AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.5.2023
COM(2023) 257 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA
Athchóiriú custaim: an tAontas Custaim a thabhairt go leibhéal eile
1. Réamhrá
Is mithid feasta an tAontas Custaim a thabhairt go leibhéal eile, agus creat níos láidre a chur ar fáil dó, creat a chuirfidh ar ár gcumas cosaint níos fearr a thabhairt dár gcuid saoránach agus dár Margadh Aonair. Pacáiste breá fiontrach i gcomhair cur chuige Eorpach comhtháite, sin é an rud a mholfaidh mé féin, pacáiste a dhéanfaidh athneartú ar bhainistiú rioscaí custaim agus a bheadh ina chrann taca do na rialuithe éifeachtacha a dhéanfadh na Ballstáit. Seo mar a labhair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i mí Iúil 2019
.
Is é atá san Aontas Custaim fíorléiriú ar rath an lánpháirtithe agus an rathúnais Eorpaigh: is mór an tairbhe don Aontas a bheith nasctha leis an gcuid eile den domhan tríd an trádáil idirnáisiúnta toisc go ngluaiseann earraí faoi shaoirse laistigh de Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh, an limistéar margaidh aonair is mó ar domhan
. In 2021, b’fhiú EUR 4.3 trilliún luach trádála an Aontais le tíortha eile, arb é atá ann 14 % den trádáil dhomhanda agus tá thart ar 56 mhilliún post san Aontas ag brath ar thrádáil laistigh den Aontas.
Is iad lucht custaim a chosnaíonn teorainn sheachtrach an Aontais le haghaidh earraí agus slándáil ár slabhraí soláthair. Déanann lucht custaim maoirseacht ar na hearraí a thagann isteach san Aontas nó a imíonn as, 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus 365 lá in aghaidh na bliana, trí 691.5 milliún dearbhú allmhairiúcháin, 17.5 milliún gluaiseacht idirthurais agus 486.3 milliún dearbhuithe onnmhairiúcháin, a phróiseáil in 2021. Sainaithníonn lucht custaim rioscaí, bunaithe ar fhaisnéis trádála agus slándála agus déanann siad rialuithe chun a áirithiú go ndéantar rialacha an Aontais a fhorfheidhmiú. In 2021, bhailigh lucht custaim breis agus EUR 50 billiún in aghaidh na bliana i gcánacha agus thart ar EUR 25 bhilliún i ndleachtanna custaim. Úsáidtear 75 % de na dleachtanna a bhailítear chun buiséad an Aontais a mhaoiniú, agus is é atá sa mhaoiniú sin 8 % d’ioncam bhuiséad an Aontais. De bhrí gur tháinig méadú ar riachtanais mhaoiniúcháin le haghaidh na hinfheistíochta poiblí, tá sé de thábhacht straitéiseach na huirlisí a thabhairt do lucht custaim an Aontais, uirlisí lenar féidir leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint. An tráth céanna, cosnaíonn taraifí custaim agus bearta trádála an tAontas ar chleachtais éagóracha trádála. Is mó, de réir a chéile, an ról atá ag lucht custaim i gcosaint an Aontais na taraifí a bhailiú mar go bhforfheidhmíonn siad caighdeáin, e.g. caighdeáin sláinte, comhshaoil, slándála agus sábháilteachta i gcomhar le húdaráis eile, trí bhíthin toirmeasc agus srianta
, gáinneáil ar dhrugaí neamhdhleathacha agus airm thine, mar shampla.
Faoi na 2020idí luatha bhí athruithe ollmhóra tagtha ar an tírdhreach geopholaitiúil as a d’eascair suaitheadh sna slabhraí soláthair domhanda, rud a chuir i dtábhacht arís eile an gá a bhí ann go ndéanfadh an tAontas a spleáchais straitéiseacha a shainaithint agus a laghdú. Ní mór an méid sin a dhéanamh trí bhíthin tacar beart, mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
. Is é an rud is tábhachtaí, chun go mbeidh rath ar ghnólachtaí an Aontais sa ré nua seo agus chun inniúlachtaí táirgeachta a choinneáil agus a fhorbairt laistigh den Mhargadh Aonair, i dtionscail chriticiúla go háirithe, cothrom iomaíochta a bheith ann le táirgeoirí neamh-AE. Ní oibríonn an iomaíocht idirnáisiúnta go frithpháirteach chun leas na bpáirtithe trádála ach amháin nuair a chuirtear rialacha i bhfeidhm agus nuair a fhorfheidhmítear iad. Aghaidh a thabhairt ar iomaíocht éagórach agus ar mhodhanna táirgthe a bhaineann an bonn de chaighdeáin sláinte, sábháilteachta agus slándála an Aontais nó a dhéanann saothrú ar an gcomhshaol nó ar shaothar éigeantais, téann an méid sin chun tairbhe an Aontais agus a chomhpháirtithe trádála.
Ar an gcaoi sin, tá Aontas Custaim dea-fheidhmiúil ríthábhachtachd’iomaíochas, inbhuanaitheacht agus athléimneacht an Aontais. Aontas Custaim athchóirithe neartaithe, caomhnóidh sé sin sláine an Mhargaidh Aonair, rud a chuideoidh le hiomaíochas an Aontais a choinneáil le linn na ndé-aistrithe glasa agus digiteacha. Is éard is brí leis sin gur mó anois an tábhacht straitéiseach don Aontas atá ag baint le faireachán agus rialú éifeachtach a dhéanamh ar shlabhraí soláthair earraí ag teorainn sheachtrach an Aontais.
‑2. Custaim á naistriú agus custaim faoi bhrú
Níl lucht custaim na hEorpa ag feidhmiú ‘mar aon aonad amháin’ go fóill. Fágann sé sin go bhfuil an tAontas Custaim ag brath ar an nasc is laige ann. Ba ghá na hathruithe incriminteacha a tugadh isteach thar na blianta […]. Mar sin féin, sa saol síorathraitheach seo, ní leor iad chun aghaidh a thabhairt ar scála na ndúshlán atá roimh lucht Custaim. Níl an tAontas Custaim ‘oiriúnach dá fheidhm’ Grúpa Saoithe um thodhchaí na gcustam
Le linn na ngéarchéimeanna, agus d’ainneoin a theoranta atá an creat atá ann faoi láthair tá a gcúram déanta go pras rathúil ag lucht custaim. Bhí ról fíor-riachtanach ag lucht custaim i bhfreagairt chomhordaithe láidir an Aontais d’ionradh gan chúis na Rúise ar an Úcráin: idir thoirmisc onnmhairiúcháin a fhorfheidhmiú – earraí míleata agus earraí dé-úsáide san áireamh – agus rialuithe allmhairiúcháin, agus thacú le cabhair dhaonnúil trí bhíthin faoiseamh ó dhleacht agus lánaí glasa. Tharla an méid sin níl ann ach bliain amháin tar éis do lucht custaim ról cinntitheach a imirt tar éis phaindéim COVID-19 maidir le faireachán a dhéanamh ar iompar vacsaíní chun beatha daoine a shábháil agus trealaimh leighis, agus iad ag oiriúnú, ag an am céanna, do shlabhraí soláthair domhanda suaite athraitheacha. An tráth céanna, tháinig deireadh leis an idirthréimhse tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, rud a d’athraigh teorainn an Aontais Chustaim in 2021; dúshlán ollmhór a d’éirigh le lucht custaim a bhainistiú.
