Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0290

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA maidir leis an úsáid a bhain na hinstitiúidí in 2021 as Rialacháin Uimh. 495/77 ón gComhairle, arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1945/2006 (maidir le dualgas fuireachais), Uimh. 858/2004 (maidir le coinníollacha oibre an-dian), agus Uimh. 300/76, arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1873/2006 (maidir le sealobair)

    COM/2023/290 final

    An Bhruiséil,5.6.2023

    COM(2023) 290 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    maidir leis an úsáid a bhain na hinstitiúidí in 2021 as Rialacháin Uimh. 495/77 ón gComhairle, arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1945/2006 (maidir le dualgas fuireachais), Uimh. 858/2004 (maidir le coinníollacha oibre an-dian), agus Uimh. 300/76, arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1873/2006 (maidir le sealobair)


    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    maidir leis an úsáid a bhain na hinstitiúidí in 2021 as Rialacháin Uimh. 495/77 ón gComhairle, arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1945/2006 (maidir le dualgas fuireachais), Uimh. 858/2004 (maidir le coinníollacha oibre an-dian), agus Uimh. 300/76, arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1873/2006 (maidir le sealobair)

    1.Réamhrá

    Leis na Rialacháin ón gComhairle maidir le dualgas fuireachais (Uimh. 495/77) agus maidir le coinníollacha oibre an-dian (Uimh. 858/2004), ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle gach bliain maidir leis an líon oifigeach agus seirbhísigh eile, de réir catagóire, atá i dteideal na liúntas dá dtagraítear sna Rialacháin lena mbaineann, agus maidir leis an gcaiteachas iomlán gaolmhar.

    Is leis an mbliain 2021 a bhaineann an tuarascáil seo agus is ar na figiúirí bliantúla deireanacha iomlána a bhí ar fáil le linn a dréachtaithe atá sí bunaithe. Cumhdaíonn sí na hinstitiúidí uile. Ar mhaithe le hiomláine, tá faisnéis chomhchosúil inti faoi úsáid na sealoibre (Rialachán Uimh. 300/76 ón gComhairle).

    2.Liúntas le haghaidh dualgas fuireachais

    Is é an bunús dlí atá leis an liúntas sin Airteagail 55 agus 56b den Rialachán Foirne agus Rialachán Uimh. 495/77 ón gComhairle an 8 Márta 1977, arna leasú.

    Ní íoctar an liúntas ach leis na hoifigigh agus leis na seirbhísigh eile a fhaigheann luach saothair ó leithreasuithe taighde agus a mbaineann a bpoist le ceann de na nithe seo a leanas:

    bunaíocht de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), nó

    gníomhaíocht indíreach, nó

    oifigigh agus seirbhísigh a fhaigheann luach saothair ó leithreasuithe riaracháin agus a mbaineann a bpoist le ceann de na nithe seo a leanas:

    suiteálacha teicniúla a reáchtáil nó maoirseacht a dhéanamh orthu,

    roinn sábháilteachta agus slándála,

    roinn seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC),

    roinn a thugann tacaíocht don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES)/don Bheartas Eorpach Slándála agus Cosanta (BESC) nó do shocruithe comhordaithe éigeandála agus géarchéime, nó

    sásra a bunaíodh chun cúnamh a sholáthar do Bhallstáit 24 uair an chloig sa lá, 7 lá na seachtaine (MS 24/7), le haghaidh socruithe comhordaithe éigeandála agus géarchéime nó seirbhísí ar cruthaíodh ina leith gur gá cúraimí a chur i gcrích iontu chun sásra a ráthú ar mhaithe le tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit.

    Is i bpointí a dhéantar an liúntas le haghaidh dualgas fuireachais a shloinneadh. Déantar an líon pointí a dheonaítear in aghaidh uair an chloig de dhualgas fuireachais iarbhír a leagan síos mar seo a leanas:

    dualgas fuireachais sa bhaile, lá oibre: 2.15 pointe;

    dualgas fuireachais sa bhaile, ar an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí: 4.3 pointe;

    dualgas fuireachais san áit oibre, lá oibre: 11 phointe;

    dualgas fuireachais san áit oibre, ar an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí: 22 phointe.

