Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0659

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA maidir le cur in aghaidh na mbagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le dróin

    COM/2023/659 final

    An Bhruiséil,18.10.2023

    COM(2023) 659 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    maidir le cur in aghaidh na mbagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le dróin


    I. Réamhrá

    Leis an Teachtaireacht seo leagtar amach beartas an Aontais maidir le cur in aghaidh na mbagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar chórais neamh‑chomhoibríocha aerárthaí gan foireann (UAS), ar a dtugtar ‘dróin’ de ghnáth. Tá sí mar chuid de phacáiste pacáiste frithdhrón níos leithne lena gcuimsítear dhá lámhleabhar freisin, lena soláthraítear treoraíocht phraiticiúil maidir le príomhghnéithe teicniúla an bheartais sin. Fógraíodh an pacáiste sin mar ghníomhaíocht shuaitheanta faoin Teachtaireacht ón gCoimisiún Straitéis maidir le Dróin 2.0 le haghaidh Éiceachóras Aerárthaí Cliste agus Inbhuanaithe gan Foireann san Eoraip 1 . Leis an Teachtaireacht seo freagraítear don ghá: (i) creat beartais cuimsitheach agus comhchuibhithe a sholáthar; (ii) comhthuiscint a thógáil ar nósanna imeachta is infheidhme chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn go leanúnach agus a d’fhéadfadh a bheith ag baint le dróin; agus (iii) na forbairtí meara sa teicneolaíocht a chur san áireamh.

    A.Creat an Aontais maidir le dróin a chomhlánú

    Tá úsáid dhlisteanach na ndrón ina príomhchuid den chonair i dtreo na n‑aistrithe dúbailte glasa agus digiteacha, mar a leagtar amach sa ‘Straitéis maidir le Dróin 2.0’ ón Aontas. Tá ról tábhachtach acu go háirithe i réimsí an iompair, na cosanta, na tráchtála, agus seirbhísí. Tá coinne leis go dtiocfaidh fás suntasach ar an líon drón atá in úsáid san Aontas sna blianta atá le teacht, agus cuirfear feabhas mór orthu i dtéarmaí luais, lúfaireachta, raon uasta, cumais phálasta, beachtas braiteoirí agus úsáid intleachta saorga. Is é a thiocfaidh as na forbairtí sin réimsí níos leithne úsáidí dlisteanacha agus dleathacha le haghaidh drón. Mar sin féin, chun an acmhainneacht sin a bhaint amach, is gá aghaidh a thabhairt ar an mbagairt fhéideartha is féidir a bheith ag baint le dróin neamh‑chomhoibríocha. Tá drón neamh‑chomhoibríoch le sainmhíniú de réir chineál an neamh‑chomhoibrithe lena bhféadfaí sárú coiriúil, neamhdhleathach (sárú rialála beartaithe) nó amaitéarach (sárú aineolach, neamh‑aireach) a áireamh.

    Leis an Teachtaireacht seo tugtar aghaidh ar bhagairtí a bhaineann le dróin atá deartha don úsáid shibhialta, agus féachtar leis an Teachtaireacht le dul i ngleic le bagairtí ó na dróin sin i dtimpeallacht shibhialta. Cé nach ndírítear leis an Teachtaireacht seo ar dhróin atá deartha chun críoch cosanta, tá idirnaisc éagsúla ann le réimse na cosanta fós. Ar na naisc sin áirítear úsáid fhéideartha na ndrón beag atá deartha ag coirpigh nó sceimhlitheoirí chun críoch cosanta, chomh maith leis na sineirgí idir teicneolaíochtaí chun cur in aghaidh drón. D’fhéadfadh dróin atá deartha chun críoch cosanta a bheith san aerspás céanna le dróin shibhialta, agus sna cásanna sin is gá dóibh a bheith in‑sainaitheanta ag údaráis inniúla le haghaidh na feasachta staide.

    Baineann raon feidhme na Teachtaireachta seo go sonrach le cur in aghaidh na mbagairtí féideartha a bhaineann le dróin. Dá bhrí sin, ní hé is aidhm di cumhdach a dhéanamh ar an ngné níos leithne den ról atá ag dróin i réimse na slándála inmheánaí, is é sin a n‑úsáid le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, na slándála poiblí nó na sábháilteachta poiblí.

    Is iad údaráis na mBallstát atá freagrach go príomha as cur in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le dróin neamh‑chomhoibríocha. Mar sin féin, tairbhíonn na Ballstáit freisin de ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, rud a fhágann go bhfuil comhar agus comhordú níos indéanta sna bealaí agus sna huirlisí difriúla a úsáidtear chun na críche sin. Dá bhrí sin, leis an Teachtaireacht seo cuirtear gníomhaíochtaí éagsúla chun cinn a bhaineann le tógáil pobail agus le comhroinnt faisnéise. Tá tacaíocht á tabhairt do na Ballstáit léi freisin trí threoraíocht, oiliúint, cistiú agus nósanna imeachta oibríochta.

    Teagmhais a d’fhéadfadh a bheith contúirteach lena mbaineann dróin, tháinig siad chun bheith níos coitianta – laistigh den Aontas agus lastall dá theorainneacha araon. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin a éascú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis phoiblí eile san Aontas agus oibreoirí bonneagair chriticiúil réitigh frithdhrón fhisiceacha nó dhigiteacha a ghlacadh. Ach beartas frithdhrón de chuid an Aontais a tharraingt suas cuideofar le nósanna imeachta a neartú chun éifeachtúlacht réiteach nua atá ar fáil a thástáil, agus úsáid spriocdhírithe an taighde agus na nuálaíochta sa réimse sin a éascú. Ach an beartas frithdhrón sin a tharraingt suas, tá an Coimisiún ag cuidiú le margadh AE a neartú le haghaidh réitigh frithdhrón. Leis sin réiteofar an bealach le haghaidh uathriail straitéiseach mhéadaithe agus ceannasacht theicneolaíoch le haghaidh an Aontais, lena n‑áirítear i réimsí teicneolaíochtaí criticiúla. Leis sin cothófar inniúlachtaí Eorpacha chun réitigh cheannródaíocha a fhorbairt i réimse na cosanta, an aeraspáis agus na slándála sibhialta agus laghdófar an spleáchas ar sholáthróirí neamh‑Eorpacha. Leis sin cuirfear le torthaí an mheasúnaithe ar spleáchais ar theicneolaíocht chriticiúil 2  agus soláthrófar tuilleadh sonraí agus anailíse. Déanfar an méid seo a leanas leis freisin: (i) tabharfar faisnéis le haghaidh thuiscint an Choimisiúin ar úsáid na dteicneolaíochtaí criticiúla agus ar spleáchais ar sholáthróirí neamh‑Eorpacha; agus (ii) soláthrófar forbhreathnú fónta ar leibhéal an spleáchais.

    Thairis sin, d’fhonn cur in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le dróin neamh‑chomhoibríocha ó thaobh údarás poiblí de is den tábhacht freisin: (i) creataí agus nósanna imeachta soiléire agus comhchuibhithe a bheith i bhfeidhm; (ii) údarás soiléir a thabhairt do pháirtithe leasmhara freagracha poiblí agus príobháideacha le hidirghabháil a dhéanamh in aghaidh dróin neamh‑chomhoibríocha; agus (iii) comhar a éascú idir páirtithe leasmhara nach bhfuil taithí acu i gcónaí ar a bheith ag obair le chéile (forfheidhmiú an dlí, údaráis eitlíochta sibhialta, oibreoirí, monaróirí, oibreoirí líonra mhóibíligh). Leis an Teachtaireacht seo cuirtear gníomhaíochtaí chun tosaigh chun: (i) comhthuiscint a fhorbairt ar na nósanna imeachta is infheidhme le linn a bheith ag déileáil le bagairtí a bhaineann le dróin; agus (ii) riachtanais fhéideartha ó thaobh bearta comhchuibhithe agus rialála a shainaithint

    B. Aghaidh a thabhairt ar bhagairt atá ann faoi láthair – agus atá ag teacht chun cinn go mear

    Le Straitéis an Aontais um an ‘Aontas Slándála’ 3 agus leis an gClár Oibre don Fhrithsceimhlitheoireacht 4 araon cuirtear i dtábhacht gur ábhar imní tromchúiseach san Eoraip é bagairt na ndrón neamh‑chomhoibríoch.