Mar sin féin, léiríodh leis na géarchéimeanna gur doshéanta a rá go bhfuil gá le nuachóiriú struchtúrach chun cumas straitéiseach de chuid an Aontais a dhéanamh de Chustaim an Aontais. Faoin Rialachán maidir le Cód Custaim (CCA)
agus an creat rialachais a thagann as, is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais iad reachtaíocht chustaim agus taraifí coiteanna agus is iad na Ballstáit atá freagrach as an gcur chun feidhme, rud atá an-tábhachtach, trí bhainistiú agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh. De réir Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), is éard a thagann as an socrú sin go mbíonn neamhréireachtaí substaintiúla, atá neamh-inmhianaithe den chuid is mó, i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim ar fud na mBallstát, rud a lagaíonn leas airgeadais an Aontais agus a fhágann gur féidir le hoibreoirí neamhchomhlíontacha spriocdhíriú ar phointí iontrála an Aontais a bhfuil leibhéil níos ísle rialuithe acu
. Déantar na laigeachtaí agus na bearnaí céanna a shaothrú leis an trádáil neamhchomhlíontach agus oibríochtaí coiriúla, rud a bhaineann an bonn de shlándáil an Aontais agus sláine an Mhargaidh Aonair. Léirítear go seasta i staidéir neamhspleácha rátaí neamhchomhlíontachta arda na dtáirgí allmhairithe in earnálacha monaraíochta éagsúla, amhail ceimiceáin
agus bréagáin
. Cuireann táirgí neamhchomhlíontacha a thagann isteach san Aontas bac ar iomaíochas gnólachtaí comhlíontacha agus, dá dheasca sin, baineann rioscaí tromchúiseacha le sláinte agus beatha thomhaltóirí an Aontais agus tá gortuithe a bhaineann le táirgí agus bás anabaí ina gcúis péine as cuimse dóibh siúd atá thíos leo. I dtuarascáil a rinneadh le déanaí fuarthas go bhfuil 95 % de na táirgí a dhíoltar trí mhargaí ar líne neamhchomhlíontach le dlíthe ceimiceán ar bhealaí éagsúla. I ndáil leis sin, meastar gurb é EUR 76.6 billiún in aghaidh na bliana a bheidh sna costais sochaíocha
.
Tá ualach méadaitheach ar lucht custaim mar gheall ar raon cúraimí atá ag dul i méid go leanúnach. Le blianta beaga anuas tá sciar suntasach reachtaíochta an-uaillmhianach comhaontaithe ag an Aontas lena socraítear caighdeáin chomhshaoil, sábháilteachta, sláinte, shóisialta agus dhigiteacha lena múnlaítear an chaoi ina n‑oibríonn gnólachtaí laistigh den Mhargadh Aonair agus lasmuigh de. Áirítear sna samplaí den mhéid a rinneadh le déanaí an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí arna nuashonrú
, an Rialachán maidir le dífhoraoisiú AE-spreagtha a íosmhéadú
, an Rialachán maidir le toirmeasc a chur ar earraí a dhéantar le hobair éigeantais
, Sásra an Aontais um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha
agus an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht. Go dtí seo, ní mór d’earraí níos mó ná 370 píosa de reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh ar a bhfuil sé de chúram ar lucht custaim iad a fhorfheidhmiú. De dheasca an mhéadaithe sheasta a tháinig ar chúraimí a bhaineann le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais maidir toirmisc agus srianta, tá brú nach beag ar lucht custaim. Anuas air sin, toisc nach ann do mhaoirseacht lárnach ar an slabhra soláthair, níl infheictheacht ná smacht iomlán ag an Aontas ar na hearraí a thagann isteach sa Mhargadh Aonair agus a imíonn as. Ní hamháin go lagaíonn sin inchreidteacht bheartais earnála an Aontais ach go ndéanann sé cumhacht an Aontais mar ghníomhaí geopholaitiúil a theorannú.
Cuirtear go mór leis an dúshlán sin le méadú ollmhór ar mhéideanna trádála, méadú arna spreagadh den chuid is mó le fás urghnách na ríomhthráchtála arb é is cúis le méid ollmhór pacáistí beaga ina bhfuil earraí íseal-luacha. Le hathchóiriú ríomhthráchtála CBL 2017, a raibh sé mar aidhm leis freagairt don fhás géar ríomhthráchtála, tugadh isteach roinnt simplithe maidir le cáin ar idirbhirt ríomhthráchtála agus cuireadh deireadh leis an díolúine CBL ar earraí allmhairithe
. Cé nár baineadh an díolúine EUR 150 ó dhleacht chustaim leis an athchóiriú, tugadh isteach an oibleagáid leis dearbhú custaim leictreonach a thaisceadh agus tháinig as sin 1 bhilliún dearbhú custaim breise in 2022, de bhreis ar an dearbhú custaim caighdeánach, ar tharla dúbailt ar a líon ó 376.8 milliún ítim in 2019 go 691.5 milliún ítim in 2021. Anuas air sin, tríd an díolúine dleachta custaim le haghaidh earraí suas le EUR 150 a choinneáil ar bun, bhí an deis ann mí-úsáid chórasach a bhaint as an tairseach sin trí bhíthin tearcluacháil agus scoilteadh coinsíneachtaí. Déantar thart ar 65 % de choinsíneachtaí ríomhthráchtála a thearcluacháil
d’fhonn dleachtanna custaim a sheachaint agus tugtar le fios i staidéir nach gcomhlíonann 66 % de tháirgí a cheannaítear ar líne ceanglais sábháilteachta an Aontais
. Ar deireadh, mar gheall ar an difríocht idir cóireáil CBL agus cóireáil custaim earraí ríomhthráchtála, fágtar go mbíonn castacht sa chóras do na páirtithe lena mbaineann. Faoi láthair, níl sé d’acmhainn ag na húdaráis chustaim na rialacha trádála idirnáisiúnta maidir le ríomhthráchtáil trasteorann a fhorfheidhmiú. Is gá córas custaim saincheaptha don ríomhthráchtáil.
Le hAthchóiriú Custaim 2013 lena bunaíodh CCA, atá i bhfeidhm ó bhí mí na Bealtaine 2016 ann, aistríodh Custaim an Aontais go timpeallacht gan pháipéar chomhtháite lánleictreonach. Táthar ag leanúint de chur in úsáid TF an athchóirithe agus tabharfar i gcrích é faoi dheireadh 2025. Dírítear leis ar phróisis atá ann cheana a dhigitiú gan na bunphrionsabail a athrú. Mar sin féin, de réir mar a luaitear sa Teachtaireacht ‘An tAontas Custaim a thabhairt ar aghaidh go dtí an Chéad Leibhéal eile: Plean Gníomhaíochta’
, ar thacaigh an Chomhairle leis ar an mórgóir sna Conclúidí uaithi i mí na Nollag 2020’ is gá leanúint de chur i bhfeidhm céimneach CCA a thabhairt i gcrích ach ní leor sin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, chuir Parlaimint na hEorpa béim ar a thábhachtaí atá sé córais TF Custaim a dhigitiú faoi 2025 ach d’iarr sí go ndéanfaí athchóiriú breise chun CCA a fheabhsú agus é a oiriúnú, chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar ‘na dúshláin agus na rioscaí a eascraíonn as an ríomhthráchtáil’
. An cur chuige atá ann faoi láthair maidir le córais náisiúnta TF a nascadh ar leibhéal an Aontais, tá sé ar tí a theorainn a bhaint amach. Ní hé amháin go bhfuil sé costasach córais TF 27+ 1 a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus go bhfuil sé costasach don lucht trádála nascadh le córais náisiúnta éagsúla ach tá luas an oiriúnaithe don athrú mall agus tá sonraí custaim ilroinnte i gcónaí.
3. An chéad leibhéal eile — croíphrionsabail agus príomhghnéithe an athchóirithe
Chun athrú céimneach a dhéanamh ar an Aontas Custaim a bheidh inmharthana sna blianta amach romhainn, tá an t‑athchóiriú is uaillmhianaí agus is cuimsithí ar an Aontas Custaim, ón uair a bunaíodh é in 1968, leagtha amach ag an gCoimisiún agus tá sé bunaithe ar thrí chroíphrionsabal:
1.Aontas Custaim éifeachtúil ag a bhfuil nósanna imeachta custaim simplithe agus nuachóirithe ionas gur féidir le gnólachtaí dlisteanacha tairbhe a bhaint as deiseanna trádála agus an chinnteacht ann go bhfuil a lucht iomaíochta ag feidhmiú de réir an raoin rialacha leathain chéanna a chuirtear i bhfeidhm faoin scáth custaim, gan beann ar an áit a dtagann na hearraí isteach san Aontas.
