EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0097

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac

COM/2023/97 final

An Bhruiséil,22.2.2023

COM(2023) 97 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.CUSPÓIR

Ba cheart don Aontas Eorpach tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Eacuadór chun Comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích lena bhféadfar sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

2.COMHTHÉACS AN MHOLTA

Sa saol domhandaithe ina bhfuil an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht ag éirí níos trasnáisiúnta agus ilchineálaí, ba cheart údaráis forfheidhmithe dlí a bheith in ann comhoibriú go hiomlán le comhpháirtithe seachtracha chun slándáil a saoránach a áirithiú. I gcomhréir le Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála 1 , is féidir le Europol ról lárnach a imirt maidir le comhar le tríú tíortha a leathnú chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac i gcomhréir le beartais sheachtracha agus uirlisí eile an Aontais. I Straitéis an Aontais Aibreán 2021 chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe, tugtar chun suntais go bhfuil géarghá ann le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhaisnéis Europol maidir le coireacht thromchúiseach agus coireacht eagraithe, agus chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha le tríú tíortha agus réigiúin (bhreise) ar príomh-mhoil iad le haghaidh coireacht eagraithe ardriosca mbíonn tionchar aici ar Bhallstáit an Aontais 2 .

I gcás Europol tá an comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta fíor-riachtanach chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic leis an gcoireacht thromchúiseach agus leis an sceimhlitheoireacht. Is tábhachtaí fós an gá atá leis an gcomhar le tríú tíortha a neartú i bhfianaise Mheasúnú ar an mBagairt Thromchúiseach agus Eagraithe 2021 arna ullmhú ag Europol. Mar shampla, de réir phríomhthorthaí an mheasúnaithe sin ar an mbagairt, leanfaidh líonraí coiriúla i Meiriceá Laidineach de bheith ag comhoibriú le grúpaí coireachta eagraithe atá lonnaithe san Aontas Eorpach chun drugaí a gháinneáil.

A mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol caidreamh comhair a bhunú agus a choimeád le comhpháirtithe idirnáisiúnta trí shocruithe oibre agus riaracháin, cé nach bunús dlí iontu féin iad le sonraí pearsanta a mhalartú. Murab ionann agus comhaontú idirnáisiúnta, is é Europol a thugann na socruithe sin i gcrích agus ní chuireann siad ceangal ar an Aontas ná ar a Bhallstáit 3 .

Le Rialachán 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 an 11 Bealtaine 2016 athraíodh an creat dlíthiúil maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus tríú tíortha. Ó tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2017 aistríodh an inniúlacht comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích idir Europol agus tríú tíortha go dtí an tAontas ag gníomhú de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 5 . Tar éis togra ón gCoimisiún, tá naoi n-údarú caibidlíochta le tríú tíortha 6 glactha ag an gComhairle cheana féin chomh maith le húdarú le comhaontú cuimsitheach a chaibidil le Interpol lena gcumhdaítear malartú sonraí pearsanta le Europol 7 . Síníodh an chéad Chomhaontú le déanaí leis an Nua-Shéalainn 8 . 

Cé go mbaineann an Moladh seo go sonrach le hEacuadór, ba cheart é a mheas mar chuid d’iarracht níos forleithne chun feabhas a chur ar chomhar i bhforfheidhmiú an dlí idir an tAontas agus tíortha i Meiriceá Laidineach ar díol spéise iad. I ndáil leis sin, tá an Coimisiún Eorpach ag moladh go comhthreomhar tús a chur le caibidlíochtaí le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta comhchosúla leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl, le Meicsiceo agus le Peiriú, agus é mar bhunaidhm acu feabhas a chur leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí.

3.AIDHMEANNA AN MHOLTA

Is bagairt thromchúiseach iad grúpaí coireachta eagraithe Mheiriceá Laidineach do shlándáil inmheánach an Aontais toisc go bhfuil nasc níos mó ag a ngníomhaíochtaí le sraith coireanna laistigh den Aontas, go háirithe i réimse na gáinneála ar dhrugaí. I Measúnú 2021 an Aontais ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe, tugtar chun suntais go ndéantar gáinneáil ar mhéideanna drugaí aindleathacha níos mó ná riamh chuig an Aontas ó Mheiriceá Laidineach, rud a ghineann na billiúin euro de bhrabúis, brabúis a úsáidtear chun réimse éagsúil eagraíochtaí coiriúla (eagraíochtaí idirnáisiúnta agus cinn atá lonnaithe san Aontas) a mhaoiniú agus chun an smacht reachta a laghdú san Aontas 9 .

