EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0201

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (COM(2022)0143 – C9-0128/2022 – 2022/0092(COD))

IO C, C/2023/1087, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1087/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1087/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1087

15.12.2023

P9_TA(2023)0201

Tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (COM(2022)0143 – C9-0128/2022 – 2022/0092(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2023/1087)

Leasú 1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Chun dul i ngleic le cleachtais tráchtála éagóracha a chuireann cosc ar thomhaltóirí roghanna tomhaltais inbhuanaithe a dhéanamh, amhail cleachtais a bhaineann le dífheidhmeacht luath earraí, maímh mhíthreoracha chomhshaoil (‘glas-snasú’), lipéid inbhuanaitheachta neamh-thrédhearcacha agus neamh-inchreidte nó uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach i ndlí tomhaltóirí an Aontais. Chuirfeadh sé sin ar chumas do na comhlachtaí inniúla náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cleachtais sin. Trína áirithiú go mbeidh maímh chomhshaoil cothrom , beidh tomhaltóirí in ann táirgí a roghnú atá níos fearr don chomhshaol i ndáiríre ná na táirgí sin atá in iomaíocht leo. Spreagfaidh sé sin iomaíocht i dtreo táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, rud a laghdóidh an tionchar diúltach ar an gcomhshaol.

(1)

Chun dul i ngleic le cleachtais tráchtála éagóracha a  dhéanann tomhaltóirí a mheabhlú agus a chuireann cosc orthu roghanna tomhaltais inbhuanaithe a dhéanamh, amhail cleachtais a bhaineann le dífheidhmeacht luath earraí, maímh mhíthreoracha nó bhréagacha chomhshaoil (‘glas-snasú’), lipéid inbhuanaitheachta neamh-thrédhearcacha , neamhdheimhnithe agus neamh-inchreidte nó uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach i ndlí tomhaltóirí an Aontais. Chuirfeadh sé sin ar chumas do na comhlachtaí inniúla náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cleachtais sin. Trína áirithiú go mbeidh maímh chomhshaoil iontaofa , soiléir, intuigthe agus cóir, beidh tomhaltóirí in ann táirgí a roghnú atá níos fearr don chomhshaol i ndáiríre ná na táirgí sin atá in iomaíocht leo. Spreagfaidh sé sin iomaíocht i dtreo táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, rud a laghdóidh an tionchar diúltach ar an gcomhshaol. Tá ról ag cuideachtaí freisin maidir le haistriú glas agus inbhuanaitheacht mhéadaithe na dtáirgí a tháirgeann siad agus a dhíolann siad ar an margadh inmheánach a chur chun cinn.

Leasú 2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Chun trádálaithe a dhíspreagadh ó mheabhlú tomhaltóirí maidir le tionchar comhshaoil nó sóisialta, marthanacht nó indeiseacht a dtáirgí, lena n-áirítear trí na táirgí a chur i láthair go foriomlán, ba cheart Airteagal 6(1) de Threoir 2005/29/CE a leasú trí thionchar comhshaoil nó sóisialta, marthanacht agus deisiúchán an táirge a chur le liosta de phríomhthréithe an táirge ar féidir a mheas go bhfuil cleachtais an trádálaí míthreorach ina leith, tar éis measúnú cás ar chás. An fhaisnéis a chuireann trádálaithe ar fáil maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta táirgí, amhail dálaí oibre, ranníocaíochtaí do charthanais nó do charthanais leasa ainmhithe, níor cheart go gcuirfeadh sí tomhaltóirí ar míthreoir ach oiread.

(3)

Chun trádálaithe a dhíspreagadh ó mheabhlú tomhaltóirí maidir le tionchar comhshaoil nó sóisialta, marthanacht , ath-inúsáidteacht, athchúrsáilteacht indeisitheacht a dtáirgí, lena n-áirítear trí na táirgí a chur i láthair go foriomlán, ba cheart Airteagal 6(1) de Threoir 2005/29/CE a leasú trí thionchar comhshaoil nó sóisialta, marthanacht agus deisiúchán an táirge a chur le liosta de phríomhthréithe an táirge ar féidir a mheas go bhfuil cleachtais an trádálaí míthreorach ina leith, tar éis measúnú cás ar chás. An fhaisnéis a chuireann trádálaithe ar fáil maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta táirgí, amhail dálaí oibre, ranníocaíochtaí do charthanais nó do charthanais leasa ainmhithe, níor cheart go gcuirfeadh sí tomhaltóirí ar míthreoir ach oiread.

Leasú 3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Maímh chomhshaoil, go háirithe maímh a bhaineann leis an aeráid, baineann siad níos mó ná riamh le feidhmíocht amach anseo i bhfoirm aistriú chuig neodracht ó thaobh carbóin nó na haeráide de, nó cuspóir comhchosúil, faoi dháta áirithe. Trí mhaímh den sórt sin, tugann trádálaithe le tuiscint go gcuireann tomhaltóirí le geilleagar ísealcharbóin trína dtáirgí a cheannach. Chun cothroime agus inchreidteacht na maíomh den sórt sin a áirithiú, ba cheart Airteagal 6(2) de Threoir 2005/29/CE a leasú chun cosc a chur ar mhaímh den sórt sin, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, nuair nach dtacaíonn gealltanais agus spriocanna atá soiléir, oibiachtúil agus infhíoraithe atá ag an trádálaí leo. Ba cheart córas faireacháin neamhspleách a bheith i bhfeidhm chun tacú leis na maímh sin freisin agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an trádálaí maidir leis na gealltanais agus na spriocanna .

(4)

Maímh chomhshaoil, go háirithe maímh a bhaineann leis an aeráid, baineann siad níos mó ná riamh le feidhmíocht amach anseo i bhfoirm aistriú chuig neodracht ó thaobh carbóin nó na haeráide de, nó cuspóir comhchosúil, faoi dháta áirithe. Trí mhaímh den sórt sin, tugann trádálaithe le tuiscint go gcuireann tomhaltóirí le geilleagar ísealcharbóin trína dtáirgí a cheannach. Chun cothroime agus inchreidteacht na maíomh sin a áirithiú, ba cheart Airteagal 6(2) de Threoir 2005/29/CE a leasú chun maímh den sórt sin a thoirmeasc , tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, nuair atá siad bunaithe ar scéimeanna fritháirithe carbóin amháin nó nuair nach dtacaítear leo le gealltanais agus spriocanna atá soiléir, oibiachtúil , cainníochtaithe, eolaíochtbhunaithe agus infhíoraithe arna dtabhairt ag an trádálaí , lena n-áirítear plean cur chun feidhme mionsonraithe réadúil chun feidhmíocht níos fearr chomhshaoil amach anseo a bhaint amach. Ba cheart a áireamh sa phlean sin spriocanna nithiúla atá comhsheasmhach le gealltanas fadtéarmach an trádálaí a bhaint amach, agus buiséad leordhóthanach agus leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha mar bhonn taca leo. Ba cheart go mbeadh córas faireacháin neamhspleách ann chun tacú le maímh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn phlean cur chun feidhme ghealltanais agus spriocanna an trádálaí.

Leasú 4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Is teicníc mhargaíochta atá ag éirí níos coitianta é comparáid a dhéanamh idir táirgí atá bunaithe ar a ngnéithe comhshaoil nó sóisialta, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta. Chun a áirithiú nach gcuirfidh comparáidí den sórt sin tomhaltóirí ar míthreoir, ba cheart Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE a leasú chun a cheangal go gcuirfear faisnéis ar fáil don tomhaltóir faoi mhodh na comparáide, faoi na táirgí atá faoi réir comparáide agus faoi sholáthróirí na dtáirgí sin, agus faoi na bearta chun faisnéis a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go ndéanfaidh tomhaltóirí cinntí idirbhirt ar bhonn eolais mhaith agus iad ag úsáid na seirbhísí sin. Ba cheart go mbeadh an chomparáid oibiachtúil go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu, trí mhodh coiteann agus toimhdí coiteanna a úsáid, agus trí chomparáid a dhéanamh idir gnéithe ábhartha agus infhíoraithe na dtáirgí atá á gcur i gcomparáid le chéile.

(6)

Is teicníc mhargaíochta atá ag éirí níos coitianta é comparáid a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a ngnéithe comhshaoil nó sóisialta, lena n-áirítear trí uirlisí faisnéise inbhuanaitheachta a úsáid, rud a d’fhéadfadh a bheith míthreorach do thomhaltóirí, nach féidir leo i gcónaí measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na faisnéise sin . Chun a áirithiú nach gcuirfidh comparáidí den sórt sin tomhaltóirí ar míthreoir, ba cheart Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE a leasú chun a cheangal go gcuirfear faisnéis ar fáil don tomhaltóir faoi mhodh na comparáide, faoi na táirgí atá faoi réir comparáide agus faoi sholáthróirí na dtáirgí sin, agus faoi na bearta chun faisnéis a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go ndéanfaidh tomhaltóirí cinntí idirbhirt ar bhonn eolais mhaith agus iad ag úsáid na seirbhísí sin. Ba cheart go mbeadh an chomparáid oibiachtúil go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu, trí mhodh coiteann agus toimhdí coiteanna a úsáid, agus trí chomparáid a dhéanamh idir gnéithe ábhartha agus infhíoraithe na dtáirgí atá á gcur i gcomparáid le chéile.

