Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0760

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN i ndáil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach

    COM/2023/760 final

    An Bhruiséil,7.12.2023

    COM(2023) 760 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    i ndáil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach

    {SWD(2023) 760 final}


    1.Réamhrá

    Ullmhaíodh an tuarascáil seo chun léargas a thabhairt ar thoradh athbhreithniú ginearálta an Choimisiúin ar Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (Treoir RoHS) ( 1 ). Freagraíonn an tuarascáil seo an ceanglas in Airteagal 24(2) de Threoir RoHS go mbeadh athbhreithniú ginearálta á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an Treoir tráth nach déanaí ná an 22 Iúil 2021, agus tuarascáil a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i dteannta le, más cuí, togra reachtach.

    Thacaigh comhairleoirí neamhspleácha le bailiú na faisnéise agus leis an measúnú a rinneadh ar an bhfaisnéis, mar chuid de staidéar meastóireachta a sheoladh in 2018 agus a cuireadh i gcrích i mí an Mhárta 2021( 2 ). Faoin tráth sin, bhí staidéar eile seolta a raibh sé daidhm aige roghanna a mholadh chun na heasnaimh a sainaithníodh sa staidéar meastóireachta a fheabhsú agus chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a dfhéadfadh a bheith acu. De bhrí gur tugadh faoi deara i rith na hoibre nach raibh gá le measúnú tionchair iomlán, díríodh ar na bearnaí sonraí a bhain leis an meastóireacht a líonadh. Cuireadh an dara staidéar tacaíochta seo i gcrích i mí na Bealtaine 2023( 3 ). Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas seo, ar eagraíodh comhairliúchán poiblí oscailte mar chuid de agus comhairliúcháin spriocdhírithe ar pháirtithe leasmhara an tionscail agus ionadaithe ó chórais riaracháin náisiúnta. Tá léargas le fáil sa tuarascáil seo ar phríomhthorthaí na meastóireachta a rinne an Coimisiún agus a bhfuil an dá staidéar sin ag tacú léi, curtha i láthair ina niomláine sa doiciméad inmheánach oibre gaolmhar ( 4 ). Ar an mbonn sin, ullmhaíodh conclúidí réamhbhreathnaitheacha.

    2.Cúlra

    Tá Treoir RoHS 2011 ag leanúint na Treorach a cuireadh i dtoll a chéile roimhe sin in 2002( 5 ), an chéad phíosa reachtaíochta cuimsithí de chuid an Aontais maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid ( 6 ) i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL). Tá an Treoir ag cur leis an Treoir maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL), ar glacadh léi, agus a athmhúnlaíodh, go comhthreomhar( 7 ). Seo a leanas príomhchuspóirí Threoir RoHS: an méid substaintí guaiseacha in TLL a laghdú chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint; agus aisghabháil agus diúscairt dramhaíola TLL, atá fónta ó thaobh an chomhshaoil, a éascú. Go háirithe, sa chás go bhfuil dramhaíl TLL á bhailiú ar leithligh agus go bhfuiltear ag déileáil leis trí phróisis athchúrsála, gach seans go gcruthódh an tábhar e.g. na trom-mhiotail agus lasairmhoillithigh, rioscaí don tsláinte agus don chomhshaol, go háirithe nuair a dhéileáiltear leo i ndálaí fo-optamacha ( 8 ). Chomh maith leis sin, is é is aidhm don Treoir feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh( 9 ) a áirithiú trí reachtaíocht na mBallstát a chomhchuibhiú( 10 ).

    Leasaíodh iarscríbhinní na Treorach trí ghníomhartha tarmligthe chun liosta de shrianta ar shubstaintí in Iarscríbhinn II( 11 ) a leasú agus chun liosta díolúintí a bhaineann leo in Iarscríbhinn III agus IV ( 12 ) a leasú. Is féidir a leithéid de shrianta atá faoi theorainn ama ó na srianta ar shubstaintí a cheadú le haghaidh úsáidí sonracha faoi choinníollacha dea-shainithe atá leagtha síos in Airteagal 5(1)(a), lena náirítear nach bhfuil ionadaíocht féideartha go teicniúil. Sa chás go gceadaítear díolúintí i ndiaidh úsáide, cuirfear san áireamh in Iarscríbhinn III nó IV iad. Nuashonraítear na liostaí díolúintí ar aon dul le dul chun cinn teicniúil, agus tacaíonn comhairleoirí seachtracha leis an meastóireacht theicniúil ar na hiarratais díolúine.

    Leasaíodh Treoir RoHS go suntasach in 2017 ( 13 ), mar thoradh ar an athbhreithniú ar raon feidhme a rinneadh chun éifeacht a thabhairt dAirteagal 24(1). Ó 2019, clúdaíonn Treoir RoHS gach TLL (raon feidhme oscailte), lena náirítear fearais teaghlaigh agus feistí leighis. I measc na neisiamh atá luaite leis an raon feidhme tá trealamh míleata, trealamh spáis, uirlisí tionsclaíocha seasta mórscála (e.g. clóphreasanna, meaisíní muilleála agus druileála) agus suiteálacha do-aistrithe (e.g. gineadóirí leictreachais). Tá painéil fhótavoltacha díolmhaithe freisin.

    Seachas na príomhfhorálacha maidir le srianta ar shubstaintí, san áireamh i dTreoir RoHS tá roinnt forálacha a bhfuil sé daidhm acu athúsáid agus deisiú TLL ina bhfuil substaintí srianta a chumasú, chun cabhrú le tacú le héifeachtúlacht acmhainní agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh. Tugadh aird ar leith air seo i leasú 2017, cuireadh síneadh le raon feidhme na ndíolúintí ón srian ar shubstaint le haghaidh páirteanna spártha athúsáidte, atá fós riachtanach le haghaidh feistí úsáidte áirithe mar gheall ar chomhoiriúnacht theoranta, ar choinníoll go bhfuil siad aisghabháilte ó TLL faoi chóras fillte lúbiata ( 14 ).

    3.Idirghníomhaíocht Beartais

    I dteannta le Treoir maidir le DTLL, idirghníomhaíonn an Treoir RoHS le roinnt beartas agus reachtaíocht AE eile. Cuireann Treoir RoHS le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (CEAP) faoi scáth an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ( 15 )( 16 ) i measc nithe eile trí dhíolúine a chur ar pháirteanna spártha ó na srianta ar shubstaintí. Éascaíonn an Treoir aisghabháil amhábhar criticiúil a raibh togra a rinne an Coimisiún le déanaí le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a bhunú ( 17 ), trí dhíriú ar thacú le sruthanna dramhaíola neamhéillithe.

    Tá naisc láidre aige le reachtaíocht ceimiceán, amhail an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (Rialachán REACH) ( 18 ) agus an Rialachán maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (Rialachán POPs) ( 19 ). Chomh maith leis sin, cruthaíonn sé nasc idir an straitéis ceimiceán ar mhaithe le hinbhuanaitheacht ( 20 ), a bhfuil sé daidhm aige cur chuige sábháilte agus inbhuanaithe de réir dearadh agus timthriallta ábhar neamhthocsaineach, lena náirítear TLL.

