EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022SC0543

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR [ ] a ghabhann leis an doiciméad TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce

SWD/2022/543 final

An Bhruiséil,26.10.2022

SWD(2022) 543 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis an doiciméad

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce


{COM(2022) 540 final} - {SEC(2022) 540 final} - {SWD(2022) 540 final}


Achoimre feidhmiúcháin

Is leis an Treoir Réime maidir le hUisce (WFT), i gcomhar leis na Treoracha maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil (EQSD) agus maidir le Screamhuisce (GWD), a thugtar an creat chun dobharlaigh uisce dromchla agus screamhuisce na hEorpa a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Cé go bhfuil siad fós faoi bhrú ón truailliú, is foinse ríthábhachtach den uisce óil iad beagnach 100 000 dobharlach uisce dromchla agus 12 000 dobharlach screamhuisce na hEorpa, áirithítear an bhithéagsúlacht leo, is acmhainn bhunriachtanach iad d’fheirmeoirí agus don tionscal, is modh iompair agus comhábhar riachtanach den táirgeadh leictreachais agus téimh iad.

Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair liostaítear roinnt substaintí agus grúpaí substaintí truaillitheacha, chomh maith leis na tiúchain atá ceadaithe le haghaidh gach ceann acu, nach foláir do Bhallstáit cloí leo ina gcríochsan. Leis an reachtaíocht freisin rialaítear an faireachán (ag beagnach 150 000 láithreán san Aontas) agus tuairisciú ar cé acu a aimsítear nó nach n‑aimsítear truailleáin os cionn an tiúchain uasta. Tuairiscíonn siad freisin faoi na bearta a dhéantar in aghaidh an truaillithe sin. I láthair na huaire, áirítear 53 shubstaint ar reachtaíocht an Aontais le haghaidh an uisce dromchla; is lotnaidicídí, ceimiceáin agus miotail thionsclaíochta den chuid is mó atá iontusan. I gcás an screamhuisce, liostaítear sa reachtaíocht níotráití agus substaintí gníomhacha i lotnaidicídí.

Tugtar aghaidh leis an tionscnamh seo ar dhá phríomhfhadhb:

1.Cosaint uireasach d’éiceachórais agus do shláinte an duine ó rioscaí a bhaineann le truailleáin uileláithreacha agus/nó le truailleáin atá ag teacht chun cinn agus a meascáin. Is easnamhach é an liosta substaintí ar ábhair imní don Aontas iad (ní áirítear substaintí ann ag a bhfuil éifeachtaí diúltacha suntasacha ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine) agus is as dáta é (áirítear substaintí ann nach bhfuil i láthair a thuilleadh ina gcainníochtaí suntasacha nó lena mbaineann caighdeáin cháilíochta uireasacha). Thairis sin, déantar neamhaird leis an mbéim a dhírítear faoi láthair ar shubstaintí aonair ar éifeachtaí carnacha nó éifeachtaí comhcheangailte na meascán, agus ní thugtar san áireamh sa chreat faoi láthair na hathruithe séasúracha sna hualaí truailleán, amhail i gcás lotnaidicídí a úsáideann feirmeoirí nó a úsáidtear sna gairdíní príobháideacha.

2.Easnaimh chur chun feidhme: tá éagsúlacht rómhór sna truailleáin agus caighdeáin cháilíochta atá ainmnithe ar leibhéal na mBallstát, óna dtagann sonraí nach féidir comparáid a dhéanamh eatarthu. Baineann ualach trom leis an mbainistíocht agus tuairisciú sonraí, agus níl sé oiriúnaithe do chumas digiteach na teicneolaíochta an lá inniu ann; agus is nós imeachta rófhada é na liostaí truailleán lena ndéantar difear don uisce dromchla agus don screamhuisce a thabhairt cothrom le dáta trí ghnáthnós imeachta reachtach.

Is é is aidhm don athbhreithniú ar EQSD, GWD agus WFD na rialacha maidir le truailleáin san uisce a nuachóiriú go suntasach, agus dá réir chun uaillmhian an truaillithe nialasaigh a sholáthar i gcomhthéacs foriomlán an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Cuireann an tionscnamh, agus tá sé nasctha, le roinnt tionscnamh eile de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, amhail an laghdú ar úsáid lotnaidicídí agus ábhar frithmhiocróbach sa talmhaíocht agus san uisceshaothrú, an leasú ar an Treoir maidir le Cóireáil an Fhuíolluisce Uirbigh chun aghaidh a thabhairt ar neamhthruailleáin, etc., agus an leasú ar bheartas ceimiceán an Aontais trí mheán na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht.

Cuirtear i láthair pacáiste de roghanna agus fo-roghanna beartais is fearr, lena dtugtar aghaidh ar dhá phríomhfhadhb.