Leasú 5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Ba cheart toirmeasc a chur ar lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nach bhfuil bunaithe ag údaráis phoiblí trí chleachtais den sórt sin a áireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. Ba cheart don scéim deimhniúcháin íoschoinníollacha trédhearcachta agus creidiúnachta a chomhlíonadh. Is féidir lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint gan scéim deimhniúcháin i gcás ina mbunóidh údarás poiblí lipéid den sórt sin, nó i gcás modhanna breise chun bia a léiriú agus a chur i láthair i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Leis an riail sin, comhlánaítear pointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE lena gcuirtear toirmeasc ar an maíomh go bhfuil trádálaí, cleachtais tráchtála trádálaí, nó táirge formheasta, formhuinithe nó údaraithe ag comhlacht poiblí nó príobháideach i gcás nach bhfuil, nó maíomh den sórt sin á dhéanamh aige gan téarmaí an fhormheasta, an fhormhuinithe ná an údaraithe a chomhlíonadh.

(7)

Ba cheart toirmeasc a chur ar lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nach bhfuil bunaithe ag údaráis phoiblí trí chleachtais den sórt sin a áireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. Ba cheart don scéim deimhniúcháin íoschoinníollacha trédhearcachta agus creidiúnachta a chomhlíonadh. Ba cheart tacú leis an bhfaireachán ar chomhlíonadh na scéime deimhniúcháin trí mhodhanna atá comhréireach agus ábhartha maidir le cineál na dtáirgí, na bpróiseas agus na ngnólachtaí atá faoi réir na scéime. Ba cheart gur tríú páirtí, a ndearna na Ballstáit a chuid inniúlachtaí agus a neamhspleáchas ó úinéir na scéime agus ón trádálaí araon a fhíorú, a dhéanfadh é a chur i gcrích. Thairis sin, ba cheart a áireamh i scéimeanna deimhniúcháin córas gearán atá ar fáil do thomhaltóirí agus do gheallsealbhóirí seachtracha eile, a dhíríonn ar neamhchomhlíonadh agus a áirithíonn tarraingt siar an lipéid inbhuanaitheachta i gcásanna neamhchomhlíontachta; Is féidir lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint gan scéim deimhniúcháin i gcás ina mbunóidh údarás poiblí lipéid den sórt sin, nó i gcás modhanna breise chun bia a léiriú agus a chur i láthair i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Leis an riail sin, comhlánaítear pointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE lena gcuirtear toirmeasc ar an maíomh go bhfuil trádálaí, cleachtais tráchtála trádálaí, nó táirge formheasta, formhuinithe nó údaraithe ag comhlacht poiblí nó príobháideach i gcás nach bhfuil, nó maíomh den sórt sin á dhéanamh aige gan téarmaí an fhormheasta, an fhormhuinithe ná an údaraithe a chomhlíonadh. Ba cheart rochtain a bheith ag gach gnólacht ar lipéid inbhuanaitheachta arna mbunú ag údaráis phoiblí ar chostas réasúnta gan beann ar a méid agus ar a n-acmhainn airgeadais. Ba cheart scéimeanna deimhniúcháin agus lipéid inbhuanaitheachta lena gcothaítear glacadh incriminteach cleachtas inbhuanaithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide a spreagadh.

Leasú 6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar mhaímh chineálacha chomhshaoil a dhéanamh gan feidhmíocht chomhshaoil den scoth aitheanta atá ábhartha don mhaíomh. Samplaí de mhaímh chomhshaoil chineálacha den sórt tá siad ‘neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘ garach don chomhshaol ’, ‘ éicea-chairde ’, ‘glas’, ‘cara an dúlra’, ‘éiceolaíoch’, ‘ceart don chomhshaol’, ‘neamhdhíobhálach don aeráid’, ‘ comhshaol caoin ceansa ’, ‘comhshaol ísealcharbóin’, ‘ neodrach ó thaobh carbóin de’, ‘dearfach ó thaobh carbóin de’, ‘ aeráidneodrach’, ‘fuinneamhéifeachtúil’, ‘in-bhithdhíghrádaithe’, ‘bithbhunaithe’ nó ráitis chomhchosúla, mar aon le ráitis is leithne fós amhail ‘coinsiasach’ nó ‘freagrach’ lena moltar nó lena bhfuiltear ag tabhairt feidhmíocht chomhshaoil den scoth le tuiscint. Ba cheart toirmeasc a chur ar mhaímh chineálacha chomhshaoil den sórt sin aon uair nach léirítear aon fheidhmíocht chomhshaoil den scoth nó nuair nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna, amhail an láthair fógraíochta chéanna, pacáistiú an táirge nó an comhéadan díola ar líne céanna. Mar shampla, maíomh cineálach a bheadh sa mhaíomh ‘bith-dhíghrádaithe’, ag tagairt do tháirge, ach maíomh sonrach a bheadh sa mhaíomh ‘tá an pacáistiú in-bhithmhillte trí mhúiríniú baile in aon mhí amháin’, maíomh nach dtagann faoin toirmeasc seo.

(9)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar mhaímh chineálacha chomhshaoil a dhéanamh gan fianaise a thabhairt a léiríonn feidhmíocht chomhshaoil den scoth atá ábhartha don mhaíomh. Seo a leanas roinnt samplaí de mhaímh chomhshaoil chineálacha den sórt sin: ‘neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘ éicea-chairdiúil ’, ‘ éicea- ’, ‘glas’, ‘cara an dúlra’, ‘ nádúrtha’, ‘neamhdhíobhálach d’ainmhithe’, ‘saor ó chruálacht’, ‘inbhuanaithe’, ‘ éiceolaíoch’, ‘ceart don chomhshaol’, ‘neamhdhíobhálach don aeráid’, ‘ séimh ar an gcomhshaol ’, ‘ saor ó dhífhoraoisiú’, ‘ comhshaol ísealcharbóin’, ‘aeráidneodrach’, ‘fuinneamhéifeachtúil’, ‘in-bhithdhíghrádaithe’, ‘ neodrach ó thaobh plaistigh de’, ‘saor ó phlaisteach’, ‘ bithbhunaithe’ nó ráitis chomhchosúla, mar aon le ráitis níos leithne fós amhail ‘coinsiasach’ nó ‘freagrach’ lena moltar nó lena bhfuiltear ag tabhairt feidhmíocht chomhshaoil den scoth le tuiscint. Ba cheart toirmeasc a chur ar mhaímh chineálacha comhshaoil den sórt sin aon uair a bheidh siad bunaithe ar thionchair ar an gcomhshaol a fhritháireamh, amhail creidmheasanna carbóin a cheannach, nó aon uair nach léirítear aon fheidhmíocht chomhshaoil den scoth ná aon fhianaise eolaíoch maidir leis sin, aon uair nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna, amhail an láthair fógraíochta chéanna, pacáistiú an táirge nó an comhéadan díola ar líne céanna. Mar shampla, maíomh cineálach a bheadh sa mhaíomh ‘bith-dhíghrádaithe’, ag tagairt do tháirge, ach maíomh sonrach a bheadh sa mhaíomh ‘tá an pacáistiú in-bhithmhillte trí mhúiríniú baile in aon mhí amháin’, maíomh nach dtagann faoin toirmeasc seo. I gcásanna nach féidir fianaise eolaíoch a bhunú, tá sé thar a bheith tábhachtach toirmeasc a chur ar mhaímh a thugann le tuiscint, bunaithe ar fhritháireamh carbóin, go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe, cúitithe nó dearfach ag táirge nó ag seirbhís ar an gcomhshaol toisc gur féidir leis an táirge nó leis an tseirbhís tomhaltóirí a chur amú trína chreidiúint nach bhfuil aon tionchar ag an táirge nó ag gnó an trádálaí ar an gcomhshaol. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar chuideachtaí a n-infheistíochtaí i dtionscnaimh chomhshaoil a fhógairt fad nach maítear leis an bhfógraíocht sin go ndéanann infheistíochtaí nó tionscnaimh den sórt sin tionchar an táirge nó tionchar ghnó an trádálaí ar an gcomhshaol a chúiteamh, a neodrú nó a dhéanamh dearfach.

Leasú 7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Chun feabhas a chur ar leas na dtomhaltóirí, sna leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar roinnt cleachtas a bhaineann le dífheidhmeacht luath, lena n-áirítear cleachtais dhífheidhmeachta pleanáilte , a thuigtear mar bheartas tráchtála lena mbaineann táirge a phleanáil nó a dhearadh agus saol úsáideach teoranta aige d’aon ghnó ionas go mbeidh sé dífheidhmithe roimh am nó go mbeidh sé neamhfheidhmiúil tar éis tréimhse áirithe ama. Déantar dochar do thomhaltóirí nuair a cheannaíonn siad táirgí a mheastar a mhairfidh níos faide ná mar a dhéanann. Ina theannta sin, bíonn tionchar diúltach foriomlán ag cleachtais dífheidhmeachta luatha ar an gcomhshaol i bhfoirm méadú ar dhramhaíl ábhair. Dá bhrí sin, má thugtar aghaidh ar na cleachtais sin, is dócha go laghdófar an méid dramhaíola, rud a rannchuideodh le tomhaltas níos inbhuanaithe a bhaint amach.

