AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.10.2022
COM(2022) 503 final
2022/0304(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachaisnó atá bainteach leis (códú)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.
Ní féidir an aidhm seo a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.
Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.
2.Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.
3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.
Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.
Ós rud é nach ceadmhach aon athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí ar a mbeidh tionchar ag an gcódú, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfaí nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códúcháin a ghlacadh go mear.
4.Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis. Glacfaidh an Rialachán nua ionad an dá ghníomh a chuimsítear ann; ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile agus gan ach na leasuithe foirmiúla sin amháin a dhéanamh a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin.
5.Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh-chomhdhlúthú, in 24 theanga oifigiúla, ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán códaithe.
🡻 1215/2009 (oiriúnaithe)
2022/0304 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachaisnó atá bainteach leis (códú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal ⌦ 207(2) ⌫ de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
🡻
(1)Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.
🡻 2020/2172 Aithris 2 (oiriúnaithe)
(2)Tá Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha i gcrích leis na ⌦ rannpáirtithe uile sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais ⌫.
🡻 1215/2009 Aithris 3 (oiriúnaithe)
(3)Táthar ag súil go gcuirfidh oscailt mhargadh an ⌦ Aontais ⌫ d’allmhairí ó thíortha na mBalcán Thiar le próiseas an chobhsaithe pholaitiúil agus eacnamaíoch sa réigiún gan éifeachtaí diúltacha a chruthú don ⌦ Aontais ⌫.
🡻 2020/2172 Aithris 5 (oiriúnaithe)
(4)Is tacaíocht luachmhar ⌦ atá ann ⌫ do gheilleagair chomhpháirtithe na mBalcán Thiar an córas maidir le bearta trádála uathrialacha ⌦ a bunaíodh i dtosach le Rialachán (EC) Uimh. 2007/2000 ón gComhairle ⌫.
🡻 1215/2009 Aithris 5 (oiriúnaithe)
(5)Is mar chuid de phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais na bearta sin mar fhreagairt ar an staid shonrach sna Balcáin Thiar. ⌦ Níor cheart ⌫ iad a bheith ina fasach i mbeartas trádála an ⌦ Aontais ⌫ le tríú tíortha eile.
🡻 1215/2009 Aithris 6 (oiriúnaithe)
(6)I gcomhréir le próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, bunaithe ar an gCur Chuige Réigiúnach a bhí ann roimhe seo agus ar na Conclúidí ón gComhairle an 29 Aibreán 1997, tá forbairt an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an tAontas Eorpach agus tíortha na mBalcán Thiar faoi réir coinníollacha áirithe. Tá baint ag deonú fabhar trádála uathrialach le hurraim do phrionsabail bhunúsacha an daonlathais agus chearta an duine agus le hullmhacht na dtíortha i dtrácht caidreamh eacnamaíoch a fhorbairt eatarthu féin. Maidir le deonú fabhar trádála uathrialach feabhsaithe i bhfabhar tíortha atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, ba cheart é a bheith nasctha lena n-ullmhacht chun páirt a ghlacadh in athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha agus i gcomhar réigiúnach, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le caighdeáin ábhartha CGTT/EDT. Ina theannta sin, beidh na ⌦ páirtithe is tairbhí ⌫ i dteideal tairbhe a bhaint as fabhair thrádála uathrialacha ar choinníoll go mbeidh siad páirteach i gcomhar éifeachtach riaracháin leis an ⌦ Aontas ⌫ chun aon riosca calaoise a chosc.
🡻 1215/2009 Aithris 7
(7)Ní féidir fabhair thrádála a dheonú ach do thíortha nó do chríocha a bhfuil riarachán custaim acu.
🡻 1215/2009 Aithris 9 (oiriúnaithe)
(8)Ba cheart a chur san áireamh sna bearta trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo gur críoch chustaim ar leithligh iad an tSeirbia agus an ⌦ Chosaiv() ⌫.
🡻 1215/2009 Aithris 12
(9)Chun críocha deimhniú ar an tionscnamh agus nósanna imeachta comhoibrithe riaracháin, ba cheart na forálacha ábhartha de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm.
🡻 1336/2011 Aithris 9 (oiriúnaithe)
(10)Chun na forálacha is gá a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na leasuithe is gá agus leis na coigeartuithe teicniúla is gá ar Iarscríbhinn I tar éis leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna ⌦ Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh ⌫ (TARIC), mar aon leis na coigeartuithe is gá tar éis fabhair thrádála a dheonú faoi shocruithe eile idir an tAontas agus na tíortha agus na críocha dá dtagraítear sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe ⌦ , agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 ⌫. ⌦ Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ⌫ gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ⌦ na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe ⌫.
