Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0616

    Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta athchóirithe Lucsamburg in 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Lucsamburg in 2023

    COM/2023/616 final

    An Bhruiséil,24.5.2023

    COM(2023) 616 final

    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta athchóirithe Lucsamburg in 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Lucsamburg in 2023

    {SWD(2023) 616 final}


    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta athchóirithe Lucsamburg in 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Lucsamburg in 2023

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar shuíomhanna buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú 1 , a neartú, agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 3 lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

    (2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, 4 rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh inar shainaithin sé Lucsamburg inti ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinnathbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach Lucsamburg don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

    (3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an taistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

    (4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré GhlanNialasach 5 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glannialasachta agus leis na táirgí glannialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus chun an rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena náirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na namhábhair a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 6 teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

    (5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

    (6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 7 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na GlanNialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna neisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamhinaisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

    (7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. 8 Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú praghais a bheith ann an athuair ó thaobh an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. 9 Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go núsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

    (8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, cuirtear córas forfheidhmiúcháin níos déine i bhfeidhm leo san am céanna chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

    (9)An 21 Aibreán 2021, chuir Lucsamburg a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar an 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta do Lucsamburg a fhormheas 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag Lucsamburg. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

    (10)An 28 Aibreán 2023, thíolaic Lucsamburg a Chlár Náisiúnta 2023 um Athchóiriú Náisiúnta agus, an 27 Aibreán 2023, a Chlár Cobhsaíochta 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú débhliantúil Lucsamburg maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

    (11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 le haghaidh Lucsamburg 11 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn Lucsamburg ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinne sí measúnú freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag Lucsamburg maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus maidir le príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, laghdú scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, chomh maith le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    (12)Rinne an Coimisiún grinnathbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir le Lucsamburg agus d’fhoilsigh sé a chuid conclúidí an 24 Bealtaine 2023 12 . Tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha os comhair Lucsamburg. Go háirithe, tá méadú tagtha le déanaí ar leochaileachtaí a bhaineann le praghsanna arda tithe agus fiachas ard teaghlaigh ach ar an iomlán is cosúil go bhfuil siad faoi smacht go dtí seo agus táthar ag súil go néascófar iad sa mheántéarma. Tá méadú tagtha ar an éileamh ar thithíocht mar gheall ar fhás láidir daonra mar aon le creidmheas morgáiste méadaithe, arna spreagadh ag tacaíocht fhioscach, agus tá an soláthar srianta ag an talamh teoranta atá ar fáil le haghaidh tógála agus ag taisceadh talún. Mar thoradh ar an mbearna mhéadaitheach idir an téileamh tithíochta agus an soláthar tithíochta, tá méadú mór tagtha ar phraghas na dtithe agus tá rioscaí méadaitheacha ann go mbeadh róluacháil praghsanna tithe ann agus go rachadh an inacmhainneacht in olcas. Is léir gur laghdaíodh praghsanna tithe go déanach in 2022, agus tháinig laghdú mór ar líon na nidirbheart tithíochta, toisc gur tháinig athrú ar an margadh de bharr an mhéadaithe ar rátaí úis. Mar sin féin, níltear ag súil le ceartú géar ar phraghsanna tithe toisc go bhfuil ioncaim ag coinneáil suas go maith agus táthar ag súil go leanfar den ghanntanas soláthair. Tá fiachas teaghlaigh anard ó thaobh ioncaim indiúscartha de agus tá méadú ag teacht ar an méid airgid a fhaightear ar iasacht agus, ag an am céanna, tháinig laghdú ar an iasacht beagán go déanach in 2022. Tá sócmhainní airgeadais na dteaghlach suntasach freisin, méaduithe ar fhiachas i dtreo na leibhéal níos airde ioncaim agus rachmais, agus tá an earnáil baincéireachta fónta, rud a mhaolaíonn rioscaí macra-airgeadais ar an iomlán. Le hiarrachtaí breise beartais, lena náirítear trí dhlús a chur le glacadh agus cur chun feidhme na mbeart a rinneadh le déanaí agus trí thosaíocht a thabhairt dóibh, lena náirítear cánacha athfhillteacha chun soláthar talún intógála a mhéadú, mar aon leis an athchóiriú leanúnach ar phleanáil úsáide talún, d’fhéadfaí an méid sin cuidiú le borradh a chur faoin soláthar tithíochta, lena náirítear trí thithíocht shóisialta inacmhainne a sholáthar atá dírithe orthu siúd is mó atá i ngátar. D’fhéadfaí éifeachtúlacht an mhargaidh cíosa a fheabhsú freisin. Ina theannta sin, dá laghdófaí inasbhainteacht úis morgáiste, a méadaíodh go suntasach le déanaí, laghdófaí na dreasachtaí fioscacha chun iasachtaí a fháil a thacaíonn le praghsanna arda tithe.