    Is fiú 0.032 % de bhuntuarastal oifigigh ar ghrád 1, céim 1, gach pointe (= EUR 0.98 in 2021).

    Is léiriú iad na figiúirí seo a leanas ar an líon liúntas a deonaíodh i ngach institiúid in 2021.

    2.1.    An líon tairbhithe (oifigigh/foireann shealadach agus foireann ar conradh)</

    Institiúid

    AD

    AST

    AC

    Iomlán

    FG I

    FG II

    FG III

    FG IV

    An Pharlaimint

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    An Chomhairle

    14

    80

    3

    0

    1

    0

    98

    An Coimisiún

    136

    253

    48

    11

    16

    12

    476

    - ina measc JRC:

    46

    79

    18

    0

    2

    7

    152

    An Chúirt Bhreithiúnais

    11

    14

    1

    0

    0

    1

    27

    An Chúirt Iniúchóirí

    0

    3

    16

    0

    0

    0

    19

    CESE

    0

    1

    0

    0

    1

    0

    2

    CoR

    0

    3

    0

    0

    1

    0

    4

    EEAS

    14

    7

    0

    0

    0

    1

    22

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    175

    361

    68

    11

    19

    14

    648



    2.2.    An líon tairbhithe de réir chineál an dualgais fuireachais

    Institiúid

    Sa bhaile

    Sa bhaile agus san áit oibre

    San áit oibre

    Iomlán

    An Pharlaimint

    0

    0

    0

    0

    An Chomhairle

    98

    0

    0

    98

    An Coimisiún

    461

    6

    9

    476

    - ina measc JRC:

    138

    6

    8

    152

    An Chúirt Bhreithiúnais

    27

    0

    0

    27

    An Chúirt Iniúchóirí

    19

    0

    0

    19

    CESE

    0

    2

    0

    2

    CoR

    0

    4

    0

    4

    EEAS

    22

    0

    0

    22

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    627

    12

    9

    648

    2.3.An líon tairbhithe de réir chineál na fostaíochta

    Institiúid

    JRC

    Gníomhaíocht indíreach

    Suiteálacha teicniúla

    Sábháilteacht/ Slándáil

    TFC

    CFSP/ESDP

    BS 24/7

    Iomlán

    An Pharlaimint

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    An Chomhairle

    0

    0

    0

    28

    56

    14

    0

    98

    An Coimisiún

    152

    2

    59

    108

    113

    0

    42

    476

    - ina measc JRC:

    152

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    152

    An Chúirt Bhreithiúnais

    0

    0

    16

    11

    0

    0

    0

    27

    An Chúirt Iniúchóirí

    0

    0

    0

    19

    0

    0

    0

    19

    CESE

    0

    0

    0

    2

    0

    0

    0

    2

    CoR

    0

    0

    0

    4

    0

    0

    0

    4

    EEAS

    0

    0

    0

    4

    7

    11

    0

    22

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    152

    2

    75

    176

    176

    25

    42

    648

    3.Liúntas le haghaidh coinníollacha oibre an-dian

    Is é an bunús dlí atá leis an liúntas sin Airteagail 56c den Rialachán Foirne agus Rialachán Uimh. 858/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, arna leasú. Deonaítear an liúntas chun coinníollacha oibre an-dian a chúiteamh a bhaineann (i) le ‘sábháilteacht phearsanta’ (éadaí speisialta míchompordacha nó cosaint pháirteach a chaitheamh), (ii) leis an ‘áit oibre’ (spásanna cúnga, torannacha nó contúirteacha) agus (iii) leis an ‘gcineál oibre’ (e.g. substaintí creimneacha a láimhseáil nó a bheith ag obair le pléascáin) 1 .

