EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1923

Rún (AE) 2023/1923 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 413–417 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1923/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/413


RÚN (AE) 2023/1923 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 16 114 100 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, rud a léiríonn méadú beag de 0,35 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta do bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 go ndearnadh ráta leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha de 97,26 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad, arb ionann é agus méadú beag 0,46 % i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur oth léi gurbh é ráta foghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta 63,53 %, arb ionann é agus méadú beag 1,38 % i gcomparáid le 2020;

2.

á chur in iúl gur geal léi, áfach, go bhfuil na gníomhaíochtaí go léir a rinneadh maidir le barúlacha na Cúirte a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid do na blianta airgeadais 2018 agus 2019 curtha i gcrích ag an nGníomhaireacht;

3.

ag tabhairt dá haire go bhfuil pleanáil ráithiúil ag an nGníomhaireacht maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi theideal 3 den bhuiséad don chlár oibre bliantúil lena mbaineann, chomh maith le pleanáil mhíosúil le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon le linn chéim an chur chun feidhme, a ndéantar athbhreithniú tréimhsiúil orthu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lárnaigh an Ghníomhaireacht na hacmhainní riaracháin agus an saineolas chun a soláthairtí uile a bhainistiú in 2021, lena n-áirítear pleanáil, tairiscint, dámhachtain agus faireachán; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar baineadh amach na torthaí a rabhthas ag dréim leo ón gcomhchuibhiú agus ón éifeachtúlacht, go háirithe i ndáil le bainistiú na leithreasuithe arna dtabhairt anonn;

Feidhmíocht

4.

á chur in iúl gur mór aici na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht chun faisnéis, anailís agus uirlisí iontaofa agus ábhartha a fhorbairt, a bhailiú agus a chur ar fáil maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair, gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le beartas an Aontais arb é is aidhm dó áiteanna oibre sláintiúla agus sábháilte a chur chun cinn ar fud an Aontais;

5.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun meastóireacht a dhéanamh ar an mbreisluach arna chur ar fáil ag a gníomhaíochtaí agus as bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid, amhail a clár oibre a bheith á sholáthar, cealú leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus acmhainneacht for-rochtana idirghabhálaithe tríd an líonrú; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscaire feidhmíochta chun leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht a spriocanna ar fad amach nach mór agus gur cuireadh 6 cinn d’aschur an chláir oibre ar ceal toisc go raibh tionchar ag an bpaindéim ar thaisteal agus ar imeachtaí;

6.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht torthaí ar fáil in 2021 ar fhorbhreathnú na sábháilteachta agus na sláinte ceirde, a bhí dírithe ar an teilea-obair agus ar ról na dtosca riosca síceasóisialta agus rannpháirtíocht na n-oibrithe i gcosc agus i mbainistiú neamhoird mhatánchnámharlaigh, a bhí mar bhonn don fheachtas maidir leis an Ionad Oibre Sláintiúil dar teideal ‘Lig díot an t-ualach’, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2020 ar feadh tréimhse 24 mhí; ag cur sonrú, thairis sin, i ngníomhaíochtaí agus forléargais na Gníomhaireachta lena ndírítear ar dhigiteáil, ar rioscaí síceolaíochta, agus ar earnáil an chúraim sláinte; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i bhfreagairt an Aontais ar ghéarchéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur glacadh Creat Straitéiseach na gníomhaireachta maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair 2021-2027 i mí an Mheithimh 2021;

7.

ag tabhairt dá haire thairis go bhféadfadh an Ghníomhaireacht ról a bheith aici chun tacú le hobair institiúidí an Aontais maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair, cosaint oibrithe ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair, i gcomhréir le Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus leis an athbhreithniú ar Threoir 98/24/CE ón gComhairle (3);

8.

ag tabhairt dá haire gur tugadh ról tábhachtach don Ghníomhaireacht agus na prionsabail a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta á gcur chun feidhme aici agus spriocanna Porto á mbaint amach; á chur in iúl gur geal léi tiomantas láidir na Gníomhaireachta go mbeidh na cearta céanna sláinte agus sábháilteachta ceirde ag gach oibrí beag beann ar mhéid na cuideachta, ar an gcineál conartha nó ar an gcaidreamh fostaíochta agus go mbainfear cur chuige na Físe Nialais amach maidir le básanna a bhaineann leis an obair;

9.

á thabhairt chun suntais gur gá acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais a áirithiú lena gcuirfear ar chumas na Gníomhaireachta leanúint dá clár oibre a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche ar ráta an-ard, go háirithe i bhfianaise chur chun feidhme Chreat Straitéiseach nua an Aontais maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair (2021-2027);

10.

ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht go dlúth le gníomhaireachtaí eile, amhail an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, maidir le hábhair leasa choitinn amhail an beartas fostaíochta agus gnóthaí sóisialta, agus go bhfuil comhar leis an Údarás Eorpach Saothair (ELA) á chur ar bhonn foirmiúil aige; ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht le Eurostat chun Baraiméadar OSH a fhorbairt; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtacaíonn an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí chun treoir a fhorbairt maidir le sláinte agus sábháilteacht i ngníomhaíochtaí bainte doirteadh ola, leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn ina cuid oibre ar threoir chuimsitheach maidir le measúnú riosca, lena ndírítear ar ualach síceasóisialta na n-oifigeach deisce tosaigh, agus ar rannchuidiú an tionscnaimh EU4BorderSecurity le Frontex; ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de thacaíocht lóistíochta a chur ar fáil do na pointí fócais náisiúnta agus dá líonraí;

Beartas foirne

11.

ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta 97,5 % curtha chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021 (líonadh 39 bpost gníomhairí sealadacha de 40 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire go raibh 25 ghníomhaire ar conradh ag obair don Ghníomhaireacht in 2021 lena chois sin;

12.

ag cur sonrú sa tuairisciú ar chothromaíocht inscne do 2021, ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí, le 3 fhear (arbh ionann iad agus 75 %) agus bean amháin (arbh ionann í agus 25 %), ar leibhéal an bhoird bainistíochta le 65 fhear (arb ionann iad agus 66 %) agus 34 bean (arb ionann iad agus 34 %), agus i measc fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, le 21 fhear (arb ionann iad agus 33 %) agus 43 bhean (arb ionann iad agus 67 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ina foireann fhoriomlán, agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go gcuirfear cothromaíocht inscne san áireamh agus comhaltaí á n-ainmniú chuig bord bainistíochta na Gníomhaireachta;

13.

ag tabhairt dá haire go raibh 64 bhall foirne fostaithe ag an nGníomhaireacht ó 15 Bhallstát; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tearcionadaíocht na mball foirne ón 12 Bhallstát eile; ag tathant ar an nGníomhaireacht an chothromaíocht gheografach is mó is féidir a mheas ina nósanna imeachta earcaíochta agus aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

14.

á chur in iúl gur geal léi nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2021 agus go mbíonn ardleibhéal rannpháirtíochta ag an nGníomhaireacht a mhéid a bhaineann le beartais frithchiaptha a chur chun cinn, go n-eagraítear seisiúin múscailte feasachta go rialta dá foireann agus go nuashonraítear leathanach ar leith ar an topaic sin ar an inlíon;

Soláthar

15.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht straitéis chun feidhme dá feidhm airgeadais agus soláthair arb é is aidhm di úsáid acmhainní a bharrfheabhsú, próisis a chomhchuibhiú, róil agus freagrachtaí a shainiú ar bhealach níos fearr, agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach; ag tabhairt dá haire thairis sin gur soláthraíodh an tsamhail oibriúcháin airgeadais agus soláthair is fearr is féidir don Ghníomhaireacht le cur chun feidhme na straitéise sin;

16.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, maidir le tuarascáil na Cúirte, gur shínigh comhaltaí an choiste meastóireachta in aon nós imeachta soláthair oscailte amháin, in aon bheart amháin, an dearbhú nach ann do choinbhleachtaí leasa ach amháin tar éis an conradh a dhámhachtain, agus gur laige é sin sa nós imeachta soláthair agus go dtéann sé i gcoinne cheanglais Airteagal 61 agus Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh i nósanna imeachta amach anseo;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

17.

ag tabhairt aitheantais do bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht agus cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur glacadh i mí na Nollag 2021 an cinneadh lena gcuirtear rialacha ar fáil maidir le glacadh bronntanas agus fáilteachais ag foireann na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go n-iarrtar ar chomhaltaí an bhoird bainistíochta dearbhú a sholáthar nach bhfuil coinbhleacht leasa ann chomh maith le dearbhú maidir le leasanna; á chur in iúl gur geal léi go mbíonn an dá dhearbhú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachta leasa in 2021;

Rialú inmheánach

18.

á chur in iúl gur geal léi go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as straitéis maidir le neamhchomhlíonadh faoina ndéantar teagmhais ex-post a thaifeadadh chomh maith le heisceachtaí ex-ante, agus í ag díriú ar na nósanna imeachta reatha a fheabhsú agus laigí sa rialú inmheánach a bhrath ag céim níos luaithe; ag tabhairt dá haire, maidir leis na neamhchomhlíontachtaí a taifeadadh in 2021, nár léiríodh laigí suntasacha ó thaobh na rialuithe reatha; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht páirt arís in 2021 san athbhreithniú piaraí maidir le bainistiú riosca i ngníomhaireachtaí díláraithe, arna lainseáil ag an gCoimisiún trí eolas, modheolaíochtaí agus rioscaí criticiúla a chomhroinnt leis na gníomhaireachtaí eile a ghlac páirt sa ghrúpa oibre;

19.

