Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DP0107

    Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2023 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le tráth na gceisteanna, an rostram láir, nós imeachta an chárta ghoirm, mínithe ar an vótáil, an clár trédhearcachta agus an tOmbudsman (2023/2014(REG))

    IO C, C/2023/454, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/454/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/454/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/454

    1.12.2023

    P9_TA(2023)0107

    Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le tráth na gceisteanna, an rostram láir, nós imeachta an chárta ghoirm, mínithe ar an vótáil, an clár trédhearcachta agus an tOmbudsman

    Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2023 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le tráth na gceisteanna, an rostram láir, nós imeachta an chárta ghoirm, mínithe ar an vótáil, an clár trédhearcachta agus an tOmbudsman (2023/2014(REG))

    (C/2023/454)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don litir óna hUachtarán an 24 Meitheamh 2022,

    ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0072/2023),

    1.

    á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos;

    2.

    á thabhairt le fios go dtiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an chéad lá den chéad pháirtseisiún eile;

    3.

    á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas.

    Leasú 1

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 11 – mír 2

    An téacs atá ann

    Leasú

    2.   Ba cheart d’Fheisirí an cleachtas córasach a ghlacadh gur le hionadaithe sainleasa atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta , a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, amháin a bheidh cruinnithe acu  (6).

    2.   Ba cheart d’Fheisirí an cleachtas córasach a ghlacadh nach mbuailfí ach le hionadaithe leasa atá cláraithe sa chlár trédhearcachta a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach  (6).

    Leasú 2

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 11 – mír 3

    An téacs atá ann

    Leasú

    3.   Ba cheart do na Feisirí gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne. Gan dochar d’Airteagal 4(6) d'Iarscríbhinn I, déanfaidh na rapóirtéirí, na scáthrapóirtéirí agus cathaoirligh na gcoistí, le haghaidh gach tuarascála, gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne. Ba cheart don Bhiúró foráil a dhéanamh maidir leis an mbonneagar is gá ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

    3.   Ba cheart do na Feisirí gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh a fhoilsiú ar líne. Gan dochar d’Airteagal 4(6) d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na rapóirtéirí, na scáthrapóirtéirí agus cathaoirligh na gcoistí, le haghaidh gach tuarascála, gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idirinstitiúidigh a fhoilsiú ar líne. Ba cheart don Bhiúró foráil a dhéanamh maidir leis an mbonneagar is gá ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

    Leasú 3

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 123 – mír 2

    An téacs atá ann

    Leasú

    2.   Ní thabharfar suaitheantais do dhaoine aonair ó fhoireann Feisire, ar daoine aonair iad a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gclár trédhearcachta.

    2.   Ní eiseofar suaitheantais do dhaoine aonair laistigh de lucht coimhdeachta Feisire a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach .

    Leasú 4

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 123 – mír 3 – fomhír 1

    An téacs atá ann

    Leasú

    3.   Ní mór d'eintitis a liostaítear ar an gclár trédhearcachta, agus a n-ionadaithe ar eisíodh suaitheantais dóibh lena dtugtar rochtain fhadtéarmach ar Pharlaimint na hEorpa, an méid seo a leanas a urramú:

    3.   Ní mór d’eintitis a chuirtear isteach sa chlár trédhearcachta, agus a n-ionadaithe ar eisíodh suaitheantais dóibh lena dtugtar rochtain fhadtéarmach ar Pharlaimint na hEorpa, an méid seo a leanas a urramú:

    an Cód Iompair do Chláraithe a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gcomhaontú ;

    an Cód Iompair do Chláraithe a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gComhaontú Idirinstitiúideach ;

    na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí eile a leagtar síos sa chomhaontú ; agus

    na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí eile a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach ; agus

    na forálacha lena gcuirtear an Riail seo i bhfeidhm.

    na forálacha lena gcuirtear an Riail seo i bhfeidhm.

    Leasú 5

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 123 – mír 5

    An téacs atá ann

    Leasú

    5.   I gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe maidir leis an gclár trédhearcachta a bhunú , déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach chun an clár sin a chur chun feidhme.

    5.   I gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh , déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ard-Rúnaí, na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach chun an clár sin a chur chun feidhme.

    Leasú 6

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 137

    An téacs atá ann

    Leasú

    Riail 137

    Riail 137

    Tráth na gCeisteanna

    Tráth na gCeisteanna

    1.   Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh leis an gCoimisiún ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le 90 nóiméad ar théama cothrománach sonrach amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán aon mhí amháin roimh an bpáirtseisiún.

    1.   Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh le Coimisinéirí ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le tuairim is 90 nóiméad ar théama amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán aon mhí amháin roimh an bpáirtseisiún , agus ar a dhéanaí an Déardaoin roimh an bpáirtseisiún ábhartha .

    2.   Na Coimisinéirí a dtabharfaidh Comhdháil na nUachtarán cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach, beidh cúraimí acu a bhaineann leis an téama cothrománach sonrach nó leis na téamaí cothrománacha sonracha a gcuirfear ceisteanna ina dtaobh ar na Coimisinéirí. Beirt in aghaidh an pháirtseisiúin an teorainn a bheidh le líon na gCoimisinéirí a dtabharfar cuireadh dóibh. Mar sin féin, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Coimisinéir, ag brath ar an téama cothrománach sonrach nó na téamaí cothrománacha sonracha a roghnaítear do Thráth na gCeisteanna.

    2.   Na Coimisinéirí a dtabharfaidh Comhdháil na nUachtarán cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach, beidh cúraimí acu a bhaineann leis an téama nó leis na téamaí a gcuirfear ceisteanna ina dtaobh ar na Coimisinéirí. Beirt in aghaidh an pháirtseisiúin an teorainn a bheidh le líon na gCoimisinéirí a dtabharfar cuireadh dóibh. Mar sin féin, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Coimisinéir, ag brath ar an téama nó na téamaí a roghnaítear do Thráth na gCeisteanna.

    3.    I gcomhréir le treoirlínte arna mbunú ag Comhdháil na nUachtarán, féadfar Tráth na gCeisteanna sonrach a thionól do cheisteanna ar an gComhairle, do cheisteanna ar Uachtarán an Choimisiúin, do cheisteanna ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus do cheisteanna ar Uachtarán an Ghrúpa Euro.

    3.   Féadfar Tráth na gCeisteanna a thionól freisin, faoi na téarmaí atá leagtha síos i mír 1, le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, le hUachtaránacht na Comhairle, le hUachtarán an Choimisiúin, le Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro.

    4.   Ní dhéanfar leithdháileadh sonrach ar Thráth na gCeisteanna roimh ré. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtabharfar éisteacht ina sea d'Fheisirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus do Bhallstáit éagsúla.

    4.   Ní dhéanfar leithdháileadh sonrach ar Thráth na gCeisteanna roimh ré. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtabharfar éisteacht ina sea d’Fheisirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus do Bhallstáit éagsúla.

    5.   Tabharfar aon nóiméad amháin don Fheisire chun a cheist a chur agus tabharfar dhá nóiméad don Choimisinéir chun í a fhreagairt. Féadfaidh an Feisire sin ceist fhorlíontach a mhairfidh 30 soicind a chur, agus beidh baint dhíreach ag an gceist fhorlíontach leis an bpríomhcheist. Ansin, tabharfar dhá nóiméad don Choimisinéir chun freagra forlíontach a thabhairt.

    5.   Tabharfar aon nóiméad amháin don Fheisire chun a cheist a chur agus tabharfar dhá nóiméad don duine ar a gcuirfear an cheist chun í a fhreagairt. Féadfaidh an Feisire sin ceist fhorlíontach a mhairfidh 30 soicind a chur, agus beidh baint dhíreach ag an gceist fhorlíontach leis an bpríomhcheist. Ansin, tabharfar dhá nóiméad don duine ar a gcuirfear an cheist chun freagra forlíontach a thabhairt.

    Ní mór go mbeadh na ceisteanna agus na ceisteanna forlíontacha bainteach go díreach leis an téama cothrománach sonrach a bheidh roghnaithe faoi mhír 1. Féadfaidh an tUachtarán rialú a dhéanamh maidir lena n-inghlacthacht.

