EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0714

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh agus i mBuanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh (14-15 Nollaig 2022, Vín na hOstaire)

COM/2022/714 final

An Bhruiséil,5.12.2022

COM(2022) 714 final

2022/0415(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh agus i mBuanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh (14-15 Nollaig 2022, Vín na hOstaire)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh (‘Comhairle Aireachta’) agus i mBuanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh (‘PHLG’) i ndáil le roinnt gníomhartha, a bhfuil sé beartaithe ag an dá chomhlacht sin a ghlacadh an 14 agus an 15 Nollaig 2022.

2.Comhthéacs an mholta

2.1.Conradh an Chomhphobail Fuinnimh

Is é is aidhm do Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (‘CCF’) creat cobhsaí rialála agus margaidh chomh maith le spás aonair rialála le haghaidh trádáil i bhfuinneamh eangach-cheangailte a chruthú trí chodanna comhaontaithe d’acquis an Aontais maidir le fuinneamh a chur chun feidhme sna Páirtithe neamh-AE. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Iúil 2006. Is Páirtí in CCF é an tAontas Eorpach 1 . Tagraítear do na naoi bPáirtí neamh-AE mar ‘Pháirtithe Conarthacha’ in CCF.

2.2.Comhairle Aireachta agus Buanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh

Áirithíonn an Chomhairle Aireachta go ndéanfar na cuspóirí a leagtar amach in CCF a bhaint amach. Soláthraíonn sí treoirlínte ginearálta beartais, déanann sí Bearta agus glacann sí Gníomhartha Nós Imeachta. Vóta amháin atá ag gach Páirtí agus, de réir an ábhair, gníomhaíonn an Chomhairle Aireachta de réir rialacha vótála éagsúla. Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na deich bPáirtí agus tá vóta amháin aige, de réir an ábhair lena mbaineann freisin.

Is le vóta trí aontoilíocht a bheidh feidhm i ndáil leis na gníomhartha atá beartaithe a liostaítear thíos faoi Roinn 2.3., pointe 9 (Airteagal 92(1) de CCF).

Is le vóta trí thromlach simplí a bheidh feidhm i ndáil leis na gníomhartha atá beartaithe a liostaítear thíos faoi Roinn 2.3., pointí 2, 3, 4 (Airteagail 79, 81 de CCF), pointe 8 (Airteagal 91(1)(a) de CCF).

Is ag tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, lena n-áirítear vóta dearfach an Aontais Eorpaigh, atá feidhm maidir leis na gníomhartha atá beartaithe faoi Roinn 2.3 pointí 1, 5, 6, 7 (Airteagail 83, 86, 87 de CCF).

Is fochomhlacht tábhachtach de chuid na Comhairle Aireachta é PHLG. Féadfaidh sé, i measc cúraimí eile, bearta a dhéanamh, má chumhachtaíonn an Chomhairle Aireachta amhlaidh é. Déantar ionadaíocht ar an Aontas Eorpach in PHLG agus bíonn vóta amháin aige.

Le hAirteagal 47 foráiltear maidir leis an méid seo a leanas: ‘Áiritheoidh an Chomhairle Aireachta go ndéanfar na cuspóirí a leagtar amach sa Chonradh seo a bhaint amach. Déanfaidh sé: […] (b) déanfaidh sé na bearta […]’.

Is le vóta trí thromlach simplí a bheidh feidhm i ndáil leis an ngníomh atá beartaithe a bheidh le vótáil ag an mBuanghrúpa Ardleibhéil.

2.3.Gníomhartha beartaithe na Comhairle Aireachta agus PHLG

An togra atá ann faoi láthair le haghaidh cinnidh faoi Airteagal 218(9) CFAE, baineann sé leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i leith na ngníomhartha atá beartaithe ón gComhairle Aireachta seo a leanas:

(1)Cinneadh 2022/.../MC-EnC maidir le hionchorprú Rialachán (AE) 2019/942, Rialachán (AE) 2019/943, Rialachán (AE) 2015/1222, Rialachán (AE) 2016/1719, Rialachán (AE) 2017/2195, Rialachán (AE) 2017/2196, Rialachán (AE) 2017/1485 in acquis an Chomhphobail Fuinnimh, lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus maidir leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. No 2021/13/MC-EnC agus Uimh. 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta agus maidir le glacadh Gnímh Nós Imeachta maidir le comhtháthú réigiúnach an mhargaidh fuinnimh sa Chomhairle Aireachta;

(2)Cinneadh 2022/…/MC-EnC lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2021/14/MC-EnC ón gComhairle Aireachta lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena nionchorpraítear Treoir (AE) 2018/2001, Treoir (AE) 2018/2002, Rialachán (AE) 2018/1999, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1208 in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh;

(3)Cinneadh 2022/.../MC-EnC lena noiriúnaítear agus lena nionchorpraítear Rialacháin Tharmligthe áirithe maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh agus lena naisghairtear Rialacháin Tharmligthe (AE) 1059/2010, (AE) 1060/2010, (AE) 1061/2010, (AE) 1062/2010, (AE) 874/2012, agus Treoir 96/60/CE;

(4)Cinneadh 2022/…/MC-EnC lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena nionchorpraítear Rialachán (AE) 2018/2066, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus Treoir 2003/87/CE in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh;

(5)Gníomh Nós imeachta 2022/…/MC-EnC lena leasaítear cur chun feidhme an bhuiséid, na rialachán foirne agus na rialacha earcaíochta;

(6)Gníomh Nós imeachta 2022/…/MC-EnC lena leasaítear Gníomh Nós imeachta 2008/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 27 Meitheamh 2008 maidir leis na Rialacha Nós Imeachta um Réiteach Díospóidí faoin gConradh, mar a leasaíodh iad;

(7)Gníomh Nós imeachta 2022/…/MC-EnC lena nglactar Cairt Eagrúcháin na Rúnaíochta;

(8)Cinntí faoi Airteagal 91(1) CCF lena suitear gur ann do shárú ar CCF sna cásanna seo a leanas:

(a)Cinneadh 2022/…/MC-EnC maidir le mainneachtain Phoblacht na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-4/22;

(b)Cinneadh 2022/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-5/22;

(c)Cinneadh 2022/…/MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-5/17.

(9)Cinntí faoi Airteagal 92(1) CCF:

(a)Cinneadh 2022/…/MC-EnC maidir le bearta a ghlacadh mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha na Boisnia agus na Heirseagaivéine faoi Airteagal 92(1) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh i gCásanna ECS-8/11S, ECS-2/13S agus ECS-6/16S;

(b)Cinneadh 2021/12/MC-EnC maidir le sárú tromchúiseach leanúnach a bhunú in aghaidh na Seirbia faoi Airteagal 92(1) den Chonradh i gCásanna ECS-10/17S agus ECS-13/17S.

An togra atá ann faoi láthair le haghaidh cinnidh faoi Airteagal 218(9) CFAE, baineann sé leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i leith na ngníomhartha bearta seo a leanas ó PHLG:

Cinneadh 2022/…/PHLG-EnC lena n-oiriúnaítear agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme nuashonraithe le haghaidh an staidrimh fuinnimh bhliantúil, mhíosúil agus mhíosúil ghearrthéarmaigh.

Is é is cuspóir do ghníomhartha na Comhairle Aireachta agus PHLG (dá ngairtear in éindí ‘na gníomhartha atá beartaithe’ anseo feasta) éascú a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí CCF agus ar fheidhmiú Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh i Vín, lena ndéantar, i measc rudaí eile, tacaíocht riaracháin a thabhairt don Chomhairle Aireachta.

2.4.Ítimí eile ar an gclár oibre

Ar mhaithe le hiomláine, tugtar faoi deara, maille leis na gníomhartha atá beartaithe beidh roinnt ítimí eile le vótáil ar chlár oibre chruinnithe na Comhairle Aireachta agus PHLG:

·An Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Fuinnimh;

·Cinneadh 2022/…/MC-EnC maidir le hUrscaoileadh Airgeadais Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh na n-ítimí sin, faoi réir formhuiniú roimh ré ag an gComhairle.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Gníomhartha beartaithe ón gComhairle Aireachta

3.1.1.Cinneadh 2022/.../MC-EnC maidir le hionchorprú Rialachán (AE) 2019/942, Rialachán (AE) 2019/943, Rialachán (AE) 2015/1222, Rialachán (AE) 2016/1719, Rialachán (AE) 2017/2195, Rialachán (AE) 2017/2196, Rialachán (AE) 2017/1485 in acquis an Chomhphobail Fuinnimh, lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus maidir leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. 2021/13/MC-EnC agus Uimh. 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta agus ar Ghníomh Nós Imeachta 2022/…/MC-EnC maidir le comhtháthú réigiúnach an mhargaidh fuinnimh

Tar éis na Comhairle Aireachta i mí na Samhna 2021 agus ar feitheamh leasuithe CCF, d’fhorbair an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Páirtithe Conarthacha, le Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus le Ballstáit an Aontais réitigh mhalartacha faoi chuimsiú an CCF atá ann faoi láthair chun dul chun cinn a bhaint amach maidir leis na margaí leictreachais a chomhtháthú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin bearta i réimse an leictreachais faoin Teideal ábhartha de CCF.

