AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.12.2022
COM(2022) 684 final
2022/0398(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
·Cúiseanna agus cuspóirí an togra
Is uirlis bhunriachtanach iad bearta sriantacha chun cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (‘CBES’) a chur chun cinn, mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’). Áirítear ar na cuspóirí sin luachanna an Aontais a chosaint, síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choimeád, agus an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chomhdhlúthú agus tacú leo.
Chun na luachanna sin a chaomhnú, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta sriantacha a fhorchur i gcoinne tíortha, eintitis, daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha neamh‑AE. Cuimsítear sna bearta sin bearta aonair spriocdhírithe, i.e. smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe (reo sócmhainní) agus srianta ar ligean isteach (toirmeasc taistil), chomh maith le bearta earnála, i.e. trádbhaic arm nó bearta eacnamaíocha agus airgeadais (e.g. srianta ar allmhairiú agus ar onnmhairiú, agus srianta ar sholáthar seirbhísí áirithe, amhail seirbhísí baincéireachta).
Tá os cionn 40 sraith beart sriantach i bhfeidhm ag an Aontas faoi láthair. Cuirtear bearta sriantacha arna nglacadh ag na Náisiúin Aontaithe chun feidhme le cuid díobh sin; glacann an tAontas Eorpach cuid eile díobh go neamhspleách. Chomh maith leis na bearta ina dtugtar aghaidh ar chásanna a bhaineann go sonrach le tír ar leith, ghlac an tAontas Eorpach bearta cothrománacha freisin a dhírítear ar leathadh agus úsáid arm ceimiceach, cibear-ionsaithe, sáruithe ar chearta an duine agus an sceimhlitheoireacht. Tá bearta sriantacha ina gceangal ar na Ballstáit agus ar aon duine nó eintiteas atá faoi dhlínse na mBallstát (oibreoirí AE).
(1)Forghníomhú leanúnach bhearta sriantacha an Aontais
Ós rud é gur éirigh glacadh bhearta sriantacha de chuid an Aontais níos déine le blianta beaga anuas, d'éirigh na scéimeanna chun dul timpeall orthu níos déine freisin. Luadh an Coimisiún roimhe seo nach gcuirtear bearta sriantacha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go mbaineann sé sin an bonn d'éifeachtacht na mbeart sin agus de chumas an Aontais labhairt d'aon ghuth.
Tá práinn ar leith ag baint le labhairt d'aon ghuth i gcomhthéacs fogha na Rúise faoin Úcráin faoi láthair. Tá sraith beart sriantach curtha i bhfeidhm ag an Aontas i gcoinne daoine aonair agus eintiteas ón Rúis agus ón mBealarúis, agus tá cuid acu sin ann ó bhí 2014 ann. Sa chomhthéacs sin, chun comhordú ar leibhéal AE a fheabhsú i bhforfheidhmiú na mbeart sriantach sin, bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’. Cinntíonn an Tascfhórsa seo comhordú i measc na mBallstát agus gníomhaireachtaí AE amhail Europol agus Eurojust. Tá plé rialta déanta acu ar an ngá atá le cur chuige coiteann maidir leis an dlí coiriúil chun daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha cuntasacha a bhfuil baint acu leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a choinneáil cuntasach.
Is faoi na Ballstáit go príomha atá sé bearta sriantacha an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Ní mór do na húdaráis inniúla sna Ballstáit a mheas an ndearnadh sárú ar na Cinntí ábhartha ón gComhairle agus ar na Rialacháin ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 CAE nó faoi Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), faoi seach, agus bearta iomchuí a ghlacadh. Maidir leis sin, cuimsítear go córasach i Rialacháin AE foráil lena gceanglaítear ar na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh lena bhforáiltear do phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe ar ghníomhartha dlíthiúla sin an Aontais.
Seachas de na srianta, is gnách go mbíonn an méid seo a leanas san áireamh sna Cinntí agus sna Rialacháin sin:
·clásal frith‑imchéimniúcháin, lena dtoirmeasctar rannpháirtíocht d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí lena bhféachtar le dul timpeall ar na bearta sriantacha i bpointe; agus
·oibleagáidí eile, go háirithe tuairisc a thabhairt ar bhearta a rinneadh chun na bearta sriantacha a chur chun feidhme (e.g. méid na sócmhainní a reodh a thuairisciú do na húdaráis).
Cé go soláthraítear le hAirteagal 29 CAE agus le hAirteagal 215 CFAE bunús dlí don Chomhairle maidir leis na bearta is gá a ghlacadh i gcás ina nglactar bearta sriantacha de chuid an Aontais, ní dhéantar foráil leis an mbunús dlí chun bearta sriantacha a ghlacadh maidir le comhfhogasú sainmhínithe ar an dlí coiriúil agus maidir le cineálacha agus leibhéil na bpionós coiriúil.
(2)Difríochtaí idir sainmhínithe coiriúla agus pionóis choiriúla na mBallstát
In éagmais comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, tá difríocht shuntasach idir na córais náisiúnta maidir le sárú ar dhlí an Aontais agus maidir le bearta sriantacha an Aontais a choiriúlú. In 12 Bhallstát, níl sa sárú ar bhearta sriantacha an Aontais ach cion coiriúil. In 13 Bhallstát, d’fhéadfadh sárú ar na bearta sin a bheith ina chion riaracháin nó coiriúil. Is gnách go mbaineann na critéir ar dá réir a thagann an t‑iompar faoi chatagóir beart amháin nó catagóir eile beart, lena thromchúisí atá sé (tromchúiseach), a chinntear i dtéarmaí cáilíochtúla (rún, mórfhaillí) nó i dtéarmaí cainníochtúla (damáiste), ach tá siad éagsúil i ngach Ballstát. In dhá Bhallstát, is pionóis riaracháin amháin a fhéadfaidh a bheith mar thoradh ar chion sonrach an tsáraithe ar bhearta sriantacha an Aontais faoi láthair.
Tá difríochtaí móra idir na córais phionóis ar fud na mBallstát freisin. In 14 Bhallstát, is idir 2 bhliain agus 5 bliana an uastréimhse príosúnachta. In 8 mBallstát, is féidir uastéarma príosúnachta idir 8 mbliana agus 12 bhliain a ghearradh. Is mór an difear idir na Ballstáit ar fad maidir leis an bhfíneáil uasta is féidir a ghearradh i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais – bíodh sin mar chion coiriúil nó mar chion riaracháin – idir € 1,200 agus € 5,000,000.
Déanann ceithre Bhallstát déag foráil i leith dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais. Ina theannta sin, déanann 12 Bhallstát foráil i leith pionóis riaracháin, go háirithe fíneálacha, a d’fhéadfaí a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha i gcás ina sáraíonn a bhfostaithe nó a mbainistíocht bearta sriantacha. Is idir € 133,000 agus € 37.5 milliún na fíneálacha uasta ar dhaoine dlítheanacha.
(3)Easpa imscrúduithe cóiriúla agus ionchúiseamh coiriúil
Go praiticiúil, is beag an líon de dhaoine aonair nó de dhaoine dlítheanacha atá freagrach as bearta sriantacha an Aontais a shárú a choinnítear cuntasach go héifeachtach. Mar sin féin, tugann an Líonra um Chinedhíothú dá aire ‘gur féidir treocht dhearfach a thabhairt faoi deara le déanaí i líon na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a seoladh agus an méadú ar na pionóis arna bhforchur ag údaráis náisiúnta áirithe’.
D’ainneoin na dtreochtaí dearfacha i roinnt Ballstát, dealraíonn sé nach bhfuil ann ach dornán imeachtaí breithiúnacha atá ar siúl i ndáil le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina léiriú nach dtugtar tosaíocht leordhóthanach don sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh i roinnt mhaith Ballstát. Maidir leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil roinnt gníomhaíochtaí forbartha ag Europol agus Eurojust chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha a dhéanann imscrúdú agus ag ionchúiseamh ar shárú ar bhearta sriantacha an Aontais. Rinne siad liosta na ndaoine aonair agus na gcuideachtaí atá ainmnithe ag an Aontas a chros‑seiceáil i gcomparáid lena mbunachair shonraí. Tá ‘Oibríocht Oscar‘ seolta ag Europol freisin chun tacú le himscrúduithe airgeadais arna ndéanamh ag Ballstáit a dhírítear ar shócmhainní coiriúla ar le daoine aonair agus le heintitis dhlítheanacha iad faoi réir bhearta sriantacha an Aontais. Ag an am céanna, is minic a thógann imscrúduithe agus ionchúisimh choiriúla ar sháruithe ar bhearta sriantacha an Aontais a bhrath agus a tharchur ó údaráis riaracháin go húdaráis forfheidhmithe dlí. Léiríodh easpa an tarchuir sin easpa comhar oibríochtúil laistigh de shlabhraí forfheidhmithe náisiúnta.
(4)Iarmhairtí diúltacha an status quo
In éagmais fhorfheidhmiú an dlí, agus in éagmais na n‑uirlisí agus na n‑acmhainní éifeachtacha a bheith ar fáil do na húdaráis bhreithiúnacha chun sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, d'fhéadfadh sé go mbeidh daoine aonair agus daoine dlítheanacha ainmnithe a bhfuil a sócmhainní reoite fós in ann rochtain a fháil sa chleachtas ar a gcuid sócmhainní agus córais tacaíochta a bhfuil bearta sriantacha an Aontais dírithe orthu, agus mar sin bac a chur ar na cuspóirí leis na bearta sriantacha sin.
