This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023M11205
Prior notification of a concentration (Case M.11205 – INPEX CORPORATION / ENEL GREEN POWER / ENEL GREEN POWER AUSTRALIA) Candidate case for simplified procedure (Text with EEA relevance) 2023/C 272/03
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11205 – INPEX CORPORATION / ENEL GREEN POWER / ENEL GREEN POWER AUSTRALIA) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 272/03
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11205 – INPEX CORPORATION / ENEL GREEN POWER / ENEL GREEN POWER AUSTRALIA) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 272/03
PUB/2023/1038
IO C 272, 1.8.2023, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 272/3 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11205 – INPEX CORPORATION / ENEL GREEN POWER / ENEL GREEN POWER AUSTRALIA)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 272/03)
1.
An 24 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Enel Green Power S.p.A. (‘EGP’, an Iodáil), ar le Enel Group (an Iodáil) é, |
— |
INPEX Corporation (‘INPEX’, an tSeapáin), |
— |
Enel Green Power Australia Pty Ltd (‘EGPA’, an Astráil), ar le ENEL Group é, |
— |
Enel Green Power Australia Trust (‘Master Trust’, an Astráil), ar le ENEL Group é. |
Gheobhaidh EGP agus INPEX rialú comhpháirteach ar EGPA agus Master Trust de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is é EGP brainse foinsí in-athnuaite fuinnimh Enel Group, a bhfuil a cheanncheathrú sa Róimh. Oibríonn EGP ar fud an domhain (go díreach nó trína fhochuideachtaí) i dtáirgeadh agus díol fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, |
— |
Is cuideachta thaiscéalaíochta agus tháirgeachta í INPEX a bhfuil a ceanncheathrú i dTóiceo na Seapáine. Tugann sí faoi thaighde, taiscéalaíocht, forbairt, táirgeadh agus díolacháin ola, gáis nádúrtha, acmhainní mianracha eile agus gnólachtaí gaolmhara eile, agus infheistíocht agus iasachtú do chuideachtaí atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin, |
— |
Tugann EGPA agus Master Trust faoi infheistíocht i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite, agus soláthraíonn siad ardán foinsí in-athnuaite fuinnimh ó cheann go ceann lena ndéantar tionscadail a fhorbairt agus a oibriú, agus i miondíol agus trádáil fuinnimh. Is san Astráil amháin a oibríonn EGPA agus Master Trust. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11205 – INPEX CORPORATION / ENEL GREEN POWER / ENEL GREEN POWER AUSTRALIA
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).