AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.5.2023
COM(2023) 624 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Slóivéine um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na Slóivéine um Chobhsaíocht don bhliain 2023
{SWD(2023) 624 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Slóivéine um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na Slóivéine um Chobhsaíocht don bhliain 2023
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú agus go háirithe Airteagal 5(2) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t-aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t-airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.
(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti
go bhfuil an tSlóivéin ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Slóivéine don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.
(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t-aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.
(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach’ chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar i ndáil le hacmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus leis na táirgí glan-nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus i ndáil le rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n-áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na n-amhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíocht dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.
(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n-athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan-Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n-eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh-in-aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.
(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh praghsanna fuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n-úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnamh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.
(8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha le haghaidh athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Tá sé d’aidhm ag na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit i dtaca le dearadh a bpleananna meántéarmacha, agus ag an am céanna, córas forfheidhmiúcháin níos déine a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.
(9)An 30 Aibreán 2021, chuir an tSlóivéin a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 28 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóivéine. Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an tSlóivéin. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.
(10)An 14 Aibreán 2023, thíolaic an tSlóivéin a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus, an 26 Aibreán 2023, thíolaic sí a Clár Cobhsaíochta don bhliain 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na Slóivéine maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.
(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir leis tSlóivéin an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Slóivéine ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóivéine. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Slóivéine ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(12)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na Slóivéine ó 4.6 % de OTI in 2021 go 3.0 % in 2022, agus thit an t-ollfhiachas rialtais ó 74.5 % de OTI ag deireadh 2021 go 69.9 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE; Pléadh staid bhuiséadach na Slóivéine sa tuarascáil, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta na Slóivéine os cionn 3% de OTI de 2023. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh an critéar maidir leis an easnamh. I gcomhréir le Teachtaireacht an 8 Márta 2023, níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach na bliana 2023; ina dhiaidh sin, luaigh an Coimisiún go molfadh sé don Chomhairle nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnamh a thionscnamh in earrach na bliana 2024, de réir na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart don tSlóivéin é sin a chur san áireamh agus a buiséad don bliain 2023 á cur chun feidhme aici, agus le linn di a Dréachtphlean Buiséadach don bhliain 2024 a ullmhú.
(13)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar ag na bearta sin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta. In 2022, ar na bearta laghdaithe ioncaim den sórt sin a bhí ann bhí laghdú sealadach CBL i dtaca le leictreachas, gás, ciantéamh agus connadh, laghdú sealadach dleachtanna máil i dtaca le breoslaí, gás agus leictreachas, agus laghdú sealadach i dtaca le cáin CO2 ar bhreoslaí; agus ar na bearta méadaithe caiteachais den sórt sin a bhí ann, bhí liúntas méadaithe leanaí ar feadh 2 mhí, liúntas fuinnimh le haghaidh daoine atá leochaileach go sóisialta agus fóirdheontais le haghaidh ghnólachtaí bunaithe ar phraghsanna a íocadh i gcomparáid le 2021. Measann an Coimisiún gur 1.0 % de OTI a bhí i gceist le glanchostas buiséadach na mbeart sin in 2022. Ina theannta sin, bhí tionchar ag costas buiséadach na cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe as an Úcráin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta, agus meastar gur 0.1% de OTI a bhí i gceist leis an gcostas sin in 2022. Ag an am céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 1.0 % de OTI in 2022, ó 4.1 % in 2021.
(14)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an tSlóivéin staid fhioscach tacúil ar bun in 2022 lena n-áirítear an spreagadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.
(15)De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí staid fhioscach thacúil ann in 2022, ag -1.2 % den OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean an tSlóivéin de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí atá le maoiniú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, 0.7 % de OTI a bhí i gceist leis in 2022 (0.8 % de OTI in 2021). Le hinfheistíocht arna maoiniú go náisiúnta soláthraíodh rannchuidiú fairsingiúcháin 0.7 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an tSlóivéin infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim), is rud é a sholáthair rannchuidiú fairsingiúcháin dar méid 0.4 pointe céatadáin don staid fhioscach. Ba chuid den rannchuidiú fairsingiúcháin suntasach sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (1.0 % den OTI), agus ba chuid de freisin na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % den OTI). Dá bhrí sin, bhí smacht leordhóthanach ag an tSlóivéin ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.
