AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.10.2023
COM(2023) 680 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha
1. Réamhrá agus Bunús Dlí
Le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha
(dá ngairtear ‘Rialachán POPanna’ anseo feasta), cuirtear chun feidhme Coinbhinsiún Stócólm ar thruailleáin orgánacha mharthanacha (‘Coinbhinsiún Stócólm’), a síníodh an 23 Bealtaine 2001 agus a formheasadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle
. Ina theannta sin, le Rialachán POPanna, cuirtear chun feidhme an Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Prótacal’), a d’fhormheas an tAontas an 19 Feabhra 2004
. Leagtar síos i Rialachán POPanna na bearta chun scaoileadh a laghdú nó a dhíchur ó tháirgeadh agus úsáid d’aon ghnó agus ó tháirgeadh neamhbheartaithe truailleán orgánach marthanach.
Le hAirteagal 15(1) de Rialachán POPanna, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán seo chun Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun iad a oiriúnú d’athruithe ar an liosta substaintí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún nó leis an bPrótacal, ar an mbonn gur thacaigh an tAontas leis an athrú lena mbaineann trí bhíthin cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE, nó chun iontrálacha nó forálacha atá ann cheana féin in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo a choigeartú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Tá an tuarascáil seo chun an oibleagáid a leagtar síos don Choimisiún le hAirteagal 18(2) de Rialachán POPanna a chomhlíonadh. Ceanglaítear le hAirteagal 18(2) ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún le Rialachán POPanna. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh thréimhse 5 bliana an tarmligin, agus é ar siúl ón 15 Iúil 2019. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2. An tarmligean a fheidhmiú
Le linn na tréimhse a bhaineann leis an tuarascáil seo, ghlac an Coimisiún sé ghníomh tarmligthe chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán POPanna a leasú. Glacadh na gníomhartha tarmligthe sin ar bhonn Airteagal 15(1) de Rialachán POPanna.
Glacadh na gníomhartha seo a leanas:
2.1. Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún
An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun mionsonraí an liostaithe d’aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFOA i gCuid A d’Iarscríbhinn I a chinneadh, go háirithe na díolúintí, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de ghrúpa saineolaithe arbh é a bhí ann ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát le haghaidh Rialachán POPanna, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an tionscal agus an tsochaí shibhialta (‘Grúpa Saineolaithe POPanna’ anseo feasta
) i gcruinnithe an 13 Meitheamh 2019 agus an 26 Samhain 2019. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa POPanna maidir leis an dréacht-Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh an dara cruinniú. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 8 Aibreán 2020 agus thug sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán POPanna. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2020 agus tá feidhm aige ón 4 Iúil 2020.
2.2. Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1203 ón gCoimisiún
An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun na modhnuithe ar an iontráil d’aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a dhíorthaigh (PFOS) i gCuid A d’Iarscríbhinn I a chinneadh, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de Ghrúpa Saineolaithe POPanna i gcruinnithe an 13 Meitheamh 2019 agus an 26 Samhain 2019. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa POPanna maidir leis an dréacht-Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh an dara cruinniú. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 9 Meitheamh 2020 agus thug sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán POPanna. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1203 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2020 agus tá feidhm aige ón 7 Meán Fómhair 2020.
2.3 Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1204 ón gCoimisiún
An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun mionsonraí maidir le liostú déchófóil i gCuid A d’Iarscríbhinn I a chinneadh, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de Ghrúpa Saineolaithe POPanna i gcruinniú an 26 Samhain 2019. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa POPanna maidir leis an dréacht-Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh an gcruinniú. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 9 Meitheamh 2020 agus thug sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán POPanna. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1204 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2020 agus tá feidhm aige ón 7 Meán Fómhair 2020.
