EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0208

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe

COM/2023/208 final

Strasbourg, 18.4.2023

COM(2023) 208 final

2023/0108(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 1 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe.

Tá sé d’aidhm ag an leasú spriocdhírithe atá beartaithe go mbeifear in ann, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún, scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ghlacadh i leith ‘seirbhísí slándála bainistithe’, chomh maith le táirgí faisnéise agus teicneolaíochta (TFC), seirbhísí TFC agus próisis TFC, a chumhdaítear cheana faoin nGníomh um Chibearshlándáil. Tá ról ag seirbhísí slándála bainistithe maidir le teagmhais chibearshlándála a chosc agus a mhaolú, ar ról é atá ag éirí níos tábhachtaí.

I gconclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 2 maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, d’iarr an Chomhairle ar an Aontas agus ar na Ballstáit iarrachtaí a threisiú chun leibhéal foriomlán na cibearshlándála a ardú, mar shampla trí theacht chun cinn soláthraithe seirbhísí cibearshlándála iontaofa a éascú, agus chuir sí i bhfios go láidir gur cheart é a bheith ina thosaíocht le haghaidh bheartas tionsclaíoch an Aontais i réimse na cibearshlándála go spreagfar forbairt na soláthraithe sin. D’iarr sí ar an gCoimisiún freisin roghanna a mholadh chun teacht chun cinn tionscail iontaofa seirbhísí cibearshlándála a spreagadh. Is bealach éifeachtach chun muinín a chothú i gcáilíocht seirbhísí slándála bainistithe é na seirbhísí sin a dheimhniú agus, ar an gcaoi sin, teacht chun cinn tionscail Eorpaigh iontaofa seirbhísí cibearshlándála a éascú.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal ‘Beartas Cibearchosanta an Aontais’ a ghlac an Coimisiún agus an tArdionadaí an 10 Samhain 2022 3 , fógraíodh go bhféachfadh an Coimisiún ar fhorbairt scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála ar leibhéal an Aontais le haghaidh an tionscail cibearshlándála agus cuideachtaí príobháideacha. Beidh ról tábhachtach freisin ag soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe sa chúltaca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, ar cúlchiste é a dtacaítear lena chur ar bun de réir a chéile leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, a mholtar i gcomhthráth leis an Rialachán seo. Tá an cúltaca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais le húsáid chun tacú le gníomhaíochtaí freagartha agus téarnaimh láithreacha i gcás teagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála. Na seirbhísí cibearshlándála ábhartha a sholáthraíonn ‘soláthraithe iontaofa’ dá dtagraítear sa Ghníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, comhfhreagraíonn siad do ‘sheirbhísí slándála bainistithe’ sa togra seo.

Tá tús curtha cheana féin ag roinnt Ballstát le scéimeanna deimhniúcháin a ghlacadh le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe. Tá riosca méadaitheach ilroinnte sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe mar gheall ar neamhréireachtaí i scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála ar fud an Aontais. Leis an togra seo, is féidir scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a chruthú le haghaidh na seirbhísí sin chun ilroinnt den sórt sin a chosc.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an nGníomh um Chibearshlándáil, a leasaítear leis seo. Cuirtear le forálacha an Rialacháin sin agus déantar iad a oiriúnú chun seirbhísí slándála bainistithe a áireamh freisin. Tá na leasuithe atá beartaithe teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus ní athraítear saintréithe ná feidhmiú an Ghnímh um Chibearshlándáil leo.

Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) 4 . Meastar gur eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha iad soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe a bhaineann le hearnáil ardchriticiúil faoi Threoir (AE) 2022/2555. Luaitear in Aithris 86 den Treoir go bhfuil tábhacht ar leith leis an ról atá ag soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe i réimsí amhail freagairt ar theagmhais, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus an chomhairleoireacht chun cúnamh a thabhairt d’eintitis lena niarrachtaí teagmhais a chosc agus a bhrath, freagairt dóibh nó téarnamh uathu. Mar sin féin, díríodh cibirionsaithe freisin ar sholáthraithe seirbhísí slándála bainistithe, agus mar gheall ar a ndlúth-chomhtháthú in oibríochtaí a gcustaiméirí, tá riosca ar leith ag baint leo. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha de réir bhrí Threoir (AE) 2022/2555 a bheith níos dícheallaí agus soláthraí seirbhísí slándála bainistithe á roghnú acu.