    (13)Bunaithe ar shonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, 13 tháinig laghdú ar bharrachas ginearálta rialtas Lucsamburg ó 0.7 % de OTI in 2021 go 0.2 % in 2022, agus méadaíodh fiachas ginearálta an rialtais beagán ó 24.5 % de OTI ag deireadh 2021 go 24.6 % ag deireadh 2022.

    (14)Bhí tionchar ag na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú ar chothromaíocht ghinearálta an rialtais. In 2022, áiríodh leis na bearta laghdaithe ioncaim sin laghdú 7.5 ct in aghaidh an lítir ar chánacha ar tháirgí chun praghsanna tomhaltóirí do pheitreal, díosal agus ola téimh; cé gur áiríodh i mbearta méadaithe caiteachais den sórt sin creidmheas cánach fuinnimh a thabhairt isteach 14 , cúnamh do chuideachtaí a raibh tionchar ag ardú ar phraghsanna fuinnimh orthu agus teorainn a chur le méaduithe ar phraghsanna gáis. Measann an Coimisiún gurb ionann glanchostas buiséadach na mbeart sin agus 0.5 % de OTI in 2022. Ina theannta sin, bhí tionchar ag costas buiséadach na cosanta sealadaí ar dhaoine easáitithe as an Úcráin ar chomhardú ginearálta an rialtais, arb ionann é agus 0.1 % de OTI in 2022. San am céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 0.1 % de OTI in 2022, ó 0.8 % in 2021.

    (15)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go saothródh Lucsamburg 15 in 2022 seasamh fioscach a thacaíonn léi, lena náirítear ón mbogadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

    (16)De réir mheastacháin an Choimisiúin, thacaigh an seasamh fioscach 16 in 2022 le
    -0.9 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Mar a mhol an Chomhairle, lean Lucsamburg de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí arna maoiniú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. B’ionann an caiteachas a mhaoinigh deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus 0.1 % de OTI in 2022 (0.1 % de OTI in 2021). Sholáthair infheistíocht atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht neodrach leis an staid fhioscach 17 . Dá bhrí sin, chaomhnaigh Lucsamburg infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. San am céanna, sholáthair an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) ranníocaíocht mhéadaitheach dar méid 1.3 pointe céatadáin don seasamh fioscach foriomlán. Sa rannchuidiú méadaitheach mór sin, bhí tionchar breise na mbeart a rinneadh chun tionchar eacnamaíoch agus tionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (glanchostas fioscach díreach breise de 0.5 % de OTI) a mhaolú, mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). San am céanna, rannchuidigh fóirdheontais, caiteachas reatha eile agus tomhaltas idirmheánach (0.3 % de OTI) freisin leis an bhfás ar ghlanchaiteachas príomha reatha. Dá bhrí sin, níor choinneáil Lucsamburg an fás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi smacht leordhóthanach. Ní raibh ach cuid de na bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh mar thoradh ar rannchuidiú suntasach méadaitheach an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta, chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin.

    (17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamhmheastacháin bhuiséadacha atá sa Chlár Cobhsaíochta dóchasach in 2023 agus fabhrach ina dhiaidh sin. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 2,4 % in 2023 agus 3,8 % in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar le réamhaisnéis earraigh 2023 an Coimisiún go mbeidh fíorfhás OTI níos ísle de 1.6 % in 2023 agus 2.4 % in 2024, go príomha mar gheall ar rannchuidithe fáis níos ísle ó ghlanonnmhairí in 2023 agus éileamh intíre in 2024 18 .