Ar an mbonn sin, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh Cinnidh ón gComhairle Aireachta chun na gníomhartha dlí seo a leanas de chuid an Aontais a ionchorprú in acquis an Chomhphobail Fuinnimh:

Rialachán (AE) 2019/943 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas 2 ,

Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú 3 ,

Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún maidir le Leithroinnt Todhchaí Acmhainne 4 ,

Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún maidir le cothromú leictreachais 5 ,

Rialachán (AE) 2017/2196 ón gCoimisiún maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú leictreachais 6 ,

Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún maidir le hoibríocht córais tharchurtha leictreachais 7

Rialachán (AE) 2019/942 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh 8 ,

Áirítear sa togra seo freisin leasú ar na Cinntí seo a leanas ón gComhairle Aireachta, rud lena gceadaítear margadh comhtháite leictreachais idir na Páirtithe Conarthacha agus Ballstáit chomharsanachta an Aontais Eorpaigh: Cinntí Uimh. 2021/13/MC-EnC 9 agus Uimh. 2011/02/MC-EnC 10 maidir le hionchorprú Threoir (AE) 2019/944 maidir leis an margadh inmheánach leictreachais 11 agus Rialachán (AE) 2019/941 maidir le hullmhacht le haghaidh rioscaí 12 in acquis an Chomhphobail Fuinnimh dá réir sin.

Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún togra le haghaidh Gníomh Nós Imeachta ón gComhairle Aireachta maidir le comhtháthú réigiúnach an mhargaidh fuinnimh faoi bhráid an Chomhphobal Fuinnimh freisin

Bheadh an Gníomh Nós Imeachta sin, a luaithe a ghlacfaí é, ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha agus ar an Aontas araon agus dhéanfaí foráil leis maidir le sainordú a thabhairt do ghníomhaireachtaí agus do chomhlachtaí an Aontais (ENTSO-E) cúraim a ghlacadh maidir le saincheisteanna trasteorann idir na Páirtithe Conarthacha agus Ballstáit an Aontais. 

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an Chinnidh agus an Ghnímh Nós Imeachta sa Chomhairle Aireachta den Chomhphobal Fuinnimh.

3.1.2.Cinneadh 2022/…/MC-EnC lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2021/14/MC-EnC ón gComhairle Aireachta lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena n-ionchorpraítear Treoir (AE) 2018/2001, Treoir (AE) 2018/2002, Rialachán (AE) 2018/1999, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1208 in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh;

I mí na Samhna 2021, bhunaigh Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh creat dlíthiúil an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh spriocanna 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, foinsí in-athnuaite agus astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh na naoi bPáirtí Chonarthacha neamh-AE trí na príomhghníomhartha reachtacha a eascraíonn as pacáiste an Aontais ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’ a ghlacadh (Treoir 2018 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, Treoir 2018 maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Rialachán Rialachais 2018). Sna gníomhartha sin, níor shonraigh an Chomhairle Aireachta na figiúirí le haghaidh spriocanna 2030.

Chuir an Coimisiún togra faoi bhráid an Chomhphobail Fuinnimh lena socraítear na figiúirí le haghaidh gach ceann de na naoi bPáirtí Chonarthacha neamh-AE. Rinneadh na figiúirí sin a chaibidliú leis na Páirtithe Conarthacha i gcruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha iomadúla roimh chruinniú neamhfhoirmiúil na Comhairle Aireachta i mí Iúil, lena linn agus ina dhiaidh. Cuirtear san áireamh iontu torthaí staidéir samhaltaithe a chuir an Coimisiún i gcrích níos luaithe i mbliana chomh maith le spriocanna agus pleananna náisiúnta na bPáirtithe Chonarthacha féin. Urramaítear leo freisin Treoirlínte Beartais 2018 ón gComhairle Aireachta ina bhforáiltear, maidir leis na spriocanna le haghaidh 2030, gur cheart ‘a léiriú leo uaillmhian chomhionann le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha agus ba cheart a chur san áireamh iontu difríochtaí socheacnamaíocha ábhartha, forbairtí teicneolaíocha agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide.’

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an Chinnidh.

3.1.3.Cinneadh 2022/.../MC-EnC lena noiriúnaítear agus lena nionchorpraítear Rialacháin Tharmligthe áirithe maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh agus lena n-aisghairtear Rialacháin Tharmligthe (AE) 1059/2010, (AE) 1060/2010, (AE) 1061/2010, (AE) 1062/2010, (AE) 874/2012, agus Treoir 96/60/CE

Chuir an Coimisiún togra faoi bhráid an Chomhphobail Fuinnimh maidir leis na gníomhartha dlí seo a leanas de chuid an Aontais a ionchorprú in acquis an Chomhphobail Fuinnimh:

:

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeáintí leictreonacha 13 ;

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí 14 ;

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais 15 ;

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin 16 ;

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí 17 ;

-Rialachán (AE) 2021/340 lena leasaítear a thuilleadh Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu 18 ;

lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Rialacháin Tharmligthe (AE) 1059/2010, (AE) 1060/2010, (AE) 1061/2010, (AE) 1062/2010, (AE) 874/2012, agus Treoir 96/60/CE.

Leis na rialacha nua, áiritheofar creat rialála comhchuibhithe agus cobhsaí le haghaidh monaróirí, agus, níos tábhachtaí fós, méadófar an trédhearcacht le haghaidh na dtomhaltóirí uile a bhuí leis an scálú céanna maidir le lipéadú fuinnimh a bheith ann idir Ballstáit an Aontais agus na Páirtithe Conarthacha.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an Chinnidh.

3.1.4.Cinneadh 2022/xx/MC-EnC lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena nionchorpraítear Rialachán (AE) 2018/2066, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus Treoir 2003/87/CE in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh

Ghlac Comhairle Aireachta mhí na Samhna 2021 Treochlár Dícharbónaithe le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha, ar doiciméad polaitiúil é ina leagtar amach ord ghlacadh, thrasuí agus chur chun feidhme na reachtaíochta atá dírithe ar dhícharbónú chun na Páirtithe Conarthacha a chur ar chonair i dtreo spriocanna dícharbónaithe 2030 agus lár an chéid a bhaint amach.

Leis an Treochlár Dícharbónaithe bhíothas ag díriú láithreach ar an Rialachán Rialachais, ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Glacadh na trí phíosa reachtaíochta sin ag Cruinniú Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh i mí na Samhna 2021, agus chuir an Coimisiún togra faoi bhráid an Chomhphobail Fuinnimh chun na figiúirí a shocrú le haghaidh gach Páirtí Chonarthaigh (féach pointe 3.1.3 thuas).

Is é an chéad chéim eile gníomhartha níos teicniúla a ionchorprú in acquis an Chomhphobail Fuinnimh, ar gníomhartha iad a léiríonn an bonn is gá chun aon bheartas praghsála carbóin a chur chun feidhme a bheadh oiriúnach le haghaidh córas trádála astaíochtaí (CTA) freisin.

Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an Treochlár Dícharbonúcháin, thíolaic an Coimisiún togra go nglacfaidh an Chomhairle Aireachta bearta a bhaineann le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí (MRV), chomh maith le forálacha roghnaithe de chuid CTA AE, a bhfuil gá leo chun go mbeidh aon chiall le reachtaíocht MRV do na Páirtithe Conarthacha Fuinnimh. Ní bhaineann praghsáil carbóin leo sin.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an Chinnidh.

3.1.5.Gníomh Nós imeachta 2022/…/MC-EnC lena leasaítear cur chun feidhme an bhuiséid, na rialachán foirne agus na rialacha earcaíochta;

Chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, togra le haghaidh Gníomh Nós Imeachta ón gComhairle Aireachta faoi bhráid an Chomhphobail Fuinnimh chun na gníomhartha seo a leanas a leasú:

Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2006/03/MC-EnC maidir le glacadh Nósanna Imeachta Comhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta;

Gníomh Nós Imeachta 2009/04/MC-EnC, Rialacháin Foirne an Chomhphobail Fuinnimh an 18 Nollaig 2007 mar a leasaíodh le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2009/04/MC-EnC; agus

Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2006/02/MC-EnC maidir le Rialacha i ndáil le hEarcaíocht, Coinníollacha Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh, mar a leasaíodh le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2016/01/MC-EnC é.

Is é is aidhm do na leasuithe sin feabhas a chur ar mhodhanna oibre Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh i ndáil le trédhearcacht, éifeachtúlacht agus cuntasacht. Áiritheofar leo go háirithe breis soiléireachta i dtaca le rialacha buiséadacha an Chomhphobail Fuinnimh maidir le roinnt gnéithe amhail an chaoi a gcaitear le cistiú seachtrach don Chomhphobal Fuinnimh trí dheontais agus trí chonarthaí, an clár oibre bliantúil, an plean bunaíochta agus cairt eagrúcháin Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, aistriú leithreasaí, an fheidhm chuntasaíochta agus rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid laistigh de Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, chomh maith le cúraimí an Choiste um an mBuiséad agus na n-iniúchóirí seachtracha. Leasófar Rialacháin agus Rialacha Foirne agus Earcaíochta an Chomhphobail Fuinnimh i dtaca le sainordú an Stiúrthóra lena sonraítear dhá théarma ar a mhéad, tréimhse 5 bliana an ceann agus ina sainítear post Leas-Stiúrthóra.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an Chinnidh.

3.1.6.Gníomh Nós imeachta 2022/…/MC-EnC lena leasaítear Gníomh Nós imeachta 2008/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 27 Meitheamh 2008 maidir leis na Rialacha Nós Imeachta um Réiteach Díospóidí faoin gConradh, mar a leasaíodh iad;

Chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, togra faoi bhráid an Chomhphobail Fuinnimh chun na Rialacha um Réiteach Díospóidí a leasú a mhéid a bhaineann leis an gCoiste Comhairleach, ar comhlacht é ina bhfuil cúig chomhalta ardleibhéil agus a chuireann tuairimí ar fáil maidir le hiarrtaí réasúnaithe a chuireann Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh faoina bhráid faoi Airteagal 90 de CCF. Leis na leasuithe atá beartaithe, tabharfar isteach foráil maidir leis an aisíocaíocht agus leis an íocaíocht dóibh ó bhuiséad an Chomhphobail Fuinnimh.