(16)An cás maicreacnamaíoch atá ina bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár Cobhsaíochta, is cás é atá réalaíoch maidir le 2023, agus atá réadúil maidir leis an am atá le teacht ina dhiaidh sin. Tá sé measta ag an rialtas dtiocfaidh méadú 1.8% ar fhíor-OTI in 2023 agus go dtiocfaidh méadú 2.5 % air in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún gur fíorfhás OTI is ísle ná sin a bheidh ann in 2023 agus 2024, is é sin 1.2% agus 2.2% faoi seach, agus é is cúis leis sin thar aon rud eile rannchuidiú fás níos ísle ó ghlan-onnmhairí.
(17)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, tá an rialtas ag súil go méadóidh cóimheas easnaimh an rialtais ghinearálta go 4.1 % de OTI in 2023. Is léiriú é an méadú in 2023 den chuid is mó ar infheistíocht phoiblí níos airde i ngeall ar dheireadh thréimhse ionsúcháin an chreata airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 a bhí ann roimhe sin agus ar fhóirdheontais arda. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais–OTI ó 69.9 % ag deireadh 2022 go 68.9 % ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais dar méid 3.7 % de OTI ann in 2023. Tá sé sin níos ísle ná an t-easnamh a thuartar sa Chlár Cobhsaíochta, go príomha mar gheall ar infheistíocht phoiblí níos ísle mar gheall ar shrianta ar acmhainneacht ionsúcháin agus mar gheall ar ionsú níos ísle fóirdheontas/beart a bhaineann le fuinneamh arna nglacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. An cóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI a thuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tá sé mórán ar an leibhéal céanna – tuartar gur 69.1 % a bheidh i gceist ag deireadh 2023.
(18)Na bearta fioscacha a glacadh chun an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheidh ag an méadú ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, meastar go mbeidh tionchar leanúnach acu ar chomhardú an rialtais in 2023. Is bearta iad sin ar cuireadh síneadh leo ó 2022 (go háirithe: laghdú sealadach CBL i dtaca le leictreachas, gás, ciantéamh agus connadh, laghdú sealadach dleachtanna máil i dtaca le breoslaí, gás agus leictreachas, agus laghdú sealadach i dtaca le cáin CO2 ar bhreoslaí) agus bearta nua amhail scéim nua agus níos mó le haghaidh fóirdheontais do ghnólachtaí bunaithe ar phraghsanna arna n-íoc i gcomparáid le 2021 agus cúiteamh do dháileoirí leictreachais agus gáis nádúrtha a thugann soláthar do chustaiméirí (mar shampla teaghlaigh nó FBManna) a bhfuil a bpraghsanna leictreachais agus gáis nádúrtha faoi réir uasteorainneacha praghsanna arna leagan síos ag an rialtas. I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún tuartar gur 0,9 % de OTI a bheidh i gceist le glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta in 2023. De réir dealraimh, ní ar na theaghlaigh leochailí ná ar na gnólachtaí is leochailí atá formhór na mbeart dírithe in 2023, ach is iomaí nach ceann nach gcaomhnaíonn an comhartha praghais chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, meastar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún gurb é 0.1 % de OTI in 2023 (i gcomparáid le 0.6 % de OTI in 2022) méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, rud atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta fhioscaigh do 2023. Ar deireadh, deireadh a bheith á chur de réir a chéile le bearta éigeandála sealadach COVID-19 dar luach 1.0 % de OTI, meastar gur rud é sin a rachaidh chun sochair do chomhardú an rialtais maidir le 2023.
(19)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle go ngníomhódh an tSlóivéin chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir le seasamh beartais neodrach foriomlán in 2023, i bhfianaise na tacaíochta leanúnaí sealadaí spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don tSlóivéin a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don tSlóivéin freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n-áirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.
