EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0107

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle um Chomhar arna bunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt a bhunú

COM/2023/107 final

An Bhruiséil,3.3.2023

COM(2023) 107 final

2023/0054(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle um Chomhar arna bunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt a bhunú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Chomhar, arna bunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, 1 (‘an Comhaontú’) i ndáil le cinneadh a bheartaíonn sí a ghlacadh maidir le Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile

Is é is aidhm don Chomhaontú caidreamh na bpáirtithe a neartú, ar páirtithe iad a ghabhann orthu féin idirphlé cuimsitheach a reáchtáil, agus tuilleadh comhair a chur chun cinn eatarthu maidir le gach earnáil leasa choitinn. Síníodh an Comhaontú an 11 Bealtaine 2012, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2018.

2.2.An Chomhairle um Chomhar

Le hAirteagal 111(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhairle um Chomhar, ina bhfuil ionadaithe na bPáirtithe sa Chomhaontú, agus a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Déantar scrúdú ann ar aon saincheist mhór a thagann chun cinn faoi chuimsiú an Chomhaontaithe agus ar aon saincheist dhéthaobhach nó idirnáisiúnta eile a bhaineann leis an leas coiteann chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Féadfaidh an Chomhairle um Chomhar moltaí iomchuí a dhéanamh freisin, trí chomhaontú frithpháirteach idir an dá Pháirtí.

De bhun Airteagal 112(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle um Chomhar a chinneadh fochoistí speisialaithe nó comhlachtaí speisialaithe a chur ar bun ar féidir leo cúnamh a thabhairt di a cuid cúraimí a chomhlíonadh. Socraíonn an Chomhairle um Chomhar comhdhéanamh agus cúraimí na bhfochoistí nó na gcomhlachtaí sin agus conas a fheidhmeoidh siad. Chuir an tAontas agus an Iaráic araon in iúl gur spéis leo Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle um Chomhar

Le linn a tríú seisiún, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh ré nó ina dhiaidh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, 2 tá an Chomhairle um Chomhar le cinneadh a ghlacadh maidir le Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú, lena náirítear a théarmaí tagartha a ghlacadh (‘an gníomh atá beartaithe’), i gcomhréir le hAirteagal 112(2) den Chomhaontú.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt don Chomhairle um Chomhar a cuid cúraimí a chomhlíonadh.

I gcomhréir le hAirteagal 10(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, déanann an Chomhairle um Chomhar a cinntí agus déanann sí moltaí de chomhthoil na bPáirtithe a shocraítear sa Chomhaontú féin. Féadfaidh an Chomhairle um Chomhar cinntí nó moltaí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Baineann an togra seo le Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Chomhar a cuireadh ar bun leis an gComhaontú chun Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt a bhunú agus a théarmaí tagartha a ghlacadh. Chuir an tAontas agus an Iaráic araon in iúl gur spéis leo Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú.

Tá seasamh an Aontais atá beartaithe bunaithe ar dhréachtghníomh na Comhairle um Chomhar mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir leis an gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, a bheith ag glacadh cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í an Chomhairle um Chomhar a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin tríd an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, a síníodh an 11 Bealtaine 2012, agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2018.

Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach, in éineacht lena Bhallstáit.

An gníomh a iarrtar ar an gComhairle um Chomhar a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe toisc go mbeifear in ann Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a chruthú mar gheall ar chinneadh na Comhairle um Chomhar, a ghlactar de bhun Airteagal 112(2) den Chomhaontú agus de chomhthoil na bPáirtithe de bhun Airteagal 10(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí á saothrú leis san am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan ceann amháin a bheith teagmhasach leis an gceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí áirithe a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir an ghnímh atá beartaithe le cur chun feidhme an chomhair um fhorbairt san Iaráic.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 209 CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 209 CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2023/0054 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle um Chomhar arna bunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt a bhunú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2018/1107/CE ón gComhairle 4 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2018.