Tá sé d’aidhm ag an togra seo feabhas a chur ar cháilíocht seirbhísí slándála bainistithe agus a n‑inchomparáideacht a mhéadú. Leis sin, cuirtear ar a gcumas d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a bheith níos dícheallaí agus soláthraí seirbhísí slándála bainistithe á roghnú acu mar a cheanglaítear faoi Threoir (AE) 2022/2555. Thairis sin, tagann an sainmhíniú ar ‘seirbhísí slándála bainistithe’ sa togra seo ón sainmhíniú ar ‘soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe’ i dTreoir (AE) 2022/2555 agus tá sé an-chosúil leis an sainmhíniú sin. Ar na cúiseanna sin, tá an togra seo an-chomhlántach leis an Dara Treoir NIS.

Ar deireadh, tá an togra seo comhlántach leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht atá beartaithe. Leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht atá beartaithe, leagtar síos próiseas chun na soláthraithe a roghnú chun cúltaca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a bhunú, lenar cheart a chur san áireamh, inter alia, an bhfuil deimhniú cibearshlándála Eorpach nó náisiúnta acu. Beidh ról mór ag scéimeanna deimhniúcháin le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe amach anseo i gcur chun feidhme an Ghnímh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an togra seo, ní dhéantar difear do chomhsheasmhacht an Ghnímh um Chibearshlándáil le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, ‘RGCS’) 5 ná leis na forálacha atá ann maidir le sásraí deimhniúcháin agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a chur ar bun chun a léiriú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe. Tá an Gníomh um Chibearshlándáil fós gan dochar do dheimhniú oibríochtaí próiseála sonraí, lena náirítear nuair a bhíonn na hoibríochtaí sin leabaithe i dtáirgí agus i seirbhísí, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Thairis sin, ní dhéantar difear leis an togra seo do chomhoiriúnacht an Ghnímh um Chibearshlándáil le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le ceanglais i ndáil le creidiúnú agus faireachas margaidh 6 , go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcreat maidir le comhlachtaí náisiúnta um dheimhniú agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta, agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta um dheimhniú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an togra seo, leasaítear an Gníomh um Chibearshlándáil, atá bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Mar is amhlaidh i gcás an Ghnímh um Chibearshlándáil, tá sé d’aidhm ag an togra seo ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, go háirithe trí ghlacadh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a éascú le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe. Tá tús curtha ag na Ballstáit le scéimeanna deimhniúcháin a ghlacadh le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe. Tá riosca nithiúil ilroinnte ann i gcás mhargadh inmheánach na seirbhísí sin, arb é is aidhm don togra seo aghaidh a thabhairt air. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí ábhartha don tionscnamh seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

An cuspóir maidir le glacadh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a éascú le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe agus maidir le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ní féidir é a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta ach ar leibhéal an Aontais amháin. Thairis sin, seirbhísí slándála bainistithe, arb iad is ábhar spriocdhírithe don leasú atá beartaithe, tá siad á gcur ar fáil ag soláthraithe atá gníomhach ar fud an Aontais, mar aon leis na custaiméirí is mó a d’fhéadfadh a bheith acu. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, agus tá sí níos éifeachtaí ná gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta.

Comhréireacht

Leasú spriocdhírithe ar an nGníomh um Chibearshlándáil atá sa togra. Tá sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach, is é sin glacadh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a éascú le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe, chomh maith le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC. Leis na leasuithe atá beartaithe, go háirithe, déantar raon feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a oiriúnú chun ‘seirbhísí slándála bainistithe’ a chur san áireamh, tugtar isteach sainmhíniú ar na seirbhísí sin i gcomhréir leis an Dara Treoir NIS, agus leasaítear cuspóirí deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála chun é a oiriúnú do ‘sheirbhísí slándála bainistithe’. Is leasuithe de chineál teicniúil iad na leasuithe eile agus tá sé beartaithe leo go n‑áiritheofar go mbeidh feidhm ag na hairteagail ábhartha maidir le ‘seirbhísí slándála bainistithe’ freisin. Dá bhrí sin, tá an tionscnamh atá beartaithe comhréireach leis an gcuspóir.