Deimhnítear leis na tuarascálacha is déanaí gur fusa ná riamh teacht ar chócaon san Eoraip agus go bhfuil an druga sin níos inacmhainne agus níos inrochtana do thomhaltóirí ná mar a bhí 10 . Déantar an chuid is mó den táirge a urghabhtar san Aontas a iompar ar muir, i gcoimeádáin loingseoireachta muirí 11 go príomha, agus seoltar chuig an Aontas go díreach é ó na tíortha táirgthe agus ó na tíortha imeachta comharsanacha i Meiriceá Laidineach, lena n-áirítear Poblacht Eacuadór 12 . Bunaithe ar chainníochtaí cócaoin a urghabhadh i gcalafoirt na hEorpa agus i gcalafoirt eile a bhí ag déanamh ar an Eoraip, bhí Eacuadór (le hurghabháil cócaoin de thart ar 67.5 tonna) ar cheann de na príomhphointí imeachta in 2020, mar atá le roinnt blianta anuas 13 . Sampla d’éabhlóid Phoblacht Eacuadór maidir leis an ngáinneáil ar dhrugaí is ea an méadú ar na cainníochtaí a sheoltar ó Guayaquil, an calafort coimeádán is mó in Eacuadór, chuig Antuairp na Beilge, ag úsáid an mhodha ‘rip-on/rip-off’, ó 6 thonna in 2018 go dtí beagnach 56 thonna in 2021 14 . Is seanbhunaithe iad na heagraíochtaí coireachta eagraithe atá lonnaithe i Meiriceá Laidineach agus tá siad gníomhach freisin i réimsí coireachta eile a thagann faoi shainordú Europol, amhail cibearchoireacht, sciúradh airgid agus coireanna comhshaoil.

Chuir Europol in iúl ina Dhoiciméad Clársceidealaithe 2022-2024 gurb iad an t-éileamh méadaitheach ar dhrugaí agus an méadú ar bhealaí gáinneála ar dhrugaí isteach san Aontas, i measc nithe eile, is údar leis an ngá atá le comhar feabhsaithe le tíortha i Meiriceá Laidineach 15 . Ar an gcaoi sin, i mí na Nollag 2022, áiríodh Poblacht Eacuadór ar liosta Europol de chomhpháirtithe tosaíochta lena bhféadfaidh an ghníomhaireacht Socruithe Oibre a thabhairt i gcrích.

Tá Eacuadór rannpháirteach i Sásra Comhordúcháin agus Comhair Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC). Thairis sin, tá Poblacht Eacuadór ina ball d’Eagraíocht Póilíneachta Chríocha Mheiriceá (Ameripol) agus de Choiste Mheiriceá Laidinigh maidir leis an tSlándáil Inmheánach (CLASI) 16 , a bunaíodh in 2022 agus atá á stiúradh ag an gClár Cúnaimh idir an Eoraip agus Meiriceá Laidineach in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (El PacCto) 17 . Tá an tír ina ball de thascfhórsa CLASI ar dhrugaí freisin agus dá bhrí sin tá sí tiomanta rannchuidiú chun grúpaí coireachta eagraithe atá i mbun táirgeadh drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí a bhaint as a chéile. Go deimhin, shainaithin an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) 18 Eacuadór mar phríomh-chomhpháirtí idirnáisiúnta chun an soláthar domhanda cócaoin a laghdú.

Bheadh tábhacht le méadú ar chomhar oibríochtúil agus ar fhaisnéis ábhartha a chomhroinnt idir Europol agus Poblacht Eacuadór chun cionta tromchúiseacha a chomhrac i roinnt réimsí coireachta ar díol spéise coiteanna iad, amhail gáinneáil ar dhrugaí agus coireanna comhshaoil. Ós rud é nach ann do bhunús dlí bailí faoi dhlí an Aontais, áfach, ní féidir le húdaráis forfheidhmithe dlí Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac aon sonraí pearsanta a fháil ó Europol. Dá bhrí sin, is bac é sin ar an gcomhar idir an dá pháirtí a fhorbairt a thuilleadh.

Ar na cúiseanna sin, agus ag cur san áireamh straitéis pholaitiúil an Aontais mar a leagtar amach i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 19 , i Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025 20 , agus i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le drugaí 2021-2025 21 , measann an Coimisiún gur gá Eacuadór a bheith ina tír thosaíochta ó thaobh tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontú lena bhféadfar sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór sa ghearrthéarma.