    Is in aghaidh uair an chloig d’obair iarbhír a dheonaítear an liúntas agus is i bpointí a dhéantar é a shloinneadh. Deonaítear líonta éagsúla pointí, ó 2 phointe as meánleibhéil fuaime ar mó ná 85 dheicibeil é, cuir i gcás, go dtí uasteorainn 50 pointe as culaith thine neamhspleách a bheith á caitheamh ag oifigeach in aghaidh dóiteáin. Is fiú 0.032 % de bhuntuarastal oifigigh ar ghrád 1, céim 1, gach pointe (= EUR 0.98 in 2021).

    3.1.An líon tairbhithe (oifigigh/foireann shealadach agus foireann ar conradh)</

    Institiúid

    AD

    AST

    AC

    Iomlán

    FG I

    FG II

    FG III

    FG IV

    An Pharlaimint

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    An Chomhairle

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    An Coimisiún

    19

    112

    25

    0

    2

    7

    165

    - ina measc JRC:

    18

    109

    15

    0

    2

    7

    151

    An Chúirt Bhreithiúnais

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    An Chúirt Iniúchóirí

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    CESE

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    CoR

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    EEAS

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    19

    112

    25

    0

    2

    7

    165

    4.Liúntas le haghaidh sealoibre

    Is é an bunús dlí atá leis an liúntas Airteagal 56a den Rialachán Foirne agus Rialachán Uimh. 300/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976, arna leasú.

    Ní íoctar an liúntas ach leis na hoifigigh agus leis na seirbhísigh eile a fhaigheann luach saothair ó leithreasuithe taighde agus a mbaineann a bpoist le ceann de na nithe seo a leanas:

    bunaíocht de chuid JRC, nó

    gníomhaíocht indíreach, nó

    a fhaigheann luach saothair ó leithreasuithe riaracháin agus a mbaineann a bpoist le ceann de na nithe seo a leanas:

    roinn seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC),

    roinn sábháilteachta agus slándála,

    seirbhís lasc‑chláir/faisnéise nó deasc fáiltithe,

    seirbhís tacaíochta de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES)/an Bheartais Eorpaigh Slándála agus Cosanta (BESC) nó socruithe comhordaithe éigeandála agus géarchéime,

    seirbhís a chuireann tacaíocht ar fáil faoi chuimsiú comhordaithe éigeandála agus géarchéime, nó

    suiteálacha teicniúla a reáchtáil agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

    Is léiriú iad na figiúirí seo a leanas ar an líon liúntas a deonaíodh i ngach institiúid in 2021.

    4.1.An líon tairbhithe (oifigigh/foireann shealadach agus foireann ar conradh)</

    Institiúid

    AD

    AST

    AC

    Iomlán

    FG I

    FG II

    FG III

    FG IV

    An Pharlaimint

    2

    87

    506

    9

    21

    2

    627

    An Chomhairle

    0

    74

    0

    5

    0

    0

    79

    An Coimisiún

    0

    98

    21

    8

    25

    1

    153

    - ina measc JRC:

    0

    17

    10

    0

    0

    0

    27

    An Chúirt Bhreithiúnais

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    An Chúirt Iniúchóirí

    0

    1

    16

    0

    0

    0

    17

    CESE

    0

    1

    0

    0

    1

    0

    2

    CoR

    0

    3

    0

    0

    1

    0

    4

    EEAS

    0

    31

    0

    1

    0

    0

    32

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    2

    295

    543

    23

    48

    3

    914

    Déantar foráil maidir le ceithre ráta dhifriúla den liúntas míosúil (figiúirí ó 2021):

    ráta 1: obair dhá sheal, seachas ag an deireadh seachtaine agus ar lá saoire: EUR 440.26;

    ráta 2: obair dhá sheal, lena n‑áirítear san oíche, ag an deireadh seachtaine agus ar lá saoire: EUR 664.51;

    ráta 3: 24 uair an chloig, seachas ag an deireadh seachtaine agus ar lá saoire: EUR 726.56;

    ráta 4: 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine: EUR 990.54.

