This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022XC0321(03)
Communication from the Commission on Operational guidelines for the implementation of Council implementing Decision 2022/382 establishing the existence of a mass influx of displaced persons from Ukraine within the meaning of Article 5 of Directive 2001/55/EC, and having the effect of introducing temporary protection 2022/C 126 I/01
Teachtaireacht ón Gcoimisiún maidir le treoirlínte oibríochtúla chun Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle a chur chun feidhme, Cinneadh lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach 2022/C 126 I/01
Teachtaireacht ón Gcoimisiún maidir le treoirlínte oibríochtúla chun Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle a chur chun feidhme, Cinneadh lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach 2022/C 126 I/01
C/2022/1806
IO C 126I, 21.3.2022, p. 1–16
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 126/1 |
TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN
maidir le treoirlínte oibríochtúla chun Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle a chur chun feidhme, Cinneadh lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach
(2022/C 126 I/01)
An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (an Cinneadh ón gComhairle) (1). Tháinig sé i bhfeidhm an lá céanna.
Bunaithe ar na ceisteanna a tháinig le déanaí ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an Chinnidh ón gComhairle agus Threoir 2001/55/CE (an Treoir um Chosaint Shealadach), tá roinnt saincheisteanna sainaitheanta ag an gCoimisiún a bhfuil sé úsáideach dó treoir a sholáthar do na Ballstáit ina leith. Leis na treoirlínte atá i gceangal, cumhdaítear na saincheisteanna sin, amhail an raon feidhme (daoine a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an gCinneadh ón gComhairle, baill teaghlaigh), agus an chaoi déileáil le leanaí, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha. Cumhdaítear leis na treoirlínte freisin an tsaincheist a bhaineann leis an gceart chun gluaiseacht faoi shaoirse idir na Ballstáit, mar aon le clárú agus soláthar faisnéise.
Is staid í seo atá an-dúshlánach do na Ballstáit. Tá scála an dúshláin an-mhór agus nach mór 3 mhilliún daoine tar éis teacht cheana féin. Tá an staid ag athrú ó lá go lá. Caithfidh an treoir a bheith in ann coinneáil suas le forbairtí, agus dá bhrí sin beidh gá le nuashonruithe i bhfianaise thaithí na mBallstát de réir mar a thagann an taithí sin chun cinn.
Tá sé beartaithe gur doiciméad beo a bheidh sna treoirlínte agus go mbeidh gá iad a nuashonrú go rialta bunaithe ar cheisteanna nua a gheofar ó na Ballstáit, chun an staid ar an talamh a léiriú agus chun aird chuí a thabhairt ar riachtanais na mBallstát , ar riachtanais iad a bhíonn ag athrú. Féadfaidh moltaí níos sonraí maidir le topaicí áirithe teacht i ndiaidh na dtreoirlínte seo. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an leathanach gréasáin do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a nuashonrú go rialta le haon treoraíocht bhreise a bheadh ag teastáil ó na Ballstáit. Ar an dul céanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bualadh leis na Ballstáit ar bhonn míosúil chun saincheisteanna a bhaineann le léirmhíniú ar an gCinneadh ón gComhairle agus ar Threoir 2001/55/CE a phlé.
Tá “Ardán Dlúthpháirtíochta” bunaithe ag an gCoimisiún d’fhonn an fhreagairt oibríochtúil i measc na mBallstát a chomhordú de réir Airteagal 3(2) den Chinneadh ón gComhairle. Oibreoidh sé i gcomhar leis an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce (an Treoirphlean) dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Chinneadh ón gComhairle, agus faisnéis staide a fhaightear sa Líonra sin á chur san áireamh aige. Baileoidh an tArdán Dlúthpháirtíochta faisnéis agus déanfaidh sé scrúdú ar na riachtanais a shainaithnítear sna Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú ar an obair leantach oibríochtúil chun freagairt do na riachtanais sin.
Déanfaidh an tArdán Dlúthpháirtíochta cur i ngníomh ionstraimí ábhartha an Aontais a éascú, déanfaidh sé comhordú ar mheaitseáil tairiscintí dlúthpháirtíochta leis na riachtanais a sainaithneofar agus déanfaidh sé comhordú ar aistriú daoine ar leibhéal ginearálta idir na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, chuig tríú tíortha, i gcomhar le gníomhaireachtaí an Aontais agus gníomhaithe ábhartha eile.
Tá beirt ceaptha ag na Ballstáit duine amháin a bheidh ina phointe teagmhála náisiúnta le cumas cinnteoireachta, agus duine eile ar an leibhéal oibríochtúil. An fhaisnéis uile a bhaineann leis an Ardán Dlúthpháirtíochta, mar aon le haon cheist bhreise a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle maidir leis na treoirlínte seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a sheoladh chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe atá curtha in iúl do na Ballstáit cheana féin.
In 2020, ghlac an Coimisiún moladh le haghaidh Treoirphlean AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce, mar dhlúthchuid de na tograí um Chomhaontú. Is é is cuspóir dó creat oibríochta a chur ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar shreabha agus ar staideanna imirce agus iad a réamh-mheas, chun athléimneacht a fhorbairt agus chun freagairt staide ar ghéarchéim imirce a eagrú.
Ó thús mhí Eanáir 2022, tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus leis na Ballstáit faoi chuimsiú Líonra an Treoirphlean um Ullmhacht Imirce agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce chun forbhreathnú a dhéanamh ar an leibhéal ullmhachta do ghéarchéim a d’fhéadfadh tarlú. Ó thosaigh an cogadh san Úcráin, bíonn cruinnithe ag an Líonra dhá uair sa tseachtain agus bíonn sé i mbun cumarsáide leanúnach ar thuarascálacha laethúla maidir le feasacht staide, chun freagairt teagmhais chomhordaithe a áirithiú ar na dúshláin imirce arna spreagadh de bharr na dteagmhas sin.
Déantar an obair a chomhordú go hiomlán leis an bhFreagairt Pholaitiúil Chomhtháite ar Ghéarchéimeanna (IPCR) agus áirítear tuarascáil an Treoirphlean sa Tuarascáil Chomhtháite um Fheasacht Staide agus Anailís Staide (ISAA) gach seachtain.
Leanfaidh an Treoirphlean de bheith ag comhroinnt faisnéis staide agus de bheith ag comhdhlúthú gach faisnéise ábhartha faoi bhainistiú imirce a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin lena n-áirítear maidir le Treoir 2001/55/CE a chur chun feidhme.
Tá sé beartaithe leis na treoirlínte seo cabhrú leis na Ballstáit an Cinneadh ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE (2) (“an Treoir um Chosaint Shealadach”) agus dlíthe eile is infheidhme de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm. Tacaíonn siad le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Márta 2022 lena gcuirtear treoirlínte oibríochtúla ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú (3).
1. DAOINE ATÁ CUMHDAITHE FAOI CHOSAINT SHEALADACH
Daoine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle (“an Cinneadh ón gComhairle”)
Leagtar amach in Airteagal 2(1) agus in Airteagal 2(2) den Chinneadh ón gComhairle na grúpaí sonracha daoine a mbeidh feidhm ag an gcosaint shealadach nó ag cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta maidir leo:
De bhun Airteagal 2(1) den Chinneadh ón gComhairle, tá feidhm ag an cosaint shealadach mar a fhoráiltear di i dTreoir 2001/55/CE maidir le
(1) |
Náisiúnaigh Úcránacha a bhfuil cónaí orthu san Úcráin agus a easáitíodh an 24 Feabhra 2022 nó tar a éis, mar aon lena mbaill teaghlaigh; |
(2) |
Daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin a thairbhigh de chosaint idirnáisiúnta nó de chosaint náisiúnta choibhéiseach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 agus a easáitíodh ón Úcráin an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin, mar aon lena mbaill teaghlaigh. |
De bhun Airteagal 2(2) den Chinneadh ón gComhairle cosaint shealadach mar a fhoráiltear di dTreoir 2011/55/CE nó cosaint leordhóthanach faoi dhlí náisiúnta na mBallstát, beidh feidhm ag na cineálacha cosanta sin maidir le daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin ar féidir leo a chruthú go raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí arna eisiúint i gcomhréir le dlí na hÚcráine, agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír [thionscnaimh] nó ar a réigiún [laistigh dá thír] tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha.
Cad is brí le “cosaint leordhóthanach” faoin dlí náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(b) den Chinneadh ón gComhairle?
Déantar tagairt do “chosaint leordhóthanach” faoin dlí náisiúnta in Airteagal 2(2) den Chinneadh ón gComhairle mar rogha mhalartach ar chosaint shealadach a d’fhéadfadh na Ballstáit a thairiscint agus, dá bhrí sin, ní gá sochair a bheith ag dul leis atá comhionann leis na sochair a ghabhann le cosaint shealadach mar a fhoráiltear i dTreoir 2001/55/CE. Mar sin féin, agus an Cinneadh ón gComhairle á chur chun feidhme, ní mór do na Ballstáit Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus spiorad Threoir 2001/55/CE a urramú. Ní mór urraim do dhínit an duine agus dá bhrí sin caighdeán maireachtála díniteach (amhail cearta cónaithe, rochtain ar chóir mhaireachtála agus ar chóiríocht, cúram éigeandála agus cúram leordhóthanach do mhionaoisigh) a áirithiú i leith gach duine.
Cad is brí le “cosaint náisiúnta choibhéiseach” san Úcráin faoi Airteagal 2(1)(b) den Chinneadh ón gComhairle?
Maidir le “cosaint choibhéiseach náisiúnta” san Úcráin, measann an Coimisiún gur rogha mhalartach í sin ar chosaint idirnáisiúnta agus go gcumhdaítear léi cineálacha eile cosanta a thugann údaráis na hÚcráine amhail cosaint shealadach nó cosaint dhaonnúil. Tá an Coimisiún ag bailiú faisnéise ó údaráis na hÚcráine faoi láthair maidir leis na cineálacha cosanta atá ann faoi dhlí na hÚcráine agus maidir leis na doiciméid a eisíonn údaráis na hÚcráine do thairbhithe na gcineálacha cosanta sin. De réir na réamhfhaisnéise a fuarthas, is iad seo a leanas na doiciméid a eisíonn an Úcráin: “doiciméad taistil le haghaidh daoine dá ndeonaítear cosaint chomhlántach”, “doiciméad taistil duine gan stát”, agus “deimhniú le haghaidh daoine dá ndeonaítear cosaint chomhlántach”.