4.EILIMINTÍ DLÍ

Le Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) leagtar amach creat dlíthiúil le haghaidh Europol, go háirithe a cuspóirí, a cúraimí, a raon feidhme inniúlachta, coimircí um chosaint sonraí agus bealaí chun comhar a dhéanamh le comhpháirtithe seachtracha.

Tá an Moladh seo comhsheasmhach le forálacha Rialachán Europol.

Is é is cuspóir don mholadh seo údarú a fháil ón gComhairle don Choimisiún chun comhaontú idirnáisiúnta a chaibidil thar ceann an Aontais Eorpaigh. Is é Airteagal 218(3) agus (4) CFAE an bunús dlí don Chomhairle a údarú go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht.

I gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, beidh an Coimisiún údaraithe caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais Eorpaigh ar Chomhaontú le Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

D’fheidhmigh an tAontas a inniúlacht sa réimse sin cheana féin agus bhunaigh sé rialacha ina leith sin trí chreat rialacha lena rialaítear gníomhaíochtaí Europol a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid a leanas:

(1)Glacadh Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 agus tá sé infheidhme ón 1 Bealtaine 2017 ar aghaidh 22 . Leasaíodh é le Rialachán (AE) 2022/991 an 27 Meitheamh 2022 23 .

(2)Le forálacha Rialachán (AE) 2016/794, go háirithe na cinn a bhaineann le sonraí pearsanta a aistriú ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, déantar foráil go bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(3)Ba cheart tús a chur le caibidlíocht d’fhonn comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór a thabhairt i gcrích, comhaontú maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac (‘an Comhaontú’).

(4)Mar a meabhraítear freisin in Aithris 35 de Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart don Choimisiún bheith in ann dul i gcomhairle an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) freisin le linn na caibidlíochta ar an gComhaontú agus, in aon chás, sula dtugtar an Comhaontú i gcrích.

(5)Leis an gComhaontú ba cheart urraim a thabhairt do na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saol an teaghlaigh, a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a aithnítear in Airteagal 8 den chairt agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil a aithnítear le hAirteagal 47 den Chairt. Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(6)Níor cheart go ndéanfadh an Comhaontú difear d’aistriú sonraí pearsanta nó cineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus ba cheart é a bheith gan dochar don aistriú sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún comhaontú a chaibidil, thar ceann an Aontais, idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór, maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    COM(2020) 605 final (24.7.2020), lch. 21.
(2)    COM(2021) 170 final (14.4.2021), lch. 9.
(3)    Féach Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/JHA, 2009/934/JHA, 2009/935/JHA, 2009/936/JHA agus 2009/968/JHA ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53-144), dá ngairtear ‘Rialachán (AE) 2016/794’ anseo feasta.
(4)    Féach Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794.
(5)    Féach Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/794, lenar féidir sonraí pearsanta a mhalartú ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta.
(6)    An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Liobáin, Maracó, an Nua-Shéalainn, an Túinéis, agus an Tuirc.
(7)    Cinneadh ón gComhairle (AE) 1312/21 an 19 Iúil 2021, lgh. 2–5.
(8)    Cinneadh ón gComhairle (AE) 9954/22 an 14 Meitheamh 2022.
(9)    European Union Serious and Organised Crime Threat Assessment: A corrupt Influence: The infiltration and undermining of Europe’s economy and society by organised crime. [Measúnú an Aontais ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe: Tionchar Éillitheach: Insíothlú agus an bonn a bhaint de gheilleagar agus de shochaí na hEorpa trí choireacht eagraithe].
(10)    EU Drug Market: Cocaine [Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon], ar fáil ar EU Drug Market: Cocaine | www.emcdda.europa.eu .
(11)    Europol and the global cocaine trade [Europol agus an trádáil dhomhanda cócaoin], ar fáil ar https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en .
(12)    Europol and the global cocaine trade [Europol agus an trádáil dhomhanda cócaoin], ar fáil ar https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en .
(13)    EU Drug Market: Cocaine p. 24 [Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon, lch. 24], ar fáil ar EU Drug Market: Cocaine | www.emcdda.europa.eu .
(14)    EU Drug Market: Cocaine p. 39 [Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon, lch. 39], ar fáil ar EU Drug Market: Cocaine | www.emcdda.europa.eu .
(15)    Europol Programming Document 2022-2024, p. 150 [Doiciméad Clársceidealaithe Europol 2022-2024, lch. 150].    
(16)    Is gníomhaireacht í CLASI le haghaidh idirphlé polaitiúil agus teicniúil idir na príomh-chomhpháirtithe maidir le beartais slándála i dtíortha i Meiriceá Laidineach, agus tá sí an-dírithe ar an oibríocht go sonrach.
(17)    The CLASI and its political, strategic and operational implications, 2 March 2022, [CLASI agus na himpleachtaí polaitiúla, straitéiseacha agus oibríochtúla a bhaineann léi, an 2 Márta 2022] ar fáil ar The CLASI and its political, strategic and operational implications - EL PAcCTO .
(18)    EU Drug Market: Cocaine [Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon], ar fáil ar EU Drug Market: Cocaine | www.emcdda.europa.eu .
(19)    COM(2020) 605 final, an 24 Iúil 2020.
(20)    Doiciméad ón gComhairle (AE) 14178/20 an 18 Nollaig 2020.
(21)    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 272/02 an 8 Iúil 2021.
(22)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/JHA, 2009/934/JHA, 2009/935/JHA, 2009/936/JHA agus 2009/968/JHA ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53-144).
(23)    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht, (IO L 169, 27.6.2022, lgh. 1–42).
Top

An Bhruiséil,22.2.2023

COM(2023) 97 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac




















IARSCRÍBHINN

Treoracha le haghaidh comhaontú a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Eacuadór atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac

Le linn na caibidlíochta, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a leagtar amach thíos go mionsonraithe a bhaint amach.

(1)Is é is cuspóir don Chomhaontú an bunús dlí a thabhairt chun sonraí pearsanta a aistriú idir Europol agus údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór faoi seach, chun tacú le gníomhaíocht údaráis inniúla na tíre sin agus na mBallstát agus chun iad a neartú chomh maith lena gcomhar frithpháirteach chun coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú ag an am céanna i ndáil le príobháideachas, sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(2)Chun teorannú de réir cuspóra a ráthú, ní bhainfidh comhar agus malartú sonraí faoin gComhaontú ach le coireanna agus cionta coiriúla gaolmhara a thagann faoi inniúlacht Europol i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán 2016/794 (‘cionta coiriúla’ le chéile). Go háirithe, ba cheart an comhar a bheith dírithe ar an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus ar chur isteach ar an gcoireacht eagraithe, agus ar gháinneáil ar dhrugaí agus ar chibearchoireacht a chomhrac. Sonrófar sa Chomhaontú a raon feidhme agus na cuspóirí dá bhféadfaidh Europol sonraí a aistriú chuig údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór.

(3)Leagfar amach go soiléir beacht sa Chomhaontú na coimircí agus na rialuithe is gá maidir le cosaint sonraí pearsanta, cearta bunúsacha agus saoirsí daoine aonair, beag beann ar náisiúntacht agus áit chónaithe, sa mhalartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór. I dteannta na gcoimircí a leagtar amach thíos, áireofar orthu sin a cheangal go mbeidh an t-aistriú sonraí pearsanta faoi réir oibleagáidí rúndachta agus nach n-úsáidfear na sonraí pearsanta chun pionós báis nó aon chineál íde atá cruálach agus mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a fhorghníomhú, gan dochar do choimircí breise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.

Go háirithe:

(a)Beidh sainmhínithe sa Chomhaontú ar na príomhthéarmaí atá i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán 2016/680.

(b)Urramóidh an Comhaontú prionsabal na sainiúlachta, lena n-áiritheofar nach ndéanfar na sonraí a phróiseáil chun críoch eile seachas chun críocha an aistrithe. Chuige sin, is soiléir agus beacht a bheidh cuspóirí na próiseála sonraí pearsanta ag na Páirtithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe, agus ní bheidh siad níos leithne ná mar is gá i gcásanna aonair chun an sceimhlitheoireacht agus cionta coiriúla dá dtagraítear sa Chomhaontú a chosc agus a chomhrac.

(c)Déanfar sonraí pearsanta arna n-aistriú ag Europol i gcomhréir leis an gComhaontú a phróiseáil go cothrom, ar bhonn dlisteanach agus chun na gcríoch dár aistríodh iad, agus chun na gcríoch sin amháin. Leis an gComhaontú, cuirfear d’oibleagáid ar Europol, tráth aistrithe na sonraí, aon srian ar rochtain nó ar úsáid a léiriú, lena n-áirítear maidir lena aistriú, lena léirscriosadh nó lena scriosadh, nó lena bpróiseáil a thuilleadh. Leis an gComhaontú, cuirfear d’oibleagáid ar údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór na srianta sin a urramú agus sonrófar ann conas a fhorfheidhmeofar comhlíonadh na srianta sin go praiticiúil. Beidh na sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcuspóir sin. Beidh siad cruinn agus coinneofar cothrom le dáta iad. Ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dár aistríodh iad. Beidh iarscríbhinn ag gabháil leis an gComhaontú ina mbeidh liosta uileghabhálach de na húdaráis inniúla i bPoblacht Eacuadór a bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chucu chomh maith le tuairisc ghairid ar a n-inniúlachtaí.

(d)Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ná sonraí a bhaineann le sláinte duine, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ag Europol ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus má tá sé réasúnta agus comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac, agus más rud é go gcuireann na sonraí sin, seachas sonraí bithmhéadracha, le sonraí pearsanta eile. Ba cheart coimircí sonracha a bheith sa Chomhaontú freisin a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh cionta coiriúla, finnéithe nó daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla, chomh maith le mionaoisigh.

(e)Áiritheofar leis an gComhaontú cearta in-fhorfheidhmithe daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil trí rialacha a leagan síos maidir leis an gceart rochtana, ceartaithe agus scriosta, lena n-áirítear na forais shonracha lena bhféadfaí aon srianta riachtanacha agus comhréireacha a thabhairt isteach. Áiritheofar leis an gComhaontú freisin cearta in-fhorfheidhmithe maidir le sásamh riaracháin agus breithiúnach d’aon duine a bpróiseáiltear a chuid sonraí faoin gcomhaontú, agus ráthófar leigheasanna éifeachtacha.

(f)Leagfar síos leis an gComhaontú na rialacha maidir le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh agus rialacha maidir le taifid a choimeád chun críoch logála agus doiciméadaithe chomh maith le rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil do dhaoine aonair. Ba cheart foráil a dhéanamh ann freisin maidir le coimircí i ndáil le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta.

(g)Sonrófar sa Chomhaontú na critéir ar ar a mbonn a léireofar iontaofacht na foinse agus cruinneas na sonraí.

(h)Áireofar sa Chomhaontú an oibleagáid slándáil sonraí pearsanta a áirithiú trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena n-áirítear trí chead a thabhairt do dhaoine údaraithe amháin rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta. Áireofar sa Chomhaontú freisin an oibleagáid fógra a thabhairt i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí a aistrítear faoin gComhaontú.

(i)Ní cheadófar faisnéis a aistriú ar aghaidh ó údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór chuig údaráis eile i bPoblacht Eacuadór, lena n-áirítear lena n-úsáid in imeachtaí breithiúnacha, ach amháin faoi réir coinníollacha agus coimircí iomchuí, lena n-áirítear réamhúdarú ó Europol.

(j)Beidh feidhm ag na coinníollacha céanna faoi (i) maidir le faisnéis a aistriú ar aghaidh ó údaráis inniúla Phoblacht Eacuadór chuig údaráis i dtríú tír, leis an gceanglas breise nach gceadófar aistrithe ar aghaidh den sórt sin ach amháin i ndáil le tríú tíortha a bhfuil Europol i dteideal sonraí pearsanta a aistriú chucu ar bhonn Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/794.

(k)Áiritheofar leis an gComhaontú córas formhaoirseachta ag údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí, údaráis ag a bhfuil cumhachtaí éifeachtacha imscrúdúcháin agus idirghabhála chun maoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis phoiblí sin i bPoblacht Eacuadór a úsáideann sonraí pearsanta/faisnéis mhalartaithe, agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Go háirithe, beidh cumhachtaí ag na húdaráis neamhspleácha gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a sonraí pearsanta. Beidh na húdaráis phoiblí a úsáideann sonraí pearsanta cuntasach as na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta faoin gComhaontú a chomhlíonadh.

(4)Déanfar foráil sa Chomhaontú maidir le sásra éifeachtach um réiteach díospóidí i ndáil lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe na rialacha arna gcomhaontú go frithpháirteach.

(5)Áireofar sa Chomhaontú forálacha maidir le faireachán agus meastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar an gComhaontú.

(6)Áireofar sa Chomhaontú foráil maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm agus foráil lena bhféadfaidh Páirtí é a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, go háirithe i gcás nach n-áirithíonn an tríú tír go héifeachtach a thuilleadh an leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí bunúsacha a cheanglaítear faoin gComhaontú seo. Sonrófar sa Chomhaontú freisin an bhféadfar leanúint de phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a thagann faoina raon feidhme agus a aistríodh sula ndearnadh é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Beidh próiseáil leanúnach sonraí pearsanta, má cheadaítear sin, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe tráth na fionraí nó an fhoirceanta ar aon chuma.

(7)Beidh comhúdarás ag an gComhaontú sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus áireofar clásal teanga ann chuige sin.

Top