sé toradh chinneadh FRAND, agus nach ndéanann an páirtí eile amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme, glacfaidh an lárionad inniúlachta fógra gealltanais do chinneadh FRAND agus tabharfaidh sé fógra do na páirtithe laistigh de 5 lá ó dháta dhul in éag na teorann ama chun an gealltanas a sholáthar.Áireofar san fhógra gealltanais ainmneacha na bpáirtithe, ábhar chinneadh FRAND, achoimre ar an nós imeachta agus faisnéis maidir leis ngealltanas a soláthraíodh nó faoin bhfíoras nár soláthraíodh gealltanas le haghaidh an dá pháirtí.

    6.Bainfidh cinneadh FRAND le ceadúnas BPC domhanda, mura sonróidh na Páirtithe a mhalairt i gcás ina gcomhaontóidh an dá pháirtí le cinneadh FRAND nó mura sonróidh an páirtí a iarrfaidh go leanfar le cinneadh FRAND a mhalairt. FBManna atá ina bpáirtithe i gcinneadh FRAND, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaí raon feidhme críochach chinneadh FRAND a theorannú.

    Airteagal 39

    Comhréiteoirí a roghnú 

    1.Tar éis don pháirtí is freagróir freagra a thabhairt ar chinneadh FRAND i gcomhréir le hAirteagal 38(2), nó an iarraidh go leanfar leis i gcomhréir le hAirteagal 38(5), molfaidh an lárionad inniúlachta 3 iarrthóir ar a laghad le haghaidh chinneadh FRAND ón uainchlár de na comhréiteoirí dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Roghnóidh na páirtithe nó an páirtí duine de na hiarrthóirí a mholfar mar chomhréiteoir le haghaidh chinneadh FRAND.

    2.Mura gcomhaontóidh na páirtithe ar chomhréiteoir, roghnóidh an lárionad inniúlachta iarrthóir amháin as an uainchlár de na comhréiteoirí dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    Airteagal 40

    1.Cuirfidh an t‑iarrthóir a roghnófar in iúl don lárionad inniúlachta go nglacfaidh sé leis an gcúram mar chomhréiteoir le haghaidh chinneadh FRAND, agus tabharfaidh an lárionad inniúlachta fógra do na páirtithe faoin nglacadh sin.

    2.An lá tar éis an fógra a thabhairt maidir leis an nglacadh do na páirtithe, ceapfar an comhréiteoir, agus tarchuirfidh an lárionad inniúlachta an cás chuige.

    Airteagal 41

    Na himeachtaí a ullmhú 

    Más rud é, le linn chinneadh FRAND, nach féidir le comhréiteoir a bheith rannpháirteach, go dtarraingeoidh sé siar nó gur gá é a ionadú toisc nach gcomhlíonann sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 39. Cuirfear síneadh leis an tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 37 don tréimhse is gá chun an comhréiteoir nua a cheapadh le haghaidh chinneadh FRAND.

    Airteagal 42

    Na himeachtaí a ullmhú 

    1.Tar éis an cás a tharchur chuig an gcomhréiteoir i gcomhréir le hAirteagal 40(2), déanfaidh sé scrúdú ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá faoi Airteagal 36 san iarraidh i gcomhréir leis na Rialacha nós imeachta. 

    2.Cuirfidh sé an t‑iompar chomh maith leis an sceideal nós imeachta in iúl do na páirtithe nó don pháirtí a iarrfaidh go leanfar le cinneadh FRAND.

    Airteagal 43

    Nós imeachta i scríbhinn 

    Iarrfaidh an comhréiteoir ar gach páirtí aighneachtaí i scríbhinn a chur faoina bhráid ina leagfar amach a argóintí maidir le cinneadh théarmaí agus choinníollacha FRAND is infheidhme, lena n‑áirítear doiciméadacht tacaíochta agus fianaise, agus socróidh sé teorainneacha ama iomchuí.

    Airteagal 44

    Agóid a dhéanamh i leith chinneadh FRAND 

    1.Féadfaidh páirtí agóid a chur isteach ina luaitear nach bhfuil an comhréiteoir in ann cinneadh FRAND a dhéanamh ar fhorais dhlíthiúla, amhail cinneadh ceangailteach FRAND roimhe sin nó comhaontú roimhe sin idir na páirtithe, tráth nach déanaí ná sa chéad aighneacht i scríbhinn. Tabharfar deis don pháirtí eile a bharúlacha a chur isteach.

    2.Déanfaidh an comhréiteoir cinneadh faoin agóid agus diúltóidh sé di mar agóid gan bhunús sula gcuimhneoidh sé ar thuillteanais an cháis nó cuirfidh sé leis an scrúdú ar thuillteanais chinneadh FRAND í. Má rialaíonn an comhréiteoir in aghaidh na hagóide nó má chuireann sé leis an scrúdú ar thuillteanais chinneadh théarmaí agus choinníollacha FRAND, fillfidh sé ar mhachnamh a dhéanamh ar chinneadh théarmaí agus choinníollacha FRAND.

    3.Má chinneann an comhréiteoir go bhfuil bunús leis an agóid, déanfaidh sé cinneadh FRAND a fhoirceannadh agus tarraingeoidh sé suas tuarascáil ina luafar na cúiseanna a bheidh leis an gcinneadh sin.

    Airteagal 45

    Iompar chinneadh FRAND

    1.Tabharfaidh an comhréiteoir cúnamh do na páirtithe ar bhealach neamhspleách agus neamhchlaonta agus iad ag féachaint le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh.

    2.Féadfaidh an comhréiteoir iarraidh ar na páirtithe nó ar an bpáirtí a iarrfaidh go leanfaí le cinneadh FRAND bualadh leis nó féadfaidh siad cumarsáid a dhéanamh leis ó bhéal nó i scríbhinn.

    3.Na páirtithe nó an páirtí a iarrfaidh go leanfaí le cinneadh FRAND, rachaidh siad i gcomhar leis an gcomhréiteoir de mheon macánta agus, go háirithe, freastalóidh siad ar na cruinnithe, comhlíonfaidh siad a iarratais maidir leis na doiciméid, an fhaisnéis agus na míniúcháin ábhartha uile a chur isteach, chomh maith leis na modhanna atá ar fáil dóibh a úsáid chun é a chur ar a chumas don chomhréiteoir éisteacht le finnéithe agus saineolaithe a d’fhéadfadh an comhréiteoir a ghlaoch.

    4.Féadfaidh an páirtí is freagróir rannpháirt a ghlacadh i gcinneadh FRAND tráth ar bith sula ndéantar é a fhoirceannadh.

    5.Ag aon chéim den nós imeachta arna iarraidh sin ag an dá pháirtí, nó ag an bpáirtí a iarrfaidh go leanfaí le cinneadh FRAND, de réir mar is infheidhme, déanfaidh an comhréiteoir cinneadh FRAND a fhoirceannadh.

    Airteagal 46

    I gcás nach mbíonn páirtí rannpháirteach 

    1.Maidir le páirtí:

    (a)nach ndéanann aon iarraidh ón gcomhréiteoir, Rialacha nós imeachta nó sceideal nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(2) a chomhlíonadh,

    (b)má tharraingíonn sé siar a ghealltanas toradh chinneadh FRAND a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagal 38, nó

    (c)mura gcomhlíonann sé ceanglas a bhaineann le cinneadh FRAND ar aon bhealach eile,

    cuirfidh an comhréiteoir an dá pháirtí ar an eolas faoi sin. 

    2.Tar éis fógra a fháil ón gcomhréiteoir, féadfaidh an páirtí comhlíontach iarraidh ar an gcomhréiteoir ceann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

    (a)togra a dhéanamh le haghaidh chinneadh FRAND i gcomhréir le hAirteagal 55 bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dó, agus cibé ualú is cuí leis á chur le haon fhianaise a chuirtear faoina bhráid,

    (b)an nós imeachta a fhoirceannadh. 

    3.Maidir leis an bpáirtí a iarrfaidh go leanfaí le cinneadh FRAND, mura gcomhlíonfaidh sé aon iarraidh ón gcomhréiteoir nó mura gcomhlíonfaidh sé ceanglas a bhaineann le cinneadh FRAND ar aon bhealach eile, déanfaidh an comhréiteoir an nós imeachta a fhoirceannadh. 