2.Aontas custaim geopholaitiúil, lenar féidir cosaint níos fearr a thabhairt do leas airgeadais an Aontais agus a Bhallstát chomh maith le leasanna agus luachanna slándála, sábháilteachta, sláinte, eacnamaíocha nó comhshaoil an Aontais, chun toirmisc thrádála a chomhordú agus an comhar custaim idirnáisiúnta a mhúnlú, trí inniúlacht agus saineolas a chomhthiomsú ar an leibhéal lárnach in Údarás Custaim an Aontais.
3.Aontas Custaim a bheidh solúbtha agus slán i bhfad na haimsire, lena n‑oiriúnaítear d’athruithe i slabhraí soláthair, bíodh sin trí dhé-aistrithe glasa digiteacha sna 10 mbliana atá ann faoi láthair, nó trí na forbairtí a thiocfaidh ar an mbainistiú slabhra soláthair. Tacófar leis sin trí bhíthin Mhol Sonraí Custaim an Aontais atá deartha chun forbairt de réir mar a thiocfaidh ceanglais nua in oibríochtaí custaim le himeacht ama, murab ionann agus na córais thraidisiúnta TF a thógtar le haghaidh próisis agus cuspóirí sonracha amháin.
Bosca 1: An t‑athchóiriú custaim i mbeagán focal
Féachtar, leis an athchóiriú seo, le creat comhair níos costéifeachtúla agus níos éifeachtaí a bhunú chun an tAontas Custaim a rialú, bunaithe ar chomhpháirtíocht nua idir údaráis chustaim an Aontais agus idir custaim agus gnó, lena mbeidh dhá chuspóir uileghabhálacha ag gabháil:
(I)Costais chomhlíontachta a laghdú do riaracháin agus gnólachtaí trí bhíthin nósanna imeachta simplithe nuachóiríthe (caibidil 4)
(II)É a chur ar chumasú do Chustaim an Aontais cosaint níos fearr a thabhairt do leas airgeadais agus neamh-airgeadais an Aontais agus a Bhallstáit agus don Mhargadh Aonair chomh maith, bunaithe ar bhainistiú riosca coiteann uile-Aontais agus rialuithe níos comhchuibhithe (Caibidil 5)
Tá an dá chuspóir sin nasctha go dlúth le chéile: Dá mhéad a dhéantar na cumais rialaithe a neartú; is ea is mó is féidir na nósanna imeachta a shimpliú. Dá mhéad a dhéantar na nósanna imeachta a shimpliú, is ea is mó is féidir na hacmhainní breise a shaoradh chun dul i ngleic leis an trádáil aindleathach. Chun an uaillmhian sin a chur i gcrích, moltar san athchóiriú dhá phríomhchumasóir a bhunú: Údarás Custaim an Aontais agus Mol Sonraí Custaim an Aontais.
Is é is príomh-fheidhm d’Údarás Custaim an Aontais (féach freisin Bosca 5) saineolas agus inniúlachtaí a chomhthiomsú, atá scaipthe ar fud an Aontais faoi láthair, chun údaráis chustaim náisiúnta san Aontas a stiúradh, a chomhordú agus tacú leo. Cumasófar leis seo maoirseacht neartaithe ar an slabhra soláthair agus údaráis chustaim ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ‘ag feidhmiú mar aon Aonad amháin’ ó thaobh teorainn sheachtrach an Aontais d’earraí a rialú.
Is éard a bheidh i Mol Sonraí Custaim an Aontais (féach freisin Bosca 3) éadan agus inneall an Aontais Custaim agus réamh-riachtanas chun maoirseacht a dhéanamh ar nósanna imeachta agus iad a neartú. Le himeacht ama déanfar an bonneagar custaim TF a chomhtháthú agus a ionadú agus, an tráth céanna, cuirfear feabhas ar an idir-inoibritheacht le réimsí beartais gaolmhara (féach freisin Caibidil 6). Dá bharr sin, coigleoidh an tAontas agus na Ballstáit na billiúin euro in aghaidh na bliana ar chostais forbartha agus chothabhála TF i gcomparáid leis an scéal mar atá
.
Beidh laghdú bliantúil thart ar EUR 2.7 bhilliún ann do thrádálaithe in aghaidh na bliana ar chostais chomhlíontachta de bharr na nósanna imeachta. Anuas air sin, gheofar leis an athchóiriú roinnt billiúin d’ioncam poiblí breise san Aontas, tríd an gcalaois custaim agus cánach a laghdú agus trí dhul i ngleic le tearcluacháil. Leis an gcóras ríomhthráchtála saincheaptha tabharfar ioncam breise freisin, a meastar gurb é EUR 1 bhilliún in aghaidh na bliana a bheidh ann.
4. Nósanna imeachta custaim níos simplí – Comhpháirtíocht nua idir custaim agus gnó
Cumhdaítear trí shraith de shimpliúcháin leis an athchóiriú: Laghdófar na foirmiúlachtaí do gach trádálaí leis an gcéad tacar beart, agus é sin gan cumais rialaithe custaim a laghdú. Ní bheidh an dara sraith de shimpliúcháin infheidhme ach maidir le grúpa roghnaithe ‘Trádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil’, trí chur leis an gcoincheap atá ann cheana maidir le hOibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO)
agus feabhas a chur air. Ar deireadh, cuirfear i bhfeidhm leis an athchóiriú córas custaim saincheaptha le haghaidh na ríomhthráchtála chun na costais chomhlíontachta a bhaineann le próiseáil na ríomhthráchtála a laghdú agus trédhearcacht iomlán a bhunú le haghaidh na dtomhaltóirí. Is í an trédhearcacht príomh-phrionsabal treorach an athchóirithe seo: dá thrédhearcaí atá na trádálaithe le lucht custaim faoina slabhraí soláthair, is ea is lú idirghabháil is gá a dhéanamh ar an láthair. Is é atá ansin athrú bunúsach ar an gcaidreamh idir lucht custaim agus gnó lena laghdófar na foirmiúlachtaí riaracháin agus rómhaorlathas gan gá agus san am céanna cuirfear borradh faoi chumais bainistithe riosca.
Bosca 2: Simplithe móra le haghaidh gnólachtaí agus údarás
Ar shimplithe tábhachtacha an athchóirithe sin áirítear:
·Comhéadan aonair an Aontais. Is chuig Mol Sonraí Custaim an Aontais agus chuige sin amháin a chaithfear sonraí custaim a chur isteach seachas chuig an iliomad comhéadan de chuid na 111 chóras ar leith atá i bhfeidhm ar fud an Aontais inniu. Toisc go mbailítear faisnéis ó shlabhra soláthair sonraí cobhsaí, ní gá doiciméid thacaíochta a chur isteach ach aon uair amháin le haghaidh ilchoinsíneachtaí. Bainfear an oibleagáid dearbhuithe caighdeánaithe a chur isteach agus cuirfear ina hionad an oibleagáid ar na gníomhaithe ábhartha an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil in am. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh earraí comhlíontacha sreabhadh gan aon idirghabháil ag na lucht custaim.
·Ionad uileghnó custaim. Beidh riarachán custaim aonair ina chomhpháirtí ag Trádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil) agus iad ag oibriú ar fud an Aontais. In ionad a bheith ag déileáil le 27 riarachán custaim náisiúnta ag a bhfuil cleachtais éagsúla, beidh trádálaithe in ann idirghníomhú le riarachán custaim amháin in áit a mbunaithe, agus é sin á éascú ag Mol Sonraí Custaim an Aontais. Féadtar an cur chuige sin a shíneadh chuig an uile thrádálaí tar éis athbhreithniú críochnúil in 2035.
