Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0473

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh

    COM/2022/473 final

    An Bhruiséil,14.9.2022

    COM(2022) 473 final

    2022/0289(NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Bhain praghsanna gáis agus leictreachais na leibhéil is airde riamh amach in 2022 agus chonacthas na praghsanna is airde riamh tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin. Le bliain anuas, tá praghsanna leictreachais san Eoraip ag ardú go tapa go leibhéal i bhfad níos airde ná mar a bhí le blianta beaga anuas. Tá an dinimic sin nasctha go dlúth leis an bpraghas ard atá ar ghás, rud a mhéadaíonn praghas an leictreachais a tháirgtear ó ghléasraí cumhachta gásadhainte, gléasraí a mbíonn gá leo go minic chun an t‑éileamh a shásamh. Thosaigh praghsanna ag ardú go tapa an samhradh seo caite nuair a d’fheabhsaigh an geilleagar domhanda tar éis maolú a theacht ar shrianta COVID-19. Ina dhiaidh sin, rinne ionradh na Rúise ar an Úcráin an staid sin níos measa.

    Meastar go bhfanfaidh praghsanna fuinnimh ard mar gheall ar éiginnteacht sa mhargadh tar éis sraith suaití an soláthair gáis nach féidir a mhíniú ach amháin mar iarracht d’aon ghnó ag an Rúis fuinneamh a úsáid mar arm polaitiúil. D’fhéadfadh suaitheadh breise an tsoláthair gáis ón Rúis chuig an Aontas sna seachtainí nó sna míonna amach romhainn a bheith ina chúis le leibhéil praghsanna gáis a bheadh níos airde fós, rud a d’fhéadfadh torthaí iarmhartacha a bheith i gceist leis maidir le praghas an leictreachais, leibhéal an bhoilscithe agus a thionchar ar shaoránaigh chomh maith le cobhsaíocht fhoriomlán airgeadais agus mhaicreacnamaíoch an Aontais.

    Is mór is eol don Choimisiún an tionchar atá ag an éiginnteacht maidir leis an soláthar gáis ar an margadh leictreachais. Tá méadú tagtha ar phraghsanna leictreachais sna Ballstáit ar fud na hEorpa mar gheall ar phraghsanna gáis atá ag dul in airde, rud a fhágann nach é an ghual an breosla lena socraítear praghsanna imeallacha a thuilleadh ach gás. An tráth céanna, bhí fáil ar ghiniúint leictreachais san Aontas faoi bhun na ngnáthleibhéal le roinnt míonna anuas mar gheall ar mhéadú ar oibreacha cothabhála na ngléasraí cumhachta, ar aschur níos ísle ó ghiniúint hidreachumhachta agus ar dhúnadh roinnt gléasraí cumhachta a bhí níos sine.

    San am céanna, de bharr teochtaí a bhí níos airde ná riamh cheana an samhradh seo ardaíodh an t‑éileamh ar fhuarú agus cuireadh leis an mbrú maidir le giniúint leictreachais. Dá bhrí sin, chuir na dálaí adhaimsire le ganntanas fuinnimh agus le praghsanna arda fuinnimh, rud a chuir ualach ar thomhaltóirí agus ar thionscal agus a mhaolaíonn an téarnamh eacnamaíoch. Tá an brú breise maidir le soláthar ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí bia ag cur leis na brúnna boilscitheacha domhanda, rud a laghdaíonn cumhacht ceannaigh na dteaghlach agus an gheilleagair ina iomláine.

    Mar gheall ar an méadú mór atá ag teacht ar phraghsanna leictreachais tá brú á chur ar theaghlaigh, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar an tionscal agus tá riosca ann go ndéanfar dochar sóisialta agus eacnamaíoch níos leithne dá bharr. Is iad na custaiméirí leochaileacha agus na daoine atá fuinneamhbhocht is mó a buaileadh, mar ab amhlaidh an cás an geimhreadh seo caite ach tá na praghsanna arda ag dul i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí meánioncaim. Tá an riosca ann nach mbeidh siad in ann a mbillí fuinnimh a íoc agus tá orthu rogha a dhéanamh idir íoc as fuinneamh agus íoc as earraí riachtanacha eile nó, i gcás gnólachtaí, is iad a n‑inmharthanacht airgeadais agus a bpleananna infheistíochta atá idir chamáin.

    Éilíonn an comhthéacs eacnamaíoch sin freagairt thapa chomhordaithe ar fud an Aontais chun na deacrachtaí is cúis le praghsanna arda do thomhaltóirí a mhaolú agus, ní hamháin do theaghlaigh agus do ghnólachtaí atá fuinneamhbhocht agus leochaileach, ach do theaghlaigh agus do ghnólachtaí meánioncaim freisin. Méadaíodh praghsanna miondíola leictreachais faoi leath ar an meán bliain ar bhliain ó mhí Iúil 2021 agus tá coinne leis go leanfaidh na praghsanna urghnácha de bheith ag méadú agus an chéad séasúr téimh eile le teacht, rud a chuirfidh bac de réir a chéile ar fhormhór na gconarthaí le haghaidh tomhaltóirí. Ní mór freagairt an Aontais a chomhordú ar bhealach cúramach iomlánaíoch. Tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh an leictreachas de bheith ag sreabhadh go héifeachtúil ar fud na hEorpa ionas gur féidir leis na Ballstáit barrachas leictreachais a onnmhairiú chuig na daoine is mó a bhfuil gá acu leis. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar ról an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh maidir le tionchar na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú. Léiríodh i measúnú ACER ar Dhearadh Mhargadh Mórdhíola Leictreachais an Aontais 1 go raibh trádáil trasteorann ina cúis le EUR 34 bhilliún de shochair do thomhaltóirí in 2021 agus, an tráth céanna, gur chuidigh sí le luaineacht praghsanna a dhéanamh níos réidhe, agus cuireann sí le slándáil an tsoláthair agus athléimneacht gach Ballstáit i leith suaití praghsanna.

    Dá bhrí sin, tá an tAontas ag tabhairt aghaidh ar chás urghnách. Mar gheall ar na dúshláin atá ann faoi láthair, ar dúshláin iad nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, ní mór bearta iomchuí, comhréireacha agus sealadacha a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a dhéanfar de mheon na dlúthpháirtíochta, chun aghaidh a thabhairt ar na géardheacrachtaí atá ag teacht chun cinn i réimse an fhuinnimh agus chun an ghéarchéim fuinnimh a shárú trí ghníomhú le chéile.

    Dá bhrí sin, molann an Coimisiún pacáiste comhtháite idirspleách de bhearta atá le tabhairt isteach láithreach. Leis na bearta sin, féachtar, inter alia, leis an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda leictreachais a mhaolú agus tomhaltóirí a chosaint, agus tairbhí an mhargaidh inmheánaigh agus cothroime iomaíochta á gcaomhnú an tráth céanna. Leis na bearta baintear na cuspóirí sin amach trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla den staid reatha, agus ar an gcaoi sin a n‑éifeachtaí a chomhlánú agus a threisiú, rud lena gcumasaítear freagairt aonair chomhordaithe ón Aontas ar an ngéarchéim. An tráth céanna, tá siad go hiomlán comhoiriúnach leis an teachtaireacht an 8 Márta 2022, dar teideal ‘REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe’, agus plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022 ón gCoimisiún agus é d’aidhm aige deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir, agus faoi 2027 ar a dhéanaí.

    Na praghsanna an‑ard fuinnimh a bhfuil ar thomhaltóirí aghaidh a thabhairt orthu faoi láthair, tá siad ina cúis le gnóthachain mhóra airgeadais, ní hamháin do ghineadóirí leictreachais a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu, ach freisin do chuideachtaí in earnálacha an ola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne. Is fachtóirí margaidh seachtracha fabhracha de bharr chogadh na Rúise is cúis leis na gnóthachain sin go príomha agus ní iarrachtaí ná infheistíochtaí breise na gcuideachtaí féin. Cruthaíonn na praghsanna arda fuinnimh sin cruatan do theaghlaigh agus do ghnólachtaí an Aontais agus cuireann siad le boilsciú agus leis na bearta tacaíochta is gá ardaítear an caiteachas poiblí. Dá bhrí sin, is tráthúil an t‑éileamh ar leictreachas ar fud an Aontais a laghdú chun an gá atá le giniúint leictreachais gásadhainte a laghdú agus roinnt den ioncam a fhaigheann cuideachtaí sna hearnálacha éagsúla fuinnimh a athdháileadh freisin, mar thoradh ar na cúinsí eisceachtúla sin, chun deacrachtaí do thomhaltóirí fuinnimh agus don tsochaí i gcoitinne a mhaolú. Is féidir an t‑athdháileadh sin a bhaint amach le hionstraimí éagsúla, ag brath ar chúinsí na hearnála, chun na cistí sin a chur ar fáil do thomhaltóirí nó tionscadail chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú lena n‑áirítear an deis a bheith ag na Ballstáit codanna den ranníocaíocht a dhíriú ar chistí an Aontais de mheon dlúthpháirtíochta nó iad a úsáid ar bhonn comhaontuithe idir na Ballstáit.