    4.2.An líon tairbhithe in aghaidh an ráta

    Institiúid

    Ráta 1

    Ráta 2

    Ráta 3

    Ráta 4

    Iomlán

    432.05

    652.12

    713.01

    972.07

    An Pharlaimint

    80

    319

    0

    228

    627

    An Chomhairle

    23

    0

    0

    56

    79

    An Coimisiún

    14

    0

    8

    131

    153

    - ina measc JRC:

    0

    0

    8

    19

    27

    An Chúirt Bhreithiúnais

    0

    0

    0

    0

    0

    An Chúirt Iniúchóirí

    0

    0

    0

    17

    17

    CESE

    2

    0

    0

    0

    2

    CoR

    4

    0

    0

    0

    4

    EEAS

    21

    0

    0

    11

    32

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    144

    319

    8

    443

    914

    4.3.    An líon tairbhithe de réir chineál na fostaíochta

    Institiúid

    JRC

    Comh. géar/éig.

    TFC

    Sábháilteacht/ Slándáil

    Lasc‑chlár/Deasc fáiltithe

    CFSP/ 
    ESDP

    Suiteálacha teicniúla

    Gníomh. indíreach

    Iomlán

    An Pharlaimint

    0

    0

    0

    560

    38

    0

    29

    0

    627

    An Chomhairle

    0

    0

    0

    79

    0

    0

    0

    0

    79

    An Coimisiún

    27

    22

    14

    90

    0

    0

    0

    0

    153

    - ina measc JRC:

    27

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    27

    An Chúirt Bhreithiúnais

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    An Chúirt Iniúchóirí

    0

    0

    0

    17

    0

    0

    0

    0

    17

    CESE

    0

    0

    0

    2

    0

    0

    0

    0

    2

    CoR

    0

    0

    0

    4

    0

    0

    0

    0

    4

    EEAS

    0

    0

    12

    9

    0

    11

    0

    0

    32

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    27

    22

    26

    761

    38

    11

    29

    0

    914

    5.Na seirbhísí lena mbaineann agus cúiseanna

    Is iad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Iniúchóirí, an dá Choiste agus SEGS a bhaineann úsáid as an dualgas fuireachais agus/nó as an tsealobair agus a íocann liúntais dá bhforáiltear sa reachtaíocht.

    Is é an Coimisiún an t-aon institiúid fós a íocann liúntais le haghaidh coinníollacha oibre an-dian. Íoctar na liúntais sin le tairbhithe a oibríonn ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde, ag an Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil (OIB) agus in Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (DG ENER).

    Don bhliain 2021, léirigh dhá cheann de na deich n‑institiúid go raibh tionchar fós ag géarchéim sláinte COVID‑19 ar an líon tairbhithe. Tá níos mó foirne i mbun teilea‑oibre anois ná mar a bhí roimh an ngéarchéim, bhí roinnt foirgneamh fós dúnta nó bhí rochtain shrianta orthu, agus ba dheacair uaireanta foireann a chur in ionad foirne a raibh COVID‑19 tolgtha orthu. Léirítear an tionchar sonrach sna mínithe a sholáthair an institiúid lena mbaineann.

    5.1.Na cúiseanna atá leis an dualgas fuireachais a úsáid

    An Chomhairle: D’íoc an Chomhairle liúntais maidir le dualgas fuireachais le 98 mball foirne dá cuid in 2021 (97 in 2020).

    Is chun na réimsí seo a leanas a chumhdach atá an dualgas fuireachais i bhfeidhm: (i) Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), cosaint agus feidhmiú ceart na líonraí faisnéise agus cumarsáide a áirithiú; tacú le gníomhaíochtaí gan choinne na Comhairle Eorpaí, na Comhairle agus a gcomhlachtaí ullmhúcháin; riachtanais phráinneacha na Comhairle Eorpaí, na Comhairle agus na hArdrúnaíochta a chumhdach, maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a bhainistiú agus le tacú le gníomhaíochtaí an Uachtaráin agus an Ardrúnaí‑ faoi chuimsiú an bheartais eachtraigh; (ii) seirbhísí slándála/sábháilteachta chun freagairt gan mhoill d’aon chineál teagmhais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhoireann na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle agus do ghníomhaíochtaí na hArdrúnaíochta, chomh maith le tacaíocht 24/7 a chur ar fáil d’oifigigh slándála ar misean; (iii) ráitis phráinneacha láithreacha a dhéanann Uachtaránacht rothlach na Comhairle agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí faoi chuimsiú CBES/BECS a dhréachtú, a fhoilsiú ar an idirlíon agus a chraobhscaoileadh go pras agus tacú le gníomhaíochtaí Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus an Ardrúnaí faoi chuimsiú an bheartais eachtraigh.