Baineann leasú eile leis na sprioc-amanna chun doiciméid a chur isteach lena nglacadh ag an gComhairle Aireachta. Leis na leasuithe sin, beidh níos mó ama ag an Aontas agus ag na Páirtithe Conarthacha a nósanna imeachta formheasa inmheánacha a chur i gcrích roimh na cruinnithe institiúideacha.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an Chinnidh.

3.1.7.Gníomh Nós imeachta 2022/…/MC-EnC lena nglactar Cairt Eagrúcháin na Rúnaíochta

Chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh togra faoi bhráid na Comhairle Aireachta maidir le cairt eagrúcháin Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh nua a ghlacadh, ós rud é go dtéann an chairt eagrúcháin is infheidhme faoi láthair siar go dtí 2007 agus gur cheart í a thabhairt cothrom le dáta.

Tá sé d’aidhm ag an gCairt Eagrúcháin atá beartaithe a bheith ag teacht le riachtanais na bPáirtithe Conarthacha agus an Aontais.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, tacú le glacadh an Ghnímh Nós Imeachta.

3.1.8.Cinntí faoi Airteagal 91(1) CCF lena suitear gur ann do shárú ar CCF sna cásanna seo a leanas:

Leagtar amach na nósanna imeachta um dhíospóidí a réiteach i dTeideal III, Caibidil 1, agus Teideal IV, Caibidil 1 de na Nós Imeachta um Réiteach Díospóidí faoin gConradh 19 .

(a)Cinneadh 2022/…/MC-EnC maidir le mainneachtain Phoblacht na Macadóine Thuaidh CCF a chomhlíonadh i gCás ECS-4/22;

Le hAirteagal 1 de Chinneadh 2018/10/MC-EnC ón gComhairle Aireachta ceanglaítear ar na Páirtithe Conarthacha Rialachán REMIT a thrasuí faoin 29 Samhain 2019 agus é a chur chun feidhme faoin 29 Bealtaine 2020. Le hAirteagal 1(3) ceanglaítear ar na Páirtithe Conarthacha fógra a thabhairt do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh maidir leis na bearta lena dtrasuitear an Cinneadh, agus maidir le haon athrú a dhéantar ar na bearta sin, laistigh de choicís tar éis ghlacadh na mbeart sin. Le hAirteagal 6 de CCF forchuirtear ar na Páirtithe Conarthacha an oibleagáid ghinearálta gach beart iomchuí a ghlacadh lena áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a eascraíonn as CCF. Le hAirteagal 89 forchuirtear orthu na Cinntí a dhírítear chucu a chur chun feidhme ina gcóras dlí náisiúnta laistigh den tréimhse a shonraítear sa Chinneadh.

Chuaigh an teorainn ama don Mhacadóin Thuaidh bearta a dhéanamh chun na hoibleagáidí thuasluaite a chomhlíonadh in éag an 29 Samhain 2019 ach níor glacadh aon bheart den sórt sin go dtí seo, dá bhrí sin, an 14 Iúil 2022, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh Iarraidh Réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta i leith Phoblacht na Macadóine Thuaidh maidir le mainneachtain Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 (Rialachán REMIT) a thrasuí faoin 29 Samhain 2019 agus thug sé fógra faoi na bearta sin do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Iarrtar ar an gComhairle Aireachta Cinneadh a ghlacadh lena ndearbhaítear, trí mhainneachtain na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh, mar a cuireadh in oiriúint agus a glacadh é le Cinneadh Aireachta 2018/10/MC-EnC, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm faoin 29 Samhain 2019, agus trí mhainneachtain fógra láithreach a thabhairt maidir leis na bearta sin do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, gur mhainnigh Poblacht na Macadóine Thuaidh Airteagail 6 agus 89 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh chomh maith le hAirteagal 1(1) agus (3) de Chinneadh 2018/10/MC-EnC ón gComhairle Aireachta a chomhlíonadh.

Níor thug Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh a thuairim uaidh go fóill.

I bhfianaise na bhfíoras agus na n-argóintí a leagtar amach san Iarraidh Réasúnaithe, ba cheart gurb é an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta formheas a dhéanamh ar an gcinneadh lena suitear gurb ann do shárú i gCás ECS-4/22, ar choinníoll go dtugann Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh tuairim lena dtacaítear le cinntí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh i.e. roimh chruinniú na Comhairle Aireachta.

(b)Cinneadh 2022/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* CCF a chomhlíonadh i gCás ECS-5/22;

Ionchorpraíodh Treoir 2014/52/AE lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol, sa Chomhphobal Fuinnimh le Cinneadh 2016/12/MC-EnC ón gComhairle Aireachta. Le hAirteagal 2 den Chinneadh sin tá beartaithe go dtrasuífidh na Páirtithe Conarthacha Treoir 2014/52/AE faoin 1 Eanáir 2019 cé is moite de na forálacha a thagraíonn do Threoracha nach gcumhdaítear le hAirteagal 16 de CCF agus go ndéanfaidh siad téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacann siad sa réimse a chumhdaítear leis an gCinneadh sin ón gComhairle Aireachta a chur in iúl do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Ós rud é go ndeachaigh an teorainn ama le haghaidh na Cosaive* maidir le bearta a dhéanamh chun na hoibleagáidí thuasluaite a chomhlíonadh in éag an 1 Eanáir 2019 ach nár glacadh aon bheart go dtí seo an 14 Iúil 2022, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh Iarraidh Réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta i leith na Cosaive* as mainneachtain Treoir 2014/52/AE a thrasuí faoin 1 Eanáir 2019 agus mainneachtain Airteagail 6 agus 89 de CFF chomh maith le hAirteagal 2 de Chinneadh 2016/12/MC-EnC ón gComhairle Aireachta a chomhlíonadh.

Iarrtar ar an gComhairle Aireachta Cinneadh a ghlacadh lena ndearbhaítear, trí mhainneachtain na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Treoir 2014/52/AE lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, mar a cuireadh in oiriúint agus a glacadh é le Cinneadh Aireachta 2016/12/MC-EnC, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2019, agus trí mhainneachtain fógra láithreach a thabhairt maidir leis na bearta sin do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, gur mhainnigh an Chosaiv* Airteagail 6 agus 89 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh chomh maith le hAirteagal 2 de Chinneadh 2016/12/MC-EnC ón gComhairle Aireachta a chomhlíonadh

Níor thug Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh a thuairim uaidh go fóill.

I bhfianaise na bhfíoras agus na n‑argóintí a leagtar amach san Iarraidh Réasúnaithe, ba cheart gurb é an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta formheas a dhéanamh ar an gcinneadh lena suitear gurb ann do shárú i gCás ECS-5/22, ar choinníoll go dtugann Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh tuairim lena dtacaítear le cinntí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh i.e. roimh chruinniú na Comhairle Aireachta.

(c)Cinneadh 2021/02/MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine CCF a chomhlíonadh i gCás ECS-5/17;

An 16 Eanáir 2018 chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i gcomhréir le hAirteagal 12 de na Rialacha Nós Imeachta maidir le Réiteach Díospóide. Sa Litir Thosaigh sin, ba é réamhthuairim Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh nár chomhlíon an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a cuid oibleagáidí faoi CCF:

trí mhainneachtain ceanglais Airteagal 26(2) litera (d) den Treoir maidir le Leictreachas 2009/72/CE a thrasuí lena gceanglaítear oifigeach agus clár comhlíontachta a bhunú i gCónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcomhréir leis an sprioc-am 1 Eanáir 2015 dá bhforáiltear san acquis;

trí mhainneachtain Airteagal 26 de Threoir 2009/72/CE maidir le díchuachadh dlíthiúil agus feidhmiúil oibreoirí córais dáileacháin leictreachais a thrasuí in Republika Srpska i gcomhréir leis an sprioc-am céanna; agus

trí mhainneachtain, laistigh den teorainn ama fhorordaithe, na bearta náisiúnta a ghlacadh chun díchuachadh dlíthiúil agus feidhmiúil Elektropriveda BiH d.d. Sarajevo, Elektropriveda HZHB d.d Mostar agus Elektropriveda BiH d.d. Sarajevo a áirithiú go praiticiúil.

Mar dhara céim, an 11 Samhain 2020, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh Tuairim Réasúnaithe chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin faoi Airteagal 90 CCF toisc nach ndearna sí na ceanglais maidir le díchuachadh dlíthiúil agus feidhmiúil a thrasuí i gcomhréir le ceanglais Airteagal 26 de Threoir 2009/72/CE. Iarradh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin na saincheisteanna a bhain le neamhchomhlíonadh CCF a shainaithnítear sa Tuairim Réasúnaithe a leigheas laistigh de theorainn ama 2 mhí.

Ós rud é nach ndearna an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin na sáruithe arna sainaithint ag Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a leigheas, sáruithe a bhaineann le díchuachadh oibreoirí córas dáileacháin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 26 de Threoir 2009/72/CE an 27 Bealtaine 2021, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh Iarraidh Réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta i gCás ECS-5/17.

Áiríodh an Dréachtchinneadh sin i gclár oibre na Comhairle Aireachta cheana in 2021 ach níor glacadh é toisc go raibh an tuairim ó Choiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh in easnamh. Iarradh ar an gCoiste Comhairleach tuairim a eisiúint an 7 Meitheamh 2021, rud nach ndearna sé go fóill. Dá bhrí sin, cuirtear an Dréachtchinneadh seo san áireamh arís i gclár oibre 2022 na Comhairle Aireachta.

I bhfianaise na bhfíoras agus na n‑argóintí a leagtar amach san Iarraidh Réasúnaithe, ba cheart gurb é an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta formheas a dhéanamh ar an gcinneadh lena suitear gurb ann do shárú i gCás ECS-5/17, ar choinníoll go dtugann Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh tuairim lena dtacaítear le cinntí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh i.e. roimh chruinniú na Comhairle Aireachta.

3.1.10 Cinntí faoi Airteagal 92(1) de CCF:

(a)Cinneadh 2022/…/MC-EnC maidir le bearta a ghlacadh mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha na Boisnia agus na Heirseagaivéine faoi Airteagal 92(1) de CCF i gCásanna ECS-8/11S, ECS-2/13S agus ECS-6/16S;

Tá Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ag iarraidh ar an gComhairle Aireachta síneadh a chur leis na bearta a forchuirtear ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin le hAirteagal 2 de Chinneadh 2015/10/MC-EnC i gCásanna ECS-8/11S, ECS-2/13S agus ECS-6/16S go ceann 2 bhliain tar éis don Chomhairle Aireachta an Cinneadh a ghlacadh i mí na Nollag.

Tagann sé sin sna sála ar an gCinneadh a ghlac an Chomhairle Aireachta in 2020 (2020/02/MC-EnC an 29 Nollaig 2020) lenar cuireadh síneadh leis na bearta go dtí cruinniú na Comhairle Aireachta ag deireadh 2022.

Is seo a leanas na bearta: ceart vótála na Boisnia agus na Heirseagaivéine i leith Bearta agus Gníomhartha Nós Imeachta arna nglacadh faoi Chaibidil VI de Theideal V (saincheisteanna buiséadacha) a chur ar fionraí agus cur i bhfeidhm a Rialacha Aisíocaíochta maidir le hionadaithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine a chur ar fionraí le haghaidh na gcruinnithe uile a eagraíonn an Comhphobal Fuinnimh ar feadh 2 bhliain. Ar bhonn tuarascáil ó Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, déanfaidh an Chomhairle Aireachta éifeachtúlacht na mbeart sin agus an gá leis na bearta sin a choinneáil ar bun a athbhreithniú ag a cruinniú sa dara leath de 2023.

I bhfianaise na bhfíoras agus na n‑argóintí a leagtar amach san Iarraidh, ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta formheas a dhéanamh ar an síneadh a bhfuil sé beartaithe a chur leis na bearta a ghlactar mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha i gCásanna ECS-8/11S, ECS-2/13S agus ECS-6/16S.

(b)Cinneadh 2021/12/MC-EnC maidir le sárú tromchúiseach leanúnach a bhunú in aghaidh na Seirbia faoi Airteagal 92(1) de CCF i gCásanna ECS-10/17S agus ECS-13/17S.

Cuirtear an Cinneadh seo isteach arís toisc nár glacadh é anuraidh de dheasca easpa aontoilíochta ag an gComhairle Aireachta.

Baineann Cás ECS-10/17S le sárú ar rialacha díchuachta agus deimhniúcháin an Tríú Pacáiste Fuinnimh. Tá díchuachadh Oibreoirí Córais Tarchurtha (OTCanna) ar cheann de na príomhchoincheapa a chumhdaítear leis an Tríú Pacáiste Fuinnimh. Ceanglaítear leis sin gníomhaíochtaí tarchuir fuinnimh a scaradh ó leasa táirgthe agus soláthair. I gcás dheimhniú OCT a dhéanann duine nó daoine de chuid tríú tír nó de chuid tríú tíortha a rialú, beidh feidhm ag Airteagal 11 de Threoir 2009/73/CE. Le hAirteagal 10 de Threoir 2009/73/CE foráiltear nach mór gnóthas a dheimhniú roimh é a fhormheas agus a ainmniú mar OCT. Chun deimhniú a fháil, ní mór don ghnóthas ceanglais an Tríú Pacáiste maidir le díchuachadh a chomhlíonadh, i.e. Airteagal 9 de Threoir 2009/73/CE.

Rinneadh Treoir 2009/73/CE mar aon le Rialachán 715/20098 a ionchorprú in acquis an Chomhphobail Fuinnimh le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 6 Deireadh Fómhair 2011.

Chinn Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh nach ndearna Poblacht na Seirbia, trí Yugorosgaz-Transport a dheimhniú faoi shamhail ISO, a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 10, 14(2)(a), 14(2)(b), 14(2)(d), 15 agus 11 de Threoir 2009/73/CE chomh maith le hAirteagal 24 de Rialachán 715/2009, mar a ionchorpraíodh sa Chomhphobal Fuinnimh iad.

In 2019, dhearbhaigh an Chomhairle Aireachta ina Cinneadh 2019/02/MC-EnC nár chomhlíon Poblacht na Seirbia a hoibleagáidí a eascraíonn as Treoir 2009/73/CE agus Rialachán 715/2009.

Baineann Cás ECS-13/17S le heisiamh gan údar phointe iontrála Horgoš ag Srbijagas ó rochtain tríú páirtí neamhshrianta neamh-idirdhealaitheach agus ó nósanna imeachta leithdháilte acmhainne oscailte dá gceanglaítear faoi Threoir 2009/73/CE agus Rialachán 715/2009.

An 25 Eanáir 2021, dhearbhaigh Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh seasamh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh san Iarraidh Réasúnaithe nach ann d’fhoras bailí chun údar a thabhairt leis an eisiamh sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil dí an Chomhphobail Fuinnimh á shárú ag an tSeirbia.

An 30 Aibreán 2021, sheas an Chomhairle Aireachta leis an Iarraidh Réasúnaithe arna cur isteach ag Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus lean sé tuairim an Choiste Chomhairligh trí chinneadh a dhéanamh le nós imeachta i scríbhinn maidir le mainneachtain na Seirbia a cuid oibleagáidí faoi CCF a chomhlíonadh.

Dhearbhaigh an Chomhairle Aireachta gurb ann do shárú i gcás na Seirbia ar Airteagal 32 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 16 de Rialachán 715/2009 agus, dá bhrí sin, Airteagail 6, 10 agus 11 de CCF.

Sonraítear sa Chinneadh go ndéanfaidh an tSeirbia gach beart iomchuí a ghlacadh chun an sárú a sainaithníodh a chur ina cheart agus comhlíonadh dhlí an Chomhphobail Fuinnimh a áirithiú láithreach.

An 24 Meán Fómhair 2021, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh Iarraidh faoi bhráid na Comhairle Aireachta i gCás ECS-10/17S agus i gCás ECS-13/17S araon de bhun Airteagal 92(1) de CCF lena lorgaítear Cinneadh ón gComhairle Aireachta gurb é atá i mainneachtain Phoblacht na Seirbia Cinntí 2019/02/MC-EnC agus 2021/1/MC-EnC ón gComhairle Aireachta a chur chun feidhme agus, ar an gcaoi sin, na sáruithe a shainaithnítear iontu a cheartú, sárú tromchúiseach leanúnach de réir bhrí Airteagal 92(1) de CCF.

Iarrtar ar an gComhairle Aireachta an méid seo a leanas a dhearbhú:

1. Is é atá i mainneachtain Phoblacht na Seirbia Cinntí 2019/02/MC-EnC agus 2021/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta a chur chun feidhme agus, ar an gcaoi sin, na sáruithe a shainaithnítear iontu a chur ina gceart, sárú tromchúiseach leanúnach de réir bhrí Airteagal 92(1) den Chonradh.

2. Déanfaidh Poblacht na Seirbia gach beart iomchuí a ghlacadh chun na sáruithe a shainaithnítear i gCinntí 2019/02/MC-EnC agus 2021/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta a chur ina gceart i gcomhar leis an Rúnaíocht agus tuairisceoidh sí chuig an gComhairle Aireachta ar na bearta cur chun feidhme a ghlacfar in 2023.

3. Iarrtar ar an Rúnaíocht faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na mbeart a ghlac Poblacht na Seirbia leis an acquis communautaire. Mura bhfuil na sáruithe curtha ina gceart faoin 1 Iúil 2023, iarrtar ar an Rúnaíocht nós imeachta a thionscnamh chun bearta a fhorchur faoi Airteagal 92 den Chonradh.

I bhfianaise na bhfíoras agus na n‑argóintí a leagtar amach san Iarraidh ó Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta formheas a dhéanamh ar an gcinneadh lena suitear gurb ann do shárú tromchúiseach leanúnach i gCásanna ECS-10/17S agus ECS-13/17S.

3.2.Gníomh atá beartaithe ag PHLG

Cinneadh 2022/…/PHLG-EnC lena n-oiriúnaítear agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le nuashonraithe a chur chun feidhme ar an staidreamh fuinnimh bliantúil agus gearrthéarmach míosúil

I réimse an staidrimh fuinnimh, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2022/132 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh fuinnimh, a mhéid a bhaineann le nuashonraithe a chur chun feidhme ar an staidreamh fuinnimh bliantúil agus gearrthéarmach míosúil 20 . Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, atá ina chuid d’acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh cheana, a leasú dá réir.

Dá bhrí sin, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh ó PHLG maidir le Rialachán (AE) 2022/132 a ionchorprú. Leis na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/132 rannchuidítear le tacú leis an Aontas Fuinnimh agus leis an gComhaontú Glas trí cheanglais nua a ghlacadh chun bearnaí sonraí a chumhdach, amhail táirgeadh díláraithe leictreachais de réir earnála, miondealú ar an ídiú fuinnimh deiridh san earnáil seirbhísí agus le haghaidh iompair, úsáid neamhfhuinnimh foinsí in-athnuaite fuinnimh, hidrigin, stóráil fuinnimh (ceallraí), sonraí nua maidir le giniúint agus acmhainneachtaí leictreachais, miondealú mionsonraithe ar shonraí maidir le fótavoltachas gréine, mionsonraí maidir le teaschaidéil, ídiú fuinnimh lárionad sonraí, tráthúlacht fheabhsaithe sonraí bliantúla agus sonraí maidir le soláthar chun cláir fuinnimh agus táscairí a mheas 6 mhí tar éis dheireadh na bliana.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an Chinnidh.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 21 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is éard atá sa Chomhairle Aireachta agus PHLG comhlachtaí a bunaíodh le comhaontú, eadhon an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh.

