AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.10.2022
COM(2022) 502 final
2022/0307(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta, lena n‑áirítear an tríú tráthchuid le haghaidh 2022
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Baineann an togra le dréacht‑Chinneadh ón gComhairle maidir leis an tríú tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (‘CEF’) in 2022.
Bainistítear an 11ú CEF agus cistí eile CEF atá fós oscailte (is é sin an Naoú agus an 10ú CEF) faoin tacar rialacha seo a leanas:
(a)an Comhaontú Comhpháirtíochta atá ann faoi láthair idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (‘ACC’) de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (an ‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’) arna leasú go deireanach;
(b)an Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);
(c)Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’).
(d)Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 21 Meitheamh 2022 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Meitheamh 2023, nó go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm, nó go ndéanfar an Comhaontú nua a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce;
(e)Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta;
Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle maidir le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe in CEF chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do Chisteán CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta a bheidh le déanamh ag na páirtithe in CEF le cisteán CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinntithe. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, agus cuirtear san áireamh sna Cinntí sin cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh cheana.
Dá bhrí sin, níl roinnt ceannteideal sa mheabhrán míniúcháin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta amhail an ceann seo.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán Airgeadais an 11ú CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a chur i láthair.
2022/0307 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta, lena n‑áirítear an tríú tráthchuid le haghaidh 2022
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, agus go háirithe Airteagal 19(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22, agus go háirithe Airteagal 19(5), de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún Eorpach le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2022 lena sonrófar méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2022.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.
(3)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) a bhí ann roimhe sin. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.
(4)De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an comhaontú um tharraingt siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an ‘Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí sa Chiste Eorpach Forbraíochta go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin le hathúsáid.
(5)Le Cinneadh (AE) 2021/1941 ón gComhairle, socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2022 ag EUR 2 500 000 000 le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Íocfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, i leith an tríú tráthchuid le haghaidh 2022, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,