á mheabhrú gur ghlac an bord bainistíochta an creat rialaithe inmheánaigh (ICF) in 2019, bunaithe ar chreat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú ar ICF don bhliain tuairiscithe 2021 go bhfuil comhlíonadh agus cur chun feidhme an chreata sásúil;

20.

ag tabhairt dá haire go bhfuil clár riosca corparáideach na Gníomhaireachta nasctha leis an gCreat Rialaithe Inmheánaigh agus go bhféadfaidís araon a bheith á n-athbhreithniú go rialta ag an ardbhainistíocht; ag tabhairt dá haire go ndearnadh ceithre riosca a ndearnadh faireachán orthu le linn 2021 a chatagóiriú de réir mar a bhain siad leis an ‘timpeallacht sheachtrach’, go ndearnadh dhá riosca a aicmiú mar riosca a bhaineann leis an ‘timpeallacht inmheánach’ agus nach n-aicmítear aon cheann díobh mar bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ann do chlú ná do ghnóthachtáil straitéiseach na Gníomhaireachta;

21.

ag tabhairt dá haire gur dhréachtaigh agus gur chuir an Ghníomhaireacht bailchríoch ar a straitéis frithchalaoise nua 2022-2026 in 2021; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh an nós imeachta maidir le feidhmeanna íogaire a shainaithint agus a bhainistiú chun feidhme in 2021;

An digitiú agus an t-aistriú glas

22.

á mheabhrú gur ann do na socruithe cianoibre agus don chóras bainistithe doiciméad a glacadh sna blianta roimhe sin, agus ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht roinnt nósanna imeachta inmheánacha leictreonacha nua a sheoladh agus a chur chun feidhme tuilleadh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, cur chun feidhme ríomh-Uirlisí trí úsáid fhorleathan a bhaint as ríomh-Cruinnithe, ríomhsholáthar (ríomhThairiscint, r-aighneacht agus Uirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí), agus glacadh ríomhshreafaí agus ríomhshreabha oibre; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, simpliú agus digiteáil fhorásach réimsí riaracháin na Gníomhaireachta;

23.

ag cur sonrú i rannchuidiú na Gníomhaireachta le staidéar fadbhreathnaitheachta ar an ngeilleagar ciorclach chun rioscaí nua agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde a bhaineann leis an aistriú glas, atá ábhartha do lucht déanta beartas agus do thaighdeoirí;

24.

ag tabhairt dá haire gur thionscain an Ghníomhaireacht comhar le CERT-EU trí bhíthin comhaontú ar leibhéal seirbhíse chun a áirithiú go mbeadh cibearchosaint ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur seoladh roinnt iniúchtaí slándála in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal slándála fheidhmchláir agus shuíomhanna gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, ar an leibhéal idirghníomhaireachta, go bhfuil tús curtha ag an nGníomhaireacht le comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme réitigh choitinn chun seirbhísí cibearshlándála a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí beaga an Aontais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

25.

ag tabhairt dá haire, mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, nár úsáideadh cuid shuntasach de bhuiséad 2021 do mhisin agus do chruinnithe agus gur aistríodh go páirteach é trí oibríochtaí creidmheasa idir teidil, caibidlí, míreanna agus gníomhaíochtaí;

26.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraigh an Ghníomhaireacht plé le saineolaithe a bhaineann le hullmhacht paindéime san ionad oibre; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht beagnach gach gníomhaíocht (a chomhfhreagraíonn do 96 %) dá clár oibre mar a bhí beartaithe i gcrích, agus go ndearna sí cúraimí neamhphleanáilte a bhaineann le COVID-19 a ghlacadh agus a chur i gcrích ag an am céanna;

27.

ag tabhairt dá haire, chun tacú leis na socruithe cianoibre don fhoireann, atá i bhfeidhm ó 2020 i leith, go ndearna an Ghníomhaireacht in 2021 nósanna imeachta inmheánacha leictreonacha nua a sheoladh agus a chur chun feidhme tuilleadh chun leanúnachas gnó a éascú;

28.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur lean an Ghníomhaireacht de shábháilteacht agus sláinte cheirde a chur in iúl agus a chur chun cinn go díreach nó trína líonra, beagnach go hiomlán ar líne mar gheall ar shrianta na paindéime;

Barúlacha eile

29.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta ar leibhéal rialachais le Eurofound, ELA, agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus malartú na ndréachtchlár oibre le Eurofound, leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus le EIGE, chun sineirgí a áirithiú i gcláir oibre na gcomhlachtaí sin faoi seach; ag tathant ar an nGníomhaireacht féidearthachtaí breise a fhiosrú chun a gníomhaíochtaí agus a socruithe oibre a leathnú le comhlachtaí eile de chuid an Aontais; ag tathant ar an nGníomhaireacht féachaint an bhféadfaí cúraimí forluiteacha a chomhroinnt le comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

30.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis feidhmíochta ábhartha a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

31.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 42.

(2)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(3)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


Top