    Rialaíonn Treoir RoHS táirgí agus, dá réir sin, is reachtaíocht táirgí atá inti, ina bhfuil forálacha comhchuibhithe maidir leis an measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh. Tá dlúthnasc idir ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh TLL sonrach a bunaíodh faoi chreat na Treorach Éicidhearthóireachta ( 21 )( 22 ) agus na srianta ar shubstaintí faoi Threoir RoHS.

    4.Torthaí na Meastóireachta

    Chloígh an mheastóireacht le treoirlínte Rialáil Níos Fearr ( 23 ) an Choimisiúin Eorpaigh agus breithníodh na critéir mheastóireachta seo a leanas - ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE.

    4.1.Éifeachtacht

    Bhí sé deacair tionchar díreach na Treorach ar an laghdú ar shubstaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach ar mhargadh an Aontais a chainníochtú. Cúis amháin atá leis sin is ea go bhfuil éifeacht ag roinnt tionscnamh agus gníomhartha reachtacha ar an méid substaintí guaiseacha in TLL. Measadh sa staidéar tacaíocht go mb’fhéidir gur laghdaigh bunú Threoir RoHS substaintí srianta in TLL idir 2003 agus 2016, thart ar dhá thrian. Ainneoin go ndearnadh an meastachán seo faoi dhálaí áirithe agus nár cuireadh gach substaint atá le fáil in Iarscríbhinn II leis an Treoir faoi láthair san áireamh, is féidir a shonrú gur chabhraigh Treoir RoHS leis an méid coibhneasta substaintí guaiseacha in TLL a cuireadh ar mhargadh an AE.

    Tá sé beartaithe go gcuirfidh an líon substaintí guaiseacha in TLL a laghdú leis an gcuspóir atá ann sláinte an duine a chosaint. Go háirithe, tá oibrithe san earnáil chóireála DTLL i mbaol neamhchosaint ar na substaintí guaiseacha liostaithe. Trí na substaintí guaiseacha a laghdú i ndáil le TLL sa sruth dramhaíola sin, tá próisis bhainistíochta dramhaíola trí chéile d’oibrithe san earnáil éirithe níos sábháilte. Bhí an tionchar seo bunaithe i bpáirt, áfach, ar bhearta a raibh sé mar aidhm leo sláinte agus sábháilteacht oibrithe san Aontas a chosaint.

    Tríd an méid substaintí guaiseacha in TLL a laghdú bhí tionchair dhearfacha le tabhairt faoi deara freisin ar an timpeallacht tríd an riosca go mbeadh na substaintí á nastú sa timpeallacht a laghdú. Chomh maith leis sin, íslíonn na srianta ar shubstaintí an riosca a bhaineann le héifeachtaí díobhálacha comhshaoil agus sláinte ag eascairt as DTLL nach mbailítear agus nach gcóireáiltear i gceart. Tá sé seo ábhartha nuair a chuirtear san áireamh go raibh an meánráta bailithe DTLL san Aontas cothrom le 45.9 % in 2020 ( 24 ).

    Lena chois sin, chabhraigh ionadaíocht substaintí guaiseacha le ráta glactha níos airde d’ábhar athchúrsáilte, de bhrí go bhfuil níos mó seans ann go mbeidh ceanglais táirgí á gcomhlíonadh ag ábhar tánaisteach ‘glan’.

    Is ceadmhach cáblaí agus páirteanna spártha ina bhfuil substaintí guaiseacha a úsáid fós, faoi dhálaí áirithe. Is féidir cáblaí agus páirteanna spártha a úsáid i dtrealamh a chuirtear ar an margadh sular raibh a leithéid san áireamh i raon feidhme na Treorach. Lena chois sin, faoi dhálaí áirithe, is féidir páirteanna spártha aisghabháilte a úsáid in TLL a cuireadh ar an margadh 10 mbliana i ndiaidh an trealaimh a áireamh i raon feidhme na Treorach. Lena chois sin, is féidir páirteanna spártha ina bhfuil substaintí guaiseacha a úsáid le haghaidh feistí a bhraitheann orthu fós trí dhíolúine faoi theorainn ama a cheadú lena n‑aghaidh faoi Iarscríbhinn III ní IV, de réir mar is cuí. Cabhraíonn sé seo le húsáid chomh héifeachtúil agus is féidir a bhaint as acmhainní agus deireadh ré roimh am trealamh leictreach agus leictreonach. Sa chomhthéacs seo, chuir an Treoir ar bhealach éifeachtach le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh.

    Tá laghdú iomlán na substaintí guaiseacha in DTLL fritháirithe i bpáirt, áfach, ag an líon méadaithe DTLL atá á ghiniúint san Eoraip, rud is cúis le ráta fáis bhliantúil reatha DTLL a bheith cothrom le 2 % ( 25 ). Tugadh faoi deara sa staidéar tacaíochta taighde freisin ainneoin go bhfuil níos mó agus níos mó trealaimh leictrithe á chur ar an margadh (e.g. in earnáil na mbailte cliste), go bhfuil meántréimhse shaoil TLL laghdaithe.

    4.2.Éifeachtúlacht

    Bhí Treoir RoHS ina bonn le buntáistí timpeallachta agus sláinte, amhail an riosca don timpeallacht agus do shláinte an duine ó shubstaintí guaiseacha in TLL a laghdú. Chomh maith leis sin, bhain buntáistí eacnamaíocha lena leithéid, de bhrí gur chruthaigh an Treoir deimhneacht dhlíthiúil do gach páirtí leasmhar agus cothrom na Féinne do ghnóthaí TLL sa mhargadh inmheánach. Lena chois sin, spreag Treoir RoHS infheistíochtaí in iarrachtaí substaintí ionadaíocha a aimsiú a d’fhéadfaí a úsáid in ionad substaintí guaiseacha. In go leor cásanna, bhí sé seo mar bhonn le roghanna malartacha a fhorbairt, agus bhí tionchar dearfach aige ar nuálaíocht thairbhiúil.

    Dá ainneoin sin, tá nasc nádúrtha idir cur chun feidhme Threoir RoHS agus costais le haghaidh páirtithe leasmhara freisin. San áireamh iontu seo tá costais chomhlíontachta a bhaineann le ceanglais faisnéise, costais chomhlíontachta a bhaineann le costais innealtóireachta, agus costais forfheidhmithe & cur chun feidhme. do not allow a reliable estimation of the costsBraitheann na costais sin go mór ar staid na n‑oibritheoirí eacnamaíocha agus, dá réir sin, ní féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ar na costais leis na sonraí atá ar fáil.

    Is é príomhthiomántóir na gcostas comhlíontachta a bhaineann le ceanglais faisnéise faisnéis a bhainistiú sa slabhra soláthair agus an nós imeachta maidir le measúnú comhréireachta a leanúint. San áireamh leis sin tá faisnéis a bhailiú, doiciméadú teicniúil a sholáthar agus córas TF a choinneáil ar bun. Eascraíonn formhór na gcostas comhlíontachta atá ábhartha doibleagáidí RoHS as ceanglais ghinearálta maidir le táirgí a chur ar an margadh atá ábhartha freisin faoi reachtaíocht táirgí eile is infheidhme i leith TLL (e.g. an Treoir maidir le hÍsealvoltas ( 26 )). Tá tionchar ag athruithe sa Treoir ar na costais sin, áfach, amhail substaintí nua a chur leis an liosta de shubstaintí srianta.

    Tá seans ann go mbeidh ar chuideachtaí déileáil le spreagadh costais, a cheanglaíonn díolúintí lena mbaineann teorainn ama fós. Eascraíonn as leithéid de chostais as an iarratas a ullmhú, an fhaisnéis ábhartha a bhailiú de réir Iarscríbhinn V le Treoir RoHS agus as fianaise bhreise a sholáthar i rith na meastóireachta. Nuair a bheidh díolúine ceadaithe, áfach, beidh díolúine faoi RoHS bailí le haghaidh gach oibreoir eacnamaíoch agus dá réir sin níl gach cuideachta atá ag brath ar an díolúine freagrach as na costais a íoc.

    Bhí gá le hinfheistíochtaí i bhfoirm ionadaithe nó roghanna malartacha teicniúla a fhorbairt agus a bhailíochtú nuair a tháinig srianta i bhfeidhm. Tá an rud céanna fíor i ndáil le srianta nua. Tharla na costais chomhlíontachta a bhain le hathdhearadh agus innealtóireacht in 2003 den chuid is mó a bhain leis an gcéad Treoir RoHS, arís in 2011, nuair a leathnaíodh an raon feidhme, agus den uair dheireanach in 2015, nuair a cuireadh na ceithre phlaisteachán leis an liosta de shubstaintí srianta, ainneoin go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag go leor cuideachtaí dearaí nua a fhorbairt.

    Tá ról lárnach ag na forálacha a bhaineann le faireachas margaidh i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú na Treorach. Tá an creat don Rialachán maidir le Faireachas Margaidh mar bhonn le faireachas margaidh a neartú ( 27 ). San áireamh i measc éifeachtaí an Rialacháin tá cinneadh a dhéanamh go bhfuil RoHS faoi réir Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí agus bunaítear grúpa comhair riaracháin chun forfheidhmiú i dtíortha éagsúla a chomhchuibhiú. I mBallstáit, tá costais forfheidhmithe níos airde ná costais cur chun feidhme. Eascraíonn costais cur chun feidhme, den chuid is mó, as an bpointe nach mór do go leor Ballstát leasuithe ar na hiarscríbhinní a thrasuí trí threoracha tarmligthe aonair. Ó 2012 go dtí mhí na Nollag 2022, glacadh le thart ar 80 treoir tarmligthe ag an gCoimisiún, a bhain tríd is tríd le díolúintí faoi Iarscríbhinn III agus IV. Cruthaíonn an gá atá le trasuí a dhéanamh go minic ualach riaracháin do roinnt Ballstát.

    Chomh fada is a bhaineann le costais forfheidhmithe, tá acmhainní agus straitéisí difriúla ag Ballstáit agus úsáideann siad bearta difriúla chun comhlíontacht le Treoir RoHS a sheiceáil. Sainaithníodh fíorú na n‑oibleagáidí maidir leis an marcáil CE agus láithreacht agus bailíocht an doiciméadaithe theicniúil mar an bealach ar bhain an t‑ualach is lú leis agus is barainní. Ní féidir cigireacht a dhéanamh ach ar chéatadán den TLL a chuirtear ar an margadh chun críche comhlíontachta le ceanglais maidir le srian ar shubstaintí RoHS. Tugadh le fios i meastacháin a rinneadh go bhfuil ráta neamhchomhlíontachta idir 23-28 % luaite le TLL a bhfuil cigireacht déanta air, ach ainneoin ganntanas faisnéise tá go leor ceisteanna fós gan fhreagairt.

    I rith na meastóireachta sainaithníodh roinnt fachtóirí ina bhfuil easpa trédhearcachta agus éifeachtúlachta ag baint leis an bpróiseas díolúine, agus sainaithníodh réimsí a d’fhéadfadh an próiseas seo a fheabhsú. Go háirithe, leag páirtithe leasmhara béim ar an easpa soiléire maidir le hAirteagal 5(1)(a), a leagann síos na critéir a bhaineann le díolúintí a bhronnadh, a athnuachan nó a chúlghairm.

    Dfhonn déileáil leis an ábhar imní seo agus trédhearcacht a fheabhsú, bunaíodh modheolaíocht díolúine, foirm iarratais agus doiciméad treorach agus foilsíodh iar ar shuíomh gréasáin thiomnaithe an Choimisiúin ( 28 ). Reáchtáiltear comhairliúchán le páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas a bhaineann le hiarratas díolúine a mheas, cuirtear faisnéis faoi seach ar fáil go poiblí, agus osclaítear dréachtghníomhartha tarmligthe daiseolas poiblí de réir threoirlínte Rialáil Níos Fearr.

    Lagphointe eile sa nós imeachta is ea fad an phróisis díolúine ón dáta iarratais go dtí tráth a ghlactar an treoir tharmligthe. Ar an meán, tógann sé níos mó ná 24 mhí an mheastóireacht ar dhíolúintí agus an chinnteoireacht lena mbaineann a dhéanamh, agus tá níos mó ná 60 iarratas díolúine ar feitheamh (stádas mhí na Nollag 2022).

    Tá roinnt fachtóirí ábhartha anseo. Ar an gcéad dul síos, tháinig méadú ar an gcastacht theicniúil agus ar an leibhéal mionsonraí le blianta beaga anuas, de réir mar atá díolúintí ag éirí níos mionsonraithe. Seachas díriú ar réimsí úsáide is mó agus ginearálta, bhí díolúintí ag díriú ar fheidhmeanna sonracha, réimse nach féidir ionadaíocht a dhéanamh go héasca, agus dá réir sin roinneadh i bhfodhíolúintí iad. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh roinnt catagóirí difriúla TLL (de réir Iarscríbhinn I leis an Treoir) a bheith ábhartha d’iontráil díolúine amháin (i.e., iarratas sonrach amháin) a bhfuil dáta éagtha difriúla luaite leo. Méadaíonn sé sin an líon iarratas agus meastóireachtaí. Ar an tríú dul síos, ceanglaíonn Airteagal 5(1)(a) go nglacfaí le leasuithe trí threoracha tarmligthe aonair, a mhéadaíonn an méid obair riaracháin go suntasach. Baineann an ceathrú fachtóir le hinfhaighteacht acmhainní chun an próiseas a bhaineann le hiarratais díolúine a bhainistiú. Tá sé seo ábhartha ní hamháin don Choimisiún, ach d’iarrthóirí freisin: iarratas a ullmhú agus, más gá, tá tionchair ar acmhainní ag faisnéis bhreise a sholáthar i rith an phróisis measúnaithe, agus cuireann iarratais nach bhfuil doiciméadaithe go cuí fad leis an bpróiseas.