2.4 Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/115 ón gCoimisiún
An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun na modhnuithe ar an iontráil d’aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFOA i gCuid A d’Iarscríbhinn I a chinneadh, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de Ghrúpa Saineolaithe POPanna i gcruinnithe an 9 Meitheamh 2020 agus 24 Samhain 2020. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa POPanna maidir leis an dréacht-Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh an dara cruinniú. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 27 Samhain 2020 agus thug sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán POPanna. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/115 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2021 agus tá feidhm aige ón 22 Feabhra 2021.
2.5 Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/277 ón gCoimisiún
An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun na modhnuithe ar an iontráil do pheinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir i gCuid A d’Iarscríbhinn I a chinneadh, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de Ghrúpa Saineolaithe POPanna i gcruinnithe an 26 Samhain 2019, an 9 Meitheamh 2020 agus an 24 Samhain 2020. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa POPanna maidir leis an dréacht-Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh an tríú cruinniú. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 16 Nollaig 2020 agus thug sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán POPanna. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/277 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 agus tá feidhm aige ón 15 Márta 2021.
2.6 Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2291 ón gCoimisiún
An cur chuige a leanadh sa ghníomh tarmligthe chun na modhnuithe ar an iontráil do heicseaclóraibeinséin i gCuid A d’Iarscríbhinn I a chinneadh, bhí sé faoi réir plé agus comhairliúchán laistigh de Ghrúpa Saineolaithe POPanna i gcruinnithe an 8 Meitheamh 2021, an 23 Samhain 2021 agus an 2 Meitheamh 2022. Chuathas i gcomhairle le Sainghrúpa POPanna maidir leis an dréacht-Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún, a cuireadh ar fáil roimh na cruinnithe. Ghlac an Coimisiún an gníomh tarmligthe an 8 Meán Fómhair 2022 agus thug sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní dhearna ceachtar den dá institiúid agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán POPanna. Foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2291 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 agus tá feidhm aige ón 13 Nollaig 2022.
2.7 Cumhachtaí tarmligthe nár úsáideadh le linn na tréimhse tuairiscithe
Níor feidhmíodh cumhachtaí tarmligthe Rialachán POPanna chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 4(3) agus 10(2) le linn na tréimhse tuairiscithe ós rud é nach raibh aon iarraidh ó na Ballstáit monarú agus úsáid substainte a cheadú mar chóras idirmheánach iata teoranta do shuíomh i gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus ós rud é nach raibh aon ghá leis an liosta substaintí atá faoi réir faireachán éigeantach a athrú i gcomhréir le hAirteagal 10(2). Ós rud é go bhféadfadh athrú teacht ar an gcás tráth ar bith, tá sé tábhachtach an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndéantar Rialachán POPanna a oiriúnú chun na forbairtí sin a léiriú.
3. Conclúid
Le linn na tréimhse tuairiscithe sin, d’fheidhmigh an Coimisiún na cumhachtaí tarmligthe dá bhforáiltear i Rialachán POPanna sé huaire agus faoin mbunús dlí dá dtagraítear thuas. Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart na cumhachtaí tarmligthe a thugtar le hAirteagail 4(3), 10(2) agus 15(1) a shíneadh go hintuigthe, lena n–áirítear na cumhachtaí sin nár feidhmíodh go fóill ós rud é gur féidir leis an ngá Rialachán POPanna a leasú chun forbairtí a léiriú i gcomhréir le hAirteagail 4(3) nó 10(2) tarlú ag am ar bith. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le cur chun feidhme Rialachán POPanna agus tá dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á dhéanamh. Ní mór forbairtí i ndlí an Aontais agus faoin gCoinbhinsiún a léiriú agus is gá na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán POPanna a oiriúnú dá réir. Dá bhrí sin, beidh sé de cheangal ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe breise a ghlacadh amach anseo chun an creat dlíthiúil a choimeád cothrom le dáta.
Comhlíonann an Coimisiún an ceanglas tuairiscithe faoi Airteagal 18(2) de Rialachán POPanna agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil sin a thabhairt dá n–aire.