AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.2.2023
COM(2023) 89 final
2023/0040(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear do Phoblacht na hIodáile beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/647
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.
De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2020/647 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2020, údaraítear don Iodáil faoi láthair beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 285 den Treoir maidir le CBL chun daoine inchánach nach airde ná EUR 65 000 a láimhdeachas bliantúil a dhíolmhú ó CBL go dtí an 31 Nollaig 2024.
I litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 29 Samhain 2022, d’iarr an Iodáil údarú chun tairseach an bhirt thuasluaite atá ann cheana a mhéadú ó EUR 65 000 go EUR 85 000, ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024.
I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 8 Nollaig 2022 maidir leis an iarraidh a rinne an Iodáil. Le litir dar dáta an 9 Nollaig 2022, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile aige a mheas sé a bheith riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Caibidil 1 de Theideal XII den Treoir maidir le CBL, cuirtear an fhéidearthacht ar fáil do na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga, lena n‑áirítear an fhéidearthacht maidir le daoine inchánach a dhíolmhú ó CBL i gcás inar lú ná méid áirithe a láimhdeachas bliantúil. Ní gá do dhaoine inchánach a thagann faoin díolúine sin CBL a ghearradh ar a soláthairtí agus, dá réir sin, ní féidir leo CBL a asbhaint ar a n‑ionchuir.
Tugadh isteach den chéad uair le hAirteagal 14 de Threoir 67/228/CEE ón gComhairle an fhéidearthacht rialacha speisialta CBL, lena n‑áirítear díolúintí nó faoiseamh cánach grádaithe, a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais bheaga. De réir Airteagal 24(2)(b) de Threoir 77/388/CEE, a athmhúnlaítear anois mar an chéad mhír d’Airteagal 285 den Treoir maidir le CBL, rinneadh Ballstáit nár bhain úsáid as an rogha dá bhforáiltear faoin bhforáil sin a cheadú ina dhiaidh sin gan ach daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta a dhíolmhú.
Níor bhain an Iodáil úsáid riamh as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 67/228/CEE ón gComhairle. In 2007, d’iarr sé údarú chun maolú ar an gcéad mhír d’Airteagal 285, trí dhaoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 30 000 a dhíolmhú ó CBL. Ba é struchtúr eacnamaíoch na hIodáile a spreag an iarraidh sin, struchtúr atá comhdhéanta de mhicrifhiontair den chuid is mó a bhfuil líon an‑bheag fostaithe acu, agus ba mhian leis an Iodáil oibleagáidí CBL do ghnólachtaí beaga a shimpliú agus bailiú CBL a éascú don riarachán cánach náisiúnta. Tugadh údarú don bheart maolaithe go dtí an 31 Nollaig 2010, de bhua Chinneadh 2008/737/CE ón gComhairle. Bhí gné roghnach ag an mbeart, rud a d’fhág go raibh deis ag gnólachtaí beaga gnáthshocruithe CBL a roghnú.
Údaraíodh don Iodáil ina dhiaidh sin dáta éaga an bhirt mhaolaithe a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2013, le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2010/688/AE ón gComhairle, agus ina dhiaidh sin go dtí an 31 Nollaig 2016, le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/678/AE ón gComhairle, Cinneadh lenar méadaíodh an tairseach uasta díolúine ó EUR 30 000 go EUR 65 000, agus ina dhiaidh sin go dtí an 31 Nollaig 2019, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1988 ón gComhairle. Ar deireadh, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/647 ón gComhairle, údaraíodh don Iodáil leanúint den bheart maolaithe a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.
Is féidir an tairseach níos airde a d’iarr an Iodáil a mheas mar bheart lena laghdófar a thuilleadh an t‑ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí atá incháilithe don díolúine, go háirithe maidir le micrifhiontair, trína scaoileadh ó na hoibleagáidí CBL faoi na gnáthshocraithe CBL, amhail taifid CBL a choinneáil nó tuairisceáin CBL a chur isteach.
Le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta, cuirfear ar a cumas don Iodáil a gníomhaíochtaí rialaithe a dhíriú ar dhaoine inchánach níos mó agus níos mó acmhainní a leithdháileadh ar an gcomhrac i gcoinne chalaois CBL agus forfheidhmiú an chórais CBL atá ann faoi láthair a fheabhsú. Thairis sin, luann an Iodáil gur dreasacht shuntasach é an beart speisialta chun a gníomhaíocht eacnamaíoch a thionscnamh agus a chomhdhlúthú.
An beart speisialta, lena simplítear oibleagáidí oibreoirí beaga, tá sé i gcomhréir leis na cuspóirí a leag an tAontas Eorpach amach maidir le gnólachtaí beaga, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Tús áite d’Fhiontair bheaga - ‘An tAcht um Ghnólachtaí Beaga’ don Eoraip.
Tá an beart speisialta roghnach i gcás daoine inchánach. Dá bhrí sin, i gcás gnólachtaí beaga nach airde a láimhdeachas ná an tairseach, bheadh an fhéidearthacht fós ann dóibh a gcearta a fheidhmiú chun na gnáthshocruithe CBL a chur i bhfeidhm.
Thuairiscigh an Iodáil gurb é 5 580 863 líon na bhfiontar atá ann cheana san Iodáil de réir na ndearbhuithe a cuireadh isteach in 2020 don bhliain fhioscach 2019. Luaigh an Iodáil nach mbeadh ach 63 441 as 229 563 duine inchánach a bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 65 001 agus EUR 85 000 acu in ann dul isteach sa scéim ar bhonn na gcoinníollacha dlíthiúla is infheidhme. Dá bhrí sin, dhéanfadh an beart difear do bheagán níos mó ná 1.1 % de líon iomlán na bhfiontar.
De réir na meastachán a thug an Iodáil, is é a bheadh mar thoradh ar an mbeart speisialta a thabhairt isteach laghdú thart ar 0.06 % ar bhailiúchán CBL iarbhír agus, dá bhrí sin, bheadh tionchar diomaibhseach aige ar an méid iomlán d’ioncam cánach an Bhallstáit a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh.
I bhfianaise an mhéid thuas, is iomchuí an Iodáil a údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an beart maolaithe i gcomhréir le cuspóirí Threoir (AE) 2020/285 lena leasaítear Airteagail 281 go 294 den Treoir maidir le CBL maidir le scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga, a d’eascair as an bplean gníomhaíochta CBL, agus a bhfuil sé d’aidhm aige scéim nua-aimseartha shimplithe a chruthú le haghaidh na ngnólachtaí sin. Go háirithe, tá sé d’aidhm aige costais comhlíontachta CBL agus saobhadh iomaíochta sa bhaile agus ar leibhéal an Aontais a laghdú, tionchar diúltach na héifeachta tairsí a laghdú, agus breis éascaíochta dhéanamh i dtaca leis an gcomhlíontacht ghnó agus i dtaca leis an bhfaireachán a dhéanann na riaracháin chánach.
Thairis sin, tá an tairseach EUR 85 000 comhsheasmhach le Treoir (AE) 2020/285, a mhéid is gur féidir leis na Ballstáit an tairseach láimhdeachais bhliantúil is gá le haghaidh díolúine ó cháin bhreisluacha a shocrú ar leibhéal nach airde ná EUR 85 000 (nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta).
Maoluithe comhchosúla, lena ndíolmhaítear ó cháin bhreisluacha daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná tairseach áirithe, dá bhforáiltear in Airteagail 285 agus 287 den Treoir maidir le CBL, deonaíodh iad do Bhallstáit eile. Deonaíodh tairseach EUR 25 000 don Ísiltír agus don Bheilg; tairseach EUR 35 000 do Lucsamburg; deonaíodh tairseach EUR 40 000 don Pholainn, don Laitvia agus don Eastóin; tairseach EUR 48 000 don Ungáir; tairseach EUR 55 000 don Liotuáin; tairseach EUR 45 000 don Chróit; tairseach EUR 30 000 do Mhálta; tairseach EUR 50 000 don tSlóivéin; tairseach EUR 85 000 don tSeicia; agus tairseach EUR 88 500 don Rómáin.
Ba cheart maoluithe ar an Treoir maidir CBL a bheith teoranta ó thaobh ama de i gcónaí ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí. Ina theannta sin, maidir le dáta éaga an bhirt speisialta a áireamh go dtí an 31 Nollaig 2024, mar a d’iarr an Iodáil, tá sé sin ailínithe le ceanglais Threoir (AE) 2020/285. Déantar foráil maidir leis an 1 Eanáir 2025 sa treoir sin mar an dáta a bheidh ar na Ballstáit na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, forálacha a cheanglaítear orthu a ghlacadh, chun í a chomhlíonadh.
Dá bhrí sin, an beart atá beartaithe, tá sé comhsheasmhach le forálacha na Treorach maidir le CBL.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Bíonn an Coimisiún go comhsheasmhach ag cur i dtábhacht go bhfuil gá le rialacha níos simplí le haghaidh fiontair bheaga. I ndáil leis sin, ghlac an Coimisiún Straitéis FBM i mí an Mhárta 2020 d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach, agus leis sin thug sé gealltanas leanúint dá chuid oibre maidir leis an ualach ar FBManna a laghdú. An cuspóir maidir leis an ualach riaracháin a laghdú le haghaidh FBManna, tá sé ar cheann de cholúin na straitéise sin. Tá an beart speisialta seo i gcomhréir leis na cuspóirí sin, a mhéid a bhaineann le rialacha fioscacha. Tá sé i gcomhréir freisin le Plean Gníomhaíochta 2020 maidir le cánachas cothrom simplí mar thaca leis an straitéis téarnaimh, plean ina n‑aithnítear go bhfuil costais chomhlíontachta cánach fós ard san Aontas, agus go mbíonn costais chomhlíontachta i bhfad níos airde de ghnáth le haghaidh cuideachtaí beaga ná mar a bhíonn siad le haghaidh cuideachtaí móra.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I bhfianaise na forála den Treoir maidir le CBL ar a bhfuil sé bunaithe, tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát arna iarraidh sin dó féin agus níl aon oibleagáid ann.
I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an bailiú cánach a shimpliú le haghaidh daoine inchánach beaga agus le haghaidh an riaracháin cánach.
•An rogha ionstraime
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.
Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL a chur i bhfeidhm ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Iodáil agus is leis an mBallstát áirithe sin amháin a bhaineann sé.
•Measúnú tionchair
Is éard is aidhm don Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an tairseach díolúine atá ann faoi láthair a mhéadú ó EUR 65 000 go EUR 85 000. Is beart simpliúcháin an méadú sin ar an tairseach, a bhaineann go leor de na hoibleagáidí CBL ó ghnólachtaí atá ag feidhmiú le láimhdeachas bliantúil nach airde ná EUR 85 000. Dá bhrí sin beidh tionchar dearfach aige ar laghdú an ualaigh riaracháin maidir le gnólachtaí agus an riarachán cánach araon gan tionchar mór a bheith aige ar an ioncam CBL iomlán. De bharr raon feidhme cúng an mhaolaithe agus de bharr na teorann ama ar a chur i bhfeidhm, beidh tionchar an bhirt teoranta in aon chás.
Faoi láthair, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil ó 2020, rachadh an méadú ar an tairseach go EUR 85 000 chun sochair do thuairim agus 63 441 gnólacht breise, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh laghdú thart ar 0.06 % ar ioncam CBL.
Beidh an beart maolúcháin roghnach do dhaoine inchánach. Beidh daoine inchánach in ann na gnáthshocruithe CBL a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 290 de Threoir 2006/112/CE. Measann an Iodáil gurb é tuairim agus EUR 80.8 milliún (0.06 % den ioncam CBL iomlán), an tionchar buiséadach i dtéarmaí ioncam CBL do 2023 agus ar aghaidh, rud is féidir a mheas mar thionchar diomaibhseach.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ar theacht i bhfeidhm do Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú, ní dhéanfaidh an Iodáil aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL le haghaidh na bliana airgeadais 2021 agus ina diaidh sin.
2023/0040 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear do Phoblacht na hIodáile beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/647
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/647 ón gComhairle, údaraíodh don Iodáil beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE chun daoine inchánach nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 65 000 a dhíolmhú ó CBL go dtí an 31 Nollaig 2024.
(2)Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 29 Samhain 2022, d’iarr an Iodáil údarú chun beart a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE chun daoine inchánach nach airde ná EUR 85 000 a láimhdeachas bliantúil a dhíolmhú ó CBL (‘an beart speisialta’).
(3)Le litir dar dáta an 8 Nollaig 2022, tharchuir an Coimisiún iarraidh na hIodáile chuig na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE. Le litir dar dáta an 9 Nollaig 2022, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile aige a mheas sé a bheith riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.
(4)Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na leasuithe ar Threoir 2006/112/CE arna ndéanamh le Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle, lena bhféachtar le costais chomhlíontachta CBL ar fhiontair bheaga a laghdú agus saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a mhaolú.
(5)Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach toisc go bhféadfaidh siad na gnáthshocruithe CBL a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.
(6)De réir na faisnéise a chuir an Iodáil ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar an méid iomlán ioncaim cánach a bhailíonn an Iodáil ag céim an tomhaltais deiridh.
(7)Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle, ní dhéanfaidh an Iodáil aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoin acmhainn dhílis CBL-bhunaithe le haghaidh bhliain airgeadais 2021 agus ina dhiaidh sin.
(8)I bhfianaise thionchar dearfach measta an bhirt speisialta i dtaca leis an ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta a bhíonn ar fhiontair bheaga agus ar na riaracháin chánach a laghdú, agus i bhfianaise an tionchair dhiomaibhsigh ar an CBL iomlán a ghintear, ba cheart údarú a thabhairt don Iodáil leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm.
(9)Ba cheart teorainn ama a bheith leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun gur féidir leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Airteagal 1(12) den Treoir sin a chomhlíonadh, agus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don Iodáil an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.
(10)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/647 a aisghairm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE, maidir le daoine inchánach ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach airde ná EUR 85 000, údaraítear don Iodáil iad a dhíolmhú ó CBL.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/647.
Airteagal 3
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar an dáta a dtabharfar fógra ina leith.
Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.
Airteagal 4
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,