Na gníomhartha a n-iarrtar ar an gComhairle Aireachta agus ar an PHLG iad a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 76 de CCF, a bhfuil cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí dá réir orthu siúd chuig a ndírítear é.

Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí do nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an bhfuinneamh a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 194 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 194 ba cheart a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2022/0415 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh agus i mBuanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh (14-15 Nollaig 2022, Vín na hOstaire)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

(1)Rinne an tAontas an Conradh um Chomhphobal Fuinnimh (‘an Conradh’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2006/500/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2006 22 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2006.

(2)De bhun Airteagail 47 agus 76 den Chonradh féadfaidh an Chomhairle Aireachta bearta a ghlacadh i bhfoirm Cinnidh nó Molta.

(3)Tá an Chomhairle Aireachta, le linn an 20ú seisiún a bheidh aici an 15 Nollaig 2022, le roinnt gníomhartha a ghlacadh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(4)Tá an Buanghrúpa Ardleibhéil, le linn an 66ú cruinniú a bheidh aige an 14 Nollaig 2022, leis an ngníomh a ghlacadh a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(5)Is é is cuspóir do na gníomhartha atá beartaithe baint amach chuspóirí an Chonartha agus feidhmiú Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh i Vín, a chuireann tacaíocht riaracháin ar fáil don Chomhairle Aireachta, i measc nithe eile, an bhaint amach agus an fheidhmiú sin a éascú.

(6)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta agus sa Bhuanghrúpa Ardleibhéil a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla don Aontas ag na gníomhartha atá beartaithe.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 20ú seisiún den Chomhairle Aireachta a thionólfar i Vín na hOstaire an 15 Nollaig 2022, leagtar amach é in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 66ú cruinniú den Bhuanghrúpa Ardleibhéil a thionólfar i Vín na hOstaire an 14 Nollaig 2022, leagtar amach é in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 198, 20.7.2006, lch. 15.
(2)

   Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas, IO L 158, 14.6.2019, lgh. 24-124

(3)

   Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú IO L 197, 25.7.2015, lgh. 24-72

(4)

   Rialachán (AE) Uimh. 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaí acmhainne IO L 259, 27.9.2016, lgh. 42-68

(5)

   Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais, IO L 312, 28.11.2017, lgh. 6-53

(6)

   Rialachán (AE) Uimh. 2017/2196 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2017 lena mbunaítear cód líonra maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú leictreachais IO L 312, 28.11.2017

(7)

   Rialachán (AE) Uimh. 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córais tharchurtha leictreachais IO L 220, 25.8.2017, lgh. 1-120

(8)

   Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh; IO L 158, 14.6.2019, lgh. 22-53

(9)

    https://www.energy-community.org/dam/jcr:3304cadf-c63b-433f-9636-79d9ec63b186/Decision%202021-13-MC-EnC.pdf  

(10)

    https://www.energy-community.org/dam/jcr:a3205108-28f6-41aa-9e71-b62ede376cfa/Decision_2011_02_MC_3PA.pdf  

(11)

   Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas, IO L 158, 14.6.2019, lgh. 1252-199

(12)

   Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais, IO L 158, 14.6.2019, lgh. 1-21

(13)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeáintí leictreonacha, IO L 315, 5.12.2019, lgh. 1-28

(14)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, IO L 315, 5.12.2019, lgh. 29-67

(15)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais, IO L 315, 5.12.2019, lgh. 68-101

(16)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin; IO L 315, 5.12.2019, lgh. 102-133

(17)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí, IO L 315, 5.12.2019, lgh. 134-154

(18)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu, IO L 68, 26.2.2021, lgh. 62-107

(19)    Gníomh Nós Imeachta 2008/01/MC-EnC maidir leis na Rialacha Nós Imeachta i dtaca le réiteach díospóide faoin gConradh mar a leasaíodh é le Gníomh Nós Imeachta 2015/04/MC-EnC an 16 Deireadh Fómhair 2015 maidir le Gníomh Nós Imeachta 2008/01/MC-EnC an 27 Meitheamh 2008 maidir leis na Rialacha Nós Imeachta i dtaca le réiteach díospóide faoin gConradh a leasú.
(20)    Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh fuinnimh, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme nuashonraithe le haghaidh staidrimh fuinnimh bliantúil, míosúil agus míosúil ghearrthéarmach (IO L 20, 31.1.2022, lgh. 208‑271).
(21)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(22)    IO L 198, 20.7.2006, lch. 15.
Top

An Bhruiséil,5.12.2022

COM(2022) 714 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh gCinneadh Ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh agus i mBuanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh (14-15 Nollaig 2022, Vín na hOstaire)


IARSCRÍBHINN I

An Chomhairle Aireachta

1.1.1.Cinneadh 2022/.../MC-EnC maidir le hionchorprú Rialachán (AE) 2019/942, Rialachán (AE) 2019/943, Rialachán (AE) 2015/1222, Rialachán (AE) 2016/1719, Rialachán (AE) 2017/2195, Rialachán (AE) 2017/2196, Rialachán (AE) 2017/1485 in acquis an Chomhphobail Fuinnimh, lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus maidir leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. 2021/13/MC-EnC agus Uimh. 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta agus ar Ghníomh Nós Imeachta 2022/.../MC-EnC ón gComhairle Aireachta maidir le comhtháthú réigiúnach an mhargaidh fuinnimh

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréacht-Chinneadh agus an dréacht-Ghníomh Nós Imeachta a fhormheas i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear togra ón gCoimisiún chuig Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh Cinneadh ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh maidir le hionchorprú Rialachán (AE) 2019/942, Rialachán (AE) 2019/943, Rialachán (AE) 2015/1222, Rialachán (AE) 2016/1719, Rialachán (AE) 2017/2195, Rialachán (AE) 2017/2196, Rialachán (AE) 2017/1485 in acquis an Chomhphobail Fuinnimh, lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus maidir leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. 2021/13/MC-EnC agus Uimh. 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta, agus le haghaidh an Chomhairle Aireachta Gníomh Nós Imeachta maidir le comhtháthú réigiúnach an mhargaidh fuinnimh a ghlacadh [C(2022) 7271 final].  

Déanfar oiriúnú in Iarscríbhinn I i leith an mhéid seo a leanas:

ba cheart aithris nua a chur isteach:

‘Tá forálacha an Chinnidh seo gan dochar d’oibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha acquis an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh agus na rialacha a bhfuil feidhm acu faoi Theideal V den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobail Fuinnimh i gcás neamhchomhlíonta. I gcás nach bhfuil ENTSO-E in ann a chúraimí a chomhlíonadh toisc nár chomhlíon Páirtí Conarthach de chuid an Chomhphobail Fuinnimh acquis an Chomhphobail Fuinnimh, ba cheart a dhualgais maidir leis na cúraimí i gceist a chur ar fionraí.’

ba cheart focail nua a chur isteach Airteagal 5, mhír 52 (Iarscríbhinn IV), Airteagal 2, mír 3, an abairt dheireanach, agus in Airteagal 5, mír 52 (Iarscríbhinn IV), Airteagal 4, an abairt dheireanach:

‘mura gcomhaontóidh gach oibreoir córais tarchurtha comharsanach lena mbaineann de chuid an Aontais Eorpaigh le lárionad comhordúcháin réigiúnach a lonnú i bPáirtí Conarthach.’

ba cheart an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 5, mír 52 (Iarscríbhinn IV), Airteagal 3’:

‘Ar a chomhaontú sin do scairshealbhóirí na lárionad comhordúcháin réigiúnach éagsúil, is iad na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha do Réigiún Oibríochta Córais Oirthear na hEorpa (ROC OE) a bheidh ina lárionad comhordúcháin réigiúnach do ROC Lár na hEorpa.’

in Airteagal 5, mír 53 (Iarscríbhinn V), Airteagal 2, ba cheart míreanna nua a chur isteach idir míreanna 4 agus 5:

‘4a. Coigeartuithe ar chumraíocht na lárionad comhordúcháin réigiúnach a liostaítear san Iarscríbhinn seo, beidh na coigeartuithe sin faoi réir togra ó gach oibreoir córais tarchurtha de chuid réigiúin oibríochta córais a shainítear san Iarscríbhinn seo agus faoi réir na nósanna imeachta formheasa de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2019/943.’

4b. I gcás leasuithe ar an gcinneadh ar na Réigiúin um Ríomh Acmhainneachta de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún agus go dtí go ndéanfar na leasuithe sin a ionchorprú sa doiciméad seo, tuigfear, i dtaca le liosta na gcriosanna tairisceana, na dteorainneacha idir criosanna tairisceana agus na n-oibreoirí córais tarchurtha i réigiúin oibríochta córas arna sainiú de bhun mhír 5, gur léiriú é an liosta sin ar na hathruithe ar an gcinneadh ar na Réigiúin um Ríomh Acmhainneachta. Tá an méid sin gan dochar do cheart na n‑oibreoirí córais tarchurtha ábhartha faoi Airteagal 36(4) de Rialachán 2019/943 togra le haghaidh leasuithe a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).’