(2)De bhun Airteagal 111(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhairle um Chomhar chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. De bhun Airteagal 112(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle um Chomhar a chinneadh aon fhochoiste speisialaithe nó aon chomhlacht speisialaithe a chur ar bun ar féidir leo cúnamh a thabhairt di a cuid cúraimí a chomhlíonadh. Socraíonn an Chomhairle um Chomhar comhdhéanamh agus cúraimí na gcoistí nó na gcomhlachtaí sin agus conas a fheidhmeoidh siad.

(3)Chuir an tAontas agus an Iaráic in iúl gur spéis leo Fochoiste speisialaithe um Chomhar a bhunú chun idirphlé tiomnaithe ar gach gné den chomhar um fhorbairt idir an tAontas agus an Iaráic a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach chláir forbartha an Aontais san Iaráic a chur chun cinn.

(4)Le linn a tríú seisiún, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh ré nó ina dhiaidh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, 5 tá an Chomhairle um Chomhar le cinneadh a ghlacadh maidir le Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú agus maidir lena théarmaí tagartha a ghlacadh.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Chomhar a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa tríú seisiún den Chomhairle um Chomhar, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh ré nó ina dhiaidh, beidh sé bunaithe ar dhréachtghníomh na Comhairle um Chomhar mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo - bunú fochoistí speisialaithe agus glacadh a dtéarmaí tagartha.

2. Féadfaidh ionadaithe an Aontais ar an gComhairle um Chomhar mionathruithe teicniúla ar fhoclaíocht an dréachtghnímh ón gComhairle um Chomhar a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh (AE) 2018/1107 ón gComhairle an 20 Iúil 2018 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích, IO L 203, 10.8.2018, lch. 1.
(2)    Cinneadh Uimh. 1/2013 den Chomhairle um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Iaráic an 8 Deireadh Fómhair 2013 lena nglactar a rialacha nós imeachta agus rialacha nós imeachta an Choiste um Chomhar, IO L 352, 24.12.2013, lch. 68.
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, Cás C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Cinneadh (AE) 2018/1107 ón gComhairle an 20 Iúil 2018 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích, IO L 203, 10.8.2018, lch. 1.
(5)    Cinneadh Uimh. 1/2013 den Chomhairle um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Iaráic an 8 Deireadh Fómhair 2013 lena nglactar a rialacha nós imeachta agus rialacha nós imeachta an Choiste um Chomhar, IO L 352, 24.12.2013, lch. 68.
Top

An Bhruiséil,3.3.2023

COM(2023) 107 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle um Chomhar arna bunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt a bhunú


IARSCRÍBHINN

Cinneadh Uimh. 3/2022 ón gComhairle um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Iaráic maidir le Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú agus maidir lena théarmaí tagartha a ghlacadh

TÁ AN CHOMHAIRLE UM CHOMHAR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN IARÁIC,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 112 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), síníodh é an 11 Bealtaine 2012 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2018.

(2)Foráiltear le hAirteagal 112 den Chomhaontú go bhfuil an Coiste um Chomhar le cúnamh a thabhairt don Chomhairle um Chomhar a cuid cúraimí a chomhlíonadh agus go bhféadfaidh sí a chinneadh aon fhochoiste speisialaithe nó aon chomhlacht speisialaithe eile a chur ar bun ar féidir leo cúnamh a thabhairt di a cuid cúraimí a chomhlíonadh, agus tá sí le comhdhéanamh agus cúraimí na bhfochoistí nó na gcomhlachtaí sin agus conas a fheidhmeoidh siad a shocrú.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 10(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle um Chomhar, féadfaidh an Chomhairle um Chomhar cinntí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn.

(4)Le bunú Fochoiste speisialaithe nua um Chomhar um Fhorbairt, d’éascófaí idirphlé tiomnaithe ar gach gné den chomhar um fhorbairt idir an tAontas agus an Iaráic agus dhéanfaí cur chun feidhme éifeachtach chláir forbartha an Aontais san Iaráic a chur chun cinn.

(5)Chun go mbeidh an Fochoiste sin oibríochtúil go tráthúil, is gá an cinneadh seo a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal Aonair

Leis seo, bunaítear an Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt.