An rogha ionstraime

Ós rud e go leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 leis an togra, Rialachán is ea an ionstraim dlí iomchuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh comhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit agus le ENISA. Sna comhairliúcháin sin, thug na Ballstáit tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus na tuairimí atá acu faoi láthair maidir le deimhniú seirbhísí slándála bainistithe. Mhínigh ENISA a thuairimí agus a thorthaí ó phléití leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Cuireadh na barúlacha agus an fhaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit agus ó ENISA san áireamh sa togra seo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Iarradh tarscaoileadh ón ngá atá le measúnú tionchair toisc gur leasú an-teoranta agus spriocdhírithe ar an nGníomh um Chibearshlándáil atá sa togra seo. Chuirfí ar a chumas don Choimisiún leis, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, scéimeanna deimhniúcháin a ghlacadh i leith ‘seirbhísí slándála bainistithe’, chomh maith le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC, a chumhdaítear cheana faoin nGníomh. Mar sin féin, ní bheadh éifeacht ag an leasú ach amháin nuair a ghlacfaí na scéimeanna deimhniúcháin sin ag céim níos déanaí. Thairis sin, ní athrófaí cineál deonach na scéimeanna deimhniúcháin leis an leasú.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí intuartha ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach. 

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Nóta ar bith.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Na forálacha atá le leasú leis an togra, déanfar meastóireacht orthu mar chuid den mheastóireacht thréimhsiúil ar an nGníomh um Chibearshlándáil atá le déanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 67 de. Leis an meastóireacht sin déantar measúnú, inter alia, ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha an Chreata um Dheimhniú Cibearshlándála i dtaca leis na cuspóirí leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC san Aontas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Tá leasú sa togra seo lena n‑áirithítear go gcumhdófar seirbhísí slándála bainistithe leis an meastóireacht freisin. Seolann an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht agus ar a chonclúidí chuig Parlaimint na hEorpa,chuig an gComhairle agus chuig Bord Bainistíochta ENISA agus cuireann sé torthaí na tuarascála ar fáil don phobal.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá dhá Airteagal sa togra. Tá na leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/881 in Airteagal 1, agus baineann Airteagal 2 leis an teacht i bhfeidhm. Tá leasuithe spriocdhírithe in Airteagal 1 chun raon feidhme an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála sa Ghníomh um Chibearshlándáil a leasú chun ‘seirbhísí slándála bainistithe’ a chur san áireamh (Airteagail 1 agus 46 den Ghníomh um Chibearshlándáil). Tugtar isteach leis sainmhíniú ar na seirbhísí sin, atá ailínithe go dlúth leis an sainmhíniú ar ‘soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe’ faoin Dara Treoir NIS (Airteagal 2 den Ghníomh um Chibearshlándáil). Cuirtear isteach Airteagal 51a nua leis freisin maidir le cuspóirí slándála an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála atá curtha in oiriúint do ‘sheirbhísí slándála bainistithe’. Ar deireadh, tá roinnt leasuithe teicniúla sa togra chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na hairteagail ábhartha maidir le ‘seirbhísí slándála bainistithe’ freisin.

2023/0108 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún;

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , bunaítear creat chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú ar mhaithe le leibhéal leordhóthanach cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC san Aontas a áirithiú, agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála san Aontas.

(2)Seirbhísí slándála bainistithe, ar seirbhísí iad lena ndéantar gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca cibearshlándála a gcustaiméirí, nó lena dtugtar cúnamh do na gníomhaíochtaí sin, tá tábhacht mhéadaitheach ag baint leo i ndáil le teagmhais chibearshlándála a chosc agus a mhaolú. Dá réir sin, meastar gur eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha iad soláthraithe na seirbhísí sin a bhaineann le hearnáil ardchriticiúil de bhun Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 . De bhun Aithris 86 den Treoir sin, tá tábhacht ar leith leis an ról atá ag soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe i réimsí amhail freagairt ar theagmhais, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus an chomhairleoireacht chun cúnamh a thabhairt d’eintitis lena niarrachtaí teagmhais a chosc agus a bhrath, freagairt dóibh nó téarnamh uathu. Mar sin féin, díríodh cibirionsaithe freisin ar sholáthraithe seirbhísí slándála bainistithe, agus mar gheall ar a ndlúth-chomhtháthú in oibríochtaí a gcustaiméirí, tá riosca ar leith ag baint leo. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha de réir bhrí Threoir (AE) 2022/2555 a bheith níos dícheallaí agus soláthraí seirbhísí slándála bainistithe á roghnú acu.