    (18)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, tá coinne ag an rialtas go dtiocfaidh meath ar chomhardú ginearálta an rialtais go cóimheas easnaimh de 1,5 % de OTI in 2023. Léiríonn an meath in 2023 den chuid is mó bearta breise chun tacú le hioncaim teaghlaigh agus chorparáideacha tar éis praghsanna arda fuinnimh agus boilscithe. De réir an Chláir, meastar go méadóidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI ó 24.6 % ag deireadh 2022 go 26.1 % ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin go mbeidh easnamh rialtais de 1.7 % de OTI ann do 2023. Tá sé sin beagán níos airde ná an teasnamh atá tuartha sa Chlár Cobhsaíochta, go príomha mar gheall ar ioncam cánach beagán níos ísle, de réir réamhaisnéis an Choimisiúin. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI beagán níos ísle, 25.9 % ag deireadh 2023. Is é is cúis leis an difríocht sin fás ainmniúil OTI níos airde in 2023, de réir réamhaisnéis an Choimisiúin.

    (19)Meastar go leanfar an tionchar atá ag na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú ar chothromaíocht ghinearálta an rialtais in 2023. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh leo ó 2022 (go háirithe, lena dteorannaítear méaduithe ar phraghsanna gáis trí fhóirdheonú a dhéanamh ar chostais fuinnimh teaghlaigh agus muirir ghréasáin, praghsanna leictreachais a chobhsú trí fhóirdheontais do theaghlaigh, agus bearta chun tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí) agus bearta nua, mar shampla, fóirdheontais le haghaidh soláthar téimh trí líonraí ceantair agus le haghaidh teaghaisí móra, chomh maith le fóirdheontais chun féintomhaltas ag cuideachtaí a chur chun cinn trí leictreachas fótavoltach. Tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin ag 1.1 % de OTI in 2023 19 . Tá roinnt de na bearta in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, agus ní chaomhnaíonn formhór acu an comhartha praghais chun an téileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Dá thoradh sin, meastar gurb é 0.6 % de OTI in 2023 méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe, atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta fhioscaigh do 2023, i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún (i gcomparáid le 0.4 % de OTI in 2022).

    (20)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 20 go ndéanfadh Lucsamburg gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 21 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart do Lucsamburg a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh do Lucsamburg freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.

    (21)In 2023, réamhmheastar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún gur staid fhioscach mhéadaitheach a bheidh ann (-1,5 % de OTI), i gcomhthéacs boilscithe aird. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach mhéadaitheach a bheith ann in 2022 (-0,9 % de OTI). Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta discréideacha ioncaim) in 2023, meastar go soláthrófar rannchuidiú méadaitheach de 1.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach leis an bhfás sin. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh de 0.3 % den OTI. Dá bhrí sin, níl an rannchuidiú méadaitheach caiteachais reatha príomha a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ach i bpáirt i ngeall ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh. Tá an fás méadaitheach ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) á spreagadh freisin, i measc tosca eile, sochair shóisialta seachas comhchineáil, ag fóirdheontais a bhaineann le bearta fuinnimh neamhspriocdhírithe, méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí, ranníocaíocht aonuaire le buiséad an Aontais, agus an laghdú ar rátaí CBL. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha a tuaradh arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb ionann an caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais agus 0.2 % de OTI in 2023, agus tuartar go soláthróidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach. Tá sé beartaithe ag Lucsamburg infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus meastar go ndéanfaidh sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú 22 . Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, mar shampla, leictriú an iompair phoiblí, atreisiú an ghréasáin tramanna agus iarnróid, ciste aeráide agus fuinnimh chun tacú le painéil fhótavoltacha a fháil, seirbhísí poiblí agus slándáil na cumarsáide digití a dhigitiú (teicneolaíocht chainníochtúil), a mhaoinítear i bpáirt leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

    (22)De réir an Chlár Cobhsaíochta, meastar go méadóidh easnamh ginearálta an rialtais go 1,7 % de OTI in 2024. Is léiriú é an méadú in 2024 den chuid is mó ar leathnú na mbeart tacaíochta chun teaghlaigh agus ioncaim chorparáideacha a mhaolú i gcoinne éifeachtaí an bhorrtha bhoilscithe. Leis an gclár, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú go 27.5 % ag deireadh 2024 ar chóimheas ollfhiachas rialtais–OTI. Bunaithe ar bhearta beartais ar a dtugtar scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún barrachas rialtais de 1.5 % de OTI in 2024. Tá sé sin beagán níos ísle ná an teasnamh atá tuartha sa chlár, go príomha mar gheall ar mhéadú níos ísle ar luach saothair na bhfostaithe agus ar aistrithe sóisialta, de réir réamhaisnéis an Choimisiúin. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI níos ísle, 27.0 % ag deireadh 2024.