(20)In 2023, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach fhairsingiúcháin a bheidh ann (-1.2% de OTI), i bhfianaise boilsciú ard. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach leathnaitheach a bheith ann in 2022 (-1,2 % de OTI). An fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthróidh sé rannchuidiú fairsingiúcháin dar méid 0.3% de OTI don staid fhioscach foriomlán. Tá sé sin á thuar in ainneoin chostas na mbeart tacaíochta spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh, costas a bhfuil laghdú 0,5 % de OTI tagtha air. Dá bhrí sin, an rannchuidiú fairsingiúcháin a ghabhann le caiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta, ní rud é a eascraíonn as an tacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Fóirdheontais níos airde agus méadú ar bhille pá na hearnála poiblí, sin is cúis leis an bhfás méadaithe ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Ar an iomlán, an fás a thuartar a thiocfaidh ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta, níl sé i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. 1,6 % de OTI a bhí i gceist leis an gcaiteachas a maoiníodh le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais in 2023, agus le h
infheistíocht a maoiníodh go náisiúnta soláthraíodh rannchuidiú fairsingiúcháin dar méid 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an tSlóivéin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus táthar ag tuar go ndéanfaidh sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí a mhaoiniú don aistriú glas, don aistriú digiteach, agus don tslándáil fuinnimh, infheistíocht i mbonneagar iarnróid, i
gcosc tuilte, sa tsláinte, agus i dtaighde agus nuálaíocht cuir i gcás, ar rudaí iad a chistítear leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
(21)De réir an Chláir Cobhsaíochta, meastar go laghdóidh an t-easnamh rialtais ghinearálta go dtí 2.8 % de OTI in 2024. Is éard a léiríonn an laghdú in 2024, thar aon rud eile, fóirdheontais níos ísle a bheith i gceist tar éis tharraingt siar na mbeart a glacadh chun tionchar eacnamaíoch an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, agus infheistíocht phoiblí níos ísle a bheith i gceist tar éis ionsú cistí ón Aontas a bhain leis gcreat airgeadais ilbhliantúil a bhí ann roimhe sin, creat a dtiocfaidh deireadh leis in 2023. De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais–OTI, go dtí 66.5 % ag deireadh 2024. I bhfianaise bearta beartais a bhí ar eolas ar dháta scoir na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtas dar méid
2.9 % de OTI ann in 2024. Tá sé sin níos airde ná an t-easnamh a thuartar sa chlár, agus is éard is cúis leis sin, thar aon rud eile, cúiteamh níos airde d’fhostaithe agus sochair shóisialta níos airde. An cóimheas ollfhiachais rialtais‑OTI a thuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tá sé mórán ar an leibhéal céanna – tuartar gur 66.6 % a bheidh i gceist ag deireadh 2024.
(22)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh ar fad in 2024. Glacann an Coimisiún leis freisin go gcuirfear deireadh go hiomlán de réir a chéile
le bearta tacaíochta fuinnimh in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú an athuair ar phraghsanna fuinnimh.
(23)Le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle iarrtar go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh 0.5 % den OTI mar thagarmharc. I bhfianaise ceisteanna maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach agus an ghá atá ann
an t-easnamh a laghdú go dtí faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI, bheadh sé iomchuí feabhas 0.5 % de OTI ar a laghad a chur ar an gcomhardú struchtúrach do 2024. Chun feabhas den sórt sin a áirithiú, níor cheart an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024 a dhul thar 5.5 %, mar a léirítear sa mholadh seo. Ag an am céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (bearta a mheasann an Coimisiún faoi láthair a bhfuil 0.9 % de OTI in 2023 i gceist leo), de réir forbairtí sa mhargadh fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na bearta is lú atá spriocdhírithe, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an t-easnamh rialtais a laghdú. De réir mheastacháin an Choimisiúin, is an toradh a bheadh air sin gur lá ná an t-uasráta fáis atá molta do 2024 an fás a thiocfadh ar an nglanchaiteachas príomhúil. Ina theannta sin, de réir réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, an fás ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023, níl sé i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá ndeimhneofaí sin a bheith amhlaidh, b’iomchuí fás níos ísle a theacht ar an nglanchaiteachas príomhúil in 2024.
(24)Is éard a thuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, ach na beartais a bheith gan athrú, gurb é 3.0% an ráta fáis a thiocfaidh ar an nglanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024, rud atá faoi bhun an ráta fáis atá molta.