🡻 1336/2011 Aithris 10
(11)Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca leis an teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe fabhracha a chur ar fionraí i gcás neamhchomhlíonta, i dtaca le deimhnithe barántúlachta a eisiúint lena bhfianaítear go bhfuil na hearraí de thionscnamh na tíre nó na críche lena mbaineann agus go gcomhfhreagraíonn siad don sainmhíniú atá sa Rialachán seo, agus i dtaca leis na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach, bíodh sin go hiomlán nó go páirteach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
🡻 1215/2009 Aithris 15 (oiriúnaithe)
(12)Is iomchuí ⌦ tréimhse feidhme an Rialacháin seo ⌫ a theorannú go dtí an 31 Nollaig ⌦ 2025 ⌫,
🡻 1215/2009
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
🡻 2020/2172 Airt. 1.1 (oiriúnaithe)
Airteagal 1
Socruithe fabhracha
1. Beidh cead táirgí de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive, Mhontainéagró, na Macadóine Thuaidh, agus na Seirbia (na “páirtithe is tairbhithe”), táirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte, a allmhairiú isteach san Aontas gan srianta cainníochtúla ná bearta comhéifeachta, agus iad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim agus muirir chomhéifeachta.
2. Leanfaidh táirgí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe de thairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo i gcás ina dtabharfar sin le fios ⌦ sna forálacha sin ⌫. Ina theannta sin, bainfidh táirgí den sórt sin tairbhe as aon lamháltas dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar lamháltas é atá níos fabhraí ná an lamháltas dá bhforáiltear faoi chomhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe sin.
Airteagal 2
Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhracha
1. Beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha a ⌦ dá dtagraítear in ⌫ Airteagal 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” dá bhforáiltear i dTeideal II, Caibidil 1, Roinn 2, Foranna 4 agus 5, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus i dTeideal II, Caibidil 2, Roinn 2, Foranna 10 agus 11, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a chomhlíonadh;
(b)staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó dhleachtanna comhéifeachta nua agus muirir chomhéifeachta nua agus ó shrianta cainníochtúla nó bearta comhéifeachta nua i leith allmhairí de thionscnamh an Aontais a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar leibhéal na ndleachtanna nó na muirear atá ann cheana nó ó aon srian eile a thabhairt isteach;
(c)rannpháirtíocht na bpáirtithe is tairbhithe i gcomhoibriú riaracháin éifeachtach leis an Aontas chun aon riosca calaoise a sheachaint;
(d)staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó bheith ag déanamh sáruithe tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear bunchearta saothair, ar phrionsabail bhunúsacha an daonlathais agus ar an smacht reachta.
2. Gan dochar do na coinníollacha ⌦ a leagtar síos ⌫ i mír 1 den Airteagal seo, beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1 faoi réir a mhéid a bheidh na páirtithe is tairbhithe ullamh dul i mbun athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha agus i gcomhar réigiúnach le tíortha eile atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le hAirteagal XXIV de CGTT 1994 agus le forálacha ábhartha eile EDT.
I gcás neamhchomhlíonadh na chéad fhomhíre, féadfaidh an Chomhairle na bearta iomchuí a ghlacadh le vótáil trí thromlach cáilithe, ar bhonn togra ón gCoimisiún.
3. I gcás neamhchomhlíonadh mhír 1, pointí (a), (b) nó (c), nó mhír 2, den Airteagal seo ag páirtí is tairbhí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3).
🡻 1215/2009
Article 3
Táirgí talmhaíochta – taraif-chuótaí
🡻 2020/2172 Airt. 1.2(a)
1. Le haghaidh táirgí áirithe fíona, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe, cuirfear na dleachtanna custaim is infheidhme maidir le hallmhairí isteach san Aontas ar fionraí le linn na dtréimhsí, ar na leibhéil, laistigh de theorainneacha tharaif-chuóta an Aontais agus faoi na coinníollacha a léirítear i ndáil le gach táirge agus tionscnamh a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
🡻 1336/2011 Airt. 1.3(c)
2. D’ainneoin forálacha eile de chuid an Rialacháin seo, agus go háirithe Airteagal 10, i bhfianaise íogaireacht ar leith na margaí talmhaíochta agus iascaigh, i gcás ina bhfuil allmhairí táirgí talmhaíochta agus allmhairí táirgí iascaigh ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach do mhargaí an Aontais agus dá sásraí rialála, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta iomchuí a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3).