    Airteagal 47

    Imeachtaí comhthreomhara i dtríú tír

    1.Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn imeacht comhthreomhar imeacht lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)aon nós imeachta os comhair cúirte, binse, údarás riaracháin nó stáit de chuid tríú tír a dhéanann cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá in‑fhorfheidhmithe maidir le dearbhú paitinne, urghaire, sárú, mí‑úsáid seasaimh margaidh cheannasaigh nó cinneadh théarmaí agus choinníollacha FRAND;

    (b)baineann siad le díospóid um cheadúnú maidir leis an gcaighdeán agus an cur chun feidhme céanna agus paitinn a mbíonn na héilimh chéanna ann ina leith ó thaobh na substainte de agus na BPCanna atá faoi réir chinneadh FRAND;

    (c)baineann siad le ceann amháin nó níos mó de na páirtithe i gcinneadh FRAND mar pháirtí.

    2.I gcás ina dtionscnóidh páirtí imeachtaí comhthreomhara roimh chinneadh FRAND nó lena linn, déanfaidh an comhréiteoir, nó i gcás nach mbeidh sé/sí ceaptha fós, déanfaidh an lárionad inniúlachta cinneadh FRAND a fhoirceannadh arna iarraidh sin d’aon pháirtí eile.

    Airteagal 48

    Fianaise

    1.Gan dochar do chosaint na rúndachta i gcomhréir le hAirteagal 54(3) tráth ar bith le linn chinneadh FRAND, arna iarraidh sin do pháirtí nó as a stuaim féin, féadfaidh an comhréiteoir a iarraidh go soláthrófaí doiciméid nó fianaise eile.

    2.Féadfaidh an comhréiteoir scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus ar chlár an lárionaid inniúlachta agus ar thuarascálacha rúnda agus neamhrúnda ar chinntí eile FRAND, chomh maith le doiciméid agus faisnéis neamhrúnda arna soláthar ag an lárionad inniúlachta nó arna cur faoina bhráid. 

    Airteagal 49

    Finnéithe agus saineolaithe

    Féadfaidh an comhréiteoir éisteacht le finnéithe agus saineolaithe arna n‑iarraidh ag ceachtar páirtí ar choinníoll gur gá an fhianaise don chinneadh FRAND agus go bhfuil an t‑am ann chun an fhianaise sin a bhreithniú.

    Airteagal 50

    Togra chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh 

    1.Tráth ar bith le linn chinneadh FRAND, féadfaidh an comhréiteoir nó páirtí as a stuaim féin nó arna iarraidh sin ag an gcomhréiteoir tograí a chur isteach chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh.

    2.Má bhíonn togra i scríbhinn maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND curtha isteach ag an bpáirtí iarrthach ina aighneacht i scríbhinn, tabharfar an deis don pháirtí is freagróir barúil a thabhairt air agus/nó frith‑togra i scríbhinn a chur isteach ina fhreagra.

    3.Agus moltaí á gcur isteach aige maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND, cuirfidh an comhréiteoir san áireamh an tionchar a bheidh ag cinneadh théarmaí agus choinníollacha FRAND ar an slabhra luacha agus ar dhreasachtaí nuálaíochta an tsealbhóra BPC agus na bpáirtithe leasmhara araon sa slabhra luacha ábhartha. Chuige sin, féadfaidh an comhréiteoir brath ar an tuairim shaineolach dá dtagraítear in Airteagal 18 nó, i gcás nach bhfuil tuairim den sórt sin ann, faisnéis bhreise a iarraidh agus éisteacht le saineolaithe nó páirtithe leasmhara. 

    Airteagal 51

    Moladh ón gcomhréiteoir maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh

    Tabharfaidh an comhréiteoir fógra do na páirtithe faoi mholadh i scríbhinn maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh 5 mhí ar a dhéanaí roimh an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 37.

    Airteagal 52

    Tograí réasúnaithe chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh arna gcur isteach ag na páirtithe

    Tar éis an fógra a fháil ón gcomhréiteoir faoin moladh i scríbhinn maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND, cuirfidh ceachtar páirtí togra mionsonraithe agus réasúnaithe isteach chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh. Má bhíonn togra curtha isteach ag páirtí cheana féin chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh, cuirfear leaganacha athbhreithnithe isteach, más gá, agus moladh an chomhréiteora á chur san áireamh.

    Airteagal 53

    Nós imeachta ó bhéal 

    Má mheasann an comhréiteoir gur gá a leithéid nó má iarrann páirtí amhlaidh, reáchtálfar éisteacht ó bhéal laistigh de 20 lá tar éis tograí réasúnaithe a chur isteach chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh.

    Airteagal 54

    Nochtadh faisnéise 

    1.Nuair a fhaigheann an comhréiteoir faisnéis ó pháirtí chun críocha chinneadh FRAND, nochtfaidh sé don pháirtí eile í chun go mbeidh an deis ag an bpáirtí eile aon mhíniú a chur i láthair.

    2.Féadfaidh páirtí a iarraidh ar an gcomhréiteoir go gcoimeádfar faisnéis shonrach i ndoiciméad a chuirtear isteach faoi rún.

    3.Nuair a iarrann páirtí go gcoimeádfar an fhaisnéis i ndoiciméad a chuir sé isteach faoi rún, ní nochtfaidh an comhréiteoir an fhaisnéis sin don pháirtí eile. Soláthróidh an páirtí a agróidh an rúndacht leagan neamhrúnda den fhaisnéis a cuireadh isteach faoi rún a bheidh mionsonraithe a dhóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint. Nochtfar an leagan neamhrúnda sin don pháirtí eile.

    Airteagal 55

    Togra réasúnaithe chun go gcinnfidh an comhréiteoir téarmaí agus coinníollacha FRAND

    1.45 lá ar a dhéanaí roimh dheireadh na teorann ama dá dtagraítear in Airteagal 37, déanfaidh an comhréiteoir togra réasúnaithe chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh a chur faoi bhráid na bpáirtithe nó, de réir mar is infheidhme, faoi bhráid an pháirtí a iarrfaidh go leanfaí le cinneadh FRAND.

    2.Féadfaidh ceachtar páirtí barúlacha maidir leis an togra a chur isteach agus leasuithe ar an togra a mholadh don chomhréiteoir, a fhéadfaidh an togra a athfhoirmliú chun na barúlacha arna gcur isteach ag na páirtithe a chur san áireamh agus déanfaidh sé na páirtithe nó an páirtí a iarrfaidh go leanfaí le cinneadh FRAND a chur ar an eolas, de réir mar is infheidhme, maidir leis an athfhoirmliú sin.

    Airteagal 56

    Cinneadh FRAND a fhoirceannadh agus fógra um fhoirceannadh

    1.De bhreis ar chinneadh FRAND a fhoirceannadh ar chúiseanna dá ndéantar foráil in Airteagal 38(4), Airteagal 44(3), Airteagal 45(5), Airteagal 46(2), pointe (b), Airteagal 46(3) agus Airteagal 47(2), déanfar cinneadh FRAND a fhoirceannadh ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

    (a)síníonn na páirtithe comhaontú maidir le réiteach;

    (b)síníonn na páirtithe dearbhú i scríbhinn ina nglacann siad leis an togra réasúnaithe chun go gcinnfidh an comhréiteoir téarmaí agus coinníollacha FRAND dá dtagraítear in Airteagal 55;

    (c)déanann na páirtí dearbhú i scríbhinn gan glacadh leis an togra réasúnaithe chun go gcinnfidh an comhréiteoir téarmaí agus coinníollacha FRAND dá dtagraítear in Airteagal 55;

    (d)ní chuireann páirtí freagra isteach ar an togra réasúnaithe chun go gcinnfidh an comhréiteoir téarmaí agus coinníollacha FRAND dá dtagraítear in Airteagal 55.

    2.I gcás ina ndéantar cinneadh FRAND a fhoirceannadh, glacfaidh an lárionad inniúlachta fógra faoi chinneadh FRAND a fhoirceannadh agus tabharfaidh sé fógra do na páirtithe laistigh de 5 lá ón bhfoirceannadh. Áireofar san fhógra foirceanta ainmneacha na bpáirtithe agus an chomhréiteora, ábhar chinneadh FRAND, achoimre ar an nós imeachta agus na cúiseanna lena fhoirceannadh.