    (23)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta síneadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh go dtí deireadh 2024. Faoi láthair, glacann an Coimisiún le glanchostas na mbeart tacaíochta fuinnimh ag 0.5 % de OTI in 2024 23 , i gcomparáid le 1.1 % de OTI in 2023. Tá na meastacháin sin ag brath ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú athnuaite ar phraghsanna fuinnimh. Na bearta tacaíochta fuinnimh atá beartaithe faoi láthair le fanacht i bhfeidhm in 2024, ní cosúil go bhfuil siad dírithe ar theaghlaigh nó ar ghnólachtaí leochaileacha. Ní chaomhnaíonn formhór acu go hiomlán an comhartha praghais chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

    (24)Éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh 0.5 % de OTI mar thagarmharc 24 . Agus breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí á gcur san áireamh, 25 bheadh sé iomchuí feabhas a chur ar chomhardú struchtúrach 0.3 % ar a laghad de OTI do 2024. Chun an feabhas sin a áirithiú, níor cheart an fás ar an nglanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta 26 in 2024 a bheith níos mó ná 4.8 %, mar a léirítear sa mholadh seo. San am céanna, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (arna mheas ag an gCoimisiún faoi láthair ag 1.1 % de OTI in 2023) in 2023, ag brath ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh agus ag tosú ó na cinn is lú spriocdhíriú, agus ba cheart na coigiltis ghaolmhara a úsáid chun an teasnamh rialtais bunaithe ar mheastacháin an Choimisiúin a laghdú, bheadh fás ar ghlanphríomhchaiteachas faoi bhun an uasráta fáis a mholtar le haghaidh 2024 mar thoradh air sin. Mar sin féin, de réir réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, níl an fás ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá ndeimhneofaí sin, bheadh fás níos ísle i nglanchaiteachas príomhúil in 2024 iomchuí.

    (25)Ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais, tá sé beartaithe ag réamhaisnéis earraigh an Choimisiúin 2023 glanchaiteachas príomhúil a mhaoiniú go náisiúnta chun go bhfásfaidh sé ag 2.9 % in 2024, fás atá faoi bhun an ráta fáis atá molta.

    (26)De réir an chláir, meastar go mbeidh infheistíocht an rialtais cobhsaí i gcónaí ag 4.5 % de OTI in 2023 agus in 2024. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a mheastar a rannchuideoidh le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin infheistíochtaí chun an taistriú fuinnimh agus an taistriú digiteach a chothú, atá mar chuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta freisin.

    (27)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2027. De réir an chláir, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais de réir a chéile go 1,0 % de OTI in 2025, agus go 0,8 % faoi 2026, sula dtiocfaidh méadú beagán air go 0.9 % in 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an teasnamh ginearálta rialtais faoi bhun 3 % den OTI thar thréimhse an chláir. De réir an chláir, meastar go méadóidh cóimheas ollfhiachas rialtais–OTI ó 27.5 % ag deireadh 2024 go 29.0 % ag deireadh 2027.