Fianaise go bhfuiltear i dteideal cosaint shealadach mar a fhoráiltear di i dTreoir 2001/55/CE nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta
Leis an gCinneadh ón gComhairle, tugadh isteach cosaint shealadach láithreach le haghaidh na gcatagóirí daoine a liostaítear in Airteagal 2(1) agus (2). Ní hann do phróiseas iarratais ar chosaint shealadach ná ar chosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, agus an duine lena mbaineann á chur é féin i láthair do na húdaráis chun leas a bhaint as na cearta a ghabhann le cosaint shealadach nó le cosaint leordhóthanach, níor mhór don duine sin ach a náisiúntacht, a stádas cosanta idirnáisiúnta nó a stádas cosanta coibhéisí, a chónaí san Úcráin nó a nasc teaghlaigh a léiriú, de réir mar is iomchuí. Is ceart láithreach é an ceart chun cosanta sealadaí. Chun riarachán agus clárú cuí an duine aonair lena mbaineann a áirithiú, áfach, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh go gcomhlíonfar ceanglais áirithe amhail foirm chlárúcháin agus fianaise a chur i láthair dá bhforáiltear sa Chinneadh ón gComhairle.
Ceann de chuspóirí na cosanta sealadaí is ea próiseas tapa a áirithiú trí na foirmiúlachtaí a laghdú a mhéid is féidir. Mar a luaitear in aithris 12 den Chinneadh ón gComhairle, ba cheart dóibh siúd ar mian leo tairbhe a bhaint as an gcosaint a bheith in ann a chruthú go bhfuil siad i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta trí na doiciméid ábhartha a thíolacadh do na húdaráis inniúla sa Bhallstát lena mbaineann.
D‘fhéadfaí a áireamh leis sin fianaise dhoiciméadach a d’fhéadfadh a bheith ina cuidiú leis na nithe seo a leanas:
— |
céannacht agus cónaí a shuíomh; |
— |
gaol teaghlaigh nó aontacht teaghlaigh agus spleáchas ar gharghaolta a fhianú. |
Sa chás go bhfuil na doiciméid a thíolactar imithe in éag, moltar do na Ballstáit iad a mheas mar fhianaise ar stádas aitheantais nó cónaithe an duine lena mbaineann.
Má bhíonn amhras ar na Ballstáit faoi bharántúlacht na ndoiciméad, nó mura bhfuil na doiciméid thuasluaite i seilbh an duine sin, d’fhéadfaí dul i dteagmháil le húdaráis na hÚcráine sna Ballstáit chun tacaíocht a fháil nó deimhniú a fháil maidir le náisiúntacht Úcránach an duine nó a stádas cónaitheora san Úcráin, más féidir/i gcás inar féidir.
I gcás nach mbeidh duine in ann na doiciméid ábhartha a thíolacadh agus nach féidir leis na Ballstáit a chinneadh go tapa ar bhealach eile an bhfuil an duine lena mbaineann i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, molann an Coimisiún an duine a atreorú chuig an nós imeachta tearmainn. Ar an gcaoi chéanna, daoine a deir nach féidir leo filleadh go sábháilte ar a dtír/réigiún tionscnaimh agus a n-éiríonn an próiseas chun teidlíocht do chosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta a chinneadh róchasta dóibh, ba cheart iad a atreorú chuig an nós imeachta tearmainn ar aon chuma.
Liosta táscach na ndoiciméad lena gcruthaítear náisiúntacht na hÚcráine fiú má tá an tréimhse bhailíochta imithe in éag:
— |
pasanna d’aon chineál (pasanna náisiúnta, pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse, comhphasanna agus pasanna ionadacha, lena n-airítear pasanna leanaí); |
— |
cártaí aitheantais náisiúnta (lena n-airítear cártaí sealadacha agus cártaí coinníollacha); |
— |
leabhair seirbhíse míleata agus cártaí seirbhíse míleata; |
— |
leabhair clárúcháin mairnéalach, cártaí seirbhíse scipéirí agus pasanna mairnéalach; |
— |
teastais saoránachta; agus |
— |
doiciméid oifigiúla eile a luann nó a léiríonn saoránacht. |
Cad is brí le “nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha” in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 2(3) den Chinneadh ón gComhairle?
Le hAirteagal 2(2) den Chinneadh ón gComhairle, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm nó cosaint leordhóthanach a chur i bhfeidhm faoina ndlí náisiúnta, i ndáil le daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin, ar féidir leo a chruthú go raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí arna eisiúint i gcomhréir le dlí na hÚcráine, agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha. Leagtar amach in Airteagal 2(3) go bhféadfaidh na Ballstáit an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le daoine eile, lena n-áirítear daoine gan stát agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin, daoine a bhí ina gcónaí go dleathach san Úcráin agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha.
Ní thugtar sainmhíniú ar fhilleadh ar an tír thionscnaimh nó ar an réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha i dTreoir 2001/55/CE ná sa Chinneadh ón gComhairle. Measann an Coimisiún gur coincheap sui generis é maidir leis an Treoir.
An tagairt sin don neamhábaltacht filleadh ar a thír thionscnaimh nó réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha, ba cheart an tagairt sin a léamh i bhfianaise Airteagal 2(c) de Threoir 2001/55/CE ina dtagraítear go sonrach do chásanna coinbhleachta armtha nó d’fhoréigean eindéimeach agus don bhaol tromchúiseach go ndéanfar sáruithe córasacha nó forleathana ar chearta an duine sa tír thionscnaimh. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 6(2) de Threoir 2011/55/CE, dá mbeifí le deireadh a chur le cosaint shealadach, an cás a bheadh i gceist i dtír thionscnaimh thairbhithe na cosanta sealadaí, ní foláir ná gur cás a bheadh ann a d’fhágfadh gur féidir na daoine dar tugadh cosaint shealadach a chur ar ais ar bhealach sábháilte marthanach, agus urraim chuí á tabhairt do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus d’oibleagáid na mBallstát maidir le non-refoulement. (4).
Maidir leis sin, is féidir an neamhábaltacht “filleadh i ndálaí sábháilte”, eascairt as na nithe seo a leanas, mar shampla, riosca follasach do shábháilteacht an duine lena mbaineann, cásanna coinbhleachta armtha nó foréigean eindéimeach, rioscaí géarleanúna doiciméadaithe nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach.
Chun go mbeadh an filleadh “marthanach”, ba cheart don duine lena mbaineann a bheith in ann tairbhe a bhaint as cearta gníomhacha ina thír thionscnaimh nó ina réigiún tionscnaimh féin, lenar féidir leis an duine sin deiseanna a bheith aige go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhunúsacha ina thír/réigiún tionscnaimh féin, agus gur féidir leis a bheith páirteach sa tsochaí arís.
Nuair a bheidh na Ballstáit ag cinneadh an bhfuil an filleadh “i ndálaí sábháilte agus an bhfuil sé marthanach”, ba cheart dóibh an cinneadh sin a bhunú ar an staid ghinearálta sa tír thionscnaimh nó sa réigiún tionscnaimh. Mar sin féin, ba cheart don duine lena mbaineann a bheith in ann fianaise prima facie a chruthú/a sholáthar ar an leibhéal aonair nach féidir leis filleadh ar a thír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh cibé an bhfuil nó nach bhfuil nasc fiúntach fós ag an duine lena mbaineann lena thír thionscnaimh, agus an méid ama a caitheadh ina chónaí san Úcráin nó a theaghlach ina thír thionscnaimh á chur san áireamh, mar shampla. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar riachtanais shonracha daoine soghonta agus leanaí, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha agus dílleachtaí, bunaithe ar phrionsabal leas an linbh.
Baill teaghlaigh atá i dteideal cosaint shealadach agus féidearthachtaí eile maidir le hathaontú teaghlaigh
Baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) agus (b), tagann siad faoi raon feidhme an Chinnidh ón gComhairle freisin, i gcás ina raibh a dteaghlaigh ina gcónaí san Úcráin cheana féin roimh an 24 Feabhra 2022, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé aontacht teaghlaigh a chaomhnú agus stádais éagsúla i measc ball den teaghlach céanna a sheachaint.
Chun críocha an Chinnidh ón gComhairle, meastar gur baill teaghlaigh iad na catagóirí daoine seo a leanas:
(a) |
céile an duine atá cumhdaithe faoi chosaint shealadach, nó an páirtí neamhphósta i gcaidreamh seasmhach, i gcás ina ndéileáiltear i reachtaíocht nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar bhealach atá inchomparáide le lánúineacha pósta faoina dhlí náisiúnta maidir le heachtrannaigh – rud a d’fhéadfaí a chruthú le doiciméid agus deimhnithe ábhartha clárlainne nó le haon doiciméad eile arna eisiúint ag údaráis na hÚcráine, fiú fianuithe arna gcur ar fáil ag ionadaíocht na tíre sa Bhallstát sin; |
(b) |
leanaí mionaoiseacha neamhphósta an duine thuasluaite atá cumhdaithe faoi chosaint shealadach, nó leanaí mionaoiseacha a chéile nó a céile, gan idirdhealú i dtaobh ar rugadh iad de phósadh nó ar uchtaíodh iad – rud a d’fhéadfaí a chruthú le teastais bhreithe nó a leithéid; |
(c) |
garghaolta eile a bhí ina gcónaí le chéile mar chuid den aonad teaghlaigh tráth na n-imthosca a bhaineann le rabhartaí móra na ndaoine easáitithe, ar garghaolta iad a bhí ag brath go hiomlán nó go formhór ar an duine thuasluaite atá cumhdaithe faoi chosaint shealadach – rud a d’fhéadfaí a chruthú le doiciméid chónaithe, clár teaghlaigh agus cruthúnas ar íocaíochtaí cúraim iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit “a gcorrlach breithmheasa a úsáid ar an mbealach is daonnúla” (5). |
Tá forálacha áirithe de Threoir 2001/55/CE ábhartha go háirithe maidir le baill teaghlaigh: Tá feidhm ag Airteagal 15 de Threoir 2001/55/CE maidir le baill teaghlaigh atá faoi chosaint shealadach i mBallstáit éagsúla a athaontú (mír 2), sárleasanna an linbh a bhreithniú (mír 4), dlúthpháirtíocht maidir le haistrithe chun teaghlaigh a athaontú (mír 5), doiciméid a eisiúint agus a tharraingt siar tar éis an aontaithe (mír 6), comhar agus malartú faisnéise (míreanna 6 agus 7).
Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir, i gcás daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha nach ón Úcráin dóibh, a bhfuil cruthúnas acu go raibh cónaí dlíthiúil orthu san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí arna eisiúint i gcomhréir le dlí na hÚcráine, agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha, nach bhfuil baill teaghlaigh na ndaoine sin i dteideal cosaint shealadach nó cosaint náisiúnta leordhóthanach faoin gCinneadh ón gComhairle. Cé nach gceanglaítear leis an gCinneadh ón gComhairle go dtairbheoidh baill dteaghlaigh daoine dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de chosaint shealadach mar a fhoráiltear di i dTreoir 2001/55/CE ná de chosaint leordhóthanach faoi dhlí náisiúnta na mBallstát, molann an Coimisiún do na Ballstáit cur i bhfeidhm na cosanta sealadaí nó na cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta a leathnú chuig baill teaghlaigh na ndaoine sin.
Thairis sin, na daoine sin atá i dteideal cosaint shealadach agus iad siúd nach bhfuil ina teideal, d’fhéadfaidís leas a bhaint as an méid seo a leanas:
— |
athaontú teaghlaigh faoi Threoir 2003/86/CE, más baill teaghlaigh iad de náisiúnach tríú tír a bhfuil ina chónaí go dleathach i mBallstát agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir sin; |
— |
na cearta a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE más baill theaghlaigh iad de shaoránach den Aontas a d’fheidhmigh a shaoirse gluaiseachta. |
Cearta a fháil faoi Threoir 2003/86/CE, Treoir 2004/38/CE nó faoi dhlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, ní féidir cailleadh na cosanta sealadaí a bheith mar thoradh air sin dóibh siúd atá ina teideal. Mar sin féin, faoi réir chomhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha ábhartha, leis na cearta cónaithe sin cheadófaí do na daoine sin leanúint de chónaí a bheith orthu go dleathach sa Bhallstát lena mbaineann nuair a thagann deireadh leis an gcosaint shealadach i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2001/55/CE.
Daoine nach bhfuil i dteideal cosaint shealadach nó cosaint náisiúnta leordhóthanach de bhun an Chinnidh ón gComhairle agus an fhéidearthacht cosaint shealadach a leathnú chuig an gcatagóir sin daoine (Airteagal 7(1) den Treoir um Chosaint Shealadach)
Na catagóirí seo a leanas de dhaoine easáitithe, níl siad i dteideal cosaint shealadach mar a fhoráiltear di i dTreoir 2001/55/CE ná cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta:
(1) |
Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine atá ina gcónaí san Úcráin agus a easáitíodh ón Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 nó a bhí lasmuigh den Úcráin roimh an dáta sin mar gheall ar chúiseanna oibre agus staidéir, laethanta saoire, cuairteanna teaghlaigh nó leighis nó ar chúiseanna eile, cuir i gcás; |
(2) |
daoine gan stát nó náisiúnaigh tríú tír nach ón Úcráin dóibh ag a raibh stádas cosanta idirnáisiúnta nó cosaint choibhéiseach na hÚcráine do dhídeanaithe roimh an 24 Feabhra 2022 agus a easáitíodh ón Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 nó a bhí lasmuigh den Úcráin mar gheall ar chúiseanna oibre agus staidéir, laethanta saoire, cuairteanna teaghlaigh nó leighis nó ar chúiseanna eile roimh an dáta sin, cuir i gcás; |
(3) |
daoine gan stát agus náisiúnaigh tríú tíortha nach ón Úcráin dóibh, a bhfuil cruthúnas acu go raibh siad ina gcónaí go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí arna eisiúint i gcomhréir le dlí na hÚcráine, agus go mb’fhéidir go mbeidís in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha. |
Thairis sin, na catagóirí seo a leanas de dhaoine easáitithe, níl siad i dteideal cosaint shealadach mar a fhoráiltear di i dTreoir 2001/55/CE ná cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta:
(4) |
daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tír nach ón Úcráin dóibh a bhí ina gcónaí go dleathach san Úcráin ar bhonn gearrthéarmach roimh an 24 Feabhra 2022, mic léinn agus oibrithe, cuir i gcás, agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh ná ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha; |
(5) |
daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tír nach ón Úcráin dóibh a bhí ina gcónaí go dleathach san Úcráin ar bhonn gearrthéarmach roimh an 24 Feabhra 2022, mic léinn agus oibrithe, cuir i gcás, agus atá in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha; |
Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Threoir 2001/55/CE, féadfaidh na Ballstáit cosaint shealadach mar a fhoráiltear di sa Treoir a leathnú chuig catagóirí breise de dhaoine easáitithe de bhreis ar na catagóirí sin a bhfuil feidhm ag an gCinneadh ón gComhairle maidir leo, i gcás ina n-easáitítear iad ar na cúiseanna céanna agus ón tír thionscnaimh chéanna nó ón réigiún tionscnaimh céanna, agus fógra a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún láithreach. In Airteagal 2(3) den Chinneadh ón gComhairle déantar tagairt shonrach ina leith sin maidir le daoine eile, lena n-áirítear daoine gan stát agus náisiúnaigh tríú tíortha nach ón Úcráin dóibh a bhí ina gcónaí go dleathach san Úcráin agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha.
I gcomhréir le haithris 14 den Chinneadh ón gComhairle, molann an Coimisiún go láidir do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí an chosaint shealadach a leathnú go háirithe chuig na daoine sin a theith ón Úcráin tráth nach fada roimh an 24 Feabhra 2022 (daoine a liostaítear faoi phointí 1 agus 2 thuas) agus an teannas ag dul i méid nó a bhí i gcríoch an Aontais nó i gcríoch tríú tír eile (e.g. ar laethanta saoire nó ar chúiseanna oibre nó teaghlaigh) díreach roimh an dáta sin agus nach féidir leo filleadh ar an Úcráin mar thoradh ar an gcoinbhleacht armtha.
Is amhlaidh atá toisc nach mbeidh na daoine sin in ann filleadh ar an Úcráin mar thír thionscnaimh nó tearmainn sa chomhthéacs reatha. Is é an rogha eile atá ann rochtain láithreach a thabhairt dóibh ar nósanna imeachta tearmainn agus tosaíocht a thabhairt dá gcásanna ós rud é go bhfuil cosaint láithreach ag teastáil ó na daoine sin ar an gcaoi chéanna agus a bhfuil cosaint ag teastáil ó mhuintir na hÚcráine a bhí ar a dteitheadh an 24 Feabhra.
Bheadh sé chun leas an Bhallstáit freisin cosaint shealadach a thabhairt dóibh i bhfianaise shimplíocht an nós imeachta, rud a laghdódh a thuilleadh an baol go gcuirfí ró-ualach ar an gcóras tearmainn.
Ina theannta sin, maidir le daoine gan stát agus náisiúnaigh tríú tír nach ón Úcráin dóibh atá in ann a chruthú go raibh siad ina gcónaí go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí (daoine a liostaítear faoi phointe 3 thuas) arna eisiúint i gcomhréir le dlí na hÚcráine, mar a luaitear thuas (sa roinn ina dtagraítear do dhálaí “sábháilte marthanacha”), d’fhéadfadh na Ballstáit a mheas go bhfuil naisc níos tábhachtaí prima facie ag na daoine sin leis an Úcráin ná lena dtír thionscnaimh nó lena réigiún tionscnaimh agus, dá bhrí sin, go raibh siad ag cur fúthu san Úcráin. Is mó is fíor é sin i gcás daoine gan stát, ar daoine iad, dar ndóigh, nach bhfuil tír thionscnaimh acu ar féidir leo filleadh uirthi.
In aon chás, amhail dá dtagraítear in aithris 13, na daoine sin nach bhfuil i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta agus atá in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha, ba cheart iad a ligean isteach san Aontas, fiú mura gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála ar fad a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen, chun gluaiseacht shábháilte a áirithiú dóibh chun go bhfillfidh siad ar a dtír thionscnaimh nó a réigiún tionscnaimh. Molann an Coimisiún do na Ballstáit comhoibriú go réamhghníomhach leis na tríú tíortha lena mbaineann d’fhonn saoránaigh na dtríú tíortha sin a aisdúichiú go sábháilte. Tá an méid sin gan dochar do chearta daoine nach dtagann faoi raon feidhme an Chinnidh ón gComhairle rochtain a fháil ar an nós imeachta tearmainn.
Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt láithreach don Chomhairle agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2001/55/CE má tá síneadh curtha acu le cur i bhfeidhm na cosanta sealadaí thar mar a cheanglaítear leis an gCinneadh ón gComhairle. Measann an Coimisiún gur cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún trí THEMIS/Treoracha, arb é an bealach oifigiúil é chun rialacha trasuite agus cur chun feidhme a chur in iúl.
Daoine ar féidir iad a eisiamh ó chosaint shealadach (Airteagal 28 den Treoir um Chosaint Shealadach)
Ceadaítear do na Ballstáit duine easáitithe a eisiamh ó chosaint shealadach i gcás ina bhfuil cúiseanna tromchúiseacha acu lena mheas go ndearna an duine: coir in aghaidh na síochána, coir chogaidh nó coir in aghaidh na daonnachta, go ndearna sé coir thromchúiseach neamhpholaitiúil lasmuigh den Bhallstát glactha sular ligeadh isteach é sa Bhallstát sin mar dhuine atá faoi chosaint shealadach, nó má fhaightear an duine ciontach i ngníomhartha atá contrártha le cuspóirí agus prionsabail na Náisiún Aontaithe.
Ceadaítear do na Ballstáit freisin duine easáitithe a eisiamh ó chosaint shealadach i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an duine ina chontúirt do shlándáil an Bhallstáit óstaigh nó ina chontúirt do phobal an Bhallstáit óstaigh.