    3.Measfar gur doiciméad é an fógra foirceanta faoina dtabharfar fógra don úinéir BPC de réir bhrí Airteagal 6(3), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 maidir le haon iarraidh ar ghníomhaíocht chustaim in aghaidh earraí a bhfuil amhras ann go sáraítear a BPC leo. 

    4.Cúirt inniúil de chuid Ballstáit, ar iarradh uirthi cinneadh a dhéanamh maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh, lena n‑áirítear i gcásanna mí‑úsáide ceannasachta i measc páirtithe príobháideacha, nó éileamh maidir le sárú ar BPC a bhaineann le BPC atá i bhfeidhm i mBallstát amháin nó níos mó atá faoi réir chinneadh FRAND, ní rachaidh sí ar aghaidh le scrúdú a dhéanamh ar thuillteanais an éilimh sin, mura rud é go seirbheáiltear fógra foirceanta faoi chinneadh FRAND uirthi, nó, sna cásanna dá ndéantar foráil in Airteagal 38(3)(b) agus Airteagal 38(4)(c), fógra gealltanais de bhun Airteagal 38(5).

    5.Sna cásanna dá ndéantar foráil in Airteagal 38(3)(b) agus in Airteagal 38(4)(c), beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 34(5) sna himeachtaí os comhair cúirt inniúil Ballstáit.

    Airteagal 57

    Tuarascáil 

    1.Soláthróidh an comhréiteoir tuarascáil i scríbhinn do na páirtithe tar éis cinneadh FRAND a fhoirceannadh sna cásanna a liostaítear in Airteagal 56(1), pointe (c) agus Airteagal 56(1), pointe (d).

    2.Beidh an méid seo a leanas mar chuid den tuarascáil sin:

    (a)ainmneacha na bpáirtithe;

    (b)measúnú faoi rún ar chinneadh FRAND;

    (c)achoimre faoi rún ar na príomhábhair easaontais; 

    (d)modheolaíocht neamhrúnda agus an measúnú ón gcomhréiteoir maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh.

    3.Ní bheidh an tuarascáil faoi rún ar fáil ach do na páirtithe agus don lárionad inniúlachta. Foilseoidh an lárionad inniúlachta an tuarascáil neamhrúnda sa bhunachar sonraí.

    4.Féadfaidh ceachtar páirtí i gcinneadh FRAND an tuarascáil a chomhdú in aon imeacht os comhair cúirt inniúil de chuid Ballstáit in aghaidh an pháirtí eile i gcinneadh FRAND, d’ainneoin aon bhaic nós imeachta.

    Airteagal 58

    Rúndacht 

    1.Seachas an mhodheolaíocht agus an measúnú ar chinneadh FRAND ón gcomhréiteoir dá dtagraítear in Airteagal 57(2), pointe (d), déanfaidh an lárionad inniúlachta cinneadh théarmaí agus choinníollacha FRAND, aon togra chun téarmaí agus coinníollacha FRAND a chinneadh arna chur isteach le linn an nós imeachta agus aon fhianaise dhoiciméadach nó aon fhianaise eile arna nochtadh le linn chinneadh FRAND nach bhfuil ar fáil go poiblí a choimeád faoi rún, mura soláthraíonn na páirtithe na nithe sin ar bhealach eile.

    2.D’ainneoin mhír (1), féadfaidh an lárionad inniúlachta faisnéis a bhaineann le cinneadh FRAND a áireamh sna sonraí staidrimh comhiomlána uile a fhoilsíonn sé maidir lena ghníomhaíochtaí, ar choinníoll nach gceadaítear gur féidir na páirtithe nó imthosca sonracha na díospóide a shainaithint leis an bhfaisnéis sin. 

    Teideal VII
    Rialacha nós imeachta

    Airteagal 59

    Cumarsáid leis an lárionad inniúlachta agus fógraí a fhaightear uaidh

    1.Is trí mheán leictreonach go príomha a dhéanfar an chumarsáid leis an lárionad inniúlachta agus a fhaightear fógraí uaidh.

    2.Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO cinneadh maidir lena mhéid a bheidh teachtaireachtaí agus fógraí dá dtagraítear i mír (1) le cur isteach go leictreonach agus maidir leis na coinníollacha teicniúla faoina gcuirfear isteach iad.

    Airteagal 60

    Teorainneacha ama

    1.Is i dtéarmaí blianta iomlána, míonna, seachtainí nó laethanta a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá i ndiaidh an lae ar tharla an timeacht ábhartha.

    2.Cinnfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh EUIPO ar oscailt chun doiciméid a fháil nó nach ndéanfar gnáthphost a sheachadadh sa cheantar ina bhfuil EUIPO suite.

    3.Cinnfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh ginearálta maidir le post a sheachadadh sa Bhallstát ina bhfuil EUIPO suite nó i gcás briseadh iarbhír ar nasc EUIPO le modhanna leictreonacha cumarsáide atá inghlactha.

    4.I gcás tarlúintí eisceachtúla a fhágann go mbíonn an chumarsáid idir na páirtithe sna himeachtaí agus an lárionad inniúlachta an‑anásta, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO síneadh a chur leis na teorainneacha ama uile, ar teorainneacha ama iad a rachadh in éag murach sin ar dháta tosaigh na tarlúna sin nó dá éis, mar a chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndáil leis na hábhair seo a leanas:

    (a)páirtithe sna himeachtaí ag a bhfuil a n‑áit chónaithe nó a n‑oifig chláraithe sa réigiún lena mbaineann;

    (b)ionadaithe nó cúntóirí ag a bhfuil áit ghnó sa réigiún lena mbaineann, arna gceapadh ag na páirtithe. 

    5.Agus fad an tsínte dá dtagraítear sa dara fomhír á chinneadh, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO dáta deiridh na tarlúna eisceachtúla a chur san áireamh. Más rud é go dtéann an tarlúint dá dtagraítear sa dara fomhír i bhfeidhm ar cheanncheathrú EUIPO, sonrófar sa chinneadh ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO go mbeidh feidhm aici i ndáil le gach páirtí sna himeachtaí.

    Teideal VIII
    Micrifhiontair agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

    Airteagal 61

    Oiliúint, comhairle agus tacaíocht 

    1.Soláthróidh an lárionad inniúlachta oiliúint agus tacaíocht saor in aisce do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide maidir le hábhair a bhaineann le BPCanna.

    2.Féadfaidh an lárionad inniúlachta staidéir a choimisiúnú, má mheasann sé gur gá sin, chun cúnamh a thabhairt do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide maidir le hábhair a bhaineann le BPCanna. 

    3.Is é EUIPO a iompróidh costais na seirbhísí dá dtagraítear i mír (1) agus mír (2). 

    Airteagal 62

    Téarmaí FRAND le haghaidh micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide 

    1.Agus ceadúnas BPC á chaibidliú le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuimhneoidh sealbhóirí BPC ar théarmaí agus coinníollacha FRAND a thairiscint dóibh a bheidh níos fabhraí ná na téarmaí agus coinníollacha FRAND a thairgeann siad d’fhiontair nach micrifhiontair ná fiontair bheaga ná mheánmhéide iad le haghaidh an chaighdeáin agus na gcur chun feidhme céanna. 

    2.Má thairgeann sealbhóir BPC téarmaí agus coinníollacha FRAND níos fabhraí do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, nó má thugann sé ceadúnas BPC i gcrích lena gcuimsítear téarmaí agus coinníollacha níos fabhraí de bhun mhír (1), ní bhreithneofar na téarmaí agus coinníollacha FRAND sin i gcinneadh FRAND, mura rud é go ndéanfar cinneadh FRAND maidir le téarmaí agus coinníollacha FRAND agus maidir leis na téarmaí agus coinníollacha sin amháin, le haghaidh micrifhiontair agus fiontair bheaga nó mheánmhéide eile. 

    3.Breithneoidh sealbhóirí BPC lascainí nó ceadúnú saor ó ríchíosanna freisin le haghaidh méideanna díolacháin ísle, gan beann ar mhéid an fheidhmeora a ghlacfaidh an ceadúnas. Beidh na lascainí sin nó an ceadúnú saor ó ríchíosanna cóir, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheach agus beidh siad ar fáil sa bhunachar sonraí leictreonach de réir mar a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (b).

    Teideal IX
    Táillí agus Muirir

    Airteagal 63

    Táillí agus muirir 

    1.Féadfaidh an lárionad inniúlachta táillí riaracháin a ghearradh as na seirbhísí a sholáthraíonn sé faoin Rialachán seo.

    2.Féadfar táillí a ghearradh i leith na nithe seo a leanas ar a laghad:

    (a)as na comhréiteoirí a éascaíonn comhaontuithe maidir le cinntí faoi ríchíosanna comhiomlána i gcomhréir le hAirteagal 17;

    (b)as an tuairim shaineolach maidir le ríchíosanna comhiomlána i gcomhréir le hAirteagal 18;

    (c)as an tseiceáil ar thréithe riachtanacha a dhéanann an meastóir i gcomhréir le hAirteagal 31 agus a dhéanann an meastóir piaraí i gcomhréir le hAirteagal 32;

    (d)as na comhréiteoirí le haghaidh chinneadh FRAND i gcomhréir le Teideal VI.

    3.I gcás ina ngearrfaidh an lárionad inniúlachta táillí i gcomhréir le mír 2, is mar a leanas a iomprófar na táillí:

    (a)na táillí dá dtagraítear i mír (2), pointe (a) ó na sealbhóirí BPC a bhí rannpháirteach sa phróiseas bunaithe ar a gcéatadán measta de BPCanna ó na BPCanna uile don chaighdeán;

    (b)na táillí dá dtagraítear i mír (2), pointe (b) go cothrom ó na páirtithe a bhí rannpháirteach sa nós imeachta um an tuairim shaineolach maidir le ríchíosanna comhiomlána, mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, nó mura molfaidh an painéal cionroinnt dhifriúil bunaithe ar mhéid na bpáirtithe arna chinneadh ar bhonn a láimhdeachais;

    (c)na táillí dá dtagraítear i mír (2), pointe (c) ón sealbhóir BPC má d’iarr seiceáil ar thréithe riachtanacha de bhun Airteagal 29(5) nó measúnú piaraí de bhun Airteagal 32(1) agus an feidhmeoir a d’iarr seiceáil ar thréithe riachtanacha de bhun Airteagal 29(6);

    (d)na táillí dá dtagraítear i mír (2), pointe (d) go cothrom ó na páirtithe, mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, nó mura molfaidh an comhréiteoir cionroinnt dhifriúil bunaithe ar leibhéal rannpháirtíochta na bpáirtithe i gcinneadh FRAND.

    4.Beidh leibhéal na dtáillí réasúnta agus comhfhreagróidh sé do chostais na seirbhísí. Cuirfear san áireamh ann staid micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide.

    5.Faoin [IO: cuir isteach dáta = 18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear méideanna na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal 63, an socrú maidir leis na modhanna íocaíochta a bhaineann leis na rialacha a leagtar amach i mír (3) agus mír (4) den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

    Airteagal 64

    Táillí a íoc

    1.Is le EUIPO a íocfar na táillí. Déanfar gach íocaíocht in euro.Féadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin EUIPO a shuíomh cé na modhanna sonracha íocaíochta a d’fhéadfaí a úsáid.

    2.Mura n‑íocfar na méideanna a iarrfar ina n‑iomláine laistigh de 10 lá tar éis dháta na hiarrata, féadfaidh an lárionad inniúlachta fógra a thabhairt don pháirtí mainneachtana agus deis a thabhairt dó an íocaíocht is gá a dhéanamh laistigh de [5] lá. Cuirfidh sé cóip den iarraidh faoi bhráid an pháirtí eile, i gcás ríchíos comhiomlán nó chinneadh FRAND.

    3.Is ionann an dáta a mheasfar an íocaíocht a bheith déanta le EUIPO agus an dáta a chuirfear méid na híocaíochta nó an aistrithe isteach iarbhír i gcuntas bainc atá i seilbh EUIPO.

    4.Má bhíonn aon chuid den íocaíocht is gá fós gan íoc tar éis an sprioc‑ama i mír (2), féadfaidh an lárionad inniúlachta rochtain ar bhunachar sonraí an pháirtí mainneachtana a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar an íocaíocht. 

    Airteagal 65

    Forálacha airgeadais

    1.Na speansais arna dtabhú ag EUIPO nó na meastóirí nó na comhréiteoirí a roghnóidh EUIPO de bhun Airteagail 26 agus 27 le linn na gcúraimí a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, cumhdófar iad leis na táillí riaracháin a bheidh le híoc ag úsáideoirí sheirbhísí an lárionaid inniúlachta le EUIPO.

    2.Maidir le costais arna dtabhú ag EUIPO as gníomhaíochtaí a gcuirtear de chúram air leis an Rialachán seo agus nach gcumhdaítear leis na táillí faoin Rialachán seo, déanfaidh EUIPO na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú óna acmhainní buiséadacha dílse.

    Teideal X
    Forálacha Críochnaitheacha

    Airteagal 66

    Clárú a oscailt le haghaidh caighdeán atá ann cheana féin

    1.Go dtí an [IO: cuir isteach an dáta = 28 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] sealbhóirí BPCanna is gá le haghaidh caighdeán a foilsíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo (‘caighdeáin atá ann cheana’), ar tugadh gealltanais FRAND ina leith, féadfaidh siad fógra a thabhairt don lárionad inniúlachta de bhun Airteagail 14, 15 agus 17 faoi aon cheann de na caighdeáin atá ann cheana nó codanna díobh a chinnfear sa ghníomh tarmligthe i gcomhréir le mír (4). Tá feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais maidir le nósanna imeachta, fógraí agus foilseacháin a leagtar amach sa Rialachán seo.

    2.Go dtí an [IO: cuir isteach an dáta = 28 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] feidhmeoirí caighdeáin a foilsíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar tugadh gealltanais FRAND ina leith, féadfaidh siad fógra a thabhairt don lárionad inniúlachta de bhun Airteagal 14(4) faoi aon cheann de na caighdeáin atá ann cheana nó codanna díobh, a chinnfear sa ghníomh tarmligthe i gcomhréir le mír (4). Tá feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais maidir le nósanna imeachta, fógraí agus foilseacháin a leagtar amach sa Rialachán seo.

    3.Go dtí an [IO: cuir isteach an dáta = 30 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] féadfaidh sealbhóir BPC nó feidhmeoir tuairim shaineolach a iarraidh de bhun Airteagal 18 maidir leis na BPCanna is gá le haghaidh caighdeán atá ann cheana nó codanna de, a chinnfear sa ghníomh tarmligthe i gcomhréir le mír (4). Tá feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 18.

    4.I gcás ina ndéantar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a shaobhadh go tromchúiseach mar gheall ar neamhéifeachtúlachtaí i gceadúnú BPCanna, cinnfidh an Coimisiún, tar éis próiseas comhairliúcháin iomchuí, trí bhíthin gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 67, cé acu de na caighdeáin atá ann cheana, na codanna díobh nó na cásanna úsáide ábhartha ar féidir fógra a thabhairt fúthu i gcomhréir le mír (1) nó mír (2), nó ar féidir tuairim shaineolach a iarraidh ina leith i gcomhréir le mír (3). Cinnfear leis an ngníomh tarmligthe freisin cé na ceanglais maidir le nósanna imeachta, fógraí agus foilseacháin, a leagtar amach sa Rialachán seo, a mbeidh feidhm acu maidir leis na caighdeáin sin atá ann cheana. Glacfar an gníomh tarmligthe laistigh den [IO: cuir isteach an dáta = 18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    5.Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’aon ghníomh arna thabhairt i gcrích agus d’aon cheart arna fháil ón [IO: cuir isteach an dáta = 28 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Airteagal 67

    Tarmligean na cumhachta a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomh tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(4), Airteagal 4(5) agus Airteagal 66(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), Airteagal 4(5) agus Airteagal 66(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(4), Airteagal 4(5) agus Airteagal 66(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 68

    Nós imeachta coiste 

    1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 

    2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 

    Airteagal 69

    Treoraíocht ón gCoimisiún

    Féadfaidh an Coimisiún treoraíocht a eisiúint faoin Rialachán seo maidir le hábhair a chumhdaítear lena raon feidhme, gan ábhair a bhaineann le léirmhíniú Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a áireamh.

    Airteagal 70

    Meastóireacht

    1.Faoin [IO: cuir isteach an dáta = 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chórais um chlárú BPC agus um sheiceálacha ar thréithe riachtanacha.

    2.Faoin [IO: cuir isteach an dáta = 8 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Sa mheastóireacht déanfar measúnú ar oibriú an Rialacháin seo, go háirithe ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht an lárionaid inniúlachta agus a chuid modhanna oibre.

    3.Agus na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i míreanna (1) agus (2) á n‑ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le EUIPO agus leis na páirtithe leasmhara.

    4.Déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i míreanna (1) agus (2) in éineacht leis na conclúidí a dtiocfaidh sé orthu bunaithe ar na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Bhord Bainistíochta EUIPO.

    Airteagal 71

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1001

    Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 mar a leanas:

    1.Leasaítear Airteagal 151(1) mar a leanas:

    (a)cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(ba) na cúraimí a thugtar dó a riar, a chur chun cinn agus tacú leo, arna ndéanamh ag lárionad inniúlachta, faoi Rialachán (AE) Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle+* ;

    * Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le bunphaitinní caighdeáin (IO ...).’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.Féadfaidh an Oifig seirbhísí um réiteach malartach díospóidí a sholáthar, lena n‑áirítear idirghabháil, comhréiteach, eadráin, cinneadh ríchíosanna agus cinneadh FRAND.’;

    2.cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 157(4): 

    ‘(p) na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) …++ a fheidhmiú.’;

    3.Leasaítear Airteagal 170 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘Lárionad um Réiteach Malartach Díospóidí’;

    (b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2 

    ‘1. Chun críocha Airteagal 151(3), féadfaidh an Oifig Lárionad um Réiteach Malartach Díospóidí a bhunú (‘an Lárionad’).

    2. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach seirbhísí an Lárionaid a úsáid chun díospóidí a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a réiteach’;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

    ‘15. Féadfaidh an Oifig oibriú i gcomhar le comhlachtaí aitheanta eile, bíodh comhlachtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta i gceist, a sholáthraíonn seirbhísí um réiteach malartach díospóidí.’;

    (d)cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘16. Beidh feidhm ag Airteagail 18, 19 agus Airteagail 34 go 58 de Rialachán ...++ maidir leis an Lárionad sna himeachtaí uile a bhaineann le bunphaitinní caighdeáin.’.

    [+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo agus cuir isteach uimhir, dáta agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.]

    [++ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo.]

    Airteagal 72

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 24 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh leis na nithe seo a leanas:

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

    1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bunphaitinní Caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

    Margadh inmheánach

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh leis na nithe seo a leanas: 

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 49  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    Is é is aidhm don tionscnamh seo: (i) a áirithiú go dtairbhíonn úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear gnólachtaí beaga agus tomhaltóirí an Aontais de tháirgí atá bunaithe ar na teicneolaíochtaí caighdeánaithe is déanaí ar phraghsanna réasúnta; (ii) áit tharraingteach a dhéanamh den Aontas le haghaidh nuálaíochta agus forbairt caighdeán (lena n‑áirítear le haghaidh rannpháirtithe domhanda); agus (iii) a áirithiú go ndéanann sealbhóirí agus feidhmeoirí BPC an Aontais araon nuáil san Aontas, go ndéanann siad agus go ndíolann siad táirgí san Aontas agus go bhfuil siad iomaíoch ar mhargaí domhanda.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    Cuspóir sonrach Uimh. 

    • Tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le cé leis BPC agus cé na BPCanna atá fíor‑riachtanach le fírinne.

    • Soiléireacht a sholáthar maidir le ríchíosanna FRAND agus téarmaí agus coinníollacha eile.

    • Réiteach díospóidí BPC a éascú.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Trédhearcacht a mhéadú maidir le ceadúnú BPC, costas idirbheart a ísliú agus réiteach díospóidí BPC a éascú le haghaidh sealbhóirí agus feidhmeoirí BPC araon.

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    Sainítear táscairí ratha i gCaibidil 9 den mheasúnú tionchair, agus sonraítear na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.Ba cheart spriocanna agus bonnlíne a bheith ag gabháil le gach táscaire.

    Tábla 1: Táscairí faireacháin

    Ceist taighde

    Táscairí

    Cuspóir Sonrach 1. Faisnéis a sholáthar maidir le húinéireacht BPCanna agus tréithe riachtanacha

    An bhfuil feabhas tagtha ar an rochtain ar fhaisnéis maidir le BPCanna?

    -An líon caighdeán ag a bhfuil BPCanna atá cláraithe sa bhunachar sonraí

    -An líon sealbhóirí BPC atá cláraithe

    -An líon seiceálacha ar thréithe riachtanacha a rinneadh (foriomlán, in aghaidh an tsealbhóra BPC, in aghaidh an chaighdeáin)

    -An bhfuil an bunachar sonraí cothrom le dáta? (an dtugtar an fhaisnéis cothrom le dáta nuair a chláraítear an BPC?)

    -An líon uaireanta a úsáidtear an bunachar sonraí (ráta rochtana) agus conas a úsáidtear é (e.g. seirbhísí nua príobháideacha arna bhforbairt ar na sonraí sin)

    -Braistint ar cháilíocht an chláir agus na seiceálacha ar thréithe riachtanacha

    -Torthaí na measúnuithe piaraí (an líon seiceálacha ar thréithe riachtanacha a deimhníodh)

    -Costas/cáilíocht an chórais lárnaigh i gcomparáid le réitigh phríobháideacha atá ar fáil

    Cuspóir Sonrach 2. • Soiléireacht a sholáthar maidir le ríchíos FRAND

    An bhfuil feabhas tagtha ar fhaisnéis maidir le praghsanna, téarmaí agus coinníollacha FRAND?

    -An líon staidéar a rinne an Lárionad Inniúlachta

    -An líon FBManna a fhaigheann cúnamh

    -Braistint ar cháilíocht na staidéar, an chúnaimh

    -An líon caighdeán, agus a gcur i bhfeidhm

    -An líon ríchíosanna comhiomlána a fógraíodh, nó an líon tuairimí saineolacha a soláthraíodh

    -Braistint na bhfeidhmeoirí agus na sealbhóirí ar an bpróiseas maidir le ráta na ríchíosanna comhiomlána a shocrú/agus an ráta féin; úsáid i gcásanna cúirte/breithiúnais

    -Minicíocht na n‑athruithe ar an ríchíos comhiomlán

    -Costas/cáilíocht sheirbhísí an Lárionaid Inniúlachta i gcomparáid le réitigh phríobháideacha atá ar fáil

    Cuspóir Sonrach 3. Réiteach díospóidí a éascú

    Conas a athraíodh réiteach díospóidí leis na córais nua

    -Úsáid an chomhréitigh (an líon cásanna in aghaidh na bliana, fad, measúnú cáilíochta ó chúirteanna, úsáid in imeachtaí cúirte agus i mbreithiúnais; é a úsáid mar thaca le hiarratais ar ghníomhaíocht chustaim)

    -Athrú ar chostas/fad dlíthíochta BPC de bharr comhréitigh

    -Úsáideacht treoirlínte (braistint na bpáirtithe leasmhara, úsáid i gcásanna cúirte)

    Foinsí faisnéise: Bunachar sonraí an Lárionaid Inniúlachta; Aiseolas/Suirbhéanna ar úsáideoirí na gcóras nua (Lárionad Inniúlachta/clár/comhréiteach/treoirlínte) amhail sealbhóirí agus feidhmeoirí BPC, breithiúna, seiceálaithe ar thréithe riachtanacha; Anailís ar chásanna cúirte/breithiúnais/urghairí; staidéir mheastóireachta thiomnaithe; comhairliúcháin phoiblí; taighde deisce

    Cuspóirí ginearálta

    An tionchar ar shealbhóirí BPC

    -An líon sealbhóirí BPC bunaithe san Aontas

    -An líon BPCanna arna gclárú ag sealbhóirí BPC atá bunaithe san Aontas

    -Fad na caibidlíochta um cheadúnais, an líon ceadúnóirí

    -Ranníocaíocht ghnólachtaí an Aontais i ngníomhaíochtaí forbartha caighdeán

    -Logánú na táirgeachta/T&F na dtáirgí/seirbhísí sin (AE/tríú tíortha)

    An tionchar ar fheidhmeoirí BPC

    -Costas an cheadúnais BPC le haghaidh ghnólachtaí an Aontais, an iarracht chun ceadúnas a fháil

    -Céatadán na BPCanna a chumhdaítear trí cheadúnú.

    -Iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a dhéanann táirgí/seirbhísí san Aontas agus i dtríú tíortha lena gcuirtear BPC chun feidhme.

    -Logánú na táirgeachta/T&F na dtáirgí/seirbhísí sin (AE/tríú tíortha)

    -Ranníocaíocht ghnólachtaí an Aontais i ngníomhaíochtaí forbartha caighdeán

    An tionchar ar chustaiméirí an Aontais

    -An tráth a thugtar táirgí/seirbhísí nua isteach a úsáideann na caighdeáin is déanaí san Aontas i gcomparáid le tíortha eile, praghas na dtáirgí sin

    Foinsí faisnéise: Suirbhéanna, staidreamh oifigiúil (e.g. ‘Fiontair a úsáideann Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ de chuid Eurostat, isoc_eb_iot), staidéir mheastóireachta thiomnaithe; comhairliúcháin phoiblí; taighde deisce.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

    Lárionad Inniúlachta a chruthú laistigh d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), lena n‑áirítear clár BPC, uirlisí TF is gá chomh maith le gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhunú le haghaidh na gcomhpháirteanna eile den tionscnamh (e.g. sainmhíniú ar na próisis uile, na nósanna imeachta uile a ullmhú, rialuithe cáilíochta a bhunú, liosta de scrúdaitheoirí BPC a thiomsú, uainchlár de chomhréiteoirí a chruthú, scrúdaitheoirí agus comhréiteoirí BPC a chur faoi oiliúint, faisnéis a bhailiú maidir le beartais a bhaineann le BPCanna agus achoimrí cásdlí, mol cúnaimh a bhunú le haghaidh FBManna, ábhair oiliúna a ullmhú, etc.), tá coinne leis go nglacfaidh sé sin suas le 2 bhliain. Tá coinne leis go mbeidh an córas lán‑oibríochtúil ina dhiaidh sin.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, tá coinne leis go sábhálfar costais le haghaidh páirtithe leasmhara, mar atá sealbhóirí agus feidhmeoirí BPC araon, agus le haghaidh na mBallstát. Mar shampla, bheadh clár amháin, seiceáil amháin in aghaidh an ghrúpa paitinne ar a thréithe riachtanacha, modheolaíocht choiteann amháin chun na seiceálacha sin a dhéanamh, agus próiseas comhréitigh (cinneadh FRAND) cuíchóirithe agus trédhearcach. Ní bheadh ar shealbhóirí agus feidhmeoirí BPC na costais chéanna a thabhú i ngach Ballstát den Aontas agus a bheadh i gcás réitigh náisiúnta, go háirithe i gcás inar caighdeáin réigiúnacha nó dhomhanda formhór na gcaighdeán.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Cuirfidh EUIPO leis an taithí atá aige maidir le cláir a bhainistiú le haghaidh teidil IP eile, chomh maith lena thaithí le cúnamh a thabhairt do FBManna agus seirbhísí um réiteach malartach díospóidí.

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    N/B

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    Is é EUIPO a dhéanfaidh an tionscnamh seo a fhéinmhaoiniú ina iomláine (trí tháillí).

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

     tréimhse theoranta

       i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Tá coinne leis go nglacfaidh an tréimhse cur chun feidhme suas le 2 bhliain, agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 50   

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

    comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

    Nótaí

    Gan buiséad an Aontais san áireamh, maoinithe go hiomlán ag EUIPO ó tháillí.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

    Beidh feidhm ag rialacha EUIPO. Déanfar meastóireacht ar an rialachán gach 5 bliana i gcomhréir le hAirteagal 71 den dréachtrialachán.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    Beidh feidhm ag rialacha EUIPO.

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Beidh feidhm ag rialacha EUIPO.

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

    Beidh feidhm ag rialacha EUIPO.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    Beidh feidhm ag rialacha EUIPO.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

    ·Línte buiséid atá ann cheana N/B

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas  
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir  

    LD/LN 51

    ó thíortha de chuid CSTE 52

    ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 53

    ó thríú tíortha eile

    ioncam sannta eile

    N/B

    LD/LN

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á niarraidh Neamhbhainteach

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    An cineál 
    caiteachas

    Ranníocaíocht

    Uimhir  

    LD/LN

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

    ó thríú tíortha eile

    ioncam sannta eile

    N/B

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais  
    ilbhliantúil

    Uimhir

    Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

    Bliain 
    N 54

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    • Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Líne bhuiséid 55

    Gealltanais

    (1a)

    Íocaíochtaí

    (2a)

    Líne buiséid

    Gealltanais

    (1b)

    Íocaíochtaí

    (2b)

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 56  

    Líne buiséid

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe 
    i gcomhair ArdStiúrthóireacht <…….>

    Gealltanais

    =1a+1b +3

    Íocaíochtaí

    =2a+2b

    +3



    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDEAL <….> 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    = 4+ 6

    Íocaíochtaí

    = 5+ 6

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

    • IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    = 4+ 6

    Íocaíochtaí

    = 5+ 6




    Ceannteideal an chreata airgeadais  
    ilbhliantúil

    7

    "Caiteachas riaracháin"

    Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

    • Acmhainní daonna

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

    Leithreasuithe

    IOMLÁN leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N 57

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    Íocaíochtaí

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Cineál 58

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 59

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    IOMLÁN

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N 60

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 61  
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile  
    de chineál riaracháin

    Fo‑iomlán  
    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    IOMLÁN

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Cuirtear i láthair sa tábla thíos an líon táscach FTEnna a bhféadfadh gá a bheith ann do EUIPO iad a úsáid chun an togra a chur chun feidhme.

    2024*

    (tréimhse cur chun feidhme)

    2025

    (tréimhse cur chun feidhme)

    2026 
    (tréimhse oibriúcháin)

    2027 agus blianta ina dhiaidh sin 
    (tréimhse oibriúcháin)

    Foireann AD/AST EUIPO

    6

    6

    6

    6

    Foireann EUIPO ar conradh

    6

    6

    24

    4

    iomlán

    12

    12

    30

    10

    *braithfidh an dáta iarbhír ar mar a ghlacfaidh comhreachtóirí leis an togra

    Tá an líon ard FTEnna sa tríú bliain (an chéad bhliain d’oibriú an chórais) mar gheall ar an gclárú a bhfuil coinne leis de suas le 72 000 fine paitinne, cé go bhfuil coinne leis go dtitfidh an líon clárúchán go thart ar 10 % de na clárúcháin tosaigh sna blianta ina dhiaidh sin. Níltear cinnte, áfach, faoi ghlacadh iarbhír an chórais nua – is iad sin ár meastacháin bunaithe ar an measúnú tionchair. Ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑áirítear in acmhainní na foirne sa tábla thuas ceithre FTE i ngach bliain le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla freisin, amhail oibriú an Lárionaid Inniúlachta, a mbeidh ról aige mar chúloifig le haghaidh próisis um chinneadh FRAND (comhréitigh) agus próisis ríchíosa chomhiomláin.

    Ina theannta sin, le linn na tréimhse oibriúcháin déanfaidh EUIPO seirbhísí amhail seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus comhréitigh a sheachfhoinsiú chuig saineolaithe seachtracha. Measaimid go mbeidh gá le thart ar 82 FTE de shaineolaithe sa mheasúnú ar thréithe riachtanacha sa tríú bliain, agus rachfar síos go thart ar 8 FTE de shaineolaithe ón gceathrú bliain ar aghaidh. Measaimid freisin go mbeidh gá le seirbhísí ó thart ar dhá FTE de chomhréiteoirí gach bliain.

    Cuirtear i láthair sa tábla thíos costas táscach FTEnna a bhféadfadh gá a bheith ann do EUIPO iad a úsáid chun an togra a chur chun feidhme.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) i bpraghsanna tairiseacha

    2024*

    (tréimhse cur chun feidhme)

    2025

    (tréimhse cur chun feidhme)

    2026 
    (tréimhse oibriúcháin)

    2027 agus blianta ina dhiaidh sin 
    (tréimhse oibriúcháin)

    Foireann AD/AST EUIPO

    0.790

    0.790

    0.790

    Foireann EUIPO ar conradh

    0.810

    3.120

    0.520

    Iomlán

    1.590

    3.900

    1.310

    *braithfidh an dáta iarbhír ar mar a ghlacfaidh comhreachtóirí leis an togra

    Ina theannta sin, meastar gurb ionann caiteachais aonuaire TF agus EUR 0.815 milliún agus gurb ionann caiteachais chothabhála bhliantúla TF agus EUR 0.163 milliún.

    Cuirtear meastachán ar luach saothair na saineolaithe seachfhoinsithe i láthair thíos.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) i bpraghsanna tairiseacha

    2024*-2025

    (tréimhse cur chun feidhme)

    2026 
    (tréimhse oibriúcháin)

    2027 agus blianta ina dhiaidh sin 
    (tréimhse oibriúcháin)

    Saineolaithe seachtracha

    74.025

    9.067

    Cuirtear ríomhanna agus réamhaisnéisí mionsonraithe i láthair sa mheasúnú tionchair, iarscríbhinn A7.1.

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    • Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha)

    20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

    01 01 01 01 (Taighde indíreach)

    01 01 01 11 (Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 62

    20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

    20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 xx yy zz 63

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

    01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

    N/B, is é EUIPO a bhainistíonn an togra agus déantar é a mhaoiniú trí tháillí

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

       is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

    Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás mór-athshannadh.

       is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

       is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

       ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

    Baileoidh EUIPO táillí chun a chostais uile chomh maith le luach saothair na saineolaithe seachtracha a chumhdach. Cuirtear i láthair sa tábla thíos luach measta na dtáillí arna mbailiú ag EUIPO 64 .

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) i bpraghsanna tairiseacha

    2024*-2025

    (tréimhse cur chun feidhme)

    2026 
    (tréimhse oibriúcháin)

    2027 agus blianta ina dhiaidh sin 
    (tréimhse oibriúcháin)

    78.329

    10.782

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

    má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

    (1)    Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide.
    (2)    Institiúid na nInnealtóirí Leictreacha agus Leictreonacha.
    (3)    I gcásanna áirithe, is féidir le sealbhóirí BPC a bheith ina bhfeidhmeoir agus vice versa – go deimhin, bíonn roinnt mhaith cuideachtaí a ghlacann páirt i bhforbairt caighdeán comhtháite go hingearach agus tagann siad faoi réir an dá chatagóir dá bhrí sin. Dá réir sin, níl sé lánchruinn réimse BPCanna a roinnt in dhá ghrúpa atá go hiomlán ar leithligh – sealbhóirí agus feidhmeoirí BPC. D’éascaíocht na tagartha sa mheasúnú tionchair seo, áfach, úsáidfear na téarmaí sin le tagairt a dhéanamh do chuideachtaí ar leo BPCanna (i.e., úinéir BPC) agus dóibh siúd a chuireann BPCanna chun feidhme ina gcuid dtáirgí (i.e., feidhmeoir).
    (4)    Communication on Setting out the EU approach to Standard Essential Patents [Teachtaireacht maidir le Cur chuige an Aontais i leith Bunphaitinní Caighdeáin a leagan amach], COM(2017)712 final, 29.11.2017.
    (5)    Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta Maoine Intleachtúla a fhorfheidhmiú, arna bhformheas ag an gComhairle (Margadh Inmheánach, Tionscal, Taighde agus Spás)] ag a cruinniú an 12 Márta 2018
    (6)    Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mbeartas i leith Maoin Intleachtúil agus leis an athbhreithniú ar an gcóras dearaí tionsclaíocha san Aontas, arna nglacadh ag a cruinniú an 10 Samhain 2020
    (7)    https://single-marketeconomy.ec.europa.eu/smes/sme-definition_en
    (8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais — Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais an 25 Samhain 2020], COM(2020) 760 final.
    (9)    Conclúidí ón gComhairle maidir le beartas i leith maoin intleachtúil, arna bhformheas ag an gComhairle (Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais) ag a cruinniú an 18 Meitheamh 2021.
    (10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais (2021/2007(INI))
    (11)    COM(2022) 31 final, 2.2.2022, Straitéis an Aontais maidir le Caighdeánú. Teachtaireacht maidir le Straitéis an Aontais maidir le Caighdeánú – Caighdeáin dhomhanda a leagan síos chun tacú le margadh aonair an Aontais atá athléimneach, glas agus digiteach. COM(2022) 31 final. An Bhruiséil 02.02.2022.
    (12)    Communication from the Commission – Guidelines on the applicability of Article 101 of the Treaty on the Functioning of the European Union to horizontal co‑operation agreements [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe comhair cothrománacha], IO C 11, 14.01.2011, lch. 1 (faoi athbhreithniú faoi láthair)
    (13)    Caibidil 7, mír 263
    (14)    Breithiúnas Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe an 26 Lúnasa 2020, Unwired Planet v. Huawei, UKSC 2018/0214, [2020] UKSC 37, Cinneadh Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe ar son Dhúiche Láir California, TCL v Ericsson, Cásuimhir 8:14-cv-00341-JVSDFM le toiliú an dá pháirtí. Breithiúnas Chúirt Uachtarach na Síne an 19 Lúnasa 2021, OPPO v Sharp, Zui Gao Fa Zhi Min Xia Zhong Uimh. 517, Ordú ó Chúirt Idirmheánach Wuhan an 23 Meán Fómhair 2020, Xiaomi v. Interdigital, (2020) E 01 Zhi Min Chu 169 Uimh. 1; Ordú ó Chúirt Idirmheánach Wuhan, Samsung v Ericsson [2020], Cás E 01 Zhi Min Chu Uimh. 743.
    (15)    Treoir Oifig Paitinní na Seapáine maidir le Caibidlíocht Cheadúnúcháin a bhaineann le Bunphaitinní Caighdeáin; Treoirlínte na Cóiré Theas maidir le feidhmiú éagórach na gCeart Maoine Intleachtúla; Treoirlínte Choimisiún Iomaíochta & Tomhaltóirí Shingeapór maidir le cóireáil na gCeart Maoine Intleachtúla
    (16)    Tharraing na Stáit Aontaithe siar a Ráiteas Beartais maidir le Caibidlíocht Cheadúnúcháin agus Leigheasanna ar Bhunphaitinní Caighdeáin atá faoi réir Ghealltanais F/RAND agus thug siad i gcrích Meabhrán Tuisceana le Lárionad Idirghabhála agus Eadrána EDMI. Sheol an Ríocht Aontaithe próiseas in 2021 maidir le BPCanna agus an nuálaíocht, atá fós ar siúl. Tá plé á dhéanamh ag Roinn Teileachumarsáide na hIndia ar thogra chun Bord Bainistíochta um Maoin Intleachtúil sa Chumarsáid Dhigiteach a chur ar bun chun ceadúnú CMI agus bainistíocht MI a éascú in earnáil na teileachumarsáide. Tá an tSín tar éis dul i gcomhairle ar dhréacht‑leasuithe do na rialacháin cur chun feidhme dá Dlí Frithmhonaplachta. Tá a cuid treoirlínte á leasú ag Oifig Paitinní na Seapáine, agus sheol METI Grúpa Staidéir um Thimpeallacht Cheadúnúcháin na BPCanna.
    (17)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Iúil 2015, Huawei Technologies Co. Ltd v ZTE Corp. agus ZTE Deutschland GmbH, C-170/13, ECLI:AE:C:2015:477.
    (18)    A comhchuibhíodh le Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (‘IPRED’), IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.
    (19)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; Straitéis an Aontais um Chaighdeánú; Caighdeáin dhomhanda a leagan síos chun tacú le margadh aonair an Aontais atá athléimneach, glas agus digiteach, 2.2.2022, COM(2022) 31 final.
    (20)    Communication from the Commission – Guidelines on the applicability of Article 101 of the Treaty on the Functioning of the European Union to horizontal co‑operation agreements [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe comhair cothrománacha], IO C 11, 14.01.2011, lgh. 1-72, CELEX: agus cásdlí CBAE., go háirithe Huawei v. ZTE, Cás C-170/13, AE:C:2015:477
    (21)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 12 Nollaig 2006, An Ghearmáin v. An Pharlaimint agus An Chomhairle, C‑380/03, AE:C:2006:772, mír 38 agus an cásdlí a luaitear, agus breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 10 Feabhra 2009, Éire v. An Pharlaimint agus An Chomhairle, C‑301/06, EU:C:2009:68, mír 64; féach freisin, chun na críche sin, breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 2 Bealtaine 2006, An Ríocht Aontaithe v. An Pharlaimint agus An Chomhairle, C-217/04, AE:C:2006:279, míreanna 60 go 64.
    (22)    Cúirt Achomhairc na Háige, breithiúnas ón 2 Iúil 2019, Philips v Wiko, Cás‑uimhir: C/09/511922/HA ZA 16-623; Hoge Raad, Breithiúnas an 25 Feabhra 2022, Wiko v Philips, Nummer 19/04503, ECLI:NL:HR:2022:294; Cúirt Dúiche na Háige, Breithiúnas an 15 Nollaig 2021, Vestel v Access Advance, ECLI:NL:RBDHA:2021:14372.
    (23)    Cúirt Pháras, ordú ón mbreitheamh réamhthrialach an 6 Feabhra 2020, TCT v Philips, RG 19/02085 – Portalis 352J-W-B7DCPCIX; TJ Pháras, 3.3, breithiúnas an 7 Nollaig 2021, Xiaomi v Philips agus ETSI, RG 20/12558.
    (24)    Cúirt Bhreithiúnais Chónaidhme na Gearmáine (‘Bundesgerichtshof – BGH’), breithiúnas an 5 Bealtaine 2020, Sisvel v. Haier, KZR 36/17, agus Cúirt Bhreithiúnais Chónaidhme na Gearmáine, breithiúnas an 24 Samhain 2020, FRAND‑Einwand II, KZR 35/17; Ordú an 24 Meitheamh 2021, Nokia Technologies v Daimler, C-182/21, AE:C:2021:575 (iarraidh ar réamhbhreithiúnas ó Landgericht Düsseldorf, bainte den Chlár).
    (25)    Féach an leathanach gréasáin https://ec.europa.eu/growth/content/webinar-seriesstandardessential-patents_en
    (26)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 13 Nollaig 1979, Hauer v. Land Rheinland‑Pfalz, C-44/79, AE:C:1979:290, mír 32; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Iúil 1989, Hermann Schräder HS Kraftfutter GmbH & Co. KG v. Hauptzollamt Gronau, C-256/87, AE:C:1999:332, mír 15, agus breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 13 Iúil 1989, Hubert Wachauf v. Bundesamt für Ernährung und Forstwirtschaft, C-5/88, ECLI:AE:C:1989:321, míreanna 17 agus 18.
    (27)    Leanann an nós imeachta idir‑réitigh na coinníollacha maidir le hiontaoibh éigeantach ar nósanna imeachta malartacha réitigh díospóidí mar choinníoll d’inghlacthacht gníomhaíochta os comhair na gcúirteanna, mar a thugtar achoimre air sa bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Márta 2010, Rosalba Alassini v Telecom Italia SpA (C-317/08), Filomena Califano v Wind SpA (C-318/08), Lucia Anna Giorgia Iacono v Telecom Italia SpA (C-319/08) agus Multiservice Srl v Telecom Italia SpA (C-320/08), Cásanna uamtha C-317/08, C-318/08, C-319/08 agus C-320/08, ECLI:AE:C:2010:146, agus sainiúlachtaí an cheadúnúcháin BPC á dtabhairt san áireamh.
    (28)    féach an fonóta thuas.
    (29)    IO C , , lch. .
    (30)    IO C , , lch. .
    (31)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais — Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais an 25 Samhain 2020], COM(2020) 760 final.
    (32)    IO L 124 an 20.05.2003, lch. 36.
    (33)    Conclúidí ón gComhairle maidir le beartas i leith maoin intleachtúil, arna bhformheas ag an gComhairle (Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais) ag a cruinniú an 18 Meitheamh 2021.
    (34)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais (2021/2007(INI)).
    (35)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.)
    (36)    Communication from the Commission – Guidelines on the applicability of Article 101 of the Treaty on the Functioning of the European Union to horizontal co‑operation agreements [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe comhair cothrománacha], IO C 11, 14.01.2011, lch. 1 (faoi athbhreithniú faoi láthair)
    (37)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Iúil 2015, Huawei Technologies Co. Ltd v ZTE Corp. agus ZTE Deutschland GmbH, C-170/13, ECLI:AE:C:2015:477
    (38)    Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.)
    (39)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 13 Nollaig 1979, Hauer v. Land Rheinland‑Pfalz, C-44/79, AE:C:1979:290, mír 32; breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 11 Iúil 1989, Hermann Schräder HS Kraftfutter GmbH & Co. KG v. Hauptzollamt Gronau, C-256/87, EU:C:1999:332, mír 15, agus breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 13 Iúil 1989, Hubert Wachauf v. Bundesamt für Ernährung und Forstwirtschaft, C-5/88, ECLI:AE:C:1989:321, míreanna 17 agus 18.
    (40)    Leanann an nós imeachta idir‑réitigh na coinníollacha d’iontaoibh éigeantach ar nósanna imeachta malartacha réitigh díospóidí mar choinníoll d’inghlacthacht gníomhaíochta os comhair na gcúirteanna, mar a thugtar achoimre air sna breithiúnais ó CBAE; Cásanna uamtha C‑317/08 go C‑320/08 Alassini and Others an 18 Márta 2010, agus Cás C‑75/16 Menini and Rampanelli v. Banco Popolare Società Cooperativa an 14 Meitheamh 2017, agus sainiúlachtaí cheadúnú BPC á gcur san áireamh.
    (41)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 18 Márta 2010, Rosalba Alassini v Telecom Italia SpA (C-317/08), Filomena Califano v Wind SpA (C-318/08), Lucia Anna Giorgia Iacono v Telecom Italia SpA (C-319/08) agus Multiservice Srl v Telecom Italia SpA (C-320/08), Cásanna uamtha C-317/08, C-318/08, C-319/08 agus C-320/08, ECLI:AE:C:2010:146, agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 14 Meitheamh 2017, Livio Menini and Maria Antonia Rampanelli v Banco Popolare – Società Cooperativa, C‑75/16, EU:C:2017:457
    (42)    Communication from the Commission – Guidelines on the applicability of Article 101 of the Treaty on the Functioning of the European Union to horizontal co‑operation agreements [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe comhair cothrománacha], IO C 11, 14.01.2011, lch. 1 (faoi athbhreithniú faoi láthair)
    (43)    Communication on Setting out the EU approach to Standard Essential Patents[Teachtaireacht maidir le Cur chuige an Aontais i leith Bunphaitinní Caighdeáin a leagan amach], COM(2017)712 final, 29.11.2017.
    (44)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
    (45)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.)
    (46)    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1.)
    (47)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.)
    (48)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.).
    (49)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (50)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx
    (51)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (52)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (53)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
    (54)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a bhfuil coinne léi a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh le haghaidh na mblianta seo a leanas.
    (55)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
    (56)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (57)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a bhfuil coinne léi a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh le haghaidh na mblianta seo a leanas.
    (58)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (59)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
    (60)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a bhfuil coinne léi a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh le haghaidh na mblianta seo a leanas.
    (61)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (62)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (63)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (64)    Cumhdaítear leis na táillí freisin an costas cothabhála TF agus sciar de chostais aonuaire (a bhfuil coinne leis go n‑aisghabhfar iad le linn na 10 mbliana).
    Top