Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0063

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

    COM/2023/63 final

    An Bhruiséil,7.2.2023

    COM(2023) 63 final

    2023/0025(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    An 25 Eanáir 2022, ina breithiúnas i gcás C-181/20 1 , dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil sé neamhbhailí i bpáirt Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (‘Treoir maidir le DTLL’) mar gheall ar éifeacht chúlghabhálach nach bhfuil údar maith leis, a mhéid a fhoráiltear leis go mbeidh ar tháirgeoirí a bheith freagrach as maoiniú na gcostas a bhaineann le dramhaíl ó phainéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012 a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de. Is é an dáta deireanach sin dáta theacht i bhfeidhm na Treorach maidir le DTLL, a bhí nua ag an am, agus a tháinig in ionad Threoir 2002/96/CE. Ón uair a tháinig sé i bhfeidhm, cuireadh painéil fhótavoltacha le raon feidhme na Treorach maidir le DTLL. Ina theannta sin, le Treoir 2012 cuireadh ‘raon feidhme oscailte’ chun feidhme ar bhealach níos leithne ón 15 Lúnasa 2018 ar aghaidh, rud a d’athraigh ina leith sin ó raon feidhme Threoir 2002/96/CE a bhí ann roimhe sin.

    Áitíonn an Chúirt, sular glacadh Treoir 2012/19/AE, go raibh sé de rogha ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 14 de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl 2 , na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha a bheith le híoc ag sealbhóirí dramhaíola reatha nó sealbhóirí dramhaíola a bhí ann roimhe seo, nó ag táirgeoir nó dáileoir na bpainéal fótavoltach. De réir na Cúirte, maidir leis an riail a bunaíodh ina dhiaidh sin, in Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE, faoina gcaithfidh na táirgeoirí maoiniú costas a bhaineann le cóireáil deiridh ré na bpainéal fótavoltach seachas teaghlaigh phríobháideacha a iompar i ngach Ballstát, lena n-áirítear i gcás inar cuireadh táirgí ar an margadh cheana tráth a bhí an reachtaíocht roimhe sin i bhfeidhm, ní mór a mheas go bhfuil feidhm chúlghabhálach aici. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a shárú.

    Is gá obair leantach a dhéanamh ar an mbreithiúnas trí leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar an Treoir maidir le DTLL agus ar Airteagal 13(1) de maidir le bailiú agus cóireáil DTLL a mhaoiniú i ndáil le DTLL ó úsáideoirí seachas ó theaghlaigh phríobháideacha.

    Ina theannta sin, measadh gur cheart Airteagal 12(1) den Treoir maidir le DTLL a leasú freisin toisc go raibh foráil chomhthreomhar ann maidir le trealamh leictreach agus leictreonach (TLL) do theaghlaigh phríobháideacha. Cé nach raibh an tAirteagal seo dírithe go sainráite ar bhreithiúnas na Cúirte toisc nach mbaineann sé leis an mbunchás, is féidir a mheas ar an gcaoi chéanna go bhfuil sé cúlghabhálach i bhfianaise réasúnaíocht na Cúirte agus, dá bhrí sin, tá leasú comhchosúil le déanamh.

    Tugtar aghaidh freisin sa togra spriocdhírithe ón gCoimisiún ar thionchar bhreithiúnas na Cúirte ar tháirgí eile a thagann faoin ‘raon feidhme oscailte’ a leagtar amach in Airteagal 2(1)(b) den Treoir maidir le DTLL ón 15 Lúnasa 2018 ar aghaidh, a bhfuil an cás cosúil leis sin a bhain le painéil fhótavoltacha, a bhfuil breithiúnas na Cúirte dírithe go sainráite air. Go háirithe, is féidir TLL le haghaigh teaghlaigh phríobháideacha agus TLL le haghaidh úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad a áireamh sa ‘raon feidhme oscailte’ 3 . I gcás an dá chás, tar éis bhreithiúnas na Cúirte, tá gá le soiléiriú nach mbeidh oibleagáid ar tháirgeoirí ach ón 15 Lúnasa 2018 ar aghaidh bainistiú dramhaíola ó ‘raon feidhme oscailte’ TLL a mhaoiniú.