(3)Tá ról tábhachtach freisin ag soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, a dtacaítear lena chur ar bun de réir a chéile le Rialachán (AE) .../.... [lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh] Tá Cúltaca Cibearshlándála an Aontais le húsáid chun tacú le gníomhaíochtaí freagartha agus téarnaimh láithreacha i gcás teagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála. Le Rialachán (AE) .../.... [lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh], leagtar síos próiseas roghnúcháin le haghaidh na soláthraithe atá i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, ar cheart a chur san áireamh ann, inter alia, an bhfuil deimhniú cibearshlándála Eorpach nó náisiúnta ag an soláthraí. Na seirbhísí ábhartha a sholáthraíonn ‘soláthraithe iontaofa’ de réir Rialachán (AE) .../.... [lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh], comhfhreagraíonn siad do ‘sheirbhísí slándála bainistithe’ i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(4)Ní hamháin go bhfuil deimhniú seirbhísí slándála bainistithe ábhartha sa phróiseas roghnúcháin do Chúltaca Cibearshlándála an Aontais ach is táscaire cáilíochta riachtanach é freisin le haghaidh eintitis phríobháideacha agus phoiblí a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí den sórt sin a cheannach. I bhfianaise chriticiúlacht na seirbhísí slándála bainistithe agus íogaireacht na sonraí a phróiseálann siad, d’fhéadfaí treoraíocht agus dearbhú tábhachtach maidir le hiontaofacht na seirbhísí sin a chur ar fáil do chustaiméirí ionchasacha leis an deimhniú. Le scéimeanna deimhniúcháin Eorpacha le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe, rannchuidítear le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

(5)Chomh maith le táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC a chur in úsáid, cuirtear gnéithe seirbhíse breise ar fáil go minic le seirbhísí slándála bainistithe, ar gnéithe iad a bhíonn ag brath ar inniúlachtaí agus taithí a bhfoirne. Ba cheart leibhéal an-ard de na hinniúlachtaí sin, den saineolas sin agus den taithí sin a bheith mar chuid de na cuspóirí slándála, chomh maith le nósanna imeachta inmheánacha iomchuí, chun cáilíocht an-ard de na seirbhísí slándála bainistithe a chuirtear ar fáil a áirithiú. Chun a áirithiú gur féidir gach gné de sheirbhís slándála bainistithe a chumhdach le scéim deimhniúcháin, is gá, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/881 a leasú.
 
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug an Maoirseoir tuairim an [LL/MM/BBBB]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/881

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 mar a leanas:

(1)    in Airteagal 1(1), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b) creat chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú ar mhaithe le leibhéal leordhóthanach cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC, agus seirbhísí slándála bainistithe san Aontas a áirithiú, agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála san Aontas.’;

(2)    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 9, 10 agus 11:

‘(9) ciallaíonn ‘scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála’ tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas teicniúil, caighdeán agus nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus a bhfuil feidhm acu maidir le deimhniú nó measúnú comhréireachta táirgí TFC sonracha, seirbhísí TFC sonracha, próisis TFC shonracha nó seirbhísí slándála bainistithe;

‘(10) ciallaíonn ‘scéim náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála’ tacar cuimsitheach rialacha, ceanglais theicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta arna bhforbairt agus arna nglacadh ag údarás poiblí náisiúnta agus a bhfuil feidhm acu maidir le deimhniú nó measúnú comhréireachta táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe a chuimsítear faoi raon feidhme na scéime áirithe sin;

‘(11) ciallaíonn ‘deimhniú Eorpach cibearshlándála’ doiciméad a eisíonn comhlacht ábhartha lena bhfianaítear go bhfuiltear tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bhainistithe atá i gceist maidir le comhlíonadh na gceanglas slándála sonrach arna leagan síos i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;’;

(b)    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(14a) ciallaíonn ‘seirbhís slándála bhainistithe’ seirbhís lena ndéantar gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca cibearshlándála, nó lena dtugtar cúnamh dóibh, lena n‑áirítear freagairt ar theagmhais, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus sainchomhairleoireacht’;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 20, 21 agus 22:

(20) ciallaíonn ‘sonraíochtaí theicniúil’ doiciméad lena bhforordaítear na ceanglais theicniúla nach mór do tháirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bhainistithe a chomhlíonadh, nó nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann leis an méid sin;

