EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0576

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus a chur i bhfeidhm go sealadach

COM/2022/576 final

An Bhruiséil,10.11.2022

COM(2022) 576 final

2022/0361(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus a chur i bhfeidhm go sealadach


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Síníodh an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte (‘Comhaontú 2015’) 1 an 20 Bealtaine 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an dáta sin ar feadh tréimhse 6 bliana. Rinneadh Comhaontú 2015 a athnuachan go hintuigthe an 20 Bealtaine 2020.

Ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ábhartha 2 , rinne an Coimisiún caibidlíocht le Rialtas na Séiséal d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal. Tar éis na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha le comhaontú nua (‘an Comhaontú’) an 10 Meitheamh 2022.

Is é is cuspóir don togra seo síniú an Chomhaontaithe a údarú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá sé mar phríomhaidhm an Chomhaontaithe neartú breise na comhpháirtíochta straitéisí leis na Séiséil a chumasú agus coinníollacha teicniúla agus airgeadais an Chomhaontaithe a ailíniú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPA) leis na Séiséil agus le Prótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe a síníodh in 2020 3 . Rannchuidíonn an Comhaontú freisin le hiascaireacht fhreagrach in uiscí an Aontais agus le beartas iascaigh a fhorbairt in Mayotte.

Leis an gComhaontú, tugtar deiseanna iascaireachta do shoithí na Séiséal in uiscí an Aontais in Mayotte. Tá na deiseanna iascaireachta sin bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus urramaítear leo na moltaí ón eagraíocht réigiúnach iascaigh a bhainistíonn stoic éisc mhórimirceacha, an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), i gcás inarb infheidhme laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil.

Déantar foráil leis an gComhaontú maidir le deiseanna iascaireachta do 8 soitheach peas-saighne ó na Séiséil.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (tíortha ACC) é caibidliú comhaontaithe nua.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena mbunaítear an comhbheartas iascaigh, agus Airteagal 218(5) CFAE maidir le comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha a shíniú, comhaontaithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go sealadach.

I gcomhréir le hAirteagal 218(5) CFAE, tá an Chomhairle chun cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar síniú an Chomhaontaithe. De réir Airteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála, áiritheoidh an Coimisiún ionadaíocht sheachtrach an Aontais. Dá bhrí sin, na hoifigigh a ainmníonn an Coimisiún, is acu sin amháin a bheidh an inniúlacht comhaontú idir an tAontas agus tríú tír a shíniú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir creat rialachais dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí na Séiséal in uiscí an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2019 rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas agus Poblacht na Séiséal, agus rinne sé meastóireacht ex ante ar SFPA agus Prótacal a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo 4 , lena dtugtar athbhreithniú ar fheidhmiú an Chomhaontaithe freisin.

Leis an gComhaontú, éascaítear cómhalartacht idir an dá pháirtí i dtéarmaí rochtana ar uiscí do shoithí iascaireachta den chineál céanna agus atá ag díriú ar na speicis chéanna. Rinneadh athnuachan air ós rud é go ndearnadh Prótacal SFPA idir an tAontas agus na Séiséil a hath-idirbheartú, lena gcoinnítear an t-ailíniú céanna idir an dá théacs a mhéid a bhaineann le coinníollacha teicniúla agus airgeadais.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den staidéar meastóireachta, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, chomh maith le riarachán iascaigh agus sochaí shibhialta na Séiséal. Mar thoradh ar na comhairliúcháin sin, thángthas ar an gconclúid go rachadh sé chun tairbhe an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Séiséal comhaontú nua a thabhairt i gcrích.

Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh an athbhreithnithe ar an gComhaontú mar chuid den mheastóireacht ex post agus ex ante den chomhaontú comhpháirtíochta maidir le hiascaigh idir an tAontas agus na Séiséil, i gcomhréir le hAirteagal 31(10) den Rialachán lena mbunaítear an comhbheartas iascaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Toisc go mbaineann sé sin le rochtain soithí iascaireachta a bhfuil brat na Séiséal ar foluain acu ar uiscí a thagann faoi dhlínse an Aontais, níl aon impleachtaí airgeadais ar bhuiséad an Aontais ó thaobh caiteachais nó ioncaim de.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil maidir leis na socruithe faireacháin sa Chomhaontú.

2022/0361 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus a chur i bhfeidhm go sealadach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 10 Feabhra 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2015/238/AE ón gComhairle 5 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpaigh agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta a bhfuil brat na Séiséal ar foluain acu ar uiscí agus ar acmhainní bitheolaíocha mara Mayotte, faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Comhaontú 2015’ anseo feasta).

(2)Le Comhaontú 2015, leagadh amach na deiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí na Séiséal sa limistéar iascaireachta atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an Aontais in Mayotte, ar feadh tréimhse 6 bliana ó chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm an chomhaontaithe sin in éag an 20 Bealtaine 2020.

(3)Ar bhonn Airteagal 17 de, rinneadh an Comhaontú a athnuachan go hintuigthe go ceann 6 bliana eile.

(4)An 24 Deireadh Fómhair 2019, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis na Séiséil chun comhaontú nua a thabhairt i gcrích 6 . Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go sásúil agus cuireadh inisealacha le comhaontú nua (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) an 10 Meitheamh 2022.

(5)Is é is cuspóir don Chomhaontú nua neartú breise na comhpháirtíochta straitéisí leis na Séiséil a chumasú agus coinníollacha teicniúla agus airgeadais an Chomhaontaithe a ailíniú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe leis na Séiséil agus le Prótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe a síníodh in 2020 7 , agus chun rannchuidiú le hiascaireacht fhreagrach in uiscí an Aontais agus le beartas iascaigh a fhorbairt in Mayotte.

(6)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(7)Chun gur féidir le soithí Phoblacht na Séiséal leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta, a luaithe agus is féidir, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach tar éis a shínithe, ach tráth nach luaithe ná an 1 Eanáir 2023, agus ba cheart an cinneadh seo a theacht i bhfeidhm trátha a ghlactha ar chúiseanna a bhaineann le bainistiú riaracháin níos fearr a dhéanamh ar údaruithe iascaireachta.

(8)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 agus thug sé tuairim uaidh an [cuir isteach dáta].

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

Tá téacs an Chomhaontaithe atá le síniú ceangailte leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích, don duine a thugann an Coimisiún le fios.

Airteagal 3

Is go sealadach a chuirfear an Comhaontú i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chomhaontú, ó dháta a shínithe ar aghaidh ach tráth nach luaithe ná an 1 Eanáir 2023, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta a bhfuil brat na Séiséal ar foluain acu ar uiscí agus ar acmhainní bithéagsúlachta Mayotte, faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh, IO L 167, 6.6.2014, lch. 4.
(2)    Cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal chun comhaontú a bhaineann le rochtain do shoithí iascaireachta a bhfuil brat na Séiséal ar foluain acu ar uiscí agus ar acmhainní bithéagsúlachta Mayotte (agus treoracha caibidlíochta gaolmhara), arna ghlacadh ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, an 24 Deireadh Fómhair 2019, ST-13311-2019-INIT.
(3)    Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal, ST/5246/2020/INIT, IO L 60, 28.2.2020, lgh. 5–44.
(4)    ISBN: 978-92-76-01966-4 doi: 10.2771/47637.
(5)    Cinneadh 2015/238/AE ón gComhairle an 10 Feabhra 2015 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (IO L 40, 16.2.2015, lgh. 1-3).
(6)    Cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal chun comhaontú a bhaineann le rochtain do shoithí iascaireachta a bhfuil brat na Séiséal ar foluain acu ar uiscí agus ar acmhainní bithéagsúlachta Mayotte (agus treoracha caibidlíochta gaolmhara), arna ghlacadh ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, an 24 Deireadh Fómhair 2019, ST-13311-2019-INIT.
(7)    Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal, ST/5246/2020/INIT, IO L 60, 28.2.2020, lgh. 5–44.
(8)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 39 ).
Top

An Bhruiséil,10.11.2022

COM(2022) 576 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus a chur i bhfeidhm go sealadach


IARSCRÍBHINN

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte

AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

POBLACHT NA SÉISÉAL, dá ngairtear ‘na Séiséil’ anseo feasta,

(dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta),

DE BHRÍ dlúthchomhar a bheith ann idir an tAontas agus na Séiséil, go háirithe i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh laistigh den Aigéan Indiach Thiar Theas, agus gur mian leo araon an caidreamh sin a threisiú,

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil caidreamh láidir idir an tAontas agus na Séiséil maidir le hiascaigh tar éis an Chomhaontaithe idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na Séiséal maidir le hiascaireacht amach ó na Séiséil a glacadh in 1987. Rinneadh an Comhaontú sin a threisiú trí ghlacadh Comhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir na Páirtithe in 2006, agus níos déanaí in 2020 trí Chomhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus trí Phrótacal Cur Chun Feidhme nua,

AG FÉACHAINT do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (UNCLOS) agus don Chomhaontú maidir le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach 1995,

ÓS FEASACH DÓIBH an tábhacht a bhaineann leis na prionsabail a bhunaítear leis an gCód Iompair d’Iascaigh Fhreagracha a glacadh ag Comhdháil na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO) in 1995 agus leis an gComhaontú FAO ar Bhearta Stát Calafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe, Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú (NNN), agus AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na bearta is gá a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na rúin a rinne Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) agus eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha eile a chur i bhfeidhm,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU oibriú i gcomhar, ar mhaithe lena leas frithpháirteach, chun iascaigh fhreagracha a bhunú agus a chur chun cinn d’fhonn caomhnú fadtéarmach agus saothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara a áirithiú,

AR A BHEITH DEARFA nach mór don chomhar sin a bheith i bhfoirm tionscnamh agus beart, cibé a dhéanfar i gcomhpháirt nó ar bhonn indibhidiúil iad, ar tionscnaimh agus bearta iad a bheidh comhlántach, agus lena n‑áiritheofar beartais chomhsheasmhacha agus sineirge iarrachtaí,

ÓS MIAN LEO téarmaí agus coinníollacha a bhunú lena rialófar gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí na Séiséal in uiscí an Aontais agus tacaíocht na Séiséal chun iascaireacht fhreagrach inbhuanaithe a fhorbairt sna huiscí sin,

ÓS MIAN LEO tacú le bainistiú iascaigh in Mayotte agus le forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh áitiúla,

COMHAONTAÍONN SIAD MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leis an gComhaontú seo bunaítear na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear na nithe seo a leanas:

-    comhar eacnamaíoch, airgeadais, teicniúil agus eolaíoch san earnáil iascaigh d’fhonn an iascaireacht inbhuanaithe a chur chun cinn in uiscí an Aontais chun caomhnú agus saothrú inbhuanaithe na nacmhainní iascaigh a ráthú, agus chun earnáil iascaigh Mayotte a fhorbairt;

-    na coinníollacha lena rialaítear rochtain shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí an Aontais, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn;

-    na socruithe maidir le bearta bainistíochta, rialaithe agus faireachais gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha agus na coinníollacha thuas; gurb éifeachtach iad na bearta maidir le caomhnú agus saothrú inbhuanaithe stoc éisc agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a bhainistiú; agus go gcuirtear cosc leis an iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe neamhrialáilte.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

(a) ciallaíonn ‘údaráis na Séiséal’ an Aireacht atá freagrach as iascaigh;

(b) ciallaíonn ‘soitheach de chuid na Séiséal’ soitheach iascaireachta atá cláraithe sna Séiséil agus a bhfuil brat na Séiséal ar foluain aige;

(c) ciallaíonn ‘údaráis an Aontais’ an Coimisiún Eorpach;

(d) sainmhínítear ‘uiscí an Aontais’ i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo mar uiscí Mayotte atá faoi dhlínse an Aontais;

(e) ciallaíonn ‘Comhchoiste’ coiste arb é a bheidh ann ionadaithe de chuid an Aontais agus de chuid na Séiséal a dtuairiscítear a bhfeidhmeanna in Airteagal 8 den Chomhaontú seo;

(f) ciallaíonn ‘iascach inbhuanaithe’ iascaireacht i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na prionsabail a chumhdaítear sa Chód Iompair d’Iascaigh Fhreagracha a glacadh ag Comhdháil na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe (FAO) in 1995;

(g) ciallaíonn ‘gníomhaíocht iascaireachta’ cuardach éisc, socrú, tarraingt, tarlú trealaimh iascaireachta, gabháil a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír;

(h) ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach atá feistithe chun saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara;

(i) ciallaíonn ‘údarú iascaireachta’ teidlíocht bhailí chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhréir le téarmaí an údaraithe iascaireachta sin dá bhforáiltear faoin gComhaontú;

(j) ciallaíonn ‘soitheach tacaíochta’ aon soitheach de chuid na Séiséal a thugann cúnamh do shoithí iascaireachta;

(k) tá an bhrí chéanna le ‘trasloingsiú’ agus atá leis i gcomhthéacs IOTC.