·Próisis allmhairithe ríomhthráchtála níos simplí agus níos trédhearcaí. Maidir le hardáin, measfar gurb é a bheidh iontu ardáin allmhaireoirí na n‑earraí a dhíolann siad agus ní mór dóibh na díolacháin sin a thuairisciú do lucht custaim. Áiritheoidh sin go mbeidh trédhearcacht iomlán ann do shaoránaigh an Aontais agus ní bheidh orthu aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar an riosca go ngearrfadh oibreoirí poist nó mearsheirbhíse táillí comhlíontachta gan choinne orthu.
·Módh 4-bhuicéad simplithe chun dleachtanna ar earraí íseal-luacha a ríomh. Leis an athchóiriú tabharfar isteach córas nua le haghaidh coinsíneachtaí íseal-luacha lena simpleofar go mór aicmiú agus luacháil earraí íseal-luacha gan bealaí éalaithe a chruthú le haghaidh calaoise. Leis sin beifear in ann deireadh a chur leis an díolúine ó dhleacht custaim le haghaidh earraí ar fiú suas le EUR 150 iad, arb é atá inti faoi láthair deis calaoise custaim agus CBL.
Léirítear le próisis chustaim a chasta agus atá an trádáil idirnáisiúnta, ina bhfuil an iliomad gníomhaithe amhail soláthraithe, trádálaithe, agus soláthraithe iompair agus seirbhísí. San lá atá inniu ann, bailítear faisnéis in iliomad dearbhuithe maidir le gach coinsíneacht earraí gan beann ar a méid, agus ag céimeanna éagsúla: roimh theacht isteach nó imeacht, ar theacht isteach, le haghaidh stóras sealadach agus chun an t‑earra a chur faoi réir nós imeachta custaim. Ba cheart do dhearbhóirí custaim a bheith ar an eolas maidir le suas le 27 dtimpeallacht custaim TF. B’fhéidir go bhfuil orthu freisin doiciméid tacaíochta a sholáthar a bhaineann le tionscnamh nó monarú earraí de réir a gcineáil, amhail má bhíonn an baol ann gur sárú ar thoirmeasc nó ar reachtaíocht srianta atá i dtáirgeadh na n‑earraí sin (e.g. geoshuíomh na foraoise chun comhrac i gcoinne an dífhoraoisithe nó faisnéis faoi mhonaróirí ar daoradh iad mar gheall ar shaothar éignithe). Tá forchostais riaracháin ar na foirmiúlachtaí agus na próisis éagsúla agus is costas ar an trádáil iad.
An tráth céanna, ní féidir le lucht custaim na rialacha a fhorfheidhmiú ach amháin nuair is eol dóibh céard iad na hearraí atá ag imeacht nó ag teacht isteach agus nuair is féidir leo cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá le hidirghabhálacha agus seiceálacha agus cén áit a bhfuil gá leo. Dá mbeadh an saol mar ba mhian, bheadh na nósanna imeachta le haghaidh sreafaí trádála simplí, inrochtana agus uathoibrithe go hiomlán. Bheadh sé ar a gcumas ag lucht custaim ansin a n‑acmhainní a dhíriú níos fearr ar rioscaí agus rialuithe a dhéanamh ar an mbealach is lú suaitheadh. Chun gur mar sin a bheidh, ní mór aire lucht custaim a aistriú ó dhíriú ar phróiseas comhlíontachta coinsíneachtaí aonair chuig díriú ar na fadhbanna agus na rioscaí a bhaineann le slabhraí soláthair foriomlána, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh. Dá bhrí sin neartófar leis an athchóiriú custaim cumas lucht custaim maoirseacht a dhéanamh maoirseacht a dhéanamh ar shlabhraí soláthair, i gcás inar gá sin (féach caibidil 5 freisin). Beidh ríthábhacht ag baint leis an idir-inoibritheacht le bunachair sonraí ábhartha eile, lena gcumasaítear naisc amhail na naisc idir Malartú Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus clárlann an Phas Táirge Dhigitigh, ó thaobh seiceálacha custaim agus forfheidhmithe a éascú trí fhaisnéis chaighdeánaithe a sholáthar i bhfoirm leictreonach.
Bosca 3: Mol Sonraí Custaim an Aontais – leas a bhaint as an réabhlóid sonraí thionsclaíoch
Is éard a bheidh i Mol Sonraí Custaim an Aontais éadan agus inneall an Aontais Custaim. Déanfar na sonraí ábhartha uile a bhailiú, a phróiseáil, a nascadh agus a stóráil agus, ar an gcaoi sin, athshainmhíniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil, a n‑úsáidtear í le haghaidh maoirseacht custaim agus a chomhroinnfear le húdaráis is comhpháirtithe. Déanfar leis anailís ar rioscaí ar leibhéal an Aontais chomh maith. Is éard atá i Mol Sonraí Custaim an Aontais príomhchumasóir agus réamh-riachtanas le haghaidh:
·Na nósanna imeachta simplithe agus costais chomhlíontachta laghdaithe do ghnólachtaí agus d’údaráis araon. Is féidir faisnéis a chur ar fáil do lucht custaim trí nasc a dhéanamh díreach le Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, seachas leis an iliomad córas náisiúnta. Ceadaítear leis ilchomhdúchán agus is féidir faisnéis chobhsaí a sholáthar uair amháin agus a úsáid in athuair le haghaidh allmhairí nó onnmhairí ina dhiaidh sin.
·Anailís riosca choiteann uile-Aontais atá mar bhonn le moltaí rialaithe, bunaithe ar shonraí láraithe, lena dtugtar cosaint níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí do theorainn sheachtrach an Aontais d’earraí (caibidil 5). Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a chuirfidh Mol Sonraí Custaim an Aontais ar fáil chun anailís riosca a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Lasmuigh d’Údarás Custaim an Aontais, beidh rochtain ag údaráis náisiúnta chomh maith leis an gCoimisiún, OLAF, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), agus, faoi choinníollacha áirithe, ag Europol agus FRONTEX ar Mhol Sonraí Custaim an Aontais, rud a chuirfidh go mór lena gcumas anailíseach. Cumasaítear leis seo forbhreathnú ar rioscaí ar fud an Aontais ina iomláine agus ciallaíonn sin gur féidir dul i ngleic le rioscaí ar fud an Aontais, gan beann ar an áit a dtagann earraí isteach, agus ar an gcaoi sin tacú leis an mbainistiú riosca náisiúnta agus le bainistiú riosca an Aontais.
4.1 Simpliú le haghaidh gach trádálaí
Sa chóras atá ann faoi láthair, is é an dearbhóir, duine nach gá gurb é an t‑allmhaireoir ná an t‑onnmhaireoir é, a dhéanann cúram d’fhoirmiúlachtaí custaim. Sa chóras nua, déanfar gach aon choinsíneacht a nascadh le haon oibreoir amháin, a bheidh freagrach as an gcomhlíontacht le híocaíochtaí dleachta agus rialacha táirge. Beidh allmhaireoirí agus onnmhaireoirí freagrach as dleachta agus cánacha is infheidhme a íoc agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais nós imeachta agus reachtacha éagsúla.
Sa chomhpháirtíocht nuálach nua seo, beidh gnólachtaí in ann an fhaisnéis a theastaíonn uathu de ghnáth a chur ar fáil do lucht custaim maidir lena n‑allmhairithe agus a n‑onnmhairithe go díreach trí chomhéadan TF amháin — Mol Sonraí Custaim an Aontais. Déanfaidh gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le hearraí a iompar, amhail iompróirí nó oibreoirí stórais, na heilimintí sonraí ábhartha a iontráil freisin tríd an uirlis nua. Leagfar béim ar bhailiú sonraí pearsanta ó chórais trádála agus tráchtála, ardáin ghréasáin agus ó fhoinsí eile le laghdú comhlántach ar an spleáchas ar shonraí tríú páirtí agus ar phróisis chustaim go ginearálta. Faisnéis chobhsaí faoi shlabhraí soláthair nach meastar go n‑athróidh siad sa ghearrthéarma, is féidir í a chur ar fáil aon uair amháin agus a athúsáid le haghaidh allmhairí nó onnmhairí ina dhiaidh sin. Le himeacht ama, is é a bheidh ansin forbhreathnú iomlán ar shlabhra soláthair agus ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí.