    6.    Ní mór go mbeadh na ceisteanna agus na ceisteanna forlíontacha bainteach go díreach leis an téama a bheidh roghnaithe faoi mhír 1. Féadfaidh an tUachtarán rialú a dhéanamh maidir lena n-inghlacthacht.

    Leasú 7

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 171 – mír 2

    An téacs atá ann

    Leasú

    2.    fhéadfaidh Feisirí labhairt mura rud é go nglaonn an tUachtarán orthu déanamh amhlaidh. Labhróidh na Feisirí óna n-áit féin agus díreoidh siad a gcaint chun an Uachtaráin. Má imíonn cainteoirí ó ábhar na díospóireachta, glaofaidh an tUachtarán chun oird iad.

    2.    fhéadfaidh aon chainteoir labhairt mura n-iarrfaidh an tUachtarán air nó uirthi déanamh amhlaidh. Má imíonn cainteoirí ó ábhar na díospóireachta, glaofaidh an tUachtarán chun oird iad.

     

    2a.     Cainteoirí a bhfuil a n-idirghabhálacha beartaithe ar liosta na gcainteoirí, labhróidh siad ón rostram láir. Féadfaidh cainteoirí faoi mhíchumas labhairt óna n-áiteanna féin más fearr leo.

     

    I gcás gach idirghabhála eile, labhróidh cainteoirí óna n-áiteanna féin .

    Leasú 8

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 171 – mír 8

    An téacs atá ann

    Leasú

    8.   Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt d’Fheisirí a léiríonn, trí chárta gorm a ardú, gur mian leo ceist nach mairfidh níos faide ná leath nóiméid a chur ar Fheisire eile le linn óráid an Fheisire sin agus a bhaineann lena bhfuil ráite ag an bhFeisire sin. Ní dhéanfaidh an tUachtarán amhlaidh ach amháin má aontaíonn an cainteoir leis an gceist agus más deimhin leis an Uachtarán nach leanfaidh cur isteach ar an díospóireacht as sin nó, trí iliomad ceisteanna a bheith á gcur trí chártaí gorma a ardú, nach mbeidh míchothromaíocht mhór ann idir cleamhnachtaí ghrúpa polaitiúil na bhFeisirí atá ag labhairt sa díospóireacht sin.

    8.   Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt d’Fheisirí a léiríonn, trí chárta gorm a ardú, gur mian leo ceist nach mairfidh níos faide ná leath nóiméid a chur ar Fheisire eile le linn óráid an Fheisire sin agus a bhaineann lena bhfuil ráite ag an bhFeisire sin. Ní dhéanfaidh an tUachtarán amhlaidh ach amháin má aontaíonn an cainteoir leis an gceist agus más deimhin leis an Uachtarán nach leanfaidh cur isteach ar an díospóireacht as sin nó, trí iliomad ceisteanna a bheith á gcur trí chártaí gorma a ardú, nach mbeidh míchothromaíocht mhór ann idir cleamhnachtaí ghrúpa polaitiúil na bhFeisirí atá ag labhairt sa díospóireacht sin. An Feisire a ardóidh an cárta gorm agus an cainteoir, ní ón ngrúpa polaitiúil céanna a bheidh siad, agus ní bheidh an bheirt acu ina bhFeisirí neamhcheangailte. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt, arna gcur i bhfeidhm mutatis mutandis, féadfaidh an tUachtarán a cheadú don Fheisire a chuir ceist den sórt sin freagra a thabhairt ar fhreagra an chainteora ar feadh tréimhse nach faide ná leath nóiméid. Féadfaidh an cainteoir ansin obair leantach a dhéanamh ar an bhfreagairt sin.

    Leasú 9

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 194 – mír 1 – fomhír 1

    An téacs atá ann

    Leasú

    1.    A luaithe a chuirtear deireadh leis an seisiún vótála, féadfaidh aon Fheisire míniú ó bhéal a thabhairt ar an vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach a rinneadh ar aon mhír a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte ar feadh tréimhse nach faide ná aon nóiméad amháin. Féadfaidh gach Feisire uasmhéid de thrí mhíniú ó bhéal ar an vótáil a thabhairt in aghaidh an pháirtseisiúin.