Airteagal 3

Prionsabail agus cuspóirí

1.Tugann na Páirtithe gealltanas leis seo an iascaireacht fhreagrach a chur chun cinn in uiscí an Aontais bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe idir na cabhlaigh éagsúla a bheidh i mbun iascaireachta sna huiscí sin.

2.Comhaontaíonn na Páirtithe nach ndéanfaidh soithí na Séiséal iascaireacht ach ar bharrachas na gabhála incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 62(2) agus (3) de UNCLOS agus a bhunaítear, ar bhealach soiléir trédhearcach, ar bhonn na comhairle eolaíche ábhartha atá ar fáil agus ar bhonn na faisnéise ábhartha a mhalartaítear idir na Páirtithe faoin iarracht iascaireachta iomlán a dhéanfaidh na cabhlaigh uile, a oibríonn sa limistéar iascaireachta, ar na stoic lena mbaineann dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

3.Comhlíonfaidh na Páirtithe na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta atá á nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh ábhartha agus go háirithe ag IOTC, agus measúnuithe eolaíocha réigiúnacha á gcur san áireamh.

4.Tugann na Páirtithe gealltanas leis seo a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú seo chun feidhme i gcomhréir le prionsabail bheartais iascaigh an Aontais agus na Séiséal araon, agus prionsabail na trédhearcachta agus an dea-rialachais eacnamaíoch agus shóisialta.

5.Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile sula nglacfaidh siad aon chinneadh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do ghníomhaíochtaí shoithí na Séiséal faoin gComhaontú seo.

Airteagal 4

Comhar Staidrimh Eolaíoch maidir leis an iascaireacht fhreagrach

Le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, oibreoidh an tAontas agus na Séiséil i gcomhar chun faireachán a dhéanamh ar fhorás na n‑acmhainní in uiscí an Aontais agus tacóidh siad leis an obair mheasúnaithe a dhéanfaidh IOTC.

Déanfaidh na Páirtithe faisnéis ábhartha staidrimh, bhitheolaíoch, chaomhnúcháin agus chomhshaoil a mhalartú le chéile freisin agus comhoibreoidh siad sna cruinnithe eolaíocha ábhartha, de réir mar a cheanglófar chun na hacmhainní bitheolaíocha a bhainistiú agus a chaomhnú.

Ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil atá á soláthar ag IOTC, féadfaidh na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste agus, i gcás inar gá, féadfaidh siad bearta a ghlacadh chun bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a áirithiú.

Airteagal 5

Rochtain ag soithí na Séiséal ar na hiascaigh in

uiscí an Aontais

Tugann an tAontas gealltanas leis seo deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar shoithí na Séiséal chun rochtain a fháil ar uiscí an Aontais agus chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis.

Is faoin gComhaontú seo go heisiach a eiseoidh an tAontas údaruithe iascaireachta do shoithí na Séiséal.

Áiritheoidh na Séiséil go gcomhlíonfaidh a soithí an Comhaontú seo agus an reachtaíocht lena rialaítear iascaigh san Aontas agus reachtaíocht ábhartha na Fraince.

Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar na coinníollacha agus na socruithe sin a chur chun feidhme go cuí trí chomhar riaracháin iomchuí idir a n‑údaráis inniúla féin.

Airteagal 6

Údaruithe iascaireachta

1.Ní fhéadfaidh soithí na Séiséal a bheith ag iascaireacht in uiscí an Aontais ach amháin má tá údarú iascaireachta acu a eisítear faoin gComhaontú seo.

2.Is é a leagtar amach san Iarscríbhinn an nós imeachta maidir le húdarú iascaireachta a fháil do shoitheach, na táillí is infheidhme agus an modh íoctha is ceart do longúinéirí a úsáid.

Airteagal 7

Cumhdach Speiceas

Ní chuirfear na húdaruithe iascaireachta ar fáil ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta lena ndírítear ar speicis mhór-imirceacha (speicis a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le  Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, 1982), seachas an fhine Alopiidae, an fhine Sphyrnidae agus na speicis seo a leanas: Cetorhinus maximus, Rhincodon typus, Carcharodon carcharias, Carcharhinus falciformis, Carcharhinus longimanus.

Airteagal 8

Comhchoiste

Bunófar Comhchoiste chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus déanfaidh sé na feidhmeanna seo a leanas:

déanfaidh sé faireachán ar fheidhmíocht, léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe;

soláthróidh sé an t‑idirchaidreamh is gá maidir le hábhair leasa fhrithpháirtigh a bhaineann le    hiascaigh; lena nairítear anailís staidrimh ar shonraí maidir le gabhálacha;

gníomhóidh sé mar fhóram chun aon díospóidí maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a réiteach go cairdiúil;

déanfaidh sé athmheasúnú, i gcás inar gá, ar leibhéal na ndeiseanna iascaireachta, ar bhonn comhairle eolaíche, agus ar leibhéal tháillí na longúinéirí;

déanfaidh sé cinneadh, de réir mar is gá, athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha teicniúla an Chomhaontaithe seo agus ar fhorálacha na hIarscríbhinne a ghabhann leis;

déanfaidh sé aon fheidhm eile a fhéadfaidh na Páirtithe a chinneadh de chomhthoiliú.

Feidhmeoidh an Comhchoiste a fheidhmeanna i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe seo.

Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, san Aontas agus sna Séiséil gach re seal, agus is é an Páirtí a bheidh ag óstáil an chruinnithe an Páirtí a dhéanfaidh cathaoirleacht air. Tionólfaidh sé cruinniú speisialta ar iarraidh ó cheachtar Páirtí.

Féadfaidh an Comhchoiste cinntí a dhéanamh bunaithe ar mhalartú litreacha, i gcás práinne.

Airteagal 9

Deiseanna iascaireachta a choigeartú

Amhail dá bhforáiltear le hAirteagal 8 den Chomhaontú seo, féadfaidh an Comhchoiste athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn, a mhéid a dheimhnítear leis na rúin agus leis na moltaí ó IOTC go rannchuideofar le coigeartú den sórt sin le bainistiú inbhuanaithe tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní san Aigéan Indiach.

Airteagal 10

Cur chun feidhme an Chomhaontaithe a chur ar fionraí

Féadfar cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí ar thionscnamh ceachtar Páirtí, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina gcuirtear cosc, de bharr imthosca eisceachtúla, seachas feiniméin nádúrtha, le gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta laistigh d’uiscí an Aontais;

(b)i gcás ina dtarlaíonn díospóid thromchúiseach nach bhfuil réitithe idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus na Iarscríbhinne a ghabhann leis, nach féidir í a réiteach;

(c)i gcás nach gcomhlíontar na forálacha a leagtar amach leis an gComhaontú seo agus leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis;

(d)i gcás athruithe suntasacha ar threoirlínte beartais aon cheann de na Páirtithe a dhéanann difear d’fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo;

(e)i gcás ina sáraítear prionsabail fhíor-riachtanacha bhunúsacha chearta an duine mar a leagtar amach iad in Airteagal 9 de Chomhaontú Cotonou nó sa chomhaontú a thiocfaidh ina áit.

Tabharfaidh aon Pháirtí fógra i scríbhinn do Pháirtí eile faoi chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a bheith curtha ar fionraí agus tiocfaidh sé i bhfeidhm trí mhí tar éis an fógra sin a fháil. Nuair a gheofar an fógra sin, cuirfear tús le comhairliúcháin idir na Páirtithe sa Chomhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid laistigh de thréimhse réasúnach.

A luaithe a thiocfar ar shocrú den sórt sin, leanfar le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Airteagal 11

Foirceannadh

6.

Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh i gcás:

·cásanna a thagann chun cinn, seachas feiniméin nádúrtha, atá lasmuigh de rialú réasúnach na bPáirtithe agus ar cásanna iad de chineál a choisceann iascaireacht in uiscí an Aontais;

·ídiú nó díghrádú na stoc lena mbaineann ar bhonn na comhairle eolaíche neamhspleáiche iontaofa is fearr atá ar fáil agus atá formhuinithe ag an dá pháirtí;

·laghdú suntasach ar leibhéal an tsaothraithe ar na deiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí na Séiséal;

·sárú tromchúiseach ar na gealltanais a rinne na Páirtithe maidir leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte a chomhrac;

·aon imthosca eile arb éard atá iontu sárú ar an gComhaontú ag ceachtar Páirtí.

·Tabharfaidh aon Pháirtí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoi fhoirceannadh an Chomhaontaithe agus tiocfaidh sé i bhfeidhm sé mhí tar éis an fógra a fháil, mura gcinneann na Páirtithe de chomhthoiliú síneadh a chur leis an tréimhse sin. Is trí bhíthin an Chomhchoiste a rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin tar éis an fhógra fhoirceanta sin d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar a ndíospóid laistigh de thréimhse réasúnach.

Airteagal 12

An dlí is infheidhme

1.Tá gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta na Séiséal faoi réir dhlíthe agus rialacháin an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 2403/2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe an chabhlaigh iascaireachta sheachtraigh, agus reachtaíocht ábhartha na Fraince, mura bhforáiltear a mhalairt faoin gComhaontú seo agus faoin Iarscríbhinn a ghabhann leis, i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta.

2.Tabharfaidh an tAontas fógra láithreach do na Séiséil faoi aon athruithe ar a Chomhbheartas Iascaigh agus reachtaíocht ghaolmhar.

 

Airteagal 13

Rúndacht

1.Tugann na Páirtithe gealltanas a áirithiú gur i gcomhréir le prionsabail rúndachta agus cosanta sonraí faoi dhlí is infheidhme na bPáirtithe faoi seach a phróiseálfar na sonraí ainmniúla uile a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais faoin gComhaontú seo, lena náirítear sonraí a bhaileoidh breathnóirí.

2.Áiritheoidh na Páirtithe nach gcuirfear ar fáil san fhearann poiblí ach sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

3.Úsáidfear na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go heisiach ag na húdaráis inniúla chun an Comhaontú a chur chun feidhme agus chun bainistiú, faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar iascaigh.