Leis an gcomhpháirtíocht sin ní bheidh aon lúb ar lár nua ann a d’fhéadfaí a shaothrú le gníomhaíochtaí coiriúla: beidh gach faisnéis is gá ag lucht custaim maidir leis na hearraí atá ag teacht agus cathain a bheidh siad ag teacht (féach freisin caibidil 5). Neartófar an anailís ar rioscaí custaim trí shonraí níos fearr a bhailiú maidir leis an slabhra soláthair agus trí anailís riosca ar leibhéal an Aontais a thabhairt isteach chun calaois trasteorann a chomhrac rud a d’fhéadfadh, faoi choinníollacha áirithe, cur leis na hanailísí measúnaithe ar bhagairtí arna bhforbairt ag gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, Europol agus Frontex san áireamh, laistigh dá n‑inniúlachtaí féin. Beidh forléargas ag lucht custaim ar shlabhraí trádála agus soláthair leanúnacha. D’fhéadfaidís idirghabháil a dhéanamh, in éindí le húdaráis chomhpháirtíochta, maidir le haon choinsíneacht ar leith de réir a anailíse riosca roimh luchtú, teacht isteach, le linn iompair nó ag an gceann scríbe.
4.2 Simplithe le haghaidh ‘Trádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil’
Tairbheoidh grúpa beag de ‘Thrádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil’ roghnaithe de shimplithe níos mó fós lena laghdófaí an páipéarachas agus na foirmiúlachtaí go dtí an méid is lú is féidir
. Beidh sreafaí trádála trédhearcacha in ann gluaiseacht trí ‘lánaí glasa’ gan idirghníomhaíocht fhoirmiúil chustaim agus saor ó ualach riaracháin agus ní iarrfaidh lucht custaim rialú ach amháin más gá. Cuireann an coincheap ‘Trádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil’ leis an stádas AEO atá ann faoi láthair agus é á uasghrádú agus á neartú. Mar a bhaineann le AEOnna, beidh ar ‘Thrádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil’ roinnt critéir a chomhlíonadh arb é is aidhm dóibh a áirithiú gur oibreoirí iontaofa iad, is é sin go bhfuil taifead glan dlíthiúil acu, rialú ardleibhéil ar a n‑oibríochtaí agus ar a slabhra soláthair agus sócmhainneacht airgeadais mar shampla. Ina theannta sin, is gá dóibh córas a chuirfidh sonraí fíor-ama ar fáil maidir le gluaiseacht a gcoinsíneachtaí agus a mhéid a chomhlíonann siad na ceanglais ábhartha uile trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais.
Toisc go mbeidh forléargas iomlán ag Custaim an Aontais ar na ‘Trádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil’, d’fhéadfadh lucht custaim iad a údarú chun féinfhaireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht a n‑earraí faoi choinníollacha áirithe, a n‑earraí a scaoileadh thar ceann na n‑údarás custaim agus dleachtanna a íoc go tréimhsiúil, gan dearbhuithe custaim idirbheart-bhunaithe in aghaidh na coinsíneachta a chur isteach. Beidh lucht custaim in ann anailís riosca a dhéanamh agus faisnéis a sheiceáil ar bhonn leanúnach agus rialú a iarraidh nuair a mheasann siad gur gá sin. Le cáilíocht, comhleanúnachas agus cruinneas na faisnéise a fhaightear, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar iontaofacht an oibreora. Más gá sin, d’fhéadfadh na húdaráis chustaim an t‑údarú iontaoibhe agus seiceála aisghairm mura gcomhlíonann na ‘trádálaithe Iontaoibh agus Seiceáil’ na critéir atá le húdarú a thuilleadh nó i gcás mí-iompair.
4.3 Córas custaim saincheaptha don ríomhthráchtáil
Trí chur leis an nuachóiriú CBL rathúil sin
, cuirtear córas custaim saincheaptha don ríomhthráchtáil leis an athchóiriú sin. In 2017,chomhaontaigh Ballstáit an Aontais deireadh a chur leis an díolúine CBL le haghaidh earraí allmhairithe dar luach suas le EUR 22 ó 2021, d’fhonn rialacha CBL a chur in oiriúint do dhálaí ciandíolacháin earraí arna spreagadh le fás as cuimse na ríomhthráchtála. Roimh an athchóiriú seo, is caochspota a bhí sa ríomhthráchtáil. Ní dhearnadh earraí íseal-luacha a dhearbhú do lucht custaim, rud a d’fhág go raibh easpa iomlán maoirseachta ann ar an slabhra soláthair. Ó mhí Iúil 2021 i leith, tá na hearraí uile a allmhairítear faoi réir CBL agus cumhdaítear iad le dearbhú custaim digiteach. San áireamh ansin tá earraí dar luach suas le EUR 150 nach bhfuil aon dleacht custaim dlite ina leith faoi láthair.
Cuirfear nósanna imeachta nua i bhfeidhm chun an córas atá ann faoi láthair a shimpliú a thuilleadh agus é a ailíniú le rialacha CBL don ríomhthráchtáil. Toisc nach bhfuil an acmhainn ag na húdaráis chustaim rialacha na trádála idirnáisiúnta maidir le ríomhthráchtáil trasteorann a fhorfheidhmiú mar is ceart, déanfar ‘allmhaireoirí measta’ de na hardáin dhigiteacha (seachas tomhaltóirí) agus measfar go mbeidh siad freagrach as na foirmiúlachtaí agus na híocaíochtaí. Gearrfaidh siad na dleachtanna custaim tráth an díola agus íocfaidh siad leis na Ballstáit iad mar a dhéanann siad cheana féin maidir le CBL.
Anuas air sin, maidir leis na dleachtanna allmhairiúcháin ar earraí íseal-luacha a dhíoltar trí chiandíolacháin le tomhaltóirí, tabharfar isteach sa Chomhtharaif Chustaim athbhreithnithe modh simplithe chun iad a ríomh. Meastar go ndéanfaí leis an modh simplithe sin an méadú a d’fhéadfadh teacht ar chostais riaracháin an chórais ríomhthráchtála a fhritháireamh i gcomhar le Mol Sonraí Custaim an Aontais. Beidh sé bunaithe ar chóras buicéadaithe 4-shraith agus rátaí dleachta ad valorem faoi seach ag gabháil leis, 5 % (e.g. ar bhréagáin, earraí tís), 8 % (e.g. ar tháirgí síoda, earraí gloine) 12 % (e.g. ar sceanra, innealra leictreach) agus 17 % (e.g. ar choisbheart). Simpleofar na rialacha leis sin, ar chaoi a bheidh cosúil leis an gcaoi atá á cleachtadh ag comhpháirtithe idirnáisiúnta amhail Ceanada
, trí lúb ar lár a chur ina cheart, arb é a thagann as faoi láthair go dtarscaoiltear ioncam EUR 1 bhilliún ar a laghad do bhuiséid an Aontais.
De bhrí go bhfaighidh lucht custaim faisnéis ábhartha ón ardán ar gach díolachán, cuideoidh na rialacha nua le lucht custaim comhlíontacht le ceanglais táirge a fhorfheidhmiú ar bealach níos fearr. Má bhíonn fadhb ag lucht custaim a bhaineann le beartán, d’fhéadfaidís a fhiosrú a thuilleadh an mbaineann sin le cás aonair nó fadhb chórasach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh lucht custaim cuidiú leis na rialacha nua maidir le freagracht atá leabaithe sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha
a fhorfheidhmiú.