    1.   Féadfaidh aon Fheisire míniú ó bhéal a thabhairt ar an vótáil aonair agus/nó vótáil chríochnaitheach a rinneadh ar aon mhír a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte ar feadh tréimhse nach faide ná aon nóiméad amháin. Tabharfar mínithe den sórt sin ar an vótáil ag deireadh an tsuí ar lena linn a rinneadh an vótáil lena mbaineann, mura rud é go gcinneann an tUachtarán ar bhonn eisceachtúil í a chur siar go dtí tráth níos déanaí sa pháirtseisiún. Féadfaidh gach Feisire uasmhéid de thrí mhíniú ó bhéal ar an vótáil a thabhairt in aghaidh an pháirtseisiúin.

    Leasú 10

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 216 – mír 4

    An téacs atá ann

    Leasú

    4.   Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2). Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an dara habairt de Riail 171(2) maidir le Feisirí atá ag freastal go cianda ar an gcruinniú.

    4.   Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2).

    Leasú 11

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 231 – mír 2

    An téacs atá ann

    Leasú

    2.   Maidir le hainmniúcháin, ní mór tacaíocht a bheith acu ó 38 bhFeisire ar a laghad agus náisiúnaigh de chuid dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad a bheith ina measc.

    2.   Maidir le hainmniúcháin, ní mór tacaíocht a bheith acu ó 38 bhFeisire ar a laghad agus náisiúnaigh de chuid dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad a bheith ina measc.

    Ní fhéadfaidh aon Fheisire tacú le níos mó ná ainmniúchán amháin.

    Ní fhéadfaidh aon Fheisire tacú le níos mó ná ainmniúchán amháin. Ní bheidh tacaíocht d’Fheisire bailí ach amháin má léirítear í ar fhoirm chaighdeánaithe, arna soláthar ag seirbhísí na Parlaiminte díreach tar éis fhoilsiú an fhógra ina n-iarrtar ainmniúcháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Luafar go soiléir san fhoirm chaighdeánaithe sin dáta an tsínithe. Beidh an dáta sin laistigh den teorainn ama chun ainmniúcháin a chur isteach arna socrú i gcomhréir le mír 1.

     

    Féadfaidh na Feisirí a sínithe tacaíochta a tharraingt siar trí fhógra a thabhairt don Uachtarán faoin tarraingt siar roimh dheireadh na teorann ama sin. Más rud é, ag deireadh na teorann ama sin, go bhfaighfear amach gur dheonaigh Feisire sínithe chun tacú le níos mó ná aon ainmniúchán amháin, ní áireofar aon cheann de na sínithe sin le haghaidh aon cheann de na hainmniúcháin.

    Déanfar na doiciméid tacaíochta go léir is gá lena léiriú go críochnaitheach go gcomhlíonann an t- ainmnitheach na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (53).

    Áireofar sna hainmniúcháin na doiciméid tacaíochta go léir is gá chun a léiriú go críochnaitheach go gcomhlíonann an t-ainmnitheach na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa (53).

    Leasú 12

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 231 – mír 3

    An téacs atá ann

    Leasú

    3.   Tarchuirfear na hainmniúcháin sin chuig an gcoiste freagrach. Déanfar liosta iomlán de na Feisirí a bhfuil tacaíocht tugtha acu do na hainmnithigh a chur ar fáil don phobal in am trátha .

    3.   Tarchuirfear na hainmniúcháin sin chuig an gcoiste freagrach. Déanfar liosta iomlán de na Feisirí a bhfuil a dtacaíocht tugtha acu do na hainmnithigh a chur ar fáil don phobal ar an lá oibre tar éis dhul in éag na teorann ama chun ainmniúcháin a chur isteach a leagtar amach i gcomhréir le mír 1 .

    Leasú 13

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 231 – mír 3 a (nua)

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    3a.     Nuair a iarrfar é, déanfar suaitheantas sealadach a eisiúint d’ainmnithigh, lena dtabharfar rochtain dóibh ar áitribh na Parlaiminte.