Thairis sin, tá sainmhínithe an‑éagsúil ag na Ballstáit ar shárú ar bhearta sriantacha an Aontais faoina ndlí riaracháin agus/nó faoin dlí coiriúil, agus tá pionóis éagsúla ina leith acu. Léiríonn sé sin go bhféadfaí pionóis éagsúla a ghearradh ar an sárú céanna agus na pionóis sin a bheith ar leibhéil éagsúla forfheidhmiúcháin. Lagaítear leis sin forfheidhmiú bhearta sriantacha an Aontais agus baintear an bonn d’inchreidteacht chuspóirí an Aontais.
Ar deireadh, i gcásanna áirithe, mar gheall ar na fáltais a ghintear as na gníomhaíochtaí a dhéantar de shárú ar bhearta sriantacha an Aontais, d'fhéadfadh sé go mbeadh na heintitis agus na daoine aonair ar a dhírítear na bearta sriantacha leanúint leis an iompar a raibh siad faoi réir bearta sriantacha ina leith.
(5)Cuspóirí an togra
I bhfianaise an méid sin, i ndiaidh togra ón gCoimisiún Eorpach a cuireadh isteach an 25 Bealtaine 2022, chinn an Chomhairle an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) CFAE. Mar gheall air sin féadfaidh an Coimisiún an togra seo le haghaidh Treorach a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, a bhfuil sé mar aidhm ag an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chomhfhogasú.
Is iad seo a leanas cuspóirí an togra seo:
(a)neas‑sainmhínithe ar chionta coiriúla a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais;
(b)cineálacha agus leibhéil pionós éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach i gcás cionta coiriúla a bhaineann leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú;
(c)imscrúdú agus ionchúiseamh trasteorann a chothú; agus
(d)éifeachtacht oibríochtúil na slabhraí forfheidhmithe náisiúnta a fheabhsú chun imscrúduithe, ionchúisimh agus smachtbhannaí a chothú.
·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais
In Airteagal 2 CAE leagtar síos luachanna coiteanna an Aontais maidir le dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine. Tacaíonn forfheidhmiú éifeachtach beart sriantach, lena n‑áirítear trí bhearta dlí choiriúil lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar shárú beart sriantach, le seasamh leis na luachanna coiteanna sin laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach.
Thairis sin, is éard atá san Aontas Eorpach limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n‑urramaítear cearta bunúsacha agus córais agus traidisiúin éagsúla dlí na mBallstát. Tá sé mar aidhm aige ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta lena n‑áirítear an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac. Faoi Airteagal 83(1) CFAE, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle 'rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimsí na coireachta fíor-thromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, mar thoradh ar chineál na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.'
Comhlánaítear le comhfhogasú na sainmhínithe agus na bpionós don chion coiriúil maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais togra an Choimisiúin le haghaidh Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní, lena gcuirtear chun feidhme Straitéis an Aontais Slándála agus straitéis an Aontais chun dul i ngleic le coireacht eagraithe. Tá sé mar aidhm ag an togra le haghaidh Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní cumais na n‑údarás náisiúnta a neartú chun maoin a thagann as fáltais nó ionstraimeachtaí na coireachta a rianú agus a shainaithint, a reo agus a bhainistiú. Ina theannta sin, déantar foráil ann i leith creat dlíthiúil treisithe maidir le coigistiú lena n‑áirítear cásanna sonracha nach féidir coir shonrach a chiontú.
Chomh maith leis sin, cuireann an togra le haghaidh Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní le cur chun feidhme éifeachtach beart sriantach toisc go gceanglaítear leis ar na Ballstáit maoin a bhaineann le sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais mar a shainítear faoin dlí náisiúnta iad a rianú agus a shainaithint. Thairis sin, leis an togra cuirtear na rialacha athbhreithnithe maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní i bhfeidhm ar an gcion coiriúil um shárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
I ndiaidh an togra seo le haghaidh Treoir a ghlacadh lena ndéanfar na sainmhínithe agus na pionóis a bhaineann leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chomhchuibhiú, cuirfear na rialacha maidir le bearta um rianú agus sainaithint, reo, bainistiú agus coigistiú i bhfeidhm maidir le maoin a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais. Sa deireadh, d’fhéadfadh fáltais ó shárú bhearta sriantacha an Aontais, mar shampla, i gcásanna ina gcuirfeadh daoine aonair agus cuideachtaí cistí ar fáil dóibh siúd atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe (i.e. reo sócmhainní), a bheith ina n‑ábhar do bhearta coigistíochta. Ag an am céanna, d’fhéadfaí coigistiú a dhéanamh ar ionstraimeachtaí a úsáidtear chun an sárú ar bhearta sriantacha a dhéanamh.
·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Rialacháin ón gComhairle maidir le bearta sriantacha an Aontais
Le bunú rialacha íosta maidir leis an sainmhíniú ar an dlí coiriúil ar an sárú ar bhearta sriantacha bunaithe ar Airteagal 83(1) CFAE agus le pionóis ina leith, neartófaí forfheidhmiú beart sriantach sna Ballstáit, rud a chomhlánódh bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE. Neartaíodh an fhoráil maidir le pionóis i Rialachán Uimh. 833/2014 agus i Rialachán Uimh. 269/ chuid den séú pacáiste de bhearta sriantacha mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Cuirtear oibleagáid leis na forálacha leasaithe ar na Ballstáit rialacha a bhaineann le pionóis, lena n‑áirítear pionóis iomchuí choiriúla, is infheidhme maidir le sáruithe ar na Rialacháin sin a leagan síos agus gach beart is gá a ghlacadh lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ní mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais na sáruithe sin a choigistiú.
An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/1273 gComhairle, lena leasaítear Airteagal 8 agus Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle. Go sonrach, chun cur chun feidhme éifeachtach agus aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, agus i bhfianaise chastacht mhéadaithe na scéimeanna um bhearta sriantacha a sheachaint, scéimeanna a chuireann bac ar an gcur chun feidhme sin, cuirtear d'oibleagáid leis ar dhaoine agus ar eintitis ainmnithe ag a bhfuil sócmhainní laistigh de dhlínse Ballstáit na sócmhainní sin a thuairisciú agus comhoibriú leis an údarás inniúil chun an tuairisciú sin a dheimhniú (Airteagal 9). Beidh mainneachtain an oibleagáid sin a chomhlíonadh ina sárú. Neartaítear le Rialachán 2022/1273 freisin an soláthar maidir le hoibleagáidí tuairiscithe d'oibreoirí AE, d'fhonn sárú ar reo sócmhainní agus teacht timpeall ar reo sócmhainní a chosc (Airteagal 8).
Ní bunús dlí oiriúnach iad Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, áfach, chun sainmhínithe coiriúla agus cineálacha agus leibhéil na bpionós coiriúil a chomhfhogasú.
Teachtaireacht ón gCoimisiún 2021 maidir le córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa
Anuas air sin, i dTeachtaireacht 2021 uaidh dar teideal The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú], tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil cur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais chomh haonfhoirmeach céanna ar fud an Aontais agus ba cheart dó a bheith. Cruthaíonn sin saobhadh sa mhargadh aonair, ós rud é gur féidir le cuideachtaí AE, lena n‑áirítear fochuideachtaí AE de chuid cuideachtaí eachtracha, bealaí a aimsiú chun dul timpeall ar na bearta sriantacha. Cruthaíonn sé sin éiginnteacht i measc oibreoirí freisin. Baineann forfheidhmiú neamhréireach an bonn d’éifeachtúlacht beart sriantach agus de chumas an Aontais labhairt d’aon ghuth. I measc na dtionscnamh eile, éilítear leis an straitéis go ndéanfaí tuilleadh obair chomhordaithe idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh pionóis náisiúnta mar gheall ar bhearta sriantacha an Aontais a shárú éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
Ar deireadh, faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit le fothú acmhainneachta agus comhairle theicniúil a chur ar fáil maidir le bearta sriantacha a chur chun feidhme.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
·Bunús dlí
Faoi Airteagal 83(1) CFAE, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin treoracha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, rialacha íosta a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i réimsí na coireachta fíor-thromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar chineál na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.
Is iad seo a leanas na réimsí coireachta: sceimhlitheoireacht; gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí; gáinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí; gáinneáil aindleathach ar airm; sciúradh airgid; éilliú; góchumadh modhanna íocaíochta; coireacht ríomhaire; coireacht eagraithe. De réir mar a tharlaíonn forbairtí sa choireacht, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile coireachta a chomhlánaíonn na critéir a shonraítear sa mhír seo. Agus é sin á dhéanamh, gníomhóidh sí d'aon toil i ndiaidh toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
I ndiaidh Chinneadh 2022/2332 ón gComhairle a ghlacadh, cuimsítear anois sna réimsí coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE sárú ar bhearta sriantacha an Aontais. Mar gheall air sin, féadfaidh an Coimisiún an togra reatha le haghaidh Treoir a chur ar aghaidh.
·Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Is iad na cuspóirí leis an Treoir sin go n‑áiritheofar sainmhínithe comhchoiteanna ar chionta a bhaineann le bearta sriantacha an Aontais a shárú agus pionóis choiriúla atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach as cionta tromchúiseacha a bhaineann le bearta sriantacha an Aontais a shárú. Mar a phléitear go mion sna míreanna ina dhiaidh seo, ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach. Ina ionad sin, féadfar iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais, de bharr scála agus éifeachtaí an iompair atá i gceist, ar cineál trasteorann é go bunúsach agus lena bhféadfaí an bonn a bhaint de bhaint amach chuspóirí an Aontais maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chosaint, agus luachanna coiteanna an Aontais a chosaint. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE.
Is réimse coireachta an‑tromchúiseach é bearta sriantach an Aontais a shárú, ós rud é go bhféadfaí bagairtí a bhuanú léi ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta , an bonn a bhaint de chomhdhlúthú an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine agus de thacaíocht dóibh agus a bhféadfadh damáiste suntasach eacnamaíoch, sochaíoch agus comhshaoil a bheith mar thoradh air. De bharr sáruithe den sórt sin, féadfaidh daoine aonair agus eintitis a bhfuil a sócmhainní reoite nó a bhfuil srian ar a ngníomhaíochtaí leanúint le rochtain a fháil ar a sócmhainní, rud a chuireann bac ar chuspóirí na mbeart sriantach sin. Mar an gcéanna, leis an airgead a ghintear trí shaothrú earraí agus acmhainní nádúrtha arna dtrádáil de shárú ar bhearta sriantacha an Aontais, féadfaidh na córais ar a ndírítear na bearta sriantacha sin leanúint le rochtain a bheith acu ar na modhanna is gá (i.e. na hairm agus na harmáin a cheannach) lena leanann siad leis na cleachtais smachtúla agus le coireanna tromchúiseacha a dhéanamh. Thairis sin, d’fhéadfadh sárú ar bhearta sriantacha an Aontais maidir le trádáil cur le saothrú neamhdhleathach acmhainní nádúrtha sa dlínse a bhfuil na bearta sriantacha sin dírithe orthu.
Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil sainmhínithe agus pionóis an‑éagsúil ag na Ballstáit, faoina ndlí riaracháin agus/nó faoin dlí coiriúil, as bearta sriantacha an Aontais a shárú, tugtar le tuiscint go bhféadfaí pionóis éagsúla a ghearradh ar an sárú céanna le pionóis éagsúla agus le leibhéil éagsúla forfheidhmiúcháin. Is baic iad na difríochtaí sin ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach bheartas an Aontais maidir le bearta sriantacha. D'fhéadfadh siad fiú a bheith ina gcúis le siopadóireacht dlínse ag ciontóirí agus d'fhéadfadh siad a bheith ina gcúis lena saoirse (lena gharshaoirse) ó phionós i gcás ina roghnódh siad a ngníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát/sna Ballstáit nach bhfuil na pionóis iontu chomh dian sin nó a bhfuil cáil orthu as a bheith trócaireach san ionchúiseamh as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais. Baineann sé sin an bonn d'éifeachtacht na mbeart sriantach agus d'fhorfheidhmiú na mbeart sin ar leibhéal an Aontais. Tá an baol ann, i gcás den sórt sin, go gcuirfí bac ar chuspóirí an Aontais maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chosaint agus maidir le seasamh le luachanna coiteanna AE. Dá bhrí sin, tá gá ar leith le gníomhaíocht chomhchoiteann ar leibhéal an Aontais, trí bhíthin an dlí choiriúil, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
Lena chois sin, tá gné thrasteorann shoiléir agus bhunúsach uaireanta ag baint le sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais. Ní hamháin go ndéanann daoine nádúrtha agus eintitis dhlíthiúla a oibríonn ar scála domhanda iad de ghnáth, ach i gcásanna áirithe, le bearta sriantacha de chuid an Aontais, amhail srianta ar sheirbhísí baincéireachta, cuirtear cosc ar oibríochtaí trasteorann fiú. Dá bhrí sin, de réir sainmhínithe, déantar sárú orthu le scála trasteorann lena n‑éilítear freagairt choiteann trasteorann ar leibhéal an Aontais.
Ar deireadh, leis an gcomhchuibhiú, mhéadófaí freisin an éifeacht dhíspreagthach bheadh ag pionóis i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
·Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun a cuspóir a ghnóthú. Tá comhfhogasú na sainmhínithe ar chionta coiriúla agus ar chineálacha agus leibhéil na bpionós coiriúil teoranta dá bhfuil ag teastáil chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais sna Ballstáit. Ní áirítear bearta maidir le huirlisí imscrúdaitheacha agus malartú faisnéise a úsáid ach a mhéid is gá le go bhfeidhmeoidh an creat dlí choiriúil atá beartaithe go héifeachtach.
·Rogha na hionstraime
Faoi Airteagal 83(1) CFAE, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin treoracha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, rialacha íosta a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i réimsí na coireachta fíor-thromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar chineál na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinneadh comhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit sa Mheitheal um Chomhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla (COPEN) (8 Meán Fómhair 2022), le Europol (5 Meán Fómhair) agus le Eurojust (13 Meán Fómhair). D'eagraigh Ard‑Stiúrthóireacht an Aistriúcháin plé cuimsitheach freisin le baill dá Sainghrúpa ar Bheartas Coiriúil an Aontais Eorpaigh (16 Meán Fómhair). Bhí na comhairliúcháin sin bunaithe ar cheistneoir tiomnaithe ón gCoimisiún inár ardaíodh ceisteanna maidir leis na cionta, na pionóis, na rialacha dlínse, agus na forálacha maidir le comhar trasteorann a chuirfear san áireamh sa Treoir amach anseo.
·Bailiú agus úsáid saineolais
Tar éis fogha míleata na Rúise faoin Úcráin, bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ ag tús mhí an Mhárta 2022. Is é is aidhm dó comhordú a áirithiú i measc na mBallstát i bhforfheidhmiú bhearta sriantacha an Aontais maidir le daoine aonair agus cuideachtaí liostaithe ón Rúis agus ón mBealarúis, agus an t‑idirghníomhú idir bearta sriantacha an Aontais agus bearta dlí choiriúil a fhiosrú. Ar na malartuithe tuairimí sin bhí cruinnithe le húdaráis inniúla náisiúnta chun bearta sriantacha a chur chun feidhme, Europol, Eurojust agus an Líonra um Chinedhíothú, a bhfuil a rúnaíocht á hóstáil ag Eurojust.
Tá foghrúpa ar leith de Thascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ dírithe ar chur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais a neartú. Go sonrach, téann sé i ngleic le ceisteanna a d’ardaigh na húdaráis náisiúnta agus déanann sé iniúchadh ar bhealaí féideartha chun sócmhainní a shainaithint go réamhghníomhach. Glacann údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát páirt san fhoghrúpa sin. Le linn na dtuairimí a mhalartú i gcomhthéacs an fhoghrúpa sin, rinneadh tagairtí roinnt uaireanta do dheacrachtaí daoine aonair agus daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a choinneáil cuntasach. Rinne rannpháirtithe i malartuithe den sórt sin argóint freisin i bhfabhar cur chuige coiteann maidir leis an dlí coiriúil i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
Soláthraítear go sonrach i dtuarascáil an Líonra um Cinedhíothú i mí na Nollag 2021 an fhianaise is gá le haghaidh cur chuige dá leithéid. Leagtar béim sa tuarascáil sin ar an ngá atá le coiriúlú an tsáraithe ar bhearta sriantacha an Aontais lena áirithiú go gcoinneofar cuntasach go héifeachtach na daoine aonair nó na daoine dlítheanacha atá freagrach as sáruithe den sórt sin. Ina theannta sin, baintear de thátal as ‘gur féidir líontán sábhála a chur ar fáil le sáruithe smachtbhannaí a ionchúiseamh’, go háirithe i gcomhthéacs bunchoireanna idirnáisiúnta.
Ina theannta sin, sa phlé laistigh den Tascfhórsa 'Calcadh agus Coigistiú' maidir le malartú dea-chleachtas i ndáil le himscrúduithe coiriúla agus le coigistiú araon léiríodh an tábhacht a bhaineann le cur chuige réamhghníomhach agus comhordú i measc na n‑údarás atá freagrach as bearta sriantacha an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart d’aonaid um fhaisnéis airgeadais, d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis chustaim, mar aon le comhpháirtithe idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta agus iriseoirí imscrúdaitheacha, comhoibriú agus faisnéis a mhalartú chun treoraí a fháil a chuirfidh ar chumas na n‑údarás forfheidhmiú an dlí tús a chur le himscrúdú.
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle lena Ghrúpa Saineolaithe maidir le Beartas Coiriúil an Aontais an 13 Bealtaine agus an 16 Meán Fómhair 2022. Ba dhíol sásaimh don ghrúpa i gcoitinne an smaoineamh sainmhínithe agus pionóis a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais agus sholáthair sé ionchur sonrach maidir le cionta, pionóis, rialacha dlínse agus comhar trasteorann.
·Measúnú tionchair
Is é is aidhm dó togra seo le haghaidh Treoir an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla a chomhchuibhiú i réimse an tsáraithe ar bhearta sriantacha an Aontais. Tá sé de thoradh ar ghlacadh Chinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle maidir leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir shonraithe atá leagtha síos in Airteagal 83 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Bhí an Teachtaireacht I dTreo Treoir maidir le pionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais ag gabháil leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, a cuireadh isteach an 25 Bealtaine. Mar gheall ar chomh práinneach atá sé na daoine aonair agus daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a choinneáil cuntasach, leagtar amach cheana féin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht sin na príomhghnéithe a d’fhéadfadh a bheith i dTreoir amach anseo maidir le pionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
Le Cinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle maidir leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir shonraithe a leagtar síos in Airteagal 83 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagtar béim freisin ar an bpráinn a bhaineann le reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh.
I bhfianaise na gcúinsí sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.
·Cearta bunúsacha
Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail arna leagan síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt). Go sonrach, áirithítear leis an Treoir go gcomhlíonfar na forálacha seo a leanas den Chairt: an ceart chun saoirse agus slándála (Airteagal 6); an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8); an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16); an ceart chun maoine (Airteagal 17); agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa (Airteagal 47); toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta (Airteagal 48); prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis (Airteagal 49); agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion céanna (Airteagal 50).
Ní mór an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta agus cearta bunúsacha á n‑urramú. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n‑urramófar le forchur na bpionós coiriúil agus riaracháin prionsabail na Cairte, lena n‑áirítear an phribhléid in aghaidh féin‑ionchoirithe, an ceart bheith i do thost agus an toirmeasc ar go ndéanfaí duine a thriail nó a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla as an gcion céanna. Ba cheart do na Ballstáit cearta nós imeachta daoine faoi amhras nó daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla a urramú. Maidir leis sin, tá na hoibleagáidí faoin Treoir seo gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais maidir le cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla. Ar deireadh, ní mór an Treoir seo a thrasuí gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá impleachtaí buiséadacha diomaibhseach ag an togra seo do na Ballstáit agus don Choimisiún. Tá faisnéis shonrach faoi na himpleachtaí airgeadais don Choimisiún le fáil sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an bpacáiste reachtach seo.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 19(1) agus (4) den togra reatha, beidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi roinnt oibleagáidí tuairiscithe. Dhá bhliain i ndiaidh dheireadh na tréimhse trasuímh, beidh ar an gCoimisiún tuarascáil a sholáthar maidir leis an gcaoi a ndearna na Ballstáit an Treoir a thrasuí. Cúig bliana tar éis dheireadh na tréimhse trasuímh, ní mór don Choimisiún staidéar a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach chun a breisluach a mheas. Ní dhéanfar é sin go dtí go mbeidh deireadh leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
Baineann an chéad tuarascáil le trasuí na Treorach ag na Ballstáit. Is é atá sa dara tuarascáil nach mór don Choimisiún a chur ar fáil staidéar ina ndéanfar measúnú ar éifeachtacht na Treorach, maidir le sraith áirithe táscairí.
Ina theannta sin, sonraítear sa ráiteas airgeadais reachtach na costais a bhaineann le bailiú agus anailísiú staidrimh maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Ní mór do na Ballstáit an staidreamh sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) agus (3) den togra reatha.
Chomh maith le costais an Choimisiúin, beidh impleachtaí teoranta airgeadais ag an togra do na Ballstáit. Is féidir na himpleachtaí airgeadais sin a roinnt ina dtrí chuid.
(1)Mar a fhoráiltear in Airteagal 15 den togra reatha, beidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha ar fáil chun imscrúdú a dhéanamh ar chionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 13 den togra reatha, beidh ar na Ballstáit comhordú agus comhar a áirithiú ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil i measc a n‑údarás inniúil go léir a bhfuil baint acu le cionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
(3)Beidh ar na Ballstáit costais éigin a íoc a bhaineann leis an oibleagáid thuasluaite chun staidreamh a chur isteach, ar bhonn bliantúil, maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Níl dóthain sonraí ar fáil, áfach, chun meastachán costas cruinn ar na costais ghaolmhara a chumasú.
5.EILIMINTÍ EILE
·Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Beidh sé mhí ag na Ballstáit i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach chun í a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta. Dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse trasuímh seo, beidh ar an gCoimisiún tuarascáil a chur i dtoll a chéile maidir leis an gcaoi a ndearna na Ballstáit an Treoir a thrasuí. Cúig bliana tar éis dheireadh na tréimhse trasuímh, ní mór don Choimisiún staidéar a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach chun a breisluach a mheas.
·Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1: Ábhar
Leagtar amach san fhoráil seo an cuspóir leis an Treoir, go háirithe an aidhm atá léi cur i bhfeidhm éifeachtach bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú.
Airteagal 2: Raon feidhme agus sainmhínithe
Leagtar amach san fhoráil seo raon feidhme na Treorach. Tá feidhm aige maidir le sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh ag an Aontas ar bhonn Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE. Áirítear ar bhearta den sórt sin cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo, toirmisc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil agus toirmisc ar theacht isteach i gcríoch Ballstáit den Aontas Eorpach, nó ar idirthuras trí chríoch Ballstáit den Aontas Eorpach, chomh maith le bearta eacnamaíocha earnála agus trádbhaic arm. Ina theannta sin, soláthraítear san fhoráil seo sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear sa Treoir, lena n‑áirítear na téarmaí ‘duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe', 'cistí 'agus 'acmhainní eacnamaíocha'.
Airteagal 3: Sárú ar bhearta sriantacha an Aontais
Déantar cur síos san fhoráil seo ar na cionta coiriúla a chumhdaítear leis an Treoir seo. Cumhdaítear leis na cionta sáruithe ar na toirmisc agus na srianta atá i mbearta sriantacha an Aontais, iompar atá beartaithe chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais, agus sárú ar choinníollacha faoi údaruithe arna ndeonú ag údaráis inniúla chun gníomhaíochtaí áirithe a sheoladh a thoirmisctear seachas sin leis na bearta sriantacha. Níor cheart a thuiscint ó na cionta sin go bhforchuirtear oibleagáidí ar dhaoine nádúrtha a thagann salach ar an gceart gan tú féin a chiontú agus bheith i do thost mar a leagtar amach sa Chairt agus i dTreoir (AE) 2016/343. Ina theannta sin, ní théann siad i gcion ar na rialacha is infheidhme maidir le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil.
Ina theannta sin, gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar earraí agus seirbhísí lena n‑úsáid go laethúil ar mhaithe le húsáid phearsanta daoine nádúrtha ainmnithe, amhail táirgí agus seirbhísí bia agus cúraim sláinte, nó mionairgid, i gcás ina bhfuil sé teoranta go soiléir do fhreastal ar riachtanais bhunúsacha an duine i gcás daoine den sórt sin agus a mball teaghlaigh cleithiúnach, tá siad eisiata ó choiriúlú. Déantar an mhainneachtain gníomhaíochtaí den sórt sin a thuairisciú a eisiamh ó choiriúlú freisin. Ina theannta sin, eisiatar ó choiriúlú cabhair dhaonnúil a sheachadadh do dhaoine i ngátar. Ní mór nach gcuirfear cabhair dhaonnúil den sórt sin ar fáil ach i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta amháin agus d'fhéadfadh bia agus cothú, dídean, cúram sláinte, uisce agus sláintíocht a bheith i gceist leis sin go háirithe. Thairis sin, agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n‑éilítear leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta, le dlí na coinbhleachta armtha, nár cheart go gcuirfí cosc le bearta sriantacha cabhair dhaonnúil a sholáthar i gcomhréir le prionsabail na neamhchlaontachta, na daonnachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais.
Tá sáruithe áirithe ar bhearta sriantacha an Aontais ina gcion coiriúil freisin nuair a dhéantar iad le faillí thromchúiseach. Go sonrach, ba cheart do ghairmithe, amhail i seirbhísí dlí, airgeadais agus trádála, dícheall cuí a fheidhmiú chun aon sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chosc.
Airteagal 4: Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh
In Airteagal 4 déantar coir as cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 a ghríosú, cabhrú leo agus iad a neartú. Ina theannta sin, déantar iarrachtaí na cionta coiriúla a liostaítear in Airteagal 3 a dhéanamh a choiriúlú.
Airteagal 5: Pionóis choiriúla do dhaoine nádúrtha
Déantar foráil in Airteagal 5 i leith caighdeáin íosta lena áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Ceanglaítear leis an togra go mbunóidh na Ballstáit leibhéil agus cineálacha sonracha smachtbhannaí le haghaidh cionta coiriúla a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais. Léiríonn an catagóiriú atá beartaithe tromchúis na gcionta. Leagtar síos tairseach airgeadaíochta dar luach EUR 100 000 mar bhealach chun idirdhealú a dhéanamh idir cionta níos tromchúisí ar cheart téarma príosúnachta uasta 5 bliana ar a laghad a ghearradh ina leith. Mar a luadh, is idir 2 bhliain agus 5 bliana an uastréimhse príosúnachta in 14 Bhallstát. In 8 mBallstát, is féidir uastéarma príosúnachta idir 8 mbliana agus 12 bhliain a ghearradh. Ba cheart pionóis bhreise nó bearta breise a bheith ar fáil freisin in imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha. Ba cheart go n‑áireofaí fíneálacha leo.
Airteagal 6: Dliteanas daoine dlítheanacha
Tá oibleagáidí in Airteagal 6 chun dliteanas daoine dlítheanacha as cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a áirithiú i gcás ina ndearnadh na cionta sin chun tairbhe dóibh. Foráiltear leis an Airteagal seo freisin nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a choinneáil cuntasach as easpa maoirseachta agus rialaithe a d'fhág go bhféadfaí cion dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a dhéanamh chun tairbhe don duine dlítheanach. Thairis sin, níor cheart go n‑eisiafadh dliteanas an duine dhlítheanaigh imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha.
Airteagal 7: Pionóis ar dhaoine dlítheanacha
Leagtar amach in Airteagal 7 na smachtbhannaí is infheidhme maidir le daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu leis na cionta coiriúla a chumhdaítear faoin togra seo. Go sonrach, ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh duine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6 faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, lena n‑áirítear: fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla; eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n‑áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais; dícháiliú ó ghníomhaíochtaí gnó a chleachtadh; ceadanna agus údaruithe chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí arb é an toradh a bhí orthu go ndearnadh an cion a tharraingt siar; cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach; foirceannadh breithiúnach; agus dúnadh bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion coiriúil a dhéanamh.
Ina theannta sin, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh san Airteagal seo gur cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh daoine dlítheanacha a bhaineann tairbhe as cionta a dhéanann daoine eile, de shárú ar bhearta sriantacha an Aontais inphionóis le fíneálacha, agus níor cheart teorainn uasta na bhfíneálacha sin a bheith níos lú ná 5 faoin gcéad de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála. Ní eisiatar, le dliteanas daoine dlítheanacha, go bhféadfaí imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne daoine nádúrtha ar déantóirí na gcionta coiriúla a shonraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 iad.