(14)

Chun feabhas a chur ar leas na dtomhaltóirí, sna leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar roinnt cleachtas a bhaineann le dífheidhmeacht luath, lena n-áirítear cleachtais dhífheidhmeachta bheartaithe , a thuigtear mar bheartas tráchtála lena mbaineann táirge a phleanáil nó a dhearadh agus saol úsáideach teoranta aige d’aon ghnó ionas go mbeidh sé dífheidhmithe roimh am nó go mbeidh sé neamhfheidhmiúil tar éis tréimhse áirithe ama. Déantar dochar don tomhaltóir i gcás ina dtéitear i mbun cleachtas as a n-eascraíonn giorrú ar shaolré táirge nó táirgí a  cheannach a mheastar a mhairfidh níos faide ná mar a dhéanann siad i ndáiríre . Ina theannta sin, bíonn tionchar diúltach foriomlán ag cleachtais dífheidhmeachta luatha ar an gcomhshaol i bhfoirm méadú ar dhramhaíl ábhair. Dá bhrí sin, má thugtar aghaidh ar na cleachtais sin, is dócha go laghdófar an méid dramhaíola, rud a rannchuideodh le tomhaltas níos inbhuanaithe a bhaint amach.

Leasú 8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Ba cheart é a bheith toirmiscthe freisin gan an tomhaltóir a chur ar an eolas maidir le gné den earra a  tugadh isteach chun a mharthanacht a theorannú. Mar shampla, d‘fhéadfadh a bheith i gceist le gné den sórt sin bogearraí a stopann nó a íosghrádaíonn feidhmiúlacht an earra tar éis tréimhse áirithe ama, nó píosa crua-earraí atá deartha sa chaoi go dteipfidh sé tar éis tréimhse áirithe ama. An toirmeasc ar gan tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi ghnéithe den sórt sin de chuid na n-earraí, tá sé ina chomhlánú ar na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí nuair is ionann iad agus easpa comhréireachta faoi Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ní dhéanann sé difear do na leigheasanna sin  (26). Chun go measfaí cleachtas tráchtála den sórt sin a bheith éagórach, níor cheart gur gá a léiriú gurb é cuspóir na gné a spreagadh go gcuirfí earra eile in ionad an earra atá i gceist. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir úsáid gnéithe a chuireann teorainn le marthanacht na n-earraí agus cleachtais mhonaraíochta ina n-úsáidtear ábhair nó próisis ar cháilíocht atá íseal go ginearálta agus a mbíonn marthanacht theoranta na n-earraí mar thoradh orthu. Maidir le heaspa comhréireachta earra de thoradh ábhair nó próisis ar cháilíocht íseal a úsáid, ba cheart leanúint dá rialú leis na rialacha maidir le comhréireacht earraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771.

(16)

Ba cheart é a bheith toirmiscthe freisin gné den earra a  thabhairt isteach a  dhéanann a mharthanacht a theorannú. Mar shampla, d‘fhéadfadh a bheith i gceist le gné den sórt sin bogearraí a stopann nó a íosghrádaíonn feidhmiúlacht an earra tar éis tréimhse áirithe ama, nó píosa crua-earraí atá deartha sa chaoi go dteipfidh sé tar éis tréimhse áirithe ama. An toirmeasc ar ghnéithe den sórt sin de chuid na n-earraí a thabhairt isteach , ní dhéanann sé difear do na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí nuair is ionann iad agus easpa comhréireachta faoi Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (26). Chun go measfaí cleachtas tráchtála den sórt sin a bheith éagórach, níor cheart gur gá a léiriú gurb é cuspóir na gné a spreagadh go gcuirfí earra eile in ionad an earra atá i gceist. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir úsáid gnéithe a chuireann teorainn le marthanacht na n-earraí agus cleachtais mhonaraíochta ina n-úsáidtear ábhair nó próisis ar cháilíocht atá íseal go ginearálta agus a mbíonn marthanacht theoranta na n-earraí mar thoradh orthu. Maidir le heaspa comhréireachta earra de thoradh ábhair nó próisis ar cháilíocht íseal a úsáid, ba cheart leanúint dá rialú leis na rialacha maidir le comhréireacht earraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771.

Leasú 9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Cleachtas eile is ceart a thoirmeasc faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is ea an cleachtas lena n-éilítear go bhfuil marthanacht áirithe ag an earra nuair nach bhfuil. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, nuair a chuireann trádálaí tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil coinne leis go mairfidh meaisín níocháin líon áirithe timthriallta níocháin, ach go léirítear nach amhlaidh atá agus an meaisín níocháin á úsáid i ndáiríre.

(17)

Cleachtas eile is ceart a thoirmeasc faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is ea an cleachtas lena n-éilítear go bhfuil marthanacht áirithe ag an earra nuair nach bhfuil. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, nuair a chuireann trádálaí tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil coinne leis go mairfidh meaisín níocháin líon áirithe timthriallta níocháin i gcomhréir leis an ngnáthúsáid ionchasach i gcomhréir leis na treoracha , ach go léirítear nach amhlaidh atá agus an meaisín níocháin á úsáid i ndáiríre.

Leasú 10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar tháirgí a chur i láthair mar tháirgí is féidir a dheisiú nuair nach féidir deisiú den sórt sin a dhéanamh, agus ar gan tomhaltóirí a chur ar an eolas nach féidir earraí a dheisiú i  gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla .

(18)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun cosc a chur ar mhargaíocht a dhéanamh ar earra nach féidir a dheisiú i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla nó ar gan tomhaltóirí a chur ar an eolas nach féidir earraí a dheisiú . Ina theannta sin, ba cheart Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas i gcónaí faoi shrianta deisiúcháin amhail seirbhísí deisiúcháin nach bhfuil ar fáil, páirteanna spártha nach féidir a aimsiú nó diúltú deisiúcháin a dhéanamh i gcás inar gairmí neamhspleách, duine nach gairmí é nó í nó úsáideoir a dheisigh an táirge .

Leasú 11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Cleachtas eile a bhaineann le dífheidhmeacht luath is ceart a thoirmeasc agus a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is é an tomhaltóir a spreagadh chun tomhaltáin nua a chur in ionad tomhaltáin táirge níos luaithe ná mar ba ghá murach sin ar chúiseanna teicniúla. Cuireann cleachtais den sórt sin an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann sé nach bhfeidhmeoidh na hearraí níos mó mura gcuirtear tomhaltáin nua in ionad a dtomhaltán, rud a fhágann go gceannaíonn níos mó tomhaltán ná mar is gá. Mar shampla, bheadh toirmeasc ar an gcleachtas faoina spreagtar don tomhaltóir, trí shocruithe an phrintéara, cartúis dúigh an phrintéara a athrú sula mbíonn siad folamh i ndáiríre chun ceannach cartús breise dúigh a spreagadh.

(20)

Cleachtas eile a bhaineann le dífheidhmeacht luath is ceart a thoirmeasc agus a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE is ea margaíocht a dhéanamh ar tháirgí lena teastaíonn go gcuirfidh tomhaltáin nua in ionad tomhaltáin táirge níos luaithe ná mar ba ghá murach sin ar chúiseanna teicniúla. Cuireann cleachtais den sórt sin an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann sé nach bhfeidhmeoidh na hearraí níos mó mura gcuirtear tomhaltáin nua in ionad a dtomhaltán, rud a fhágann go gceannaíonn tomhaltóirí níos mó tomhaltán ná mar is gá. Mar shampla, bheadh toirmeasc ann maidir le margaíocht a dhéanamh ar phrintér lena bhfágtar nach mór do thomhaltóirí cartúis dúigh an phrintéara a athrú sula mbíonn siad folamh i ndáiríre chun ceannach cartús breise dúigh a spreagadh.

Leasú 12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar gan an tomhaltóir a chur ar an eolas go bhfuil an t-earra deartha chun fheidhmiúlacht a theorannú agus úsáid á baint as tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh. Mar shampla, maidir le printéirí atá deartha chun a bhfeidhmiúlacht a theorannú agus cartúis dúigh á n-úsáid nach soláthraíonn táirgeoir bunaidh an phrintéara, bheadh toirmeasc ann iad a chur ar an margadh gan an fhaisnéis sin a nochtadh don tomhaltóir . D’fhéadfadh an cleachtas sin tomhaltóirí a chur ar míthreoir maidir le cartús dúigh malartach a cheannach nach féidir a úsáid le haghaidh an phrintéara sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh costais deisiúcháin gan gá, sruthanna dramhaíola nó costais bhreise ann i ngeall ar an oibleagáid úsáid a bhaint as tomhaltáin an táirgeora bhunaidh, rud nach bhféadfadh an tomhaltóir a thuar tráth an cheannaigh. Ar an gcaoi chéanna, maidir le gléasanna cliste a chur ar an margadh atá deartha sa chaoi go dteorannófaí a bhfeidhmiúlacht agus úsáid á baint as luchtairí nó páirteanna spártha nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh, bheadh toirmeasc ann freisin iad a chur ar an margadh gan an fhaisnéis sin a nochtadh don tomhaltóir .