    Dá bhrí sin, cumhdaítear leis an togra ón gCoimisiún leasú ar Airteagal 12, mír 1. Moltar leasú a dhéanamh ar mhíreanna 3 agus 4 d’Airteagal 12 chun soiléiriú a dhéanamh ar an tráth a chuirfear an oibleagáid mhaoiniúcháin ar tháirgeoirí i bhfeidhm.

    Ar an gcaoi chéanna, chun éifeacht chúlghabhálach seachas sin a cheartú bunaithe ar réasúnú na Cúirte, tá sé d’aidhm freisin ag an togra ón gCoimisiún leasú a dhéanamh ar Airteagal 15(2) a thagraíonn do TLL a mharcáil.

    Ina theannta sin, leis an togra seo, in Airteagal 14(4) agus Airteagal 15(2) den Treoir maidir le DTLL, déantar nuashonrú ar na tagairtí do chaighdeán Eorpach EN 50419 maidir le TLL a mharcáil i ndáil le bailiú ar leithligh DTLL trí leagan 2022 a chur in ionad na tagartha do leagan 2006 den chaighdeán seo.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Leagtar síos rialacha reatha an Aontais maidir le bainistiú DTLL i dTreoir 2012/19/AE.

    Is é is aidhm don togra leasú a dhéanamh ar Airteagal 12, míreanna 1, 3 agus 4, Airteagal 13(1) agus Airteagal 15(2) den Treoir maidir le DTLL mar obair leantach ar bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-181/20. Baineann na forálacha sin le prionsabal na freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR), ar príomhphrionsabal de chuid na Treorach maidir le DTLL é atá cumhdaithe cheana sa chéad Treoir 2002/96/CE agus lena gcuirtear chun feidhme an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as mar a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar amach prionsabal an EPR ar bhealach níos mionsonraithe i dTreoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (an Treoir Réime Dramhaíola nó an WFD). Coinníonn an togra lánéifeachtacht na bhforálacha EPR. Mar sin féin, i bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte, ní mór prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta agus leasanna gaolmhara na ngníomhaithe eacnamaíocha a urramú a mhéid a bhaineann leis an tráth nach raibh feidhm fós ag an Treoir maidir le DTLL i dtaca le painéil fhótavoltacha agus táirgí eile a cuireadh faoina raon feidhme le déanaí.

    Is é is aidhm don togra freisin Airteagal 14(4) agus Airteagal 15(2) a leasú chun an tagairt do chaighdeán Eorpach EN 50419 a thabhairt cothrom le dáta tríd an leagan athbhreithnithe den chaighdeán sin a glacadh in 2022 a chur in ionad na tagartha do chaighdeán EN 50419, arna ghlacadh ag Cenelec i Márta 2006, agus na tagairtí sa chaighdeán don Treoir maidir le DTLL (EN 50419:2022) a thabhairt cothrom le dáta.

    Ní bhaineann na leasuithe spriocdhírithe sin atá beartaithe le haon fhoráil bheartais eile i réimse DTLL.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Leis na leasuithe spriocdhírithe atá beartaithe, coinnítear comhleanúnachas na Treorach agus a forálacha EPR le beartais eile de chuid an Aontais.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, arb é bunús dlí an Ghnímh a leasaíonn sé é.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Amhail dá dtagraítear in aithris (36) de Threoir 2012/19/AE, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na faidhbe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Ós rud é go bhfuil sé gurb é is aidhm don leasú spriocdhírithe forálacha na Treorach atá ann cheana a mhodhnú i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte, is féidir teacht ar an gconclúid go n-urramaítear prionsabal na coimhdeachta agus breisluach AE, mar a bhí beartaithe ar dtús le glacadh Threoir 2012/19/AE. Thairis sin, ós rud é go bhféadfadh léirmhínithe éagsúla a bheith ann ag na Ballstáit maidir leis an gceist faoi cathain a bheidh feidhm ag an bhfreagracht leathnaithe táirgeora maidir le painéil fhótavoltacha agus maidir le TLL nua faoin raon feidhme, tá gá leis an leasú.

    Comhréireacht

    Mar a tugadh le fios in Aithris (36) de Threoir 2012/19/AE, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, ní théann an Treoir maidir le DTLL seo thar a bhfuil riachtanach chun a cuspóir a bhaint amach.

    Ós rud é go bhfuil sé gurb é is aidhm don leasú spriocdhírithe forálacha na Treorach atá ann cheana a mhodhnú i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte, is féidir teacht ar an gconclúid go n-urramaítear prionsabal na comhréireachta, mar a bhí beartaithe ar dtús le glacadh Threoir 2012/19/AE.

    An rogha ionstraime

    Ós rud é gurb é is aidhm don leasú spriocdhírithe na forálacha den Treoir maidir le DTLL atá ann cheana a mhodhnú i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte, is i bhfoirm Treorach lena leasaítear Treoir 2012/19/AE atá an togra seo.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Cuireadh saineolaithe na mBallstát ar an eolas faoi impleachtaí bhreithiúnas na Cúirte i gcás C-181/20 agus le linn cruinniú den Ghrúpa Saineolaithe maidir le dramhaíl an 7 Aibreán 2022 maidir le cur chun feidhme Threoir 2012/19/AE maidir le DTLL 4 , inar chuir an Coimisiún i láthair príomhghnéithe an leasaithe spriocdhírithe agus inar iarr sé aiseolas. Ní dhearnadh aon agóid maidir leis an mbealach chun tosaigh a moladh, ná ní dhearnadh aon bharúil shonrach.

    Ós rud é go gceanglaítear le breithiúnas na Cúirte ar an gCoimisiún an breithiúnas a chur chun feidhme gan moill mhíchuí agus cineál teoranta an togra á chur san áireamh, ní dhearnadh tuilleadh comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    I bhfianaise raon feidhme teoranta an togra seo atá sainithe go soiléir chun aghaidh a thabhairt ar bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, níor ghá brath ar aon saineolas seachtrach.

    Measúnú tionchair

    Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair ós rud é nach raibh aon rogha ag an gCoimisiún ach airteagail shonracha den Treoir maidir le DTLL a leasú de réir bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-181/20.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Tá an tionscnamh teoranta do leasú a dhéanamh ar Airteagal 12, míreanna 1, 3 agus 4, Airteagal 13(1) agus Airteagal 15(2) den Treoir maidir le DTLL mar obair leantach ar bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-181/20 agus do leasú a dhéanamh ar Airteagal 14(4) agus 15(2) chun an tagairt do chaighdeán Eorpach EN 50419 a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, leantar raon feidhme agus formáid atá sainithe go docht ó thaobh dlí de sa togra.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cearta bunúsacha a chosaint. I bhfianaise bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-181/20, ní mór obair leantach a dhéanamh tríd an togra spriocdhírithe seo ón gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le DTLL.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní mheastar iarmhairtí buiséadacha a bheith ann don Choimisiún Eorpach leis an mbeart atá beartaithe. Dá bhrí sin, ní chuirtear ráiteas airgeadais reachtach ar fáil.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Foráiltear do shocruithe tuairiscithe cheana in Airteagal 16 den Treoir maidir le DTLL, ar Airteagal é nach ndéanann an togra spriocdhírithe seo ón gCoimisiún difear dó.

    Ina theannta sin, déantar foráil maidir leis na rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú chun críocha na Treorach maidir le DTLL i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2193 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019.

    Níl gá le bearta ná sásraí breise i ndáil leis an togra seo.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Measann an Coimisiún go bhfuil gá le doiciméid ina mínítear bearta na mBallstát lena dtrasuitear na Treoracha chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise maidir le trasuí na Treorach.

    Is é príomhchuspóir na bhforálacha atá beartaithe a áirithiú go gcomhlíonfar breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus, ar an gcaoi sin, an t-am a shoiléiriú ón uair nach mór do tháirgeoirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh éagsúla do theaghlaigh phríobháideacha agus d’úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha foráil a dhéanamh maidir le bainistiú na dramhaíola a fhaightear óna dtáirgí a mhaoiniú. Dá bhrí sin, tá trasuí iomlán agus ceart na reachtaíochta nua ríthábhachtach chun a ráthú go mbainfear an cuspóir sin amach agus go mbeidh cur chuige comhchuibhithe ann ar fud na mBallstát.

    D’fhéadfadh an ceanglas maidir le doiciméid mhíniúcháin a sholáthar ualach breise riaracháin a chruthú do roinnt Ballstát. Mar sin féin, tá gá le doiciméid mhíniúcháin chun go bhféadfar trasuí iomlán agus ceart a fhíorú go héifeachtach, rud atá riachtanach ar na cúiseanna a luaitear thuas, agus níl aon bhearta a bhfuil ualach níos lú ag baint leo chun gur féidir fíorú éifeachtúil a dhéanamh. Thairis sin, is féidir le doiciméid mhíniúcháin rannchuidiú go suntasach leis an ualach riaracháin a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh ag an gCoimisiún a laghdú; gan iad, bheadh gá le hacmhainní suntasacha agus le go leor teagmhálacha leis na húdaráis náisiúnta chun na modhanna trasuímh a rianú i ngach Ballstát.

    I bhfianaise an mhéid thuas, is iomchuí a iarraidh ar na Ballstáit doiciméad amháin nó níos mó a sholáthar in éineacht leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite ina mínítear an gaol idir forálacha na Treorach lena leasaítear an Treoir maidir le DTLL agus na páirteanna comhfhreagracha d’ionstraimí trasuí náisiúnta.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Déantar foráil in Airteagal 1 maidir le leasú a dhéanamh ar na hAirteagail seo a leanas de Threoir 2012/19/AE maidir le DTLL:

    Airteagal 12, mír (1):

    Is é is aidhm don leasú atá beartaithe soiléiriú a dhéanamh ar an am óna gcaithfidh táirgeoirí painéal fótavoltach agus tairgeoirí trealamh leictreach agus leictreonach do theaghlaigh phríobháideacha nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le DTLL ach ón 15 Lúnasa 2018 (‘raon feidhme oscailte’ TLL) foráil a dhéanamh maidir le maoiniú na gcostas chun DTLL a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó theaghlaigh phríobháideacha. Go háirithe, soiléirítear ann go ndéanann táirgeoirí painéal fótavoltach do theaghlaigh phríobháideacha foráil maidir le DTLL a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a mhaoiniú mar thoradh ar phainéil fhótavoltacha inar cuireadh painéil fhótavoltacha den sórt sin ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012.

    Leagtar síos ann freisin go ndéanann táirgeoirí TLL ‘raon feidhme oscailte’ do theaghlaigh phríobháideacha foráil maidir le maoiniú i dtaca leis na costais thuasluaite don DTLL a eascraíonn as sin i gcás inar cuireadh TLL ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018.

    Airteagal 12, mír (3):

    Is é is aidhm don fhoráil seo an chéad chuid den chéad abairt ‘Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh níos déanaí ná an 13 Lúnasa 2005’ a scriosadh ó théacs na Treorach ós rud é go bhfuil an tagairt don 13 Lúnasa 2005 imithe i léig mar thoradh ar chur i bhfeidhm bhreithiúnas na Cúirte.

    Airteagal 12, mír (4):

    Soiléirítear leis an leasú atá beartaithe nach dtagraíonn an mhír seo ach do DTLL ó tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) den Treoir maidir le DTLL seachas painéil fhótavoltacha.

    Airteagal 13, mír (1):

    Is é is aidhm don leasú atá beartaithe soiléiriú a dhéanamh ar an am óna gcaithfidh táirgeoirí painéal fótavoltach agus tairgeoirí trealamh leictreach agus leictreonach d’úsaideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le DTLL ach ón 15 Lúnasa 2018 (‘raon feidhme oscailte’ TLL) foráil a dhéanamh maidir le maoiniú na gcostas chun DTLL a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

    Go háirithe, soiléirítear ann go ndéanann táirgeoirí painéal fótavoltach d’úsaideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad foráil maidir le DTLL a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a mhaoiniú, ar a laghad, mar thoradh ar phainéil fhótavoltacha inar cuireadh painéil fhótavoltacha den sórt sin ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012.

    Soiléirítear ann freisin go soláthróidh táirgeoirí TLL ‘raon feidhme oscailte’ d’úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha an maoiniú i dtaca leis na costais thuasluaite don DTLL a eascraíonn as sin i gcás inar cuireadh TLL ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018 ar aghaidh.

    Airteagal 14(4):

    Foráiltear leis an leasú beartaithe sin maidir le nuashonrú a mhéid a bhaineann leis an tagairt sa Treoir maidir le DTLL do chaighdeán Eorpach EN 50419. Ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar an gcaighdeán sin in 2022, tá leagan 2022 a tugadh cothrom le dáta le cur in ionad na tagartha do leagan 2006 den chaighdeán.

    Airteagal 15(2):

    Is leasú iarmhartach é an leasú atá beartaithe ar na leasuithe ar Airteagail 12 agus 13 chun a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid atá ar tháirgeoirí TLL a mharcáil ach amháin ón 13 Lúnasa 2012 maidir le painéil fhótavoltacha agus díreach ón 15 Lúnasa 2018 ar aghaidh maidir le TLL ‘raon feidhme oscailte’ amháin. Leis an leasú atá beartaithe, déantar foráil maidir lena thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann leis an tagairt do chaighdeán Eorpach EN 50419, atá comhleanúnach leis an athrú seo in Airteagal 14(4).

    Tá forálacha in Airteagal 2 maidir leis na Ballstáit an Treoir a thrasuí.

    Tá forálacha in Airteagal 3 maidir le teacht i bhfeidhm an bhirt.

    Sainítear in Airteagal 4 seolaithe an bhirt, arb iad na Ballstáit iad.

    2023/0025 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 6 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tháinig Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) i bhfeidhm an 13 Lúnasa 2012, agus tháinig sí in ionad Threoir 2002/96/CE.

    (2)Áiríodh painéil fhótavoltacha, nach raibh faoi raon feidhme Threoir 2002/96/CE, i raon feidhme Threoir 2012/19/AE ón 13 Lúnasa 2012, nuair a cuireadh le catagóir 4 d’Iarscríbhinní I agus II iad dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2012/19/AE.

    (3)Bunaítear le hAirteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE go seasfaidh táirgeoirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (TLL) na costais as dramhaíl TLL (DTLL) a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha a eascraíonn as táirgí a cuireadh ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005.

    (4)An 25 Eanáir 2022, dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ina breithiúnas i gcás C-181/20 7 , go raibh Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE neamhbhailí a mhéid a bhaineann sé le painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 12 Lúnasa 2012, mar gheall ar éifeacht chúlghabhálach gan údar maith. Ó tharla, sular glacadh Treoir 2012/19/AE, gur fhág reachtas an Aontais Eorpaigh na Ballstáit, de bhun Airteagal 14 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl 8 , an rogha maidir lena cheangal go mbeidh na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha le híoc ag sealbhóirí dramhaíola reatha nó roimhe sin nó ag táirgeoir nó dáileoir na bpainéal fótavoltach, agus gur bunaíodh riail ina dhiaidh sin, in Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE nach mór do tháirgeoirí na costais sin a sheasamh i ngach Ballstát, lena n-áirítear i ndáil le táirgí a bhí curtha ar an margadh cheana ag na táirgeoirí tráth a raibh an reachtaíocht roimhe sin i bhfeidhm, ní mór a mheas go bhfuil feidhm chúlghabhálach ag an riail dheireanach sin, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sí prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a shárú. Chinn an Chúirt go bhfuil feidhm ag cúlghabhálacht den sórt sin maidir le painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2012/19/AE, an 13 Lúnasa 2012.

    (5)Tugtar le tuiscint go díreach le breithiúnas na Cúirte ina ndearbhaítear go bhfuil Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE neamhbhailí go páirteach gur cheart é a leasú ionas nach mbeidh feidhm aige maidir le dramhaíl ó phainéil fhótavoltacha ó úsáideoirí seachas ó theaghlaigh phríobháideacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012. Thairis sin, i bhfianaise na mbreithnithe a leagadh amach i mbreithiúnas na Cúirte, is gá leasú a dhéanamh ar Threoir 2012/19/AE freisin maidir le maoiniú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha ó theaghlaigh phríobháideacha a bhfuil feidhm ag Airteagal 12 de Threoir 2012/19/AE ina leith agus maidir le TLL eile, maidir le dramhaíl ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha araon, ar dramhaíl iad atá inchomparáide leis an seasamh atá ag painéil fhótavoltacha.

    (6)Le hAirteagal 2(1)(b) de Threoir 2012/19/AE ón 15 Lúnasa 2018, leathnaítear raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach sin ionas go gcumhdófar leis gach TLL. Cosúil le painéil fhótavoltacha, maidir le TLL nár tháinig faoi raon feidhme Threoir 2012/19/AE de bhun Airteagal 2(1)(a), ach a tháinig faoina raon feidhme ón 15 Lúnasa 2018 de bhun Airteagal 2(1)(b) (‘raon feidhme oscailte TLL’), níor áiríodh roimhe seo é faoi raon feidhme Threoir 2002/96/CE. Dá bhrí sin, sular glacadh Treoir 2012/19/AE, de bhun Airteagal 14 de Threoir 2008/98/CE, fágadh de rogha ag na Ballstáit na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola ón TLL sin a bheith le híoc ag sealbhóirí dramhaíola reatha nó sealbhóirí dramhaíola a bhí ann roimhe seo nó ag táirgeoir nó dáileoir an trealaimh sin. Dá bhrí sin, dá gcuirfí Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE i bhfeidhm maidir le raon feidhme oscailte TLL, ar na cúiseanna a leagtar amach i mbreithiúnas na Cúirte i gcás C-181/20, bheadh sé contrártha le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ós rud é, áfach, go n-áirítear raon feidhme oscailte TLL i dTreoir 2012/19/AE ón 15 Lúnasa 2018, ba cheart Airteagal 13(1) a leasú ionas nach mbeidh feidhm aige maidir le raon feidhme oscailte TLL a chuirtear ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 15 Lúnasa 2018.

    (7)Mar fhoráil atá ar aon dul le hAirteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE, a bhfuil feidhm aici maidir le húsáideoirí seachas maidir le teaghlaigh phríobháideacha, forchuirtear le hAirteagal 12(1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12(3) de Threoir 2012/19/AE maoiniú na gcostas chun DTLL ó theaghlaigh phríobháideacha a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a chur ar tháirgeoirí maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh amhail ón 13 Lúnasa 2005. Ar na cúiseanna a leagtar amach i mbreithiúnas na Cúirte i gcás C-181/20, a mhéid atá feidhm ag na forálacha sin maidir le maoiniú na gcostas bainistithe dramhaíola sin do phainéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012 agus maidir le raon feidhme oscailte TLL a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 15 Lúnasa 2018, bheadh feidhm chúlghabhálach acu freisin ar bhealach atá contrártha do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 12 de Threoir 2012/19/AE a leasú ar bhealach nach mbeidh feidhm aige maidir le painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012 ná maidir le raon feidhme oscailte TLL a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 15 Lúnasa 2018.

    (8)Foráiltear le hAirteagal 14(4) agus Airteagal 15(2) de Threoir 2012/19/AE go ndéanfar TLL a chuirtear ar an margadh a mharcáil i gcomhréir, más féidir, le caighdeán Eorpach EN 50419, a ghlac Cenelec i mí an Mhárta 2006. Rinneadh athbhreithniú ar an gcaighdeán sin chun na tagairtí atá ann do Threoir 2012/19/AE a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt don chaighdeán in Airteagal 14(4) agus in Airteagal 15(2) a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt a dhéanamh don leagan de chaighdeán EN 50419 a tugadh cothrom le dáta, agus a ghlac Cenelec i mí Iúil 2022.

    (9)Foráiltear le hAirteagal 15(2) de Threoir 2012/19/AE, chun gur féidir an dáta ar ar cuireadh TLL ar an margadh a chinneadh go soiléir, áiritheoidh na Ballstáit go sonrófar i marc ar an TLL gur cuireadh an trealamh leictreach agus leictreonach ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005. Mar leasú iarmhartach ar na leasuithe ar Airteagail 12 agus 13, ba cheart Airteagal 15(2) a leasú i ndáil le painéil fhótavoltacha agus raon feidhme oscailte TLL, ionas go soiléirítear ann nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid marcála ach ón 13 Lúnasa 2012 maidir le painéil fhótavoltacha agus ón 15 Lúnasa 2018 maidir le raon feidhme oscailte TLL.

    (10)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 9 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Threoir 2012/19/AE

    Leasaítear Treoir 2012/19/AE mar a leanas:

    (1)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh táirgeoirí an maoiniú, ar a laghad, do bhailiú, cóireáil, aisghabháil agus diúscairt DTLL ó theaghlaigh phríobháideacha ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, ar DTLL é arna thaisceadh i saoráidí bailithe arna mbunú faoi Airteagal 5(2) de réir an méid seo a leanas:

    (a)maidir le DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) seachas painéil fhótavoltacha inar cuireadh TLL den sórt sin ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005;

    (b)maidir le DTLL a bhíonn ann mar gheall ar phainéil fhótavoltacha i gcás inar cuireadh painéil fhótavoltacha den sórt sin ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012; agus

    (c)maidir le DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(b) agus nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1)(a) i gcás inar cuireadh TLL den sórt sin ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018.’;

    (b) in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘3. Beidh gach táirgeoir freagrach as maoiniú na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis an dramhaíl óna tháirgí féin. Féadfaidh an táirgeoir a roghnú an oibleagáid sin a chomhlíonadh ina aonar nó trí dhul isteach i gcomhscéim.’;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    ‘4. Maidir leis an bhfreagracht as maoiniú na gcostas a bhaineann le bainistiú DTLL ó tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) seachas painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh an 13 Lúnasa 2005 nó roimhe sin (‘dramhaíl stairiúil’), beidh na costais sin le híoc ag córas amháin nó níos mó lena rannchuidíonn na táirgeoirí uile atá ar an margadh go comhréireach nuair a tharlaíonn na costais seo faoi seach, e.g. i gcomhréir lena sciar faoi seach den mhargadh de réir an chineáil trealaimh.’;

    (2)in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit gurb iad táirgeoirí a sholáthróidh maoiniú na gcostas chun DTLL a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha de réir an méid seo a leanas:

    (a)maidir le DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) seachas painéil fhótavoltacha inar cuireadh TLL den sórt sin ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005;

    (b)maidir le DTLL a bhíonn ann mar gheall ar phainéil fhótavoltacha i gcás inar cuireadh painéil fhótavoltacha den sórt sin ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012; agus

    (c)maidir le DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(b) nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1)(a) i gcás inar cuireadh TLL den sórt sin ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018’;

    (3)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    4. D’fhonn diúscairt DTLL mar dhramhaíl chathrach neamhshórtáilte a íoslaghdú acgus chun a bhailiú ar leithligh a éascú, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh táirgeoirí TLL a chuirtear ar an margadh a mharcáil go hiomchuí leis an tsiombail a thaispeántar in Iarscríbhinn IX — i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach EN 50419:2022, más féidir. I gcásanna eisceachtúla, ina mbíonn gá leis seo mar gheall ar mhéid nó ar fheidhm an táirge, déanfar an tsiombail a phriontáil ar an bpacáistiú, ar na treoracha úsáide agus ar bharánta an TLL.’;

    (4)in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2. Chun gur féidir an dáta ar ar cuireadh TLL ar an margadh a chinneadh go soiléir, áiritheoidh na Ballstáit go sonrófar i marc ar an TLL gur cuireadh an trealamh leictreach agus leictreonach ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005. Más féidir, cuirfear Caighdeán Eorpach EN 50419:2022 i bhfeidhm chun na críche sin.

    Maidir le painéil fhótavoltacha, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir le painéil fhótavoltacha a chuirfear ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012.

    Maidir le TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(b) agus nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1)(a), ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir leis an TLL a chuirtear ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018.’

    Airteagal 2

    Trasuí

    1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [bliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    IO C 222, 6.7.2020
    (2)    IO L 312, 22.11.2008, lgh. 3–30
    (3)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i dtaca leis an athbhreithniú ar raon feidhme Threoir 2012/19/AE maidir leis an Treoir maidir le DTLL agus maidir le athscrúdú a dhéanamh ar na sprioc-amanna chun na spriocanna bailiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Treoir nua maidir le DTLL a bhaint amach agus maidir leis an bhféidearthacht spriocanna bailiúcháin aonair a leagan síos do chatagóir amháin nó níos mó de threalamh leictreach agus leictreonach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir (COM/2017/0171 final).
    (4)    Tá clár oibre agus miontuairiscí an chruinnithe ar fáil faoi Chlár shainghrúpaí an Choimisiúin agus eintiteas comhchosúil eile (europa.eu) . Féach go háirithe pointe 3 den chlár oibre.
    (5)    IO C , , lch. .
    (6)    IO C , , lch. .
    (7)    Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dhlísheomra) an 25 Eanáir 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší soud — Poblacht na Seice) — VYSOČINA WIND a.s. v Česká republika — Ministerstvo životního prostředí (Cás C-181/20), IO C 222, 6.7.2020
    (8)    IO L 312, 22.11.2008, lgh. 3–30
    (9)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
    Top