Ar deireadh, soiléireofar freagrachtaí sa phróiseas allmhairiúcháin, agus ar an gcaoi sin, déanfar an trédhearcacht sa ríomhthráchtáil a mhéadú. Tabharfaidh sin cosaint do shaoránaigh an Aontais ar chostais gan choinne agus foirmiúlachtaí custaim troma. Beidh trédhearcacht ag tomhaltóirí maidir le costas iomlán a gceannach ar líne agus íocfaidh siad as in aon turas, mar a dhéanann siad cheana féin ó thaobh CBL. Anuas air sin, beidh níos mó cinnteachta acu nach ndéanfaidh na táirgí a cheannaíonn siad dochar dóibh ná don chomhshaol, rud a thugann ar lucht gnó táirgeadh inbhuanaitheach a dhéanamh.
5. Maoirseacht ar shlabhraí soláthair mar chumas geostraitéiseach — cur chuige nua chun riosca a bhainistiú ag teorainn an Aontais d’earraí.
Bosca 4: Príomhchumais chreat nua bainistithe riosca an Aontais
Tabharfar isteach leis an athchóiriú creat rialachais nua le haghaidh bainistíocht riosca, lena mbaineann na Ballstáit, an Coimisiún, Údarás Custaim nua an Aontais (féach freisin Bosca 5) chomh maith le húdaráis faireachais margaidh agus údaráis ábhartha eile. Rud atá tábhachtach, tá an chomhpháirtíocht le gnólachtaí ina bonn ag an gcreat rialachais nua.
Bunófar leis an athchóiriú ceithre chumas atá ríthábhachtach chun bainistiú riosca a chur ar fáil chun comhtheorainn an Aontais d’earraí a chosaint:
1.Cumas lárnach anailís riosca ag croílár Údaráis Custaim an Aontais, a bhaineann leas as saibhreas nua na sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais;
2.Sásra lena n‑áirithítear go gcuirtear an bainistiú riosca agus rialuithe chun feidhme ar bhonn níos comhchuibhithe ar fud theorainn choiteann an Aontais le haghaidh earraí;
3.Creat comhair idir údaráis éagsúla a bhainistíonn an Margadh Aonair agus an tAontas Custaim.
4.Próiseas chun dearcadh coiteann maidir le tosaíocht riosca a chruthú
Tá rialuithe custaim bunaithe den chuid is mó ar bhainistiú riosca spriocdhírithe uathoibrithe chun cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais agus acmhainní. Faoi láthair, baineann na Ballstáit úsáid as córais náisiúnta le sonraí náisiúnta chun é sin a dhéanamh, gan maoirseacht ar an slabhra soláthair ar fud an Aontais. Mar atá faoi láthair, níl forbhreathnú iomlán ar fud an Aontais ag na Ballstáit ná ag an gCoimisiún ar choinsíneachtaí, oibreoirí nó slabhraí soláthair chun críocha bainistithe riosca agus rialaithe.
Tá dúshláin agus easnaimh struchtúracha sainaitheanta ag CIE i mbainistiú rioscaí airgeadais a chuireann bac ar leasanna airgeadais an Aontais. Tá gnéithe tábhachtacha den bhainistiú riosca in easnamh san Aontas, mar shampla: anailís ar fud an Aontais, bunaithe ar shonraí ó allmhairí uile an Aontais; teicnící mianadóireachta sonraí; agus modhanna iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí airgeadais d’allmhairí a thagann as ríomhthráchtáil agus is gá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialuithe custaim ag na Ballstáit chun cosc a chur ar allmhairí calaoiseacha díriú ar phointí iontrála teorann ar a bhfuil leibhéal rialuithe íseal.
Is lú fós ullmhacht lucht custaim chun rioscaí neamh-airgeadais a bhainistiú: ní ghabhtar go leordhóthanach leis an gcreat bainistithe riosca atá ann faoi láthair líon méadaitheach agus castacht dhlíthe an Aontais lena gceanglaítear ar lucht custaim seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh táirge allmhairí. Níl leas á bhaint fós as sineirgí le beartais ghaolmhara. Níl aon chur chuige coiteann ann maidir le tosaíocht a thabhairt do rioscaí neamh-airgeadais. Ina ionad sin, tugtar tosaíocht do rioscaí faoi láthair ar bhealach neamhstruchtúrtha randamach, rud a fhágann gurb ann do 27 gcur chuige náisiúnta éagsúla maidir le teorainn an Aontais d’earraí agus gurb ann don deis athródú, imchéimniú nó calaois a dhéanamh.
I mbeagán focal, tá creat bainistithe riosca éifeachtach le haghaidh an Aontais de dhíth ar Aontas Custaim an Aontais chun teorainn an Aontais d’earraí a chosaint. Tá cúig threoirphrionsabail ina mbonn coincheapúil le creat bainistithe riosca iomlánaíoch le haghaidh an Aontais, lena bhféachtar le caighdeáin choiteanna a bhaint amach agus, san am céanna, aitheantas a thabhairt do thréithe sonracha náisiúnta/réigiúnacha/earnálacha:
1.Bainistiú riosca saincheaptha, lena mbaintear amach cothromaíocht idir prionsabail lárnacha agus sonraíochtaí náisiúnta/réigiúnacha/earnálacha;
2.Bainistiú riosca dinimiciúil, oiriúnú do thimpeallacht riosca agus uirlisí braite atá ag athrú de shíor;
3.Bainistiú riosca cuimsitheach, cur leis an gcomhar le húdaráis eile agus le ‘trádálaithe Iontaoibhe agus Seiceáil’;
4.Bainistiú riosca sonraíbhunaithe, leas éifeachtúil cuimsitheach a bhaint as na sonraí uile atá ar fáil;
5.Bainistiú riosca éifeachtach, a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm ar bhealach níos comhchuibhithe rialuithe custaim fud fad na teorann seachtraí aonair.
Níl aon teorainn chustaim idir na Ballstáit agus freastalaíonn na rialuithe a dhéanann oifigeach custaim aonair na Ballstáit uile. Cinneadh maidir le déine an rialaithe a bhaineann le rioscaí áirithe – mar shampla forfheidhmiú smachtbhannaí in aghaidh na Rúise – bíonn tionchar aige sin ar an Aontas ina iomláine. Ní mór bainistiú riosca an Aontais a bheith bunaithe ar thosaíocht choiteann rioscaí AE-27. I gcás rioscaí airgeadais, bunaíonn an Coimisiún cheana réimsí rialaithe agus critéir choiteanna riosca, atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit. De bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na rioscaí neamhairgeadais atá le bainistiú ag lucht custaim, tugtar isteach leis an athchóiriú seo próiseas comhchosúil le haghaidh na rioscaí neamhairgeadais. Leis an tosaíocht riosca sin tabharfar treoir d’Údarás Custaim an Aontais (féach freisin Bosca 5) maidir le bainistiú rioscaí oibriúcháin ar leibhéal an Aontais agus d’údaráis chustaim na mBallstát le haghaidh a gcinntí rialaithe. Toisc gur ábhar polaitiúil é sin freisin, d’fhéadfadh sé a bheith ina ábhar argóinte maidir le riosca a mheá agus tosaíocht a thabhairt ar an leibhéal polaitiúil sa Chomhairle amach anseo.