(21)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú freisin chun toirmeasc a chur ar mhargaíocht a dhéanamh ar earraí atá deartha ar bhealach dhéanann a bhfeidhmiúlacht a theorannú agus úsáid á baint as tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh. Mar shampla, maidir le printéirí atá deartha chun a bhfeidhmiúlacht a theorannú agus cartúis dúigh á n-úsáid nach soláthraíonn táirgeoir bunaidh an phrintéara, bheadh toirmeasc ann iad a chur ar an margadh. D’fhéadfadh an cleachtas sin tomhaltóirí a chur ar míthreoir maidir le cartús dúigh malartach a cheannach nach féidir a úsáid le haghaidh an phrintéara sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh costais deisiúcháin gan gá, sruthanna dramhaíola nó costais bhreise ann i ngeall ar an oibleagáid úsáid a bhaint as tomhaltáin an táirgeora bhunaidh, rud nach bhféadfadh an tomhaltóir a thuar tráth an cheannaigh. Ar an gcaoi chéanna, maidir le gléasanna cliste a chur ar an margadh atá deartha sa chaoi go dteorannófaí a bhfeidhmiúlacht agus úsáid á baint as luchtairí nó páirteanna spártha nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh, bheadh toirmeasc ann freisin iad a chur ar an margadh.

Leasú 13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Chun gur féidir le tomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus chun an t-éileamh ar earraí níos marthanaí, agus soláthar na n-earraí sin, a spreagadh, ba cheart faisnéis shonrach maidir le marthanacht agus indeisitheacht táirge a chur ar fáil le haghaidh gach cineál earra sula dtabharfar an conradh i gcrích. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin tréimhse ama a bhfuil nuashonruithe saor in aisce ar bhogearraí ar fáil lena linn. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) a leasú chun faisnéis réamhchonarthach a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le marthanacht, indeisitheacht agus infhaighteacht nuashonruithe. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882 (28). Comhlánaíonn an oibleagáid an fhaisnéis sin a chur ar fáil do thomhaltóirí cearta tomhaltóirí dá bhforáiltear i  dTreoir (AE) 2019/770 (29) agus i dTreoir (AE) 2019/771 (30) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(22)

Chun gur féidir le tomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus chun an t-éileamh ar earraí níos marthanaí, agus soláthar na n-earraí sin, a spreagadh, ba cheart faisnéis shonrach maidir le marthanacht agus indeisitheacht táirge a chur ar fáil le haghaidh gach cineál earra sula dtabharfar an conradh i gcrích. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin tréimhse ama a bhfuil nuashonruithe saor in aisce ar bhogearraí ar fáil lena linn i gcomhréir leis na ceanglais faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena gcumhdaítear, ar a laghad, an tréimhse mar a shonraítear i ndlí an Aontais agus síneadh deonach uirthi, i gcás ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil . Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) a leasú chun faisnéis réamhchonarthach a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le marthanacht, indeisitheacht agus infhaighteacht nuashonruithe. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí , lena n-áirítear i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit ina dtairgtear an t-earra, ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882 (28). Comhlánaíonn an oibleagáid an fhaisnéis sin a chur ar fáil do thomhaltóirí cearta tomhaltóirí dá bhforáiltear i  dTreoracha (AE) 2019/770 (29), (AE) 2019/771 (30) agus (AE) 2011/83 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , agus ní dhéanann sí difear dóibh .

Leasú 14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Dea-tháscaire ar mharthanacht an earra is ea ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta de réir bhrí Airteagal 17 de Threoir (AE) 2019/771. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/83/AE a leasú chun a cheangal go sonrach ar thrádálaithe a  dhíolann earraí tomhaltóirí a chur ar an eolas gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta le haghaidh gach cineál earra, i gcás ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil .

(23)

Dea-tháscaire ar mharthanacht an earra is ea fad na ráthaíochta dlíthiúla comhréireachta, chomh maith leis an síneadh deonach uirthi i bhfoirm ráthaíocht choibhéiseach tráchtála mharthanachta an táirgeora de réir bhrí Airteagal 17 de Threoir (AE) 2019/771 , lena gcumhdaítear an t-earra ar fad agus a chuirtear ar fáil gan costas breise . Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/83/AE a leasú chun a cheangal go sonrach ar thrádálaithe lipéad sholáthar, sula dtabharfar an conradh i gcrích, ar a léirítear, ar a laghad, meabhrúchán faoin ráthaíocht dhlíthiúil chomhréireachta, agus más ábhartha, síneadh deonach uirthi i bhfoirm ráthaíocht tráchtála mharthanachta .

Leasú 15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a)

Nuair a chuirtear na hearraí ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, ba cheart an lipéad a thaispeáint go feiceálach agus ar bhealach soléite.

Leasú 16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Is ábhartha fadhb na marthanachta teoranta contrártha d’ionchais tomhaltóirí maidir le hearraí a úsáideann fuinneamh, ar earraí iad a fheidhmíonn ó fhoinse fuinnimh sheachtrach. Is mó is suim le tomhaltóirí freisin faisnéis a fháil faoi mharthanacht ionchais na catagóire earraí sin. Ar na cúiseanna sin, agus i ndáil leis an gcatagóir earraí sin amháin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas nár chuir an táirgeoir ar fáil an fhaisnéis gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta de bhreis agus dhá bhliain.

scriosta

Leasú 17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)

Earraí a bhfuil comhpháirteanna iontu a úsáideann fuinneamh, i gcás nach bhfuil sna comhpháirteanna sin ach gabhálais agus nach rannchuidíonn siad le príomhfheidhm na n-earraí sin, amhail soilse maisiúla ar éadaí nó ar choisbheart nó solas leictreach ar rothar, níor cheart iad a aicmiú mar earraí a úsáideann fuinneamh.

scriosta

Leasú 18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

I bhfianaise na tréimhse íosta dhá bhliain atá leagtha síos maidir le dliteanas an díoltóra i leith easpa comhréireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771 agus i bhfianaise go dteipeann ar go leor táirgí tar éis dhá bhliain, i gcás ráthaíochtaí a mhaireann níos faide ná dhá bhliain, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid atá ar an trádálaí tomhaltóirí a chur ar an eolas gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta agus faoi fhad na ráthaíochta sin.

scriosta

Leasú 19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Chun gur fusa do thomhaltóirí cinntí idirbhirt a dhéanamh ar bhonn eolas maith agus earraí á gcur i gcomparáid acu sula dtugtar conradh i gcrích, ba cheart do thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas gur ann do ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta, agus faoi fhad na ráthaíochta sin, le haghaidh an earra iomláin agus ní le haghaidh comhpháirteanna sonracha den earra.

scriosta

Leasú 20

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

Ba cheart an saoirse a bheith ag an táirgeoir agus ag an díoltóir i gcónaí cineálacha eile ráthaíochtaí tráchtála agus seirbhísí iardhíola d’aon fhad a thairiscint. Níor cheart, áfach, don fhaisnéis a  chuirtear ar fáil don tomhaltóir faoi ráthaíochtaí tráchtála nó seirbhísí eile den sórt sin mearbhall a chur ar an tomhaltóir a mhéid a bhaineann le ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta a bheith ann, agus le fad na ráthaíochta sin, ar ráthaíocht í a chumhdaíonn an t-earra iomlán agus a mhaireann níos faide ná dhá bhliain .

(28)

Ba cheart an saoirse a bheith ag an táirgeoir agus ag an díoltóir i gcónaí cineálacha eile ráthaíochtaí tráchtála agus seirbhísí iardhíola d’aon fhad a thairiscint. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh an fhaisnéis a  sholáthraítear don tomhaltóir maidir le ráthaíochtaí nó seirbhísí tráchtála eile den sórt sin mearbhall ar an tomhaltóir.

Leasú 21

Togra le haghaidh treorach

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

Chun iomaíocht a chur chun cinn idir táirgeoirí a mhéid a bhaineann le marthanacht earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do na trádálaithe a dhíolann na hearraí sin tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin íostréimhse ama ar lena linn a  gheallann an táirgeoir nuashonruithe bogearraí a sholáthar do na hearraí sin . Chun ró-ualú faisnéise a sheachaint do thomhaltóirí, áfach, níor cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil ach amháin nuair atá an tréimhse sin níos faide ná tréimhse ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta, ós rud é go bhfuil sé i gceist leis an ráthaíocht sin nuashonruithe a sholáthar, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, a bhfuil gá leo chun na feidhmeanna a cheanglaítear agus feidhmíocht na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, níl faisnéis faoi ghealltanas an táirgeora nuashonruithe bogearraí a sholáthar ábhartha ach amháin i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha do ghníomh aonair soláthair an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a bhfuil feidhm ag pointe (a) d’Airteagal 7(3) de Threoir (AE) 2019/771 ina leith. I gcodarsnacht leis sin, níor cheart aon oibleagáid nua a bheith ann chun an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina bhforáiltear sa chonradh díolacháin maidir le soláthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama, ós rud é, i gcás na gconarthaí sin, go sonraítear, le pointe (b) d’Airteagal 7(3) de Threoir (AE) 2019/771, trí thagairt d’Airteagal 10 (2) nó (5), an tréimhse ama ar lena linn nach mór don díoltóir a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe agus go dtabharfar nuashonruithe dó.