(21) ciallaíonn ‘leibhéal dearbhúcháin’ bonn don mhuinín go gcomhlíontar ceanglais slándála de chuid scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála le táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bhainistithe, agus lena luaitear an leibhéal ag a ndearnadh an mheastóireacht ar tháirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bhainistithe ach, mar sin, nach ndéantar leis slándáil an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC nó na seirbhíse slándála bainistithe lena mbaineann a thomhas;

(22) ciallaíonn ‘féinmheasúnú comhréireachta’ gníomh a dhéanann monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, lena ndéantar meastóireacht d’fhonn a fhíorú an bhfuil na ceanglais a leagtar síos i scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh leis na táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe;’;

(3)    In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6

‘6. Cuirfidh ENISA úsáid an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála chun cinn d’fhonn ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. Rannchuideoidh ENISA le creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo, d’fhonn trédhearcacht chibearshlándáil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, an mhuinín as an margadh digiteach inmheánach agus a iomaíochas a threisiú.’;

(4)    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfaidh ENISA forbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le deimhniú cibearshlándála táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe mar a bhunaítear le Teideal III den Rialachán seo a chur chun cinn agus tacóidh sé leis an méid sin trí na nithe seo a leanas:

(a) faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar fhorbairtí i réimsí gaolmhara a bhaineann leis an gcaighdeánú agus sonraíochtaí iomchuí teicniúla a mholadh a úsáidfear chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt de bhun Airteagal 54(1), pointe (c), i gcás nach mbíonn fáil ar chaighdeáin;

(b) scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (‘scéimeanna iarrthacha’) a ullmhú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe i gcomhréir le hAirteagal 49;

(c) meastóireacht a dhéanamh ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 49(8);

(d) páirt a ghlacadh in athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 59(4);

(e) cuidiú leis an gCoimisiún rúnaíocht a chur ar fáil don Ghrúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (ECCG) faoi réir Airteagal 62(5).’;

(b)    cuirtear na méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Déanfaidh ENISA treoirlínte a thiomsú agus a fhoilsiú agus dea-chleachtais a fhorbairt, maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus le hearnáil na tionsclaíochta ar bhealach foirmiúil struchtúrtha trédhearcach.’;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Éascóidh ENISA bunú agus glacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta i dtaobh bainistiú riosca agus i dtaobh slándáil táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe.’;

(5)    in Airteagal 46, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1. Bunófar an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála chun na dálaí maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí leibhéal na cibearshlándála a mhéadú laistigh den Aontas ionas gur féidir cur chuige comhchuibhithe a bheith ann ar leibhéal an Aontais i dtaca le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, d’fhonn margadh aonair digiteach a chruthú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe.’;

2. Leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, déanfar foráil maidir le sásra chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú. Fianófar leis go gcomhlíonfaidh na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir le scéimeanna den chineál sin ceanglais shonracha slándála chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí atá stóráilte nó tarchurtha nó próiseáilte nó feidhmeanna nó na seirbhísí a chuirtear ar fáil leis na táirgí, seirbhísí agus próisis sin ar feadh a saolré a chosaint. Ina theannta sin, fianófar leis go gcomhlíonfaidh seirbhísí slándála bainistithe a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir le scéimeanna den chineál sin ceanglais shonracha slándála chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a bhfaightear rochtain orthu, a phróiseáiltear, a stóráiltear nó a tharchuirtear maidir le soláthar na seirbhísí sin, agus go soláthróidh baill foirne a bhfuil leibhéal an-ard eolais theicniúil ábhartha agus ionracais ghairmiúil acu na seirbhísí sin go leanúnach leis an inniúlacht, an saineolas agus an taithí is gá.’; 

(6)    in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Áireofar go háirithe ar chlár oibre rollach an Aontais liosta de tháirgí TFC, de sheirbhísí TFC, de phróisis TFC nó de chatagóirí díobh sin, agus liosta de sheirbhísí slándála bainistithe, a bheadh in ann leas a bhaint as bheith san áireamh i raon feidhme scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála.