4.Maidir le sonraí pearsanta a bheidh á bpróiseáil ag an Aontas, úsáidfear iad ar bhealach iomchuí chun a gcosaint a áirithiú, lena nairítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach, agus ní choinneofar iad thar an tréimhse ama is gá chun na críche ar chuici a malartaíodh iad. Féadfaidh an Comhchoiste cosaintí agus leigheasanna dlí iomchuí a bhunú i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 14

Malartuithe leictreonacha sonraí

1.Tabharfaidh na Séiséil agus an tAontas gealltanas na córais is gá a chur chun feidhme chun gach faisnéis agus doiciméad a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus na hIarscríbhinne a mhalartú go leictreonach. Measfar ag aon tráth an fhoirm leictreonach de dhoiciméad a bheith coibhéiseach leis an mbunleagan.

2.Tabharfaidh ceachtar Páirtí fógra láithreach don Pháirtí eile faoi aon bhriseadh i gcóras ríomhaireachta lena gcuirtear bac ar mhalartuithe den sórt sin. Sna himthosca sin, cuirfear a leagan páipéir go huathoibríoch in ionad na faisnéise agus na ndoiciméad a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus na hIarscríbhinne ar an gcaoi a shainmhínítear san Iarscríbhinn.

Airteagal 15

Athbhreithniú meántéarma

Féadfaidh na Páirtithe cinneadh a dhéanamh athbhreithniú meántéarma a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht an Chomhaontaithe.

Airteagal 16

Oibleagáidí ar Dhul in Éag nó ar Fhoirceannadh

Tar éis dhul in éag nó fhoirceannadh an Chomhaontaithe amhail dá bhforáiltear le hAirteagal 11, leanfaidh longúinéirí shoithí na Séiséal de bheith faoi dhliteanas i leith aon sárú ar fhorálacha an Chomhaontaithe nó ar aon dlí de chuid an Aontais a tharla roimh dhul in éag nó fhoirceannadh an Chomhaontaithe, nó i leith aon táille cheadúnais nó aon dleacht amuigh nach n‑íoctar tráth an dul in éag nó an fhoirceanta.

Airteagal 17

Tréimhse iarratais

Beidh feidhm ag an gComhaontú ó dháta a chur i bhfeidhm shealadaigh suas leis an 31 Nollaig 2028, mura dtabharfar fógra um fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 18

Cur i bhFeidhm Sealadach

Beidh feidhm shealadach ag an gComhaontú seo amhail ón dáta a shíneoidh na Páirtithe é. Ní bhfeidhm feidhm ag an gcur i bhfeidhm sealadach roimh an 1 Eanáir 2023, áfach.

Airteagal 19 

Aisghairm

Leis seo, aisghairtear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta a bhfuil brat na Séiséal ar foluain acu ar uiscí agus ar acmhainní bithéagsúlachta Mayotte, faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh, a bhí mar ábhar Chinneadh (2014/331/AE) ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

Airteagal 20 

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích.

Airteagal 21

 
Teangacha

Tarraingeofar suas an Comhaontú seo i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghaeilge, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs díobh.

IARSCRÍBHINN 
Coinníollacha maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a bheith á ndéanamh ag soithí na Séiséal in uiscí Mayotte

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Oibleagáidí ginearálta

Soithí na Séiséal ar eisíodh údarú iascaireachta ina leith i gcomhréir leis an gComhaontú seo, comhlíonfaidh siad forálacha Chomhbheartas Iascaigh (CBI) an Aontais a bhaineann le bearta caomhnúcháin agus rialaithe agus forálacha ábhartha eile lena rialaítear iascaireacht in uiscí an Aontais, agus na forálacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo.

Limistéar iascaireachta

(a)Tabharfaidh an tAontas comhordanáidí geografacha an limistéir iascaireachta do na Séiséil inar féidir le soithí na Séiséal feidhmiú roimh chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe.

(b)Beidh toirmeasc ar shoithí na Séiséal aon shoitheach peas-saighne a úsáid ar thuinníní agus ar aon scoil éisc atá cosúil le tuinníní sna limistéir laistigh de 24 mhuirmhíle ó chóstaí oileán Mayotte, atá á dtomhas ó na bonnlínte óna dtomhaistear uiscí teorann. Cuirfear san áireamh sa limistéar iascaireachta gur ann do Limistéar Muirí faoi Chosaint lena gcumhdaítear Limistéar Eacnamaíoch Eisiach iomlán Mayotte, arb é is cuspóir aige cur le bithéagsúlacht mhuirí Mayotte agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na hearnála iascaigh áitiúla, i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir leis an Limistéar Muirí faoi Chosaint a chruthú (Décret 2010-71 du 18 janvier 2010 portant création du parc naturel marin de Mayotte) agus le bearta bainistíochta ina dhiaidh sin.

(c)Cuirfear aon mhodhnú ar an limistéar iascaireachta in iúl d’údaráis na Séiséal, sula thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Dálaí Oibre

Rialófar fostaíocht iascairí le Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) 1998 maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair (arna leasú in 2022), agus le coinbhinsiúin ábhartha EIS, lena n‑áirítear saoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach don cheart cómhargála, deireadh a chur le hidirdhealú i leith fostaíochta agus slí bheatha, deireadh a chur le saothar éignithe agus saothar leanaí, timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil, agus dálaí cuibhiúla oibre agus maireachtála ar bord soithí iascaireachta.

Caibidil II

Deiseanna iascaireachta

Bainfidh na deiseanna iascaireachta a dheonófar faoi Airteagal 5 den Chomhaontú le 8 soitheach peas-saighne tuinnín. Údarófar soithí tacaíochta faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus i gcomhréir le rúin ábhartha an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC).

Ní dhéanfaidh soithí na Séiséal gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais ach amháin má tá údarú iascaireachta acu a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú agus i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear san Iarscríbhinn seo.

Caibidil III

Údaruithe iascaireachta

Roinn 1

Iarratas ar údaruithe iascaireachta agus eisiúint údaruithe iascaireachta

Beidh údarú iascaireachta bailí ar feadh aon bhliain féilire amháin ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig. Maidir leis an tréimhse údaraithe tosaigh, áfach, déanfar an dáta tosaithe a shainiú de réir dháta chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo.

Coinníollacha chun údarú iascaireachta a fháil

Chun go mbeidh soitheach de chuid na Séiséal incháilithe d’údarú iascaireachta faoin gComhaontú seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

·beidh sé údaraithe ag na Séiséil chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh faoin gComhaontú;

·beidh sé ar liosta shoithí iascaireachta údaraithe IOTC;

·ní bheidh sé ar liosta NNN d’aon Eagraíocht Réigiúnach Bainistithe Iascaigh;

·comhlíonfaidh sé a oibleagáidí a d’eascair as a ghníomhaíochtaí roimhe seo i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach Mayotte agus beidh an réamhtháille is infheidhme dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo íoctha aige.

Iarratas ar údarú iascaireachta

Déanfaidh gníomhaire a bhfuil cónaí air in Mayotte ionadaíocht ar gach soitheach de chuid na Séiséal a dhéanann iarratas ar údarú iascaireachta, nó in éagmais gníomhaire a bhfuil cónaí air in Mayotte, beidh cónaí ar an ngníomhaire sna Séiséil. Luafar ainm agus seoladh an ghníomhaire sin san iarratas.

Cuirfidh údaráis na Séiséal iarratas ar údarú iascaireachta faoi bhráid údaráis an Aontais maidir le gach soitheach de chuid na Séiséal atá ag iarraidh iascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú seo 45 lá ar a laghad roimh an dáta a mheastar a chuirfear tús le gníomhaíochtaí iascaireachta.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil le gach iarratas:

cruthúnas gur íocadh an réamhtháille le haghaidh thréimhse bhailíochta an údaraithe iascaireachta;

grianghraf digiteach daite den soitheach a tógadh le déanaí, ar grianghraf é ina bhfuil taifeach leordhóthanach lena dtaispeántar radharc cliathánach mionsonraithe den soitheach, lena n‑áirítear ainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh atá le feiceáil ar an gcabhail; aon doiciméid nó deimhnithe eile a cheanglaítear faoi na rialacha sonracha is infheidhme maidir leis an gcineál soithigh lena mbaineann de bhun an Chomhaontaithe seo.

Íocfar na híocaíochtaí uile a bhaineann le húdaruithe agus gabhálacha le cuntas bainc san Aontas, agus soláthróidh an tAontas mionsonraí an chuntais sin roimh chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe. Is iad úinéirí na soithí nó an gníomhaire a íocfaidh na costais a bhaineann le haistrithe bainc.

Cuimseofar sna táillí na muirir náisiúnta agus áitiúla uile seachas cánacha calafoirt agus muirir sheirbhíse. Áireofar iontu gach costas neamhoibríochtúil.

An t‑údarú iascaireachta a eisiúint

Eiseofar údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí na Séiséal d’úinéirí na soithí nó don ghníomhaire laistigh de 30 lá tar éis don Aontas na doiciméid riachtanacha uile dá dtagraítear i bpointe 3 a fháil. Glacfaidh údaráis an Aontais Cinneadh ina mbeidh liosta na soithí údaraithe agus seolfaidh sé cóip de na húdaruithe iascaireachta chuig údaráis na Séiséal.

Coimeádfar an t‑údarú iascaireachta nó cóip den Chinneadh thuasluaite ar bord soithigh údaraithe de chuid na Séiséal.

An t‑údarú iascaireachta a aistriú

Eiseofar údarú iascaireachta chuig soitheach sonrach de chuid na Séiséal agus ní bheidh sé inaistrithe, ach amháin i gcás force majeure.

I gcás ina gcruthófar force majeure, féadfar údarú iascaireachta soithigh de chuid na Séiséil a aistriú arna iarraidh sin ag na Séiséil le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha dá bhailíocht, chuig soitheach incháilithe eile de chuid na Séiséal a bhfuil saintréithe comhchosúla aige, gan aon táille bhreise a bheith dlite.

Beidh feidhm ag an údarú iascaireachta nua ón lá a eiseoidh údaráis an Aontais é. Cuirfear an t‑athrú in iúl d’údaráis na Séiséal agus gheobhaidh siad cóip den údarú nua.

Roinn 2

Soithí tacaíochta

Údaróidh an tAontas go mbeidh soithí tacaíochta de chúnamh ag soithí na Séiséal atá ina sealbhóirí ar údarú iascaireachta. Beidh bratach na Séiséal ar foluain ag na soithí tacaíochta, agus ní bheidh siad feistithe chun éisc a ghabháil ná a úsáid le haghaidh trasloingsithe.

Urramóidh na ceanglais tuairiscithe maidir le soithí tacaíochta oibleagáidí IOTC ábhartha agus forálacha reachtacha náisiúnta ábhartha eile.

Soithí tacaíochta a bhfuil bratach na Séiséal ar foluain acu, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta údaruithe céanna lena rialaítear iarratais ar údarú iascaireachta a fháil agus a tharchur mar a thuairiscítear i Roinn 1 thuas, a mhéid a bhaineann leo.

Roinn 3

Coinníollacha údaraithe iascaireachta — táillí agus réamhíocaíochtaí

Na táillí a bheidh le híoc ag longúinéirí, ríomhfar iad ar bhonn ráta EUR 135 in aghaidh an tona iasc a ghabhtar.

Is é seo a leanas an réamhíocaíocht bhliantúil a bheidh le híoc ag longúinéirí shoithí na Séiséal an tráth a chuirtear iarratais ar údarú iascaireachta isteach, údarú a bheidh le heisiúint ag an Aontas:

Soithí Peas-Saighne Tuinníní

EUR 13 500 in aghaidh an tsoithigh, a chomhfhreagraíonn do 100 tona tuinnín agus speiceas cosúil le tuinnín a ghabhtar laistigh de limistéar iascaireachta Mayotte;

Soithí Tacaíochta

EUR 5 000 in aghaidh an tsoithigh.

Ráiteas bliantúil táillí

Cuirfidh na Séiséil sonraí gabhála i limistéir iascaireachta Mayotte chuig an Aontas i gcomhréir le forálacha Chaibidil IV roinn 1. Ar bhonn na faisnéise sin, tarraingeoidh údaráis an Aontais suas ráiteas de tháillí atá dlite maidir le bliain féilire roimhe sin.

Seolfar an ráiteas táillí chuig údaráis na Séiséal roimh an 30 Aibreán den bhliain dár gcionn ar bhonn dearbhuithe gabhálacha a thíolacfaidh údaráis na Séiséal. Déanfaidh údaráis na Séiséal an ráiteas táillí comhfhreagrach a tharchur chuig úinéir an tsoithigh le haghaidh a n‑íocaíochtaí ina dhiaidh sin, rud a chomhfhreagraíonn do ghabhálacha os cionn 100 tona in aghaidh an tsoithigh. I gcás ina bhfuil an ráiteas deiridh níos lú ná an réamhíocaíocht dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh an t‑iarmhéid ghnóthaithe ag úinéirí na soithí.

I gcás neamhréireachtaí a bheith ann idir tacair sonraí a chuireann an tAontas agus na Séiséil i láthair, beidh 60 lá ag na Séiséil chun na sonraí a fuarthas a chonspóid agus ráiteas malartach ar na gabhálacha a chur chuig údaráis an Aontais, mar aon le doiciméid tacaíochta amhail sonraí logleabhair, tuarascálacha iniúchta agus sonraí eolaíocha.

Féadfaidh an tAontas aon neamhréireachtaí idir sonraí sa logleabhar leictreonach iascaireachta a sholáthraíonn ERS, sonraí i logleabhair na soithí agus sonraí an bhreathnóra a thuairisciú. Sa chás sin, déanfaidh údaráis na Séiséal imscrúduithe agus tabharfaidh siad na sonraí cothrom le dáta de réir mar is gá.

Socróidh na Páirtithe aon easaontas laistigh de mhí agus é mar chuspóir acu an ráiteas táillí deiridh a bhunú.

Déanfaidh longúinéirí na híocaíochtaí dá réir sin laistigh de 30 lá tar éis don dá Pháirtí teacht ar chomhaontú maidir le ráiteas deiridh na dtáillí, agus seolfaidh údaráis na Séiséal cruthúnas ar íocaíocht chuig údaráis an Aontais.

CAIBIDIL IV

Faireachán

Roinn 1

Tuairisciú Gabhála

Na soithí uile de chuid na Séiséal atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais faoin gComhaontú, cuirfidh siad a ngabhálacha in iúl go laethúil d’údarás inniúil an Aontais ar an mbealach seo a leanas, mura bhfuil an Córas Tuairiscithe Leictreonach(ERS) curtha chun feidhme ag an dá Pháirtí:

Soithí de chuid na Séiséal atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, líonfaidh siad isteach ar bhonn laethúil foirm um ráiteas gabhálacha lena gcomhlíontar rúin IOTC, i gcás gach sraithe de gach turas iascaireachta a dhéanann siad in uiscí an Aontais. Fad atá siad in uiscí an Aontais, tuairisceoidh soithí na Séiséal gach trí lá d’údaráis inniúla an Aontais agus na Séiséal, trí mhodh leictreonach, an fhaisnéis is gá san fhormáid dá bhforáiltear in Aguisín 4. Formhuineoidh an Comhchoiste aon leasú ar an bhfoirm sin.

Líonfar an fhoirm isteach fós, fiú mura ndearnadh aon ghabháil. Líonfar an fhoirm isteach go soléite agus síneoidh máistir an tsoithigh nó gníomhaire an mháistir í agus tá an máistir freagrach as cruinneas na sonraí a thaifeadtar agus a tharchuirtear san fhoirm um ráiteas gabhálacha.

I gcás nach gcomhlíontar na forálacha a bhaineann le gabhálacha a thuairisciú, féadfaidh an tAontas údarú iascaireachta shoitheach na Séiséal lena mbaineann a chur ar fionraí go dtí go bhfaightear an tuarascáil gabhála atá ar iarraidh agus pionós a ghearradh ar an longúinéir i gcomhréir leis na forálacha ábhartha faoin reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm. Má dhéantar an cion arís, féadfaidh an tAontas diúltú an t‑údarú iascaireachta a athnuachan. Cuirfidh an tAontas údaráis na Séiséal ar an eolas láithreach faoi aon smachtbhanna a chuirfear i bhfeidhm sa chomhthéacs sin.

Roimh dheireadh gach ráithe, soláthróidh na Séiséil sonraí comhiomlánaithe d’údaráis an Aontais le haghaidh na ráithí roimhe sa bhliain reatha, lena léireofar cainníochtaí na ngabhálacha in aghaidh an tsoithigh, in aghaidh na míosa, agus in aghaidh speicis. Measfar na sonraí sin a bheith sealadach.

A luaithe a bheidh ERS ag feidhmiú go hiomlán, soláthróidh údaráis na Séiséal na sonraí is gá trí theimpléad san fhormáid xml, agus de réir na dtreoirlínte dá bhforáiltear in Aguisín 3. Go dtí go gcuirfear ERS chun feidhme, úsáidfear an fhormáid iomchuí dá bhforáiltear in Aguisín 4.

Roinn 2 
Córas Tuairiscithe Leictreonach (ERS)

Úsáidfidh soithí na Séiséal ERS le haghaidh na ndearbhuithe gabhálacha, a luaithe a bheidh an córas sin ag feidhmiú ag an dá Pháirtí, mar a leanas:

an máistir ar shoitheach de chuid na Séiséal a bheidh i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta faoin gComhaontú, coimeádfaidh sé logleabhar iascaireachta leictreonach comhtháite in ERS;

ní údarófar do shoitheach de chuid na Séiséal nach bhfuil feistithe le ERS dul isteach i limistéar iascaireachta Mayotte chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh.

Tá an máistir freagrach as cruinneas na sonraí a thaifeadfar sa logleabhar iascaireachta leictreonach. Comhlíonfaidh an logleabhar iascaireachta leictreonach rúin IOTC.

Déanfaidh an máistir, ar bhonn laethúil, beomheáchan measta gach speicis a ghabhtar agus a choimeádtar ar bord, nó a aischuirtear san fharraige, a thaifeadadh le haghaidh gach oibríochta iascaireachta.

Má tá soitheach na Séiséal i limistéar iascaireachta Mayotte ach nach dtéann i mbun iascaireachta, déanfar suíomh an tsoithigh ag meán lae a thaifeadadh.

Áiritheoidh an máistir go ndéanfar sonraí an logleabhair iascaireachta leictreonacha a tharchur go huathoibríoch agus go laethúil chuig Lárionad Faireacháin Iascaigh (FMC) na Séiséal. Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sa tarchur:

uimhreacha aitheantais an tsoithigh agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

cód 3-alfa FAO gach speicis;

an limistéar geografach ábhartha (domhanleithead agus domhanfhad) inar gabhadh na gabhálacha;

dáta agus am na ngabhálacha;

an dáta agus an t‑am imeachta as an gcalafort agus dul isteach ann;

an cineál trealaimh, agus i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí agus na toisí teicniúla;

cainníochtaí measta na n‑iasc, lena n‑áirítear cainníochtaí gach speicis a choimeádtar ar bord, i gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb iomchuí, an líon iasc aonair;

cainníochtaí measta na n‑iasc, lena n‑áirítear cainníochtaí gach speicis a aischuirtear, i gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb iomchuí, an líon iasc aonair.

Áiritheoidh údaráis na Séiséal go bhfaighfear agus go dtaifeadfar na sonraí i mbunachar sonraí ríomhaireachta sa chaoi gur féidir na sonraí a stóráil go slán ar feadh 36 mhí ar a laghad.

Áiritheoidh údaráis na Séiséal, údaráis an Aontais agus údaráis an Bhallstáit ábhartha go mbeidh an trealamh agus na bogearraí TF is gá acu chun sonraí ERS a mhalartú le chéile go huathoibríoch. Malartófar sonraí ERS trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide leictreonacha a oibríonn an Coimisiún Eorpach chun sonraí iascaigh a mhalartú i bhfoirm chaighdeánaithe. Déanfar athruithe ar chaighdeáin a chur chun feidhme laistigh de shé mhí.

Is é FMC na Fraince FMC an Bhallstáit atá freagrach as na gníomhaíochtaí faireacháin dá bhforáiltear faoin gComhaontú seo.

Áiritheoidh FMC na Séiséal go gcuirfear ar fáil logleabhair iascaireachta trí bhíthin ERS do FMC na Fraince go huathoibríoch agus ar bhonn laethúil le haghaidh na tréimhse ina bhfuil an soitheach sa limistéar iascaireachta, fiú i gcás nach ndearnadh aon ghabháil.

Cuirfidh FMC na Séiséal teachtaireachtaí ERS atá íogair ó thaobh ama de (COE, COX, PNO) a fuarthas ó shoithí na Séiséal ar aghaidh chuig FMC na Fraince.

Cuirfear tuarascálacha laethúla ar ghníomhaíochtaí iascaireachta shoithí na Séiséal ar fáil go huathoibríoch agus gan mhoill do FMC na Séiséal.

Úsáidfear modhanna leictreonacha cumarsáide faoi bhainistíocht údaráis an Aontais chun sonraí ERS a tharchur, a shainaithnítear mar Mhórbhealach Malartaithe Sonraí (DEH).

Ainmneoidh an tAontas agus na Séiséil comhfhreagraí ERS amháin a fheidhmeoidh mar phointe teagmhála. Cuirfidh siad in iúl dá chéile sonraí teagmhála a gcomhfhreagraí ERS féin.

Is in Aguisín 3 a leagtar amach na socruithe chun gabhálacha a thuairisciú trí bhíthin ERS agus na nósanna imeachta i gcás mífheidhme.

Déanfaidh údaráis an Aontais sonraí faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta soithí aonair na Séiséal a láimhseáil ar bhealach rúnda slán.

I gcás fadhbanna teicniúla nó mhífheidhm ERS, déanfar dearbhuithe gabhálacha de bhun Roinn 1 thuas.

Roinn 3

Cumarsáid maidir le gabhálacha: ag dul isteach in uiscí an Aontais agus iad a fhágáil

Is mar seo a leanas a shainmhíneofar fad turais ag soitheach de chuid na Séiséal:

an tréimhse a chaitear idir dul isteach in uiscí an Aontais agus iad a fhágáil;

nó an tréimhse idir dul isteach in uiscí an Aontais agus dul isteach i gcalafort Mayotte.

Tabharfaidh soithí na Séiséal fógra don Aontas ar a laghad 6 uair roimh ré go bhfuil rún acu teacht isteach in uiscí an Aontais nó iad a fhágáil.