(29)

Chun iomaíocht a chur chun cinn idir táirgeoirí a mhéid a bhaineann le marthanacht earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do na trádálaithe a dhíolann na hearraí sin tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin íostréimhse ama ar lena linn a  dhéanfaidh an táirgeoir nuashonruithe bogearraí a sholáthar do na hearraí sin , lena n-áirítear, ar a laghad, an tréimhse dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus síneadh deonach uirthi i gcás ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil; níor cheart faisnéis a chur ar fáil ach amháin nuair is faide an tréimhse sin ná tréimhse ráthaíocht tráchtála an táirgeora.

Leasú 22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do thrádálaithe a thairgeann ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin faoin íostréimhse ina ngeallfaidh soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, i gcás nach ionann an soláthraí agus an trádálaí, go ndéanfaidh sé nuashonruithe bogearraí a sholáthar, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, a bheidh riachtanach chun an t-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir. Níl faisnéis faoi ghealltanas an tsoláthraí nuashonruithe bogearraí a sholáthar ábhartha ach amháin i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh do ghníomh aonair soláthair nó do shraith gníomhartha aonair soláthair a bhfuil feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 8(2) de Threoir 2019/770 ina leith. I gcodarsnacht leis sin, níor cheart aon oibleagáid nua a bheith ann chun an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama, ós rud é, i gcás na gconarthaí sin, go sonraítear i bpointe (a) d’Airteagal 8(2) de Threoir (AE) 2019/770, an tréimhse ama ar lena linn nach mór don trádálaí a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe agus go dtabharfar nuashonruithe dó .

(30)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do thrádálaithe a thairgeann ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin faoin íostréimhse , tar éis an dáta a chuirfear ar an margadh é, ina ndéanfaidh soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, i gcás nach ionann an soláthraí agus an trádálaí, nuashonruithe bogearraí a sholáthar, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, a bheidh riachtanach chun an t-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin, ar a laghad, an tréimhse nach mór na foráil a dhéanamh ina leith i ndlí an Aontais . Cuirfidh an soláthraí an fhaisnéis sin ar fáil don trádálaí i ngach cás .

Leasú 23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)

Ionas go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí idirbhirt a dhéanamh ar bhonn eolas maith agus earraí a roghnú ar fusa iad a dheisiú, ba cheart do thrádálaithe, sula dtabharfar an conradh i gcrích, foráil a dhéanamh do gach cineál earra, i gcás inarb infheidhme, scór indeisitheachta an earra dá bhforáiltear ag an táirgeoir i gcomhréir le dlí an Aontais.

(31)

Ionas go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí idirbhirt a dhéanamh ar bhonn eolas maith agus earraí a roghnú ar fusa iad a dheisiú, ba cheart do thrádálaithe, sula dtabharfar an conradh i gcrích, foráil a dhéanamh do gach cineál earra, i gcás inarb infheidhme, scór indeisitheachta an earra dá bhforáiltear ag an táirgeoir i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta .

Leasú 24

Togra le haghaidh treorach

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)

De bhun phointe (e) d’Airteagal 5(1), agus phointe (m) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE, tá oibleagáid ar thrádálaithe faisnéis a sholáthar don tomhaltóir sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh faisnéis a sholáthar don tomhaltóir faoi na seirbhísí iardhíola agus faoi na coinníollacha a bhaineann leo, lena n-áirítear seirbhísí deisithe , i gcás ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil . Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí ar an eolas maidir le hindeisitheacht na n-earraí a cheannaíonn siad, i gcás nach mbunaítear scór indeisitheachta i gcomhréir le dlí an Aontais , ba cheart do thrádálaithe foráil a dhéanamh, maidir le gach cineál earra, faisnéis ábhartha eile faoi dheisiúchán a chuireann an táirgeoir ar fáil, amhail faisnéis maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha, agus lámhleabhar úsáideora agus deisiúcháin.

(32)

De bhun phointe (e) d’Airteagal 5(1), agus phointe (m) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE, tá oibleagáid ar thrádálaithe faisnéis a sholáthar don tomhaltóir sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh faisnéis a sholáthar don tomhaltóir faoi na seirbhísí iardhíola agus faoi na coinníollacha a bhaineann leo, lena n-áirítear seirbhísí deisithe. Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí ar an eolas go maith maidir le hindeisitheacht na n-earraí a cheannaíonn siad, i gcás nach bhfuil scór indeisitheachta bunaithe , ba cheart do thrádálaithe faisnéis ábhartha eile deisiúcháin a sholáthar do gach cineál earra, amhail faisnéis faoi infhaighteacht agus faoin uasphraghas a mheastar a bheidh ar na páirteanna spártha is gá chun earra a dheisiú, lena n-áirítear an iostréimhse tar éis cheannach an earra a mbeidh páirteanna spártha agus gabhálais ar fáil lena linn , an nós imeachta chun iad a ordú, infhaighteacht lámhleabhair úsáideora agus deisiúcháin chomh maith le hinfhaighteacht uirlisí agus seirbhísí deisiúcháin . Ba cheart do tháirgeoirí na n-earraí an fhaisnéis sin a sholáthar do na trádálaithe faoi seach.

Leasú 25

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)

Ba cheart do thrádálaithe faisnéis a  thabhairt do thomhaltóirí faoi ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta a bheith ann agus fad na ráthaíochta sin, faoin tréimhse íosta le haghaidh nuashonruithe agus faoin bhfaisnéis deisiúcháin seachas an scór indeisitheachta , i gcás ina gcuirfidh táirgeoir nó soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, i gcás nach ionann é agus an trádálaí, an fhaisnéis ábhartha ar fáil . Go háirithe, maidir le hearraí, ba cheart don trádálaí an fhaisnéis a thug an táirgeoir don trádálaí nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile í a chur ar fáil go héasca don tomhaltóir roimh thabhairt i gcrích an chonartha a chur in iúl do thomhaltóirí trína léiriú ar an táirge féin, a phacáistíocht nó a chlibeanna agus a lipéid a rachadh an tomhaltóir i gcomhairle leo de ghnáth sula dtabharfaí an conradh i gcrích. Níor cheart a chur de cheangal ar an trádálaí an fhaisnéis sin a chuardach go gníomhach ón táirgeoir, mar shampla, ar na suíomhanna gréasáin atá sonrach ó thaobh an táirge de.

(33)

Ba cheart do thrádálaithe faisnéis a  sholáthar do thomhaltóirí mar gheall ar an lipéad a bheith ann , an íostréimhse le haghaidh nuashonruithe agus an fhaisnéis deisiúcháin seachas an scór indeisitheachta. Go háirithe, maidir le hearraí, ba cheart don trádálaí an fhaisnéis a thug an táirgeoir don trádálaí nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile í a chur ar fáil go héasca don tomhaltóir roimh thabhairt i gcrích an chonartha a chur in iúl do thomhaltóirí trína léiriú ar an táirge féin, a phacáistíocht nó a chlibeanna agus a lipéid a rachadh an tomhaltóir i gcomhairle leo de ghnáth sula dtabharfaí an conradh i gcrích. Níor cheart a chur de cheangal ar an trádálaí an fhaisnéis sin a chuardach go gníomhach ón táirgeoir, mar shampla, ar na suíomhanna gréasáin atá sonrach ó thaobh an táirge de. I gcás nach táirgeoirí earraí iad trádálaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh teorainn lena dtionchar ar dhearadh na dtáirgí agus ar a n-ionchur maidir le haon fhaisnéis a ghabhann leis na táirgí. Sa chás sin, ba cheart do na táirgeoirí an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil do thrádálaithe a bhíonn ag idirghníomhú le tomhaltóirí. Ina theannta sin, ba cheart do thrádálaithe a bheith freagrach as an bhfaisnéis a chur ar aghaidh tuilleadh chuig tomhaltóirí.

Leasú 26

Togra le haghaidh treorach

Aithris 36 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36a)

Ba cheart don Choimisiún treoirlínte atá éasca le tuiscint a thíolacadh do ghnóthaí le ceanglais na Treorach seo. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, ba cheart don Choimisiún riachtanais FBManna a chur san áireamh chun ualaí riaracháin agus airgeadais a choinneáil chomh híseal agus is féidir, agus comhlíonadh na Treorach seo á éascú acu. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, a bhfuil saineolas acu i réimse na margaíochta.