Easpa cosanta:

·A mhéid a bhaineann le huisce dromchla:

o24 shubstaint aonair a chur leis an liosta substaintí tosaíochta: lotnaidicídí, earraí cógaisíochta agus ceimiceáin thionsclaíochta chomh maith le grúpa 24 shubstaint PFAS;

oAn caighdeán cáilíochta comhshaoil (EQS) a athrú le haghaidh 16 shubstaint: le bheith níos déine i 14 chás agus níos lú déine in dhá chás;

oModheolaíocht a fhorbairt le tomhas agus faireachán a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh agus géinte um fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach san uisce dromchla agus sa screamhuisce, d’fhonn iad a chur leis an liosta mar thruailleán amach anseo;

o4 shubstaint a bhaint ón liosta (3 lotnaidicíd agus 1 cheimiceán tionsclaíochta) óir nach mbaineann bagairt ar fud an Aontais leo a thuilleadh.

·A mhéid a bhaineann leis an screamhuisce:

oGrúpa 24 shubstaint PFAS, dhá antaibheathach agus raon táirgí dianscaoilte lotnaidicídí a chur le hIarscríbhinn I (caighdeáin ar leibhéal an Aontais);

oSubstaint amháin, earra cógaisíochta, a chur le hIarscríbhinn II (i gcás inar gá do Bhallstáit smaoineamh ar chaighdeán náisiúnta a shocrú).

Easnaimh chur chun feidhme:

·‘Liosta faire’ éigeantach a chur ar bun le haghaidh screamhuisce chun sonraí níos iontaofa a bhailiú maidir le truailleáin screamhuisce féideartha;

·An liosta faire maidir le huisce dromchla a oiriúnú le séasúracht na n‑astaíochtaí a chur san áireamh;

·Oiriúnuithe amach anseo leis na liostaí truailleán a éascú trí phróiseas reachtach simplithe;

·Caighdeáin um thruailleáin a chomhchuibhiú atá ábhartha ar leibhéal na n‑abhantrach;

·Sásra a thabhairt isteach le haghaidh tuairisciú sonraí uathoibrithe lena gceadófar rochtain níos tapa agus níos dírí ar amhshonraí maidir le cáilíocht uisce ar leibhéal na mBallstát.

Forbraíodh an bonn eolaíochta faoin tionscnamh i bpróiseas trédhearcach agus cuimsitheach, faoi threoir Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil agus lenar bhain Ballstáit, páirtithe leasmhara, an tionscal agus an saol acadúil. Ba leis an gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag Teacht chun Cinn a áirithíodh grinnfhiosrúchán eolaíochta neamhspleách ar na substaintí lena mbaineann. Cuimsítear leis an measúnú tionchair na réamhthuairimí nó na tuairimí deiridh i leith gach ceann de na substaintí / grúpaí substaintí, dá bhfuil ar fáil faoi láthair (Deireadh Fómhair 2022). Tá na teorainnluachanna nach bhfuil aon réamhthuairim ná tuairim deiridh ar fáil dóibh bunaithe ar an sainchomhad a d’ullmhaigh an Coimisiún le haghaidh an Choiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag Teacht chun Cinn. Is idir lúibíní cearnacha a chuirtear na teorainnluachanna le haghaidh na substaintí sin síos tríd an measúnú tionchair agus tríd an togra. Bainfear na lúibíní cearnacha de réir mar a thiocfaidh tuairimí isteach.

Táthar ag réamhthuar go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar cháilíocht an uisce i ndobharlaigh uisce dromchla agus screamhuisce na hEorpa, agus bainfidh buntáistí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch leis freisin. Tá coinne leis dá bhrí sin go mbeidh tionchar díreach aige ar an tionsclaíocht, an talmhaíocht, dáileoirí, cuideachtaí fuíolluisce, údaráis agus saoránaigh na mBallstát.

Níorbh fhéidir gach tionchar ar leibhéal an Aontais a chainníochtú. Thairis sin, óir is féidir le gach Ballstát na bearta a chuirfidh siad chun feidhme a roghnú, bearta chun an pacáiste beartais is fearr a chomhlíonadh, ní féidir na costais agus na buntáistí a chainníochtú ar bhonn cuimsitheach, agus beidh siad an-éagsúil ó shubstaint amháin go chéile agus ó dhobharlach uisce amháin go chéile.