Airteagal 8: Imthosca géaraitheacha
Leagtar amach in Airteagal 8 na himthosca géaraitheacha atá le cur san áireamh nuair a chuirtear pionóis bhfeidhm ar chion dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Ba cheart aon cheann de na himthosca seo a leanas a mheas mar imthoisc ghéaraitheach: rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle; nó gur soláthraí seirbhíse gairmiúil a rinne an cion de shárú ar a n‑oibleagáidí gairmiúla; gurb é oifigeach poiblí a rinne an cion agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige nó aici; agus gurb é duine eile a rinne an cion le linn dó nó di feidhm phoiblí a chomhlíonadh.
Airteagal 9: Imthoisc mhaolaitheach
Leagtar amach in Airteagal 9 imthoisc mhaolaitheach atá breithniú nuair a chuirtear pionóis i bhfeidhm ar chion dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Is éard a bheadh i gceist leis sin nuair a sholáthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt os comhair na cúirte; agus/ nó (ii) fianaise a fháil.
Airteagal 10: Calcadh agus coigistiú
In Airteagal 10, déantar an coincheap ‘fáltais’ a shoiléiriú go sonrach i gcásanna ina ndéanann an duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe cionta sonracha um dhul timpeall faoi Airteagal 3(2 )(h)(i) agus (ii) nó ina nglacann an duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe páirt iontu . Caithfear comhréireacht an choigistithe a chomhlíonadh i ngach cás aonair.
Airteagal 11: Rialacha dlínse
Le hAirteagal 11 leagtar síos forálacha maidir le dlínse lena áirithiú go mbunóidh na Ballstáit dlínse i leith cionta a chumhdaítear faoin togra. Ba cheart do na Ballstáit dlínse a fheidhmiú ar chionta a dhéanann daoine dlítheanacha atá bunaithe ina gcríoch agus i gcás ina ndéantar na cionta chun tairbhe do dhuine dlítheanach i ndáil le haon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas. Go sonrach, luaitear i dtuarascáil 2021 ón Líonra um Chinedhíothú roinnt cásanna ábhartha de chuideachtaí atá bunaithe i mBallstát a bhfuil bearta sriantacha á sárú acu i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Chomh maith leis sin, baineann tábhacht ar leith le dlínse a bhunú ar dhaoine dlítheanacha i ndáil le haon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais. Cuirfidh sé sin ar chumas na mBallstát sárú lena bhfuil nasc AE a dhéantar trí thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus/nó ag daoine neamh‑AE a ionchúiseamh, e.g. onnmhairí ón Aontas chuig ceann scríbe spriocdhírithe nó chuig úsáideoir deiridh spriocdhírithe, nó aistriú sócmhainní ón Aontas chuig duine liostaithe.
Airteagal 12: Tréimhsí teorann
Leagtar síos in Airteagal 12 forálacha maidir le tréimhsí teorann chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na cionta coiriúla a chumhdaítear faoin togra seo a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú le linn tréimhse áirithe ama.
Airteagal 13: Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát
Ceanglaítear leis an bhforáil sin ar na Ballstáit comhordú agus comhar a áirithiú ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil i measc a n‑údarás inniúil go léir a bhfuil baint acu le cionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Airteagal 14: Cionta a thuairisciú agus cosaint do dhaoine a thuairiscíonn cionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais nó a chuidíonn leis an imscrúdú
Baineann an fhoráil sin le cosaint do sceithirí a thuairiscíonn faisnéis nó a sholáthraíonn fianaise le haghaidh imscrúdú coiriúil a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
Airteagal 15: Uirlisí imscrúdaitheacha
Leagtar síos leis an bhforáil sin go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail na cinn sin a úsáidtear i gcoireacht eagraithe nó i gcásanna eile coireachta tromchúisí, ar fáil freisin chun cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
Airteagal 16: Comhar idir na Ballstáit, an Coimisiún, Europol, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Ceanglaítear leis an bhforáil sin ar údaráis na mBallstát, Europol, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus an Coimisiún, laistigh dá n‑inniúlacht faoi seach, comhoibriú lena chéile sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát faisnéis maidir le saincheisteanna praiticiúla a roinnt freisin.
Airteagal 17: Leasuithe ar Threoir (AE) 2018/1673
Leasaítear leis an bhforáil Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1673 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil trí an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainmhíniú mar ‘gníomhaíochtaí coiriúla’. Mar thoradh air sin, is cion coiriúil é sciúradh airgid mar a thuairiscítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1673 a bhaineann le maoin a dhíorthaítear ó na cionta coiriúla a chumhdaítear faoin Treoir seo.
Airteagal 18-21
Tá forálacha breise sna hAirteagail sin maidir le trasuí arna dhéanamh ag na Ballstáit, tuairisciú arna dhéanamh ag na Ballstáit, meastóireacht agus tuairisciú arna ndéanamh ag an gCoimisiún, maidir le teacht i bhfeidhm na Treorach seo, agus maidir le seolaithe na Treorach seo. Toisc go bhfuil gá práinneach ann go gcoinneofar daoine aonair agus daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais cuntasach, ba cheart do na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm laistigh de 6 mhí i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
2022/0398 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Chun cur i bhfeidhm éifeachtach bhearta sriantacha an Aontais agus sláine an mhargaidh inmheánaigh laistigh den Aontas a áirithiú, agus chun ardleibhéal slándála a bhaint amach laistigh den Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, is gá rialacha íosta a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis i ndáil le sárú bhearta sriantacha sin Aontais.
(2)Bearta sriantacha an Aontais, amhail bearta a bhaineann le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo, toirmisc ar chistí agus ar acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil agus toirmisc ar theacht isteach i gcríoch Ballstáit den Aontas Eorpach, nó ar idirthuras trí chríoch Ballstáit den Aontas Eorpach, chomh maith le bearta eacnamaíocha earnála agus trádbhaic arm, is uirlis fhíor-riachtanach iad na bearta sin chun cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ('CAE'), a chur chun cinn. Áirítear ar na cuspóirí sin luachanna, slándáil, neamhspleáchas agus ionracas an Aontais a chosaint, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo agus an tsíocháin idirnáisiúnta a choimeád, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le haidhmeanna agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.
(3)Chun cur i bhfeidhm éifeachtach bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú, is gá go mbeidh pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le sárú na mbeart sriantach sin de chuid an Aontais, lena n‑áirítear oibleagáidí, amhail tuairisciú, a bhunaítear leo. Is gá freisin go dtabharfar aghaidh leis na bearta sin ar dhul timpeall bhearta sriantacha an Aontais.
(4)Chun bearta sriantacha an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach, teastaíonn sainmhínithe coiriúla comhchoiteanna ar iompar lena sáraítear bearta sriantacha an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur cion coiriúil é an t‑iompar sin nuair a dhéantar é le hintinn agus le faillí thromchúiseach, i gcás inarb eol don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach, nó ar cheart gurbh eol dó, go sáródh a n‑iompar bearta sriantacha an Aontais.
(5)Trí bhearta sriantacha an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach, tá gá freisin le sainmhínithe coiriúla comhchoiteanna ar iompar a théann timpeall ar bheart sriantach an Aontais.
(6)Féadfaidh daoine, eintitis agus comhlachtaí, a ainmnítear ina n‑aonar i mbearta sriantacha an Aontais agus atá faoi réir na mbeart sriantach sin de chuid an Aontais, a bheith páirteach go minic mar ghríosóirí agus mar chomhchoirithe. Mar shampla, tá an cleachtas ag daoine agus eintitis ainmnithe cistí, maoin nó acmhainní eacnamaíocha a aistriú chuig tríú páirtí chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais ag éirí níos forleithne. Dá bhrí sin, cumhdaítear an t‑iompar sin sa cion um dhul timpeall arna chomhfhogasú leis an Treoir seo.
(7)Ba cheart gairmithe dlí, arna sainiú ag na Ballstáit, bheith faoi réir na Treorach seo, lena n‑áirítear an oibleagáid an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a thuairisciú, agus seirbhísí á soláthar acu i gcomhthéacs gníomhaíochtaí gairmiúla, amhail seirbhísí dlí, airgeadais agus trádála. Is léir ón taithí atá faighte go bhfuil baol soiléir ann go mbainfear mí-úsáid as seirbhísí na ngairmithe dlí sin chun bearta sriantacha de chuid an Aontais a shárú. Ba cheart, áfach, go mbeadh díolúintí ann ó aon oibleagáid faisnéis a thuairisciú a fhaightear i dtaca le himeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána, cibé acu roimh imeachtaí breithiúnacha, lena linn nó ina ndiaidh, nó le linn staid dhlíthiúil cliaint a dhearbhú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh comhairle dlí sna himthosca sin fós faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina bhfuil an gairmí dlí ag glacadh páirt sa sárú ar bhearta sriantacha an Aontais, go soláthraítear an chomhairle dlí chun críocha bearta sriantacha an Aontais a shárú, nó go bhfuil a fhios ag an ngairmí dlí go bhfuil an cliant ag lorg comhairle dlí chun críocha bearta sriantacha an Aontais a shárú. Is féidir eolas a bhunú ar chúinsí oibiachtúla fíorasacha.
(8)Thairis sin, éilítear le cur i bhfeidhm éifeachtach bhearta sriantacha an Aontais sainmhíniú coiteann ar an dlí coiriúil maidir le hiompar lena sáraítear coinníollacha faoi údaruithe arna ndeonú ag údaráis inniúla chun gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad atá toirmiscthe nó srianta faoi bheart sriantach de chuid an Aontais in éagmais údarú den sórt sin.