    Aimsíodh i rith na meastóireachta freisin, chomh fada is a bhaineann le húsáidí díolmhaithe, go bhfuil níos lú seans ann láithreacht substaintí guaiseacha áirithe a laghdú i gcomparáid le cásanna nuair a thugtar srian nua isteach. Tugann sé seo le fios go bhfuil an tairbhe a bhaineann le raon feidhm díolúine a chúngú, chomh fada is a bhaineann leis an méid substaintí seachanta, níos lú ná mar a bhí i gceist ar dtús. Anuas air sin, anois tá go leor díolúintí, ach ní gach díolúine, ábhartha go praiticiúil le haghaidh líon teoranta cuideachtaí.

    Lena chois sin, tá sé ag éirí níos deacra de réir a chéile measúnú críochnúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis theicniúil a chuireann an t‑iarrthóir ar fáil. Is amhlaidh atá mar gheall ar an gcastacht mhéadaithe agus rannpháirtíocht laghdaithe páirtithe leasmhara sa phróiseas, go háirithe cuideachtaí iomaíocha nó ENRanna. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar bhonn le hionchur leataobhach i meastóireachtaí agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar a stóinseacht eolaíoch. Tá buntáistí áirithe ag baint le bheith ag brath ar chomhairleoirí seachtracha do thacaíocht theicniúil, ach go minic ciallaíonn sé gur gá idirghabhálaithe a athrú, rud atá mar bhonn leis an riosca nach mbeidh leanúnachas á chinntiú. Lena chois sin, d’fhéadfadh socruithe conarthacha a bhfuil sé mar aidhm leo freagairt ar bhealach solúbtha d’athruithe cur isteach ar an obair (e.g. iarratais díolúine aistarraingthe).

    Sa bhreis ar an bpróiseas díolúine, sainaithníodh go raibh easpa trédhearcachta agus tuarthachta do pháirtithe leasmhara luaite leis an bpróiseas a bhaineann leis an liosta de shubstaintí srianta a athbhreithniú agus a leasú. Níl aon cheanglas nós imeachta i dTreoir RoHS maidir leis seo seachas an oibleagáid dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara. Dullmhaigh comhairleoirí seachtracha modheolaíocht maidir leis an srian ar shubstaintí agus foilsíodh an mhodheolaíocht seo mar chuid de staidéar tacaíochta ( 29 ). Anuas air sin, tugadh faoi deara go raibh na hiarrachtaí na sonraí ábhartha ar fad maidir leis an tsubstaint agus TLL comhfhreagrach agus measúnú a dhéanamh ar shonraí coinbhleachta difriúla i rith a saolré dian ar acmhainní agus am. Ní mór stóinseacht eolaíoch an phróisis atá in úsáid faoi láthair a fheabhsú, go háirithe trí fhoinsiú faisnéise agus measúnaithe níos lárnaí.

    4.3.Comhleanúnachas

    A mhéid a bhaineann le ‘comhleanúnachas seachtrach’ (i.e. a comhsheasmhacht le rialacha ábhartha eile) Threoir RoHS, tugadh faoi deara sa mheastóireacht go bhfuil forluí féideartha agus breathnaithe idir na srianta ar shubstaintí faoi Threoir RoHS agus iad siúd a bhaineann le Rialachán REACH. Measadh freisin go raibh fadhbanna ag baint leis an gcomhsheasmhacht leis an Treoir Éicidhearthóireachta agus le Rialachán POP. Tá sásraí le fáil sna píosaí reachtaíochta seo ar fad a bhfuil sé mar aidhm leo srian a chur le nó tionchar a imirt ar láithreacht substaintí áirithe in TLL nó ina sruthanna ábhar gaolmhara.

    Faoi Rialachán REACH, is iad na sásraí is ábhartha agus is inchomparáide na próisis a bhaineann leis na srianta agus údaruithe. Sa chás gur ann do dhifríochtaí tábhachtacha a bhaineann le nádúr nó cuspóir difriúil na reachtaíochta ( 30 ), is féidir na próisis seo a chur i gcomparáid le agus a chomhfhreagairt do, sa chiall is leithne, faoi seach, an próiseas maidir le srian ar shubstaintí agus an próiseas díolúine faoi Threoir RoHS. Dfhéadfadh difríochtaí sa mhodheolaíocht idir na próisis REACH agus RoHS faoi seach a bheith mar bhonn le castachtaí chomh fada is a bhaineann leis an obair chomhordaithe a bhfuil sé mar aidhm léi cinntí a ailíniú faoin dá phíosa reachtaíochta.

    Sainaithníodh saincheisteanna eile a bhain le comhleanúnachas le píosaí reachtaíochta eile maidir le hábhar na srianta agus díolúintí faoi Threoir RoHS. Tugadh faoi deara go raibh difríochtaí sna forálacha a bhaineann le huasluachanna tiúchana, raon feidhme na reachtaíochta, claonadh le haghaidh páirteanna spártha, díolúintí, dátaí éaga agus ceanglais maidir le doiciméadú. Mar shampla, níl na huasluachanna tiúchana in Iarscríbhinn II ag comhfhreagairt níos mó le luachanna atá sonraithe i bpíosaí reachtaíochta eile (e.g. éitir dhéfheiníle pholabróimínithe). Eascraíonn sampla eile de neamh-chomhsheasmhacht le forálacha a bhaineann le páirteanna spártha. Bhí na forálacha seo, a tugadh isteach mar thoradh ar thréithiúlacht shonrach Threoir RoHS, mar bhonn le cur chuige i ndáil leis an tsaincheist seo atá difiriúil, nó nach bhfuil chomh feiceálach céanna, i reachtaíocht ceimiceán eile.

    Nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh, áfach, ar éilimh níos ginearálta déanta ag páirtithe leasmhara, aimsítear freagra d’fhormhór na n‑ábhar imní i ndoiciméid reachtacha agus neamhreachtacha, fiú amháin mura bhfuil siad seo forbartha ar bhealach atá sách sothuigthe agus trédhearcach agus go minic ní bhaineann na hábhair imní ach le réimsí aonair agus ní bhíonn aon bhonn leis an tionchar níos leithne a bhíonn acu.