    Tá méadú ar an riosca slándála a bhaineann leis na hacmhainneachtaí atá ag dróin, acmhainneachtaí atá ag forbairt go tapa. Le blianta beaga anuas, nochtadh pleananna chun iarracht a dhéanamh úsáid a bhaint as dróin le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta 5 . Fuarthas radhairc freisin ar dhróin amhrasacha timpeall bonneagar criticiúil, amhail saoráidí fuinnimh, aerfoirt, agus calafoirt, lena léirítear mí‑úsáid fhéideartha na ndrón don bhailiú faisnéise naimhdeach. Úsáideann coirpigh a ghabhann don smuigléireacht thar theorainneacha dróin, nó úsáideann siad iad chun oibríochtaí aindleathacha eile a éascú, lena n‑áirítear an gháinneáil ar dhrugaí. Thairis sin, is féidir go mbeidh dróin ina bhfoinse cibir‑rioscaí, mar shampla má úsáidtear iad le haghaidh na taiscéalaíochta digití. Bagairtí a bhaineann le dróin, is amhlaidh nach fadhb theicniúil amháin é sin. Sa lá atá inniu ann, is féidir formhór na ndrón atá deartha chun críoch sibhialta a bhrath agus a shainaithint, ach tá sé fós an‑dúshlánach dul i ngleic leo nó iad a neodrú (i.e. smacht a fháil orthu, tuirlingt a dhéanamh go slán, nó iad a thabhairt go talamh), agus is é is cúis leis sin go minic an easpa údaraithe dhlíthiúil déanamh amhlaidh. Is fíor sin go háirithe le haghaidh oibreoirí príobháideacha bonneagair chriticiúil. Dá bhrí sin, ba cheart cur in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le dróin a chur san áireamh i measúnuithe riosca amach anseo faoin Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil 6 .

    Éiríonn cás na bagartha níos soiléire fós fad atáthar ag breathnú ar theagmhais i dtíortha atá gar don Aontas agus i gcodanna eile den domhan. Bhí dróin ina n‑ardán dé‑úsáide costéifeachtúil agus éifeachtach lenar cuireadh borradh faoi nuálaíocht na cosanta i gcogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Maidir le húsáid na drón atá deartha chun críoch sibhialta le haghaidh ionsaithe scriosacha i gcoinbhleachtaí armtha eile fiú (amhail in Éimin nó sa tSiria) is feiniméan é sin ar dócha go mbeidh impleachtaí aige ar shlándáil inmheánach an Aontais. Mar gheall ar modus operandi grúpaí sceimhlitheoireachta agus na scileanna feabhsaithe ó thaobh ‘dróin as an siopa’ a úsáid, d’fhéadfadh an bhagairt teacht chomh fada lenár dteorainneacha. Is é an dála céanna é i gcás úsáid na ndrón le haghaidh iarrachtaí spriocdhírithe ar fheallmharú 7 .

    Mar sin féin, ní in aghaidh úsáid mhailíseach spriocdhírithe amháin a bhfuil gá le réitigh frithdhrón. Tá gá leo freisin chun teagmhais a cruthaíodh de thoradh faillí nó na meargántachta a chosc. Formhór na n‑úsáideoirí drón san Aontas (go háirithe cianphíolótaí gairmiúla ceadúnaithe nó píolótaí fóillíochta eagraithe) comhlíonann siad na rialacha, na rialacháin agus na srianta teicniúla atá ann cheana. Dá ainneoin sin, tá úsáideoirí drón aineolacha, neamh‑aireacha agus coiriúla freagrach as an roinnt mhaith teagmhas contúirteach a bhaineann le dróin ar fud an Aontais. Tá teagmhais phoiblí mhórscála leochaileach maidir leis na suaití sin go háirithe, faoi mar atá earnálacha ríthábhachtacha áirithe amhail aeriompar. Ina theannta sin, le húsáid neamhdhleathach na ndrón is féidir go ndéanfar difear freisin don tsábháilteacht phearsanta agus don cheart chun príobháideachais de chuid daoine aonair den phobal, go háirithe nuair a oibrítear dróin i limistéir chónaithe.

    C. Coimeád bord ar bord le forbairtí teicneolaíochta

    Chun ár sochaithe a chosaint ar dhróin mhailíseacha agus neamh‑chomhoibríocha éilítear rochtain ar fhrithbhearta inacmhainne agus iontaofa lena gcumasaítear réitigh sholúbtha. Le réitigh tugtar aghaidh ar na trí ghné de ghnáth, is é sin, brath, rianú agus sainaithint, cé go bhfuil suim ag údaráis phoiblí freisin in dhá ghné bhreise: neodrú agus an fhóiréinsic.

    I réimse na cosanta agus na slándála sibhialta araon, tá réitigh frithdhrón nuálacha á bhforbairt agus á dtástáil cheana féin. Is féidir a n‑iontráil sa mhargadh agus a nglacadh ag úsáideoirí deiridh a éascú le creat frithdhrón uileghabhálach ón Aontas, faoi mar a chuirtear chun cinn sa Teachtaireacht seo é. Mar sin féin, níl sé indéanta cur chuige caighdeánaithe a bheith ann a oireann do gach cás i leith bearta frithdhrón a chur chun feidhme de thoradh réimse leathan na gcásanna agus na dtimpeallachtaí oibríochtúla féideartha.

    Dá bhrí sin, ní mór bearta frithdhrón a oiriúnú do riachtanais dhifriúla agus do thimpeallachtaí oibriúcháin difriúla. Ó thaobh na n‑údarás atá i gceannas ar an tslándáil inmheánach de, is féidir go mbeidh staideanna ann inarb é an rogha beartais ab fhearr agus an t‑aon rogha atá ann scriosadh fisiceach iomlán dróin, mar shampla chun ionsaí ar dhaoine nó bonneagar atá ar tí tarlú a chosc. I gcásanna eile, amhail úsáid choiriúil nó bailiú faisnéise naimhdeach, is mór an leas rialú an dróin a dhaingniú chun tuirlingt a dhéanamh le linn é a fhágáil chomh slán is féidir, ionas go mbeifear in ann imscrúdú fóiréinseach optamach a dhéanamh. Leis sin áirítear an gá le cibir‑réitigh shofaisticiúla chun rialú a fháil ar chóras oibriúcháin dróin.

    Ar cheann de na treochtaí teicneolaíochta ar cheart faireachán a dhéanamh uirthi agus as ar cheart úsáid ghníomhach a bhaint tá forbairt na mbraiteoirí chun dróin a bhrath ar bhealach níos cruinne. Is féidir cumais na mbraiteoirí atá ann cheana a fhorbairt a thuilleadh ní hamháin chun drón a bhrath, ach freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbagairt a bhaineann leis trí anailís patrúin eitilte, brath pálasta agus brath trealaimh. Is gá do bhraiteoirí agus do chórais bhraite a bheith in ann déileáil le cruthanna agus cumais athraitheacha na ndrón (luas, lúfaireacht, cumas chun díthreoraithe a chur in úsáid, etc.). Inniúlacht údarás poiblí agus oibreoirí príobháideacha bonneagair chriticiúil chun anailís a dhéanamh ar shonraí ó na braiteoirí sin, rachaidh tábhacht na hinniúlachta sin i méid. Beidh ról freisin ag intleacht shaorga, trí fholáirimh a ghiniúint go huathoibríoch, rioscaí a ríomh, bealaí a thuar, nó láithreáin tuirlingthe a thuar mar shampla. Dá réir sin, treochtaí nua i margaí drón is gá faireachán a dhéanamh orthu agus iad a ionchorprú i réitigh frithdhrón go leanúnach. Le faireachán a dhéanamh ar na forbairtí teicneolaíochta sin ba cheart é a chur ar a gcumas do na húdaráis san Aontas tosaíochtaí le haghaidh infheistíochta a shainaithint agus tacú leis na forbairtí is oiriúnaí chun na riachtanais oibríochtúla, a chuireann údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus oibreoirí príobháideacha in iúl, a chomhlíonadh.