    In 2021, is sa bhaile amháin a cuireadh an dualgas fuireachais i gcrích.    

    An Coimisiún: In 2021, d’íoc an Coimisiún liúntais maidir le dualgas fuireachais le 476 bhall foirne, sin ardú 13 % i gcomparáid le 2020 (421 tairbhí). Tharla an méadú sin den chuid is mó i ngeall ar 65 thairbhí bhreise in AS HR, i ngeall ar mhéadú ar an líon post a leithdháileadh don gharda cosanta chun comhlíontacht le ceanglais sláinte agus sábháilteachta a ráthú.

    Oibríonn beagnach 32 % de na tairbhithe (152) ag ceann d’Áireamháin Chomhpháirteacha Taighde an Choimisiúin. I gcomparáid leis an mbliain seo caite bhí ceithre thairbhí bhreise san Airmheán Comhpháirteach Taighde, i ngeall ar ionadaíocht foirne a bhí ar saoire agus toisc gur cruthaíodh seirbhís nua chun reachtaíocht an stáit óstaigh a chomhlíonadh. I bhformhór na gcásanna, is sa bhaile a chuirtear an dualgas fuireachais i gcrích san Áireamhán Comhpháirteach Taighde, cé is moite den Áireamhán Comhpháirteach Taighde in Ispra, áit a mbraitheann sé ar shainiúlacht na gcúraimí cé acu san áit oibre nó sa bhaile a dhéantar é.

    In Ard‑Stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin, tháinig laghdú beag ar an líon tairbhithe maidir le AS DIGIT (-4) agus AS ECHO (-9) i ngeall ar athrú feidhme, foirceannadh conartha nó scor. Maidir leis na seirbhísí eile, is beag athrú nó ní raibh aon athrú ann i gcomparáid le 2020.

    An Chúirt Bhreithiúnais: D’íoc an Chúirt Bhreithiúnais liúntais maidir le seirbhísí fuireachais sa bhaile le 27 mball foirne dá cuid in 2021 (26 in 2021). Oibríonn na tairbhithe uile sa Stiúrthóireacht um Fhoirgnimh agus Slándáil in Ard‑Stiúrthóireacht an Riaracháin. Tá na hionaid ina bhfuil na tairbhithe ag obair freagrach as tionscadail forbartha na Cúirte, as bainistíocht na bhfoirgneamh agus as an tslándáil.

    An Chúirt Iniúchóirí: De réir amchlár míosúil na seirbhíse Slándála agus Sábháilteachta, b’éigean do 19 mball foirne dul i mbun dualgais fuireachais sa bhaile in 2021 (17 in 2020). Déanann siad slándáil na bhfoirgneamh agus na ndaoine atá iontu a áirithiú gan stad ó cheann ceann na bliana.

    CESE-CoR: Tá socruithe comhroinnte le haghaidh dualgas fuireachais ag CESE agus CoR laistigh den tseirbhís slándála, chun a áirithiú go mbeidh foireann slándála ar fáil agus faoi réir chun freagairt do theagmhais aon uair a theastaíonn sé le linn don institiúid a bheith dúnta. In 2021, rinne beirt bhall foirne CESE (3 in 2020) agus ceathrar ball foirne CoR (mar an gcéanna le 2020) an tseirbhís fuireachais (sa bhaile agus san áit oibre).