I bhfianaise na gcineálacha éagsúla rioscaí neamhairgeadais (sábháilteacht, slándáil, comhshaoil etc.) braitheann an straitéis fhorfheidhmithe is éifeachtúla ar chineál na reachtaíochta earnála. I gcás na rioscaí neamhairgeadais uile, tá gá le comhar straitéiseach agus oibríochtúil níos dlúithe idir údaráis chustaim agus údaráis neamhchustaim (e.g. údaráis faireachais margaidh, údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bhainistithe teorann agus údaráis chánach). Ba cheart tús a chur leis an gcomhordú sin le ceapadh beartais atá níos cuimsithí agus níos iomlánaíche, trí aird a thabhairt ar róil agus sineirgí féideartha réamhtheachtacha na n‑údarás féin. Ar an gcaoi sin ba cheart go réiteofaí an bealach le haghaidh cur chuige níos straitéisí maidir le caighdeáin táirgí a fhorfheidhmiú sa Mhargadh Aonair. Ba cheart cur chuige straitéiseach den sórt sin a chomhlánú go hoibríochtúil trí shonraí a chomhroinnt agus anailís chomhpháirteach a dhéanamh. Le Mol Sonraí Custaim an Aontais, trí chur leis an Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW AE) agus an Córas Rialaithe Allmhairí nua (ICS 2), cumasófar úsáid chomhpháirteach sonraí ar mó í ná cros-seiceáil uathoibrithe údaruithe nó malartaithe doiciméad, rud arb é is aidhm dó straitéisí bainistithe riosca a fhorbairt. Comhlánófar sin, le tabhairt isteach an Phas do Tháirgí Digiteacha, trí shainaithint dhigiteach táirgí a chumasú ar bhonn aonair, baisce nó samhla, agus trí rochtain a áirithiú ar shonraí maidir lena mbunáitíocht, substaintí guaiseacha nó amhábhair chriticiúla a bheith iontu, agus faisnéis eile a bhaineann lena chomhdhéanamh agus lena inbhuanaitheacht. Anuas air sin, le faisnéis ó údaráis inniúla eile maidir le substaintí ceimiceacha, nó slabhraí soláthair neamhchomhlíontacha a bhraitear in aon Bhallstát, is féidir cur go díreach leis an anailís riosca choiteann agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an bhfaisnéis le haghaidh chinntí rialaithe na mBallstát uile.
Bosca 5: Cúraimí Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh
Ar an gcéad dul síos, déanfaidh Údarás Custaim an Aontais saineolas custaim a chomhthiomsú ar an leibhéal lárnach chun bainistiú riosca an Aontais a dhéanamh, trí leas a bhaint, chun críocha anailíse riosca, as an iliomad sonraí a thugtar cothrom le dáta go leanúnach i Mol Sonraí Custaim an Aontais. Bunaithe ar an anailís sin, seolfaidh Údarás Custaim an Aontais moltaí rialaithe chuig na húdaráis custaim náisiúnta, a mbeidh orthu sin iad a chur i bhfeidhm nó cúis a thabhairt nach gcuirtear i bhfeidhm iad. Bainistiú riosca coiteann, arb é atá ann cur i bhfeidhm rialuithe custaim níos comhchuibhithe, cuideoidh sin le fíortheorainn sheachtrach choiteann d’earraí a chruthú. Beidh fíorthábhacht ag baint leis sin ó thaobh ‘siopadóireacht teorann’, cleachtas forbhásach lena mbaintear an bonn den Margadh Aonair trína ndíríonn trádálaithe ar an lúb is laige i dteorainn sheachtrach an Aontais ionas go mbeidh táirgí aindleathacha in ann teacht isteach san Mhargadh Aonair. Beidh bainistiú riosca an Aontais agus an bainistiú riosca náisiúnta ina mbonn eolais dá chéile agus neartóidh siad a chéile. Leanfaidh na húdaráis chustaim náisiúnta d’anailís agus bainistiú riosca a dhéanamh atá saincheaptha do phróifíl rioscaí an Bhallstáit féin, bunaithe ar fhaisnéis atá feabhsaithe go mór agus atá curtha ar fáil ag Mol Sonraí Custaim an Aontais agus ag na líonraí comhoibritheacha a gheobhaidh tacaíocht uaidh.
Ar an dara dul síos, déanfaidh Údarás Custaim an Aontais an bainistiú oibríoch agus géarchéime a chomhordú. Faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme, forbróidh Údarás Custaim an Aontais prótacail agus nósanna imeachta le haghaidh cásanna géarchéime éagsúla agus áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm iad. Is é Údarás Custaim an Aontais a bheidh ina idirghabhálaí lárnach custaim thar ceann údaráis neamhchustaim (e.g. maoirseacht margaidh, údaráis forfheidhmithe dlí, EUROPOL san áireamh) a mbeidh sé de chúram orthu sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú. Cé go gcuirfidh Mol Sonraí Custaim an Aontais an teicneolaíocht agus na bonnsonraí ar fáil, má áirithítear go ndéantar foinsí sonraí nuála amhail Pas an Táirge Dhigitigh, Údarás Custaim an Aontais a chomhtháthú, áiritheofar comhar oibríochtúil agus comhordú le heintitis ábhartha, Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail Europol agus Frontex san áireamh. Tá sineirgí láidre idir an dá chúram sin, toisc go gcumasófar le cumas bainistithe riosca nua an Aontais in Údarás Custaim an Aontais díriú ar bhealach i bhfad níos tapa, níos éifeachtaí agus níos cuimsithí ar rioscaí a bhaineann le géarchéimeanna agus ar chomhar ilghníomhaireachta níos láidre ná mar is féidir a bheith ann faoi láthair.
Ar an tríú dul síos, féadfaidh an Coimisiún a chur de chúram ar Údarás Custaim an Aontais Mol Sonraí Custaim an Aontais a fhorbairt agus a chothabháil agus maoirseacht a dhéanamh le himeacht ama ar ascnamh agus comhtháthú na gcóras TF custaim atá ann cheana. Anuas air sin, má mheastar é a bheith iomchuí, maidir leis na cláir Chustaim arna maoiniú faoi bhuiséad an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a bhforghníomhú sin a tharmligean.
6. Am líne an athchóirithe
Cuirfear an t‑athchóiriú i bhfeidhm de réir a chéile as seo go ceann 10 go 15 bliana. Áiritheofar leis sin go ndéanfar athchóiriú 2016 a chomhdhlúthú sula dtiocfaidh tairbhí na samhla nua chun cinn de réir a chéile gan cur isteach ar oibríochtaí custaim. Cé go mbeidh feidhm ag roinnt príomhfhorálacha de Rialachán CCA go gairid tar éis a ghlactha, beidh idirthréimhse ann ina leanfaí le cuid de na cleachtais atá ann cheana.
Déanfar Mol Sonraí Custaim an Aontais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le himeacht ama, trí chur le córais custaim TF atá ann cheana agus córais eile agus an Pas Táirge Digiteach a chomhtháthú, na córais atá le cur chun feidhme faoin athchóiriú leanúnach TF ar CCA san áireamh. Cuirfear Mol Sonraí Custaim an Aontais i bhfeidhm den chéad uair i bhfoirm lárnach chun déileáil leis an tsaincheist is práinní, an ríomhthráchtáil. Beidh feidhm ag an gcóras custaim saincheaptha don ríomhthráchtáil ó 2028 ar aghaidh, nuair a chuirfear tús le Mol Sonraí Custaim an Aontais ar chéad chéim oibríochtúil theoranta. Mar dhara céim, cuirfidh córais chustaim TF atá láraithe
cheana féin tús le hascnamh chuig Mol Sonraí Custaim an Aontais, agus ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí ascnamh na gcóras Náisiúnta TF a chur ar siúl. Féadfaidh trádálaithe tús a chur le húsáid a bhaint as Mol Sonraí Custaim an Aontais ón 1 Eanáir 2032 ar aghaidh agus beidh sé d’oibleagáid orthu sin a dhéanamh ón 1 Eanáir 2038 ar aghaidh.
Glacfaidh Údarás Custaim an Aontais a chúraimí air féin an 1 Eanáir 2028 agus beidh sé i bhfeidhm láithreach a mhéid a bhaineann lena fhreagrachtaí maidir le bainistiú riosca agus géarchéime. Leathnóidh sé a raon feidhme de réir a chéile i gcomhréir le cur i bhfeidhm Mhol Sonraí Custaim an Aontais cé go bhféadfaí cúraimí a chur air amach anseo a théann níos faide ná an méid a luaitear sa togra seo le haghaidh athchóiriú. Go dtí 2028, leanfaidh Seirbhísí an Choimisiúin dá ngníomhaíochtaí bainistithe riosca atá i gcomhréir le cur chun feidhme an athchóirithe atá ann cheana agus a réitíonn an bealach dó. Cuideoidh cur i bhfeidhm an phríomh-bhonneagair, amhail ICS2 agus an Córas Bainistíochta Riosca Custaim (CRMS2), agus na cumais anailísíochta sonraí neartaithe laistigh den Choimisiún, ní hamháin le hAontas Custaim an Aontais a bhainistiú níos fearr sa ghearrthéarma, ach áiritheofar leis freisin go mbeidh sé d’acmhainn ag Údarás Custaim an Aontais a chúraimí a dhéanamh díreach ón tús.