    Leasú 14

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 231 – mír 8

    An téacs atá ann

    Leasú

    8.     Feidhmeoidh an tOmbudsman a chuid nó a cuid dualgas go dtí go rachaidh a chomharba nó a comharba i mbun oifige, ach amháin i gcás ina bhfaigheann an tOmbudsman bás nó ina gcuirtear an tOmbudsman as oifig.

    scriosta

    Leasú 15

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 232

    An téacs atá ann

    Leasú

    Riail 232

    Riail 232

    Gníomhaíochtaí an Ombudsman

    Gníomhaíochtaí an Ombudsman

    1.   Déanfaidh an coiste freagrach cásanna drochriaracháin ar chuir an tOmbudsman ar an eolas é fúthu de bhun Airteagal 3(6) agus (7) de Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom agus féadfaidh sé tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 54.

    1.   Scrúdóidh an coiste freagrach cásanna drochriaracháin ar chuir an tOmbudsman in iúl dó iad de bhun Airteagal 4(1) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 , agus ina dhiaidh sin féadfaidh sé a chinneadh tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 54.

    Déanfaidh an coiste freagrach an tuarascáil a chuirfidh an tOmbudsman isteach ag deireadh gach seisiúin bhliantúil maidir le torthaí a chuid nó a cuid fiosrúchán a scrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom agus féadfaidh sé tairiscint i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint má mheasann sé gur cheart don Pharlaimint seasamh a ghlacadh i ndáil le haon ghné den tuarascáil sin.

    1a.    Scrúdóidh an coiste freagrach an tuarascáil a chuirfidh an tOmbudsman ag deireadh gach seisiúin bhliantúil maidir le toradh a chuid fiosrúchán nó a cuid fiosrúchán, i gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 . Féadfaidh an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rúin a chur faoi bhráid na Parlaiminte má mheasann sé gur gá don Pharlaimint seasamh a ghlacadh i leith aon ghné den tuarascáil sin.

    2.   Féadfaidh an tOmbudsman faisnéis a sholáthar don choiste freagrach freisin nuair a iarrann an coiste sin amhlaidh , féadfaidh an tOmbudsman éisteacht a fháil ón gcoiste sin, arna iarraidh sin ag an Ombudsman .

    2.    I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 , féadfaidh an Ombudsman , ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó nuair a iarann an coiste freagrach é, éisteacht a fháil ón gcoiste sin nó féadfaidh sé nó sí faisnéis a sholáthar faoina ghníomhaíochtaí nó faoina gníomhaíochtaí .

     

    2a.     I gcás ina dtéann an tOmbudsman i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le dréachtfhorálacha cur chun feidhme do Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 de bhun Airteagal 18 de, déanfaidh an coiste atá freagrach as an Rialachán sin tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte de bhun Riail 51. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 59 (1), (2), (4) agus (5).

    Leasú 16

    Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

    Riail 233 – mír 2

    An téacs atá ann

    Leasú

    2.   Cuirfear an iarraidh ar aghaidh chuig an Ombudsman agus chuig an gcoiste freagrach, agus má chinneann an coiste freagrach trí thromlach a chomhaltaí go bhfuil foras ar fónamh leis na cúiseanna cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte. Má iarrann an tOmbudsman amhlaidh, tabharfar éisteacht dó nó di sula ndéanfar vótáil ar an tuarascáil. Tar éis díospóireachta, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le ballóid rúnda.

    2.   Cuirfear an iarraidh ar aghaidh chuig an Ombudsman agus chuig an gcoiste freagrach, agus má chinneann an coiste freagrach trí thromlach a chomhaltaí go bhfuil foras ar fónamh leis na cúiseanna cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte. Tabharfar éisteacht don Ombudsman sula ndéanfar vótáil ar an tuarascáil. Tar éis díospóireachta, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le ballóid rúnda.


    (6)  Comhaontú an 16 Aibreán 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gClár Trédhearcachta i gcomhair eagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do chur chun feidhme bheartas AE (IO L 277, 19.9.2014, lch. 11) .

    (6)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa , Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach ( IO L 207, 11.6.2021, lch. 1 ).

    (53)   Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15) .

    (53)   Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom (IO L 253, 16.7.2021, lch. 1) .


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/454/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top