(9)Is iomchuí go n‑eisiafar na gníomhaíochtaí coiriúlachta a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a sholáthar lena n‑úsáid go laethúil ar mhaithe le húsáid phearsanta daoine nádúrtha ainmnithe, amhail táirgí agus seirbhísí bia agus cúraim sláinte, nó mionairgid, i gcás ina bhfuil sé teoranta go soiléir do fhreastal ar riachtanais bhunúsacha an duine i gcás daoine den sórt sin agus a mball teaghlaigh cleithiúnach. Ba cheart an mhainneachtain gníomhaíochtaí den sórt sin a thuairisciú a eisiamh ó choiriúlú freisin. Ina theannta sin, is iomchuí go n‑eisiafar seachadadh cabhrach daonnúla do dhaoine i ngátar ó choiriúlú. Ní mór nach gcuirfear cabhair dhaonnúil den sórt sin ar fáil ach i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta amháin agus d'fhéadfadh bia agus cothú, dídean, cúram sláinte, uisce agus sláintíocht a bheith i gceist leis sin go háirithe. Thairis sin, agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n‑éilítear leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta, le dlí na coinbhleachta armtha, nár cheart go gcuirfí cosc le bearta sriantacha cabhair dhaonnúil a sholáthar i gcomhréir le prionsabail na neamhchlaontachta, na daonnachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais.
(10)Ba cheart pionóis do na cionta a beith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Chuige sin, ba cheart íosleibhéil don uastéarma príosúnachta a shocrú do dhaoine nádúrtha. Ba cheart pionóis bhreise nó bearta breise a bheith ar fáil in imeachtaí coiriúla freisin. Ba cheart go n‑áireofaí leo fíneálacha, ag cur san áireamh gurb iad cúinsí eacnamaíocha is mó a spreagann sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
(11)Ós rud é go bhfuil daoine dlítheanacha faoi réir bhearta sriantacha an Aontais freisin, ba cheart daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas coiriúil mar gheall ar chionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais i gcomhréir leis an Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit sin nach ndéantar foráil lena ndlí náisiúnta maidir le dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha a áirithiú go ndéanfar foráil lena gcórais smachtbhannaí riaracháin maidir le cineálacha agus leibhéil pionóis atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach.
(12)Ba cheart tuilleadh comhfhogasaithe agus éifeachtachta maidir le leibhéil na bpionós a fhorchuirtear sa chleachtas a chothú trí imthosca géaraitheacha coiteanna lena léirítear déine na coire a rinneadh. Ba cheart an coincheap imthosca géaraitheacha a thuiscint mar fhíricí trínar féidir le breitheamh náisiúnta nó cúirt pianbhreith níos airde a fhógairt i leith an chiona chéanna ná an ceann a tabhaíodh gan na fíricí sin, nó mar fhéidearthacht roinnt cionta a choimeád go carnach chun leibhéal an phionóis a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaí ceann amháin ar a laghad de na himthosca géaraitheacha sin a bheith ann i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme arna mbunú lena gcóras dlí maidir le himthosca géaraitheacha. In aon chás, ba cheart go mbeadh sé fós faoi rogha an bhreithimh nó na cúirte a chinneadh an méadófar an phianbhreith, agus imthosca uile an cháis aonair á gcur san áireamh.
(13)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, i gcásanna ina soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeadh siad ábalta a fháil murach sin, faisnéis a chuidíonn leo ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt chun dlí nó fianaise a aimsiú, go bhféadfar iompar den sórt sin a mheas mar imthoisc mhaolaitheach.
(14)Is de chineál riaracháin atá an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha a fhorchuirtear le bearta sriantacha an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart é a idirdhealú ó bhearta reo de chineál coiriúil dá dtagraítear i dTreoir (AE) […/…] [Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní].
(15)Tá gá leis an gcoincheap 'fáltais' a shoiléiriú go sonrach i gcásanna ina ndéanann an duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe an méid seo a leanas nó ina bhfuil an duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe rannpháirteach: (i) cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, i seilbh, nó á rialú ag duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe a cheilt, ar cheart iad a reo i gcomhréir le beart sriantach de chuid an Aontais, trí na cistí sin, nó trí na hacmhainní eacnamaíocha sin a aistriú chuig tríú páirtí; nó (ii) a cheilt gurb é duine, eintiteas nó comhlacht atá faoi réir bearta sriantacha é úinéir deiridh nó tairbhí deiridh na gcistí nó na n‑acmhainní eacnamaíocha, trí fhaisnéis bhréagach nó neamhiomlán a sholáthar. Sna himthosca sin, mar thoradh ar an iompair um cheilt, féadfaidh an duine, nó eintiteas comhlachta ainmnithe leanúint le rochtain a fháil ar na cistí nó ar na hacmhainní eacnamaíocha atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais atá ceilte agus úsáid iomlán a bhaint astu nó iad a dhiúscairt. Dá bhrí sin, ba cheart cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin a mheas mar fháltais ó choireacht chun críocha Threoir (AE) [... /…] [Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní], agus é á thuiscint go gcaithfear comhréireacht choigistiú na bhfáltas sin a chomhlíonadh i ngach cás aonair.
(16)I bhfianaise, go háirithe, ghníomhaíochtaí dhéantóirí an iompair neamhdhleathaigh a chumhdaítear faoin Treoir seo, mar aon le cineál trasteorann na gcionta agus an fhéidearthacht imscrúduithe trasteorann a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit dlínse a bhunú chun cur i gcoinne an iompair sin go héifeachtach.
(17)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le tréimhsí teorann atá riachtanach lena chur ar a gcumas cionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chomhrac go héifeachtach, gan dochar do rialacha náisiúnta nach socraítear leo tréimhsí teorann maidir le himscrúdú, le hionchúiseamh agus le forfheidhmiú.
(18)Chun córas forfheidhmithe éifeachtach comhtháite comhleanúnach a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit comhar agus cumarsáid inmheánach a eagrú idir na gníomhaithe uile feadh na slabhraí forfheidhmithe riaracháin agus coiriúla.
(19)Chun imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach ar sháruithe ar bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát oibriú i gcomhar le Europol, le Eurojust agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Ba cheart do na húdaráis inniúla sin faisnéis a roinnt lena chéile agus leis an gCoimisiún maidir le saincheisteanna praiticiúla.
(20)Féadfaidh sceithirí faisnéis luachmhar a sholáthar d'údaráis inniúla maidir le sáruithe atá déanta, atá á ndéanamh nó atá beartaithe maidir le bearta sriantacha an Aontais, lena n‑áirítear iarrachtaí chun dul timpeall orthu. Féadfaidh baint a bheith ag an bhfaisnéis sin, mar shampla, le fíricí a bhaineann le sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais, lena n‑imthosca agus leis na daoine aonair, cuideachtaí agus tríú tíortha lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh socruithe iomchuí i bhfeidhm ionas gur féidir le sceithirí den sórt sin na húdaráis inniúla a chur ar an eolas agus chun iad a chosaint ar dhíoltas. Chun na críche sin, ba cheart a fhoráil go bhfuil Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais a thuairisciú agus maidir le daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin a chosaint.
(21)Lena áirithiú go ndéanfar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach ar sháruithe ar bhearta sriantacha an Aontais, ba cheart an deis a bheith acu siúd atá freagrach as imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh ar na bearta sin uirlisí imscrúdaitheacha a úsáid, amhail na cinn a úsáidtear chun coireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseacha eile a chomhrac. Ba cheart úsáid uirlisí den sórt sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bheith spriocdhírithe agus ba cheart, agus iad á n‑úsáid, prionsabal na comhréireachta agus cineál agus tromchúis na gcionta atá faoi imscrúdú a chur san áireamh chomh maith leis an gceart maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú.
(22)Le leasú ar Threoir (AE) 2018/1673 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil, ba cheart a áirithiú go ndéanfar an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a mheas mar choir phreideacáide le haghaidh sciúradh airgid de réir na Treorach sin.
(23)Maidir le cuspóirí na Treorach seo, is é sin sainmhínithe comhchoiteanna ar chionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais agus infhaighteacht pionós coiriúil atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach maidir le cionta tromchúiseacha a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú, ní fhéadfaidh na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach ach seachas sin, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach seo, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, agus cineál trasteorann an tsáraithe ar bhearta sriantacha an Aontais mar aon lena n‑acmhainneacht an bonn a bhaint de bhaint amach chuspóirí an Aontais chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chosaint agus luachanna coiteanna an Aontais a chaomhnú á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(24)Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear na cearta chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta, lena n‑áirítear an ceart gan tú féin a chiontú agus bheith i do thost, prionsabail na dlíthiúlachta, lena n‑áirítear prionsabal neamh‑aisghníomhaíocht na bpionós coiriúil agus chomhréireacht na gcionta agus na bpionós coiriúla, chomh maith leis an bprionsabal ne bis in idem. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n‑urramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus ní foláir í a chur chun feidhme dá réir sin.
(25)Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cearta nós imeachta daoine atá faoi amhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a urramú. I ndáil leis sin, níor cheart do na hoibleagáidí faoin Treoir seo dul i gcion ar oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais maidir le cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla, go háirithe Treoir 2010/64/AE, Treoir 2012/13/AE, 2013/48/AE, Treoir (AE) 2016/343, Treoir (AE) 2016/800 agus Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(26)Toisc go bhfuil gá práinneach ann go gcoinneofar daoine aonair agus daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais cuntasach, ba cheart do na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm laistigh de shé mhí i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
(27)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.
(28)[neamh‑rannpháirteach:] I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl an Treoir seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a cur i bhfeidhm.
NÓ [rannpháirteach:] I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir an …] gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i ndáil le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
Airteagal 2
Raon feidhme agus sainmhínithe
(1)Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais. Cumhdaítear an méid seo a leanas i mbearta sriantacha sin an Aontais:
(a)bearta a bhaineann le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo;
(b)toirmisc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil;
(c)toirmisc ar theacht isteach i gcríoch Ballstáit nó ar idirthuras trí chríoch Ballstáit
(d)bearta earnála eacnamaíocha agus airgeadais; agus
(e)trádbhaic arm.