3. Is ar aon cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas a dhéanfar táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nó catagóirí díobh sin, nó de sheirbhísí slándála bainistithe, a áireamh ar chlár oibre rollach an Aontais:

(a) scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bheith ar fáil agus á bhforbairt lena gcumhdaítear aon chatagóir ar leith de tháirgí TFC, de sheirbhísí TFC, de phróisis TFC nó de sheirbhísí slándála bainistithe agus go háirithe i dtaca leis an riosca ilroinnte;

(b) dlí nó beartas ábhartha de chuid an Bhallstáit nó an Aontais;

(c) éileamh an mhargaidh;

(d) forbairtí i réimse na mbagairtí cibearshlándála;

(e) iarratas go n‑ullmhófaí scéim iarrthach shonrach ag ECCG.’;

(7)    in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na scéime iarrthaí arna hullmhú ag ENISA, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena ndéantar foráil maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 51, 52 agus 54. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 66(2).’;

(8)    Leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:

   (a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC

   

   (b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Déanfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, nó próisis TFC a dhearadh ionas go mbainfear amach ar a laghad na cuspóirí slándála seo a leanas, de réir mar is infheidhme:’

(9)    Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 51a

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe

   

‘Déanfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe a dhearadh ionas go mbainfear ar a laghad na cuspóirí slándála seo a leanas amach, de réir mar is infheidhme:

(a) a áirithiú go soláthrófar na seirbhísí slándála bainistithe leis an inniúlacht, an saineolas agus an taithí is gá, lena n‑áirítear go bhfuil leibhéal an-ard eolais theicniúil ábhartha agus inniúlachta sa réimse sonrach, taithí leordhóthanach agus iomchuí, agus an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil ag na baill foirne atá freagrach as na seirbhísí sin a sholáthar;

(b) a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta inmheánacha iomchuí i bhfeidhm ag an soláthraí chun a áirithiú go soláthrófar na seirbhísí slándála bainistithe ar leibhéal an-ard cáilíochta i gcónaí ;

(c) sonraí a bhfaightear rochtain orthu, a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar shlí eile i ndáil le soláthar seirbhísí slándála bainistithe, na sonraí sin a chosaint ar rochtain, stóráil, nochtadh, scriosadh, nó próiseáil eile, a dhéantar de thimpiste nó go neamhúdaraithe, nó ar chaillteanas nó ar athrú nó ar easpa infhaighteachta;

(d) a áirithiú go dtabharfar infhaighteacht sonraí, seirbhísí agus feidhmeanna, agus rochtain orthu sin, ar ais go tráthúil i gcás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(e) a áirithiú nach bhféadfaidh daoine, feidhmchláir nó meaisíní údaraithe rochtain a fháil ach ar shonraí, seirbhísí agus feidhmeanna ar a bhfuil cearta rochtana acu;

(f) taifead a dhéanamh ar cé acu na sonraí, na seirbhísí nó na feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu nó a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, na hamanna a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil, agus é a shocrú go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an méid sin;

(g) a áirithiú go bhfuil na táirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na próisis TFC [agus na crua-earraí] a úsáidtear i soláthar na seirbhísí slándála bainistithe slán de réir réamhshocrú agus de réir dearaidh, agus nach bhfuil aon leochaileacht aitheanta iontu agus go n‑áirítear iontu na nuashonruithe slándála is déanaí;’;

(10)    Leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Féadfar ceann amháin nó níos mó de na leibhéil dearbhúcháin seo a leanas a shonrú i leith táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála: “bunúsach”, “substaintiúil” nó “ard”. Beidh leibhéal an dearbhaithe i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an úsáid a bheartaítear do tháirge TFC, do sheirbhís TFC, do phróiseas TFC nó do sheirbhís slándála bhainistithe, i dtéarmaí a dhóchúla atá sé go dtarlóidh teagmhas agus i dtéarmaí thionchar an teagmhais.’;

(b)    cuirtear na méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Na ceanglais slándála a chomhfhreagraíonn do gach leibhéal dearbhúcháin, sonrófar iad sa scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála, lena n‑áirítear na feidhmiúlachtaí slándála comhfhreagracha agus déine agus doimhneacht chomhfhreagrach na meastóireachta a dhéanfar ar an táirge TFC, ar an tseirbhís TFC, ar an bpróiseas TFC nó ar an tseirbhís slándála bhainistithe.’;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionas mhíreanna 5, 6 agus 7:

‘5. Le deimhniú Eorpach cibearshlándála nó ráiteas comhréireachta ón Aontas lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a bhfuil an deimhniú sin nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas sin eisithe ina leith, lena n‑áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar leis na rioscaí bunúsacha atá aitheanta i leith cibeartheagmhas agus cibirionsaithe a íoslaghdú. Áireofar sna gníomhaíochtaí meastóireachta, ar a laghad athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil. Nuair nach bhfuil meastóireacht den sórt sin iomchuí, úsáidfear gníomhaíochtaí ionadaíocha iontu lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach.

6. Le deimhniú Eorpach cibearshlándála lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “substaintiúil”, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, lena n‑áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar le híoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála aitheanta, agus ar bhaol teagmhas agus cibirionsaithe a dhéanann gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní teoranta acu. Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna gníomhaíochtaí meastóireachta: athbhreithniú chun an easpa leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a léiriú agus tástáil chun a léiriú go ndéantar na feidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe. I gcás nach bhfuil gníomhaíochtaí meastóireachta den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach.

7. Le deimhniú Eorpach cibearshlándála lena dtagraítear do leibhéal dearbhaithe “ard” (i.e. ‘ardleibhéal’), tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, lena n‑áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar le híoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go ndéanfadh gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní suntasacha acu cibirionsaithe úrscothacha. Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna gníomhaíochtaí meastóireachta: athbhreithniú chun easpa leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a léiriú; tástáil chun a léiriú go ndéantar, leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe, na feidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart, ar an mbonn úrscothach; agus measúnú ar a bhfrithsheasmhacht in aghaidh ionsaitheoirí oilte, trí thástáil treáite. I gcás nach bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach.’;

(11)    in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1. D’fhéadfaí a cheadú, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, féinmheasúnú comhréireachta a chur i gcrích faoi fhreagracht mhonaróir nó sholáthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe agus faoina bhfreagracht siúd amháin. Beidh an féinmheasúnú comhréireachta sin infheidhme maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe a mbaineann riosca íseal leo nó maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus a chomhfhreagraíonn don leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, agus maidir leis na seirbhísí agus na táirgí sin amháin.

2. Féadfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisiúint ina ndeirtear gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa scéim. Trí ráiteas den sórt sin a eisiúint, glacann monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe freagracht as comhlíontacht an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC nó na seirbhíse slándála bainistithe leis na ceanglais a leagtar amach sa scéim sin.

3. Déanfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe an ráiteas comhréireachta ón Aontas, an doiciméadacht theicniúil, agus an fhaisnéis ábhartha uile eile a bhaineann le comhréireacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe le scéim a chur ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58 ar feadh na tréimhse a shaineofar sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála. Cuirfear cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA.’;

(12)    in Airteagal 54, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) ábhar agus raon feidhme na scéime deimhniúcháin, lena n‑áirítear cineál nó catagóirí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a chumhdaítear;’;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j) rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe le ceanglais na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála nó ceanglais na ráiteas comhréireachta ón Aontas, lena n‑áirítear sásraí lena léiriú go bhfuil na ceanglais chibearshlándála shonraithe á gcomhlíonadh go leanúnach;’;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

‘(l) rialacha a bhaineann leis na hiarmhairtí ar neamh-chomhréireacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas chomhréireachta ón Aontas ina leith, ach nach gcomhlíontar ceanglais na scéime leo;’;

(d)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o):

‘(o) scéimeanna a shainaithint, ar scéimeanna náisiúnta nó idirnáisiúnta um dheimhniú cibearshlándála iad, lena gcumhdaítear an cineál céanna nó na catagóirí céanna táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, ceanglas slándála, critéar agus modhanna meastóireachta, agus leibhéal dearbhaithe;’;

(e)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (q):

‘(q) tréimhse infhaighteachta an ráitis comhréireachta ón Aontas, na doiciméadachta teicniúla agus na faisnéise ábhartha uile eile atá le cur ar fáil ag monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó phróiseas na seirbhísí slándála bainistithe;’;

(13)    Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Measfar go gcomhlíontar ceanglais scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 49 le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe arna ndeimhniú faoi scéim den chineál sin’;.

(b)    leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfaidh an Coimisiún measúnú go tráthrialta ar éifeachtúlacht agus ar úsáid na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh agus ar cé acu a shocrófar nó nach socrófar, trí reachtaíocht ábhartha an Aontais, go bhfuil aon scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála le déanamh sainordaitheach trí reachtaíocht ábhartha an Aontais chun leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe san Aontas agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Déanfar an chéad mheasúnú den sórt sin faoin 31 Nollaig 2023 agus ar a laghad gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ar bhonn thoradh na measúnuithe sin, sainaithneoidh an Coimisiún na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a chumhdaítear le scéim deimhniúcháin atá ann cheana agus beidh siad cumhdaithe le scéim deimhniúcháin shainordaitheach.’;

(ii)    leasaítear an tríú mír mar a leanas:

(aa) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) tionchar na mbeart ar mhonaróirí nó ar sholáthraithe na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe sin a chur san áireamh, agus an tionchar ar na húsáideoirí i dtéarmaí chostas na mbeart sin agus na leasanna sochaíocha nó eacnamaíocha a eascraíonn as an leibhéal feabhsaithe slándála a bhfuil coinne leis i leith na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe spriocdhírithe;’;

(bb) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) na nithe seo a leanas a chur san áireamh: aon sprioc-am cur chun feidhme, aon bheart idirthréimhseach agus aon tréimhse idirthréimhseach, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart ar mhonaróirí nó soláthraithe na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide;’;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 7 agus 8:

‘7. An duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe isteach le haghaidh deimhniúcháin, cuirfidh sé an fhaisnéis go léir is gá chun an próiseas deimhniúcháin a dhéanamh ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58, i gcás inarb ionann an t‑údarás sin agus an comhlacht a eisíonn an deimhniú Eorpach cibearshlándála, nó don chomhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 60.

8. An té a mbeidh deimhniú Eorpach cibearshlándála ina sheilbh, cuirfidh sé an t‑údarás nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 7 ar an eolas faoi aon leochaileacht nó neamhrialtacht a bhraitear ina dhiaidh sin maidir le slándáil an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe atá deimhnithe a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann leis an deimhniú. Cuirfidh an t‑údarás nó an comhlacht sin an fhaisnéis sin ar aghaidh gan aon mhoill mhíchuí chuig an údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála lena mbaineann.’

(14)    in Airteagal 57, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, scoirfidh scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus na nósanna imeachta gaolmhara do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC arna gcumhdach ag scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála d’éifeachtaí a bheith acu ón dáta arna bhunú leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 49(7). Scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus na nósanna imeachta gaolmhara do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nach gcumhdaítear le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, leanfaidh na scéimeanna sin de bheith infheidhme.

2. Ní dhéanfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála a thabhairt isteach le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe a chumhdaítear cheana faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála atá i bhfeidhm.’;

(15)    Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 7 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a) rialacha a áirítear i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (j) d’Airteagal 54(1) maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisíodh ar a gcríocha féin le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, na rialacha sin a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile um fhaireachas margaidh;

(b) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá ar mhonaróirí nó ar sholáthraithe na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe atá bunaithe ar a gcríocha féin, agus a chuireann féinmheasúnú comhréireachta i gcrích, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú, agus go háirithe, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí na monaróirí nó na soláthraithe sin a leagtar amach in Airteagal 53(2) agus (3) agus sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú;’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

(h) oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile um dheimhniú cibearshlándála nó le húdaráis phoiblí eile, lena n‑áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi na cásanna sin inar féidir nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe; agus’;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

‘9. Oibreoidh údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún agus, go háirithe, trí fhaisnéis, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú maidir leis an deimhniú cibearshlándála agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le cibearshlándáil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus phróiseas na seirbhísí slándála bainistithe.’;

(16)    in Airteagal 59(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b) na nósanna imeachta maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh deimhnithe Eorpacha cibearshlándála de bhun Airteagal 58(7), pointe (a) le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe;

(c) na nósanna imeachta maidir le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar oibleagáidí monaróirí nó soláthraithe na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe de bhun Airteagal 58(7), pointe (b);’;

(17)    in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Leis an meastóireacht sin déanfar measúnú freisin ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i dtaca leis na cuspóirí leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe san Aontas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

3. Leis an meastóireacht, déanfar measúnú ar cibé an bhfuil gá le ceanglais riachtanacha chibearshlándála i dtaca le rochtain a fháil ar an margadh inmheánach chun cosc a chur ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe nach gcomhlíonann ceanglais chibearshlándála bhunúsacha teacht isteach ar mhargadh an Aontais.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil); IO L 151/15, 7.6.2019.
(2)    9364/22.
(3)    JOIN(2022) 49 final.
(4)    IO L 333/810, 27.12.2022.
(5)    IO L 119/1, 4.5.2016.
(6)    IO L 218/30, 13.8.2008.
(7)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(8)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80). 
Top