Molann an Coimisiún go láidir do na Ballstáit, sula n-eiseoidh siad cead cónaithe do thairbhithe cosanta sealadaí nó cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta, breathnú ar na bunachair sonraí ábhartha idirnáisiúnta agus náisiúnta agus ar bhunachair sonraí ábhartha an Aontais, agus go háirithe ar na foláirimh maidir le daoine, agus ar na doiciméid i gCóras Faisnéise Schengen (CFS), rud a ligfidh dóibh dul ar aghaidh leis an tseiceáil slándála is gá (féach roinn 4 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí).
Leanaí
Tugann meastacháin le tuiscint gur leanaí (daoine faoi bhun 18 bliana d’aois) iad níos mó ná leath den daonra atá ag fágáil na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 mar gheall ar an gcogadh (6). I gcomhréir le Teachtaireacht 2017 maidir le himircigh ar leanaí iad a chosaint (7), is príomhthosaíocht de chuid an Aontais í cosaint leanaí imirceacha atá ag teacht ón Úcráin. Tá na moltaí a rinne an Coimisiún sa chomhthéacs sin bailí fós i bhfianaise ghéarchéim na hÚcráine chun cosaint na leanaí imirceacha uile a neartú, beag beann ar a stádas.
Ní mór cosaint iomlán agus rochtain ghasta ar chearta sonracha leanaí (oideachas, cúram sláinte, lena n-áirítear cúram coisctheach agus cúram meabhairshláinte, agus cúnamh síceasóisialta) chomh maith le haon seirbhís tacaíochta is gá chun leas agus folláine an linbh a áirithiú do gach leanbh a theith ón gcoinbhleacht san Úcráin a áirithiú (8). Ní mór éisteacht a thabhairt do na leanaí agus tuairim na leanaí a chur san áireamh, i gcomhréir lena n-aois agus lena leibhéal aibíochta. Ba cheart freagairt chomhtháite cosanta leanaí a áirithiú, le comhar agus comhordú na n-údarás ábhartha.
Ba cheart aird chuí a thabhairt ar chonstaicí sonracha a bhíonn roimh leanaí imirceacha go minic (e.g. bacainní teanga), constaicí a bhaineann le rochtain a bheith acu ar thithíocht chuibhiúil, ar oideachas ar ardchaighdeán agus ar sheirbhísí sóisialta eile agus ba cheart aghaidh a thabhairt orthu sin.
Moltar do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear faisnéis ábhartha ar fáil do gach leanbh ar bhealach iomchuí a thacaíonn leis an leanbh agus lena aois agus leis an gcomhthéacs, is é sin faisnéis ábhartha maidir leis an staid, lena gcearta agus leis na nósanna imeachta agus na seirbhísí atá ar fáil chun iad a chosaint. Moltar do na Ballstáit freisin a áirithiú go mbeidh oiliúint iomchuí ar na daoine sin a bhíonn ag obair le leanaí – ar theacht isteach dóibh chuig teorainneacha an Aontais – agus go bhfuil baint ag gairmithe um chosaint leanaí leis sin nuair is iomchuí.
Ní mór gach cinneadh nó gach gníomh atá le déanamh maidir le leanaí a bheith bunaithe ar phrionsabal sárleasanna an linbh agus tús áite á thabhairt don phrionsabal.
Tugtar aghaidh níos mionsonraithe i roinn 5 ar chás leanaí neamhthionlactha agus leanaí atá scartha nó dílleachtaí.
Rochtain ar oideachas do mhionaoisigh (Airteagal 14(1) den Treoir um Chosaint Shealadach)
De bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2001/55/CE, tabharfaidh na Ballstáit rochtain ar a gcóras oideachais do dhaoine faoi bhun 18 bliana d’aois a bhfuil an stádas cosanta sealadach acu faoi na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh féin agus le saoránaigh den Aontas. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis an rochtain sin ar an gcóras oideachais stáit. Measann an Coimisiún go bhfuil feidhm aige sin maidir le mionaoisigh a fhaigheann cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Chinneadh ón gComhairle. I gcás inar gá, cuirfear san áireamh doiciméid ina léirítear an leibhéal oideachais a baineadh amach san Úcráin (e.g. cáilíochtaí meánscoile, leibhéal A1 i mBéarla, etc.).
Molann an Coimisiún go gcuirfí bearta tacaíochta, amhail ranganna ullmhúcháin, ar fáil do leanaí chun rochtain ar an gcóras oideachais agus rannpháirtíocht ann a éascú. Áirítear ar na bearta tacaíochta sin tacú le heolas a chur ar theanga na tíre óstaí (in oideachas príomhshrutha nó trí ranganna ullmhúcháin a éascóidh aistriú tapa go dtí an gnáthchóras oideachais rialta), leibhéil inniúlachta na ndaltaí a mheas, treoir a thabhairt do dhaltaí agus do thuismitheoirí faoin tír óstach, tacaíocht shíceolaíoch, agus tacú leis na múinteoirí agus leis na gairmithe oideachais eile a chuireann fáilte roimh dhídeanaithe.
Déanfar rochtain ar oideachas do mhionaoisigh a áirithiú a luaithe is féidir go hábhartha i gcás inar léir go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, fiú i gcás ina bhfuil an nós imeachta um cheadanna cónaithe a eisiúint fós ar feitheamh. Is féidir a fhianaise sin a fháil ar bhonn dhoiciméid chéannachta na mionaoiseach nó ar bhonn aon doiciméid oifigiúil eile is féidir a thabhairt ar aird chun cruthúnas a thabhairt faoin gcéannacht.
Ar an gcaoi chéanna, molann an Coimisiún gur cheart rochtain ar oideachas do mhionaoisigh neamhthionlactha a éascú a luaithe is féidir, fiú i gcás ina bhfuil nósanna imeachta á gcur i bhfeidhm fós chun caomhnóir/ionadaí a cheapadh agus chun an cineál cúraim a chinneadh a bhfuil an leanbh ina theideal.
Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit tacú le rochtain ar oideachas agus ar chúram na luath-óige, chomh maith le gairmoiliúint, faoi na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh féin agus le saoránaigh eile an Aontais. Go háirithe, i mBallstáit ina bhfuil ceart dlíthiúil ar oideachas agus ar chúram luath-óige nó ina bhfuil rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram luath-óige éigeantach, ba cheart rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige a thabhairt do leanaí a chumhdaítear leis an gCinneadh ón gComhairle faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh.
2. AN CEART GLUAISEACHT FAOI SHAOIRSE
An ceart gluaiseacht sula n-eisítear an cead cónaithe
D’fhonn ullmhacht a áirithiú sna Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag na daoine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta leas a bhaint as a gcearta, molann an Coimisiún go n-iarrfadh údaráis Bhallstáit an chéad dul isteach ar na daoine sin ar mian leo bogadh go Ballstát eile a shonrú cén Ballstát a mbeidh siad ag dul chuige. Ba cheart go bhféadfaí tuairim áirithe a fháil as na ceisteanna sin faoi líon na ndaoine a bhfuil sé beartaithe acu bogadh go Ballstáit ar leith. Ba cheart do Bhallstáit an chéad dul isteach an fhaisnéis a bailíodh ar bhonn anaithnid (líon na ndaoine a bhfuiltear ag súil go rachaidh siad isteach i mBallstát X, Y, Z) a chur in iúl trí Líonra an Treoirphlean.
Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhfuil pasanna bithmhéadracha ina seilbh acu nó náisiúnaigh tríú tíortha eile atá díolmhaithe ón gceanglas víosa gearrfhanachta a bheith ina seilbh acu le teacht isteach san Aontas, tá an ceart acu gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de limistéar Schengen tar éis dóibh cead isteach sa chríoch a fháil ar feadh tréimhse 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá. Dá bhrí sin, is féidir leo taisteal go dtí an Ballstát ar mian leo leas a bhaint as na cearta a ghabhann leis an gcosaint shealadach ann agus is féidir leo teacht le chéile lena dteaghlach agus lena gcairde ar fud na líonraí diaspóra suntasacha atá ann faoi láthair ar fud an Aontais.
Maidir le daoine nach bhfuil díolmhaithe ó víosa (e.g. toisc nach bhfuil pas bithmhéadrach acu) agus nach bhfuil víosa gearrfhanachta nó víosa fadfhanachta nó cead cónaithe acu arna n-eisiúint ag Ballstát, agus atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, meabhraíonn an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Threoir 2001/55/CE, nach mór do na Ballstáit gach saoráid a sholáthar do dhaoine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach a fháil faoin dlí náisiúnta chun na víosaí is gá, agus víosaí idirthurais san áireamh, a fháil ionas go ligfear dóibh teacht isteach ina a gcríocha. Ní mór na foirmiúlachtaí á laghdú go dtí an méid is lú mar gheall ar phráinn na staide. Má tá sé beartaithe ag an duine leas a bhaint as na cearta i mBallstát seachas i mBallstát an chéad dul isteach, molann an Coimisiún go n-eiseodh Ballstát an chéad dul isteach víosa ag an bpointe trasnaithe teorann (nó ar an láthair intíre chun plódú a sheachaint) ar feadh 15 lá (i gcomhréir le hAirteagal 35(3) den Chód Víosaí (9)). Ar an gcaoi sin, bheadh an duine lena mbaineann in ann gluaiseacht laistigh de limistéar Schengen (10). Víosaí a eisítear ag na teorainneacha nó gar don phointe trasnaithe teorann ar bhonn Airteagal 35 den Chód Víosaí, atá bailí ar feadh 15 lá, féadfar síneadh 15 lá a chur leo níos déanaí i gcás ina mbeidh gá leis (cf. Airteagal 33 de Chód Víosa). Ba cheart sonraí a bhaineann le hiarratas ar víosa den sórt sin agus eisiúint víosa den sórt sin a chlárú sa Chóras Faisnéise Víosaí VIS i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme (11). Molann an Coimisiún gur cheart go mbeadh víosaí saor in aisce nó go laghdófaí a gcostas chomh híseal agus is féidir.
Má thagann an duine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta chuig teorainn Bhallstáit den Aontas nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine agus, dá bhrí sin, nach n-eisíonn sé víosaí Schengen, agus más mian leis an duine sin bogadh chuig Ballstát eile chun leas a bhaint as a chearta, d’fhéadfaí roghanna éagsúla a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine víosaí Schengen a eisiúint ag a gconsalachtaí sna Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine. D’fhéadfaidís víosaí Schengen a eisiúint freisin chuig na daoine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta tar éis dóibh teacht go dtí an Ballstát lena mbaineann.
I gcomhréir leis na treoirlínte oibríochtúla maidir le teorainneacha seachtracha a bhainistiú (12), molann an Coimisiún nach ndéanfaidh na Ballstáit pionóis airgeadais a fhorchur ar iompróirí a iompraíonn daoine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint náisiúnta leordhóthanach a thagann ó Bhallstát, agus nach bhfuil na doiciméid riachtanacha ina seilbh acu chun dul isteach sa Bhallstát cinn scríbe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear aerlínte ar an eolas faoin méid sin.
Ar bhonn níos ginearálta, i gcás nach bhfuil doiciméad taistil bailí i seilbh an duine lena mbaineann, molann an Coimisiún an úsáid a leathnú a bhaintear as an bhfoirm shamplach aistrithe atá i gceangal le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/55/CE, foirm lena bhféadfaidh Ballstát an chéad dul isteach a shonrú cén Ballstát ina bhfuil sé beartaithe ag an duine lena mbaineann taisteal chuige chun leas a bhaint as na cearta a ghabhann le cosaint shealadach.
Is féidir an tArdán Dlúthpháirtíochta a úsáid mar bhunús do na Ballstáit chun cúnamh a chomhordú maidir le haistriú daoine nach bhfuil an acmhainn acu taisteal chuig an mBallstát ar mian leo cosaint shealadach nó cosaint náisiúnta leordhóthanach a fháil ann. Mar sin féin, níor cheart sonraí pearsanta a mhalartú ach tríd an gcainéal daingnithe DubliNet.
An ceart gluaiseacht faoi shaoirse tar éis an cead cónaithe a eisiúint
A luaithe a bheidh cead cónaithe eisithe ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2001/55/CE, tá sé de cheart ag an duine atá faoi chosaint shealadach taisteal chuig Ballstáit eile seachas an Ballstát sin a eisíonn an cead cónaithe ar feadh 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá. Má bhogann an duine sin chuig Ballstát eile ina dhiaidh sin, i gcás ina bhfaighidh sé cead cónaithe eile faoi chosaint shealadach, ní mór an chéad chead cónaithe a eisíodh agus na cearta a ghabhann leis ina dhiaidh sin a dhul in éag agus a tharraingt siar, i gcomhréir le meon Airteagal 15(6) agus Airteagal 26(4) de Threoir 2001/55/CE.
Ní mór a thabhairt faoi deara, d‘fhonn tacú leis na Ballstáit, arb iad na príomhphointí iad trína bhfuil na sluaite ollmhóra daoine easáitithe ag teacht isteach chun teitheadh ón gcogadh san Úcráin, a chumhdaítear leis an gCinneadh ón gComhairle agus d’fhonn cothromaíocht iarrachtaí idir na Ballstáit uile a chur chun cinn, chomhaontaigh na Ballstáit gan Airteagal 11 de Threoir 2001/55/CE a chur i bhfeidhm maidir le daoine atá faoi chosaint shealadach i mBallstát ar leith i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle agus a bhog go Ballstát eile gan údarú, mura rud é go gcomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach (13).
3. CLÁRÚ (AIRTEAGAL 10 DEN TREOIR UM CHOSAINT SHEALADACH)
Faoi Airteagal 10 de Threoir 2001/55/CE, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit sonraí pearsanta (ainm, náisiúntacht, dáta breithe agus áit bhreithe, stádas pósta, agus gaol teaghlaigh) na ndaoine atá faoi chosaint shealadach ar a gcríoch a chlárú. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit bunachair sonraí ábhartha, idir idirnáisiúnta agus náisiúnta, agus bunachair sonraí AE ábhartha a cheadú le linn dóibh seiceálacha agus imscrúduithe a dhéanamh, agus go háirithe na foláirimh maidir le daoine agus doiciméid i gCóras Faisnéise Schengen (SIS).
Faoin mbunús dlí atá ann faoi láthair, ní féidir Eurodac ná córais ná bunachair shonraí mhórscála TF eile de chuid an Aontais Eorpaigh a úsáid chun tairbhithe de chosaint shealadach a chlárú. Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún comhairle do na Ballstáit na daoine sin a chlárú ina gcláir náisiúnta d’eachtrannaigh nó do chláir náisiúnta eile agus lánurraim á tabhairt don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Níor cheart do na Ballstáit aon sonraí pearsanta eile a chlárú seachas na sonraí a chumhdaítear le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/55/CE.
Cuireann an dúshlán a bhaineann le hoibriú trí bhunachair shonraí náisiúnta amháin teorainn leis an acmhainneacht faisnéis a mhalartú, mar shampla, a rianú agus a bhrath má tá an duine céanna ag baint tairbhe as na cearta a ghabhann le cosaint shealadach i níos mó ná Ballstát amháin. Tá an Coimisiún réidh, le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chun oibriú leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, trí ardán a chur ar fáil chun faisnéis a mhalartú, mar shampla.
I gcás inar gá an fhaisnéis faoi dhaoine sonracha atá cláraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Threoir 2001/55/CE a mhalartú le haon Bhallstát eile, chun críocha na Treorach (amhail i gcás athaontú teaghlaigh nó má bhíonn fiosrúcháin bhreise ag teastáil i gcás sonrach) is féidir na sonraí sin a mhalartú tríd an gcainéal daingnithe DubliNet.
4. CEAD CÓNAITHE (AIRTEAGAL 8 DEN TREOIR UM CHOSAINT SHEALADACH)
Ní mór do na Ballstáit ceadanna cónaithe a sholáthar do dhaoine atá faoi chosaint shealadach ar feadh thréimhse na cosanta agus doiciméid nó fianaise choibhéiseach eile a eisiúint chun na críche sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE. Maireann cosaint shealadach mar a tugadh isteach leis an gCinneadh ón gComhairle í bliain amháin ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh, i.e. ón 4 Márta 2022 go dtí an 4 Márta 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE.
Bheadh an cead cónaithe ina dhoiciméad chun a stádas a chruthú le húdaráis eile, mar shampla le hoifigí agus seirbhísí fostaíochta, scoileanna, ospidéil. Is mian leis an gCoimisiún a chur i bhfios go láidir gur cuspóir oibiachtúil í bliain amháin, i.e. mairfidh sí go dtí an 4 Márta 2023 gan beann ar cén uair a eisíodh an cead cónaithe. Dá bhrí sin, is é an 4 Márta 2023 an dáta deiridh do gach cead cónaithe a eiseofar faoin gCinneadh ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE.
I gcás nach nglacfaidh an Chomhairle Cinneadh, ar thogra ón gCoimisiún, le linn na tréimhse sin, deireadh a chur leis an gcosaint shealadach, cuirfear síneadh sé mhí go huathoibríoch leis an gcosaint shealadach, i.e. go dtí an 4 Meán Fómhair 2023, agus arís go ceann sé mhí eile, i.e. go dtí an 4 Márta 2024. Leanfadh an oibleagáid chun ceadanna cónaithe a eisiúint/a fhadú ar feadh na dtréimhsí sin. D’fhonn an t-ualach riaracháin a bhaineann le hathnuachan na gceadanna a laghdú, féadfaidh na Ballstáit an cead cónaithe a dheonú cheana féin ar feadh dhá bhliain, agus iad ar an eolas gur féidir deireadh a chur leis an gcosaint shealadach tráth ar bith i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(b) den Treoir. Mura mbainfidh na Ballstáit leas as an deis sin, beidh orthu na ceadanna cónaithe a athnuachan faoi dhó ar feadh tréimhsí sé mhí.
Ar an taobh eile, má ghlacann an Chomhairle Cinneadh, ar thogra ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2001/55/CE, deireadh a chur le cosaint shealadach roimh na dátaí sin, bheadh na ceadanna cónaithe a eisíodh, mar go bhfuil siad dearbhaitheach amháin (toisc gurb é an Cinneadh féin atá bunaithe ar chearta), neamhbhailí agus ba cheart iad a tharraingt siar. Ba cheart do na Ballstáit a fhoilsiú, trína nósanna imeachta agus bealaí náisiúnta, go mbeidh gach cead cónaithe atá faoi chosaint shealadach neamhbhailí ar an dáta sonrach.
Chun cearta a dheonú a bhaineann le cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, molann an Coimisiún do na Ballstáit oscailt cuntais bhainc agus rochtain ar sheirbhísí ábhartha a éascú ar bhonn doiciméid aitheantais nó réitigh choibhéisigh aitheantais a nglacann na Ballstáit leo agus ar bhonn cruthúnais ar dhul isteach san Aontas an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin, fiú i gcás ina bhfuil an nós imeachta um chead cónaithe a eisiúint fós ar feitheamh.
Molann an Coimisiún go láidir do na Ballstáit féachaint ar bhunachair sonraí ábhartha idirnáisiúnta, bunachair an Aontais agus bunachair náisiúnta le linn a seiceálacha agus a n-imscrúduithe, agus féachaint go háirithe ar na foláirimh maidir le daoine agus doiciméid atá i gCóras Faisnéise Schengen (CFS), sula n-eiseoidh siad cead cónaithe do thairbhithe cosanta sealadaí nó cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta.
Ba cheart do na Ballstáit sonraí a iontráil sa Chóras Faisnéise Schengen a luaithe is féidir faoi smuigléirí, faoi gháinneálaithe ar dhaoine agus faoi dhéantóirí eile coireachta tromchúisí nó faoina gcomhchoirithe. Braitheann torthaí na seiceálacha ar cháilíocht ionchur na sonraí ó na Ballstáit a eisíonn na foláirimh. Dá bhrí sin, meabhraíonn an Coimisiún do na Ballstáit eisiúna na sonraí ábhartha uile atá ar fáil a chur san áireamh. Leis an gcóras, is féidir leis na Ballstáit eisiúna foláirimh atá nasctha go hoibríochtúil a nascadh. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit eisiúna an úsáid is fearr is féidir a bhaint as feidhmiúlachtaí uile Chóras Faisnéise Schengen. Tiocfaidh Córas Faisnéise Schengen athnuaite i bhfeidhm sna míonna amach romhainn (2022), agus táimid ag súil go gcuirfidh na Ballstáit na feidhmiúlachtaí nua chun feidhme go tapa agus go mbainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na feidhmiúlachtaí nua sin chomh maith.