(2)Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)is bearta sriantacha iad 'bearta sriantacha an Aontais' arna nglacadh ag an Aontas ar bhonn Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE;
(b)ciallaíonn 'duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe' na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí sin atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais ina gcuimsítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo agus an toirmeasc cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil;
(c)ciallaíonn 'cistí':
(i) airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;
(ii) taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiacha agus oibleagáidí fiachais;
(iii) urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó príobháideach, lena n‑áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántas, bintiúr agus conarthaí díorthach;
(iv) ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;
(v) creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;
(vi) litreacha creidmheasa, billí luchtaithe, billí díolacháin;
(vii) doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;
(viii) cripteashócmhainní;
(d)ciallaíonn 'acmhainní eacnamaíocha' sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;
(e)ciallaíonn ‘reo cistí’ cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh a mbeadh, mar thoradh air, aon athrú ar a dtoirt, líon, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht punainne san áireamh;
(f)ciallaíonn 'reo acmhainní eacnamaíocha' cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n‑áirítear, iad a dhíol, a fhruiliú nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin.
Airteagal 3
Sárú ar bhearta sriantacha an Aontais
(1)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go mbeidh an cion coiriúil ina sárú ar bheart sriantach de chuid an Aontais nuair a dhéantar é d'aon ghnó agus ar choinníoll go mbeidh sé i gceann de na catagóirí a shainítear i mír 2.
(2)Chun críocha na Treorach seo, measfar gur sárú ar bheart sriantach an Aontais é an méid seo a leanas:
(a)cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhuine, d'eintiteas nó do chomhlacht ainmnithe, nó chun tairbhe do dhuine, d'eintiteas nó do chomhlacht ainmnithe, de shárú ar thoirmeasc le beart sriantach an Aontais;
(b)mainneachtain cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar le duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe iad nó atá i seilbh nó á rialú ag duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe, a reo gan moill mhíchuí, de shárú ar oibleagáid déanamh amhlaidh arna forchur le beart sriantach an Aontais;
(c)cur ar chumas daoine nádúrtha ainmnithe teacht isteach i gcríoch Ballstáit nó idirthuras a dhéanamh trí chríoch Ballstáit de shárú ar thoirmeasc le beart sriantach de chuid an Aontais;
(d)idirbhearta a dhéanamh le tríú Stát, le comhlachtaí tríú Stát, le heintitis agus le comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú tríú Stát nó comhlachtaí tríú Stát, agus atá toirmiscthe nó srianta le bearta sriantacha an Aontais;
(e)trádáil in earraí nó i seirbhísí a bhfuil a n‑allmhairiú, a n‑onnmhairiú, a ndíol, a gceannach, a n‑aistriú, a n‑idirthuras nó a n‑iompar toirmiscthe nó srianta le bearta sriantacha an Aontais, chomh maith le seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus na seirbhísí sin a chur ar fáil;
(f)gníomhaíochtaí airgeadais a sholáthar atá toirmiscthe nó srianta le bearta sriantacha an Aontais, amhail maoiniú agus cúnamh airgeadais, infheistíocht agus seirbhísí infheistíochta a sholáthar, urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a eisiúint, taiscí a ghlacadh, sainseirbhísí teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar, déileáil i nótaí bainc, seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar, cripteashócmhainní agus tiachóga criptea-airgeadra a sholáthar;
(g)seirbhísí eile a sholáthar atá toirmiscthe nó srianta le bearta sriantacha an Aontais, amhail seirbhísí comhairleacha dlíthiúla, seirbhísí iontaoibhe, seirbhísí caidrimh phoiblí, cuntasaíocht, iniúchóireacht, leabharchoimeád agus seirbhísí comhairliúcháin cánach, comhairliúchán gnó agus bainistíochta, comhairliúchán TF, seirbhísí caidrimh phoiblí, seirbhísí craolacháin, ailtireachta agus innealtóireachta;
(h)dul timpeall ar bheart sriantach de chuid an Aontais:
(i) cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, i seilbh, nó á rialú ag duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe a cheilt, ar cheart iad a reo i gcomhréir le beart sriantach de chuid an Aontais, trí na cistí sin, nó trí na hacmhainní eacnamaíocha sin a aistriú chuig tríú páirtí;
(ii) a cheilt gurb é duine, eintiteas nó comhlacht atá faoi réir bearta sriantacha é úinéir deiridh nó tairbhí deiridh na gcistí nó na n‑acmhainní eacnamaíocha, trí fhaisnéis bhréagach nó neamhiomlán a sholáthar;
(iii) mainneachtain ag duine, eintiteas nó comhlacht atá ainmnithe oibleagáid a chomhlíonadh faoi bhearta sriantacha an Aontais maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a thuairisciú laistigh de dhlínse Ballstáit ar leo iad, atá faoina n‑úinéireacht, atá ar seilbh acu, nó atá á rialú acu;
(iv) mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh faoi bhearta sriantacha an Aontais maidir le faisnéis a sholáthar gan moill mhíchuí do na húdaráis riaracháin inniúla faoi chistí nó acmhainní eacnamaíocha atá reoite nó faisnéis atá a coinneáil faoi chistí agus acmhainní eacnamaíocha laistigh de chríoch na mBallstát nár bhfuil reoite, ar le daoine, eintitis nó comhlachtaí ainmnithe iad nó atá i seilbh nó á rialú ag daoine, eintitis nó comhlachtaí ainmnithe;
(v) mainneachtain comhoibriú leis na húdaráis riaracháin inniúla in aon fhíorú faisnéise faoi phointe (iii) agus faoi phointe (iv), arna iarraidh sin dóibh go réasúnach;
(i)sárú nó mainneachtain coinníollacha a chomhlíonadh faoi údaruithe arna ndeonú ag údaráis inniúla chun gníomhaíochtaí a dhéanamh, a gcuirtear toirmeasc nó srian orthu in éagmais údarú den sórt sin faoi bheart sriantach de chuid an Aontais.
(3)Beidh an t‑iompar dá dtagraítear i mír 2, i bpointí (a) go (g) ina chion coiriúil freisin má dhéantar é le faillí thromchúiseach.
(4)Ní thuigfear go bhforchuirfear le haon ní i mír 2 oibleagáidí ar dhaoine nádúrtha a thiocfadh salach ar an ceart gan iad féin a chiontú agus bheith ina dtost mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i dTreoir (AE) 2016/343.
(5)Ní mheasfar go bhforchuirfear le haon ní i mír 2 oibleagáid ar ghairmithe dlí faisnéis a thuairisciú a fhaightear i dtaca le himeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána amháin, bíodh sé sin roimh imeachtaí breithiúnacha, lena linn nó ina ndiaidh, nó le linn staid dhlíthiúil cliaint a dhearbhú. Déanfar comhairle dhlíthiúla sna himthosca sin a chosaint le rúndacht ghairmiúil, ach amháin i gcás ina bhfuil an gairmí dlí ag glacadh páirt sa sárú ar bhearta sriantacha an Aontais, go soláthraítear an chomhairle dlí chun críocha bearta sriantacha an Aontais a shárú, nó go bhfuil a fhios ag an ngairmí dlí go bhfuil an cliant ag lorg comhairle dlí chun críocha bearta sriantacha an Aontais a shárú.
(6)Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2, ná mír 3 maidir leis an méid seo a leanas:
-
soláthar earraí agus seirbhísí lena n‑úsáid go laethúil ar mhaithe le húsáid phearsanta daoine nádúrtha ainmnithe, amhail táirgí agus seirbhísí bia agus cúraim sláinte, nó mionairgid, i gcás ina bhfuil sé teoranta go soiléir do fhreastal ar riachtanais bhunúsacha an duine i gcás daoine den sórt sin agus a mball teaghlaigh cleithiúnach,
-
an mhainneachtain gníomhaíochtaí den sórt sin a thuairisciú;
-
rochtain ar chabhair dhaonnúil a sholáthraítear do dhaoine i ngátar.
Airteagal 4
Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh
(1)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 a ghríosú nó cabhrú leo agus iad a neartú.
(2)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú gurb inphionóis mar chion cóiriúil iarracht a dhéanamh aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 (2), i bpointí (a) go (g), (h) (i), (ii) agus i bpointe (i) a dhéanamh.
Airteagal 5
Pionóis choiriúla do dhaoine nádúrtha
(1)Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh mar phionós i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4.
(2)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 le pionós uasta lena ndéantar foráil do phríosúnacht.
(3)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(2), i bpointí (h)(iii), (iv) agus (v) inphionóis le pionós uasta de bhliain amháin príosúnachta ar a laghad i gcás go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha dar luach € 100,000 ar a laghad i gceist leo. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an tairseach € 100,000 nó níos mó a chomhlíonadh trí shraith cionta nasctha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), i bpointí (h)(iii), (iv) agus (v) nuair a dhéanann an ciontóir céanna iad.
(4)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointí (a) go (g), (h)(i) agus (ii), agus pointe (i) inphionóis le pionós uasta de chúig bliana príosúnachta ar a laghad sa chás go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha dar luach € 100,000 ar a laghad i gceist leo. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an ciontóir céanna an tairseach € 100,000 nó níos mó a bhaint amach trí shraith cionta nasctha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), i bpointí (a) go (g), (h)(i) agus (ii), agus i bpointe (i).
(5)Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá lena áirithiú go bhféadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 déanta acu a bheith faoi réir pionóis bhreise. Áireofar fíneálacha leis na pionóis bhreise sin.