Le linn dóibh a fhógairt go bhfuil siad dul isteach nó ag fágáil, tabharfaidh soithí na Séiséal fógra faoina suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) ag tráth na cumarsáide agus tabharfaidh siad fógra freisin faoin tonnáiste agus faoi speicis na ngabhálacha a choimeádtar ar bord. Seolfar na teachtaireachtaí sin san fhormáid a leagtar amach in Aguisín 4, trí ríomhphost nó trí ERS, chuig na sonraí teagmhála a bheidh soláthartha ag údaráis inniúla an Aontais.

Is cion é ag soitheach iascaireachta de chuid na Séiséal a bheith ag iascaireacht gan fógra a thabhairt roimh ré d’údaráis inniúla an Aontais. Beidh soitheach den sórt sin de chuid na Séiséal faoi dhliteanas smachtbhannaí dá dtagraítear i gCaibidil VIII.

Roinn 4

Trasloingsiú

Toirmisctear trasloingsiú ar muir agus is faoi dhliteanas na mbeart forfheidhmiúcháin dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais a bheidh aon duine a sháróidh an fhoráil sin. Ní féidir trasloingsithe a dhéanamh ach amháin i gcalafort Mayotte.

I gcás trasloingsithe i gcalafort Mayotte, tabharfaidh longúinéir shoitheach na Séiséal nó an gníomhaire fógra faoin bhfaisnéis seo a leanas d’údaráis inniúla na Fraince agus, an tráth céanna, d’údarás chalafort Mayotte, ar a laghad 48 uair an chloig roimh ré:

an calafort nó limistéar trasloingsithe ina ndéanfar an oibríocht;

ainm agus Glao-Chomhartha Idirnáisiúnta Raidió (IRCS) an tsoithigh bhronnta;

i gcás inarb infheidhme, ainm agus IRCS an tsoithigh dheontóra;

i gcás inarb infheidhme, na saoráidí stórála;

dáta agus am an trasloingsithe;

i gcás inar féidir, an chéad cheann scríbe eile;

an chainníocht in Kg, de réir speiceas atá le trasloingsiú;

foirm chur i láthair na dtáirgí.

Measfar go bhfuiltear ag fágáil uiscí an Aontais, mar a shainmhínítear é i Roinn 3.1, nuair a dhéantar trasloingsiú. Ní mór do shoithí na Séiséal a gcuid dearbhuithe gabhála a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Aontais agus cuirfidh siad cóip de chuig údarás chalafort Mayotte, tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis trasloingsiú, nó in aon chás, sula bhfágfaidh an soitheach deontóra an calafort, cibé acu is túisce a tharlóidh.

Roinn 5
Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)

I gcás na soithí de chuid na Séiséal a údaraítear faoin gComhaontú seo, beidh siad feistithe le gaireas rianaithe soithí saitilítbhunaithe agus/nó le gaireas faireacháin soithí saitilítbhunaithe i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus bainfear úsáid as VMS i gcomhréir le forálacha ábhartha Aguisín 5. Sula gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach, féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú sonraí VMS a tharchur trí FLUX i bhformáid NA/CEFACT.

Toirmisctear an gaireas rianaithe leanúnaigh a bhogadh, a dhícheangal, a scriosadh, a dhamáistiú, agus toirmisctear cur isteach air nó é a chur ó mhaith freisin trí úsáid a bhaint as cumarsáid saitilítbhunaithe agus/nó as gaireas faireacháin a chuirtear ar bord shoithí na Séiséal chun sonraí a tharchur nó chun sonraí a tharchuirtear nó a thaifeadtar le córas den sórt sin a athrú, a atreorú nó a fhalsú d’aon ghnó.

Cuirfidh soithí na Séiséal a suíomh in iúl go huathoibríoch agus go leanúnach, gach uair an chloig ar a laghad do FMC na Séiséal, i gcomhréir le hAguisín 5.

Teachtaireachtaí maidir le suíomh a chur in iúl go slán ó na Séiséil

Seolfaidh FMC na Séiséal na teachtaireachtaí maidir le suíomh shoithí na Séiséal lena mbaineann go huathoibríoch chuig FMC na Fraince trí nasc díreach HTTPS. Malartóidh FMC na Fraince agus FMC na Séiséal a seoltaí ríomhphoist le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi aon athrú ar na seoltaí sin.

Cuirfidh FMC na Fraince in iúl do FMC na Séiséal faoi aon chur isteach ar theachtaireachtaí i ndiaidh a chéile maidir le suíomh a fháil ó shoitheach iascaireachta de chuid na Séiséal a bhfuil údarú iascaireachta aige, mura mbeidh fógra tugtha ag an soitheach lena mbaineann maidir lena imeacht ó limistéar iascaireachta Mayotte.

Mífheidhmiú an chórais cumarsáide

Áiritheoidh FMC na Fraince comhoiriúnacht a threalaimh leictreonaigh le córas FMC na Séiséal agus cuirfidh sé FMC na Séiséal ar an eolas láithreach faoi aon mhífheidhm a bhaineann le teachtaireachtaí maidir le suíomh a sheoladh agus a ghlacadh d’fhonn teacht ar réiteach teicniúil a luaithe is féidir.

Má theipeann ar údaráis na Fraince sonraí VMS a fháil mar gheall ar chliseadh na gcóras leictreonach faoi mhaoirseacht na Séiséal, na Fraince nó an Choimisiúin Eorpaigh, déanfaidh an Páirtí i gceist beart pras chun an fhadhb a réiteach go mear. Tabharfar fógra do na Páirtithe eile nuair a bheidh an fhadhb réitithe. Na sonraí nach bhfuair an Fhrainc, cuirfear chuici iad a luaithe a réiteofar an fhadhb. Go dtí go réiteofar an fhadhb, cuirfidh FMC na Séiséal teachtaireachtaí suímh a fuarthas ar feadh thréimhsí a chuid soithí in uiscí an Aontais chuig FMC na Fraince gach 24 uair, trí ríomhphost. Déileálfaidh an Comhchoiste le haon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Níor cheart do chliseadh cumarsáide idir FMC na Séiséal agus FMC na Fraince difear a dhéanamh do ghnáthfheidhmiú ghníomhaíochtaí iascaireachta na soithí. Go háirithe, ní mheasfar soitheach a bheith ina shárú i gcás ina shainaithnítear cliseadh den sórt sin.

Beidh an máistir ar shoitheach de chuid na Séiséal faoi dhliteanas má fhaightear amach go ndearnadh crioscaíl ar Ghléas Rianaithe Soithí (VTD) a shoithigh chun cur isteach ar a oibríocht nó chun a theachtaireachtaí maidir le suíomh a fhalsú. Beidh aon sárú faoi réir na bpionós dá bhforáiltear faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais, na Fraince agus na Séiséal.

Athbhreithniú ar mhinicíocht na dteachtaireachtaí maidir le suíomh

Ar bhonn fianaise dhoiciméadach ar shárú, féadfaidh FMC na Fraince a iarraidh ar FMC na Séiséal, agus cuirfidh sé cóip chuig údaráis an Aontais agus na Séiséal, an t‑eatramh chun teachtaireachtaí maidir le suíomh a sheoladh ó shoitheach iascaireachta de chuid a Séiséal a laghdú go gach 30 nóiméad ar feadh tréimhse imscrúdaithe shocraithe. Seolfaidh FMC na Fraince an fhianaise dhoiciméadach sin chuig FMC na Séiséal agus chuig údaráis an Aontais agus na Séiséal. Seolfaidh FMC na Séiséal teachtaireachtaí suímh chuig FMC na Fraince láithreach ag an minicíocht nua.

Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe socraithe, cuirfidh FMC na Fraince in iúl do FMC na Séiséal agus d’údaráis an Aontais agus na Séiséal faoi aon ghníomh leantach a bhfuil gá leis.

Caibidil V

Breathnóirí

Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé na hoibleagáidí a bhaineann le rúin ábhartha IOTC a urramú maidir leis an gClár Breathnóirí Eolaíocha agus le dlíthe agus rialacháin ábhartha an Aontais agus na Séiséal, lena n‑áirítear scéimeanna breathnóireachta leictreonaí. Mar sin féin, leis na módúlachtaí maidir le cur i bhfeidhm scéimeanna breathnóireachta leictreonaí, cuirfear san áireamh na himpleachtaí praiticiúla a bheidh ann do na cabhlaigh agus an t‑am is gá don aistriú.

Soithí agus breathnóirí ainmnithe

Ar iarratas ó údaráis an Aontais, déanfaidh soithí na Séiséal atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar Mayotte, breathnóir amháin a thabhairt ar bord, i gcomhthéacs clár breathnóra náisiúnta nó clár breathnóra réigiúnach faoi na téarmaí a leagtar amach thíos. Breathnóirí breise a thugtar ar bord déanfar sin a mheas faoi réir comhaontú cás ar chás freisin.

Déanfaidh údaráis an Aontais liosta a tharraingt suas de shoithí na Séiséal a ainmneofar chun breathnóir a thabhairt ar bord agus tarraingeoidh siad suas liosta de bhreathnóirí ceaptha, agus saintréithe na soithí agus na teorainneacha spáis a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr ceanglais slándála á gcur san áireamh. Tabharfar an liosta cothrom le dáta agus cuirfear ar aghaidh chuig údaráis na Séiséal é a luaithe a bheidh sé tarraingthe suas, agus gach uair a thabharfar cothrom le dáta é.

Cuirfidh údaráis an Aontais ainm an bhreathnóra ainmnithe in iúl do ghníomhaire nó longúinéir shoitheach na Séiséal lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an dáta bordála atá beartaithe ag an mbreathnóir.

Coinníollacha bordála

Socróidh údaráis inniúla an Aontais nó an Bhallstáit an t‑am a chaitheann breathnóirí ar bord agus, mar riail ghinearálta, ní rachaidh sé thar an am is gá chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. I gcomhthéacs clár breathnóra réigiúnacha, is féidir leis an mbreathnóir fanacht ar bord ar feadh tréimhse a gcuirfear síneadh léi arna comhaontú go frithpháirteach.

Cuirfidh údaráis an Aontais longúinéirí shoitheach na Séiséal nó na gníomhairí a bhaineann leo ar an eolas faoi sin nuair a bheidh ainm an bhreathnóra ainmnithe á chur in iúl acu.

Na coinníollacha maidir le breathnóirí a thabhairt ar bord, comhaontóidh na longúinéirí agus údaráis inniúla an Aontais nó an Bhallstáit iad tar éis fógra a thabhairt do na breathnóirí ainmnithe.

Cuirfidh longúinéirí shoithí na Séiséal lena mbaineann i bhfios, laistigh de dhá sheachtain agus fógra 10 lá á thabhairt acu, an calafort nó an suíomh, agus na dátaí a bheidh sé i gceist breathnóirí a thabhairt ar bord.

I gcás ina mbeidh breathnóirí le cur ar bord i gcalafort eachtrach, is é an longúinéir a íocfaidh a gcostais taistil. I gcás ina bhfágfadh soithí de chuid na Séiséal uiscí an Aontais agus breathnóir atá ainmnithe ag an Aontas ar bord, déanfar gach beart chun a áirithiú go dtabharfar an breathnóir ar ais go sábháilte a luaithe is féidir ar chostas an longúinéara, mura bhfuil an breathnóir le dul ar aghaidh le soitheach na Séiséal i gcomhthéacs a dhualgas breathnóra trí Chomhaontú nó clár breathnóra eile.