    EEAS: D’íoc an EEAS liúntais maidir le dualgas fuireachais le 22 bhall foirne in 2021 (28 mball foirne in 2020). Tharla an laghdú sin go príomha i ngeall ar dheireadh a chur le córas an dualgais fuireachais sa Roinn um Chumarsáid Straitéiseach agus toisc gur tháinig foireann nua in ionad an Ard‑Rúnaí agus a foireann. Níor bunaíodh aon chóras nua dualgais fuireachais d’fhoireann an Ard‑Rúnaí nua in 2021. D’ainneoin sin, bunaíodh córas nua dualgais fuireachais don Toscaire Speisialta don Spás agus an Tascfhórsa Spáis a dtagann a chuid oibre faoi Struchtúr Galileo Freagartha do Bhagairtí.

    Cumhdaíonn na seirbhísí fuireachais in EEAS trí réimse oibre: (i) seirbhísí slándála, chun cosaint oíche agus lá a sholáthar d’fhoireann EEAS, do chuairteoirí, d’áitreabh agus do réadmhaoin sa Bhruiséil agus chun faisnéis aicmithe a chosaint ag an gCeanncheathrú; (ii) tacaíocht do CFSP/ESDP trí imeachtaí faireacháin timpeall an domhain 24/7, freagairt do ghéarchéimeanna, teagmhais, teagmhais chriticiúla, cásanna sonracha nó éigeandálaí sonracha, chun tacaíocht a sholáthar don Ard‑Ionadaí agus do ghníomhaithe an Aontais, cruinnithe géarchéime EEAS a éascú lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre agus tacaíocht a sholáthar d’Acmhainní Daonna agus don Ard‑Rúnaí ina gcúraimí oibriúcháin ag cosaint leasanna slándála agus riachtanacha an Aontais agus a Bhallstáit i gcás ina ndéantar bagairt ar an gcóras Galileo nó tríd an gcóras sin;(iii) an tseirbhís teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide tríd an COMCEN (Lárionad Cumarsáide) a sholáthraíonn seirbhísí chun faisnéis rúnaicmithe a tharchur chuig baill foirne uile EEAS, agus seirbhísí a sholáthar an tráth céanna d’Ard‑Rúnaíocht na Comhairle i dtaca le bainistíocht oibriúcháin mhol lárchóras Cortesy agus Pointe Láithreachta Cortesy, agus trí chlárlann lárnach EUCI lena n-áirithítear go ndéantar doiciméid C-UE/EU-C agus S-UE/EU-s a chlárú. 

    5.2.Na cúiseanna atá leis an liúntas le haghaidh coinníollacha oibre diana a úsáid

    An Coimisiún: Faoi mar a tharla in 2020, is é an Coimisiún an t‑aon institiúid amháin a d’íoc an liúntas sin in 2021. Tugadh liúntas d’fhoireann atá ag obair do sheirbhís atáirgthe na hOifige um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil (OIB), sa JRC agus do AS ENER le haghaidh cigireachtaí ar shuiteálacha ag suíomhanna núicléacha. Fuair 165 thairbhí ar an iomlán an liúntas in 2021 (199 in 2020). Tharla an laghdú sin de bheagnach 17 % i ngeall ar ghéarchéim sláinte COVID‑19, i measc rudaí eile, tráth nár chuir roinnt tairbhithe a gcuid dualgais i gcrích i gcoinníollacha oibre diana, agus nár ghá na tairbhithe sin a chuaigh ar scor nó a d’fhág an tseirbhís a ionadú.

    Rinneadh an líon iomlán uaireanta an chloig a oibríodh faoi choinníollacha diana a chur i gcatagóirí mar a leanas in 2021:

    Ø23,565.25 uair an chloig (25,282.64 in 2020) a bhain leis an tsábháilteacht phearsanta (e.g. éadaí speisialta míchompordacha a chaitheamh atá riachtanach don chosaint);

    Ø39,351.35 uair an chloig (42,379.07 in 2020) a bhain leis an áit oibre (mar shampla, leibhéal ard torainn, spásanna contúirteacha);

    Ø4,819.58 uair an chloig (5,073.61 in 2020) a bhain leis an gcineál oibre (mar shampla, substaintí creimneacha a láimhseáil);

    Ø148.25 uair an chloig (0 in 2020) a bhain le sábháilteacht an duine aonair agus leis an áit oibre.

    Tháinig laghdú nach beag ar an líon uaireanta oibre i ngeall ar an laghdú ar an líon tairbhithe. Is í géarchéim sláinte COVID‑19 ba chúis leis an laghdú ar an líon uaireanta a oibríodh faoi choinníollacha oibre diana i gcomparáid le 2020, rud as ar eascair líon níos mó teilea‑oibrithe.

    5.3.Na cúiseanna atá leis an tsealobair a úsáid

    Parlaimint na hEorpa: D’íoc Parlaimint na hEorpa liúntas sealoibre in 2021 chun (i) seirbhísí sábháilteachta agus slándála a chumhdach sna trí áit oibre: Sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg; (ii) seirbhísí a bhain le fáiltiú, slándáil agus rialú cuairteoirí (Parlamentarium, Áras Stair na hEorpa agus Teach Jean Monnet, Lárionad Spóirt) agus cumarsáid tríd an lasc‑chlár, a thairgeann seirbhísí éagsúla i roinnt teangacha, lena n‑áirítear glaonna isteach agus amach a aistriú, faisnéis teagmhála a sholáthar (uimhreacha teileafóin agus facs, seoltaí ríomhphoist agus oifige), faisnéis maidir le cruinnithe agus foirgnimh Pharlaimint na hEorpa; (iii) seirbhísí suiteála teicniúla chun soláthraithe seirbhíse cothabhála seachtraí a mhaoirsiú agus a chomhordú, go háirithe lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre agus páirt a ghlacadh i gcothabháil cineál áirithe faisnéise íogaire, amhail pleananna na Parlaiminte. 

    Cuimsítear an méid seo a leanas leis an leagan amach: socrú dhá sheal (ráta 1), socrú dhá sheal lena n‑áirítear oícheanta, an deireadh seachtaine agus laethanta poiblí (ráta 2), agus seirbhís leanúnach 24 uair an chloig (ráta 4). Tháinig méadú suntasach ar an líon tairbhithe in 2021 (627 i gcomparáid le 545 in 2020). Tharla an méadú sin i ngeall ar sheirbhís nua le haghaidh suiteáil theicniúil a cuireadh i mbun oibre in 2021 agus i ngeall ar athoscailt foirgneamh tar éis a ndúnta i ngeall ar ghéarchéim COVID‑19.

    An Chomhairle: Tá córas sealoibre i bhfeidhm ag an gComhairle chun leanúnachas na seirbhísí atá freagrach as cosc agus as sábháilteacht agus slándáil foirgneamh agus daoine in dhá fhoirgneamh na Comhairle a áirithiú. Is beag athrú a tháinig ar an líon tairbhithe, 79 in 2021, i gcomparáid le 78 in 2020.

    An Coimisiún: Laistigh den Choimisiún, úsáideann an tÁireamhán Comhpháirteach Taighde (ar chúiseanna a bhaineann le cineál na ngníomhaíochtaí) agus AS HR (roinn sábháilteachta agus slándála) seirbhísí sealoibre den chuid is mó (27 agus 82 dhuine faoi seach in 2021). I gcomparáid le 2020, maidir leis an Áireamhán agus AS HR tháinig laghdú aon tairbhí amháin ar líon na dtairbhithe don dá cheann.

    Murab amhlaidh le 2020, in 2021, bhí sealobair ar bun ag 44 dhuine in Ard‑Stiúrthóireachtaí eile, sna réimsí seo a leanas:

    Slándáil agus cosc: 8 (OIL);

    Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide: 14 (AS COMM);

    Cúnamh do Bhallstáit: 22 (AS ECHO).

    Cuirtear rátaí 1, 3 agus 4 i bhfeidhm sa Choimisiún, agus ráta 4 (seirbhís leanúnach) á úsáid go príomha sna seirbhísí slándála.

    An Chúirt Iniúchóirí: In 2021, an t‑aon seirbhís sealoibre a thuairiscigh an Chúirt Iniúchóirí bhain sé le seirbhís a cuireadh i bhfeidhm sa Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna, Airgeadas agus Seirbhísí Ginearálta chun sábháilteacht na bhfoirgneamh agus na ndaoine a bhí iontu a áirithiú. Is seirbhís leanúnach 24 uair an chloig é (ráta 4) le 17 dtairbhí (mar an gcéanna le 2020).