    (28)Beidh tionchar níos géire ag treochtaí déimeagrafacha ar chaiteachas rialtais sna deacáidí amach romhainn, toisc go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú leanúnach ar líon na bpinsinéirí in aghaidh an oibrí mar gheall ar an daonra atá ag dul in aois agus an mhoilliú ar ghlanshreabha imirce. I gcás nach mbeidh aon athrú ar an mbeartas, beidh ar Lucsamburg aghaidh a thabhairt ar cheann de na méaduithe is géire atá ag an Aontas ar chaiteachas pinsin mar sciar de OTI, rud a mheastar a dhúbailt go dtí thart ar 18 % den OTI faoi 2070, an méadú is airde san Aontas. Dá thoradh sin, beidh méadú suntasach ar fhiachas an rialtais, rud a chuirfidh inbhuanaitheacht airgeadas an rialtais i mbaol. Ní thugann an plean téarnaimh agus athléimneachta aghaidh ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach chóras na bpinsean. Go sonrach, ní thugtar aghaidh sa phlean ar éifeachtaí diúltacha scéimeanna luathscoir ná dreasachtaí airgeadais chun margadh an tsaothair a fhágáil go luath, rud a chuireann leis an ráta íseal fostaíochta i measc oibrithe scothaosta. Dá nardófaí an aois scoir iarbhír, bheadh tionchar maicreacnamaíoch tairbhiúil aige sin agus d’fhéadfaí an caiteachas ar phinsin a laghdú, ós rud é go dtacódh ráta níos airde oibrithe scothaosta i bhfostaíocht le fás eacnamaíoch. Tá an comhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach san Aontas bunriachtanach chun an méid seo a leanas a dhéanamh: i) saobhadh iomaíochta idir gnólachtaí a chosc; ii) a chinntiú go gcaithfear go cothrom le cáiníocóirí; agus iii) airgeadas rialtais a chosaint. Is geilleagar beag, oscailte é Lucsamburg, le hearnáil airgeadais mhór idirnáisiúnta, rud a mhíníonn sreafaí móra airgeadais ar bhealach suntasach. Léiríonn na sreafaí sin, áfach, go bhfuil go leor cuideachtaí faoi úinéireacht eachtrach sa tír, a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí státchiste inghrúpa. Ábhar imní ar leith is ea nach bhfuil cánacha siarchoinneálach ann, nó nach bhfuil bearta coibhéiseacha ann maidir le hús agus íocaíochtaí ríchíosa a íoctar le dlínsí ísealchánach nó cánacha nialasacha lasmuigh de na tíortha sin a áirítear i liosta an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha 27 . D'fhéadfadh íocaíochtaí amach úis agus ríchíosanna ó chuideachtaí atá lonnaithe i Lucsamburg chuig dlínsí tríú tíortha a bheith faoi réir beagán cánach nó gan aon chánachas a ghearradh orthu mura ngearrtar cáin ar na híocaíochtaí sin nó mura ngearrtar cáin orthu ar leibhéal íseal sa dlínse faighteora. Tá roinnt céimeanna glactha ag Lucsamburg chun an phleanáil ionsaitheach chánach a chomhrac. Go dtí seo, áfach, níor leor na bearta sin chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin den chóras cánach, ar féidir le cuideachtaí ilnáisiúnta iad a úsáid chun dul i mbun pleanála ionsaithí cánach.

    (29)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíocht a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg faoi lán seoil. Thíolaic Lucsamburg a chéad iarraidh ar íocaíocht an 28 Nollaig 2022, a chomhfhreagraíonn do 26 gharsprioc agus sprioc sa Chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, le haghaidh EUR 20 milliún a eisíoc faoin tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta. D’fhoilsigh an Coimisiún a réamhmheasúnú dearfach an 28 Aibreán 2023. Pléitear an iarraidh ar íocaíocht sa Chomhairle anois. Áirítear ar na garspriocanna agus ar na spriocanna lena mbaineann teacht i bhfeidhm an athchóirithe “Comhaontú Tithíochta 2.0”, arb é is aidhm dó soláthar tithíochta cíosa inacmhainne a chuireann bardais ar fáil a mhéadú, infheistíochtaí chun an earnáil phoiblí a dhigitiú agus chun cumarsáid sárshláine a fhorbairt, uassciliú an lucht saothair le seoladh an chláir “FutureSkills”, chomh maith le hathchóiriú ar sholáthar feithiclí glana. Thíolaic Lucsamburg leasú ar a phlean an 11 Samhain 2022, leasú a d’fhormheas an Chomhairle an 17 Eanáir 2023. Táthar ag súil go gcuirfidh Lucsamburg caibidil REPowerEU isteach agus tá cinneadh déanta aige cheana EUR 128.5 milliún a aistriú ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun a chur chun feidhme a mhaoiniú. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, beifear in ann athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha Lucsamburg i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

    (30)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile Lucsamburg maidir le beartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an taistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin i Lucsamburg.

    (31)Lasmuigh de na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise os comhair Lucsamburg, go háirithe inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí a eascraíonn go príomha as córas na bpinsean, bealaí éalaithe dlíthiúla a d’fhéadfadh cuideachtaí ilnáisiúnta atá i mbun pleanáil ionsaitheach cánach a úsáid, leochaileachtaí a bhaineann le praghsanna arda tithe agus fiachas teaghlaigh, laigí sa chóras oideachais a chuireann leis an neamhionannas agus le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas fuinnimh agus leis an aistriú glas, lena náirítear bacainní féideartha ar an aistriú ó bhreoslaí iontaise agus saincheisteanna leis an líonra iompair.