Mura bhfuil an breathnóir i láthair ag an am agus ag an áit a chomhaontaítear nó mura bhfuil sé i láthair le linn na 6 uair an chloig tar éis an ama a chomhaontaítear, saorfar na longúinéir na Séiséal ar a oibleagáid an breathnóir a thabhairt ar bord.

Tabhóidh longúinéirí na Séiséal an costas a bhaineann le cothú agus cóiríocht a sholáthar do bhreathnóirí de réir na gcoinníollacha céanna atá ag na hoifigigh a bheidh ar bord an tsoithigh.

Is mar oifigigh a dhéileálfar le breathnóirí.

Is iad údaráis inniúla na Fraince a íocfaidh tuarastal agus cánacha infheidhme na mbreathnóirí.

Dualgais an bhreathnóra

Déanfaidh an breathnóir gníomhaíochtaí iascaireachta na soithí a bhreathnú agus a thaifeadadh chun críoch eolaíoch, go háirithe:

speiceas, cainníocht, méid agus staid na n‑iasc a ghabhtar, lena n‑airítear spriocspeicis agus foghabhálacha, agus speiceas, cainníocht, méid agus staid ghabhálacha de thaisme mamach farraige, turtar agus éan mara;

an modh trína ngabhtar éisc, na limistéir ina ngabhtar iad agus an doimhneacht ina ngabhtar iad;

suíomh soithí na Séiséal atá i mbun oibríochtaí iascaireachta agus an trealamh iascaireachta a úsáidtear;

na sonraí gabhála le haghaidh limistéar iascaireachta Mayotte a thaifeadtar sa logleabhar, lena n‑áirítear an céatadán foghabhálacha agus meastachán ar ábhar muirí aischurtha;

i gcás inarb ábhartha, próiseáil, trasloingsiú, stóráil nó diúscairt aon éisc.

Coinneoidh an breathnóir bealach cumarsáide rialta le húdaráis an Aontais nó an Bhallstáit, agus bainfidh sé úsáid as na modhanna cumarsáide a bheidh ar fáil ar bord shoitheach na Séiséal.

Ina theannta sin, féadfaidh an breathnóir dualgais eile a dhéanamh amhail:

sampláil bhitheolaíoch a dhéanamh i gcomhthéacs clár eolaíochta;

faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an acmhainneacht agus ar an gcomhshaol;

faisnéis a bhailiú nuair a thagann siad ar mhamaigh farraige (grianghraif, suíomh an tsoithigh, áireamh ar líon na n‑ainmhithe aonair, iompraíocht, etc.).

Déanfaidh na máistrí ar shoithí na Séiséal sábháilteacht agus leas fisiceach na mbreathnóirí a áirithiú agus iad ar bord.

Tabharfar gach saoráid is gá do na breathnóirí chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Tabharfaidh na máistrí rochtain dóibh ar na modhanna cumarsáide is gá chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ar dhoiciméid maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh, go háirithe an logleabhar agus an log loingseoireachta, agus ar na codanna sin den soitheach is gá chun comhlíonadh a gcúraimí mar bhreathnóirí a éascú.

Oibleagáidí an bhreathnóra

Agus iad ar bord, déanfaidh breathnóirí:

gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar na hoibríochtaí iascaireachta ná nach gcuirfear bac orthu de dheasca na gcoinníollacha a bhaineann lena ndul ar bord agus lena láithreacht ar bord shoitheach na Séiséal;

an cúram is gá a ghlacadh maidir leis an ábhar agus an trealamh a bheidh ar bord;

rúndacht na sonraí agus na ndoiciméad uile maidir le soitheach na Séiséal agus a ghníomhaíochtaí agus aon fhaisnéis a bhailítear a áirithiú.

Ag deireadh na bordála agus sula bhfágfaidh siad soitheach na Séiséal, déanfaidh an breathnóir tuarascáil ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas, tuarascáil a tharchuirfear chuig údaráis an Aontais, agus seolfar cóip chuig údaráis inniúla na Séiséal laistigh de 15 lá. Síneoidh an breathnóir an tuarascáil. Tabharfar cóip den tuarascáil don mháistir nuair a fhágfaidh an breathnóir soitheach na Séiséal.

Caibidil VI

Bearta teicniúla caomhnúcháin

Sa bhileog theicniúil atá in Aguisín 2 leagtar amach na bearta teicniúla caomhnúcháin is infheidhme maidir le soithí na Séiséal a bhfuil údarú iascaireachta acu do limistéar iascaireachta Mayotte.

Comhlíonfaidh soithí na Séiséal na rúin uile a ghlac IOTC agus na forálacha faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais agus na Fraince mura bhforáiltear a mhalairt leis an gComhaontú agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta.

Déanfaidh soithí na Séiséal gach gníomhaíocht iascaireachta údaraithe ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar iascaigh ar mionscála nó ar iascaigh áitiúla.

Agus rúin IOTC á gcur i bhfeidhm, comhaontaíonn na Páirtithe go n‑oibreoidh siad i gcomhar chun gabhálacha teagmhasacha ar speicis atá faoi chosaint a laghdú, go háirithe na turtair mhuirí agus na mamaigh mhuirí uile, agus ar éin mhara agus ar iasc sceire. Chuige sin, féachfaidh soithí de chuid na Séiséal le bearta teicniúla a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar roghnaíocht na dtrealamh iascaireachta agus chun laghdú ar ghabhálacha teagmhasacha ar speicis nach speicis spriocspeicis iad.

Chun laghdú ar an líon cásanna ina dtéann siorcanna, turtair mhuirí nó aon speiceas eile nach spriocspeicis iad i bhfostú, bainfidh soithí de chuid na Séiséal úsáid as dearaí agus as ábhair neamhfhostúcháin chun feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna) a chruthú. Ina theannta sin, chun tionchar FADanna ar an éiceachóras agus an méid smionagar muirí sintéiseach a laghdú, bainfidh soithí na Séiséal úsáid as ábhair nádúrtha nó in-bhithmhillte le haghaidh FADanna agus gheobhaidh siad iad in uiscí Mayotte nuair a thiocfaidh dóibh a bheith ina FADanna neamhoibríochtúla.

Chun críoch bainistithe comhshaoil, cuirfidh longúinéirí táille EUR 2,25in aghaidh an OT le bearta lena rannchuidítear le bithéagsúlacht a chosaint, agus le breathnóireacht agus caomhnú éiceachóras muirí in uiscí Mayotte. Déanfar tuairisciú rialta don Chomhchoiste maidir le húsáid na ranníocaíochta sin.

Caibidil VII

Rialú agus iniúchadh

Déanfar rialuithe agus iniúchtaí i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, go háirithe Rialachán 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú.

Iniúchadh ar muir agus sa chalafort 

Cigirí ón Aontas nó ó Bhallstáit an Aontais ar féidir a aithint go soiléir go bhfuil siad údaraithe chun iniúchtaí iascaireachta a dhéanamh, is iad na cigirí sin a dhéanfaidh iniúchtaí in uiscí Mayotte nó i gcalafort Mayotte ar shoithí na Séiséal a bhfuil údarú iascaireachta acu.

Oibreoidh máistrí shoithí na Séiséal atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais i gcomhar le haon oifigeach atá údaraithe agus atá sainaitheanta go cuí agus a dhéanann iniúchadh agus rialú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.

Chun nósanna imeachta iniúchta sábháilte a éascú, gan dochar d’fhorálacha reachtaíocht an Aontais, ba cheart bordáil a dhéanamh ar bhealach a fhágann gur féidir a aithint go bhfuil an t‑ardán iniúchta agus na cigirí údaraithe chun cúraimí den sórt sin a dhéanamh.

Ní fhanfaidh na hoifigigh iniúchta údaraithe ar bord shoitheach na Séiséal ach ar feadh an ama is gá chun cúraimí a bhaineann leis an iniúchadh a dhéanamh. Déanfaidh siad an t‑iniúchadh ar bhealach a n‑íoslaghdóidh an tionchar ar an soitheach, ar a ghníomhaíocht iascaireachta agus ar a lasta.

Íomhánna (grianghraif nó físeáin) a ghlacfar le linn iniúchtaí, beidh siad beartaithe do na húdaráis atá freagrach as rialú agus faireachas iascaigh. Ní dhéanfar iad a phoibliú mura bhforáiltear a mhalairt leis an reachtaíocht náisiúnta.

Féadfaidh údaráis an Aontais nó na Fraince, arna iarraidh sin ag na Séiséil nó ag comhlacht atá ainmnithe acu, a cheadú do chigirí na Séiséal páirt a ghlacadh san iniúchadh ar ghníomhaíochtaí shoithí na Séiséal mar bhreathnóirí nó iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh, lena n‑áirítear le linn trasloingsithe. Le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, cloífidh na cigirí atá fostaithe ag na Páirtithe leis na forálacha maidir le hiniúchtaí a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, na Fraince agus na Séiséal faoi seach.

A luaithe a bheidh an t‑iniúchadh críochnaithe agus an tuarascáil iniúchta sínithe ag an gcigire, cuirfear an tuarascáil ar fáil don mháistir lena síniú agus le barúlacha agus tuairimí a chur léi, más ann dóibh. Beidh an síniú sin gan dochar do chearta na bPáirtithe i gcomhthéacs nósanna imeachta um shárú líomhnaithe. Má dhiúltaíonn an máistir an doiciméad a shíniú, sonróidh sé na cúiseanna atá leis sin i scríbhinn, agus scríobhfaidh an cigire ‘Diúltaíodh é a shíniú’ air. Tabharfaidh na hoifigigh iniúchta údaraithe cóip den tuarascáil iniúchta do mháistir shoitheach na Séiséal sula bhfágfaidh sé an soitheach.

Cuirfidh údaráis an Aontais nó na Fraince údaráis na Séiséal ar an eolas faoi iniúchtaí a dhéantar laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh a bheith curtha i gcrích agus faoi aon sárú a fuarthas, agus seolfaidh siad an tuarascáil iniúchta a luaithe is féidir. Más infheidhme, déanfar cóip den sárú a bheidh mar thoradh air sin a sheoladh chuig údaráis na Séiséal laistigh de 7 lá ar a mhéid tar éis don oifigeach iniúchta údaraithe filleadh ar an gcalafort.

I gcás nach gcomhlíontar na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, forchoimeádann údaráis an Aontais an ceart chun údarú iascaireachta an tsoithigh chiontaigh de chuid na Séiséal a chur ar fionraí go dtí go mbeidh na foirmiúlachtaí curtha i gcrích agus chun an pionós a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus na Fraince a chur i bhfeidhm. Cuirfear é sin in iúl d’údaráis na Séiséal.

Faireachán rannpháirteach sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN

Chun an comhrac in aghaidh iascaireacht NNN a neartú, gach soitheach a bheidh i limistéar iascaireachta Mayotte atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí amhrasta a d’fhéadfadh a bheith ina iascaireacht NNN, déanfaidh na máistrí ar shoithí na Séiséal iad a thuairisciú, agus soláthróidh siad a mhéid faisnéise agus is féidir maidir leis an méid a bhí le feiceáil. Seolfar tuarascálacha amhairc gan mhoill d’údaráis an Aontais.

Seolfaidh údaráis an Aontais nó na Fraince chuig údaráis na Séiséal aon tuarascáil amhairc a bheidh acu ar shoithí na Séiséal a bheith i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iascaireacht NNN in uiscí Mayotte.