4c. Nuair a bheidh nósanna imeachta á bhforbairt chun gníomhaíochtaí agus moltaí comhordaithe a ghlacadh agus a athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán 2019/943 arna oiriúnú agus arna ghlacadh le Cinneadh 2022/xx/MC-EnC ón gComhairle Aireachta, rachaidh OCTanna na ROC ODE Scátha i gcomhairle le OCTanna ábhartha na ROCanna cóngaracha i gcásanna a bhaineann le teorainneacha na gcriosanna tairisceana a liostaítear i mír 1. Agus é sin á dhéanamh acu, tabharfaidh OCTanna na ROC ODE Scátha an aird is mó is féidir ar na tuairimí a chuirfidh OCTanna ábhartha na ROCanna cóngaracha in iúl.’

cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6, mír 10, an tríú pointe urchair, agus Airteagal 7, mír 4, an tríú pointe urchair:

‘i mír 3, cuirtear an téarma ‘Páirtí Conarthach agus/nó Ballstát’ in ionad an téarma ‘Ballstát’

cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8, mír 4, an ceathrú pointe urchair:

‘i mír 4, cuirtear an téarma ‘Páirtí Conarthach agus/nó Ballstát’ in ionad an téarma ‘Ballstát’

cuirfear an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 10, mír 5, an ceathrú pointe urchair:

‘i mír 5, cuirtear an téarma ‘Páirtí Conarthach agus/nó Ballstát’ in ionad an téarma ‘Ballstát’

scriosfar Airteagal 8, mír 4, an cúigiú hurchar, agus in Airteagal 10, mír 5, an cúigiú pointe urchair, scriosfar an chéad fhleasc.

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí a fhaightear ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh an gComhairle Aireachta nó ag an gComhairle Aireachta, gan cinneadh eile ón gComhairle.

1.1.2.Cinneadh 2022/…/MC-EnC maidir le leasú a dhéanamh ar Chinneadh Uimh. 2021/14/MC-EnC ón gComhairle Aireachta lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena nionchorpraítear Treoir (AE) 2018/2001, Treoir (AE) 2018/2002, Rialachán (AE) 2018/1999, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1208 in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh;

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréacht-Chinneadh a fhormheas i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear togra ón gCoimisiún chuig Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle sin lena leasaítear Cinneadh D/2021/14/MC-EnC lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena n‑ionchorpraítear Treoir (AE) 2018/2001, Treoir (AE) 2018/2002, Rialachán (AE) 2018/1999, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2020/1208 in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh [C(2022) 7210 final].  

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí a fhaightear ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh an gComhairle Aireachta nó ag an gComhairle Aireachta, gan cinneadh eile ón gComhairle.

1.1.3.Cinneadh 2022/.../MC-EnC lena noiriúnaítear agus lena nionchorpraítear Rialacháin Tharmligthe áirithe maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh agus lena naisghairtear Rialacháin Tharmligthe (AE) 1059/2010, (AE) 1060/2010, (AE) 1061/2010, (AE) 1062/2010, (AE) 874/2012, agus Treoir 96/60/CE

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréacht-Chinneadh a fhormheas i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear togra ón gCoimisiún chuig Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh Cinneadh ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh maidir le Rialacháin Tharmligthe áirithe maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a oiriúnú agus a ionchorprú, lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Rialacháin Tharmligthe (AE) 1059/2010, (AE) 1060/2010, (AE) 1061/2010, (AE) 1062/2010, (AE) 874/2012, agus Treoir 96/60/CE [C(2022) 7257 final].  

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí a fhaightear ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh an gComhairle Aireachta nó ag an gComhairle Aireachta, gan cinneadh eile ón gComhairle.

1.1.4.Cinneadh 2022/xx/MC-EnC lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena nionchorpraítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus Treoir 2003/87/CE in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréacht-Chinneadh a fhormheas i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear togra ón gCoimisiún chuig Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh Cinneadh ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus lena n‑ionchorpraítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus Treoir 2003/87/CE in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh [C(2022) 7204 final].  

1.1.5.Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí a fhaightear ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh an gComhairle Aireachta nó ag an gComhairle Aireachta, gan cinneadh eile ón gComhairle maidir le gníomh nós imeachta 2022/…/mc-enc lena leasaítear cur chun feidhme an bhuiséid, na rialacháin foirne agus na rialacha earcaíochta;.

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréacht-Ghníomh Nós Imeachta a fhormheas i gcomhréir le hAguisín 2 a ghabhann leis an iarscríbhinn seo i.e. le hIarscríbhinn I.

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí a fhaightear ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh an gComhairle Aireachta nó ag an gComhairle Aireachta, gan cinneadh eile ón gComhairle.

1.1.6.gníomh nós imeachta 2022/.../mc-c lena leasaítear gníomh nós imeachta 2008/01/mc-enc ón gComhairle Aireachta an 27 Meitheamh 2008 maidir le rialacha nós imeachta um réiteach díospóidí faoin gconradh, arna leasú;

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréacht-Ghníomh Nós Imeachta a fhormheas i gcomhréir le hAguisín 3 a ghabhann leis an iarscríbhinn seo, eadhon le hIarscríbhinn I.

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí a fhaightear ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh an gComhairle Aireachta nó ag an gComhairle Aireachta, gan cinneadh eile ón gComhairle.

1.1.7.gníomh nós imeachta 2022/.../mc-enc lena nglactar cairt eagrúcháin na Rúnaíochta;

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréacht-Ghníomh Nós Imeachta a fhormheas i gcomhréir le hAguisín 3 a ghabhann leis an iarscríbhinn seo, eadhon le hIarscríbhinn I.

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí a fhaightear ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh an gComhairle Aireachta nó ag an gComhairle Aireachta, gan cinneadh eile ón gComhairle.

1.1.8.Cinntí faoi Airteagal 91(1) CCF lena suitear gur ann do shárú ar CCF sna cásanna seo a leanas:

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh na dréacht-Chinntí a fhormheas faoi Airteagal 91(1) CCF, ar choinníoll go dtabharfaidh Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh tuairim go tráthúil ag tacú le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, lena suitear gur ann do shárú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)Cinneadh 2022/xx/MC-EnC maidir le mainneachtain Phoblacht na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-4/22;

(b)Cinneadh 2022/xx/MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-5/22;

(c)Cinneadh 2021/02/MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia-Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-5/17.

1.1.9.CINNTÍ FAOI AIRTEAGAL 92(1) CCF:

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh formheas a dhéanamh ar na dréacht-Chinntí faoi Airteagal 92(1) CCF maidir le glacadh na mbeart agus maidir lena shuí gur ann do shárú tromchúiseach leanúnach sna cásanna seo a leanas:

(a)Cinneadh 2022/.../MC-EnC maidir le bearta a ghlacadh mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha ag an mBoisnia-Heirseagaivéin faoi Airteagal 92(1) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh i gCásanna ECS-8/11S, ECS-2/13S agus ECS-6/16S;

(b)Cinneadh 2021/12/MC-EnC maidir le sárú tromchúiseach leanúnach a shuí in aghaidh na Seirbia faoi Airteagal 92(1) den Chonradh i gCás ECS-10/17S agus i gCás ECS-13/17S.

AGUISÍN 1 A GHABHANN LE hIARSCRÍBHINN I

65 PHLG/Iarscríbhinn 8/06-09-2022

GNÍOMH NÓS IMEACHTA Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

Lena leasaítear Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2006/03/MC-EnC maidir le glacadh Nósanna Imeachta Comhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta, Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2009/04/MC-EnC, Rialacháin Foirne an Chomhphobail Fuinnimh an 18 Nollaig 2007 arna leasú le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2009/04/MC-EnC, agus Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2006/02/MC-EnC maidir le glacadh Rialacha i ndáil le hEarcaíocht, Dálaí Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann Rúnaíochta an Chomhphobail Fuinnimh, arna leasú le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2016/01/MC-EnC

TÁ COMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh, agus go háirithe Airteagail 69, 74, 82, 83, 86, 87 agus 88 de,

De bharr go n-éilíonn Rialacha Buiséadacha an Chomhphobail Fuinnimh breis soiléireachta maidir le roinnt gnéithe ar a n‑áirítear an chaoi a gcaitear le cistiú seachtrach don Chomhphobal Fuinnimh trí dheontais agus trí chonarthaí, an clár oibre bliantúil, an plean bunaíochta agus cairt eagrúcháin na Rúnaíochta, aistriú leithreasaí, an fheidhm chuntasaíochta agus rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid laistigh den Rúnaíocht, agus cúraimí an Choiste um an mBuiséad agus na nIniúchóirí Seachtracha,

De bharr gur cheart Rialacháin agus Rialacha Foirne agus Earcaíochta an Chomhphobail Fuinnimh a leasú i ndáil le sainordú an Stiúrthóra agus le feidhm Leas-Stiúrthóra,

De bharr gur fhormhuinigh an Buanghrúpa Ardleibhéil, ag a chruinniú an [...], an Gníomh Nós Imeachta atá ann faoi láthair,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ón Rúnaíocht agus ón gCoimisiún Eorpach,

TAR ÉIS AN GNÍOMH NÓS IMEACHTA SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Ghníomh Nós Imeachta Uimh. 2006/03/MC-EnC maidir le glacadh Nósanna Imeachta Comhphobail Fuinnimh um Bunú agus Chur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta

(1)Leasófar Airteagal 2, an dara mír, le go léifear mar a leanas í:

‘2. Aistreoidh na Páirtithe 75 % dá ranníocaíochtaí airgeadais chuig an gComhphobal Fuinnimh tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain. Aistreoidh na Páirtithe an 25 % eile dá ranníocaíochtaí tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain.’