    (32)Braitheann bunscileanna agus feidhmíocht fhoriomlán na ndaltaí go mór ar a gcúlra socheacnamaíoch agus teanga. Tá na meánleibhéil eolais agus scileanna lárnacha ag 15 bliana d’aois, mar a thomhaistear le Clár ECFE um Measúnú Idirnáisiúnta ar Mhic Léinn (PISA), i bhfad níos ísle i Lucsamburg ná meán an Aontais. Tá an bhearna idir mic léinn a bhfuil buntáiste acu agus a bpiaraí faoi mhíbhuntáiste níos mó i Lucsamburg ná in aon tír eile san Aontas. Leis an gcóras oideachais, ní thugtar na bunscileanna is gá do gach dalta chun riachtanais mhargadh saothair na tíre a shásamh. Is í Lucsambuirgis an teanga a labhraítear sa chóras náisiúnta scoile ag an mbunleibhéal, agus foghlaimíonn na daltaí conas léamh agus scríobh i nGearmáinis. Múintear gach ábhar (seachas Fraincis) i nGearmáinis. Is ionann sin agus éileamh anard ar scileanna teanga i dtír nach labhraíonn ach dalta amháin as gach triúr dalta Lucsambuirgis mar chéad teanga. Tháinig méadú ó 6.3 % in 2018 go 8.2 % in 2022 ar sciar na ndaoine óga idir 18-24 a d’fhág an toideachas agus an oiliúint gan oideachas meánscoile uachtaraí a chríochnú. I mí Mheán Fómhair 2022, sheol Lucsamburg tionscadal píolótach i gceithre bhunscoil, áit a dtosaíonn daltaí ag foghlaim ar dtús i bhFraincis agus ansin i nGearmáinis. Dá leathnófaí é chuig níos mó scoileanna, d’fhéadfadh an cur chuige sin cabhrú le feabhas a chur ar fheidhmíocht daltaí nach í an Fhraincis a gcéad teanga. Ina theannta sin, mhéadaigh Lucsamburg soláthar scoileanna poiblí idirnáisiúnta: ón 2022/2023, tá 4 % de na daltaí ag an leibhéal réamhbhunscoile agus bunscoile cláraithe i scoileanna den sórt sin, áit ar féidir leo rogha a dhéanamh idir an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis mar theanga teagaisc. Dá leathnófaí an rogha teagaisc seo trí phríomhtheanga amháin chun cuid mhór de dhaonra na scoile a chlúdach, d’fhéadfadh sé cur go mór leis an seans atá ag daltaí torthaí foghlama níos fearr a bhaint amach.

    (33)Tá córas fuinnimh Lucsamburg ag brath go mór ar allmhairí agus ag brath ar bhreoslaí iontaise. Is glanallmhaireoir mór fuinnimh í an tír. Tá sé ag brath go hiomlán, nach mór, ar allmhairí fuinnimh phríomhúla, le ráta spleáchais 92 % in 2021. Sholáthair ola 69 % de mheascán fuinnimh Lucsamburg, agus 18 % de ghás nádúrtha, agus tháinig 12 % ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh, agus bhain sí acmhainneacht 572 MW amach in 2022. Ní allmhairíonn Lucsamburg aon ola ón Rúis. Maidir le gás, tá teorainn leis an spleáchas ar an Rúis, ós rud é gur ó phíblínte ón mBeilg agus ón nGearmáin, a thagann ón Iorua agus ón Ísiltír, a allmhairíodh beagnach 100 % den ghás a ídítear i Lucsamburg. Tháinig laghdú 26 % ar thomhaltas gáis nádúrtha Lucsamburg sa tréimhse Lúnasa 2022-Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, thar an sprioc laghdaithe 15 %. D’fhéadfadh Lucsamburg leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an téileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 28 .

    (34)Cé go bhfuil Lucsamburg thar a bheith idirnasctha ó thaobh cumhachta agus gáis de, beidh gá le tuilleadh infheistíochta in oirchill an mhéadaithe ar ghiniúint inathnuaite agus ar éileamh cumhachta. Ní mór do Lucsamburg aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le soláthar tithíochta neamhleor agus a spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach ag an am céanna. Is gá freisin an stoc foirgneamh atá ann cheana a athchóiriú. Le 20,8 % den acmhainneacht iomlán coigilte fuinnimh (i dtéarmaí GWh), is í an earnáil chónaithe agus athchóirithe an dara foinse is mó chun fuinneamh a spáráil faoi 2030. Úsáideann thart ar 89 % de na foirgnimh chónaithe córais téimh atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise (ola téimh agus gás nádúrtha). Beidh ról lárnach ag bardais ina leith sin. Meánn plódú tráchta ar bhóithre ar an ngeilleagar agus ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil, agus san am céanna baineann sciar suntasach d'ídiú ola le hiompar agus 59 % d'iomlán na nastaíochtaí gás ceaptha teasa, a chuirtear i gcomparáid le meán an Aontais de 24 % in 2019. Cé gur ghlac Lucsamburg roinnt beart ábhartha chun feabhas a chur ar iompar inbhuanaithe, chuideodh idirghabhálacha breise níos spriocdhírithe chun spleáchas ar ola agus astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú go mór. Léirítear sin in PNFA Lucsamburg, ina leagtar síos sprioc 40 % de fhlít feithiclí leictreacha agus inluchtaithe dá fhlít feithiclí faoi 2030. Tá sprioc leagtha síos ag Lucsamburg dó féin go mbeidh sé neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Tá dul chun cinn suntasach déanta aige le blianta beaga anuas maidir le fuinneamh inathnuaite ach tá sé fós ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an sciar is ísle acu. I gcás Lucsamburg, beidh gá le tuilleadh méadaithe ar an uaillmhian chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun a spriocanna fuinnimh do 2030 a bhaint amach – 25 % den fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a bhaint amach agus tomhaltas deiridh fuinnimh a laghdú 40 % go 44 % i gcomparáid le 2007.

    (35)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glannialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena náirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glannialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uassciliú agus an tathsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na nearnálacha is mó a ndéanann an taistriú glas difear dóibh. Mhéadaigh Lucsamburg a iarrachtaí oibrithe a uassciliú agus a athsciliú chun earnálacha atá ag dul i léig agus atá ag athrú ó bhonn. Mar sin féin, tá ganntanas lucht saothair fós ann i roinnt gairmeacha, lena náirítear bainisteoirí beartais agus pleanála. Is scrogall féideartha é seo san aistriú glas agus i gcur chun feidhme REPowerEU.

    (36)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár um Chobhsaíocht don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim 29 i moladh (1) thíos.

    (37)I bhfianaise na nidirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú i dtaca leis na praghsanna fuinnimh; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí costéifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás Lucsamburg, cuidíonn moltaí (1), (2) agus (4) le cur chun feidhme na chéad, dara, tríú, ceathrú agus cúigiú moladh maidir leis an limistéar euro. 

    Ag MOLADH LEIS SEO go nglacfaidh Lucsamburg gníomhaíocht in 2023 agus in 2024 chun:

    1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, trí úsáid a bhaint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh an rialtais a laghdú. Dá mba ghá bearta tacaíochta a chur chun feidhme i ngeall ar mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh athnuaite, áirithigh go ndíreofar orthu sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, atá inacmhainne go fioscach, agus ar dhreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú.

    Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 4.8 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024.

    Infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.

    Don tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú de réir a chéile agus inbhuanaithe, mar aon le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.

    Rioscaí a bhaineann leis an margadh tithíochta a laghdú, go háirithe trí in‑asbhainteacht úis morgáiste a laghdú, agus trí bhearta a dhéanamh chun soláthar talún infhoirgnithe a mhéadú. Aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach chóras na bpinsean, go háirithe trí dheireadh a chur le roghanna luathscoir agus ráta fostaíochta na n‑oibrithe scothaosta a mhéadú. Gníomhaíocht a mhéadú chun dul i ngleic go héifeachtach le pleanáil ionsaitheach chánach, go háirithe trí chánachas leordhóthanach a áirithiú ar íocaíochtaí úis amach agus ar ríchíosanna go dlínsí cánach nialasacha/ísle.

    2.Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme leanúnach a phlean athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta agus bailchríoch a chur go pras ar chaibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur lena chur chun feidhme go tapa. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme pras chláir an bheartais chomhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

    3.Feidhmíocht an chórais oideachais scoile a fheabhsú agus comhdheiseanna a chur chun cinn do gach dalta, go háirithe tríd an teagasc a chur in oiriúint do riachtanais na ndaltaí atá faoi mhíbhuntáiste agus dóibh siúd ó chúlraí éagsúla teanga.