(25)De réir an chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an infheistíocht ón rialtas ó 6.4 % de OTI in 2023 go 5.5 % de OTI in 2024. Is éard is cúis leis an infheistíocht laghdaithe ná laghdú a bheith i gceist ó thaobh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta agus ó thaobh infheistíocht fhoriomlán arna maoiniú ag an Aontas, ach déanfar infheistíocht níos airde tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a mheastar a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Orthu sin tá infheistíochtaí i mbonneagar iarnróid, sa tsláinte, i dtaighde agus nuálaíocht, agus i ngnéithe den aistriú glas agus den aistriú digiteach atá mar chuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta freisin.
(26)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, meastar go laghdóidh an t-easnamh rialtais ghinearálta de réir a chéile go 2.2 % de OTI in 2025 agus go 1.3 % faoi 2026. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI ó 2024 ar aghaidh go dtí deireadh thréimhse an chláir. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais‑
OTI ó 66.5 % ag deireadh 2024 go 63.5 % faoi dheireadh 2026.
(27)Meastar,go dtiocfaidh méadú 1.5 pointe céatadáin den OTI ar an gcaiteachas ar chúram sláinte idir 2019 agus 2070 agus tiocfaidh méadú faoi 2055 ar chostais cúraim fhadtéarmaigh. Tá rioscaí arda ó thaobh na hinbhuanaitheachta fioscaí roimh an tSlóivéin sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus is é an caiteachas a bhaineann le haosú an daonra is cúis leis sin. Tá tús curtha ag an tír le hathchóirithe cuimsitheacha ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach le blianta beaga anuas. Mar sin féin, cuireadh moill ar chur chun feidhme an athchóirithe ar chúram fadtéarmach agus níl maoiniú an athchóirithe sin sa mheántéarma ná san fhadtéarma cinntithe go fóill. I bpleanáil an athchóirithe ar chúram sláinte tugtar le fios gur athchóiriú é a chuirfear chun feidhme ina chéimeanna éagsúla, agus béim á leagan ar rochtain ar sheirbhísí ar ardchaighdeán agus ar bheith ag cur le cearta sóisialta agus an cuimsiú sóisialta. Ós rud é go gcuirfear brú breise ar an airgeadas poiblí leis sin, beidh sé ríthábhachtach don tSlóivéin tacar beart a chur ar aghaidh lena mbunófar bonn ioncaim cobhsaí nach mbainfidh an taca den chothromaíocht fhioscach sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
(28)Le leasuithe mhí na Nollag 2022 ar an Acht um Cháin Ioncaim Phearsanta, chuathas siar ar fhormhór na n-athruithe a formheasadh roimhe sin i mí an Mhárta 2022 lenar beartaíodh cánachas saothair a laghdú agus a d’fhágfadh go n-imreofaí tionchar diúltach buiséid suas le 1.3 % de OTI faoi 2025. I gcomparáid le comhiomlán an Aontais, is sciar beagán níos íle de OTI atá in ioncam cánach na Slóivéine, agus níl ach tearc-úsáid á baint as roinnt cánacha atá réasúnta fabhrach don fhás. Braitheann an tSlóivéin go mór ar chánachas saothair: sciar na gcánacha saothair den ioncam iomlán ó chánacha, tá sé os cionn chomhiomlán an Aontais. Tá cánacha athfhillteacha ar mhaoin dhochorraithe réasúnta íseal sa tSlóivéin (0.5 % de OTI vs meán an Aontais, arb é atá i gceist leis 1.1 % de OTI). Ach athchóiriú cánach a dhéanamh a bheadh glas agus lena gcothófaí an fás, féadfar tacú le comhdhlúthú fioscach agus le fás inbhuanaithe san fhadtéarma. Le hathchóiriú cánach den sórt sin, d’fhéadfaí éascaíocht a dhéanamh d’aistriú ón gcánachas saothair, ach sciar na gcánacha athfhillteacha maoine a bheith níos mó, agus d’fhéadfaí tacú le cruthú post i ré na glan-nialasachta agus i dtionscail eile lena mbaineann breisluach níos airde. Spreagfadh cánacha saothair níos ísle soláthar saothair freisin, lena n-áirítear ó oibrithe oilte agus eachtrannacha.