    4.4.Breisluach AE

    In 2011, chuir an leagan athmhúnlaithe de Threoir RoHS leis an gcomhchuibhiú a rinneadh roimhe seo agus spreag sé breisluach AE. Nuair a glacadh le Treoir RoHS den chéad uair in 2002, chruthaigh sí cothrom na Féinne agus chabhraigh sí chun deireadh a chur le héagothromaíochtaí idir rialacháin tugtha isteach ag roinnt Ballstát roimhe sin maidir leis an úsáid a bhaintear as substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach. Anuas air sin, tacaíonn an creat dlíthiúil comhchuibhithe ar fud an Aontais le nuálaíocht agus leis an úsáid a bhaintear as ionadaithe agus roghanna malartacha seachas úsáid a bhaint as substaintí guaiseacha i TLL.

    Ghlac gach Ballstát le reachtaíocht a thrasuíonn Treoir RoHS go dlí náisiúnta. Mar thoradh ar athmhúnlú na Treorach in 2011 tugadh isteach cur i bhfeidhm aonfhoirmeach maidir le cur chun feidhme (e.g. marcáil CE agus dearbhú comhréireachta), de réir an Chreata Reachtaigh Nua (CRN) ( 31 ). Dá réir sin, cabhraíonn ceanglais chomhchuibhithe maidir le TLL faoi Threoir RoHS, i dteannta le rialacha comhchuibhithe faoi reachtaíocht maidir le roinnt táirgí, le cothrom na Féinne le haghaidh TLL a bhunú agus a choinneáil ar bun agus ar an tslí sin, feabhsaítear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tacaíonn an mheastóireacht ar an CRN ( 32 ) leis an toradh seo trí dheimhniú, ní hamháin gur thacaigh an CRN le cothrom na Féinne, ach gur thacaigh sé le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais freisin.

    Leis an Treoir athmhúnlaithe agus le hathruithe a rinneadh ina dhiaidh sin chun an raon feidhme a leathnú, éascaíodh a thuilleadh comhchuibhiú na rialacha maidir le trealamh nach raibh san áireamh sa raon feidhme roimhe sin, amhail feistí leighis. Bhí sé sin ina bhonn le leibhéal níos airde cosanta don timpeallacht agus don tsláinte san Aontas. Gné eile is ea gur tugadh isteach Treoir RoHS i dteannta leis an Treoir maidir le DTLL, ina leagtar amach rialacha a bhaineann le bailiú, cóireáil, athchúrsáil agus diúscairt DTLL ar mhaithe le cuidiú le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe. Idirghníomhaíonn an dá ghníomh reachtacha go héifeachtach lena chéile; bheadh staid nach mbeadh chomh comhleanúnach céanna mar thoradh ar an dá ghníomh reachtacha a scaradh óna chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

    4.5.Ábharthacht

    Go ginearálta, tá Treoir RoHS ag leanúint ar aghaidh ag freagairt do na riachtanais atá léirithe ina cuspóirí, eadhon sláinte an duine agus an timpeallacht a chosaint agus tacú le haisghabháil agus diúscairt DTLL atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de. Is fachtóir tábhachtach iad na srianta ar shubstaintí a bunaíodh tríd an Treoir i ndearadh TLL éiceabhách agus os a choinne sin, beidh gach duine in ann iad a thuiscint freisin, de bhrí go gclúdaíonn go leor iontrálacha grúpaí substaintí seachas liosta fada agus uileghabhálach de chomhdhúile substaintí sonracha a chruthú (e.g. déileáiltear le luaidhe agus gach comhdhúil luaidhe san iontráil ‘luaidhe’).

    Seans go raibh baint ag ábharthacht Threoir RoHS le forbairtí creataí reachtacha a bhaineann le substaintí guaiseacha i TLL i dtríú tíortha. Go minic, chinn cuideachtaí ilnáisiúnta caighdeán amháin a chur i bhfeidhm chun nósanna imeachta a shruthlíniú agus costais a shábháil i ndáil le táirgeadh domhanda. Dá réir sin, glacadh leis an gcéad chaighdeán comhchuibhithe( 33 ), a bhí mar bhonn leis na srianta a chur chun feidhme faoi Threoir RoHS, mar an bonn don chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha ( 34 ). Ó shin i leith, tá níos mó agus níos mó dlínsí ag glacadh le reachtaíocht cosúil le Treoir RoHS, a chabhraíonn chun a leithéid de threalamh a thrádáil isteach.

    Tá ábharthacht na Treorach neartaithe fiú i gcomhthéacs fhorbairt beartais AE a tharla ó thráth a bunaithe. San áireamh tá:

    ·cuspóirí CEAP 2020 agus an bhéim atá á leagan ar threalamh leictreach agus leictreonach, i gcomhthéacs níos mó béime a bheith á leagan ar amhábhair thánaisteacha.

    ·Is é is aidhm don straitéis ceimiceán um an inbhuanaitheacht cur chuige sábháilte agus inbhuanaithe de réir dearadh agus timthriallta ábhar neamhthocsaineach, TLL san áireamh.

    ·aisghabháil amhábhar criticiúil ó DTLL. Sa chás sin, tá an sreabhadh ábhar dírithe ar aisghabháil na substaintí sin, fad agus nach bhfuil aon substaintí eile a dfhéadfadh a bheith guaiseach ag éilliú an tsrutha dramhaíola agus ag cur coisc ar a dtéarnamh eacnamaíoch.

    Tá ábharthacht bhreise na bhforálacha ag éirí soiléir, go háirithe nuair a bhreithnítear go bhfuil níos mó úsáide á baint ag daoine as TLL mar chuid dá saol laethúil. Mhéadaigh an méid trealaimh leictrigh agus leictreonaigh atá á chur ar an margadh san Aontas ó 7.6 milliún tona in 2012 go dtí buaicphointe arbh é 12.4 milliún tona in 2020. Leis an méadú ar an méid TLL cuirtear i dtábhacht an gá atá leis an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú ar leibhéal an táirge, agus gné lárnach de na hiarrachtaí sin is ea substaintí guaiseacha a sheachaint.

    Fachtóir eile atá le cur san áireamh nuair a bhíonn ábharthacht na Treorach á breithniú é an tréimhse ama idir TLL a chur ar an margadh agus céim deireadh ré a leithéid de threalamh. Faoin am go nglacfar le TLL a chuirtear ar an margadh inniu mar DTLL, beidh na huaillmhianta athchúrsála méadaithe agus beidh dul chun cinn déanta i ndáil le heolas eolaíoch maidir le substaintí a d’fhéadfadh a bheith guaiseach rud a d’fhéadfadh bac a chur ar athchúrsáil nó, ar a laghad, an praghas a bhaineann le sruthanna dramhaíola ina bhfuil na substaintí seo a athchúrsáil a ardú.

    Tá seans ann go bhféadfadh tionchar a bheith ag fachtóirí eile ar ábharthacht Threoir RoHS freisin. Mura ndéantar an liosta de shubstaintí srianta a athbhreithniú agus a leasú go rialta, caillfear cuid d’ábharthacht na Treorach, ainneoin go bhféadfaí srianta a bhaineann le substaintí i TLL a áireamh i bpíosaí reachtaíochta ceimiceán eile amhail Rialachán REACH. Go ginearálta, d’fhéadfadh dreasachtaí eile seachas bearta rialála tacú leis na hiarrachtaí an méid substaintí guaiseacha i TLL a laghdú. Tá sé seo ábhartha freisin do shubstaintí nua a d’fhéadfadh a bheith guaiseach nó d’úsáidí atá díolmhaithe go dtí seo. Mar shampla, d’fhéadfadh ceanglais soláthair phoiblí nó modhnú táillí do fhreagracht táirgeora sínte faoin Treoir maidir le DTLL cur le hionadaíocht na substaintí sin.

    D’fhéadfaí cur isteach ar ábharthacht na Treorach freisin, go háirithe ábhartha a raoin feidhme, mura breithnítear dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil go cuí. Mar shampla, tá painéil fhótavoltacha ‘tráchtála’ curtha as an áireamh ar dtús as raon feidhme na Treorach ionas nach gcuirfear bac ar fhás fuinneamh inbhuanaithe, ach dá bharr sin, níl an oiread céanna dreasachtaí ann chun roghanna malartacha atá saor ó shubstaint ghuaiseach a fhorbairt. Sampla eile é sásra an chórais díolúine atá faoi theorainn ama, nach gcuirtear san áireamh ann an cóimheas idir ábharthacht agus raon feidhme féideartha agus na hacmhainní agus na hiarrachtaí a bhí mar bhonn le cur i bhfeidhm, meastóireacht agus cur chun feidhme. Mar atá mínithe thuas, d’éirigh na hiarratais níos mionsonraithe agus níos casta de réir a chéile, i bpáirt le haghaidh cainníochtaí ísle de shubstaintí guaiseacha, ach níor athraíodh an creat chun oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. D’fhéadfadh próiseas neamhéifeachtach an bonn a bhaint d’éifeachtacht an chórais, is é sin díolúintí a cheadú nuair is gá, agus ag an am céanna, tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh na substaintí sin a ionadú. D’fhéadfaí moill a chur ar an bpróiseas mura gcuirtear na forálacha in oiriúint do chóras díolúine níos mionsonraithe (e.g. prionsabal na comhréireachta a bhunú). Mar shampla, bíonn díolúintí a bhfuil iarratas athnuachana déanta maidir leo bailí go dtí go ndéanann an Coimisiún cinneadh. Mar thoradh ar mhoilleanna ar an bpróiseas cinnteoireachta, d’fhéadfaí síneadh fada, de facto a chur le díolúine, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don rogha is ábhartha san earnáil agus i ndeireadh na dála, tionchar a imirt ar ábharthacht an chórais díolúine chomh fada is a bhaineann le substaintí guaiseacha i TLL a laghdú.

    Tugadh faoi deara sa mheastóireacht go bhfuil na tréimhsí bailíochta i gcomhair díolúintí atá faoi theorainn ama agus idirthréimhsí i gcomhthéacs éaga róghearr do TLL, a éilíonn tréimhse fhada ama d’fhorbairt, tástáil agus bailíochtú (e.g. le haghaidh feistí leighis áirithe). Tá an dá thréimhse teoranta faoi láthair. Ní cheadaítear do dhíolúintí faoi theorainn ama tréimhse bhailíochta seacht mbliana a shárú agus sa chás go gcúlghairtear díolúine, tá idirthréimhse de 12 mhí ar a laghad ach nach faide ná 18 mí i gceist.

    5. Conclúidí

    Chabhraigh Treoir RoHS leis an líon substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL) san Aontas a laghdú agus sláinte an duine agus an timpeallacht a chosaint ag céimeanna difriúla den slabhra luacha.

    Sonraíodh sa mheastóireacht go bhfuil Treoir RoHS ag feidhmiú go maith tríd is tríd, ainneoin na n‑easnamh a sainaithníodh. Cuireann an Treoir srian ar láithreacht substaintí guaiseacha i TLL ar bhealach simplí agus dá réir sin, ar láithreacht i DTLL, agus ag an am céanna ceadaíonn an Treoir maoluithe más gá. Trína chinntiú go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do tháirgeoirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, chuidigh an Treoir le comhchuibhiú agus le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Gan Treoir RoHS, níorbh fhéidir an leibhéal céanna comhchuibhithe a bhaint amach. Chomh maith leis sin, bhí ábharthacht idirnáisiúnta luaite le Treoir RoHS mar thagarmharc domhanda chun substaintí guaiseach i TLL a laghdú, agus d’fhéadfadh buntáistí suntasacha comhshaoil agus sláinte ag leibhéal domhanda a bheith ag baint leis an Treoir.

    Tarraingíodh aird sa mheastóireacht ar an bpointe go bhfuil easpa trédhearcachta agus éifeachtúlachta ag baint leis na bpróisis atá mar bhonn le cinneadh a dhéanamh maidir le díolúintí agus srianta ar shubstaintí a nuashonrú faoi Threoir RoHS, agus go bhféadfaí an stóinseacht eolaíoch a fheabhsú. Chomh maith leis sin, sainaithníodh roinnt difríochtaí modheolaíocha agus nós imeachta, i measc nithe eile, idir obair ullmhúcháin a bhaineann le srian ar shubstaintí RoHS, de pháirt amháin, agus srian ar shubstaintí agus údaruithe faoi Rialachán REACH, den pháirt eile.

    Chun déileáil leis na fadhbanna seo agus cur leis an gcomhleanúnachas foriomlán, molann an Coimisiún, gur cheart an fhreagracht as an measúnú teicniúil ar na díolúintí faoi theorainn ama agus an próiseas a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an liosta de shubstaintí srianta a athshannadh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA). Athrú a bheadh sa mhéid sin ar an gcleachtas reatha - tá comhairleoirí seachtracha atá freagrach as ionchur teicniúil a sholáthar ag tacú leis an gCoimisiún. Tríd an bhfreagracht as an bpróiseas measúnaithe theicniúil a thabhairt do ECHA agus dá choistí teicniúla, agus idirthréimhse chuí a chur san áireamh, d’fhéadfaí comhsheasmhacht agus éifeachtacht a mhéadú, go háirithe trí dhéileáil le haon idirghníomhaíocht le reachtaíocht ceimiceán eile. Leanfadh an Coimisiún ar aghaidh le freagracht a ghlacadh as cinnteoireacht maidir le leasuithe féideartha ar na hIarscríbhinní faoi seach leis an Treoir, obair a dhéanfaí trí Ghníomhartha Tarmligthe.

    Ní bheadh aon tionchar ag athshannadh na gcúraimí measúnaithe chuig ECHA ar na ceanglais shubstainteacha atá mar bhonn le glacadh leis na srianta ar shubstaintí nó na díolúintí comhfhreagracha.

    Neartódh a leithéid d’athshannadh an prionsabal ‘substaint amháin - measúnú amháin’ a bunaíodh laistigh de chreat na straitéise ceimiceán d’inbhuanaitheacht agus bheadh sé mar bhonn le próisis níos sruthlínithe freisin. Dá mba rud é go ndéanfadh an Ghníomhaireacht an measúnú gaolmhar, d’fhéadfaí faisnéis agus measúnuithe atá ar fáil cheana féin nó atá á mbailiú faoi ghníomhartha reachtacha eile atá ábhartha don tsubstaint chéanna laistigh de réimse freagrachta na Gníomhaireachta a úsáid. Bheadh sé seo mar bhonn le comhsheasmhacht le reachtaíocht ceimiceán eile a fheabhsú, agus ar an tslí sin, ceann de na ceanglais faoi Threoir RoHS a chomhlíonadh, eadhon a bheith ‘comhleanúnach le reachtaíocht eile a bhaineann le ceimiceáin, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006’. De bhrí go mbeadh ECHA agus a choistí eolaíocha ag déileáil le gach iarratas ar dhíolúintí a dhéanfar amach anseo, d’áiritheofaí comhsheasmhacht sna moltaí a bhfuil cinneadh le déanamh ag an gCoimisiún maidir leo, ar choinníoll, seachas na hacmhainní oiriúnacha riachtanacha, go bhféadfadh ECHA cur lena shaineolas sa réimse TLL agus i gcéim dheiridh dramhaíola TLL.

    Éifeacht sineirge eile a bheadh san fhéidearthacht uirlisí TF bunaithe a úsáid atá á mbainistiú ag ECHA chun eolas a roinnt le páirtithe leasmhara ar bhealach aitheanta (i.e. a mhéid a bhaineann le REACH) agus nua-aimseartha, ach chomh maith leis sin, comhéadan digiteach aonair a bheith ann chun iarratais díolúine agus sainchomhaid maidir le srianadh a chur isteach. I bhfianaise na n‑athruithe seo, nuair a bheidh na cúraimí athshannta do ECHA, sholáthródh an Coimisiún treoir maidir leis na hiarratais díolúine agus an próiseas a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an liosta de shubstaintí srianta.

    Chomh maith leis sin, nuashonródh an Coimisiún doiciméad 2012 dar teideal ‘Ceisteanna Coitianta’ (CC), chun déileáil leis an riachtanas sainaitheanta téarmaíocht a shoiléiriú, lena n‑áirítear chun machnamh a dhéanamh ar dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó chun fáil réidh le léirmhínithe atá as dáta.

    Bunaithe ar an méid thuasluaite agus i bhfianaise tionscnamh tosaíochta eile faoin CEAP, ag an gcéim seo, ní bheidh athbhreithniú ar an Treoir i dteannta leis an athbhreithniú ginearálta seo ar Threoir RoHS, seachas sin beidh leasú spriocdhírithe i dteannta leis an Treoir a bhaineann le hathshannadh na gcúraimí eolaíocha agus teicniúla chuig ECHA, mar a cheanglaíonn Airteagal 24(2) ( 35 ).

    Breithniúcháin le haghaidh athbhreithniú a dhéanfar amach anseo

    Trína chur san áireamh nach bhféadfaí déileáil le gach easnamh sainaitheanta trí na gníomhaíochtaí a bhfuil cur síos déanta orthu thuas, ba cheart béim a leagan ar an bpointe gur cheart torthaí na meastóireachta a chur san áireamh in aon athbhreithniú ginearálta a dhéanfar amach anseo.

    Tá féidearthacht ann forálacha a thabhairt cothrom le dáta agus a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach don todhchaí. Ba cheart an raon feidhme a nuashonrú ar dtús (e.g. athbhreithniú a dhéanamh ar phainéil fhótavoltacha) agus ansin fáil réidh le go leor forálacha idirthréimhseacha, a bhí ábhartha chun an raon feidhme oscailte a thabhairt isteach, ach nach bhfuil riachtanach níos mó. Comhthreomhar leis sin, d’fhéadfaí na díolúintí éagtha agus na hualaí riaracháin sainaitheanta a bhain le catagóirí difriúla TLL a bhaint ó Iarscríbhinn III agus IV.

    D’ainneoin go mbeadh na céimeanna nós imeachta don dá phróiseas á n‑athrú mar chuid dá n‑athshannadh do ECHA, bheadh an creat chun díolúintí a bhronnadh agus chun measúnú a dhéanamh ar shubstaintí nua mar an gcéanna. Dá ainneoin sin, bheadh sé riachtanach an creat a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil ionas go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm agus ag freagairt go solúbtha d’fhorbairtí teicneolaíocha agus margaidh. Mar shampla, d’fhéadfaí a chur san áireamh sna critéir a bhaineann le cinneadh a dhéanamh maidir le díolúintí, na cásanna inar cheart do dhíolúintí dul in éag mar gheall ar an easpa ábharthachta don mhargadh a bhaineann leo. Anuas air sin, d’fhéadfaí na roghanna teoranta le haghaidh tréimhsí bailíochta nó idirthréimhsí a choigeartú chun tréimhsí aonair a cheadú bunaithe ar an gcás sonrach. Lena chois sin, d’fhéadfaí bacainní ar phróiseas éifeachtúil a bhaint.

    Beart féideartha eile é scrúdú a dhéanamh ar an oiriúnacht chun táillí a thabhairt isteach don chóras díolúine atá faoi theorainn ama le haghaidh feidhmeanna a úsáideann substaintí guaiseacha srianta.

    Lena chois sin, d’fhéadfaí Treoir RoHS a neartú i bhfianaise gur ábhar tábhachtach iad substaintí guaiseacha i TLL i bhfianaise an gheilleagair chiorclaigh agus cuspóirí truaillithe nialasaigh. Tá gá fós le measúnú a dhéanamh ar shubstaintí guaiseacha áirithe agus srian a chur orthu b’fhéidir, e.g. le haghaidh substaintí nua a úsáidtear i TLL atá contrártha do chuspóirí na Treorach.

    Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh féidearthachtaí ann chun an geilleagar ciorclach le haghaidh TLL a neartú. D’fhéadfadh Treoir RoHS na forálacha maidir le páirteanna spártha athúsáidte le haghaidh TLL a shimpliú (e.g. le húsáid laistigh de thréimhse shonrach faoi theorainn ama). D’fhéadfaí an úsáid atá á baint as ábhar athchúrsáilte a mhéadú trí choinníollacha tairbhiúla a bhunú i gcomparáid le hábhar príomhúil.

    Mholfaí breithniú a dhéanamh amach anseo freisin mar gheall ar an idirghníomhú le hionstraimí reachtacha eile a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh orthu faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le Treoir RoHS a choigeartú (e.g. Rialachán REACH). Glactar leis seo mar chúis freisin, áfach, leis an tuiscint nár cheart ollchóiriú iomlán a dhéanamh ar an Treoir anois.

    Tá láithreacht substaintí guaiseacha i TLL an-ábhartha do chóireáil DTLL, ábhar a bhfuiltear ag déileáil leis faoin Treoir maidir le DTLL. Tá meastóireacht á déanamh ar an Treoir seo faoi láthair agus d’fhéadfadh neart sineirgí dearfacha a bheith ag baint le dlúth-chomhordú idir an dá ghníomh reachtacha. Mar shampla, d’fhéadfadh an Treoir DTLL feidhmiú mar dhreasacht chun deireadh a chur le húsáid substaintí guaiseacha trí fhreagrachtaí táirgeora sínte a oiriúnú agus vice versa d’fhéadfadh Treoir maidir le RoHS cead a thabhairt do pháirteanna spártha sealadacha tacú le hathúsáid agus indeisitheacht feistí áirithe. Anuas air sin, d’fhéadfadh Treoir RoHS cabhrú le héilliú sruthanna ábhair a chosc ina bhfuil amhábhair chriticiúla trína forálacha a nuashonrú ag féachaint do staid an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó trí chead a thabhairt, trí dhíolúintí faoi theorainn ama, substaintí guaiseacha a úsáid i TLL a bheadh i mbun cúrsaíochta i gcóras lúbiata.

    D’fhonn an modh oibre a shocrú agus dóthain am ullmhúcháin a cheadú d’fhorbairtí amach anseo, ba cheart go mbreithneofaí in aon athbhreithniú ar an Treoir amach anseo peirspictíocht fhadtéarmach na reachtaíochta agus a ról sa reachtaíocht dramhaíola, táirgí, comhshaoil agus ceimiceán.

    (1) ()    Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach, IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
    (2) ()     An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, Tacaíocht chun meastóireacht a dhéanamh ar Threoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach: tuarascáil chríochnaitheach, Oifig na bhFoilseachán, 2021
    (3) ()     An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchar a bhaineann leis an athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2011/65/AE (Treoir RoHS), Oifig na bhFoilseachán 2023
    (4) ()    Doiciméad Inmheánach Oibre (2023)760
    (5) ()     Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach - IO L 37, 13.2.2003, lch. 19.
    (6) ()    I láthair na huaire, tá srian ar 10 substaint agus ngrúpa substaintí. Is iad sin - luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe, éitir dhéfheiníle pholabróimínithe, bios(2-eitilheicsil)taláit, taláit bhúitilbeinsile, taláit débhúitil, taláit dhé-iseabúitil
    (7) ()    Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL), IO L 37, 13.2.2003, lch. 24 – ar cuireadh Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL), IO L 197, 24.7.2012, lgh. 38–71, ina hionad.
    (8) ()    Aithris 7 de Threoir 2011/65/AE.
    (9) ()    Tá an méid seo a leanas le fáil in Aithris 2 de Threoir RoHS: Dfhéadfadh an éagothromaíocht idir na dlíthe nó bearta riaracháin a bhfuil glactha ag na Ballstáit leo maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL) bacainní ar thrádáil a chruthú agus iomaíocht a shaobhadh san Aontas agus, dá réir sin, tionchar díreach a bheith aici ar bhunú agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Dá réir sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé riachtanach rialacha a leagan síos sa réimse seo agus cur le sláinte an duine a chosaint agus le haisghabháil agus diúscairt, fónta ó thaobh an chomhshaoil de, dramhaíl TLL.
    (10) ()    Chomh maith leis sin, tá Treoir RoHS ábhartha don Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).
    (11) ()    In 2015, cuireadh ceithre phlaisteachán a bhain leis an ngrúpa taláití leis an liosta – Treoir Tharmligthe (AE) 2015/863 ón gCoimisiún an 31 Márta 2015, IO L 137, 4.6.2015, lch. 10.
    (12) ()    féach ar an leagan comhdhlúite de Threoir 2011/65/AE – M1-M80 (seachas M29 agus M37)
    (13) ()    Treoir (AE) 2017/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach, IO L 305, 21.11.2017, lch. 8.
    (14) ()    Comhfhreagraíonn do theachtaireacht COM/2015/0614
    (15) ()    COM(2020) 98 final.
    (16) ()    COM(2019) 640 final
    (17) ()    COM(2023) 160 final. 
    (18) ()    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
    (19) ()    Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPs), IO L 158, 30.4.2004, lch. 7.
    (20) ()    COM(2020) 667 final.
    (21) ()    Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shonrú do tháirgí a bhaineann le fuinneamh, IO L 285, 31.10.2009, lch. 10. 
    (22) ()    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú le haghaidh táirgí inbhuanaithe agus lena naisghairtear Treoir 2009/125/CE, COM(2022) 142 final.
    (23) ()     Rialáil Níos Fearr: treoirlínte agus bosca uirlisí – Samhain 2021 .
    (24) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Waste_statistics_-_electrical_and_electronic_equipment&oldid=556612 ; arna thomhas mar mheáchan DTLL i gcoibhneas leis meánmheáchan an trealaimh leictreonaigh curtha ar an margadh i rith na dtrí bliana roimhe sin, i.e. 2017-2019
    (25) ()    COM(2019) 640 final.
    (26) ()    Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh atá deartha le húsáid le teorainneacha voltais áirithe, IO L 96, 29.3.2014, lch. 357–374
    (27) ()    Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, IO L 169, 25.6.2019, lch. 1–44
    (28) ()    Tá doiciméid ar fáil ar shuíomh gréasáin RoHS an Choimisiúin: https://environment.ec.europa.eu/topics/waste-and-recycling/rohs-directive_en  
    (29) ()     Staidéar chun tacú leis an athbhreithniú ar an liosta de shubstaintí srianta agus measúnú a dhéanamh ar iarratas díolúine nua faoi RoHS 2 (Paca 15)  
    (30) ()    Baineann REACH le déantúsaíocht, cur ar an margadh agus úsáid substaintí leo féin, i meascáin nó in earraí agus meascáin a chur ar an margadh agus ní bhaineann sé le dramhaíl. Dfhéadfadh Treoir RoHS srian a chur le substaintí a úsáidtear go sonrach sa trealamh leictreach agus leictreonach mar atá leagtha amach i gcatagóirí in Iarscríbhinn I den Treoir agus é mar aidhm cabhrú le sláinte an duine agus an timpeallacht a chosaint, lena náirítear aisghabháil agus diúscairt dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de.
    (31) ()    Creat Reachtach Nua, ina gcuimsítear Rialachán (CE) 765/2008, Cinneadh 768/2008 agus Rialachán (AE) 2019/1020
    (32) ()    SWD(2022) 365 final
    (33) ()    EN 50581:2012 – Doiciméadú teicniúil chun measúnú a dhéanamh ar tháirgí leictreacha agus leictreonacha ag féachaint don srian ar shubstaintí guaiseacha
    (34) ()    IEC 63000:2018 – Doiciméadú teicniúil chun measúnú a dhéanamh ar tháirgí leictreacha agus leictreonacha ag féachaint don srian ar shubstaintí guaiseacha
    (35) ()     Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán; tíolactha i dteannta le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 401/2009, (AE) 2017/745 agus (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla agus comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse ceimiceán a fheabhsú
    Top