    Maidir le bheith ag dul i ngleic le dróin agus iad a neodrú, is gá tuilleadh tástála a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá oiriúnach i dtimpeallachtaí agus i gcásanna difriúla. I réimse na cosanta, sainaithníodh réitigh chun drón a scriosadh go fisiceach nó a ghabháil go hiomlán fad atá sé san aer, rud lena laghdaítear giniúint an smionagair a d’fhéadfadh daoine a ghortú nó damáiste a dhéanamh do nithe. Leis sin áirítear fuinneamh dírithe i bhfoirm léasar ardfhuinnimh, chomh maith le húsáid na gcóras ardmhinicíochta ardchumhachta agus glanghabhála chomh maith le huirlisí digiteacha chun smacht a fháil ar dhróin neamh‑chomhoibríocha.

    I gcás fhorfheidhmiú an dlí agus imscrúdú, bheadh sé cuiditheach go háirithe a bheith in ann bagairt dróin a neodrú trí rialú a fháil ar a chóras rialúcháin agus tuirlingt a dhéanamh go slán, agus an rochtain is fearr is féidir á tabhairt d’údaráis agus d’imscrúdaitheoirí ar fhianaise fhisiceach agus dhigiteach fhéideartha. Dá bhrí sin, ba cheart réimse leathan de réitigh dhifriúla a bheith ar fáil agus bailíochtaithe chun críoch difriúil chun freastal ar réimse na slándála inmheánaí. Is gá, dá bhrí sin, fíorthimpeallacht mhargaidh agus nuálaíochta a chothú le haghaidh réitigh frithdhrón lena bhfreastalaítear ar riachtanais réimse na slándála sibhialta. Ina mhalairt de chás, le forbairtí i réitigh frithdhrón, ní dócha go gcoimeádfar bord ar bord le líon ná le cumais mhéadaitheacha na ndrón féin. Tá sé fíor‑riachtanach freisin an margadh sin a struchtúrú agus a dheighilt chun cuidiú leis na húdaráis ábhartha na réitigh is fearr lena gcomhlíontar a riachtanais a shainaithint.

    Ina theannta sin, is den tábhacht faireachán a dhéanamh ar na córais a úsáideann coirpigh chun cur in aghaidh córais frithdhrón. I dtéarmaí córais chun cur in aghaidh córais frithdhrón, is é atá i gceist leo feistí atá á n‑iompar leis an drón nó a chuirtear in úsáid ón talamh agus atá deartha chun bac a chur ar bhearta frithdhrón sonracha.

    Ar deireadh, is iomaí córas frithdhrón a fhorbraítear freisin chun críoch cosanta. Cé nach ionann na ceanglais a bhaineann leo, is minic a bhíonn saintréithe agus teicneolaíochtaí i gcoiteann acu le córais atá ceaptha le haghaidh cuspóirí sibhialta, rud a fhágann go bhfuil gá le dlúthchomhar leis an earnáil cosanta.

    Fágann an tírdhreach teicneolaíochta sin atá ag teacht chun cinn gur gá creat rialála maidir le córais frithdhrón a úsáid, ar creat é atá comhsheasmhach agus a thugtar cothrom le dáta go leanúnach.

    II.    Beartas frithdhrón de chuid an Aontais a fhoirmliú 

    Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile ar an mbagairt fhéideartha a bhaineann le dróin ó thréimhse ó bhí 2016 ann, nuair a reáchtáladh an chéad cheardlann frithdhrón de chuid an Aontais. Ó shin, tugadh réimse leathan tionscnamh isteach chun tógáil pobail, comhroinnt faisnéise, forbairt na ndea‑chleachtas agus cistiú tiomnaithe tionscadal a éascú. De thoradh pléití le saineolaithe na mBallstát, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag tacú leis na tionscnaimh leanúnacha sin le linn snáithe nua oibre a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh chun beartas frithdhrón lánfheidhme de chuid an Aontais a tharraingt suas. Beidh sé phríomhghníomhaíocht ag baint leis an obair sin:


    A.Gníomhaíochtaí tógála pobail agus comhroinnt faisnéise

    Tá réimse leathan líonraí agus gníomhartha difriúla ag obair ar leibhéal an Aontais ar réitigh frithdhrón anois. Da bhrí sin, is gá a ngníomhaíochtaí amach anseo a chuíchóiriú agus a stiúradh ó thaobh cúrsaí beartais, teicniúla agus oibríochtúla chun: (i) pobail páirtithe leasmhara feidhmiúla a thógáil; (ii) comhroinnt éifeachtach na faisnéise agus na ndea‑chleachtas a áirithiú; agus (iii) an dúbailt oibre a sheachaint.

    Cothóidh an Coimisiún na tionscnaimh atá ann cheana ar leibhéal teicniúil le linn grúpa saineolaithe frithdhrón de chuid an Choimisiúin a chur ar bun chun comhairle a sholáthar ar an leibhéal beartais. Beidh an grúpa saineolaithe sin in ann ionchur straitéiseach a sholáthar freisin do bheartais éagsúla ar leibhéal an Aontais lena mbaineann ábharthacht le haghaidh gníomhaíochtaí frithdhrón, amhail i réimsí na slándála inmheánaí, na bainistíochta teorainneacha, nó athléimneacht an bhonneagair chriticiúil. Chuige sin, rachaidh an grúpa saineolaithe i gcomhar le grúpaí saineolaithe eile agus, i gcás inarb iomchuí, le meithleacha ábhartha de chuid na Comhairle.

    Reáchtáiltear ceardlanna agus cruinnithe saineolaithe maidir le réitigh agus le beartais frithdhrón go tráthrialta. Leo sin tugtar le chéile lucht ceaptha beartas, saineolaithe teicniúla agus taighdeoirí ón gCoimisiún, na Ballstáit, institiúidí eile den Aontas, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tionscadail arna gcistiú ag an Aontas, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tíortha comhpháirtíochta. Is é a tháinig as na gníomhaíochtaí sin rannpháirtíocht leanúnach na bpáirtithe leasmhara uile, agus a gcomhar oibríochtúil agus coincréiteach á éascú go suntasach leis sin. Chuige sin, chuir an Coimisiún an Mol Faisnéise chun Cur in aghaidh UAS 8 ar bun, ag a bhfuil níos mó ná 300 comhalta faoi láthair. Tugtar an t‑ardán ar líne sin cothrom le dáta go tráthrialta agus óstáiltear foinsí difriúla faisnéise leis, amhail torthaí ó thionscadail ábhartha arna gcistiú ag an Aontas, cuir i láthair, tuarascálacha agus nuachtlitir leathbhliantúil.

    Cuid thábhachtach eile de thógáil pobail agus de chomhroinnt faisnéise, go háirithe le haghaidh riachtanais oibríochtúla fhorfheidhmiú an dlí, reáchtáiltear í mar chuid de na Líonraí Eorpacha um Fhorfheidhmiú an Dlí arna gcistiú ag an Aontas. Mar shampla thosaigh na líonraí uile seo a leanas a ngníomhaíochtaí féin chun cur in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le dróin: Líonra Eorpach na Seirbhísí Teicneolaíochtaí um Fhorfheidhmiú an Dlí (ENLETS); Líonra an Aontais um Aonaid Póilíní agus Garda Teorann ag aerfoirt (AIRPOL); Líonra an Aontais um Aonaid Speisialta Idirghabhála (ATLAS); agus Líonra an Aontais um Shlándáil Spásanna Poiblí Ardriosca. Meitheal nuachruthaithe an Líonra um Fhorfheidhmiú an Dlí, tionscnamh de chuid AS um Imirce agus Gnóthaí Baile arb é is aidhm dó comhar a chothú i measc líonraí póilíní agus arna chistiú ag an gCoimisiún 9 , déanfaidh sí na snáithe leanúnacha oibre sa réimse frithdhrón a chuíchóiriú i bhfomheitheal thiomnaithe.