Is soiléir áfach go mbainfidh impleachtaí costais, agus impleachtaí suntasacha i roinnt cásanna, le roinnt substaintí san uisce dromchla agus sa screamhuisce a chur leis an liosta, nó (i gcás an uisce dromchla) lena gcaighdeán cáilíochta comhshaoil a athrú. I gcás an uisce dromchla, tá coinne le costais choigeartaithe dhíreacha shuntasacha, mar shampla trí iobúpróifein (frithmhúchán agus frith‑athlastach), gliofosáit (luibhicíd a úsáidtear sa talmhaíocht agus sa ghairneoireacht), PFAS (grúpa mór ceimiceán a úsáidtear mar shampla in gréithe cócaireachta, éadaí agus troscán, cúr comhraicthe dóiteáin agus táirgí cúraim phearsanta) agus Bisfeanól‑A (comhpháirt den phacáistíocht phlaisteach) a chur leis an liosta. Tá feidhm ag an méid céanna maidir le leasú an chaighdeáin cáilíochta comhshaoil le haghaidh HIAnna (ceimiceáin a ghintear de thoradh gual, gás, ola agus bia a dhó), mearcair (miotal a astaítear ón dóchán guail agus ón mianadóireacht óir den chuid is mó), agus nicil (miotal a astaítear ón dóchán guail agus ola troime). A mhéid a bhaineann leis an screamhuisce, tá coinne leis na costais is suntasaí i leith PFAS, a bheidh bainteach le srianadh ar úsáid (e.g. i gcúir chomhraicthe dóiteáin ‑ suas le EUR 390 milliún/bliain in aghaidh úsáid an ionadaigh) agus le bainistíocht na mbithsholad éillithe (suas le EUR 755 mhilliún/bliain le haghaidh loscadh agus EUR 201 mhilliún/bliain le haghaidh líonadh talún). Tairbheoidh gnólachtaí uisce óil agus an cáiníocóir sa deireadh thiar as áfach, agus costais níos lú le haghaidh na cóireála uisce ann.

Ba cheart go dtabharfaí d’aire nach féidir costais agus tairbhí a nascadh leis an tionscnamh seo amháin, óir tá roinnt tionscnamh eile ann a bhaineann leis na truailleáin chéanna, mar shampla an Treoir maidir le Cóireáil an Fhuíolluisce Uirbigh, an Treoir maidir le hUisce Óil, an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, agus an toirmeasc atá fógartha maidir le gach úsáid seachas úsáidí fíor‑riachtanacha PFAS.

An digitiúchán, an cuíchóiriú riaracháin agus na roghanna níos fearr maidir le bainistíocht riosca arb éard is aidhm dóibh faireachán agus tuairisciú a dhéanamh níos cruinne agus níos tráthúla; baineann costas riaracháin teoranta aonuaire don Choimisiún Eorpach leo (dá sanntar an cúram treoirdhoiciméid, modheolaíochtaí, etc. a dhréachtú), don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (dá sanntar cúram feabhas a chur leis an rochtain ar shonraí maidir le cáilíocht uisce) agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (dá sanntar cúram measúnú eolaíochta a dhéanamh ar riosca na dtruailleán ábhartha). A mhéid a bhaineann leis an gcuid is mó de na cúraimí a ndéantar measúnú orthu, beidh na costais go maith faoi bhun EUR 1 mhilliún. Tá coinne leis go dtiocfaidh méadú foriomlán ar chostais na mBallstát atá bainteach le faireachán a dhéanamh ar an truailliú de bharr líon méadaithe agus chineál difriúil (amhail micreaphlaistigh) na substaintí a chumhdaítear leis an reachtaíocht. Níl coinne leis go mbeidh sé sin níos mó ná EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana ar fud AE‑27 áfach (agus meastar dá réir go mbeidh sé thart ar EUR 0.33 milliún go EUR 0.55 milliún in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit). Cuirfidh na speansais sin ar chumas don Choimisiún agus do na Ballstáit áfach chun bearta níos spriocdhírithe a dhéanamh in aghaidh an truaillithe amach anseo.

Is í conclúid an mheasúnaithe tionchair seo, gur mó i bhfad na tairbhí don tsochaí ar an iomlán ná na costais a bhaineann leis. Áirítear leis na tairbhí coigilteas ar chostas na cóireála uisce agus sloda, éiceachóras atá níos sláintiúla agus coigilteas i gcostais chúraim sláinte. Fearacht an truaillithe san aer agus san ithir, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith bainteach freisin le neamhchosaint ar shubstaintí is suaiteoirí inchríneacha agus ar PFAS. Cuir i gcás PFAS, meastar go sábháiltear tuairim is EUR 9 mbilliún in aghaidh na bliana toisc nach gá an chúlosmóis a chur i bhfeidhm sa chóireáil uisce agus meastar go sábháiltear EUR 52‑84 bhilliún ar bhonn bliantúil i gcostais cúram sláinte. Agus é mar chomhlánú do reachtaíocht eile an Aontais atá i bhfeidhm cheana nó atá beartaithe faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá coinne leis dá bhrí sin go nginfear tairbhí móra don tsochaí agus don chomhshaol leis an tionscnamh seo.

Mar achoimre, athbhreithnítear leis an tionscnamh reachtaíocht an Aontais maidir le truailleáin uisce lena cur i gcomhréir leis na héilleáin atá ábhartha don lá inniu agus do na blianta amach romhainn, ach déantar an reachtaíocht níos ábhartha, níos trédhearcaí agus níos inoiriúnaithe leis freisin. Rannchuidíonn sé leis an méid sin leis na hiarrachtaí foriomlána an truailliú a laghdú chuig leibhéil nach mbeidh díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine agus don chomhshaol, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú.

Top