7. De bhreis ar an athchóiriú – Custaim a nuachóiriú ar fud an domhain
I dTeachtaireacht 2021 ón gCoimisiún dar teideal ‘Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy’ [ ‘Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach’] rinneadh colún lárnach de bheartas trádála an Aontais de na dé-aistrithe glasa digiteacha. Ar an gcaoi chéanna, ní mór nach stopfaidh nuachóiriú na gcustam ag teorainneacha Aontas Custaim an Aontais. Na dúshláin a bhaineann leis an éigeandáil aeráide agus leis an ríomhthráchtáil, is dúshláin dhomhanda iad ó nádúr agus éilíonn siad athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar an gcomhar custaim ar fud an domhain.
Tá an t‑iltaobhachas agus an trádáil riailbhunaithe fós ina ndlúthchuid de straitéis trádála dhomhanda an Aontais. Sin an fáth a bhfuil athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála fós ina phríomhthosaíocht ag an Aontas. Anuas air sin, in 2021, d’fhorbair an tAontas fís uaillmhianach chun an Eagraíocht Dhomhanda Custaim (EDC) a nuachóiriú
. Trí ghlacadh leis an réabhlóid sonraí tionsclaíocha agus slabhraí luacha inbhuanaithe a chur chun cinn, cuireadh le Plean Straitéiseach EDC le haghaidh 2022-2025, rud a mhúnlaigh an plé domhanda maidir le hathchóiriú custaim. Tá roinnt mhaith le déanamh fós, san am atá romhainn: ní mór don lucht custaim domhanda tabhairt faoi mhachnamh struchtúrach maidir le EDC a athchóiriú ionas go mbeidh lucht custaim ina gcumas straitéiseach sa dé-aistriú ar fud an domhain, agus an t‑athchóiriú ar chustaim an Aontais mar inspioráid acu.
Chun go mbeidh lucht custaim domhanda in oiriúint don ré dhigiteach, sa bhliain 2022, d’fhormhuinigh an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta ‘Straitéis Sonraí EDC’ nua, lena ndírítear ar ‘éiceachóras domhanda sonraí’ a fhorbairt. Chuige sin is gá malartú struchtúrtha cuimsitheach faisnéise custaim a dhéanamh agus, san am céanna, aird ar leith a thabhairt ar rúndacht tráchtála agus sonraí pearsanta. Beidh Mol Sonraí Custaim an Aontais ina eiseamláir ó thaobh chur i bhfeidhm céimneach domhanda Straitéis Sonraí na hEagraíochta Dhomhanda Custaim. Ach comhpháirtithe idirnáisiúnta a spreagadh chun córais bhainistithe sonraí atá comhchosúil agus idir-inoibritheach a chur i bhfeidhm neartófar go mór cumas na gcustam faireachán a dhéanamh go héifeachtúil ar shlabhraí soláthair domhanda agus slabhraí soláthair domhanda a rialú.
Ina theannta sin, ba cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le beartas custaim glas domhanda a fhorbairt. Tá roinnt mhaith réimsí ann inar féidir le lucht custam domhanda tacú le cuspóirí comhshaoil. Cé is moite de na riaracháin chustaim féin a ghlasú
, ba cheart nuachóiriú aicmiú na n‑earraí i gcomhréir le cuspóirí na ndé-aistrithe a bheith ina gcuid den athbhreithniú straitéiseach leanúnach ar an gcoinbhinsiún ar an gcóras comhchuibhithe
. Ar na sainroghanna maidir le glasú na gcóras comhchuibhithe tá liostaí d’earraí comhshaoil a eisiúint, struchtúr an Chórais Chomhchuibhithe a athrú, nó athruithe ar an aicmiú féin, ar bhonn critéar nua comhshaoil. D’fhéadfadh athbhreithniú den chineál sin cuidiú leis an athléimneacht a athneartú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin soláthair don aistriú a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le soláthar in earnálacha atá bunriachtanach don aistriú chuig fuinneamh glas. Bheadh aicmiú caighdeánaithe táirgí comhshaoil ina bhonn tábhachtach do thíortha chun taraifí agus bearta rialála maidir leis na táirgí sin a chalabrú go cúramach agus uirlis éifeachtach a bheadh ann lena bhféadfaí inbhuanaitheacht bheartas trádála an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Trádála a neartú, i gcomhaontuithe saorthrádála, agus sna foirmeacha cur i bhfeidhm, comhpháirtíochtaí nialasacha san áireamh.
Cé is moite den chomhar iltaobhach, oibríonn an tAontas i gcomhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad bunaithe ar chomhaontuithe trádála déthaobhacha. Tá an trádáil á héascú le corpas mór chomhaontuithe an Aontais agus tá gealltanais ann freisin maidir leis an gcomhar custam a oibríonn ar mhaithe lenár leas frithpháirteach trí thrádáil dhlisteanach a éascú agus calaois, smuigleáil nó gníomhaíochtaí coiriúla a shainaithint.
Mar sin féin, tá roinnt mhaith de na comhaontuithe sin as dáta a mhéid a bhaineann leis na huirlisí agus an fhaisnéis a chur ar fáil do lucht custaim chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar shlabhraí soláthair idirnáisiúnta. Faoi láthair, malartaítear faisnéis le tíortha comhpháirtíochta arna iarraidh sin. Éascófar leis an athrú ar Chustaim an Aontais, trí bhíthin Mhol Sonraí Custaim an Aontais go háirithe, faisnéis chustaim agus fiú comharthaí riosca a mhalartú ar bhonn níos córasaí. Leis an gcur chuige maidir le comhar custaim idirnáisiúnta ní mór an timpeallacht gheopholaitiúil athraitheach a léiriú agus an gá atá le slabhraí soláthair a shlánú agus imchéimniú beartas fíorthábhachtach an Aontais a rialú, trí smachtbhannaí mar shampla.
8. Conclúid
Breis agus leathchéad bliain tar éis a bhunaithe, tá an tAontas Custaim fós ar cheann de phríomhcholúin chomhtháthú an Aontais. Is é bunchloch an Mhargaidh Aonair agus a chreat rialála atá dírithe ar na dé-aistrithe glasa digiteacha. Mar gheall ar na hathruithe suntasacha a tháinig le déanaí ar an ngeopholaitíocht agus ar an ngeilleagar domhanda, tháinig athrú ar an trádáil dhomhanda agus cuireadh leis an ngá atá ann an tAontas Custaim agus a chreat rialála agus rialachais a nuachóiriú.
Is é atá san athchóiriú sin an iarracht is uaillmhianaí agus is cuimsithí an tAontas Custaim a chur in oiriúint do na blianta atá le teacht. Custaim an Aontais a chumhachtú ionas go mbeidh siad in freastal ar an Aontas, na saoránaigh agus na gnólachtaí. Fíor-Aontas a dhéanamh de Chustaim an Aontais, ag feidhmiú mar aon aonad amháin .
Teastaíonn cothrom iomaíochta ó thionscal an Aontais agus teastaíonn táirgí sábháilte agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta ó na saoránaigh agus na tomhaltóirí. Dá bhrí sin iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú go pras maidir leis na tograí a tíolacadh inniu ionas gur féidir le saoránaigh, gnólachtaí agus riaracháin lántairbhe a bhaint in Aontas Custaim lena bhfuil teorainn choiteann d’earraí a dhéantar a bhainistiú go héifeachtúil.