    CESE-CoR: Tá socruithe comhroinnte sealoibre ag CESE agus CoR chun freastal ar an éileamh atá ann go mbeadh an tseirbhís slándála i láthair go leanúnach. D’íoc CESE liúntais le beirt tairbhithe (ráta 1, triúr in 2020) agus d’íoc CoR liúntais le ceathrar tairbhithe (ráta 1, mar an gcéanna le 2020).

    EEAS: In 2021, d’íoc EEAS liúntais sealoibre le 32 thairbhí (30 in 2020) chun cosaint oíche agus lá a sholáthar d’fhoireann, cuairteoirí, áitreabh agus sócmhainní fisiceacha EEAS sa Bhruiséil, chun faireacháin laethúil, measúnú agus rabhadh a thabhairt maidir le mórócáidí polaitiúla nó cásanna polaitiúla ar bhonn 24/7, agus chun seirbhísí a sholáthar chun faisnéis rúnaicmithe a sholáthar d’fhoireann uile EEAS, lena n‑áirítear le Toscaireachtaí agus le hArd‑Rúnaíocht na Comhairle.

    Tá ráta 1 agus 4 araon infheidhme ag an EEAS.

    6.    Caiteachas buiséid, in aghaidh na hinstitiúide agus in aghaidh an liúntais (in EUR)</

    Institiúid

    Sealobair

    Dualgas fuireachais

    Dálaí oibre diana

    Iomlán

    An Pharlaimint

    5 396 651.55

    0

    0

    5 396 651.55

    An Chomhairle

    740 853.00

    325 127.00

    0

    1 065 980.00

    An Coimisiún

    1 616 936.14

    1 672 011.34

    262 111.90

    3 551 059.38

    - ina measc JRC:

    238 986.33

    647 637.89

    241 769.76

    1 128 393.98

    An Chúirt Bhreithiúnais

    0

    74 965.88

    0

    74 965.88

    An Chúirt Iniúchóirí

    193 189.35

    21 162.47

    0

    214 351.82

    CESE

    10 467.72

    6 530.84

    0

    16 998.56

    CoR

    20 084.24

    12 977.34

    0

    33 061.58

    EEAS

    245 510.75

    84 550.22

    0

    330 060.97 €

    Ombudsman

    0

    0

    0

    0

    EDPS

    0

    0

    0

    0

    Iomlán

    8 223 692.75

    2 197 325.09

    262 111.90

    10 683 129.74

    Caitheadh EUR 10 683 129.74 (EUR 10 092 450.72 in 2020) ar na trí liúntas i ngach ceann de na hinstitiúidí Eorpacha in 2021.

    Tá an méadú ar chaiteachas ar liúntais maidir le dualgas fuireachais i ngeall den chuid is mó ar an méadú ar an líon tairbhithe ag an gCoimisiún (ó 421 go 476) agus toisc gur cruthaíodh foirne nua dualgais fuireachais i gcomh‑aireacht Uachtarán na Comhairle agus an Ard‑Rúnaí agus in SMART (Seirbhísí faisnéise rúnaicmithe) ag an gComhairle ag deireadh 2020, rud a d’fhág gurbh é 2021 an chéad bhliain a fuair na tairbhithe nua liúntais ar feadh bliain féilire iomlán.

    Thairis sin, le haghaidh na liúntas sealoibre, ba iad na príomhchúiseanna a bhí leis an méadú ar chaiteachas an méadú ar an líon tairbhithe ag Parlaimint na hEorpa (ó 545 go 672) agus an méadú ar phoist a leithdháileadh don gharda cosanta ag an gCoimisiún in 2020, rud a d’fhág gurbh é 2021 an chéad bhliain a fuair na tairbhithe a earcaíodh in 2020 na liúntais sealoibre ar feadh bliain féilire iomlán.

    (1) Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 858/2004 ón gComhairle.
    Top