Leasú 27

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí (o) go ( y ) seo a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí (o) go ( ya ) seo a leanas:

Leasú 28

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe o

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(o)

ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ aon teachtaireacht nó léiriú nach bhfuil éigeantach faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear téacs, léiriú pictiúrtha, grafach nó siombalach, i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear lipéid, ainmneacha branda, ainmneacha cuideachta nó ainmneacha táirgí, i gcomhthéacs cumarsáid tráchtála, ina luaitear nó ina gcuirtear in iúl go bhfuil tionchar dearfach nó miontionchar ag táirge nó trádálaí ar an gcomhshaol nó nach bhfuil aon tionchar aige ar an gcomhshaol nó nach ndéanann sé dochar don chomhshaol ná táirgí nó trádálaithe eile, faoi seach, nó gur chuir sé feabhas ar a dtionchar le himeacht ama;

(o)

ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ aon teachtaireacht nó léiriú nach bhfuil éigeantach faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear téacs, pictiúrtha, grafach nó siombalach, i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear lipéid, ainmneacha branda, ainmneacha cuideachta nó ainmneacha táirgí, i gcomhthéacs cumarsáide tráchtála, agus ina luaitear nó ina dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach ag táirge , catagóir táirge, branda nó trádálaí ar an gcomhshaol nó nach bhfuil aon tionchar aige ar an gcomhshaol nó nach ndéanann sé dochar don chomhshaol ná táirgí , brandaí nó trádálaithe eile, faoi seach, nó gur chuir sé feabhas ar a dtionchar le himeacht ama;

Leasú 29

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe p

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(p)

ciallaíonn ‘maíomh follasach comhshaoil’ maíomh comhshaoil atá i bhfoirm téacs nó atá i lipéad inbhuanaitheachta;

scriosta

Leasú 30

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe q

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(q)

ciallaíonn ‘maíomh cineálach comhshaoil’ aon mhaíomh follasach comhshaoil, nach bhfuil i lipéad inbhuanaitheachta, i gcás nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálach ar an meán céanna;

(q)

ciallaíonn ‘maíomh cineálach comhshaoil’ maíomh comhshaoil, nach bhfuil i lipéad inbhuanaitheachta, i gcás nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna;

Leasú 31

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe s

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(s)

(s) ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ scéim fíoraithe tríú páirtí atá oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha do na trádálaithe uile atá toilteanach agus atá ábalta ceanglais na scéime a chomhlíonadh, rud a dheimhníonn go gcomhlíonann táirge ceanglais áirithe, agusa bhfuil an faireachán ar chomhlíonadh oibiachtúil ina leith, bunaithe ar chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, de chuid an Aontais nó náisiúnta agus arna ndéanamh ag páirtí atá neamhspleách ar úinéir na scéime agus ar an trádálaí araon;

(s)

ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ scéim fíoraithe tríú páirtí:

 

(i)

atá oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha atá ar fáil go poiblí agus ar chostas réasúnach do thrádálaithe agus d’eintitis atá toilteanach agus ábalta ceanglais na scéime a chomhlíonadh;

 

(ii)

a dheimhníonn go gcomhlíonann táirge, próiseas nó gnó ceanglais áirithe atá ar fáil go poiblí agus a fhorbraítear go neamhspleách;

 

(iii)

a bhfuil an faireachán ar chomhlíonadh agus ar dhámhachtain an deimhnithe oibiachtúil, bunaithe ar chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, Aontais nó náisiúnta, agus cineál na dtáirgí, na bpróiseas nó na ngnólachtaí lena mbaineann á gcur i gcuntas;

 

(iv)

a áirithíonn go ndéanann tríú páirtí an faireachán ar chomhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (iii), ar tríú páirtí é a bhfuil a inniúlachtaí agus a neamhspleáchas fíoraithe ag na Ballstáit ar úinéir na scéime agus ar an trádálaí araon; agus

 

(v)

ar a n-áirítear córas gearán atá ar fáil do thomhaltóirí agus do gheallsealbhóirí seachtracha eile, a dhíríonn ar neamhchomhlíonadh agus a áirithíonn tarraingt siar an lipéid inbhuanaitheachta i gcásanna neamhchomhlíonta;

Leasú 32

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe t

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(t)

ciallaíonn ‘uirlis faisnéise inbhuanaitheachta’ bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, arna oibriú ag trádálaí nó thar a cheann, a chuireann faisnéis ar fáil do thomhaltóirí faoi ghnéithe comhshaoil nó sóisialta táirgí, nó a dhéanann comparáid idir táirgí maidir leis na gnéithe sin;

(t)

(t) ciallaíonn ‘uirlis faisnéise agus comparáide inbhuanaitheachta’ bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, arna oibriú ag trádálaí nó thar a cheann, a chuireann faisnéis ar fáil do thomhaltóirí faoi ghnéithe comhshaoil nó sóisialta táirgí, nó a dhéanann comparáid idir táirgí maidir leis na gnéithe sin;

Leasú 33

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe w

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(w)

ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú saor in aisce, lena n-áirítear nuashonrú slándála, is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 agus Treoir (AE) 2019/771;

(w)

ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú saor in aisce, lena n-áirítear nuashonrú slándála nó nuashonrú feidhmiúlachta nó gné , is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 agus Treoir (AE) 2019/771 nó a fheabhsaíonn nó a laghdaíonn a marthanacht ;

Leasú 34

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe w a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(wa)

ciallaíonn ‘nuashonrú slándála’ nuashonrú córais oibriúcháin, lena n-áirítear paistí slándála, más ábhartha d’fheiste ar leith, a bhfuil sé mar phríomhchuspóir leis slándáil fheabhsaithe a chur ar fáil don fheiste;

Leasú 35

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe w b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(wb)

ciallaíonn ‘nuashonrú feidhmiúlachta’ nuashonrú ar an gcóras oibriúcháin arb é an príomhchuspóir atá leis feidhmiúlachtaí nua a chur chun feidhme;

Leasú 36

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe x

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(x)

ciallaíonn ‘tomhaltán’ aon chomhpháirt d’earra a úsáidtear arís agus arís eile agus is gá a athsholáthar chun go bhfeidhmeoidh an t-earra mar a bhí beartaithe;

(x)

ciallaíonn ‘tomhaltán’ aon chomhpháirt d’earra a úsáidtear arís agus arís eile agus is gá a athsholáthar nó a athshlánú chun go bhfeidhmeoidh an t-earra mar a bhí beartaithe;

Leasú 37

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe y a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ya)

ciallaíonn ‘fritháireamh carbóin’ creidmheasanna carbóin a cheannach nó tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail chomhshaoil, arb é is aidhm dóibh tionchar comhshaoil an cheannaitheora féin, nó a n-earraí nó a seirbhísí, a neodrú, a laghdú, a chúiteamh nó a thúsú.

Leasú 38

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

‘(b)

príomhthréithe an táirge, amhail infhaighteacht, tairbhí, rioscaí, cur i gcrích, comhdhéanamh, tionchar comhshaoil nó sóisialta, gabhálais, marthanacht, indeisitheacht, cúnamh iardhíola do chustaiméirí agus láimhseáil gearán, modh agus dáta an mhonaraithe nó an tsoláthair, seachadadh, oiriúnacht don fheidhm, úsáid, cainníocht, sonraíocht, tionscnamh geografach nó tráchtála nó na torthaí a mbeifear ag súil leo óna úsáid, nó torthaí agus gnéithe ábhartha na dtástálacha nó na seiceálacha a dhéantar ar an táirge.’;

‘(b)

príomhthréithe an táirge, amhail infhaighteacht, tairbhí, rioscaí, cur i gcrích, comhdhéanamh, tionchar comhshaoil nó sóisialta, gabhálais, marthanacht, indeisitheacht, in-athúsáidteacht, in-athchúrsáilteacht, cúnamh iardhíola do chustaiméirí agus láimhseáil gearán, modh agus dáta an mhonaraithe nó an tsoláthair, an seachadadh, oiriúnacht don fheidhm, úsáid, cainníocht, sonraíocht, tionscnamh geografach nó tráchtála nó na torthaí a mbeifear ag súil leo óna úsáid, nó torthaí agus gnéithe ábhartha na dtástálacha nó na seiceálacha a dhéantar ar an táirge.’;

Leasú 39

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a a (nua)

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c

An téacs atá ann

Leasú

 

(aa)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

(c)

earra a  mhargú mar cheann atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.

‘(c)

aon mhargú a dhéantar ar earra , i mBallstát amháin, bhfuil an cur i láthair céanna ann d’earra eile, a mhargaítear i mBallstáit eile, faoin mbranda, faoin trádmharc nó faoin sonrúchán céanna, cé go bhfuil difríochtaí i gcomhdhéanamh i saintréithe an earra sin, lena n-áirítear a phróifíl chéadfach;’

Leasú 40

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

cuirtear na pointí (d) agus (e ) seo a leanas le mír 2:

(b)

cuirtear na pointí (d) go (ea ) seo a leanas le mír 2:

Leasú 41

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 6 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

maíomh comhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo gan gealltanais agus spriocanna soiléire , oibiachtúla agus infhíoraithe agus gan córas faireacháin neamhspleách;

(d)

maíomh comhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil sa todhchaí a bheidh bunaithe ar scéimeanna fritháirimh carbóin amháin nó gan gealltanais shoiléire , oibiachtúla , chainníochtaithe, eolaíochtbhunaithe agus infhíoraithe , gan plean cur chun feidhme mionsonraithe agus réadúil faoi threoir gealltanas buiséadach agus teicneolaíoch, gan spriocanna indéanta, agus gan córas faireacháin neamhspleách atá bunaithe ar shonraí ábhartha ;

Leasú 42

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b

Treoir 2005/29/CE

Airteagal 6 – mír 2 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

cleachtais, a ndéanann a n-éifeacht nó a n-éifeacht dóchúil a shaobhadh nó a dhéanann damáiste d’fhéinriail, do chinnteoireacht nó do rogha faighteoirí seirbhísí d’aon ghnó nó go hiarbhír trí struchtúr, dearadh nó feidhmeanna an chomhéadain úsáideora atá bunaithe ar an idirlíon nó cuid de.