Caibidil VIII

Forfheidhmiú

Smachtbhannaí

Mura gcomhlíontar aon cheann d’fhorálacha na gcaibidlí thuas, bainistiú agus caomhnú na mbeart maidir le hacmhainní bitheolaíocha na mara, nó reachtaíocht an Aontais agus na Fraince, beidh soithí na Séiséal faoi réir na bpionós agus na smachtbhannaí dá bhforáiltear i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus na Fraince.

Cuirfear údaráis na Séiséal ar an eolas láithreach agus go hiomlán faoi aon smachtbhanna agus faoi gach fíoras ábhartha a bhaineann leis.

I gcás ina bhforchuirtear le smachtbhanna go ndéanfar údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a chúlghairm, le linn na tréimhse bailíochta a bheidh fágtha den údarú iascaireachta arna chur ar fionraí nó arna chúlghairm, féadfaidh na Séiséil údarú iascaireachta eile a iarraidh, a bheadh infheidhme ar shlí eile, le haghaidh soitheach de chuid na Séiséal ó longúinéir eile.

Soithí iascaireachta a ghabháil agus a choinneáil

Cuirfidh údaráis an Aontais údaráis na Séiséal ar an eolas láithreach faoi aon soitheach iascaireachta de chuid na Séiséal atá ag feidhmiú faoin gComhaontú a ghabhtar nó a choinnítear agus tarchuirfidh siad cóip den tuarascáil iniúchta, ina sonrófar na himthosca agus na cúiseanna leis an ngabháil nó leis an gcoinneáil laistigh de 48 n‑uair an chloig.

Nós imeachta chun faisnéis a mhalartú i gcás gabhála nó coinneála

Agus urraim á tabhairt do sprioc-amanna agus do nósanna imeachta na n‑imeachtaí dlíthiúla dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais nó na Fraince maidir le gabháil nó coinneáil, tionólfar cruinniú comhairliúcháin, tar éis dóibh an fhaisnéis thuas a fháil, idir údaráis an Aontais agus na Séiséal.

Ag an gcruinniú, malartóidh na Páirtithe aon cháipéisíocht nó faisnéis ábhartha le chéile a chabhraíonn le soiléiriú a thabhairt ar imthosca na bhfíoras suite. Cuirfear an longúinéir nó an gníomhaire ar an eolas faoi thoradh an chruinnithe agus faoi aon bheart a eascraíonn as an ngabháil nó as an gcoinneáil.

Gabháil nó coinneáil a réiteach

Déanfar iarracht an sárú toimhdithe a réiteach go cairdiúil. Cuirfear an nós imeachta sin i gcrích tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis na gabhála nó na coinneála, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus na Fraince.

I gcás socraíocht chairdiúil, cinnfear an tsocraíocht i gcomhréir leis na nósanna imeachta da bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais agus na Fraince. Mura féidir socrú cairdiúil den sórt sin a dhéanamh, rachfar ar aghaidh leis an imeacht dlíthiúil.

Scaoilfear saor soitheach na Séiséal agus urscaoilfear a mháistir nuair a chomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an socrú cairdiúil nó nuair a chuirfear na himeachtaí dlíthiúla i gcrích.

Cuirfear údaráis na Séiséal ar an eolas maidir le haon imeacht a thionscnófar agus maidir le haon phionós a ghearrfar.

Aguisíní

1.Liosta na faisnéise is gá nuair a chuirtear isteach ar údarú iascaireachta

2.Bileog theicniúil le haghaidh shoithí na Séiséal atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Mayotte

3.Cur chun feidhme an chórais leictreonaigh chun gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú (ERS)

4.Formáid na Cumarsáide

5.Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)

Aguisín 1

Liosta na faisnéise is gá nuair a chuirtear isteach ar údarú iascaireachta

I - IARRATASÓIR

Ainm an Iarratasóra:

Ainm an úinéara:

Seoladh an úinéara:

Ainm na hEagraíochta Táirgeoirí (PO)

Ainm agus seoladh ghníomhaire an longúinéara:

Uimhir theileafóin ghníomhaire an longúinéara:

 Ríomhphost ghníomhaire an longúinéara:

Ainm an Mháistir:

Náisiúntacht an Mháistir:

Ríomhphost an Mháistir:

II - SONRAÍ AITHEANTAIS AN tSOITHIGH

1.    Ainm an tSoithigh:

2.    Stát Brataí:

Calafort clárúcháin:

   IRCS:

MMSI:

Uimh. IMO:

Uimh. IOTC:

3.    Dáta clárúcháin na brataí reatha (LL/MM/BBBB):

An Bhratach Roimhe seo (más infheidhme):

4.    An áit ar tógadh an soitheach:

Dáta tógála (LL/MM/BBBB):

5.    Minicíocht Glao Raidió (HF, VHF)

Uimh. Ghutháin Satailíte an tSoithigh:

III - MIONSONRAÍ TEICNIÚLA AN tSOITHIGH

1.    LOA (mts): ....................................

       OT: …………………….……….……

   2.    Ábhar Cabhlaigh    Cruach    Adhmad    Poileistear    Eile

3.    Cineál Innill

   Cumhacht Innill (in kW):

   Monaróir an Innill:

4.    Uaslíon Ball den Chriú:

5.    Modh caomhnúcháin ar bord:    Oighear    Cuisniú        Measctha        Reoite

6.    Cumas próiseála in aghaidh an lae (24u) i dTonaí:

An Líon Bolg Éisc:

Toilleadh iomlán na mBolg Éisc (m3):

7.    Cineál Soithigh: Soitheach Tacaíochta Peas-saighne (*)

8.    Monaróir VMS:

   Múnla VMS:

   Sraithuimhir VMS:

   Leagan Bhogearraí VMS:

   Oibreoir Shatailít VMS (MCSP):

IV - GNÍOMHAÍOCHT IASCAIREACHTA

1.    Trealamh iascaireachta údaraithe:

2.    Spriocspeiceas: ______________________________________________________________________________________

3.    Tréimhse údaraithe iascaireachta a iarrtar ó (LL/MM/BBBB):

   Dáta:

   Ainm/Síniú an iarratasóra:                    



Foscríbhinn 2

Bileog theicniúil le haghaidh shoithí na Séiséal atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta Mayotte

Limistéar iascaireachta:

Níos faide ná 24 mhuirmhíle ón mbonnlíne

Catagóirí údaraithe:

Soithí peas-saighne tuinníní: 8

Soithí tacaíochta: i gcomhréir le ceanglais IOTC

Táillí agus tonnáiste:

Praghas in aghaidh an tona

EUR 135

Réamhtháille bhliantúil

EUR 13 500, a chomhfhreagraíonn do 100 tona

Táille in aghaidh gach tona breise a ghabhtar

EUR 135

Táille údaraithe na soithí tacaíochta

EUR 5 000 an soitheach in aghaidh na bliana

Ranníocaíocht chun an comhshaol a bhainistiú agus breathnóireacht a dhéanamh ar éiceachórais mhuirí

EUR 2,25 an OT in aghaidh na bliana

Foscríbhinn 3

Cur chun feidhme an chórais leictreonaigh chun gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú (ERS) 

Forálacha ginearálta

Ní mór do shoithí uile na Séiséal a bheith feistithe le córas leictreonach, dá ngairtear ‘córas ERS’ anseo feasta, córas lenar féidir sonraí a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a thaifeadadh agus a tharchur, dá ngairtear ‘sonraí ERS’ anseo feasta, nuair a bhíonn an soitheach ag oibriú sa limistéar iascaireachta dá dtagraítear i gCaibidil I, pointe 2 den Iarscríbhinn.

Soitheach iascaireachta de chuid na Séiséal nach bhfuil feistithe le córas ERS, nó nach bhfuil an córas ERS atá suiteáilte ar bord ann ag feidhmiú, ní cheadófar dó dul isteach i limistéar iascaireachta an Aontais chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh.

Déanfar sonraí ERS a tharchur i gcomhréir leis na treoirlínte reatha chuig FMC na Séiséal, rud a áiritheoidh go ndéanfar iad a tharchur go huathoibríoch chuig FMC na Fraince.

Cumarsáid ERS

Ainmneoidh údaráis an Aontais agus na Séiséal comhfhreagraí ERS a fheidhmeoidh mar phointe teagmhála le haghaidh ábhair a bhaineann le cur chun feidhme na bhforálacha seo. Tabharfaidh údaráis an Aontais agus na Séiséal fógra dá chéile faoi shonraí teagmhála a gcomhfhreagraithe ERS agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta gan mhoill.

Déanfaidh soithí na Séiséal sonraí ERS a tharchur chuig na Séiséil, rud a fhágfaidh go mbeidh siad ar fáil go huathoibríoch don Aontas.

Is i bhformáid NA/CEFACT a bheidh na sonraí agus tarchuirfear iad trí Fisheries Language for Universal eXchange (FLUX).

Mar sin féin, féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le hidirthréimhse, ar lena linn a tharchuirfear na sonraí tríd an Mórbhealach Malartaithe Sonraí (DEH) i bhformáid EU-ERS (v 3.1).

Déanfaidh FMC na Séiséal teachtaireachtaí meandracha a tharchur ó shoitheach na Séiséal (CE, COX, PNO) go huathoibríocht agus gan mhoill chuig FMC na Fraince.

Déanfar cineálacha eile teachtaireachtaí a tharchur go huathoibríoch uair amháin sa lá ón dáta éifeachta a thosaítear ag úsáid fhormáid NA/CEFACT nó, go dtí go ndéanfar sin, cuirfear ar fáil iad, arna iarraidh sin, gan mhoill do FMC na Fraince agus do FMC na Séiséal freisin.

Amhail ó chur chun feidhme éifeachtach na formáide nua, ní bhainfidh an modh seachadta sin ach le hiarrataí sonracha ar shonraí stairiúla.

Deimhneoidh FMC na Fraince go bhfuair sé sonraí meandracha ERS a cuireadh chuige, trí theachtaireacht a sheoladh ar ais lena n‑admhaítear go bhfuarthas iad agus lena ndeimhnítear bailíocht na teachtaireachta a fuarthas. Ní sholáthrófar admháil le haghaidh sonraí a gheobhaidh an tAontas mar fhreagra ar a n‑iarraidh. Láimhseálfaidh an tAontas sonraí ERS go rúnda.

Cliseadh sa chóras tarchurtha leictreonaigh

Cuirfidh FMCanna na Séiséal agus na Fraince a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon teagmhas ar dóigh dó difear a dhéanamh do tharchur shonraí ERS ar shoitheach amháin de chuid na Séiséal nó níos mó agus cuirfear údaráis an Aontais ar an eolas dá réir sin.

Más rud é nach bhfaigheann FMC na Fraince na sonraí atá le tarchur ag soitheach de chuid na Séiséal fad atá sé in uiscí Mayotte, cuirfidh sé é sin in iúl do FMC na Séiséal gan mhoill. Déanfaidh FMC na Séiséal imscrúdú go pras ar na cúiseanna nach bhfuarthas sonraí ERS agus cuirfidh sé FMC na Fraince ar an eolas faoi thoradh na n‑imscrúduithe sin.