    Tharraing Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA) treoirlínte neamhcheangailteacha suas lena gcuidítear le húdaráis agus aerfoirt ullmhú do theagmhais drón, freagairt dóibh agus téarnamh uathu 10 . Chun gníomhaíochtaí tacaíochta agus ceapadh beartais eolasach ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn, tá sé fíor‑riachtanach malartuithe faisnéise iontaofa agus mionsonraithe a bheith ann maidir le teagmhais a bhaineann le dróin san Aontas lastall de na malartuithe atá ag tarlú cheana féin i limistéir chriticiúla sonracha amhail aerfoirt. Agus lánurraim á tabhairt do rúndacht na n‑imscrúduithe, tá acmhainneacht shuntasach ann chun feabhas a chur ar chomhroinnt na faisnéise maidir leis an méid seo a leanas: (i) modhanna a úsáideann oibreoirí drón neamh‑chomhoibríoch; (ii) patrúin bagartha shonracha; agus (iii) rioscaí féideartha a shainaithnítear. Chun comhroinnt na faisnéise sin maidir le teagmhais a éascú agus a chomhchuibhiú, chomhroinn an Coimisiún teimpléad leis na Ballstáit chun tuairisciú ar theagmhais drón. Chun cáilíocht agus minicíocht na comhroinnte faisnéise a mhéadú a thuilleadh, fiosróidh an Coimisiún an féidir ardán digiteach ina mbeidh faisnéis maidir le teagmhais drón a chur ar bun lena úsáid ag údaráis phoiblí ábhartha. Leis sin d’fhéadfaí mórtheagmhais slándála a bhaineann le dróin san Aontas a shainaithint agus a thiomsú i gceart. Is féidir an chibirghné a áireamh leis sin freisin ós rud é go n‑úsáidtear dróin ní hamháin ar chun taiscéalaíocht fhísiúil a dhéanamh, ach taiscéalaíocht dhigiteach freisin. Bheadh an t‑ardán sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 11 agus ní dhéanfaí na hiarrachtaí atá ann cheana a dhúbláil leis.

    Eagróidh an Coimisiún freisin cruinnithe rúnaicmithe tráthrialta chun malartú na gceachtanna a foghlaimíodh ó theagmhais a chur chun cinn i bhformáid iomchuí.

    Príomhghníomhaíochtaí le haghaidh tógáil pobail agus comhroinnt faisnéise

    -Cuirfidh an Coimisiún grúpa saineolaithe ar bun, arb é a bheidh ann saineolaithe ó na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile maidir le gníomhaíochtaí frithdhrón.

    -Fiosróidh an Coimisiún an féidir ardán digiteach a fhorbairt ina mbeidh faisnéis maidir le teagmhais drón.

    -Eagróidh an Coimisiún cruinnithe tráthrialta chun malartú na faisnéise rúnaicmithe a éascú idir na Ballstáit maidir le mórtheagmhais shlándála a bhaineann le húsáid na ndrón.

    B.    Córais frithdhrón a thástáil: réitigh a shainaithint agus a thástáil

    Is féidir leis na Ballstáit agus le húdaráis áitiúla roghnú ó réimse leathan de réitigh frithdhrón, ar cibir‑réitigh thráchtála iad agus réitigh nach cibir‑réitigh iad, atá ar fáil ar an margadh. Is dúshlánach an rud é an rogha sin a dhéanamh, go háirithe le haghaidh eintitis áitiúla nach bhfuil cumais theicniúla leordhóthanacha acu. Cuideoidh an Coimisiún le húdaráis na mBallstát an rogha cheart a dhéanamh le haghaidh a riachtanas oibríochtúil trí chomhairle agus treoraíocht a sholáthar tríd an ngrúpa saineolaithe frithdhrón tiomnaithe agus trí obair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (JRC).

    In 2019 seoladh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais chun córais frithdhrón a thástáil. Is é is aidhm dóibh modheolaíocht choiteann a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar chórais ar féidir le húdaráis forfheidhmithe dlí agus le húdaráis phoiblí eile iad a úsáid chun dróin a d’fhéadfadh a bheith mailíseach a bhrath, a rianú agus a shainaithint. Colún lárnach de na gníomhaíochtaí sin is ea an tionscadal Courageous [Cróga] 12 (2021‑2024), rud a chistítear le Ciste Slándála Inmheánaí an Aontais – Póilíní (ISF‑Póilíní). Tá an tionscadal Courageous faoi stiúir Acadamh Míleata Ríoga na Beilge agus cuireadh an méid seo a leanas de chúram air: (i) cásanna caighdeánacha ábhartha a shainaithint chun córais frithdhrón a thástáil; (ii) ceanglais fheidhmiúla agus feidhmíochta a fhorbairt; agus (iii) modheolaíocht tástála a fhorbairt. Leis an tionscadal tá feidhmíocht na mbraiteoirí agus na gcóras comhtháite á dtástáil freisin. Déantar torthaí ón tionscadal a chomhroinnt go leanúnach leis na Ballstáit chomh maith le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta roghnaithe. Tar éis an tionscadal a chur i gcrích, déanfaidh an Coimisiún agus cuibhreannas Courageous roghanna a chur i láthair na mBallstát chun inbhuanaitheacht an tionscadail a áirithiú agus molfaidh siad modheolaíocht le haghaidh saoráidí tástála frithdhrón sna Ballstáit.

    Forbairtí teicneolaíochta lena bhfuil ábharthacht le haghaidh córais frithdhrón, tá siad ag teacht chun cinn go mear. Dá bhrí sin, ní mór gníomhaíochtaí tástála a chomhlánú trí fhaireachán a dhéanamh ar threochtaí go leanúnach chun na réitigh frithdhrón is mó a bhfuil gealladh fúthu a shainaithint mar aon le haon dúshlán nua a d’fhéadfadh a bheith roimh fhorbairt na gcóras frithdhrón. Mhéadaigh JRC an acmhainneacht chun an faireachán sin a dhéanamh agus chun na dúshláin nua sin a shainaithint. Tairbhíonn na Ballstáit de sin agus soláthraítear ionchur luachmhar leis do thionscnaimh thástála ar leibhéal an Aontais. Roinnfear an fhaisnéis trí na cainéil iomchuí, go háirithe an grúpa saineolaithe.

    Ionstraim amháin atá ann chun réitigh theicneolaíocha a chomhchuibhiú is ea an caighdeánú. Leis an tionscadal Courageous tarraingíodh suas comhairle shonrach maidir leis an réamhchaighdeánú, ar bunaithe uirthi sin is féidir tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé próisis chaighdeánaithe a sheoladh – agus ar an ngá atá leis sin. Ar leibhéal an Aontais, rinneadh dul chun cinn maith trí cheanglais feidhmíochta dheonacha a fhorbairt le haghaidh trealamh braite lasmuigh den eitlíocht (e.g. le haghaidh meaisíní x‑gha agus brathadóirí miotail 13 ). In éineacht le saineolaithe ó na Ballstáit agus ón tionscal, forbróidh an Coimisiún ceanglais feidhmíochta dheonacha anois freisin le haghaidh córais frithdhrón, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir le forálacha an Ghnímh um Chibearshlándáil 14 . Ba cheart é a bheith ina chuspóir meántéarma fós próiseas deimhniúcháin a chur ar bun le haghaidh córais frithdhrón. I gcás inarb iomchuí, breathnófar ar chaighdeáin cosanta sibhialta hibrideacha freisin.

    Cibearshlándáil na gcóras frithdhrón a chaighdeánú agus a dheimhniú, go háirithe má sholáthraíonn soláthróirí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, is príomheilimint eile é sin. Ag an gcéim seo, tá éiginnteacht ann fós maidir le cé chomh maith a chosnaítear na sonraí a bhailíonn córais bhraite áirithe. Ina theannta sin, is den tábhacht cosc a chur a mhéid is féidir le haiceáil agus le mí‑úsáid na gcóras frithdhrón trí chibear‑athléimneacht a gcomhpháirteanna a áirithiú.

    I mí Mheán Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh rialachán maidir le cibear‑athléimneacht 15 , arb é is aidhm dó rialacha cibearshlándála ginearálta a tharraingt suas le haghaidh táirgí ag a bhfuil comhpháirteanna digiteacha – crua‑earraí agus bogearraí araon – a bhfuil rochtain ar an margadh aonair acu. Is é is aidhm don rialachán nua atá beartaithe ceanglais chibearshlándála éigeantacha a thabhairt isteach le haghaidh na dtáirgí sin. Ar na ceanglais sin áireofar cibearshlándáil trí dhearadh agus mar réamhshocrú, chomh maith le ceanglais chun aghaidh a thabhairt ar an leochaileacht. Mar a mhol an Coimisiún, córais drón nár forbraíodh go heisiach le haghaidh na slándála náisiúnta ná chun críoch míleata agus nach bhfuil deimhnithe cheana féin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139, chumhdófaí iad leis na rialacha nua sin mar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cé is moite díobh sin a forbraíodh go heisiach le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun críoch cosanta.

    Príomhghníomhaíochtaí chun córais frithdhrón a thástáil

    -Oibreoidh an Coimisiún ar mhodheolaíocht tástála chomhchuibhithe a chur chun feidhme le haghaidh córais frithdhrón bunaithe ar thorthaí an tionscadail Courageous.

    -Tiomsóidh JRC tuarascáil bhliantúil maidir le forbairtí teicniúla ar theicneolaíocht frithdhrón.

    -Forbróidh an Coimisiún, i gcomhar le grúpaí saineolaithe ábhartha amhail na Líonraí Forfheidhmithe Dlí ENLETS, HRSN, AIRPOL tacar ceanglas feidhmíochta deonach le haghaidh córais frithdhrón.

    C.    Treoraíocht choincréiteach agus tacaíocht oibríochtúil 

    Dul i ngleic le bagairtí a bhaineann le dróin neamh‑chomhoibríocha rinne JRC an méid sin a shainaithint mar thosaíocht i roinnt foilseachán cheana féin, amhail i dtreoirlínte lena ndírítear ar chosaint imlíne a thógáil 16 agus sa staidéar tiomnaithe maidir le lánáin phléascacha a iompraítear le dróin 17 . Thairis sin, leis an bhfoilseachán a eisíodh le déanaí 18 maidir le coincheap na slándála trí dhearadh cuirtear i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le bearta cosantacha comhréireacha, ilfheidhmeacha agus iomchuí a chomhtháthú i gcur chuige ar a ndearnadh machnamh ó fhíorthús na céime chun tionscadal a phleanáil agus a dhearadh, lena n‑áirítear bearta chun chur in aghaidh aon ionsaí lena mbaintear úsáid as dróin.

    Thairis sin, le lámhleabhar EASA maidir le Drone Incident Management at Aerodromes [Bainistíocht Teagmhas Drón ag Aeradróim] soláthraítear treoraíocht maidir leis an mbealach chun socruithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt lena dtacaítear le córas freagartha ar theagmhais ag aerfoirt a bhíonn tapa, éifeachtach agus comhréireach. Ar an mbealach sin, fionraíochtaí aerthráchta, nó dúnadh aerspásanna nó rúidbhealaí, féadfar iad a sheachaint nó a áirithiú nach mbeidh ach a laghad is gá de ann agus bheadh dúnadh aerfort ina bheart in am an éigin agus é sin amháin. Le hobair EASA cuirtear treoraíocht na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le slándáil eitlíochta san áireamh 19 .

    D’fhorbair JRC dhá lámhleabhar nua:

    -Protection against Unmanned Aircraft Systems [Cosaint ar Chórais Aerárthaí gan Foireann]: Handbook on UAS protection of Critical Infrastructure and Public Space - A five Phase approach for C-UAS stakeholders [Lámhleabhar maidir le Bonneagar Criticiúil agus Spás Poiblí a chosaint ar UAS – Cur chuige cúig chéim le haghaidh pháirtithe leasmhara C‑UAS]

    -Protection against Unmanned Aircraft Systems: Handbook on UAS Risk Assessment and Principles for Physical Hardening of Buildings and Sites [Cosaint ar Chórais Aerárthaí gan Foireann: Lámhleabhar maidir le Measúnú Riosca UAS & Prionsabail le haghaidh Cruachan Fhisiceach Foirgneamh agus Láithreán].    

    I réimse na hoiliúna, leis an tionscadal arna chistiú ag an Aontas DroneWISE 20 cruthaíodh pacáiste straitéisí um cheannas, rialú agus comhordú frithdhrón le haghaidh chéad fhreagróirí. Leis an tionscadal táirgeadh freisin 10 modúl oiliúna, lámhleabhar agus tairseach oiliúna ar líne. Comhtháthaíodh na modúil oiliúna sin i gcuraclam CEPOL, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí. Tionscadal eile de chuid ISF a bhí tiomnaithe don oiliúint frithdhrón ba ea an tionscadal Skyfall. Is gá an oiliúint atá ar fáil a leathnú a thuilleadh chuig soláthraithe slándála príobháideacha, go sonrach iad sin atá freagrach as bonneagar criticiúil a chosaint.

    Tá roinn i gclár chomhairleoirí slándála cosanta an Aontais (AE PSA) 21 de chuid an Choimisiúin atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí frithdhrón, lena dtairgtear: (i) measúnú leochaileachta sonrach le haghaidh saoráidí agus bonneagar ardriosca; (ii) comhairle phraiticiúil maidir leis an mbealach chun déileáil leis an mbagairt dróin; agus (iii) comhairle phraiticiúil maidir leis an mbealach chun déileáil le trealamh braite dróin a chur in úsáid le linn teagmhais ardriosca. Fiosróidh an Coimisiún an gá le comhthiomsú de threalamh frithdhrón de chuid an Aontais a chruthú, rud a bheidh ar fáil do na Ballstáit chun tacú leo i gcás teagmhais mhórscála.

    Cuireann na freachnaimh amhail na cinn a eagraítear leis an Líonra um Fhorfheidhmiú an Dlí ar leibhéal an Aontais le hullmhacht oibríochtúil i réimsí éagsúla den tslándáil inmheánach. I gcás inarb ábhartha, oibreoidh an Coimisiún leis na líonraí ábhartha chun gnéithe frithdhrón a chumhdach i bhfreachnaimh amach anseo. Cuideoidh sin ó thaobh eolas a mhéadú agus dea-chleachtais a mhalartú, agus úsáid á baint as réitigh éagsúla. Ceanglais amháin maidir le freagairt éifeachtach ar bhagairtí a bhaineann le dróin is ea gur gá cumarsáid shlán iontaofa a bheith ann idir na húdaráis éagsúla. Dá bhrí sin, beidh cur in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le dróin ina chuid den phleanáil le haghaidh na bhfreachnamh a dhéanfar amach anseo mar chuid den tionscadal ullmhúcháin BroadEU.Net atá á mhaoiniú ag an Aontas, lena ndéanfar an bonn a bheidh le córas cumarsáide criticiúla an Aontais amach anseo a thástáil 22 . Thairis sin, d’fhéadfaí freachnaimh chomhpháirteacha a dhéanamh le saineolaithe cibearshlándála agus saineolaithe maidir le slándáil drón chun aghaidh a thabhairt ar na cibear-rioscaí a bhaineann le dróin mar aon le réitigh dhigiteacha a fhorbairt chun dróin a chur ó mhaith.