Leasú 43

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

cuirtear isteach an pointe (3a) seo a leanas:

scriosta

‘(3a)

ciallaíonn “earra a úsáideann fuinneamh” aon earra a bhraitheann ar ionchur fuinnimh (leictreachas, breoslaí iontaise agus foinsí inathnuaite fuinnimh) le go n-oibreoidh sé mar a bhí beartaithe;’

 

Leasú 44

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 14d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14d)

ciallaíonn ‘scór indeisitheachta’ scór lena léirítear cumas an earra atá le deisiú, bunaithe ar mhodh arna bhunú i gcomhréir le dlí an Aontais;

(14d)

ciallaíonn ‘scór indeisitheachta’ scór lena léirítear cumas an earra atá le deisiú, bunaithe ar mhodh comhchuibhithe arna bhunú ar leibhéal an Aontais;

Leasú 45

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a)

scriostar pointe (e);

Leasú 46

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

cuirtear na pointí (ea) go ( ed ) seo a leanas isteach:

(a)

cuirtear na pointí (ea) go ( ec ) seo a leanas isteach:

Leasú 47

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ea)

i gcás gach earra, i gcás ina gcuireann an táirgeoir an faisnéis sin ar fáil, faisnéis go dtairbhíonn na hearraí de ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta agus d’fhad na ráthaíochta in aonaid ama , i  gcás ina gcumhdaíonn an ráthaíocht sin an t-earra ina iomláine agus ar faide ná dhá bhliain í ;

(ea)

i gcás gach earra, lipéad mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn Z lena léirítear fad na ráthaíochta dlíthiúla comhréireachta agus , más ábhartha, a shíneadh deonach bhfoirm ráthaíochta tráchtála marthanachta ;

Leasú 48

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 – pointe eb

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(eb)

i gcás earraí a úsáideann fuinneamh, i gcás nach gcuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (ea) ar fáil, faisnéis nár thug an táirgeoir faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta is faide ná dhá bhliain a bheith ann. Beidh an fhaisnéis sin chomh feiceálach céanna ar a laghad le haon fhaisnéis eile maidir le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (e) a bheith ann agus maidir le coinníollacha na seirbhísí iardhíola agus na ráthaíochtaí tráchtála sin;

scriosta

Leasú 49

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 – pointe ec

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ec)

i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i gcás ina gcuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil , an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nuashonruithe bogearraí, mura bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama. I gcás ina dtabharfar faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta a bheith ann i gcomhréir le pointe (ea), soláthrófar an fhaisnéis faoi nuashonruithe má sholáthraítear na nuashonruithe sin ar feadh tréimhse is faide ná an ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta ;

(ec)

i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an íostréimhse in aonaid ama, tar éis an dáta a cuireadh ar an margadh é, ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nuashonruithe bogearraí, a chumhdaíonn, ar a laghad, an tréimhse dá bhforáiltear ndlí an Aontais agus ina síneadh deonach, i gcás ina gcuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil a gcuirfear na nuashonruithe ar fáil ina leith;

Leasú 50

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 – pointe ed

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ed)

i gcás ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, i gcás nach ionann a soláthraí agus an trádálaí agus go gcuireann siad an fhaisnéis sin ar fáil , an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an soláthraí nuashonruithe bogearraí, mura bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama ;

(ed)

i gcás ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, i gcás nach ionann a soláthraí agus an trádálaí, an íostréimhse, tar éis an dáta a cuireadh ar an margadh é, in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an soláthraí nuashonruithe bogearraí, a chumhdaíonn, ar a laghad, an tréimhse ar lena linn a sholáthrófar na nuashonruithe i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme ;

Leasú 51

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe b

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j)

nuair nach infheidhme pointe (i), faisnéis arna cur ar fáil ag an táirgeoir faoi infhaighteacht páirteanna spártha, lena n-áirítear an nós imeachta chun iad a ordú, agus faoi infhaighteacht lámhleabhar úsáideora agus deisiúcháin.;

(j)

nuair nach bhfuil pointe (i) infheidhme , faisnéis arna soláthar ag an táirgeoir faoi infhaighteacht agus praghas uasta a bhfuiltear ag súil leis na bpáirteanna spártha is gá chun táirge a dheisiú , lena n-áirítear an íostréimhse, tar éis an t-earra a cheannach, a bhfuil páirteanna spártha agus gabhálais ar fáil lena linn, an nós imeachta chun iad a ordú, agus hinfhaighteacht lámhleabhair úsáideora agus deisiúcháin , chomh maith le hinfhaighteacht uirlisí agus seirbhísí diagnóise agus deisiúcháin .

Leasú 52

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

D’ainneoin phointe (ea), i gcás go dtairgfidh trádálaithe táirgí i níos mó ná Ballstát amháin, féadfaidh siad a roghnú tagairt don íostréimhse dhá bhliain de ráthaíocht dhlíthiúil comhréireachta an Aontais ar an lipéad dá dtagraítear in Iarscríbhinn Z. Faoin rogha seo, áiritheoidh trádálaithe go mbeidh ráiteas ag gabháil leis an lipéad ina ndeirtear ‘go dtairbhíonn tomhaltóir de ráthaíocht dhlíthiúil íosta dhá bhliain, mura ndéantar foráil maidir le ráthaíocht níos faide ná dhá bhliain faoin dlí náisiúnta is infheidhme’.

Leasú 53

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe b a (nua)

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

 

‘1a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal XXX chun Iarscríbhinn Z a leasú trí aon mhionsonraí i ndáil leis an bhfaisnéis nó na heilimintí téacsúla a leagtar amach san Airteagal seo a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur leis nó a bhaint.’;

Leasú 54

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe b b (nua)

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 5 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

cuirtear an mhír 1 b seo a leanas isteach:

 

‘1b.     Cuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear an fhaisnéis a liostaítear i bpointí ea, eb, ec, i agus j, ar fáil don trádálaí, chun a áirithiú go mbeidh an trádálaí ábalta na hoibleagáidí faisnéise ábhartha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh.’

Leasú 55

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe -a (nua)

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

 

‘(g)

na socruithe maidir le híocaíocht, seachadadh, feidhmíocht, an t-am faoina ngeallann an trádálaí na hearraí a sheachadadh nó na seirbhísí a chomhlíonadh, agus i gcás inarb infheidhme, roghanna seachadta a astaíonn níos lú CO2 agus, i gcás inarb infheidhme, beartas láimhseála gearán an trádálaí;’;

Leasú 56

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe aa (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-aa)

scriostar pointe (l) agus pointe (m);

Leasú 57

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe ma

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ma)

i gcás gach cineál earra, i  gcás ina gcuirfidh an táirgeoir é ar fáil, faisnéis go dtairbhíonn na hearraí de ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta agus d’fhad in aonaid ama, i gcás ina gcumhdaíonn an ráthaíocht sin an t-earra ina iomláine agus ar faide í ná dhá bhliain ;

(ma)

i gcás gach earra, lipéad mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn Z lena léirítear fad na ráthaíochta dlíthiúla comhréireachta agus, más ábhartha, a shíneadh deonach bhfoirm ráthaíochta tráchtála marthanachta;

Leasú 58

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe mb

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(mb)

i gcás earraí a úsáideann fuinneamh, i gcás nach gcuireann an táirgeoir faisnéis dá dtagraítear i bpointe (ma) ar fáil, faisnéis nár thug an táirgeoir faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta is faide ná dhá bhliain a bheith ann. Beidh an fhaisnéis sin chomh feiceálach céanna ar a laghad le haon fhaisnéis eile maidir le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (m) a bheith ann agus maidir le coinníollacha na seirbhísí iardhíola agus na ráthaíochtaí tráchtála sin;

scriosta

Leasú 59

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe mc

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(mc)

i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i gcás ina gcuireann an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil, an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nuashonruithe bogearraí, mura bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama. I gcás ina dtugtar faisnéis faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta a bheith ann i gcomhréir le pointe (ma), soláthrófar an fhaisnéis faoi nuashonruithe má sholáthraítear na nuashonruithe sin ar feadh tréimhse is faide ná an ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta ;

(mc)

i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an íostréimhse in aonaid ama , tar éis an dáta a cuireadh ar an margadh é, ar lena linn a sholáthraíonn an táirgeoir nuashonruithe bogearraí, a chumhdaíonn, ar a laghad, an tréimhse dá bhforáiltear i  ndlí an Aontais agus ina síneadh deonach, i gcás ina gcuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis sin ar fáil a gcuirfear na nuashonruithe ar fáil ina leith;

Leasú 60

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe a

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe md

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

( md )

i gcás ábhair dhigitigh agus seirbhísí digiteacha, i gcás nach ionann a soláthraí agus an trádálaí agus go gcuireann siad an fhaisnéis sin ar fáil , an tréimhse íosta in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an soláthraí nuashonruithe bogearraí, mura rud é go bhforáiltear leis an gconradh do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama ;

( md )

i gcás ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, i gcás nach ionann a soláthraí agus an trádálaí, an íostréimhse, tar éis an dáta a cuireadh ar an margadh é, in aonaid ama ar lena linn a sholáthraíonn an soláthraí nuashonruithe bogearraí, a chumhdaíonn, ar a laghad, an tréimhse ar lena linn a sholáthrófar na nuashonruithe i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme ;

Leasú 61

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe b

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe v

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v)

nuair nach infheidhme pointe ( u ), faisnéis arna cur ar fáil ag an táirgeoir faoi infhaighteacht páirteanna spártha, lena n-áirítear an nós imeachta chun iad a ordú, agus faoi infhaighteacht lámhleabhar úsáideora agus deisiúcháin.;

(v)

nuair nach bhfuil pointe ( i ) infheidhme , faisnéis arna soláthar ag an táirgeoir faoi infhaighteacht agus praghas uasta a bhfuiltear ag súil leis na bpáirteanna spártha is gá chun táirge a dheisiú , lena n-áirítear an íostréimhse, tar éis an t-earra a cheannach, a bhfuil páirteanna spártha agus gabhálais ar fáil lena linn, an nós imeachta chun iad a ordú, agus hinfhaighteacht lámhleabhair úsáideora agus deisiúcháin , chomh maith le hinfhaighteacht uirlisí agus seirbhísí diagnóise agus deisiúcháin .

Leasú 62

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe b

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 – pointe v a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(va)

seoladh na n-ionad deisiúcháin atá ar fáil ina dtabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais chuig an tomhaltóir chun iad a dheisiú.

Leasú 63

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe b b (nua)

Treoir 2011/83/AE

Airteagal 6 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

 

‘1a.     Cuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear an fhaisnéis a liostaítear i bpointí ea, eb, ec, i agus j de mhír 1, ar fáil don trádálaí, chun a áirithiú go mbeidh an trádálaí ábalta na hoibleagáidí faisnéise ábhartha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh.’

Leasú 64

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi [5 bliana ó ghlacadh na Treorach].

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus leibhéal an dul chun cinn a baineadh amach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi [5 bliana ó ghlacadh na Treorach].

Leasú 65

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh measúnú sa tuarascáil sin i dtaobh ar rannchuidigh an Treoir le cosaint tomhaltóirí a fheabhsú i gcoinne cleachtais tráchtála éagóracha agus fógraíocht mhíthreorach táirgí a fógraíodh mar tháirgí inbhuanaithe chomh maith le hachoimre ar na héifeachtaí dearfacha agus diúltacha ar ghnólachtaí, agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Leasú 66

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn Z

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Iarscríbhinn Z

 

Inneachar agus formáid an lipéid

 

1.

Beidh an lipéad san fhormáid seo a leanas:

XX Blianta + YY Blianta

 

2.

Cuirfear an figiúr a fhreagraíonn d’fhad na ráthaíochta dlíthiúla comhréireachta in ionad na litreacha ‘XX’. Cuirfear an figiúr a chomhfhreagraíonn do shíneadh deonach na ráthaíochta dlíthiúla um chomhréireacht i bhfoirm ráthaíochta tráchtála marthanachta coibhéisí in ionad na litreacha YY.

 

3.

Beidh an lipéad ar taispeáint go feiceálach agus ar bhealach atá soléite don tomhaltóir.

Leasú 67

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

cuirtear pointe 4a agus pointe 4b seo a leanas isteach:

(2)

cuirtear na pointí seo a leanas , 4a go 4bb, isteach:

Leasú 68

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 4a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4a.

Maíomh comhshaoil cineálach a dhéanamh nach bhfuil an trádálaí in ann feidhmíocht comhshaoil den scoth a léiriú ina leith atá ábhartha don mhaíomh.

4a.

Maíomh comhshaoil cineálach a dhéanamh nach soláthraíonn an trádálaí fianaise ar fheidhmíocht comhshaoil den scoth a léiriú ina leith atá ábhartha don mhaíomh.

Leasú 69

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 4b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4b.

Maíomh comhshaoil a dhéanamh i dtaobh an táirge fhoriomláin nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge.

4b.

Maíomh comhshaoil a dhéanamh i dtaobh an táirge fhoriomláin nó gnó an trádálaí nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge nó le gnó an trádálaí .

Leasú 70

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 4ba (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4ba.

Á mhaíomh, bunaithe ar fhritháireamh carbóin, go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe, cúitimh nó dearfach ag táirge ar an gcomhshaol.

Leasú 71

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 4bb (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4bb.

Maíomh comhshaoil a dhéanamh nach féidir bunús a thabhairt leis i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla.

Leasú 72

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 7a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2 a)

cuirtear isteach pointe 7a seo a leanas:

 

‘7a.

(i)

Tosaíocht níos mó a thabhairt do roghanna áirithe agus cinneadh á iarraidh ar fhaighteoir seirbhíse ar líne;

(ii)

An nós imeachta a bhaineann le seirbhís a fhoirceannadh a dhéanamh i bhfad níos troime ná clárú don tseirbhís.’

Leasú 73

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

cuirtear isteach pointe 13a seo a leanas:

 

‘13a.

Earra a mhargú mar earra atá comhionann nó a dhealraíonn sé a bheith comhionann leis an earra eile a mhargaítear i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, agus go bhfuil comhdhéanamh éagsúil nó saintréithe éagsúla ag na hearraí sin nár marcáladh go soiléir ar an bpacáistíocht, ionas go mbeidh siad infheicthe ag an tomhaltóir.’

Leasú 74

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – an chuid réamhráiteach

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

cuirtear isteach pointí 23d agus 23i seo a leanas:

(4)

cuirtear isteach pointí 23d agus 23ib seo a leanas:

Leasú 75

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

23da.

Gan a chur in iúl don tomhaltóir ar bhealach soiléir agus intuigthe nach gá an nuashonrú chun an táirge a choinneáil i gcomhréir.

Leasú 76

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

23e.

Gan an tomhaltóir a chur ar an eolas gurb ann do ghné earra a  tugadh isteach chun srian a chur lena mharthanacht .

23e.

Gné a thabhairt isteach chun marthanacht earra a  theorannú .

Leasú 77

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

23ea.

Margaíocht earra gan ceist dearaidh a shocrú, laistigh d’am réasúnta tar éis dó a bheith ar eolas, rud a fhágann go dteipfidh go luath ar an earra sin.

Leasú 78

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

23g.

Ag cur in iúl gur féidir táirgí a dheisiú nuair nach féidir nó gan an tomhaltóir chur ar an eolas nach féidir na hearraí a dheisiú i gcomhréir le ceanglais dlí .

23g.

Earra a mhargú nach féidir é a dheisiú i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla nó nach gcuireann in iúl don tomhaltóir nach féidir earra a dheisiú .

Leasú 79

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23g a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

23ga.

Gan an tomhaltóir a chur ar an eolas maidir le páirteanna spártha gan a bheith ar fáil agus srianta deisiúcháin eile.

Leasú 80

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23g b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

23gb.

Gan a chur in iúl don tomhaltóir go ndiúltóidh an trádálaí táirge deisiú atá deisithe roimhe sin ag gairmí neamhspleách nó ag duine neamhghairmiúil nó úsáideoir.

Leasú 81

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

23h.

Ag cur ina luí ar an tomhaltóir tomhaltáin earra a athsholáthar níos luaithe ná mar atá riachtanach chun críocha teicniúla.

23h.

Margaíocht a dhéanamh ar earra a éilíonn na tomhaltáin a athsholáthar níos luaithe ná mar is gá ar chúiseanna teicniúla.

Leasú 82

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

23i.

Gan a chur in iúl go ndeartar earra chun srian a chur lena fheidhmíocht nuair a úsáidtear tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh.

23i.

Táirge a mhargú atá deartha chun a fheidhmiúlacht a theorannú agus úsáid á baint as tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach gcuireann an táirgeoir bunaidh ar fáil .

Leasú 83

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

23ia.

An táirgeoir céanna nó an trádálaí céanna a thairgeann an táirge céanna le téarmaí míbhuntáisteacha nó le tréimhse níos giorra de ráthaíocht tráchtála i mBallstát amháin nó níos mó, rud a fhágann go bhfuil míbhuntáiste ann do thomhaltóirí.

Leasú 84

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4

Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I – pointe 23i b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

23ib.

Earra a mhargú nach gcomhlíonann na ceanglais faoi reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí.

(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig na coistí freagracha le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0099/2023).

(26)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, Ich 28).

(26)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, Ich 28).

(27)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(28)  Treoir 2019/882/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(29)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

(30)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch 28).

(27)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(28)  Treoir 2019/882/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(29)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

(30)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch 28).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1087/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top