Airteagal 6
Dliteanas daoine dlítheanacha
(1)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 agus a rinne aon duine chun tairbhe dóibh, ag gníomhú dóibh ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta ag an duine sin laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar cheann de na nithe seo a leanas:
(a)cumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;
(b)údarás cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;
(c)údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.
(2)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá freisin chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás ina bhfuil duine atá faoina údarás in ann aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a dhéanamh chun tairbhe don duine dlítheanach sin mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe de chuid duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
(3)Ní eisiafar le dliteanas daoine dlítheanacha faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo go bhféadfaí imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne daoine nádúrtha a dhéanann nó a ghríosaíonn na cionta dá dtagraítear in 3 agus in Airteagal 4 nó atá ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.
Airteagal 7
Pionóis ar dhaoine dlítheanacha
(1)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go mbeidh duine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 7 faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, agus áireofar orthu sin fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla, eisiamh ón teidlíocht do shochair phoiblí nó do chabhair phoiblí, eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n‑áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais agus d'fhéadfaí pionóis eile a bheith i gceist leo, amhail:
(a)dícháiliú ó ghníomhaíochtaí gnó a chleachtadh;
(b)ceadanna agus údaruithe chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí arb é an toradh a bhí orthu go ndearnadh an cion a tharraingt siar;
(c)cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;
(d)foirceannadh breithiúnach;
(e)dúnadh bunaíochtaí, a úsáideadh chun an cion coiriúil a dhéanamh.
(2)Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú, i gcás daoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 7 maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(2), i bpointe (h) agus i bpointe (iii) go pointe (v), go mbeidh siad inphionóis le fíneálacha, agus nár cheart a n‑uasmhéid a bheith níos lú ná 1 faoin gcéad de láimhdeachas iomlán domhanda an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála.
(3)Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú, i gcás daoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 7, go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(2), i bpointí (a) go (f), i bpointí (h)(i) agus (ii), agus i bpointe (i), inphionóis le fíneálacha, nár cheart a n‑uasteorainn a bheith níos lú ná 5 faoin gcéad de láimhdeachas iomlán domhanda an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála.
Airteagal 8
Imthosca géaraitheacha
A mhéid nach bhfuil na himthosca seo a leanas ina gcuid de chomhghnéithe na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 cheana féin, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas a mheas mar imthosca géaraitheacha :
(a)rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle; nó
(b)gur soláthraí seirbhíse gairmiúil a rinne an cion de shárú ar a oibleagáidí gairmiúla;
(c)rinne oifigeach poiblí an cion agus a chuid nó a cuid dualgas á chomhlíonadh aige nó aici;
(d)gurb é duine eile a rinne an cion le linn dó nó di feidhm phoiblí a chomhlíonadh.
Airteagal 9
Imthoisc mhaolaitheach
Ar an gcoinníoll nach oibleagáid í sin cheana faoi bhearta sriantacha an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú, i dtaca leis na cionta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4, go measfar an méid seo a leanas mar imthoisc mhaolaitheach:
(a)soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís ábalta a fháil murach sin, rud a chuidíonn leo na ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt chun dlí;
(b)soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís ábalta a fháil murach sin, rud a chuidíonn leo fianaise a aimsiú.
Airteagal 10
Calcadh agus coigistiú
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais ar ina leith a ndéanann an duine, an t‑eintiteas nó an comhlacht ainmnithe cion dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (h)(i) nó (ii) nó a nglacann siad páirt sa chion sin, a mheas mar ‘fháltais’ ó choireacht chun críocha Threoir (AE) […/…] [Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní].
Airteagal 11
Rialacha dlínse
(1)Déanfaidh gach Ballstát na beart is gá chun a dhlínse féin a bhunú ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 sna cásanna seo a leanas:
(a)rinneadh an cion coiriúil go hiomlán nó go páirteach laistigh dá chríoch, lena n‑áirítear a aerspás;
(b)rinneadh an cion coiriúil ar bord aon aerárthaigh nó aon soithigh faoi dhlínse Ballstáit;
(c)is náisiúnach nó gnáthchónaitheoir de chuid an Bhallstáit é an ciontóir;
(d)is duine dá oifigigh an ciontóir a ghníomhaíonn agus é nó í i mbun a dhualgais nó a dualgais oifigiúla;
(e)rinneadh an cion chun tairbhe do dhuine dlítheanach atá bunaithe ina chríoch;
(f)rinneadh an cion chun tairbhe do dhuine dlítheanach maidir le haon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach ar a chríoch.
(2)I gcás ina dtagann cion dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 faoi dhlínse Bhallstáit amháin nó níos mó, comhoibreoidh na Ballstáit sin lena chinneadh cén Ballstát a sheolfaidh imeachtaí coiriúla. Déanfar an t‑ábhar, i gcás inarb iomchuí, a tharchur chuig Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle.
(3)Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, bpointe (c), déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh feidhmiú a ndlínse faoi réir an choinníll nach féidir ionchúiseamh a thionscnamh ach amháin tar éis don íospartach tuairisc a thabhairt san áit ina ndearnadh an cion coiriúil, nó tar éis don Stát ina bhfuil an áit ina ndearnadh an cion coiriúil cáineadh a dhéanamh.
Airteagal 12
Tréimhsí teorann
(1)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun tréimhse teorann a sholáthar ina n‑éascófar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh fúthu ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón uair a rinneadh na cionta coiriúla sin, ionas go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin.
(2)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena n‑éascófar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 is inphionóis le pionós uasta cúig bliana príosúnachta ar a laghad, a ionchúiseamh, a thriail agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh fúthu ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion.
(3)De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a bhunú atá níos giorra ná cúig bliana, ach nach bhfuil níos giorra ná trí bliana, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe.
(4)Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir an méid seo a leanas a fhorfheidhmiú:
(a)pionós ar mó ná bliain amháin príosúnachta é; nó mar rogha ar an méid sin
(b)pionós príosúnachta i gcás cion coiriúil is inphionóis le pionós uasta ar ceithre bliana príosúnachta ar a laghad é,
a fhorchuirtear tar éis ciontú deiridh i gcion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4, go ceann cúig bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh. Féadfar a áireamh sa tréimhse teorann sin faduithe a d'eascródh as briseadh nó fionraí.
Airteagal 13
Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sásraí iomchuí a bhunú maidir le comhordú agus comhar ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil i measc a n‑údarás inniúil riaracháin, forfheidhmithe dlí agus breithiúnach go léir.
Beidh sásraí den sórt sin dírithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)tosaíochtaí coiteanna agus tuiscint ar an ngaol idir forfheidhmiú coiriúil agus forfheidhmiú riaracháin a áirithiú;
(b)malartú faisnéise chun críocha straitéiseacha agus oibríochtúla;
(c)comhairliúchán in imscrúduithe aonair;
(d)dea-chleachtais a mhalartú;
(e)cúnamh do líonraí cleachtóirí a oibríonn ar ábhair a bhaineann le cionta a imscrúdú agus a ionchúiseamh a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
Airteagal 14
Cionta a thuairisciú agus cosaint do dhaoine a thuairiscíonn cionta a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais nó a chuidíonn leis an imscrúdú
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an chosaint a thugtar faoi Threoir (AE) 2019/1937 maidir le daoine a thuairiscíonn cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 den Treoir seo.
Airteagal 15
Uirlisí imscrúdaitheacha
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail na cinn sin a úsáidtear chun coireacht eagraithe nó cásanna eile coireachta tromchúisí a imscrúdú, ar fáil freisin do na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
Airteagal 16
Comhar idir údaráis na mBallstát, an Coimisiún, Europol, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
(1)Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla, rachaidh údaráis na mBallstát, Europol, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Coimisiún i mbun comhar lena chéile, laistigh dá n‑inniúlachtaí faoi seach, sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún, agus i gcás inarb iomchuí, Europol agus Eurojust, cúnamh teicniúil agus oibríochtúil chun comhordú imscrúduithe agus ionchúiseamh ag na húdaráis inniúla a éascú.
(2)Roinnfidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis faoi shaincheisteanna praiticiúla go rialta freisin, go háirithe, patrúin dul timpeall, e.g. struchtúir chun úinéireacht thairbhiúil agus rialú tairbhiúil sócmhainní a cheilt, leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla eile.
Airteagal 17
Leasuithe ar Threoir (AE) 2018/1673
In Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/1673, cuirtear an pointe (p) seo a leanas leis:
'(w) sárú ar bhearta sriantacha an Aontais'.
Airteagal 18
Trasuí
(1)Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad faoin [Oifig na bhFoilseachán‑ cuir isteach an dáta - 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. Cuirfidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear faoin Treoir in iúl don Choimisiún.
(2)Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt dá leithéid ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.
Airteagal 19
Meastóireacht agus tuairisciú
(1)Faoin [Oifig na bhFoilseachán‑ cuir isteach an dáta- dhá bhliain tar éis an tréimhse thrasuí a bheith thart], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.
(2)Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, cuirfidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, an staidreamh seo a leanas maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 isteach chuig an gCoimisiún:
(a)líon na n‑imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh, a díbheadh, a raibh éigiontú mar thoradh orthu, a raibh ciontú mar thoradh orthu agus líon na n‑imeachtaí coiriúla atá ar siúl fós;
(b)cineálacha agus leibhéil na bpionós a fhorchuirtear mar gheall ar shárú ar bhearta sriantacha an Aontais.
(3)Cuirfidh na Ballstáit na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid an Choimisiúin trí úsáid a bhaint as na huirlisí tiomnaithe tuairiscithe a bhunaigh an Coimisiún chun tuairisciú a dhéanamh i réimse na mbeart sriantach.
(4)Faoin [Oifig na bhFoilseachán‑cuir isteach an dáta- cúig bliana tar éis an tréimhse thrasuí a bheith thart], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.
Airteagal 20
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 21
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán