EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0707

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Achoimre ar Phleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh 2023-2027: comhiarracht agus uaillmhian chomhchoiteann

COM/2023/707 final

An Bhruiséil,23.11.2023

COM(2023) 707 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Achoimre ar Phleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh 2023-2027: comhiarracht agus uaillmhian chomhchoiteann



1.RÉAMHRÁ

Is iad Pleananna Straitéiseacha faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) (CSPanna nó na Pleananna) an phríomhuirlis chun CBT a thabhairt i gcrích idir 2023 agus 2027. Dhréachtaigh na Ballstáit agus d’fhormheas an Coimisiún na CSPanna chun a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóirí foriomlána an Aontais, agus leis na CSPanna tugtar don fheirmeoireacht agus do le limistéir thuaithe tacaíocht EUR 307 mbilliún i gcaiteachas poiblí san iomlán tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (lena n‑áirítear cómhaoiniú náisiúnta).

Trí CSPanna a thabhairt isteach, ar uirlis phleanála aonair iad, daistrigh reachtóirí Aontais treoshuíomh chur chun feidhme CBT ó chomhlíontacht go feidhmíocht. Dá réir sin, bhain na Ballstáit úsáid as ionstraimí CBT an dá chiste (íocaíochtaí díreacha, idirghabhálacha le haghaidh earnálacha margaidh áirithe agus tacaíocht forbartha tuaithe) chun loighic idirghabhála a cheapadh le haghaidh gach ceann de na 10 gcuspóir shonracha a leagtar amach i Rialachán CSP ( 1 ) (bunaithe ar anailísí ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí (SWOT) ar a gcríocha faoi seach, agus ar na riachtanais a bhaineann leo. Tar éis dó idirphlé struchtúrtha a dhéanamh( 2 ), rinne an Coimisiún measúnú ar na Pleananna arna gcur isteach agus sheol sé a bharúlacha chuig gach Ballstát sula bhformheasfaidh sé dréacht‑Phleananna athbhreithnithe faoi dheireadh 2022 ( 3 ).

Le reachtaíocht CBT bunaíodhcoimircí atá ina gcreat do raon feidhme gníomhaíochta na mBallstát chun cothroime iomaíochta a chosaint agus chun uaillmhian chomhchoiteann a áirithiú. Déantar é sin tríd an méid seo a leanas: (i) sainmhínithe coiteanna agus cineálacha idirghabhálacha; (ii) íoscheanglais; (iii) creataí feidhmíochta coiteanna; (iv) íosleibhéil chaiteachais a cheanglaítear i ndáil le: feirmeacha beaga agus meánmhéide; feirmeoirí óga; an comhshaol, an aeráid agus leas ainmhithe agus uirlis LEADER le haghaidh forbairt áitiúil chomhtháite; (v) reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide a chomhtháthú i bpleanáil agus i ndearadh na CSPanna. I gcomparáid le tréimhse CBT roimhe seo, bhí gá le rannchuidiú foriomlán níos mó chun cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach trí CBT. Le gach CSP leagtar síos spriocanna le haghaidh na dtorthaí a bhfuil coinne leo trí ag baint úsáid as comhtháscairí an Aontais, lena gcuimsítear tacaíocht ó CERT agus ó CETFT araon. Mar sin féin, tá difríocht idir na spriocluachanna chomh maith le sonrú na n‑idirghabhálacha agus na gceanglas ar fud na CSPanna, lena léirítear éagsúlacht riachtanas agus tosaíochtaí na mBallstát.

Trí aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha, tá coinne leis go mbeidh na CSPanna comhsheasmhach le reachtaíocht agus gealltanais chomhshaoil agus aeráide an Aontais agus go rannchuideoidh siad leo, agus, go háirithe, le spriocanna an Aontais le haghaidh 2030 a leagtar amach sna Straitéisí Ón bhFeirm go dtí an Forc agus Bithéagsúlachta an Aontais( 4 ), in éineacht le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus le hionstraimí náisiúnta eile. Tá ról ag rialacha sainordaitheacha, lena n‑áirítear 25 % ar a laghad díocaíochtaí díreacha déiciscéimeanna a chur ar leataobh don aeráid, don chomhshaol agus do leas ainmhithe faoi gach CSP agus ar a laghad 35 % de chaiteachas CETFT a chur ar leataobh, chun an ranníocaíocht sin a áirithiú. An tráth céanna, tá coinne leis go rannchuideofar le gníomhaíochtaí faoi CBT 40 % de chistí an Aontais faoi CBT chun na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid a bhaint amach, a bheidh le ríomh de réir na modheolaíochta bunaithe ( 5 ).

Leis an tuarascáil seo freagraítear do ghairm reachtóirí an Aontais ( 6 ) ar an gCoimisiún achoimre a tharraingt suas ar na 28 CSP( 7 ) formheasta chun measúnú a dhéanamh ar a gcomhiarracht agus ar a n‑uaillmhian chomhchoiteann chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí sonracha CBT. Tugtar aghaidh ann ar rannchuidiú CSP le spriocanna an Aontais le haghaidh 2030 a leagtar amach sna Straitéisí ón bhFeirm go dtí an Forc agus Bithéagsúlachta an Aontais. Cuireann sé le forbhreathnú an Choimisiúin ar na CSPanna ( 8 ) formheasta agus tarraingíonn sé ar staidéar ina mapáiltear agus ina ndéantar anailís ar na Pleananna sin ( 9 ) san fhoirm inar formheasadh iad (faoi dheireadh 2022) ag tús na tréimhse cur chun feidhme.

Déantar scrúdú sa tuarascáil iarrachtaí comhpháirteacha na bPleananna chun cuspóirí CBT a bhaint amach bunaithe ar anailís ar na riachtanais agus ar an loighic idirghabhála arna mbunú ag na Ballstáit. Dírítear san anailís ar thosaíochtaí, leithdháileadh airgeadais, spriocanna, riachtanais agus cleachtais dheonacha na bPleananna.

Tá an tuarascáil seo á foilsiú le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme na bPleananna - cé nach bhfuil sonraí maidir le glacadh feirmeoirí agus tairbhithe eile le foilsiú go dtí 2025. Dá bhrí sin, braitheann an tuarascáil seo ar luachanna na dtáscairí atá beartaithe sna CSPanna formheasta agus ar bhreithmheas cáilíochtúil ar éifeachtaí féideartha na roghanna. Braithfidh na tionchair iarbhír ar éifeachtaí carnacha na n‑idirghabhálacha agus ní féidir iad a chinneadh ach amháin trí mheastóireachtaí. Ní mór na tionchair sin a fheiceáil i dteannta le tionchar ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ionstraimí náisiúnta eile lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais a shainaithnítear sna CSPanna - chomh maith le i dteannta le fachtóirí seachtracha eile.

Ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar na leaganacha formheasta de CSP (deireadh 2022), ní léirítear sa tuarascáil seo cuid de na hiarmhairtí sonracha a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine i gcur chun feidhme na CSPanna. Is amhlaidh an cás maidir leis na maoluithe sealadacha agus eisceachtúla in 2023 ó na ceanglais nua maidir le huainíocht barr agus maidir leis an sciar íosta de thalamh arúil atá dírithe ar ghnéithe neamhtháirgiúla agus ar réimsí i ndáil le talamh branair le haghaidh táirgeadh bia ( 10 ). An tráth céanna, in 2023, thosaigh na Ballstáit ag moladh leasuithe ar a CSPanna ( 11 ). Agus measúnú á dhéanamh aige orthu, sheas an Coimisiún leis nár cheart dóibh leibhéal foriomlán an rannchuidithe chomhshaoil a ísliú, lenar chuir ar chumas don Choimisiúin na Pleananna a fhormheas in 2022, agus coigeartuithe atá spriocdhírithe agus a bhfuil údar maith leo á nglacadh.

Is céim í an tuarascáil seo sa phróiseas níos leithne chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht CBT, tar éis na gceachtanna ón tréimhse 2014-2020 a leagtar amach i dTuarascáil ar Fheidhmíocht CBT ón gCoimisiún maidir leis an tréimhse sin ( 12 ). Tiocfaidh faisnéis bhreise ó na nithe seo a leanas: (i) sonraí cur chun feidhme ar leibhéal na dtairbhithe CBT ó 2025 ar aghaidh (ii) measúnú ar an tsamhail nua seachadta in 2025; (iii) meastóireachtaí eatramhacha in 2026; (iv) tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht; agus (v) meastóireacht ex post in 2031( 13 ). 

2.ACHOIMRE AR NA PLEANANNA STRAITÉISEACHA FAOI CBT AGUS AR AN IARRACHT CHOMHPHÁIRTEACH I dTREO CHUSPÓIRÍ CBT

2.1. Tacú le hearnáil talmhaíochta chliste, iomaíoch, athléimneach agus éagsúlaithe chun an tslándáil bia fhadtéarmach a áirithiú

Tá tacaíocht ioncaim dhíchúpláilte d’inmharthanacht fheirme fós ina hionstraim thábhachtach i ndearadh Rialachán CSP agus na CSPanna araon. D’ainneoin nuachóiriú na bhfeirmeacha agus an chomhdhlúthaithe a tharla go dtí seo, tá an t‑ioncam talmhaíochta go substaintiúil faoi bhun an mheánphá sa chuid eile den gheilleagar. Is é tuilleamh an mhargaidh príomhfhoinse ioncaim feirme ach tá ról suntasach ag tacaíocht CBT i roinnt mhaith earnálacha agus Ballstát, arb ionann é agus 23 % d’ioncam feirme ar an meán in 2020.

I bhfianaise Airteagal 39 den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá tacaíocht airgeadais chun caighdeán cóir maireachtála a ráthú d’fheirmeoirí fós ina príomhghné de CBT. Bunaithe ar leithdháiltí buiséadacha náisiúnta réamhshainithe le haghaidh 2023-2027, is iad íocaíochtaí díreacha an uirlis airgeadais is tábhachtaí atá ag na CSPanna fós. Ar an bhforiomlán, léirítear leis na CSPanna iarracht chomhpháirteach shuntasach chun tacú le hioncam feirme, chun dáileadh níos cothroime tacaíochta den sórt sin ar fheirmeacha beaga a áirithiú, agus chun éagothromaíochtaí ioncaim a laghdú sna hearnálacha is leochailí agus sna ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste.

Tá tacaíocht trí íocaíochtaí díreacha i ngach Plean faoi choinníoll ceanglas maidir leis an bhfeirmeoireacht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (coinníollacht fheabhsaithe ( 14 ) atá níos déine ná mar a bhí sa tréimhse CBT roimhe sin (2014-2022). Méadaítear an cineál tacaíochta sin nuair atá sé dírithe ar earnálacha leochaileacha, ceantair faoi mhíbhuntáiste, agus grúpaí amhail feirmeoirí beaga agus feirmeoirí níos óige. Cuidíonn na huirlisí ioncaim le slándáil bia a bhaint amach agus le gníomhaíocht talmhaíochta a choinneáil ar bun i ngach limistéar geografach, dul i ngleic le dúshláin fhadtéarmacha amhail poist a choinneáil i gceantair thuaithe iargúlta, tacú le hearnálacha agus cleachtais feirmeoireachta a chothaíonn slite beatha agus tírdhreacha, agus moill a chur ar thréigean talún agus ar dhídhaonrú tuaithe.

D’ainneoin laghdú ar na leithdháiltí airgeadais le haghaidh tacaíocht ioncaim le haghaidh 2023-2027, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú beag ar sciar na limistéar talmhaíochta dá dtugtar tacaíocht i gcomparáid le tréimhse CBT roimhe sin (ag sroicheadh 89 % de thalamh feirme an Aontais faoi réir coinníollachta).

Mar fhreagairt ar an uaillmhian mhéadaithe maidir le cothroime i gcreat reachtach an Aontais, neartaíodh cóineasú na leibhéal tacaíochta ioncaim laistigh de na Ballstáit ina n‑úsáidtear leibhéil íocaíochta ‘stairiúla’ fós. Tá gach Ballstát seachas cúig Bhallstát chun an leibhéal céanna tacaíochta ioncaim bunúsaí i leith na hinbhuanaitheachta in aghaidh an heicteáir (ráta comhréidh BISS) a bhaint amach ar fud a bhfeirmeacha faoi 2027. An tráth céanna, atreisítear leis an leibhéal níos airde acmhainní a leithdháiltear ar an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta (CRISS) an tacaíocht ioncaim a thugtar go díreach d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide. Tá méadú ag teacht ar íocaíochtaí díreacha breise in aghaidh an heicteáir d’fheirmeacha incháilithe atá faoi bhun an mheánmhéid i bhformhór na mBallstát. Mar gheall ar an oibleagáid nua maidir le tacaíocht ioncaim a athdháileadh, tháinig méadú suntasach ar an leithdháileadh airgeadais iomlán atá tiomnaithe le haghaidh CRISS chun críoch athdháilte i gcomparáid le tréimhse CBT roimhe sin, ionas gurb ionann é anois agus 10.7 % de na híocaíochtaí díreacha le EUR 20 billiún breise le haghaidh íocaíochtaí díreacha a dhíríonn ar fheirmeacha beaga. Tá an éifeacht athdháilte lena bhfeabhsaítear cothroime méadaithe ag roinnt Ballstát, nuair is ábhartha, trí íocaíochtaí bunúsacha agus íocaíochtaí eile le feirmeacha níos mó a uasteorannú nó a laghdú (11 CSP).

Tá patrún ann ar fud an Aontais chun tacaíocht ioncaim a fhorlíonadh le haghaidh feirmeoireachta i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta eile iontu (LSN). Trí chostais níos airde a bhaineann le táirgeadh bia agus beatha a chúiteamh i limistéir a ndéanann droch‑aeráid, ithir nó dálaí eile difear dóibh, amhail sléibhte nó talamh i gcríocha tirime nó fuara, cuidítear leis an tacaíocht sin le gníomhaíocht talmhaíochta a choinneáil ar bun sna limistéir sin agus bíonn tionchar dearfach aici ar fhachtóirí socheacnamaíocha. Ní bhíonn feirmeacha atá lonnaithe i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu, go háirithe i limistéir sléibhe, chomh dian céanna ar an meán, agus is mó an tairbhe a bhaintear as úsáid talún don chomhshaol agus don bhithéagsúlacht (e.g. féarthalamh, barra próitéine agus talamh branair) ( 15 ). I limistéir ina bhfuil córais feirmeoireachta fairsinge agus ionchuir ísil níos forleithne, leis an tacaíocht déantar an riosca go dtréigfear an talamh a chomhrac agus cuidíonn sí, ar an gcaoi sin, le dálaí comhshaoil áirithe a chothú.

Trí íosleibhéal ioncaim a ráthú do thairbhithe CBT, cuidítear le híocaíochtaí díreacha le hioncam na hearnála a chobhsú freisin. Léiríonn roghanna na mBallstát roinnt atreorúcháin i dtreo uirlisí níos spriocdhírithe chun luaineacht ioncaim a bhainistiú. Leithdháileann gach ceann seachas ceann amháin de na CPSanna níos lú ná 2 % dá gcaiteachas iomlán CBT ar uirlisí bainistíochta riosca. I gcomparáid leis an am atá caite, tiocfaidh méadú ar sciar na ngabháltas le huirlisí bainistithe riosca tacaithe. Mar sin féin, ní chumhdaítear leis sin ach 14 % d’fheirmeacha uile an Aontais atá comhchruinnithe i líon beag Ballstát.