I gcás ina tharlaíonn cliseadh sa tarchur idir soitheach na Séiséal agus FMC na Séiséal, cuirfidh FMC na Séiséal é sin in iúl gan mhoill do mháistir nó d’oibreoir shoitheach na Séiséal. Tar éis an fógra sin a fháil, déanfaidh an máistir ar shoitheach na Séiséal na sonraí atá ar iarraidh a tharchur chuig údaráis inniúla na Séiséal trí aon mhodh teileachumarsáide iomchuí gach lá, tráth nach déanaí ná 23:59.

I gcás ina gclisfidh ar an gcóras tarchurtha leictreonaigh atá suiteáilte ar bord shoitheach iascaireachta na Séiséal áiritheoidh máistir nó oibreoir an tsoithigh go ndéanfar an ERS a dheisiú nó a athsholáthar laistigh de 10 lá tar éis an cliseadh a bhrath. Nuair a bheidh an sprioc-am sin caite, ní bheidh soitheach na Séiséal údaraithe a thuilleadh chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mayotte agus fágfaidh sé calafort Mayotte nó rachaidh sé isteach chuig an gcalafort laistigh de 24 uair an chloig. Ní cheadófar do shoitheach na Séiséal an calafort sin a fhágáil ná filleadh ar limistéar iascaireachta Mayotte go dtí go mbeidh sé deimhnithe ag FMC na Séiséal go bhfuil an córas ERS ag feidhmiú i gceart arís.

(a)Má theipeann ar údaráis na Fraince sonraí ERS a fháil mar gheall ar chliseadh na gcóras leictreonach faoi mhaoirseacht údaráis na Fraince nó na Séiséal, déanfaidh an Páirtí i gceist beart pras chun an fhadhb a réiteach go mear. Tabharfar fógra don Pháirtí eile nuair a bheidh an fhadhb réitithe.

(b)Gach 24 uair an chloig, seolfaidh FMC na Séiséal sonraí uile ERS a fuair sé ón tarchur deireanach chuig FMC na Fraince, agus úsáid á baint as aon mhodh cumarsáide leictreonach atá ar fáil. Féadfar an nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm arna iarraidh sin ag FMC na Fraince i gcás oibríochtaí cothabhála a mhairfidh níos mó ná 24 uair an chloig agus a dhéanfaidh difear do na córais faoi mhaoirseacht údaráis na Séiséal. I gcás den sórt sin ní mheasfar gur sháraigh soithí na Séiséal a noibleagáid a gcuid sonraí ERS a tharchur. Áiritheoidh FMC na Séiséal go ndéanfar na sonraí atá ar iarraidh a iontráil sa bhunachar sonraí leictreonach a choimeádann sé, dá dtagraítear i gCaibidil IV, Roinn 2(6).

Modhanna cumarsáide eile

Úsáidfear seoltaí ríomhphoist FMC na Fraince ( cnsp-france@developpement-durable.gouv.fr agus appd.dpma@agriculture.gouv.fr) i gcás cliste i gcumarsáid ERS/VMS agus le haghaidh na nithe seo a leanas:

- fógraí maidir le dul isteach/imeacht agus gabhálacha ar bord ag dul isteach agus ag imeacht dóibh;

- fógraí maidir le trasloingsiú agus maidir le gabhálacha a thrasloingsítear agus a choinnítear ar bord;

- ionadaíocht a dhéanamh go sealadach ar chumarsáid ERS agus VMS i gcás cliseadh.

Aguisín 4

Formáid na Cumarsáide

Tuarascáil ar Dhul Isteach (COE) 1  

Ábhar

Tarchur

Ceann scríbe

FRA

Cód gnímh

COE

Ainm an tSoithigh

IRCS

Suíomh an dul isteach

LT/LG

Dáta agus Am (AUL) an dul isteach

LL/MM/BBBB – UU:NN

Cainníocht (Mt) na n‑iasc ar bord in aghaidh an speicis:

Tuinnín buí (YFT)

(Mt)

Tuinnín Mórshúileach (BET)

(Mt)

Boiníotó Aigéanach (SKJ)

(Mt)

Eile (Sonraigh)

(Mt)

Tuarascáil ar Fhágáil (COX) 2

Ábhar

Tarchur

Ceann scríbe

FRA

Cód gnímh

COX

Ainm an tSoithigh

IRCS

Staid imeachta

LT/LG

Dáta agus Am (AUL) na fágála

LL/MM/BBBB – UU:NN

Cainníocht (Mt) na n‑iasc ar bord in aghaidh an speicis:

Tuinnín buí (YFT)

(Mt)

Tuinnín Mórshúileach (BET)

(Mt)

Boiníotó Aigéanach (SKJ)

(Mt)

Eile (Sonraigh)

(Mt)

Fógra Roimh Ré (PNO) 3

Ábhar

Tarchur

Ceann scríbe

FRA

Cód gnímh

PNO

Ainm an tSoithigh

IRCS

Cód an chalafoirt

Dáta agus Am (AUL) an ama bheartaithe

LL/MM/BBBB – UU:NN

Cainníocht (Mt) na n‑iasc ar bord in aghaidh an speicis:

Tuinnín buí (YFT)

(Mt)

Tuinnín Mórshúileach (BET)

(Mt)

Boiníotó Aigéanach (SKJ)

(Mt)

Eile (Sonraigh)

(Mt)

Tuarascáil Laethúil ar Ghníomhaíochtaí Iascaireachta (FAR) nuair atáthar laistigh de Limistéar Iascaireachta an Aontais 4

Ábhar

Tarchur

Ceann scríbe

FRA

Cód gnímh

FAR

Ainm an tSoithigh

IRCS

Dáta agus Am (AUL) na tuarascála

LL/MM/BBBB – UU:NN

Cainníocht (Mt) na n‑iasc ar bord in aghaidh an speicis:

Tuinnín buí (YFT)

(Mt)

Tuinnín Mórshúileach (BET)

(Mt)

Boiníotó Aigéanach (SKJ)

(Mt)

Eile (Sonraigh)

(Mt)

An líon tacar a rinneadh ón tuarascáil dheireanach

Ba cheart na tuarascálacha uile a tharchur chuig an údarás inniúil trí na seoltaí ríomhphoist seo a leanas:     cnsp-france@developpement-durable.gouv.fr

   appd.dpma@agriculture.gouv.fr



Aguisín 5

Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)

Teachtaireachtaí maidir le suíomh an tsoithigh

Is leis an gcód ‘ENT’ a shainaithneofar céadsuíomh shoitheach iascaireachta na Séiséal a thaifeadtar tar éis dó dul isteach i limistéar iascaireachta Mayotte. Sainaithneofar gach suíomh ina dhiaidh sin leis an gcód ‘POS’, cé is moite den chéadsuíomh a thaifeadtar tar éis limistéar iascaireachta Mayotte a fhágáil, suíomh a shainaithneofar leis an gcód ‘EXI’.

Áiritheoidh FMC na Séiséal go ndéanfar na teachtaireachtaí maidir le suíomh shoithí na Séiséal a phróiseáil go huathoibríoch agus, más gá, go ndéanfar iad a tharchur go leictreonach. Is ar bhealach slán a thaifeadfar na teachtaireachtaí maidir le suíomh shoithí na Séiséal agus coimeádfaidh FMC na Séiséal iad ar feadh tréimhse 3 bliana.

Tarchur a dhéanann soitheach iascaireachta na Séiséal i gcás cliseadh sa Ghléas Rianaithe Soithí (VTD)

 

Déanfaidh an máistir ar shoitheach iascaireachta na Séiséal a áirithiú i gcónaí go bhfuil VTD a shoithigh ag oibriú go hiomlán agus go ndéanfar na teachtaireachtaí maidir le suíomh a tharchur i gceart chuig FMC na Séiséal.

I gcás cliseadh, déanfar VTD shoitheach iascaireachta na Séiséal a dheisiú nó a athsholáthar laistigh de 30 lá. Mura ndéanfar VTD a dheisiú nó a athsholáthar laistigh de 30 lá, ní bheidh soitheach iascaireachta na Séiséal údaraithe a thuilleadh chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mayotte.

Soithí na Séiséal atá i mbun iascaireachta i limistéar iascaireachta Mayotte agus a bhfuil VTD lochtach acu, déanfaidh siad a dteachtaireachtaí maidir le suíomh a sheoladh trí mhodhanna leictreonacha chuig FMC na Séiséal ar a laghad gach 4 uair an chloig, agus soláthróidh siad an fhaisnéis éigeantach uile, lena n‑áirítear suíomhanna in aghaidh na huaire.

Teachtaireachtaí VMS a sheoladh chuig an Aontas

Is leis an gcód ‘ER’ arna leanúint le slais dhúbailte (//) a léirítear deireadh na teachtaireachta.

Sonraí

Cód

Éigeantach/

roghnach

Ábhar

Tús an taifeadta

SR

É

Sonraí córais lena n‑áirítear tús an taifeadta

Seolaí

AD

É

Mionsonraí teachtaireachta - Cód tíre alfa-3 an tseolaí (ISO-3166)

Bailí ón

FR

É

Mionsonraí teachtaireachta - Cód tíre alfa-3 an tseoltóra (ISO-3166)

Stát Brataí

FS

É

Mionsonraí teachtaireachta - Cód alfa-3 an Bhallstáit brataí (ISO-3166)

Cineál teachtaireachta

TM

É

Sonraí Teachtaireachta - Cineál teachtaireachta (ENT, POS, EXI,

MAN)

Glao-chomhartha raidió (IRCS)

RC

É

Mionsonraí an tsoithigh - glao-chomhartha idirnáisiúnta raidió an tsoithigh (IRCS)

Uimhir thagartha inmheánach an pháirtí chonarthaigh

IR

É

Sonraí an tsoithigh - Uimhir uathúil an pháirtí chonarthaigh Cód Alfa-3 (ISO-3166) agus uimhir ina dhiaidh sin

Cláruimhir

sheachtrach

uimhir

XR

É

Mionsonraí an tsoithigh - Uimhir ar thaobh an tsoithigh (ISO 8859.1)

Domhanleithead

LT

É

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh - Suíomh i gcéimeanna agus i gcéimeanna deachúlacha N / S DD.ddd (WGS84)

Domhanfhad

LG

É

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh - Suíomh i gcéimeanna agus i gcéimeanna deachúlacha E/W DD.ddd (WGS84)

Cúrsa

CO

É

Scála 360 ° chúrsa an tsoithigh

Luas

SP

É

Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte

Dáta

DA

É

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh - Dáta taifeadta shuíomh AUL (BBBBMMLL)

An t‑am

TI

É

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh - Am taifeadta shuíomh AUL (UUMM)

Deireadh an taifeadta

ER

É

Mionsonraí córais lena léirítear deireadh an taifeadta

I bhformáid NAF, déanfar gach tarchur sonraí a struchtúrú mar seo a leanas:

Leis na carachtair a úsáidtear, comhlíonfar ISO 8859.1. Is le slais dhúbailte (//) agus leis na carachtair ‘SR’ a léirítear tús na teachtaireachta.

Déanfar gach eilimint sonraí a shainaithint lena cód agus deighlfear ó na heilimintí sonraí eile í le slais dhúbailte (//).

Déanfar an cód allamuigh agus na sonraí a dheighilt le slais shingil (/).

(1)    Arna seoladh 6 uair an chloig roimh dul isteach i Limistéar Iascaireachta an Aontais.
(2)    Arna seoladh 6 uair an chloig roimh Limistéar Iascaireachta an Aontais a fhágáil.
(3)    Arna seoladh sula sroichtear an calafort.
(4)    Arna seoladh gach 3 lá tar éis dul isteach i Limistéar Iascaireachta an Aontais.
Top