(2)Leasófar Airteagal 14, an chéad mhír, le go léifear mar a leanas í:

‘Ioncam arna chur in áirithe chun críoch sonrach i bhfoirm deontas, conarthaí agus tabhartas, ní úsáidfear an t‑ioncam sin ach amháin chun na nithe sin a mhaoiniú i gcomhréir leis na Rialacha seo.’

(3)Leasófar Airteagal 15, an chéad mhír, le go léifear mar a leanas í:

‘Ní fhéadfaidh an Stiúrthóir glacadh le hioncam de réir bhrí Airteagal 14, mír 1, ach amháin má fhaigheann sé comhaontú, roimh ré, ón gCoiste um an mBuiséad, agus é sin arna bhunú ar fhaisnéis i scríbhinn faoi mhéid agus cuspóir an tabhartais agus faoi na muirir airgeadais i gceist.’

(4)Cuirfear an dara habairt isteach in Airteagal 15, an dara mír, agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘Beidh faisnéis ann freisin maidir leis an líon post arna líonadh iarbhír i gcomparáid leis an líon post arna n‑údarú sa phlean bunaíochta.’

(5)Cuirfear an tríú mír isteach in Airteagal 15 agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘3. Ioncam atá curtha in áirithe chun críoch sonrach i bhfoirm deontas, conarthaí agus tabhartas, déanfar é a áireamh i meastachán ar an ioncam agus ar an gcaiteachas de bhun Airteagal 25 de na Rialacha atá ann faoi láthair más eol méid an ioncaim sin sa tréimhse bhuiséadach dár gcionn.’

(6)Leasófar Airteagal 18, an chéad mhír, le go léifear mar a leanas í:

‘Féadfaidh an Stiúrthóir cinneadh a dhéanamh maidir le leithreasaí a aistriú laistigh den bhuiséad foriomlán, cé is moite d’acmhainní daonna laistigh den teorainn iomlán 10 % de leithreasaí na líne buiséid óna ndéantar an t‑aistriú, i gcás nach ndéanfaidh na haistrithe sin difear suntasach do chineál na ngníomhaíochtaí ná do chuspóirí an chláir oibre.’

(7)In Airteagal 20, an cúigiú mír, cuirfear an téacs seo a leanas isteach ag an deireadh:

‘;An leithdháileadh buiséadach in aghaidh na gníomhaíochta; an t-ioncam go léir atá curtha in áirithe agus an caiteachas gaolmhar in aghaidh na gníomhaíochta agus an modh cur chun feidhme.’

(8)Cuirfear Caibidil 9 nua isteach ag deireadh Theideal III agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘Caibidil 9

RIALÚ INMHEÁNACH AR CHUR CHUN FEIDHME AN BHUISÉID

Airteagal 21bis

(1)Cuirfear buiséad an Chomhphobail Fuinnimh chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil.

(2)Chun críocha chur chun feidhme an bhuiséid, sainmhínítear an rialú inmheánach mar phróiseas atá infheidhme ar gach leibhéal bainistíochta agus atá ceaptha chun cinnteacht réasúnta a chur ar fáil go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas:

(a)éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht na noibríochtaí;

(b)iontaofacht an tuairiscithe;

(c)acmhainní agus faisnéis a chosaint;

(d)calaois agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú, agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith;

(e)bainistíocht leormhaith a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart, agus lena linn sin cineál ilbhliantúil na gclár a chur san áireamh chomh maith le cineál na níocaíochtaí lena mbaineann.

(3)Bunófar rialú inmheánach a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil ar dhea-chleachtais idirnáisiúnta agus áireofar air sin, go háirithe, na heilimintí a leagtar síos le hAirteagal 36(3) agus (4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena linn sin cuirfear san áireamh struchtúr agus méid an Chomhphobail Fuinnimh, cineál na gcúraimí a chuirtear de chúram air agus na suimeanna agus na rioscaí airgeadais agus oibríochtúla a bhaineann leis.

1 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(9)Cuirfear an ceathrú mír isteach in Airteagal 22 agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘4. Na rialacha inmheánacha uile agus na gníomhartha nós imeachta uile a mbeidh tionchar acu ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais, rachfar i gcomhairle maidir leo go tráthúil leis an gCoiste um an mBuiséad sula nglacfar iad. Féadfaidh an Coiste um an mBuiséad modhnuithe a mholadh ar rialacha inmheánacha agus ar ghníomhartha nós imeachta a mbeidh tionchar acu ar bhainistiú buiséadach agus airgeadais.’

(10)Leasófar Airteagal 23, an ceathrú mír, le go léifear mar a leanas í:

‘Beidh dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana ag an gCoiste um an mBuiséad. De rogha air sin, is féidir leis an gCoiste um an mBuiséad teacht le chéile trí úsáid a bhaint as na roghanna atá ar fáil trí na meáin ghréasánbhunaithe. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó ar a iarraidh sin d’aon trian ar a laghad dá chomhaltaí. Féadfaidh an Coiste um an mBuiséad teacht le chéile freisin ar thogradh an Stiúrthóra.’

(11)In Airteagal 25, an tríú mír, litir b., cuirfear an téacs seo a leanas isteach ag an deireadh:

‘, de réir an chineáil cistiúcháin (ranníocaíochtaí bliantúla, ioncam curtha in áirithe lena n-áirítear deontais, conarthaí agus tabhartais).’

(12)In Airteagal 25, an tríú mír, cuirfear an dá litir seo a leanas isteach i ndiaidh litir c.:

‘d. Cairt eagraíochta

e. Tuairisc ghairid ar mhisean agus ar ghníomhaíochtaí na n-aonad éagsúil.’

(13)Leasófar Airteagal 26 le go léifear mar a leanas é:

‘Aon leasú is gá ar an mbuiséad a bhaineann leis na caiteachais mheasta, lena n-áirítear líon foirne na Rúnaíochta, beidh sé faoi réir buiséad leasaithe, a mbeidh tuairim ón gCoiste um an mBuiséad tugtha ina leith agus a ghlacfaidh an Chomhairle Aireachta tríd an nós imeachta céanna trínar glacadh an buiséad tosaigh.’

(14)In Airteagal 29, an chéad fhomhír, cuirfear an dara habairt seo a leanas isteach: ‘Cuimseofar sa phlean bunaíochta na riachtanais a chuimsítear in Airteagal 25(3)(b).’

(15)Leasófar Airteagal 37, an chéad mhír, le go léifear mar a leanas í:

‘Ag féachaint go cuí do na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht bhainistíochta agus do chineál na ngníomhaíochtaí arna maoiniú, agus gan dochar do na rialacha maidir le hearcú fhoireann na Rúnaíochta ar gá ina leith an Chomhairle Aireachta an chairt eagrúcháin a fhormheas, bunóidh an t‑oifigeach údarúcháin an struchtúr eagraíochtúil, an córas bainistíochta imheánaí, na córais agus na nósanna imeachta inmheánacha (dá ngairtear ‘Rialacha Bainistíochta Inmheánacha an Chomhphobail Fuinnimh’ anseo feasta) a oirfidh do chomhlíonadh a dhualgas, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, fíoruithe ex post.’

(16)Leasófar Airteagal 41, an dara mír, le go léifear mar a leanas í:

‘Féadfaidh an Stiúrthóir cinneadh a dhéanamh maidir le seachfhoinsiú cúraimí tacaíochta cuntasaíochta ar fháil iarrata cuí-údair arna bunú ar anailís costais agus tairbhe. Ní féidir an fheidhm chuntasaíochta a sheachfhoinsiú.’

(17)In Airteagal 43, an tríú mír, scriosfar an téacs seo a leanas:

‘nó cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfeidhm chuntasaíochta a sheachfhoinsiú chuig an soláthraí seirbhíse gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 41 thuas.’

(18)Cuirfear abairt bhreise isteach in Airteagal 81, an tríú mír, i ndiaidh na chéad abairte, agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘Tabharfar tuairisc sa tuarascáil iniúchóireachta ar an obair a rinneadh i gcomhréir leis na Téarmaí Tagartha formheasta.’

(19)Leasófar Airteagal 81, an cúigiú mír, le go léifear mar a leanas í:

‘Tíolacfaidh na hIniúchóirí Seachtracha don Choiste um an mBuiséad tuarascáil iniúchóireachta agus cuntais dheimhnithe, maille le ráiteas dearbhaithe a bhaineann le hiontaofacht na gcuntas, agus le dlíthiúlacht agus le rialtacht na n-idirbheart is bun leo, le feidhmiú leormhaith córais rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil agus le cionroinnt cheart an chaiteachais idir an gnáthbhuiséad agus an buiséad urghnách, ionas go mbeidh siad ar fáil don Chomhairle Aireachta tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais. Tabharfaidh an Coiste um an mBuiséad don Chomhairle Aireachta cibé barúlacha is iomchuí leis maidir leis na doiciméid arna dtíolacadh ag na hIniúchóirí.’

(20)Cuirfear an séú mír isteach in Airteagal 81 agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘6. Tuarascálacha iniúchóireachta seachtracha ar chaiteachas arna chistiú le hioncam atá curtha in áirithe, déanfar iad a chur in iúl don choiste um an mbuiséad.’

(21)In Airteagal 82, cuirfear an téacs seo a leanas isteach ag an deireadh:

‘, chomh maith le tuarascáil bhliantúil an Stiúrthóra ar fhorghníomhú an bhuiséid.’

(22)Cuirfear an dara habairt in Airteagal 83 agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘Glacfar an t-urscaoileadh bliantúil le Gníomh Nós Imeachta ón gComhairle Aireachta, tar éis tuairim a fháil ón gCoiste um an mBuiséad.’