Leis seo, glactar a théarmaí tagartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Arna dhéanamh in/sa […],

   Thar ceann na Comhairle um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Iaráic

   An Cathaoirleach



IARSCRÍBHINN I

Téarmaí tagartha an Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt, faoin gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile

Airteagal 1

Le linn a chruinnithe, féadfaidh an Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair a phlé in aon cheann nó i ngach ceann de na réimsí a chumhdaítear leis a bhaineann le comhar um fhorbairt.

Féadfaidh an Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt ábhair nó tionscadail shonracha a bhaineann le réimsí ábhartha an chomhair dhéthaobhaigh a phlé freisin.

Airteagal 2

Oibreoidh an Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt faoi údarás an Choiste um Chomhar. Déanfaidh sé a chuid conclúidí a thuairisciú agus a tharchur chuig an gCoiste um Chomhar tar éis gach cruinnithe.

Airteagal 3

Beidh ionadaithe ó na Páirtithe ar an bhFochoiste um Chomhar um Fhorbairt.

Ar chomhaontú na bPáirtithe, féadfaidh an Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt cuireadh a thabhairt do shaineolaithe chuig a chruinnithe, agus féadfaidh sé éisteacht leo maidir le pointí sonracha ar chlár oibre a chruinnithe de réir mar is iomchuí.

Airteagal 4

Déanfaidh na Páirtithe cathaoirleacht gach re seal ar an bhFochoiste um Chomhar um Fhorbairt, de réir rialacha an Choiste um Chomhar maidir le huachtaránacht mhalartach, le hionadaí ón Aontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus ionadaí ón Iaráic, ar an taobh eile.

Airteagal 5

Gníomhóidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Iaráic go comhpháirteach mar rúnaithe buana ar an bhFochoiste um Chomhar um Fhorbairt. Cuirfear gach cumarsáid a bhaineann leis an bhFochoiste um Chomhar um Fhorbairt ar aghaidh chuig an mbeirt rúnaithe buana.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt le chéile aon uair is gá i ngeall ar imthosca ar chomhaontú na bPáirtithe, ar bhonn iarraidh i scríbhinn ó cheachtar Páirtí, agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Reáchtálfar gach cruinniú den Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt ag áit a shocróidh na Páirtithe agus ag tráth a chomhaontóidh siad.

Ar iarraidh ar chruinniú a fháil ó cheann de na Páirtithe, tabharfaidh rúnaí buan an Pháirtí eile freagra laistigh de 15 lá oibre.

I gcás práinne ar leith, féadfar cruinnithe an Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt a thionól ar fhógra níos giorra, faoi réir chomhaontú na bPáirtithe.

Roimh gach cruinniú, cuirfear cathaoirleach an Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt ar an eolas maidir le comhdhéanamh na toscaireachta atá beartaithe ag na Páirtithe.

Tionólfaidh an bheirt rúnaithe buana cruinnithe an Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt go comhpháirteach, agus iad ag gníomhú i gcomhaontú le rúnaithe an Choiste um Chomhar.

Airteagal 7

Cuirfear na míreanna atá le háireamh ar an gclár oibre faoi bhráid na rúnaithe buana 15 lá oibre ar a laghad roimh chruinniú an Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt. Tabharfar aon doiciméadacht tacaíochta do na rúnaithe buana 10 lá oibre ar a laghad roimh ré.

Ar bhonn na míreanna sin, déanfar clár oibre sealadach a tharraingt suas agus a chur ar aghaidh, leis an doiciméadacht tacaíochta atá ar fáil, chuig rúnaithe an Choiste um Chomhar, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre roimh chruinniú an Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt. In imthosca eisceachtúla, le comhaontú i scríbhinn ón mbeirt rúnaithe buana, féadfar míreanna a chur leis an gclár oibre ar ghearrfhógra.

Airteagal 8

Mura gcinnfear a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt ina gcruinnithe poiblí.

Airteagal 9

Glacfar miontuairiscí le linn gach cruinnithe den Fhochoiste um Chomhar um Fhorbairt. Déanfar cóip de na miontuairiscí agus de na conclúidí ó gach cruinniú a tharchur chuig rúnaithe an Choiste um Chomhar.

Top