    Príomhghníomhaíochtaí le haghaidh treoraíocht choincréiteach agus tacaíocht oibríochtúil

    -Foilseoidh JRC dhá lámhleabhar mar chuid den phacáiste frithdhrón.

    -Tacóidh an Coimisiún, i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha, leis an oiliúint frithdhrón atá ann cheana a leathnú chuig an earnáil slándála príobháidí.

    -Comhtháthóidh an Coimisiún na comhpháirteanna frithdhrón i bpleanáil na bhfreachnamh, i gcomhar leis na Líonraí um Fhorfheidhmiú an Dlí.

    D.    Taighde & nuálaíocht 

    Tá an tAontas ag leanúint dá chlár taighde slándála a mhaoiniú mar chuid den chlár Fís Eorpach (2021-2027) 23 . Is é atá sa chlár taighde-slándála sin thart ar 50 % den chistiú poiblí foriomlán a infheistítear san Aontas agus ina Bhallstáit i réimse na slándála. Mar rannchuiditheoir straitéiseach le tosaíochtaí beartais slándála éagsúla de chuid an Aontais, leis an taighde slándála sin tosaíodh ar aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a bhaineann le dróin cheana féin. Ar na samplaí suntasacha atá ann áirítear ALADDIN, lena soláthraítear réitigh chun dróin a bhrath agus a neodrú i limistéir shrianta 24 nó 7SHIELD, lena ndearnadh taighde ar réitigh frithdhrón a fhorbairt le haghaidh na gcodanna ar talamh de bhonneagar spáis criticiúil. Bhí an tionscadal ALFA rathúil freisin maidir le córas a fhorbairt chun dróin a úsáidtear le haghaidh na smuigléireachta a bhrath agus a rianú 25 . Féadfar leanúint de na tionscnaimh thaighde agus nuálaíochta sin faoin gclár Fís Eorpach, agus iad bailíochtaithe, nó forlíonta le gníomhaíochtaí arna ndéanamh laistigh de ISF‑Póilíní.

    Amach anseo, éascóidh an Coimisiún malartú níos córasaí na dtorthaí tionscadail ábhartha le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear tríd an gComhphobal um Thaighde agus Nuálaíocht Eorpach maidir leis an tSlándáil 26 . Leis sin neartófaí malartú sonraí sonrach a thuilleadh. D’fhágfadh sin freisin gurbh fhéidir riachtanais úsáideoirí a bhailiú ar bhealach níos éifeachtúla agus na riachtanais sin a chur in iúl don tionscal chun nuálaíocht a stiúradh. Thairis sin, beidh malartú córasach na dtorthaí tionscadail ina chuidiú chun go mbeidh idirphlé struchtúrtha indéanta leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun teicneolaíochtaí, uirlisí agus réitigh a bhfuil gealladh fúthu agus a bhféadfadh grúpa d’údaráis na mBallstát dul ina mbun a shainaithint. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú leis na Ballstáit 27 ar an bhféidearthacht a bhaineann leis an méid seo a dhéanamh: i) ábhar taighde neamhspleách maidir le réitigh frithdhrón a chruthú sna cláir oibre amach anseo de chuid an chláir Fís Eorpach; agus (ii) tacú le córais nuálacha shonracha tríd an soláthar réamhthráchtála 28 . Tá an méid sin i gcomhréir iomlán leis an gcur chuige cumasbhunaithe a mhionsonraítear sa doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún Enhancing security through research and innovation [An tslándáil a fheabhsú trí thaighde agus nuálaíocht] 29 .

    Tá sé ríthábhachtach sineirgí a neartú i réitigh frithdhrón idir tionscail slándála sibhialta, chosanta agus spáis na hEorpa. Ba cheart gurb é is aidhm dó sin sineirgí a chothú i dteicneolaíochtaí drón agus frithdhrón i measc na dtrí earnáil 30 . Sa chleachtas, ach na sineirgí sin a neartú fágtar gur féidir le tionscadail chosanta tairbhiú d’fhorbairtí nuálacha sa réimse sibhialta, agus is féidir leis an aerloingseoireacht shibhialta tairbhiú d’fhorbairtí sa chosaint an tráth céanna.

    An Ciste Eorpach Cosanta (EDF) agus na cláir a tháinig roimhe, spreagann siad agus tacaíonn siad le taighde agus forbairt chomhoibritheach trasteorann i réimse na cosanta. Agus iarrachtaí na mBallstát á gcomhlánú agus á bhfairsingiú, cuireann EDF comhar chun cinn i measc cuideachtaí agus taighdeoirí ar gach méid agus ó na Ballstáit uile san Aontas. Le cláir réamhtheachtaí EDF cistíodh tionscadail frithdhrón cheana féin mar chuid de thaighde agus d’fhorbairt cosanta.

    Tá gníomhaíocht forbartha frithdhrón i gclár oibre EDF le haghaidh 2023 31 , agus buiséad táscach EUR 43 mhilliún ann. Is é is aidhm don ghníomhaíocht modúil chrua‑earraí nó bhogearraí a fhorbairt le haghaidh réiteach soghluaiste cuimsitheach chun cur in aghaidh réimse leathan drón, lena n‑áirítear saithí.

    Is é an príomhthoradh is mó a bhfuil coinne leis ó thacaíocht EDF sa réimse frithdhrón in 2021‑2027 fréamhshamhail fhorbartha de réiteach frithdhrón in oirchill soláthar comhpháirteach féideartha amach anseo ar leibhéal an Aontais. Dúshláin theicneolaíocha i réimse na gcóras frithdhrón tugtar aghaidh orthu trí Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais (EUDIS). Thairis sin, le EUDIS áirítear snáithe le haghaidh gorlanna dé‑úsáide chun comhar níos fearr a chur chun cinn idir na réimsí sibhialta agus cosanta agus chun aibiú agus oiriúnú teicneolaíochta a spreagadh.

    Príomhcholún eile le haghaidh nuálaíochta – agus go sonrach le haghaidh taighde feidhmeach maidir leis an mbealach chun cur in aghaidh bagairtí a bhaineann le dróin – is ea obair JRC. Mar chuid de thionscadal C‑UAS maidir le Dróin de chuid JRC, déanfaidh JRC athbhreithniú ar theicneolaíochtaí frithbhirt gníomhacha agus éighníomhacha, agus ar an mbealach is féidir na teicneolaíochtaí sin a úsáid chun slándáil spásanna poiblí agus bonneagair chriticiúil a áirithiú.

    Chuige sin, agus mar chéad chéim, cruthóidh JRC saotharlann bheo chun staidéar a dhéanamh ar theicneolaíochtaí frithdhrón agus ar an mbealach is féidir na teicneolaíochtaí sin a chur i bhfeidhm i bhfíorshuíomhanna. Le cumraíocht na saotharlainne cumhdófar réiteach a phleanáil, a ullmhú agus a chur chun feidhme. Cumhdófar léi freisin brath, rianú, sainaithint, neodrú agus páirtithe leasmhara agus próisis a chomhtháthú. Le raon feidhme an chur chun feidhme le haghaidh na saotharlainne beo áireofar comhtháthú le córais bainistíochta tráchta le foireann agus gan foireann, agus U‑space go háirithe 32 . Leis an tsaotharlann bheo déanfar staidéar freisin ar an mbealach is féidir meaisínfhoghlaim agus intleacht shaorga a chomhtháthú chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán réitigh frithdhrón.

    Sa mheántéarma, forbrófar an tsaotharlann bheo sin de chuid JRC go mbeidh sí ina hionad barr feabhais frithdhrón.

    Gníomhaíochtaí tosaíochta chun lántairbhe a bhaint as taighde agus nuálaíocht

    -Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cinneadh maidir le riachtanais a bheidh ann amach anseo le haghaidh réitigh frithdhrón nua ar a mbeidh aghaidh le tabhairt le cláir thaighde agus nuálaíochta Eorpacha ábhartha, go háirithe an clár Fís Eorpach.