(29)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá plean téarnaimh agus athléimneachta na Slóivéine á chur chun feidhme, ach tá ag méadú ar an riosca go mbeadh moilleanna i gceist. Chuir an tSlóivéin iarraidh amháin ar íocaíocht isteach, arb iarraidh í a bhaineann le
12 cheann de gharspriocanna agus spriocanna sa phlean agus arb é an toradh a bhí uirthi gur eisíocadh thart ar EUR 49.6 milliún san iomlán. Chun dlús a chur le cur chun feidhme RRP a Slóivéine sa timpeallacht dhúshlánach atá ann faoi láthair, is gá struchtúr rialachais agus cumas riaracháin na Slóivéine a neartú, chomh maith lena áirithiú go ndéanfar na cinntí is gá gan mhoill. Baineann sé sin go háirithe le hathchóirithe struchtúracha ar chúram sláinte, ar chúram fadtéarmach, ar phinsin agus ar chánachas. San aguisín a ghabhann leis an RRP agus sa chaibidil bhreise maidir le REPowerEU, ba cheart amlíne réalaíoch a leagan síos le haghaidh na n-iarrataí íocaíochta atá fágtha agus ba cheart iad a chur isteach go pras chun aon mhoill nó cur isteach breise ar chur chun feidhme an phlean a sheachaint. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíocht breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Slóivéine i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.
(30)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na Slóivéine maidir leis an mbeartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t-aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa tSlóivéin.
(31)Bhí an tSlóivéin spléach, a bheag nó a mhór, ar an Rúis mar sholáthraí aonair gáis nádúrtha don tír sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin. Ó 2023 ar aghaidh, áfach, bhí an tSlóivéin in ann tuairim is trian dá soláthar gáis nádúrtha a dhaingniú trí allmhairí ón Ailgéir. Tá ról tábhachtach fós ag an ngás i meascán fuinnimh na Slóivéine (12%) agus is foinse ríthábhachtach fuinnimh é don tionscal, agus ag an am céanna cuireann sé solúbthacht ar fáil in earnáil na cumhachta. Dá bhrí sin, ba cheart an dícharbónú in earnáil na tionsclaíochta agus na cumhachta a chur chun cinn trí chur in úsáid luathaithe foinsí in-athnuaite agus trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh. Ina plean náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid, leag an tSlóivéin síos sprioc 27 % mar rannchuidiú le sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite. Tá sé sin go mór faoi bhun sciar 37% na bhfoinsí in-athnuaite in 2030 bunaithe ar Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2018/1999. Bhain an tSlóivéin a sprioc don bhliain 2021 amach ó thaobh an sciar den fhuinneamh san olltomhaltas deiridh fuinnimh a fuarthas ó fhoinsí in-athnuaite (25%), rud a rinne sí trí úsáid a bhaint as sásra an Aontais Eorpaigh um chomhar trasteorann i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 (trí aistrithe staidrimh). Nósanna imeachta ceadúcháin le haghaidh suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar scála na heangaí, tá siad sin fós ina scrogall, mar gheall, den chuid is mó, ar na nósanna imeachta casta agus fada comhshaoil, go háirithe i gcás suiteálacha gaoithe, inar féidir le nósanna imeachta maireachtáil suas le roinnt blianta. An sprioc fuinnimh in-athnuaite atá ag an tSlóivéin ina plean náisiúnta nuashonraithe don fhuinneamh agus don aeráid, beidh uirthi an sprioc sin a neartú go mór chun teacht leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh AE níos uaillmhianaí a leagtar síos sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus sa Phlean REPowerEU. Tháinig laghdú 14 % ar thomhaltas gáis nádúrtha sa tSlóivéin sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, rud atá beagán faoi bhun an sprioclaghdaithe, is é sin 15 %. D’fhéadfadh an tSlóivéin cur le hiarrachtaí an t-éileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024.