5. MIONAOISIGH NEAMHTHIONLACTHA (AIRTEAGAL 16 DEN TREOIR UM CHOSAINT SHEALADACH)
Ó thús ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá rabharta dlúthpháirtíochta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo feicthe ag an Eoraip i leith daoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin, go háirithe leanaí. Thaistil teaghlaigh Eorpacha, daoine aonair nó cumainn Eorpacha go dtí teorainn an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin chun cúram a ghlacadh de leanaí na hÚcráine ar fhan a dtuismitheoirí san Úcráin.
Is mian leis an gCoimisiún a chur in iúl go láidir gurb é an cuspóir atá ann, agus na coimircí dlíthiúla a bhaineann go sonrach le mionaoisigh neamhthionlactha agus leanaí scartha á gcur i bhfeidhm, an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an méid solúbthachta is gá chun dlúthpháirtíocht a fheidhmiú go héifeachtach agus an gá atá lena áirithiú go n-urramófar na ráthaíochtaí bunúsacha agus na coimircí bunúsacha do leanaí neamhthionlactha agus, dá bhrí sin, go n-áiritheofar a gcosaint go hiomlán.
Tá an dlúthpháirtíocht sin gan dochar don oibleagáid atá ar údaráis na mBallstát na ceanglais shonracha a leagtar amach i dTreoir 2001/55/CE a chomhlíonadh agus Airteagal 24 den Chairt a chomhlíonadh agus an Treoir sin agus an cinneadh ón gComhairle á gcur chun feidhme. De bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2001/55/CE, ní mór do na Ballstáit caomhnóirí/ionadaithe dlíthiúla féideartha a cheapadh a luaithe is féidir do na mionaoisigh neamhthionlactha a bhaineann leas as cosaint shealadach ar a gcríoch, lena n-áirítear, i gcás inar gá, caomhnóir sealadach a cheapadh go dtí go gceapfar an caomhnóir buan, nó, tríd an ionadaíocht ó eagraíocht atá freagrach as cúram agus dea-bhail na mionaoiseach a áirithiú, nó trí aon ionadaíocht iomchuí eile.
Féadfaidh caomhnóir dlíthiúil, eagraíocht atá freagrach as cúram agus dea-bhail na mionaoiseach, nó aon ionadaíocht iomchuí eile, ionadaíocht a áirithiú. Measann an Coimisiún gur gá go mbeadh “ionadaíocht iomchuí” oiriúnach do riachtanais shonracha mionaoiseach agus, go háirithe, go ndéanfaí measúnú agus gníomhú ar mhaithe le sárleasanna an linbh. Ní féidir ionadaíocht a áirithiú ach amháin ag daoine aonair nach bhfuil aon taifead acu ar choireanna a bhain le leanaí (“grinnfhiosrúchán”).
Ní mór ionadaíocht a áirithiú a luaithe is féidir i mBallstát an chéad dul isteach, trí láithreacht ionadaí na seirbhísí cosanta leanaí, ag gach pointe de na nósanna imeachta nach mór sárleasanna an linbh a chur san áireamh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an leanbh, a áirithiú, nó i gcás inar gá, láithreacht daoine aonair nó eagraíochtaí arna gceapadh chun gníomhú thar ceann na seirbhísí cosanta leanaí. Ní gá an t-ionadaí sin a cheapadh go sonrach i ndáil le gach mionaoiseach neamhthionlactha, is leor sainordú ginearálta a thabhairt dó chun cúnamh a thabhairt nuair is gá chun a áirithiú go gcuirfear sárleasanna na leanaí neamhthionlactha san áireamh.
I gcás:
(1) |
mionaoisigh neamhthionlactha atá ag leanúint dá dturas i dtreo Ballstáit eile chun iad a athaontú le ball teaghlach de réir bhrí Airteagal 15 de Threoir 2001/55/CE, nó |
(2) |
mionaoisigh neamhthionlactha a ngabhann daoine aitheanta neamhghaolmhara (a bhí in éineacht leo cheana féin le linn na coda roimhe sin den turas), nó eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha ó Bhallstáit eile iad ar láimh d’fhonn cúram a thabhairt dóibh sna Ballstáit sin, |
Ba cheart do Bhallstát an chéad dul isteach a áirithiú:
(1) |
Go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, céannacht na leanaí agus céannacht na ndaoine fásta a bhfuil na leanaí ag leanúint ar a dturas in éineacht leo, chomh maith leis an mBallstát cinn scríbe, a chlárú i mBallstát an chéad dul isteach sula leanann an leanbh/na leanaí agus na daoine fásta tionlacain ar a dturas; |
(2) |
Go gcuirfear seiceálacha tapa i bhfeidhm agus go n-achtófar iad tráth an chlárúcháin thuasluaite, seiceálacha chun cásanna féideartha nó riosca mí-úsáide nó gáinneála ar dhaoine a chosc agus a bhrath; i gcás ina bhfuil amhras faoi chásanna gáinneála ar dhaoine, ba cheart do na Ballstáit foláireamh coisctheach a eisiúint sa Chóras Faisnéise Schengen; |
(3) |
Go mbeidh ionadaí na seirbhísí cosanta leanaí – mar a thuairiscítear sa mhír roimhe seo, i láthair tráth an chlárúcháin thuasluaite. |
Nósanna imeachta um baill teaghlaigh a shainaithint de réir bhrí Airteagal 15 de Threoir 2001/55/CE, daoine a bhféadfadh cónaí a bheith orthu i mBallstáit eile de chuid an Aontais, ba cheart do na Ballstáit na nósanna imeachta sin a thionscnamh a luaithe is féidir, agus i gcás inar sainaithníodh na daoine sin, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta um athaontú leis na baill teaghlaigh a thionscnamh a luaithe is féidir.
Maidir le mionaoisigh neamhthionlactha ar tairbhithe cosanta sealadaí daoine dá dteaghlach atá i mBallstát eile, ba cheart iad a athaontú leis na daoine sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 15 agus 26 de Threoir 2011/95/CE, agus tuairimí na leanaí á gcur san áireamh, i gcomhréir lena n-aois agus a n-aibíocht, agus ar choinníoll gur chun a sárleasa é. Maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a bhfuil cónaí ar dhaoine dá dteaghlach i mBallstát eile faoi chóras dlí difriúil, féadfar iad a athaontú leis na daoine sin i gcomhréir le hionstraimí eile de dhlí an Aontais (e.g. Treoir 2003/86/CE, Treoir 2004/38/CE, Rialachán (AE) 604/2013), i gcás inarb infheidhme, nó ar bhonn an dlí náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag nósanna imeachta um athaontú teaghlaigh gan dochar do dhaoine de theaghlach na leanaí lena mbaineann a bheith in ann teacht chuig Ballstát an chéad dul isteach chun iad a bhailiú, ná do shocruithe eile arna gcomhaontú i gcomhthéacs an Chláir Oibre Dlúthpháirtíochta.
I gcás na mBallstát cinn scríbe, molann an Coimisiún nós imeachta tapa a chur ar bun um chlárú leanaí neamhthionlactha atá ag dul chun cónaithe ina gcríoch, agus go dtionscnófar a luaithe is féidir na nósanna imeachta um cheapadh an chaomhnóra/an ionadaí dhlíthiúil agus um chúram na leanaí a chur faoina gcoimirce, mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta – faoi réir na bhfíoruithe dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar shárleasanna an linbh agus grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar na daoine fásta lena mbaineann féachaint an bhfuil taifead ann de chionta a bhaineann le leanaí a bheith déanta acu roimhe sin.
Na nósanna imeacht um chúram na leanaí a chur faoi choimirce duine, is féidir gur nósanna imeachta iad sin a bheadh ar leithligh ó na nósanna imeachta um cheapadh caomhnóirí/ionadaithe dlíthiúla do na leanaí céanna, mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta. I gcás inar gá, eagraíocht atá freagrach as cúram agus dea-bhail mionaoiseach, nó aon ionadaíocht iomchuí eile, mar a shonraítear in Airteagal 16 den Treoir, féadfaidh siadsan caomhnóireacht/ionadaíocht dhlíthiúil a áirithiú freisin. Ina theannta sin, teaghlaigh altrama agus pobail/eagraíochtaí a gcuirtear cúram mionaoiseach neamhthionlactha ar tairbhithe cosaint shealadach iad faoina gcoimirce, ba cheart liúntais teaghlaigh agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh freisin i dtaca leis na leanaí atá gafa ar láimh acu, mar a fhoráiltear i ndlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh.
De bhun Airteagal 16(2) de Threoir 2001/55/CE, le linn thréimhse na cosanta sealadaí déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a bheith i gcuideachta daoine fásta atá muinteartha leo, le teaghlach altrama, in ionaid ghlactha ina bhfuil forálacha speisialta do mhionaoisigh, nó i gcóiríocht eile atá oiriúnach do mhionaoisigh. Tá an méid sin bailí maidir le Ballstát an chéad dul isteach agus le Ballstáit ina ndéanfaí mionaoisigh neamhthionlactha a aistriú, i gcás inarb infheidhme.
Ní mór do na Ballstáit na céimeanna is gá a ghlacadh ionas gur féidir an socrúchán a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear san áireamh dearcadh na leanaí, i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht, ach go n-áirithítear freisin go bhfuil an cineál socrúcháin a roghnaítear oiriúnach do leanaí, agus gur chun a sárleasa é. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit a shuí go n-aontaíonn an duine fásta nó na daoine fásta lena mbaineann le socrúchán an mhionaoisigh neamhthionlactha nó na mionaoiseach neamhthionlactha i gcás inarb infheidhme.
I gcás na leanaí neamhthionlactha sin nach leanann dá n-aistear i dtreo Ballstáit eile i gceann den dá chineál imthosca a thuairiscítear thuas, ba cheart do Bhallstát an chéad dul isteach a áirithiú, chomh maith le caomhnóir/ionadaí dlíthiúil a cheapadh, go mbeidh cóiríocht oiriúnach ag na leanaí sin a luaithe is féidir (14) (nuair is féidir é, ba cheart tús áite a thabhairt do roghanna malartacha ar chúram institiúideach – amhail teaghlaigh altrama nó cúram pobail, socruithe maireachtála leath-neamhspleácha do dhéagóirí os cionn 16 bliana d’aois etc.), sin agus rochtain ar oideachas agus/nó ar ghairmoiliúint, ar chúram sláinte (lena n-áirítear cúram coisctheach agus cúram sláinte meabhrach) agus cúram síceasóisialta.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 26 de Threoir 2001/55/CE, leanaí neamhthionlactha nach bhfuil ag leanúint dá n-aistear tar éis dóibh a bheith gafa ar láimh i gceann de na himthosca dá dtagraítear thuas, féadfar iad a aistriú mar sin féin chuig an mBallstát a meastar gurb é is fearr atá inn glacadh leis an leanbh atá gafa ar láimh, tar éis measúnú a dhéanamh ar shárleas an linbh, measúnú atá le déanamh i mBallstát an chéad dul isteach.
Moltar do na Ballstáit comhoibriú le chéile ionas go n-éascófar malartú faisnéise agus sonraí thar theorainneacha maidir le cásanna leanaí neamhthionlactha a ghluaiseann feadh dlínsí éagsúla de chuid an Aontais.
Mar a luadh thuas, molaimid do na Ballstáit na seiceálacha is gá a dhéanamh agus an leas is fearr is féidir a bhaint as Córas Faisnéise Schengen. Nuair a thiocfaidh an córas CFS nua i bhfeidhm, beifear in ann ní hamháin foláirimh “imoibríocha” maidir le leanaí a chuaigh ar iarraidh a chur isteach ann, ach foláirimh “choisctheacha” maidir leis na nithe seo a leanas freisin:
— |
leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe; |
— |
leanaí atá i mbaol a nglactha thar lear go neamhdhleathach nó ar gá taisteal a choisceadh orthu ar mhaithe lena gcosaint féin; |
— |
daoine fásta leochaileacha atá i mbaol a nglactha thar lear go neamhdhleathach nó ar gá taisteal a choisceadh orthu ar mhaithe lena gcosaint féin; |
— |
bailiú faisnéise faoi dhaoine nó faoi nithe bunaithe ar fhiosrúcháin (seiceálacha fiosrúcháin); agus |
— |
daoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu ar mhaithe lena sainaithint trí úsáid a bhaint as loirg arna mbailiú ar láithreacha coire tromchúisí. |
6. GÁINNEÁIL AR DHAOINE
Treoir 2011/36/AE (“Treoir Frithgháinneála an Aontais”) (15) agus an reachtaíocht lena ndéantar í a thrasuí i gcórais dlí na mBallstát, tá feidhm acu maidir le cás na ndaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sna hionstraimí dlí sin. An reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar an Treoir Frithgháinneála AE a thrasuí, is rud í ina gcuimsítear bearta um laghdú an bhaoil go dtarlódh aon chineál dúshaothraithe a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, maille le bearta um laghdú an éilimh ar aon chineál dúshaothraithe den chineál sin.
Is mná agus leanaí iad formhór na ndaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin. D’fhéadfadh gáinneálaithe, go háirithe grúpaí coireachta eagraithe, leas a bhaint as leochaileacht na ndaoine sin ar mhaithe le haon cheann de na cineálacha dúshaothraithe a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, go háirithe chun críocha teacht i dtír gnéasach nó dúshaothrú saothair. Moltar go láidir do na Ballstáit bearta coisctheacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm lena ndíreofar go sonrach ar dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin. Féadfar a áireamh leo sin faisnéis a chur ar fáil, ag pointí trasnaithe teorann agus laistigh den chóiríocht, maidir leis na rioscaí a bhaineann le gáinneáil, faisnéis a bheadh i dteanga a bhfuil daoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin in ann a thuiscint, agus i gcás leanaí neamhthionlactha, a chuirfí i láthair ar bhealach a bheadh oiriúnach don leanbh agus a bheadh aois-oiriúnach, maille leis an bhfaisnéis chéanna a chur ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na heagraíochtaí sochaí sibhialta ar dócha dóibh a bheith i dteagmháil leis na daoine sin. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith ar fáil ar líne freisin agus ba cheart a chuimsiú inti uimhir bheolíne éigeandála a bhféadfaí glao a chur uirthi i dteangacha éagsúla de ló agus d’oíche, seacht lá na seachtaine.
Is rud lárnach í an mhúscailt feasachta i measc gairmithe ríthábhachtacha ar dócha dóibh teagmháil a bheith acu le daoine a mbeadh an baol ann go ndéanfaí gáinneáil orthu agus leis na pobail ghlactha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhionaoisigh neamhthionlactha, mar gheall ar an leochaileacht bhreise a bhaineann lena gcás siúd. Ba cheart institiúidí cúraim leanaí (e.g. dílleachtlanna, scoileanna, cúram altrama) go háirithe a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le gáinneáil agus faoi na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm i gcásanna den sórt sin.
Trí hoiliúint agus treoracha iomchuí a thabhairt do na húdaráis ábhartha um fhorfheidhmiú an dlí agus do na húdaráis teorann ábhartha, chuirfeadh ar a gcumas dóibh aird a thabhairt ar chatagóirí an-leochaileach de dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin, d’fhonn cosc a chur ar an ngáinneáil ar dhaoine agus d’fhonn daoine a bhfuil an baol ann go ndéanfaí gáinneáil orthu a shainaithint go luath. Rud ba cheart a bheith mar chuid d’iarrachtaí sainaithniúcháin is ea beolínte éigeandála a bhféadfaí glao a chur orthu de ló agus d’oíche, seacht lá na seachtaine, chun cásanna a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus chun íospartaigh a tharchur chuig na seirbhísí iomchuí cúnaimh, tacaíochta agus cosanta.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a Sásra Náisiúnta Tarchuir lánfheidhmeach ar mhaithe le feabhas a chur ar an tsainaithint lua, ar an gcúnamh agus ar an tacaíocht ar son íospartaigh gháinneála. Comhar idir na húdaráis tearmainn, teorann, forfheidhmithe dlí agus breithiúnacha, is rud é ba cheart a áirithiú go hinmheánach agus le Ballstáit eile araon. Ba cheart faisnéis ábhartha faoi chásanna trasteorann a roinnt trí bhealaí comhair póilíneachta agus bealaí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, lena n-áirítear Europol agus Eurojust.
Chun íospartaigh a shainaithint go luath, chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh, moltar go láidir do na húdaráis náisiúnta oibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. I gcás ina mbraithfear cásanna nithiúla gáinneála, na bearta cúnaimh, tacaíochta agus cosanta a leagtar amach i dTreoir Frithgháinneála an Aontais, ba cheart iad a dheonú do na híospartaigh chomh luath agus a bheidh tagtha ag na húdaráis ar fhorais réasúnacha lena chreidiúint go mb’fhéidir go ndearnadh dúshaothrú ar an duine sin, agus gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an duine sin toilteanach comhoibriú le linn imscrúduithe, ionchúisimh nó trialacha coiriúla. Is é a laghad ba cheart a chuimsiú ansin caighdeáin mhaireachtála lena bhféadfaí cothú na n-íospartach a áirithiú trí bhearta amhail cóiríocht iomchuí shábháilte agus cúnamh ábharach a chur ar fáil, sin agus an chóir leighis ba ghá, rud lena n-áirítear cúnamh, comhairleoireacht agus faisnéis shíceolaíoch, maille le seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta i gcás inarb iomchuí.
I gcásanna a bhaineann le híospartaigh ar leanaí iad, ní mór tús áite a thabhairt dá sárleas agus ba cheart rochtain a thabhairt dóibh láithreach ar chúnamh, ar thacaíocht agus ar chosaint. Ina theannta sin áiritheoidh na Ballstáit réitigh mharthanacha do mhionaoisigh neamhthionlactha, réitigh a bheidh bunaithe ar a sárleasanna.
7. ROCHTAIN AR AN NÓS IMEACHTA TEARMAINN
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2001/55/CE, na daoine atá faoi chosaint shealadach, tá an ceart acu iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh agus a thaisceadh tráth ar bith. Sa chás sin, tá feidhm ag forálacha an acquis tearmainn, lena n-áirítear clárú na n-iarratasóirí ar Eurodac. Is amhlaidh atá maidir le tairbhithe cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Chinneadh ón gComhairle.
Gan dochar don cheart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart tairbhithe de chosaint shealadach a athdhearbhú maidir leis na cearta a thabharfaí dóibh leis an stádas sin.
Ní mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin nach bhféadfaidh daoine a bheith faoi chosaint shealadach agus an stádas mar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta acu an tráth céanna agus a n-iarratais á meas (Airteagal 19 de Threoir 2001/55/CE).
Mar sin de, tá sé an-tábhachtach go gcuirfí an duine ar an eolas go hiomlán faoi na cleachtais atá á gcur i bhfeidhm ag an Stát, agus leis sin chuirfí ar a chumas don duine a chinneadh an n-iarrfaidh sé nó sí cosaint idirnáisiúnta sa bhreis ar chead cónaithe lena léirítear stádas cosanta sealadaí an duine.
I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2001/55/CE, maidir le duine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, nó duine atá faoin gcosaint sin, i gcás ina gcinneann sé iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, agus i gcás nach mbronntar stádas dídeanaí nó cosaint choimhdeach i ndiaidh scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, beidh an duine sin faoi chosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, nó leanfaidh sé de bheith faoin gcosaint sin, ar feadh na coda eile den tréimhse cosanta.
Sa chás nár críochnaíodh an scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le linn tréimhse na cosanta sealadaí nó na cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta, ba cheart é a thabhairt chun críche i ndiaidh dheireadh na cosanta sealadaí, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Threoir 2001/55/CE.
Rialachán Bhaile Átha Cliath III a chur i bhfeidhm
I gcás ina ndéanfaidh duine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, nó duine atá faoin gcosaint sin, iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh, beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (16) (“Rialachán Bhaile Átha Cliath III”) maidir lena chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. De réir an Rialacháin sin, cinnfear an Ballstát freagrach ar bhonn critéar oibiachtúil (17) is infheidhme maidir le cásanna éagsúla, lena n-áirítear ceadanna cónaithe a eisiúint le haghaidh cosaint shealadach (18).
Agus Rialachán Bhaile Átha Cliath á chur i bhfeidhm, molann an Coimisiún go láidir do na Ballstáit meon an dearbhaithe a rinne an Chomhairle a chur san áireamh agus Cinneadh 2022/382 á chur chun feidhme ag an gComhairle d’fhonn an brú ar na Ballstáit a bhfuil mórtheacht isteach acu a mhaolú. Ós rud é gur féidir le duine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta leas a bhaint as a chearta nó a cearta in aon Bhallstát, i gcás ina ndéanfadh an duine sin iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, moltar go láidir don Bhallstát inar taisceadh an t-iarratas freagracht a ghlacadh as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas de bhun an chlásail dhiscréidigh a leagtar amach in Airteagal 17(1), i gcás ina mbeadh Ballstát a bhfuil mór-theacht isteach aige nó aici freagrach de bhun na gcritéar freagrachta (19) a leagtar amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III, d’fhonn brú ar an mBallstát sin a mhaolú.
Leis an gcur chuige atá molta ag an gCoimisiún, ba cheart go laghdófaí freisin an riosca go ndéanfaí iarratais iolracha i mBallstáit éagsúla, rud a mhaolódh an t-ualach ar na córais tearmainn.
Maidir le hathaontú teaghlaigh, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit comhoibriú go gasta chun athaontú tapa bhaill an teaghlaigh a áirithiú.
8. CÚNAMH AR AISDÚICHIÚ
I gcomhréir leis na treoirlínte oibríochtúla maidir le teorainneacha seachtracha a bhainistiú (20), ba cheart gach duine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil i dteideal cosaint shealadach nó, i gcás inarb infheidhme, cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, a ligean isteach san Aontas.
Daoine nach bhfuil faoi chosaint leordhóthanach, nó i gcás inarb infheidhme, faoi chosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, agus nach bhfuil an ceart acu fanacht ar chríoch Ballstát ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn an dlí náisiúnta, níor mhór iad a aisdúichiú go dtí a dtíortha tionscnaimh.
Molann an Coimisiún go n-eiseoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Treoir um Fhilleadh, (21) ceadanna nó údaruithe náisiúnta lena dtairgtear ceart chun fanacht ar feadh tréimhse teoranta ar fhorais dhaonnúla. Leis sin áiritheofaí gurbh éasca an rochtain ag daoine sa chás sin ar chúnamh bunúsach, lena n-áirítear cóiríocht, cúram sóisialta agus cúram leighis, go dtí go ndéanfar aisdúichiú orthu.
Cé gurb iad na tríú tíortha tionscnaimh go príomha atá freagrach as aisdúichiú sábháilte a gcuid saoránach atá sáinnithe san Aontas a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit comhordú le húdaráis na dtíortha sin chun eagrú na n-oibríochtaí aisdúichithe a éascú agus chun tacú leo. Ba cheart do Bhallstáit eile agus/nó don Choimisiún agus don Ardionadaí cúnamh sonrach a chur ar fáil chun tacú leis an teagmháil le húdaráis na dtríú tíortha sonracha aisdúichithe.
Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil do na daoine lena mbaineann, tacaíocht agus cúnamh lena n-éascófaí teagmhálacha le húdaráis inniúla chonsalacha na tíre tionscnaimh agus, i gcás inar gá, lena gcuirfí ar fáil cúnamh airgeadais le haghaidh an aisdúichithe trí eitiltí tráchtála. Féadfaidh na Ballstáit eitiltí aisdúichithe a eagrú go comhpháirteach, lena n-áirítear le tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex). Féadfaidh Frontex tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil, arna iarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann, mar shampla trí shuíocháin a chur in áirithe ar eitiltí tráchtála nó cairteitiltí a eagrú más gá sin chun freastal ar líon na ndaoine.
9. FAISNÉIS A SHOLÁTHAR I NDOICIMÉAD/BILEOG (AIRTEAGAL 9 DEN TREOIR UM CHOSAINT SHEALADACH)
Faoi Airteagal 9 de Threoir 2001/55/CE, ní mór do na Ballstáit doiciméad/bileog faisnéise a sholáthar do dhaoine faoi chosaint shealadach, i dteanga ar dócha go dtuigfidh siad í, doiciméad/bileog ina leagtar amach go soiléir na forálacha ábhartha a bhaineann le cosaint shealadach (na sochair atá bunaithe, cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as an gcosaint shealadach). D’eisigh an Coimisiún Ceisteanna & Freagraí maidir le Treoir 2001/55/CE (tá siad ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/stronger-europe-world/eu-solidarity-ukraine_en) ar féidir leis na Ballstáit iad a úsáid chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus aird á tabhairt ar an gceanglas teanga. Tá cód QR á fhorbairt ag an gCoimisiún freisin, cód is féidir a scanadh chun rochtain ar an bhfaisnéis a éascú. Molann an Coimisiún do na Ballstáit suíomhanna gréasáin den chineál céanna a bhunú atá oiriúnaithe do shainiúlachtaí an chomhthéacs náisiúnta agus a bheadh nasctha le suíomh gréasáin an Choimisiúin chun pointe iontrála aonair a chruthú le haghaidh gach duine lena mbaineann. I gcás leanaí, ba cheart an fhaisnéis a bheith sothuigthe dóibh chomh maith, de réir a n-aoise agus a n-aibíochta.
A mhéid a d’fhéadfadh aistrithe chuig Stát eile a bheith i gceist, ba cheart faisnéis shonrach a fhorbairt agus a sholáthar sula dtabharfaidh na daoine toiliú leis an aistriú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile.
10. Faisnéis atá le tuairisciú faoin Treoirphlean
D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm i gceart agus i gcomhréir le hAirteagal 7(2), Airteagal 19, Airteagal 25, Airteagal 26(2), agus Airteagal 27(1) agus (2) de Threoir 2001/55/CE, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar tríd an Treoirphlean:
— |
leathnú na cosanta sealadaí chuig catagóirí breise de dhaoine easáitithe; |
— |
iarrataí ginearálta agus acmhainneacht ghlactha le haghaidh aistrithe; |
— |
sonraí a bhaineann le líon na ndaoine atá faoi chosaint shealadach; |
— |
líon na náisiúnach tríú tír a bhfuil cead buanchónaithe bailí acu ón Úcráin atá faoi chosaint shealadach nó cosaint eile agus |
— |
faisnéis maidir leis na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta a bhaineann leis an gcosaint shealadach a chur i bhfeidhm. |
Féadfaidh siad faisnéis a sholáthar freisin maidir leis na rudaí seo a leanas: gnéithe den staid san Úcráin a bhfuil baint dhíreach acu le gluaiseacht daoine agus a stad; tuar na dteacht isteach breise chuig an Aontas; an staid ag an teorainn agus roimpi, bacainní ar shreabhántacht imeachtaí agus bearta chun an t-idirthuras ag an teorainn a éascú; an staid agus na riachtanais ghlactha; figiúirí agus nósanna imeachta um mionaoisigh neamhthionlactha; staid náisiúnach tríú tír nach náisiúnaigh de chuid na hÚcráine iad agus na riachtanais ghaolmhar i dtaca le cúnamh; soláthar tacaíochta déthaobhaí do Bhallstáit eile, faisnéis maidir le líon na ndaoine a bhfuil sé ar intinn acu bogadh go Ballstát eile. Raon feidhme agus cineál na faisnéise a iarrtar ar na Ballstáit, déanfar iad a oiriúnú do na himthosca atá ag athrú i gcomhthéacs Líonra an Treoirphlean.
Úsáidfear an fhaisnéis a bhaileofar freisin san Ardán Dlúthpháirtíochta agus sa Fhreagairt Chomhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil (IPCR) de réir mar is ábhartha.
(1) IO L 71, 4.3.2022, lch. 1.
(2) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
(3) IO C 104I , 4.3.2022, lch. 1.
(4) I gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive, tá cosc ar dhuine a chur ar ais chuig teorainneacha na gcríoch ina mbeadh a shaol nó a shaoirse i mbaol mar gheall ar chine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairim pholaitiúil. Thairis sin, de bhun Airteagal 19 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus dlí an Aontais á chur chun feidhme, ní fhéadfar aon duine a aistriú amach, a dhíbirt ná a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go gcuirfí pionós an bháis air nó go ndéanfaí céastóireacht nó pionós nó íde mhídhaonna nó tháireach eile air.
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le treoir i ndáil le cur i bhfeidhm Threoir 2003/86/CE maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh, 3 Aibreán 2014, COM/2014/0210 final.
(6) https://www.unicef.org/press-releases/one-week-conflict-ukraine-half-million-children-become-refugees. (arna fhoilsiú an 3 Márta 2022). Is féidir teacht ar an eolas atá cothrom le dáta faoi theacht isteach dídeanaithe chuig an Aontas anseo: https://data2.unhcr.org/en/situations/ukraine.
(7) COM(2017) 211 final 12 Aibreán 2017.
(8) I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an linbh agus acquis ábhartha an Aontais.
(9) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lgh. 1).
(10) Níl feidhm aige sin ach amháin maidir le náisiúntachtaí nach bhfuil faoi réir comhairliúchán roimh ré le húdaráis láir na mBallstát eile sula n-eiseofar víosa (Airteagal 22 den Chód Víosaí).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60).
(12) Teachtaireacht ón gCoimisiún lena gcuirtear treoirlínte oibríochtúla ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú (IO C 104 I, 4.3.2022, lch. 1).
(13) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6826-2022-ADD-1/en/pdf.
(14) Déantar tagairt don Guidance on reception conditions for unaccompanied minors [An Treoir maidir le dálaí glactha do mhionaoisigh neamhthionlactha] atá curtha ar fáil ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann - https://euaa.europa.eu/sites/default/files/Guidance-on%20reception-%20conditions-%20for-unaccompanied-children.pdf.
(15) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát.
(17) Ritheann na critéir oibiachtúla, in ord ordlathach, ó bhaill teaghlaigh a bheith i láthair i mBallstát, víosa nó cead cónaithe a eisiúint, teacht isteach neamhrialta san Aontas, nó teacht isteach tarscaoilte víosa. I gcás nach mbeidh feidhm ag aon cheann de na critéir sin, beidh an chéad Bhallstát inar taisceadh an t-iarratas freagrach.
(18) Airteagal 2(l) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.
(19) Na critéir a leagtar amach in Airteagail 12-15 nó sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán.
(20) Teachtaireacht ón gCoimisiún lena gcuirtear treoirlínte oibríochtúla ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú, C(2022)1404 final.
(21) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).