    -Sainaithneoidh an Coimisiún agus na Ballstáit liosta de réitigh frithdhrón a bhfuil gealladh fúthu agus déanfaidh siad measúnú ar a indéanta a bheidh an soláthar réamhthráchtala mar chuid de na réitigh sin.

    -Sainaithneoidh an Coimisiún smaointe, teicneolaíochtaí agus réitigh a bheidh le comhtháthú i bhforbairt na gcumas cosanta, agus tacóidh sé le tionscadail lena bhféachfar leis na smaointe, na teicneolaíochtaí agus na réitigh sin a scaipeadh ar earnálacha sibhialta.

    -Bunóidh JRC Ionad Barr Feabhais frithdhrón mar éabhlóid eile ar shaotharlann bheo.

    E.    Tacaíocht chistiúcháin

    Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht airgeadais a sholáthar do ghníomhaíochtaí frithdhrón ábhartha, go príomha trí ISF ach freisin faoin Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV) agus faoin gclár Fís Eorpach (le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde agus nuálaíocht).

    Tacóidh saoráid théamach ISF leis an méid seo a leanas: (i) na Líonraí Eorpacha um Fhorfheidhmiú an Dlí; (ii) obair ghaolmhar JRC; (iii) an grúpa saineolaithe frithdhrón nua; agus (iv) ardán malartaithe faisnéise a chruthú. Tá tionscadail á gcistiú ag an gCoimisiún cheana féin chun córais a phíolótú agus a bhailíochtú chun dróin a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais go neamhdhleathach a bhrath agus a aimsiú. Tá na tionscadail sin bunaithe ar thorthaí ó thionscadail taighde a bhí cistithe ag an Aontas roimhe sin 33 .

    Faoi shaoráid théamach ISF, osclóidh an Coimisiún glao ar thograí sa chéad leath de 2024 arb é is aidhm dó go sonrach tacú le cur in úsáid na réiteach frithdhrón ag bhfuil acmhainneacht ard go nglacfar iad.

    Molfar do na Ballstáit an Teachtaireacht seo a chur chun feidhme agus torthaí an taighde ar réitigh frithdhrón arna chistiú ag an Aontas a ghlacadh trína gcláir ISF.

    Príomhghníomhaíochtaí chun tacaíocht a chistiú

    -Seolfaidh an Coimisiún glao ar thograí maidir le réitigh frithdhrón faoi chláir oibre shaoráid théamach ISF le haghaidh 2026‑2027.

    -Iarrfar ar na Ballstáit lánúsáid a bhaint as a gcláir ISF le haghaidh 2021-2027 chun réitigh frithdhrón éifeachtúla a shainaithint agus a chur chun feidhme.

    F. Bearta rialála a fhiosrú

    Cé gur rialaigh an tAontas úsáid dhlisteanach na ndrón, ar leibhéal an Aontais níl aon rialachán frithdhrón sonrach ann faoi láthair lena leagtar creat coiteann comhchuibhithe síos le haghaidh údaráis, oibreoirí agus mhonaróirí na mBallstát. Cé gur ghlac an earnáil go fabhrach leis na treoirlínte neamhcheangailteacha ó EASA lena dtugtar aghaidh ar theagmhais drón ag aerfoirt (dár tagraíodh níos luaithe sa Teachtaireacht seo), fágann a gcineál comhairleach agus a raon feidhme teoranta go bhfuil siad neamh‑leordhóthanach chun an bhagairt a bhaineann le dróin neamh‑chomhoibríocha a mhaolú. Ós rud é go bhfuil an gá le húsáid neamhúdaraithe na ndrón a chosc go héifeachtach ag fás de shíor, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le saineolaithe ó na Ballstáit, tuilleadh anailíse ar an ngá le bearta reachtacha nó neamhreachtacha amach anseo. Chuige sin, tionscnóidh an Coimisiún staidéar mapála tiomnaithe chun an tírdhreach rialaitheach atá ann faoi láthair a dhéanamh amach. Leis an staidéar mapála sin ba cheart creat agus forbairtí ICAO a chur san áireamh freisin, agus ba cheart a mheas chomh maith leis sin gurb amhlaidh nár cheart le rialacha, chun cur in aghaidh na mbagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le dróin, bac a chur go míchuí ar oibríochtaí dlisteanacha, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí píolótaí fóillíochta eagraithe.

    Tairbhíonn aerfoirt san Aontas de rialacha slándála mionsonraithe agus cuimsitheacha lena gcumhdaítear an bhagairt ó dhróin freisin. Chun a áirithiú go mbeidh údaráis eitlíochta agus aerfoirt níos athléimní agus na rioscaí a bhaineann le dróin rompu, agus i gcomhréir le cur chuige fianaise‑bhunaithe, déanfaidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit leochaileachtaí breise a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an gcosaint ar dhróin neamh‑chomhoibríocha i measúnú ar an riosca slándála, lena bhféadfar athruithe rialála a shainordú.

    Sa chomhthéacs sin, tá gá le hidirphlé struchtúrtha leis an tionscal agus le monaróirí drón maidir le bearta slándála trí dhearadh (e.g. córais láidre in aghaidh na cumarsáide faoi bhréagriocht, teorainneacha cumais, comhroinnt na bprótacal cumarsáide agus nuashonruithe le haghaidh bunachair sonraí frithdhrón).

    Príomhghníomhaíochtaí chun bearta rialála a fhiosrú

    -Tionscnóidh an Coimisiún staidéar mapála chun go sainaithneofar riachtanais rialála agus an acmhainneacht chun dlíthe agus nósanna imeachta na mBallstát a chomhchuibhiú.

    -I gcomhréir le cur chuige fianaise‑bhunaithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an riosca slándála eitlíochta maidir le dróin chun leochaileachtaí breise féideartha aerfort a shainaithint, lena bhféadfaí athruithe rialála a shainordú.

    -Rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé struchtúrtha leis an tionscal maidir leis an ngá atá le bearta sonracha breise féideartha – agus maidir le cineál na mbeart sin – a bhaineann le slándáil na ndrón.

    III.    An Bealach Chun Tosaigh

    Chun a áirithiú nach dtiocfaidh méadú neamhrialaithe ar na bagairtí a bhaineann le dróin neamh‑chomhoibríocha mar thoradh ar fhorbairtí tapa sa teicneolaíocht agus ar líon na ndrón atá ag dul i méid, is gá dlús a chur leis an gcomhar ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar bheartas cuimsitheach frithdhrón an Aontais a leagtar amach sa Teachtaireacht seo. Chuige sin, leanfar de na gníomhaíochtaí atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais agus forlíonfar iad leis an tacar de phríomhghníomhaíochtaí a liostaítear sa Teachtaireacht seo, rud a chuirfear chun feidhme sna blianta atá le teacht.

    Leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht seo cumhdófar an tréimhse go dtí 2030. Faoi 2027, déanfar athbhreithniú meántéarma tríd an ngrúpa saineolaithe agus beartaítear athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar chlár frithdhrón an Aontais faoi 2030 ar a dhéanaí.