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialacháin Foirne an Chomhphobail Fuinnimh an 18 Nollaig 2007 arna leasú le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2009/04/MC-EnC

(1)Leasófar an dara habairt de Roinn 4.1. (‘An Stiúrthóir a cheapadh’) le go léifear mar a leanas í:

‘Is é an Coimisiún Eorpach a mholfaidh an Gníomh Nós Imeachta seo, agus molfaidh sé go mairfeadh an Gníomh ar feadh téarma seasta cúig bliana a fhéadfar a athnuachan uair amháin ar a mhéad.’

(2)Cuirfear roinn nua, Roinn 4.1.bis, isteach i ndiaidh Roinn 4.1 agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas: ‘Leas-Stiúrthóir

Féadfaidh an Stiúrthóir feidhm Leas-Stiúrthóra a shannadh do dhuine de chinn aonaid na Rúnaíochta. Saineoidh an Stiúrthóir raon feidhme fheidhm an Leas-Stiúrthóra.’

(3)I Roinn 4.6. (‘Ionadaí’), cuirfear an litir seo a leanas isteach i ndiaidh litir b):

‘c) Ní bheidh an Stiúrthóir in ionadaíocht an Chinn Riaracháin agus Airgeadais ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí.’

Airteagal 3

Leasuithe ar Ghníomh Nós Imeachta Uimh. 2006/02/MC-EnC maidir le glacadh Rialacha i ndáil le hEarcaíocht, Dálaí Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann Rúnaíochta an Chomhphobail Fuinnimh, arna leasú le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 2016/01/MC-EnC

(1)Leasófar Roinn II.1 le go léifear mar a leanas í:

‘II.1. Is le Gníomh Nós Imeachta ón gComhairle Aireachta ar thogradh an Choimisiúin Eorpaigh a cheapfar Stiúrthóir na Rúnaíochta, agus ceapfar é le haghaidh téarma seasta cúig bliana a fhéadfar a athnuachan uair amháin ar a mhéad.’

(2)Cuirfear an dara habairt isteach i Roinn II.10 agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas:

‘Cuimseofar an dréacht-Ghníomh Ceapacháin san iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an gcinneadh ón gComhairle Aireachta maidir le ceapadh an Stiúrthóra’.

(3)Cuirfear roinn nua, Roinn II.bis, isteach i ndiaidh Roinn II agus is é téacs a bheidh inti é seo a leanas: ‘Roinn II.bis

Leas-Stiúrthóir

Féadfaidh an Stiúrthóir feidhm Leas-Stiúrthóra a shannadh do dhuine de chinn aonaid na Rúnaíochta. Saineoidh an Stiúrthóir raon feidhme fheidhm an Leas-Stiúrthóra.’

(4)Leasófar Roinn III.2 le go léifear mar a leanas í:

‘III.2. Is ar bhonn moladh ó Stiúrthóir na Rúnaíochta a ghlacfaidh an Chomhairle Aireachta cairt eagrúcháin na Rúnaíochta, agus is ar an mbonn ceanna a ghlacfaidh sí aon athrú a dhéanfar uirthi ina dhiaidh sin.’

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

(1)Tiocfaidh an Gníomh Nós Imeachta seo i bhfeidhm tráth a ghlactha.

(2)Le hAirteagail 2(1) agus 3(1) den Ghníomh Nós Imeachta seo, cuirfear síneadh, ó thrí bliana go cúig bliana, leis an gcéad sainordú a fuair an Stiúrthóir atá ar an Rúnaíocht faoi láthair. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) den Ghníomh Nós Imeachta seo maidir leis an Stiúrthóir atá ar an Rúnaíocht faoi láthair.

Arna dhéanamh [i/sa] ..., an ....

Thar ceann na hUachtaránachta

…..........................

AGUISÍN 2 A GHABHANN LE hIARSCRÍBHINN I

65ú PHLG/Iarscríbhinn/8a/06-09-2022

GNÍOMH NÓS IMEACHTA Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

2022/..../MC-EnC lena leasaítear Gníomh Nós Imeachta 2008/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 27 Meitheamh 2008 maidir le rialacha nós imeachta um réiteach díospóidí faoin gConradh, arna leasú

Déanann Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh (‘an Conradh’), agus go háirithe Airteagail 47(c), 82, 83, 86, agus 87 de,

Ag féachaint do Ghníomh Nós Imeachta 2008/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 27 Meitheamh 2008 maidir le rialacha nós imeachta um réiteach díospóidí faoin gConradh, arna leasú le Gníomh Nós Imeachta 2015/04/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 16 Deireadh Fómhair 2015 (‘an Gníomh Nós Imeachta maidir le nósanna imeachta um réiteach díospóidí’),

De bharr go mbunaítear le hAirteagal 32 den Ghníomh Nós Imeachta maidir le nósanna imeachta um réiteach díospóidí Coiste Comhairleach ina bhfuil cúigear comhaltaí ardleibhéil nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, chun tuairimí a thabhairt maidir le hiarrataí réasúnaithe arna dtíolacadh ag an Rúnaíocht faoi Airteagal 90 den Chonradh,

De bharr gur chuir an Chomhairle Aireachta i dtábhacht in 2020 rannchuidiú luachmhar an Choiste Chomhairligh leis an smacht reachta agus leis an bhforfheidhmiú neamhspleách sa Chomhphobal Fuinnimh,

De bharr, i dtaca leis an aisíoc a dhéantar leo agus leis an luach saothair a thugtar dóibh as buiséad an Chomhphobail Fuinnimh, gur cheart an t‑aisíoc agus an luach saothair sin a bhunú ar fhoráil shainráite sa Ghníomh Nós Imeachta maidir le nósanna imeachta um réiteach díospóidí,

De bharr, i dtaca leis na sprioc-amanna chun Iarrataí ar Chinneadh a chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta, gur cheart na spriocdhátaí sin a chuíchóiriú de réir na sprioc-amanna a shonraítear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Aireachta agus an Bhuanghrúpa Ardleibhéil,

De bharr gur phléigh an Buanghrúpa Ardleibhéil, ag an gcruinniú a bhí aige an 20 Aibreán 2022, an Gníomh Nós Imeachta reatha agus gur mhol sé don Chomhairle Aireachta é a ghlacadh trí chomhfhreagras,

Ar thogradh na Rúnaíochta,

AN GNÍOMH NÓS IMEACHTA SEO A LEANAS A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuimsítear an mhír bhreise seo a leanas in Airteagal 32 den Ghníomh Nós Imeachta maidir le nósanna imeachta um réiteach díospóidí:

‘(7) Beidh comhaltaí an Choiste Chomhairligh incháilithe d’aisíoc na gcostas arna dtabhú i gcomhlíonadh a gcúraimí, agus íocfar luach saothair leo i gcomhréir leis na Rialacha Aisíocaíochta is infheidhme.’

Airteagal 2

In Airteagal 40, mír 4, cuirfear na focail ‘trí mhí ar a laghad roimh an gcruinniú ábhartha’ in ionad ‘60 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ábhartha.’

Airteagal 3

Tiocfaidh an Gníomh Nós Imeachta seo i bhfeidhm tráth a ghlactha. Foilseofar é ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Fuinnimh.

Arna dhéanamh trí chomhfhreagras an ... 2022

Thar ceann na hUachtaránachta ..........

AGUISÍN 3 A GHABHANN LE hIARSCRÍBHINN I

65 PHLG/Iarscríbhinn 8b/06-09-2022

GNÍOMH NÓS IMEACHTA 2022/xx/MC-EnC Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

maidir le glacadh chairt eagrúcháin na Rúnaíochta

Tá Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh (‘an Conradh’), agus go háirithe Airteagail 67 agus 68 de,

Ag féachaint do Ghníomh Nós Imeachta 2006/02/MC-EnC an 17 Samhain 2006 maidir le glacadh Rialacha i ndáil le hEarcaíocht, Dálaí Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann Rúnaíochta an Chomhphobail Fuinnimh, arna leasú, agus go háirithe Ítim III. 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Glacfaidh an Chomhairle Aireachta cairt eagrúcháin na Rúnaíochta, ar bhonn moladh ó Stiúrthóir na Rúnaíochta;

(2)An chairt eagrúcháin atá i bhfeidhm ag an Rúnaíocht faoi láthair, tá sí ann ó bhí 2007 ann agus ba cheart í a thabhairt cothrom le dáta

Ag féachaint don mholadh a rinne Stiúrthóir na Rúnaíochta,

TAR ÉIS AN GNÍOMH NÓS IMEACHTA SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

(1)Glactar leis seo cairt eagrúcháin na Rúnaíochta a ghabhann mar iarscríbhinn leis an nGníomh Nós Imeachta seo.

(2)Tiocfaidh an Gníomh Nós Imeachta seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Thar ceann na Comhairle Aireachta

An Uachtaránacht

Iarscríbhinn: Cairt Eagrúcháin na Rúnaíochta

IARSCRÍBHINN II

PHLG

Cinneadh 2022/…/PHLG-EnC lena n-oiriúnaítear agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme nuashonruithe le haghaidh an staidrimh fuinnimh bhliantúil, an staidrimh fuinnimh mhíosúil agus an staidrimh fuinnimh mhíosúil ghearrthéarmaigh

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh formheas a dhéanamh ar an dréacht-Chinneadh i gcomhréir le Cinneadh an 14 Deireadh Fómhair 2022 ón gCoimisiún maidir le bunú togra atá le tíolacadh ag an gCoimisiún do Bhuanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh (PHLG) le haghaidh Cinneadh ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh lena n‑oiriúnófar agus lena gcuirfear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme nuashonruithe le haghaidh an staidrimh fuinnimh bhliantúil, an staidrimh fuinnimh mhíosúil agus an staidrimh fuinnimh mhíosúil ghearrthéarmaigh [C(2022) 7197 final].

Top