Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11260

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11260 - APAX PARTNERS / FREMMAN PARTNERS / CHACRIM DIRECTORSHIP) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 320/07

    PUB/2023/1171

    IO C 320, 11.9.2023, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 320/9


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.11260 - APAX PARTNERS / FREMMAN PARTNERS / CHACRIM DIRECTORSHIP)

    Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 320/07)

    1.   

    An 1 Meán Fómhair 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    Apax Partners LLP (‘AP’, an Ríocht Aontaithe),

    Fremman Partners Limited (‘Fremman’, an Ríocht Aontaithe),

    Chacrim Directorship, S.L. (an ‘Spriocghnóthas’, an Spáinn) atá faoi rialú Fremman.

    Gheobhaidh AP agus Fremman rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar an Spriocghnóthas.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is comhpháirtíocht faoi dhliteanas teoranta é AP agus máthairchuideachta le haghaidh líon eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí comhairleacha infheistíochta do chistí cothromais phríobháidigh a infheistítear i raon earnálacha tionscail,

    Is gnólacht cothromais phríobháidigh é Fremman atá gníomhach in infheistíocht agus i mbainistiú cuideachtaí in earnálacha éagsúla,

    Rialaíonn an Spriocghnóthas grúpa cuideachtaí atá gníomhach i ndáileadh soláthairtí agus feistí leighis go príomha sa Spáinn (Palex Group), san Iodáil (Grúpa Gada) agus sa Phortaingéil (LusoPalex).

    3.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    4.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.11260 - APAX PARTNERS / FREMMAN PARTNERS / CHACRIM DIRECTORSHIP

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

    (2)   IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top