    (1) Straitéis maidir le Dróin 2.0 le haghaidh Éiceachóras Aerárthaí Cliste agus Inbhuanaithe gan Foireann san Eoraip, COM(2022) 652 final an 29 Samhain 2022.
    (2)  Measúnú inmheánach domhain ón gCoimisiún ar chórais uathrialaitheacha a rinneadh in 2022.
    (3) Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála, COM (2020) 605 final an 24 Iúil 2020.
    (4)  A Counter‑Terrorism Agenda for the EU: Anticipate, Prevent, Protect, Respond [Clár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: Réamh‑mheas, Cosc, Cosaint, Freagairt], COM (2020) 795 final an 9 Nollaig 2020.
    (5)  Ar shamplaí tá: (i) plean jiohádaigh spreagtha ar ar chuir cúirt de chuid na Spáinne pianbhreith i mí Dheireadh Fómhair 2022 mar gheall ar bheartú ionsaí a thabhairt ar staidiam le linn mórchluiche peile agus drón a bhí pacáilte le pléascáin á úsáid; agus (ii) saoránach de chuid na Beilge, ar ar cuireadh pianbhreith mar gheall ar ionsaí buama a thriail agus dróin á n‑úsáid in aghaidh príosúin.
    (6) Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (AE) 2022/2557 an 14 Nollaig 2022 (IO 2022 L 333, lch. 164).
    (7) Ar na samplaí áirítear iarracht nár éirigh léi chun Uachtarán Veiniséala a fheallmharú, agus dróin a bheith in úsáid ag cairtéil drugaí de chuid Mheicsiceo in aghaidh ionadaithe eagraíochtaí coiriúla eile.
    (8)      Agus úsáid á baint as ardán CIRCABC an Aontais lena dtugtar tacaíocht le clár ISA² ón gCoimisiún Eorpach, rud a chuireann réitigh idir‑inoibritheachta chun cinn le haghaidh riaracháin phoiblí Eorpacha.
    (9) Tá an Coimisiún ina chathaoirleach ar Mheitheal (neamhfhoirmiúil) an Líonra um Fhorfheidhmiú an Dlí (LENWG), agus tháinig an mheitheal le chéile den chéad uair an 20 Márta 2023 chun comhar níos fearr a chothú idir na líonraí arna gcistiú ag AS um Imirce agus Gnóthaí Baile. Tar éis tréimhse mheastóireachta 12 mhí, d’fhéadfaí LENWG a athrú ina Mheitheal Saineolaithe cheart de chuid an Choimisiúin.
    (10) I mí an Mhárta 2021 d’fhoilsigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) tacar treoirlínte chun teagmhais drón a bhainistiú ag aerfoirt: Drone Incident Management at Aerodromes [Bainistíocht Teagmhas Drón ag Aeradróim] .
    (11) Rialachán (AE) 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE).
    (12) https://courageousisf.eu/.
    (13) Moladh ón gCoimisiún maidir le ceanglais feidhmíochta dheonacha le haghaidh trealamh x-ghathach a úsáidtear i limistéir phoiblí, C(2022) 4179 final
    (14) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide
    (15) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020, COM(2022) 454 final.
    (16) Karlos, V. agus Larcher, M., Treoirlíne – Building Perimeter Protection [Cosaint Imlíne a Thógáil], EUR 30346 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.
    (17) Rinne JRC imscrúdú ar an mbagairt a bhaineann le UAS lena n‑úsáidtear pléascáin sa staidéar seo: Larcher M, Karlos V, Valsamos G, Solomos G: Scenario study: drones carrying explosives [Cás‑staidéar: dróin lena n‑iompraítear pléascáin], JRC107683, 2018
    (18) An Coimisiún Eorpach Security by Design: Protection of public spaces from terrorist attacks [An tSlándáil trí dhearadh: Spásanna poiblí a chosaint ar ionsaithe sceimhlitheoireachta], JRC131172, 2022.
    (19) Le Aviation Security Manual (Doc 8973 – Restricted) [Lámhleabhar maidir leis an tSlándáil Eitlíochta (Doic. 8973 – Srianta)] ó ICAO tugtar cúnamh do na Ballstáit chun Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a chur chun feidhme trí threoraíocht a sholáthar maidir leis an mbealach chun a caighdeáin agus a cleachtais mholta (SARPanna) a chur i bhfeidhm An Lámhleabhar maidir leis an tSlándáil Eitlíochta .
    (20) https://dronewise-project.eu/
    (21) https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/internal-security/counter‑terrorism-andradicalisation/protection/eu-protective-security-advisors‑eu-psa_en.
    (22) Le córas cumarsáide criticiúil an Aontais soláthrófar bonneagar slán, bunaithe ar leathanbhanda chun idir‑inoibritheacht trasteorann na gcóras cumarsáide, arna n‑úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus freagróirí éigeandála i Limistéar Schengen, a áirithiú.
    (23)  Roimhe sin, go dtí deireadh 2020, maoiníodh slándáil, taighde agus nuálaíocht faoin gclár Fís 2020 agus an 7ú clár réime.
    (24) https://cordis.europa.eu/project/id/740859.
    (25) Is é ALFA an bonn freisin le haghaidh an tionscadail ISF Courageous agus a ghníomhaíochtaí tástála.
    (26) Leis an gComhphobal um Thaighde agus Nuálaíocht Eorpach maidir leis an tSlándáil (CERIS) tugtar le chéile páirtithe leasmhara taighde slándála, idir lucht ceaptha beartas, úsáideoirí deiridh, lucht acadúil, tionscail agus na slándála sibhialta: https://home-affairs.ec.europa.eu/networks/ceris‑community-european‑research‑andinnovation‑security_en
    (27) I gcumraíocht choiste an chláir Fís Eorpach ‘an tSlándáil Shibhialta don tSochaí’.
    (28) Is é atá i gceist leis an soláthar réamhthráchtála (PCP) cur chuige i leith soláthar poiblí seirbhísí taighde agus forbartha (T&F) a leagadh amach i dTeachtaireacht PCP (C(2007) 799 final) an 14.12.2007. Is uirlis thábhachtach é chun nuálaíocht a spreagadh, ós rud é go gcuirtear é ar a cumas don earnáil phoiblí leis forbairt na réiteach nua a stiúradh i dtreo a riachtanas.
    (29) An Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Enhancing security through research and innovation [An tslándáil a fheabhsú trí thaighde agus nuálaíocht], SWD (2021) 422 final an 15.12.2021.
    (30) SWD (2022) 362 an 10.11.2022. Mar a thuairiscítear sa tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta maidir le sineirgí idir na tionscadail cosanta sibhialta agus spáis faoi Ghníomhaíocht 9.
    (31) C(2023) 2296 Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 29.3.2023 maidir leis an gCiste Eorpach Cosanta a mhaoiniú a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus glacadh an chláir oibre le haghaidh 2023 – Cuid II.
    (32) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún maidir le creat rialála don U‑spás. Glacadh an téarma ‘U‑space’ chun tuairisc a thabhairt ar bhainistíocht tráchta na n‑aerárthaí gan foireann chun idirghníomhaíocht shlán le heintitis eile a áirithiú agus an spás céanna á úsáid acu i limistéir uirbeacha agus in aon suíomh eile.
    (33) Ar na samplaí áirítear tionscadail a chistítear faoi ghníomhaíochtaí sonracha IBTV maidir leis an méid seo a leanas: (i) nuálaíocht le haghaidh teorainneacha farraige/cladaigh, agus/nó talún; agus (ii) Frontex. Le tionscadail áirithe a chistítear faoin ngníomhaíocht shonrach maidir le nuálaíocht le haghaidh teorainneacha farraige/cladaigh, agus/nó talún dírítear ar theicneolaíochtaí faireachais nuálacha a phíolótú. Tá gníomhaíocht shonrach ann freisin le haghaidh trealamh a cheannach agus a chur ar fáil, ar trealamh é atá le cur in úsáid ag údaráis teorann na hEorpa chun dróin a thrasnaíonn teorainneacha i ndáil le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla a bhrath agus a aimsiú. Leis an ngníomhaíocht shonrach sin cuirfear é ar a gcumas do na Ballstáit dhá chóras frithdhrón a sholáthar. Mar bhreisluach AE, arna iarraidh sin do Frontex mar chuid den chaibidlíocht dhéthaobhach bhliantúil, ní mór an trealamh teicniúil a cheannaítear faoi na gníomhaíochtaí sonracha a chur ar fáil do Frontex ar feadh tréimhse suas le 4 mhí in aghaidh na bliana, lena úsáid ina oibríochtaí comhpháirteacha.
    Top