🡻 1215/2009
Article 4
Riar cuótaí taraife
🡻 2020/2172 Airt. 1.4
Déanfaidh an Coimisiún na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a riar i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 1, Roinn 1, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.
🡻 1215/2009
Is trí nasc teileamaitice a dhéanfar cumarsáid chun na críche sin idir na Ballstáit agus an Coimisiún, a mhéid is féidir.
Airteagal 5
Rochtain ar tharaif-chuótaí
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain chothrom gan bhriseadh ag allmhaireoirí ar na taraif-chuótaí fad a cheadóidh iarmhéid mhéid an chuóta ábhartha é.
🡻 1336/2011 Airt. 1.5 (oiriúnaithe)
Airteagal 6
Cumhachtaí a ⌦ tharmligean ⌫
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)na leasuithe is gá agus na coigeartuithe teicniúla is gá ar Iarscríbhinn I tar éis leasuithe a dhéanamh ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna ⌦ Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh ⌫ (TARIC);
🡻 2020/2172 Airt. 1.5
(b)na coigeartuithe is gá tar éis fabhair thrádála a dheonú faoi shocruithe eile idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe;
(c)an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcás nach gcomhlíonfaidh an páirtí is tairbhí sin Airteagal 2(1), pointe (d).
🡻 1336/2011 Airt. 1.6
Airteagal 7
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
🡻 1202/2013 Airt. 1.1 (oiriúnaithe)
2. Tabharfar an chumacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 ar feadh tréimhse cúig bliana ón 3 Nollaig 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfar Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonraítear ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
⌦ 4. Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. ⌫
🡻 1336/2011 Airt. 1.6
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
🡻 1336/2011 Airt. 1.7
Airteagal 8
An nós imeachta coiste
1. Chun críocha Airteagal 2 agus Airteagal 10, déanfaidh Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. Chun críocha Airteagal 3(2), déanfaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
🡻 1215/2009 (oiriúnaithe)
Airteagal 9
Comhar
Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dlúth lena áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, agus go háirithe na forálacha a leagtar ⌦ síos ⌫ in Airteagal 10(1).
Airteagal 10
Fionraí sealadach
🡻 2020/2172 Airt. 1.7 (oiriúnaithe)
1. I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann go ndearnadh calaois nó gur mainníodh comhar riaracháin a sholáthar faoi mar a cheanglaítear chun an cruthúnas ar thionscnamh a fhíorú, nó go bhfuil méadú ollmhór ar onnmhairí isteach san Aontas thar an ngnáthleibhéal táirgthe agus thar an ngnáth-acmhainn onnmhairiúcháin, nó gur mhainnigh na páirtithe is tairbhithe Airteagal 2(1), pointí (a), (b) nó (c), ⌦ a chomhlíonadh ⌫, féadfaidh sé bearta a dhéanamh chun na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ar feadh tréimhse 3 mhí, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta i dtosach báire aige:
(a)Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar a chur ar an eolas;
(b)iarraidh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint nó chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe is tairbhithe Airteagal 2(1);
(c)fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcuirfear in iúl go bhfuil forais le hamhras réasúnach a bheith ann maidir leis na socruithe fabhracha a bheith curtha i bhfeidhm nó le comhlíontacht an pháirtí is tairbhí lena mbaineann le hAirteagal 2(1), ar forais iad a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an gceart atá ag an bpáirtí is tairbhí leanúint de leas a bhaint as na tairbhí a dheonaítear leis an Rialachán seo.
Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3).
🡻 1336/2011 Airt. 1.8(c)
2. Ar thréimhse na fionraí a bheith críochnaithe, cinnfidh an Coimisiún i dtaobh cibé an ndéanfar an beart sealadach fionraí a fhoirceannadh nó an ndéanfar an beart fionraí a fhadú i gcomhréir le mír 1.
🡻 1215/2009 (oiriúnaithe)
Airteagal 11
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. ⌦ 1215/2009 ⌫.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an ⌦ bhfichiú ⌫ lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
🡻 2020/2172 Airt. 1.8
Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2025.
🡻 1215/2009
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán