Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11196

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11196 — CVC / WORXINVEST / SD WORX) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 305/07

    PUB/2023/1107

    IO C 305, 29.8.2023, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 305/7


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.11196 — CVC / WORXINVEST / SD WORX)

    Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 305/07)

    1.   

    An 21 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

    CVC Capital Partners SICAV-FIS S.A. (‘CVC’, Lucsamburg)

    WorxInvest (an Bheilg),

    SD Worx NV (‘SD Worx’, an Bheilg), faoi lánúinéireacht agus faoi lánrialú WorxInvest.

    Gheobhaidh CVC agus WorxInvest rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar SD Worx.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    CVC: soláthar comhairle do chistí infheistíochta a bhfuil leasanna acu i roinnt cuideachtaí atá gníomhach i réimse tionscal ar fud an domhain, go príomha san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus i Réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, agus bainistiú na gcistí sin freisin.

    WorxInvest: infheistiú i gcistí cothromais phríobháidigh agus i gcuideachtaí beaga agus meánmhéide, in ionstraimí margaidh airgid agus in eastát réadach.

    SD Worx: soláthar acmhainní daonna agus réitigh agus seirbhísí párolla.

    3.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    4.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.11196 CVC / WORXINVEST / SD WORX

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

    (2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top