Is dúshlán fós é an fás mall (an mharbhántacht i gcásanna áirithe) i dtáirgiúlacht talmhaíochta i mórán Ballstát agus géaraítear é mar gheall ar chostais arda (go háirithe le haghaidh saothair agus talún) in earnálacha áirithe. Leis na CSPanna, tugtar tosaíocht d’fhás táirgiúlachta agus do ghlacadh cleachtas agus teicneolaíochtaí nuálacha. Tá coinne leis go mbainfidh beagnach 400 000 tairbhí (4 % d’fheirmeacha an Aontais) tairbhe as tacaíocht le haghaidh infheistíocht tháirgiúil (ar an bhfeirm den chuid is mó). Tá tacaíocht den sórt sin beartaithe ag na CSPanna uile. Léirítear leis sin iarracht chomhpháirteach mhéadaithe feirmeacha a nuachóiriú, iomaíochas na hearnála a neartú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil, aeráide agus leasa ainmhithe. Tá an infheistíocht atá dírithe ar oiriúnú don aeráid agus ar fheabhsú na ndálaí comhshaoil a thacaíonn leis an táirgiúlacht - amhail sláinte ithreach - ag éirí níos tábhachtaí agus beidh gá le haird níos mó a thabhairt uirthi. Tá tacaíocht spriocdhírithe le haghaidh na hinfheistíochta, an chomhair agus eolais chun cuidiú le feirmeoirí uirlisí digiteacha agus córais dhigiteacha a úsáid agus a ghlacadh sách íseal fós.

I gcomparáid leis an am atá caite, tá méadú tagtha ar an tacaíocht le haghaidh ionstraimí airgeadais (EUR 1 bhilliún) - lena n‑éascaítear rochtain ar infheistíochtaí, ag díriú ar fheirmeoirí beaga agus feirmeoirí óga chomh maith le comharchumainn agus eagraíochtaí táirgeoirí.

Is léiriú iad na CSPanna ar réaltachtaí earnálacha ar leith agus, go háirithe, ar na deacrachtaí a bhíonn roimh roinnt earnálacha chun a bheith inmharthana ina gcomhthéacs réigiúnach agus, ionchais ar thaobh na sochaí a chomhlíonadh freisin. Le CSPanna soláthraítear tacaíocht ioncaim spriocdhírithe (tacaíocht ioncaim chúpláilte – CSN) d’earnálacha na mairteola agus na gcaorach – a dhéanfadh caillteanas ina mhalairt de chás - agus do na hearnálacha laofheola agus déiríochta. Ba cheart go gcuideodh staid ioncaim níos fearr leis na feirmeacha sin infheistíocht a dhéanamh agus a ndeacrachtaí a shárú. Féadfar coinne a bheith le rannchuidiú dearfach leis an mbithéagsúlacht nuair a bheidh feirmeoireacht fhorleathan á caomhnú ag an tacaíocht, agus déanfar tionchar iarbhír CSN ar an aeráid a chinneadh trí mheasúnú tar éis a chur chun feidhme. Tairbhíonn barra próitéine, torthaí agus glasraí agus earnálacha áirithe eile de thacaíocht chúpláilte freisin.

Tairbheoidh 21 % d’fheirmeacha an Aontais de CSN (sciar beagán níos airde ná mar a bhí sa tréimhse tuairiscithe dheireanach), le meán‑leithdháileadh airgeadais bliantúil níos airde (6 % níos mó ná in 2022). Le linn na tréimhse tuairiscithe, tá 7 % de chaiteachas poiblí iomlán CBT tiomnaithe don uirlis sin.

Dainneoin na treochta fadtéarmaí maidir le feirmeoirí a bhíonn ag fáil sciar laghdaitheach den bhreisluach ar fud an Aontais, is cosúil go bhfuil teorainn leis an úsáid a bhaineann na CSPanna as uirlisí chun feabhas a chur ar staid na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia – mar a chruthaítear leis an leithdháileadh teoranta acmhainní agus leis an úsáid a bhaintear as uirlisí comhair agus comhordaithe. Beidh fáil ag thart ar 760 000 feirm (8 % de na feirmeacha ar fad) ar thacaíocht CBT as páirt a ghlacadh i ngrúpaí táirgeoirí, in eagraíochtaí táirgeoirí, i margaí áitiúla, i slabhraí soláthair gairide agus i scéimeanna cáilíocht. I gcás fhormhór na mBallstát, áfach, is méadú é sin. Tá tacaíocht deagraíochtaí táirgeoirí aitheanta torthaí agus glasraí tábhachtach fós. Tá an tacaíocht a thugtar do “earnálacha eile” ( 16 ) trí chláir earnálacha thiomnaithe, arna gcumasú den chéad uair sa CBT athchóirithe, teoranta.

D’ainneoin na n‑iarrachtaí airgeadais a rinneadh chun tacú le hearnálacha sonracha (go háirithe trí thacaíocht chúpláilte nó trí idirghabhálacha earnála), ní áirítear go córasach sna CSPanna straitéisí earnála ar fud cistí agus ionstraimí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin earnálacha shonracha fhadtéarmacha.

2.2.Rannchuidiú leis an ngníomhú ar son na haeráide, le hacmhainní nádúrtha a chosaint agus le stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus é a aisiompú

Aithníonn na Ballstáit den chuid is mó na dúshláin shuntasacha a bhaineann leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an mbithéagsúlacht sa talmhaíocht agus i limistéir thuaithe ina measúnú ar riachtanais. Is é is aidhm do theaglamaí na n‑oibleagáidí (coinníollacht fheabhsaithe) agus d’idirghabhálacha deonacha a áirítear sna CSPanna borradh a chur faoi ghlacadh na gcleachtas feirmeoireachta lena mbaineann an poitéinseal chun brúnna diúltacha a laghdú agus chun dul chun tairbhe don aeráid, do na hacmhainní nádúrtha agus don bhithéagsúlacht ar go leor bealaí:

·Is pointe iontrála do thacaíocht CBT iad na sainmhínithe a leagtar síos sna CSPanna (e.g. maidir le gníomhaíocht talmhaíochta, limistéar talmhaíochta, heicteár incháilithe agus féarthailte buana) agus leagtar amach oibleagáidí íosta áirithe. I gcomparáid leis an am atá caite, dfhéadfadh freagairt níos fearr a bheith ann ar dhúshláin bhithéagsúlachta agus aeráide toisc go bhfuil roinnt Pleananna ag baint leasa as an gcreat dlíthiúil chun go mbeidh níos mó spáis ann don dúlra (e.g. gnéithe agus limistéir thírdhreacha neamhtháirgiúla) nó do ghníomhaíochtaí tairbhiúla áirithe (an riascshaothrú agus an agrafhótovoltachas) i limistéir incháilithe, agus ar an mbealach sin tacaíocht a áirithiú do na limistéir sin agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint cé nach de chineál talmhaíochta iad go príomha.

·Beidh feidhm ag caighdeáin níos airde maidir le cleachtais feirmeoireachta mar choinníoll chun tacaíocht CBT a fháil (coinníollacht fheabhsaithe) maidir le 89 % de thalamh feirme an Aontais ( 17 ). I gcás roinnt feirmeoirí, is athrú substaintiúil é sin mar go ndéantar an choinníollacht a uasghrádú i gcomparáid le cleachtais glasaithe na tréimhse roimhe sin agus tacaíodh ansin le 30 % de na híocaíochtaí díreacha.

·Ar bhonn deonach, tabharfar luach saothair do roinnt feirmeoirí as cleachtais níos mó agus níos uaillmhianaí a chur chun feidhme - thar cheanglais na coinníollachta - lena dtugtar aghaidh ar phríomhbhrúnna ar acmhainní nádúrtha, ar an aeráid agus ar an mbithéagsúlacht. Tacófar leo sin le 32 % de chaiteachas poiblí na CSPanna (EUR 97.6 billiún) ( 18 ). Tá uirlisí éagsúla eile ag gabháil le tacaíocht bhliantúil/ilbhliantúil chun cleachtais feirmeoireachta a fheabhsú trí éiciscéimeanna (EUR 44.7 billiún) agus trí ghealltanais agra‑chomhshaoil‑aeráide agus trí ghealltanais bhainistíochta eile (EUR 33.2 billiún). Áirítear orthu sin infheistíochtaí spriocdhírithe (EUR 8.6 billiún), agus tacaíocht do ANCanna (lena ranníoctar EUR 9.4 billiún) ar féidir leo, trí thréigean talún a theorannú, rannchuidiú go hindíreach le bithéagsúlacht talún feirme a chaomhnú. Is ar bhonn deonach a ghlacfar an tacaíocht sin, mar sin ní bheidh na ranníocaíochtaí beachta ar eolas go dtí go gcuirfear chun feidhme iad.

Is uirlis thábhachtach iad na CSPanna ach ní hiad an t‑aon uirlis amháin chun spriocanna Straitéisí Ón bhFeirm go dtí an Forc agus Bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach, a bhraitheann freisin ar ionstraimí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus ar ionstraimí náisiúnta eile. Mar sin féin, léirítear leo go rannchuidíonn siad leis na spriocanna éagsúla a bhaint amach. Cé is moite den fheirmeoireacht orgánach, de ghnáth ní dhéanann na CSPanna ardmhianta náisiúnta ná rannchuidithe leis na spriocanna sin a chainníochtú, lena léirítear nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann chomh maith le, i gcásanna áirithe, deacrachtaí modheolaíochta agus teicniúla agus an méid sin á dhéanamh.

astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe níos mó ná 20 % ag an Aontas ón talmhaíocht ó bhí 1990 ann. Fiú má bhí astaíochtaí níos cobhsaí le 10 mbliana anuas, tá méadú tagtha ar éifeachtúlacht aschuir (i.e. astaíochtaí níos ísle in aghaidh aonad aschuir). Chun rannchuidiú earnáil feirmeoireachta an Aontais le cuspóirí aeráide an Aontais a fheabhsú, dearadh gníomhaíochtaí iomadúla CSP le haghaidh linnte carbóin agus foinsí astaíochtaí araon.

Go sonrach, is léir ó CSPanna go bhfuil iarrachtaí suntasacha á ndéanamh maidir le cleachtais le haghaidh ceapadh carbóin agus stóráil san ithir agus i mbithmhais trí mheascán coinníollachta (leis na cosaintí le haghaidh bogach agus le haghaidh tailte portaigh, a bheidh lán‑infheidhme maidir leis na Ballstáit uile in 2025) agus trí idirghabhálacha deonacha i ndáil leis an méid seo a leanas: feabhsuithe ithreach breise; caomhnú agus bainistiú féarthailte buana, bogach agus tailte portaigh; agus tacaíocht do ghnéithe (agra)fhoraoiseachta agus tírdhreacha.

Tá an tairseach maidir le huaillmhian na ngníomhaíochtaí deonacha cistithe chun feabhas a chur ar bhainistíocht cothaitheach ardaithe ag feabhsuithe ar churaíocht, ar chumhdach ithreach agus ar uainíocht barr de bharr coinníollachta. Mar aon le tacaíocht chun úsáid níos ísle a bhaint as leasacháin mhianracha atá dírithe ar thart ar 15 % de thalamh talmhaíochta an Aontais agus ar infheistíocht san fheirmeoireacht bheacht, tá sé ag cuidiú le hastaíochtaí N2O a laghdú. Ar an bhforiomlán, ba cheart go dtairbheoidh 35 % de thalamh feirme an Aontais de ghníomhaíochtaí deonacha ar talamh ar mhaithe le ceapadh carbóin agus laghdú astaíochtaí N2O.

Ní hé amháin go gcuidíonn tacaíocht CSPanna do chórais bheostoic fhairsinge le stoic charbóin a choinneáil ar bun ach le tírdhreacha traidisiúnta freisin, agus neamhspleáchas beatha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar thalamh imeallach á bhfeabhsú. Aithníonn roinnt mhaith CSP go sainráite an gá atá le hastaíochtaí a bhaineann le beostoc a laghdú (go háirithe meatán ó athchogantaigh). Go sonrach, áirítear ar na CSPanna tacaíocht d’infheistíochtaí sna réimsí seo a leanas: feabhas a chur ar stóráil agus ar bhainistiú aoiligh; trealamh chun sciodar astaíochtaí ísle a leathadh; agus díleáiteoirí anaeróbacha. Déanfar é sin a fhorlíonadh le tacaíocht d’fheabhsuithe géiniteacha. Áirítear ar níos lú ná leath na CSPanna tacaíocht ábhartha eile (e.g. le haghaidh innilt amuigh faoin aer, feabhas a chur ar phleananna beathaithe agus ar bhreiseáin bheatha) agus spriocanna (atá éagsúil go forleathan) atá leagtha síos (2.4 % d’aonaid bheostoic an Aontais) chun astaíochtaí meatáin nó amóinia a laghdú. Bíonn uasdlúis beostoic i roinnt idirghabhálacha ar talamh, lena n‑áirítear le haghaidh tacaíocht chúpláilte i roinnt teophointí comhshaoil freisin.

Tagann an acmhainneacht chun táirgeadh fuinnimh inbhuanaithe a mhéadú trí na CSPanna den chuid is mó ó thacaíocht d’úsáid agrafhóvoltachais agus d’infheistíocht i dtáirgeadh bithmheatáin. Le rannchuidiú réasúnta beag (1 556 MW) le linn na tréimhse, ní chomhlánaíonn na CSPanna ach bearta lasmuigh de CBT.

Is deacair fós measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí comhcheangailte rannchuidithe fhoriomlán uirlisí CSP le maolú ar an athrú aeráide ag an gcéim seo agus ní mór iad a mheas in éineacht le héifeachtaí uirlisí náisiúnta agus ionstraimí pleanála aeráide i gcomhthéacs Rialachán nuashonraithe LULUCF( 19 ) agus an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill ( 20 ). I ndáil leis sin, tá measúnú á dhéanamh ag na Ballstáit in 2023 ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid CSPanna i bhfianaise spriocanna nua Rialachán LULUCF agus an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill ( 21 ), lena dtugtar deis dóibh measúnú a dhéanamh ar acmhainn maolaithe a gcuid CSPanna i bhfianaise na huaillmhéine aeráide níos airde.

Leis na CSPanna, aithnítear go ginearálta an gá atá le feabhas a chur ar athléimneacht aeráide earnáil na feirmeoireachta agus le hullmhú níos fearr do theagmhais adhaimsire agus do rioscaí uisce le cabhair ó bheostoc agus barra atá oiriúnaithe don aeráid. Léirítear leis na CSPanna d’fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar athléimneacht trína rannchuidiú le ceapadh carbóin, cosaint ithreach agus tírdhreacha éagsúlaithe.

Go sonrach, i ndáil le ganntanas uisce agus triomaigh - ar fadhb iad atá ag dul i méid i roinnt mhaith réigiún san Aontas - is gnách leis na CSPanna díriú ar infheistíocht i stóráil uisce agus in uisciú. Tá 4.5 % de thalamh feirme an Aontais saindírithe ar an gcothromaíocht uisce a fheabhsú trí chleachtais talamhbhunaithe, agus tugann roinnt Ballstát a bhfuil riachtanais níos mó acu sa réimse seo aghaidh orthu lasmuigh dá CSPanna. Ní mór cuir chuige chun oiriúnú don laghdú ar an uisce atá ar fáil agus athléimneacht fhadtéarmach a áirithiú (trí réitigh dhúlrabhunaithe, coinneáil uisce sa tírdhreach, barra nach bhfuil chomh dian céanna ar uisce, athúsáid uisce) a threisiú agus a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le pleanáil straitéiseach fhadtéarmach maidir le hoiriúnú agus athléimneacht na talmhaíochta. Beidh gníomhaíochtaí lasmuigh de CBT trí phleananna maidir le bainistíocht abhantrach, triomach agus oiriúnú tábhachtach freisin i ndáil leis sin.

Sna Pleananna, déantar iarracht shuntasach maidir le cosaint ithreach (ag cur béim ar chreimeadh ithreach agus ábhar orgánach) agus, ar bhonn níos lú, ar bhainistíocht cothaitheach agus ar cháilíocht an uisce. I gcomparáid leis an am atá caite, ar an bhforiomlán, leis an gcoinníollacht tá gá le cumhdach ithreach níos faide, cleachtais curaíochta níos fearr agus uainíocht barr, agus stráicí maoláin níos leithne ar feadh uiscebhealaí. Ionchorpraítear leis freisin ceanglais reachtúla bainistíochta maidir le truailliú fosfáite. Tá méadú tagtha ar an gcuid is mó de na Ballstáit, is minic a bhíonn an méadú sin suntasach, ar an réimse ar a ndírítear bearta deonacha chun feabhas a chur ar cháilíocht na hithreach (47 % de thalamh feirme an Aontais, méadú ó 15 % in 2021). Cuireann cuid de na bearta sin cosc díreach nó indíreach ar chaillteanais chothaithigh agus bíonn cáilíocht uisce níos fearr mar thoradh orthu. Le formhór na CSPanna tugtar aghaidh ar cháilíocht an aeir, ag díriú ar infheistíochtaí agus ar chur chuige maidir le cur i bhfeidhm cothaitheach lena laghdaítear astaíochtaí amóinia - ach le clúdach talún teoranta (6 % de thalamh feirme an Aontais).

Ranníocaíocht le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais

Léirítear le CSPanna rannchuidiú suntasach i dtreo sprioc na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc’ chun 25 % de thalamh feirme an Aontais a shaothrú go horgánach faoi 2030. Faoi 2027, ba cheart thart ar 10 % de limistéar talmhaíochta an Aontais tacaíocht CSP a fháil don fheirmeoireacht orgánach (suas ó 5.6 % in 2020). Cuireann tacaíocht d’infheistíochtaí agus do chur chun cinn, chomh maith le hoiliúint agus comhairle do tháirgeoirí orgánacha, leis freisin. Le tionscnaimh chomhlántacha náisiúnta (a ghlactar laistigh de na pleananna gníomhaíochta náisiúnta maidir le táirgeadh orgánach) maidir le fothú acmhainneachta, forbairt margaidh agus soláthar poiblí, cuideofar le sprioc an Aontais a bhaint amach. Ar an leibhéal náisiúnta, tá na huaillmhianta a fógraíodh i ndáil leis an sprioc sin idir 5 % agus 30 % den talamh feirme.

Ranníocaíocht le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais

Léirítear leis na CSPanna acmhainneacht mhaith chun rannchuidiú le sprioc na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc chun laghdú 50 % a dhéanamh ar úsáid agus riosca lotnaidicídí ceimiceacha faoi 2030. Tá uainíocht barr éigeantach (a éilítear le coinníollacht fheabhsaithe) ag cuidiú le bainistíocht chomhtháite lotnaidí (BCL) a chur chun feidhme ar fud thalamh arúil uile an Aontais. Cuireann gnéithe eile coinníollachta (mar shampla, an cosc ar úsáid lotnaidicídí feadh uiscebhealaí, agus an ceanglas gnéithe talún agus tírdhreacha branair a choinneáil ar bun a chuidíonn le lotnaidí a chomhrac) go mór leis. Feabhsófar an laghdú trí scéimeanna deonacha spriocdhírithe (e.g. scéimeanna lena mbaineann éagsúlú agus uainíocht barr níos leithne, rialú bitheolaíoch, feirmeoireacht orgánach agus bheacht) ar 27 % de thalamh feirme an Aontais. Mar sin féin, d’fhéadfaí cuir chuige iomlánaíocha BCL a léiriú ar bhealach níos fearr. Tá coinne leis go gcomhlánófar na hiarrachtaí ar bhealach substaintiúil le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta.

Le rialacha coinníollachta feabhsaithe maidir le stráicí maoláin ar feadh uiscebhealaí agus bainistíocht ithreach, chomh maith le roinnt idirghabhálacha deonacha le haghaidh bainistíochta cothaitheach, cuideofar le sprioc na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc a bhaint amach chun caillteanais chothaithigh a laghdú faoina leath faoi 2030. Srianta ar úsáid leasachán agus tacaíocht chun feabhas a chur ar shláinte ithreach agus ar an sprioc torthúlachta 15 % de thalamh feirme an Aontais. Is minic a thacófar le srianta ar úsáid leasachán i limistéir Natura 2000. Leis an tacaíocht ó CSPanna chun éifeachtúlacht cothaitheach a mhéadú, lena n‑áirítear trí bhainistíocht aoiligh agus teicneolaíochtaí beaichte, tá coinne leis go ndéanfar úsáid leasachán a bharrfheabhsú. Mar sin féin, tá easpa béime ar shaincheisteanna den sórt sin i roinnt réimsí ina bhfuil caillteanais chothaithigh arda. Tá an rogha bearta a chúiteamh chun truailliú cothaitheach a chomhrac mar a leagtar síos faoin Treoir Réime maidir le hUisce ( 22 ) sách tearcúsáidte.

Tá dúshláin thábhachtacha fós ann i dtéarmaí stádas na bithéagsúlachta i dtalamh feirme. Leis an CBT sin, tugadh aird níos mó ar na dúshláin sin, mar a léirítear sa spás méadaithe don dúlra a éilítear faoi GAEC 8 nua agus trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a bheith rannpháirteach igcosaint dheonach nó in athbhunú deonach na bithéagsúlachta ar 31 % de thalamh feirme an Aontais (mar shampla, trí fhéarthailte a bhainistiú go forleathan, agus gnéithe tírdhreacha a choinneáil ar bun). Cuireann éiciscéimeanna níos leithne le gealltanais agra‑chomhshaoil‑aeráide atá spriocdhírithe níos mó ar shaincheisteanna nó ar limistéir go minic, agus d’fhéadfaí athruithe forleathana a dhéanamh, de réir a chéile, ar chleachtais ghinearálta feirme.

Ranníocaíocht le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais

Leis na CSPanna, rannchuidítear le láithreacht gnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta a mhéadú i dtreo sprioc na Straitéise Bithéagsúlachta 10 % den talamh talmhaíochta a bhaint amach faoi 2030. Is athrú suntasach í an oibleagáid neartaithe 4 % ar a laghad de thalamh arúil a thiomnú d’eilimintí neamhtháirgiúla do na Ballstáit sin agus d’fheirmeoirí a bhí ag brath ar limistéir tháirgiúla (barra fosaithe nítrigine agus barra breise) chun ‘glasú’ a chomhlíonadh in 2015-2022. Leis an riail féin (gan iarrachtaí breise, deonacha a chur san áireamh) d’fhéadfaí milliún heicteár breise ar a laghad a chur ar fáil don dúlra. Rannchuidíonn roinnt CSPanna a thuilleadh trí thacú le líonraí éiceolaíocha gnéithe nó trí infheistíocht a dhéanamh chun gnéithe tírdhreacha nua a chruthú (sa bhreis ar na gnéithe sin atá ann a choinneáil ar bun) - rud lena gcuirtear breisluach leis sin (go háirithe nuair a bhíonn tacaíocht den sórt sin nasctha le hoiliúint agus le comhairle). Ar an bhforiomlán, áfach, ní mór aird níos mó a thabhairt ar iarrachtaí den sórt sin.

Léirítear le gach CSP rannchuidiú de chineál éigin i dtreo na spriocanna a eascraíonn as Treoracha AE maidir le hÉin agus Gnáthóga.méadú 9 % tagtha ar limistéir dfhéarthalamh an Aontais atá cosanta in aghaidh an tiontaithe agus na treabhdóireachta, agus is é is aidhm do bhearta deonacha le haghaidh bainistíochta feabhsaithe 25 % de limistéir Natura 2000 a chumhdach. Cuideofar le scéimeanna spriocdhírithe i ndáil le speicis (e.g. bearta chun tacú le cómhaireachtáil le feoiliteoirí móra) nó athchóiriú gnáthóg le stádas fabhrach caomhantais a bhaint amach. Dfhéadfadh íocaíochtaí lena gcúitítear srianta i limistéir Natura 2000 (lena méadaítear glacadh na bhfaighteoirí leis na srianta) dul i bhfeidhm ar níos mó feirmeoirí cé go bhfuil deis ann fós a n‑úsáid a mhéadú a thuilleadh. Mar sin féin, dfhéadfaí leas níos fearr a bhaint as deiseanna chun tacú le gnáthóga agus speicis a chaomhnú agus leis an tacaíocht do ghníomhaíochtaí arna sainaithint sna creataí gníomhaíochta tosaíochta (PAFanna) ( 23 ).

Fiú má tá sé fós tearcfhorbartha i gcuid de Phleananna CBT, d’fhéadfadh comhar idir feirmeoirí ar scála tírdhreacha éifeachtaí na n‑idirghabhálacha a uasmhéadú. Tá coinne le tairbhí níos mó ó íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí a áirítear i roinnt CSPanna (i ndáil le féarthailte agus cluainte go príomha). Tá caomhnú pailneoirí fiáine le fáil níos mó in CSPanna ná mar a bhí sa tréimhse roimhe sin.

Aithnítear leis na CSPanna an ról atá ag bainistiú ilfheidhmeach agus inbhuanaithe ar fhoraoisí, ach níl tacaíocht foraoiseachta ina gcroílár. Tá tacaíocht airgeadais thiomnaithe sách íseal (EUR 4.2 billiún) toisc gur gnách leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar earnáil na foraoiseachta ar mhodhanna eile (e.g. státchabhair agus cistí foraoiseachta náisiúnta), agus níl roinnt CSPanna sainráite maidir le tacaíocht.

2.3.Creatlach sóisea‑eacnamaíoch na limistéar tuaithe agus leas ainmhithe a neartú

Bhí aon trian de bhainisteoirí feirme an Aontais os cionn 65 bliana d’aois in 2020 agus ba é 57 mbliana an mheánaois a bhí acu. Aithníonn na Ballstáit gur dúshlán é sin do shlándáil bia fhadtéarmach agus do shlite beatha tuaithe, agus go leanann siad de thacaíocht a thabhairt d’athnuachan ó ghlúin go glúin trí mheascán uirlisí, acmhainní tiomnaithe agus tosaíocht a thabhairt do thacaíocht. 

Leis na Pleananna tugtar tacaíocht do thart ar 377 000 feirmeoir óg chun gníomhaíochta talmhaíochta a bhunú. Is ionann sin agus méadú i bhformhór na mBallstát. Cé go sáraíonn an chuid is mó de na CSPanna uile an t‑íosmhéid maoinithe is gá, léirítear leis na dearbhmhéideanna airgeadaíochta is bonn taca leis an uaillmhian sin gur lean an tréimhse roimhe sin ar aghaidh. Mar sin féin, is féidir feabhsuithe níos inláimhsithe a fháil sna réimsí seo a leanas: acmhainní a spriocdhíriú; úsáid níos fearr as ionstraimí airgeadais; dearadh níos fearr ionstraimí aonair; agus ionstraimí a úsáid in éineacht le chéile, laistigh de chur chuige straitéiseach, le haghaidh éifeacht charnach.

Is dhá phríomhuirlis iad deontais a chur ar bun agus tacaíocht ioncaim thiomnaithe arna gcomhlánú i roinnt mhaith CSPanna le rátaí déine infheistíochta níos airde, cé go mbaintear úsáid theoranta as infheistíocht atá curtha i leataobh chun cuidiú le feirmeoirí óga feabhas a chur ar a n‑iomaíochas agus ar thacaíocht d’aistrithe feirme. Mar sin féin, le húsáid fheabhsaithe ionstraimí airgeadais chun deontais a chomhlánú, méadaítear an rochtain a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhaoiniú agus ar dheiseanna chun talamh a cheannach. Tá éagsúlacht sa tacaíocht chomhlántach d’fheirmeoirí óga ar fud na CSPanna ach cuirtear go mór leis na híocaíochtaí ioncaim bunúsacha agus cuireann sí go comhsheasmhach le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch a bhfeirmeacha.

thugtar aghaidh ach go páirteach sna Pleananna ar roinnt riachtanas sa réimse seo, agus tá gníomhaíochtaí beartaithe ar an leibhéal náisiúnta. Beidh ról lárnach ag an gcomhlántacht sin chun cuidiú le daoine óga dul isteach san fheirmeoireacht. Ba cheart do na Ballstáit an t‑idirghníomhú le beartais náisiúnta a bharrfheabhsú, i bhfianaise an róil shuntasaigh atá ag beartais eile maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin a chothú agus maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais i limistéir thuaithe (e.g. i ndáil le sláinte agus oideachas).

Cuireann sciar na talmhaíochta den fhostaíocht tuaithe atá ag dul i laghad i dtábhacht a thábhachtaí atá sé deiseanna a chruthú sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus in earnálacha eile, agus ar an mbealach sin borradh a chur faoin bhfiontraíocht agus faoin idirspleáchas idir limistéir thuaithe agus uirbeacha. Soláthraítear le thart ar thrian de na CSPanna tacaíocht maidir le bunú d’fheirmeoirí nua chun rochtain a éascú d’iontrálaithe nua i gcoitinne. Ina theannta sin, cuireann CSPanna acmhainní chun fostaíocht a chruthú in earnálacha eile, cé go bhfuil a rannchuidiú foriomlán le fás post sách teoranta. Áirítear ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe infheistíocht a dhéanamh ní hamháin i bpróiseáil agus i margaíocht, agus i gcruthú gnólachtaí a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht, ach sa turasóireacht, sa bhithgheilleagar agus i seirbhísí sóisialta freisin. Tá gá le cistí eile de chuid an Aontais chun leanúint de mhaoiniú CBT a chomhlánú i ndáil leis sin.

Leis an gcoinníollacht shóisialta nua, tugtar cosaint do dhálaí fostaíochta cuibhiúla agus cuirtear leis an gcuimsiú sóisialta freisin. Is féidir íocaíochtaí CBT a laghdú mura gcomhlíonann tairbhithe rialacha áirithe maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha agus sábháilteacht agus sláinte ceirde. Tá an ghné sin coinníollachta á cur i bhfeidhm cheana féin ag roinnt Ballstát in 2023 agus beidh sé éigeantach do gach Ballstát in 2025.

comhionannas inscne den chéad uair ina chuid de cheann amháin de chuspóirí sonracha CBT. Léirítear i roinnt Pleananna tiomantas dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin trí choinníollacha ábhartha tacaíochta a chur san áireamh (agus an tacaíocht atá i gceist á spriocdhíriú ar an mbealach sin), agus trí rannpháirtíocht na mban i ngníomhaíochtaí feirmeoireachta agus forbartha tuaithe a dhreasú.

Tá straitéisí forbartha áitiúla (LDS) a chuirtear chun feidhme trí LEADER ina bpríomhuirlis (agus an t‑aon uirlis amháin de ghnáth) a úsáidtear sna CSPanna chun freagairt do riachtanais iomadúla na limistéar tuaithe i réimsí amhail fostaíocht, cuimsiú sóisialta, seirbhísí tuaithe, agus nuálaíocht agus iomaíochas na ngeilleagar tuaithe. Le tacaíocht do “shráidbhailte cliste” laistigh agus lasmuigh de LEADER, tá coinne leis go mbainfear leas as acmhainneacht na nuálaíochta digití, sóisialta agus teicneolaíochta i limistéir thuaithe. Tá sciar níos airde de chistí forbartha tuaithe tiomnaithe do straitéisí críochacha, ach tá laghdú tagtha ar na dearbhmhéideanna a shanntar do LEADER agus tá méadú tagtha ar an uaillmhian fhoriomlán i dtéarmaí daonra na tuaithe a chumhdach. Tá coinne leis go ndéanfaidh LEADER níos mó le níos lú. Tá gá le hiarrachtaí breise a chomhlánóidh an uirlis sin.

Ranníocaíocht le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais

Is iad cistí agus cláir eile a bhfuil acmhainní suntasacha airgeadais acu, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, na príomhrannchuiditheoirí maidir leis an sprioc ón bhFeirm go dtí an Forc a chur chun cinn maidir le nascacht leathanbhanda 100 % i limistéir thuaithe. Cuidíonn roinnt CSPanna freisin (go pointe teoranta) feabhas a chur ar scileanna digiteacha agus ar bhonneagar ar mionscála.

Le roinnt Pleananna tugadh iarrachtaí isteach nó méadaíodh a n‑iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a bhaineann le hinrochtaineacht limistéar tuaithe, seirbhísí bunúsacha agus bonneagar níos fearr, ach thit leibhéal na huaillmhéine ar an bhforiomlán. Níl ach líon beag gníomhaíochtaí beartaithe chun dul i ngleic le soghluaisteacht tuaithe (eisiamh) agus le dícharbónú an iompair tuaithe. Tá gá freisin le tacaíocht leanúnach ó chistí eile de chuid an Aontais agus ó chistí náisiúnta eile a oibríonn i limistéir thuaithe.

Tá béim nua sa CBT ar dhúshláin inbhuanaitheachta na gcóras bia. Léirítear leis na CSPanna uaillmhian níos mó maidir le leas ainmhithe, tacaíocht pleanála a shroich 23 % daonaid bheostoic an Aontais ( 24 ) a bhfuil EUR 6.3 billiún ar a laghad mar bhonn taca leo (seachas tacaíocht infheistíochta) – méadú ar an tréimhse roimhe atá suntasach go leor i roinnt Ballstát. Sna na Pleananna, freagraítear do mholtaí 2020 ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar leas ainmhithe, agus gníomh á dhéanamh ag an gcuid is mó acu, go pointe áirithe ar a laghad, chun sciotadh eireaball muc a chosc agus chun córais tithíochta gan chaighin a chur chun cinn le haghaidh béaróg. Le formhór na CSPanna, leithdháiltear acmhainní chun feabhas a chur ar spásanna maireachtála ainmhithe agus ar chúinsí tithíochta. Tacaíonn siad freisin le cleachtais innilte lasmuigh in earnálacha na déiríochta, na mairteola agus na laofheola. Is féidir le cuid de na bearta sin cuidiú leis an spleáchas ar fhrithmhiocróbacha a laghdú freisin.

Ranníocaíocht le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais

rannchuidiú na CSPanna le sprioc na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc teoranta maidir le húsáid frithmhiocróbach a laghdú faoina leath. Téitear i ngleic leis sin lasmuigh de na Pleananna den chuid is mó, go háirithe le reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus beatha íocleasaithe ( 25 ). Mar sin féin, leag roinnt Ballstát ina bhfuil leibhéil arda díolacháin ábhar frithmhiocróbach le haghaidh beostoic spriocanna níos airde amach ina CSPanna chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin in earnálacha ainmhithe éagsúla, trí chleachtais dheonacha agus trí infheistíocht dheonach.

Tugann roinnt CSPanna aird ar chur amú bia a laghdú, in éineacht le hiarrachtaí luach na n‑acmhainní a chaomhnú uaireanta - trí infheistíochtaí, cláir earnála agus comhar. Sainaithnítear i roinnt pleananna freisin riachtanais a bhaineann le feasacht tomhaltóirí maidir le haistí bia atá inbhuanaithe, sláintiúil agus cothrom. Meastar, áfach, go bhfuiltear le dul i ngleic leis na saincheisteanna sin lasmuigh de na Pleananna den chuid is mó.

2.4. Eolas, nuálaíocht agus digitiú a chothú

Aithnítear sna Pleananna an ról atá ag córas dea‑fheidhmiúil eolais agus nuálaíochta talmhaíochta (AKIS) maidir leis an earnáil a nuachóiriú, lena gcumasaítear córas rialachais éifeachtach lena n‑áirithítear naisc idir taighde (lena n‑áirítear Fís Eorpach) agus cleachtas.

Tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar chomhroinnt eolais agus ar nuálaíocht. Cé go bhfuil céimeanna éagsúla i gceist, tacaíonn na Pleananna uile le malartú eolais agus áirítear ar beagnach gach plean tacaíocht do thionscadail nuálaíochta atá mar bhonn taca faoi chuspóirí sonracha uile CBT trí EIP-AGRI ( 26 ), agus tá coinne leis go dtiocfaidh méadú faoi thrí ar líon na nGrúpaí Oibríochta EIP i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimhe seo. Beidh cuid mhór den chomhairle agus den oiliúint spriocdhírithe ar acmhainneacht, eolas agus nuálaíocht a bhaineann le hinbhuanaithe comhshaoil. Is cosúil, áfach, nach bhfuil an leithdháileadh airgeadais atá beartaithe ag teacht leis an raon leathan riachtanas atá le comhlíonadh chun an claochlú a luasghéarú.

Tá iarrachtaí sonracha beartaithe chun tacú le talmhaíocht atá níos tíosaí ar acmhainní agus bunaithe ar eolas trí fheirmeoireacht bheacht, comhar agus malartú eolais maidir le saincheisteanna digiteacha. Mar sin féin, i gcomparáid leis na dúshláin atá os comhair feirmeacha beaga agus meánmhéide, tá na hiarrachtaí ó CSPanna chun úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh sách teoranta go fóill.

3.CONCLÚIDÍ

Deimhnítear leis an measúnú sin an ról tábhachtach atá ag CBT athchóirithe maidir le tacú le talmhaíocht an Aontais san aistriú chuig samhail feirmeoireachta inbhuanaithe, agus tacaíocht á tabhairt d’ioncam feirmeoirí agus don tslándáil bia.

Is uirlis iomchuí iad pleananna straitéiseacha nua CBT chun cuspóirí beartais CBT a shaothrú ar bhealach comhtháite de réir mar a úsáideann na Ballstáit iad chun freagairtí ar na dúshláin ar fud a gcríoch a ullmhú agus a sholáthar, agus tosaíocht á tabhairt do chuspóirí agus d’úsáid na n‑acmhainní atá ar fáil ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Léirítear sna Pleananna tacaíocht leanúnach d’ioncam feirme, d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus d’athléimneacht na hearnála talmhaíochta ar fud an Aontais. Príomheilimintí d’inmharthanacht na feirmeoireachta agus na slándála bia san Aontas is ea tacaíocht ioncaim dhírigh choinníollach mar aon le hinfheistíochtaí sa nuachóiriú. Ní mór leanúint d’aird a thabhairt ar a n‑éifeachtacht agus ar a spriocdhíriú.

Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar theagmhais adhaimsire agus ar éiginnteachtaí geopholaitiúla domhanda, tá gá le huirlisí bainistíochta riosca a threisiú agus le glacadh méadaithe na n‑uirlisí sin ar fud an Aontais trí scéimeanna an Aontais nó scéimeanna náisiúnta, ar cheart bearta réamhghníomhacha a bheith ag gabháil leo chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna agus athléimneacht feirme a mhéadú sa mheántéarma. An tráth céanna, beidh sé ríthábhachtach béim níos láidre a leagan ar bhrabúsacht feirmeacha, ar an nuálaíocht, ar an teicneolaíocht agus ar an digitiú agus ar oiliúint, ar chomhairle agus ar rochtain ar eolas.

Léirítear sna Pleananna go bhféadfaí rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide, go háirithe trí cheapadh carbóin a fheabhsú, agus tá gá le cur chuige níos iomlánaíche agus níos fadtéarmaí lena n‑éilítear cleachtais bhainistíochta agus infheistíocht ábhartha mar gheall ar na dúshláin maidir leis an oiriúnú don aeráid.

Léirítear sna Pleananna an dul chun cinn atá déanta maidir le bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, go háirithe maidir leis an ithir agus spleáchas ar ionchuir cheimiceacha a laghdú. D’fhéadfaí tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh maidir le húsáid inbhuanaithe uisce agus astaíochtaí truailleán aeir. Baineann an poitéinseal leis na Pleananna freisin rannchuidiú le caillteanas bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú. Mar sin féin, mar gheall ar scála na riachtanas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, tá gá le cumhdach níos fearr ar scéimeanna a bhfuil níos mó gealladh fúthu (go háirithe maidir le talamh an Aontais a shaothraítear ar bhealach níos déine) a bhfuil tacaíocht airgeadais leordhóthanach mar bhonn taca leo.

Beidh gá le cuir chuige níos iomlánaíche maidir le hearnálacha sonracha, lena gcuimseofar a leochaileachtaí agus a dtairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil: mar shampla, chun cuidiú le feirmeoireacht bheostoic leanúint d’astaíochtaí a laghdú agus feabhas á chur ar thionchar dearfach na gcóras beostoic fairsing ar an mbithéagsúlacht, ar cheapadh carbóin, ar thírdhreacha, ar oidhreacht chultúrtha agus ar shlite beatha tuaithe.

Tá gá le tuilleadh oibre chun tacú le cainníochtú thionchair na gcleachtas agus na n‑infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSP; tá an Coimisiún ag obair chun na modheolaíochtaí ábhartha a fhorbairt chun meastachán a dhéanamh ar thionchair aeráide bhearta CSP.

Leis an bhfócas nua ar dhálaí oibre na feirme agus aird á tabhairt ar éagothroime inscne, cuidíonn na Pleananna le hinbhuanaitheacht shóisialta a chur chun cinn. Léiríonn na Pleananna freisin iarrachtaí chun an fheirmeoireacht a athbheochan - le glúin níos óige agus iontrálaithe eile ó lasmuigh den earnáil feirmeoireachta. Tá níos mó airde á tabhairt freisin ar leas ainmhithe.

Bheadh spleáchas mór ar LEADER agus ar shráidbhailte cliste a fhorbairt chun éagothromaíochtaí forbartha a laghdú mar gheall ar ionchais níos mó maidir le freagairtí ar réimse leathan riachtanas socheacnamaíoch na limistéar tuaithe. Beidh comhlántachtaí le cistí eile de chuid an Aontais agus le cistí náisiúnta agus le reachtaíocht ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin a thuilleadh ( 27 ).

Beidh toradh na CSPanna ag brath den chuid is mó ar leibhéal rannpháirtíochta an phobail feirmeoireachta. Tá gá le haird ar leith chun ráta ard úsáide cleachtas feirmeoireachta inbhuanaithe deonach a áirithiú (i.e. éiciscéimeanna agus idirghabhálacha forbartha tuaithe), go háirithe toisc go bhfuil sé dúshlánach leibhéil tacaíochta leordhóthanacha a áirithiú i bhfianaise brú boilscitheach agus costas deiseanna méadaitheach. Tá sé fíor-riachtanach freisin eolas agus nuálaíocht a roinnt. 

Tá an dul chun cinn foriomlán i dtreo chuspóirí CBT agus ar deireadh thiar i dtreo spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais ag brath freisin ar rialacha agus/nó tacaíocht airgeadais lasmuigh de raon feidhme na CSPanna, chomh maith le fachtóirí seachtracha eile amhail éabhlóid na margaí agus roghanna tomhaltóirí.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit chun cur chun feidhme rianúil na CSPanna a ráthú, chun uaillmhian fhoriomlán na bPleananna a choinneáil ar bun agus chun teacht ar réitigh iomchuí chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na gcuspóirí.

Chun acmhainneacht CSPanna a chomhlíonadh le linn cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar na nithe seo a leanas: scileanna, oiliúint agus cáil chomhairleach a threisiú ar gach leibhéal; malartuithe dea‑chleachtas a chothú chun na Ballstáit agus páirtithe leasmhara a threorú ar bhealach níos fearr; ualach riaracháin idirghabhálacha sonracha a laghdú; agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí (chomh maith le Pleananna a choigeartú i gcás inar gá).

(1) () Féach an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT (CSP) ( Rialachán (AE) 2021/2115 ).
(2) () Ag an gcéim sin, deisigh an Coimisiún moltaí do gach Ballstát, féach COM(2020) 846 final .
(3) () Pleananna Straitéiseacha CBT (europa.eu)
(4) () COM(2020) 381 final agus COM(2020) 380 final , faoi seach.
(5) () Airteagal 100 de Rialachán CSP.
(6) () Féach Airteagal 141(2) agus aithris 124 de Rialachán CSP.
(7) () Tá Plean Straitéiseach amháin ag gach Ballstát, cé is moite den Bheilg, a bhfuil dhá phlean aici: ceann le haghaidh Flóndras agus ceann le haghaidh na Vallúine.
(8) ()    Féach 28 bPlean Straitéiseacha CBT formheasta (2023-2027), Forbhreathnú achomair le haghaidh 27 mBallstát, Fíricí agus figiúirí , 2023.
(9) ()    (Ecorys et al., 2023) Mapáil agus Anailís Phleananna Straitéiseacha faoi CBT, Measúnú ar iarrachtaí comhpháirteacha le haghaidh 2023-2027 .
(10) ()    Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1317 ón gCoimisiún . Chuir na Ballstáit uile ach amháin dhá Bhallstát na maoluithe i bhfeidhm. As na Ballstáit sin, mhaolaigh dhá Bhallstát ar uainíocht barr amháin.
(11) () In 2023, fuair an Coimisiún 18 dtogra le haghaidh leasuithe cheana féin, ó 15 Bhallstát. Faoin 4 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún naoi leasú cheana féin.
(12) ()     COM(2021) 815 final
(13) ()    Airteagail 134, 140 agus 141 de Rialachán CSP.
(14) ()    Is éard atá sa choinníollacht na Ceanglais Reachtúla Bainistíochta (CRBanna) faoi reachtaíocht an Aontais lasmuigh de CBT agus na caighdeáin maidir le dea‑riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (GAECanna) faoi reachtaíocht CBT.
(15) ()    Féach Íocaíochtaí i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu– Forbhreathnú agus gnéithe socheacnamaíocha agus comhshaoil na feirmeoireachta i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu bunaithe ar shonraí LSCF , Iúil 2023, an Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, an Bhruiséil.
(16) ()    Earnálacha seachas earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na beachadóireachta, earnáil an fhíona, earnáil na leannlusanna, earnáil na hola olóige agus earnáil na hológa boird.
(17) ()    Tá feidhm ag caighdeáin maidir le scaireanna éagsúla talún de réir a gcuspóra shonraigh.
(18) ()    Áirítear leis sin tacaíocht leasa ainmhithe.
(19) ()    Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht; féach téacs comhdhlúite de Rialachán LULUCF ( Rialachán (AE) 2018/841 ).
(20) ()    Féach téacs comhdhlúite den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ( Rialachán (AE) 2018/842 ).
(21) ()    De bhun Airteagal 120 de Rialachán CSP.
(22) ()    Féach téacs comhdhlúite Treoir 2000/60/CE .
(23) ()    De bhun Airteagal 8 den Treoir maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE ón gComhairle) le haghaidh na tréimhse 2021‑2027 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil .
(24) ()    Nuair a chuirfear an tacaíocht chun feidhme, beifear ar an eolas faoi dhifreáil iarbhír na tacaíochta de réir speicis shonracha, chomh maith le sonraí breise maidir leis na cleachtais a dtacaítear leo.
(25) ()    Féach téacs comhdhlúite de Rialachán (AE) 2019/6 agus de Rialachán (AE) 2019/4 faoi seach.
(26) ()    An chomhpháirtíocht nuálaíochta Eorpach um thairgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta.
(27) () Áireofar i dtuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir leis an bhfís fhadtéarmach do limistéir thuaithe an Aontais machnaimh ar conas tacaíocht le haghaidh limistéir thuaithe a fheabhsú.
Top