    4.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le húsáid foinsí inathnuaite, acmhainneacht tarchurtha leictreachais, nósanna imeachta ceadaithe a éascú agus infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh san earnáil chónaithe agus san earnáil neamhchónaithe araon. Tacú le bardais chun pleananna áitiúla mionsonraithe a fhorbairt chun fuinneamh inathnuaite a imscaradh, lena náirítear cumhacht na gaoithe agus fótavoltach, agus le haghaidh córais téimh agus fuaraithe ceantair. Leictriú iompair a chur chun cinn tuilleadh agus infheistíocht a dhéanamh i ngréasáin agus i mbonneagar iompair phoiblí. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
    (2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
    (3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
    (4)    COM(2022) 780 final.
    (5)    COM(2023) 62 final.
    (6)    COM(2023) 168 final.
    (7)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755, agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
    (8)    COM(2023) 141 final.
    (9)    COM(2022) 583 final.
    (10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta do Lucsamburg a fhormheas (ST 10155/21; ST 10155/21 ADD 1).
    (11)    SWD(2023) 616 final.
    (12)    SWD(2023) 638 final.
    (13)    Táscairí EurostatEuro, 47/2023, 21.4.2023
    (14)    Is féidir le creidmheasanna cánach iníoctha an dliteanas cánach a shárú agus tionchar a imirt ar neamhíocóirí cánach chomh maith le cáiníocóirí; dá bhrí sin, aicmítear iad mar chaiteachas sna cuntais náisiúnta (CEC 2010, airteagail 20.167 agus 20.168).
    (15)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 Lucsamburg, IO C 304, 16.2021, lch. 73.
    (16)    Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an tathrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), cé is moite de bhearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim Covid19 ach lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú trí thacaíocht neamhinaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
    (17)    Sholáthair caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach de 0.4 pointe céatadáin de OTI, mar gheall ar laghdú ar ‘aistrithe caipitil eile’ a bhaineann go príomha le tacaíocht ghnó agus cúnamh téarnaimh a chéimniú amach i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (Ciste Téarnaimh agus Dlúthpháirtíochta do ghnólachtaí).
    (18)    I gcás OTI ainmniúil, tá an cás beagán éagsúil; tuartar sa Chlár Cobhsaíochta rátaí fáis ainmniúla OTI de 4.7 % in 2023 agus 6.0 % in 2024, agus tuartar i réamhaisnéis earraigh an Choimisiúin 2023 ráta níos airde 7.1 % in 2023, agus ráta inchomparáide 5.9 % in 2024.
    (19)    Is ionann an figiúir agus leibhéal chostas bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin, lena náirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.
    (20)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta um Athchóiriú Lucsamburg agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta Lucsamburg 2022, IO C 334, 1.9.2022, lch. 128.
    (21)    Ar bhonn réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, meastar gur 7,8 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh Lucsamburg (meán 10 bliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
    (22)    Réamhmheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht neodrach do OTI.
    (23)    Ní áirítear i sainmhíniú an Choimisiúin ar bhearta fuinnimh ach bearta beartais fhioscaigh a dhéanann difear díreach do phraghsanna fuinnimh nó a thugann tacaíocht shealadach ioncaim don tomhaltas fuinnimh. Ní aicmítear bearta tacaíochta ginearálta boilscithe mar bhearta fuinnimh, rud a mhíníonn difríocht idir an Clár Cobhsaíochta agus réamhaisnéis an Choimisiúin sa chostas buiséadach measta a bhaineann le bearta tacaíochta fuinnimh.
    (24)    Cf. Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, lena gceanglaítear freisin coigeartú is mó ná 0.5 % de OTI a dhéanamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas rialtais acu ar mó é ná 60 % de OTI, nó a bhfuil rioscaí níos suntasaí acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.
    (25)    Mheas an Coimisiún go mbeadh gá le príomhchothromaíocht struchtúrach chobhsaí ó Lucsamburg chun a áirithiú go gcoinneofaí fiachas rialtais ar leibhéil stuama sa mheántéarma. Bhí an meastachán sin bunaithe ar réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún. Ba é túsphointe an mheastacháin sin an teasnamh agus an fiachas rialtais réamhmheasta do 2024 a ghlac leis go dtarraingeofaí siar bearta tacaíochta fuinnimh in 2024.
    (26)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis mar aon le caiteachas timthriallach dífhostaíochta a áireamh.
    (27)    Conclúidí ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha chun críocha cánach, IO C 103/01, 3.2.2022, lch. 1).
    (28)    Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/706 ón gComhairle
    (29)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.
    Top