(32)I bplean téarnaimh agus athléimneachta na Slóivéine, tá athchóirithe agus infheistíochtaí suntasacha i gceist cheana féin lena ndírítear ar an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú; (ii) rochtain ar an eangach leictreachais agus comhtháthú san eangach sin a éascú i gcás
saoráidí táirgthe foinsí fuinnimh in-athnuaite; (iii) cur le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh poiblí, agus foirgnimh phoiblí a athchóiriú; agus (iv) a fhágáil gur féidir bonneagar breoslaí ionadúla a imscaradh. na bearta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, cé gur céim thábhachtach iad sin
maidir leis an éagsúlú chun imeacht ó bhreoslaí iontaise, d’fhéadfaí tuilleadh díchill a dhéanamh chun dlús a chur le cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh i ngach earnáil. Ar rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, tá réimsí tosaíochta a ainmniú do shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite, nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú agus a ghiorrú a thuilleadh, agus an eangach a neartú maille le bainistiú foriomlán na heangaí a fheabhsú (chun níos mó suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a nascadh, go háirithe ar na leibhéil ísealvoltais agus meánvoltais). Ach díriú isteach níos mó ar iompar agus ar bhonneagar atá saor ó astaíochtaí, chuideofaí a thuilleadh le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa agus le laghdú an
spleáchais ar bhreoslaí iontaise.
(33)Tá ganntanas lucht saothair agus scileanna ann in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach maidir leis an aistriú glas, lena n-áirítear monarú, imscaradh agus cothabháil teicneolaíochtaí aeráidneodracha, rud a fhágann go bhfuil scrogaill ann i dtaca leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas‑sciliú agus an t-athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n-earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh. Ach an teagasc san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic a neartú, d’fhéadfaí treisiú le cumas an chórais oideachais foghlaimeoirí a chumasú sa chaoi go mbeidís inniúlachtaí ar a dtoil acu le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair sa tSlóivéin maidir le 66 ghairm bheatha ina dteastaíonn scileanna nó eolas sonrach le haghaidh an aistrithe ghlais. Tháinig méadú ar an ráta folúntas i measc príomhearnálacha ar nós earnáil na tógála (ó 3.5 % in 2015 go 7.0 % in 2022) agus earnáil na monaraíochta (ó 1.2 % in 2015 go 2.6 % in 2022), ionas go raibh an dá earnáil sin os cionn mheán an Aontais, is é sin 4.0 % agus 2.3 %, faoi seach, in 2022.
(34)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Cobhsaíochta don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim i moladh (1) thíos.
(35)I bhfianaise na n-idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú i dtaca leis na praghsanna fuinnimh; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí cost-éifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na Slóivéine, cuidíonn moltaí (1), (2) agus (3) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh agus an tríú moladh maidir leis an limistéar euro.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an tSlóivéin in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023 trí úsáid a bhaint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. Dá mbeadh gá le bearta tacaíochta chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, a áirithiú go mbeidís dírithe ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh.
Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024, ionas nach mó ná 5.5% a bheidh i gceist leis.
Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n-ionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú.
I dtaca leis an tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú lena bhféachfar le comhdhlúthú a bhaint amach de réir a chéile agus ar bhealach inbhuanaithe, agus lena mbainfidh infheistíochtaí agus athchóirithe a bheidh fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.
Inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach na gcóras cúraim sláinte agus an chórais um chúram fadtéarmach a áirithiú. An t-ioncam ó chánacha a athchothromú ionas gur mó a bheidh foinsí inbhuanaithe lena gcothófaí fás i gceist.
2.Struchtúr rialachais éifeachtach a áirithiú agus an acmhainneacht riaracháin a neartú chun gur féidir leanúint den phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go mear agus go leanúnach. Bailchríoch a chur go pras ar an gcaibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur go tapa lena cur chun feidhme. Dul ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin.
3.Leanúint d’iarrachtaí allmhairí gáis a éagsúlú agus an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, go háirithe trí na nósanna imeachta ceadúcháin a shimpliú agus a ghiorrú a thuilleadh, agus tríd an eangach leictreachais a neartú agus bainistiú na heangaí sin a fheabhsú, tríd an digitiú i measc rudaí eile. Cur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú, go háirithe in earnáil na tógála, leictriú na hearnála iompair a chur chun cinn, agus dlús a chur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus sealbhú na scileanna is gá i dtaca leis an aistriú glas.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,