    Ghlac roinnt Ballstát bearta athdháilte cheana nó tá bearta athdháilte á nglacadh acu faoi láthair. Tá an riosca ann, áfach, go gcruthóidh bearta a ghlacfar ar an leibhéal náisiúnta amháin dálaí míchothroma do chuideachtaí a oibríonn i margadh fuinnimh an Aontais. Chun cothroime iomaíochta a chruthú, molann an Coimisiún dhá ionstraim chomhlántacha chun an earnáil fuinnimh ina hiomláine a chumhdach: (a) beart lena ndírítear ar bhonn sealadach ar ioncam táirgeoirí leictreachais agus lena laghdaítear ioncam na dtáirgeoirí leictreachais agus (b) beart lena mbunaítear ar bhonn sealadach ranníocaíocht dlúthpháirtíochta i leith barrachas brabúis in earnáil an bhreosla iontaise a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Trí ioncam táirgeoirí leictreachais a laghdú, is é is aidhm don bheart atá beartaithe sa Rialachán aithris a dhéanamh ar thoradh an mhargaidh a bheadh coinne ag táirgeoirí leis dá bhfeidhmeodh slabhraí soláthair domhanda mar is gnáth, in éagmais suaití an tsoláthair gáis a tharla ó rinneadh ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra 2022. Ina theannta sin, molann an Coimisiún ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach maidir le brabús gnólachtaí atá gníomhach in earnálacha an ola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne, ar ranníocaíocht í atá méadaithe go mór i gcomparáid leis na blianta roimhe sin.

    Bainfidh na Ballstáit úsáid as fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta chun tacaíocht a sholáthar do theaghlaigh agus do chuideachtaí agus chun éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Ba cheart dóibh na fáltais ón mbeart gearrthéarmach sin a úsáid freisin d’fhonn bearta a mhaoiniú chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun tacú le tionscail, agus ar an gcaoi sin neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú a thuilleadh san fhadtéarma.

    Leis na bearta sealadacha sin, lena n‑athdháiltear an barrachas ioncaim agus an barrachas brabúis chun tacú le tomhaltóirí, áirithítear go mbeidh tomhaltóirí in ann tairbhe a bhaint as giniúint fuinnimh ar chostas níos ísle. Dá réir sin, tá siad gan dochar d’obair leanúnach an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an leachtacht i margaí airgeadais don fhuinneamh, do chreat géarchéime sealadach státchabhrach an Aontais, don laghdú ar phraghas an gháis agus do dhearadh fadtéarmach an mhargaidh mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le hIdirghabhálacha Gearrthéarmacha sna Margaí Fuinnimh agus maidir le Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais agus tá siad comhlántach leis an obair sin, ar obair í a eisíodh in éineacht le Plean REPowerEU de chuid an Aontais an 18 Bealtaine 2022. Leis an Rialachán atá beartaithe caomhnaítear na tairbhí a bhaineann leis an margadh inmheánach leictreachais ó thaobh éifeachtúlacht seolta agus slándáil an tsoláthair de agus, an tráth céanna, laghdaítear an t‑éileamh ar leictreachas agus an tionchar atá ag praghsanna arda gáis ar bhillí leictreachais tomhaltóirí.

    2.Uirlis Éigeandála Leictreachais

    Laghdú ar an éileamh ar leictreachas

    Mar fhreagairt ar an riosca méadaithe i dtaca leis an ngeimhreadh atá le teacht agus ar an ngá atá ann an t‑éileamh foriomlán ar leictreachas a laghdú, stoic bhreosla le haghaidh giniúint leictreachais a chaomhnú agus gníomhaíocht spriocdhírithe a dhéanamh chun praghsanna leictreachais a laghdú sna huaireanta is costasaí, de mheon dlúthpháirtíochta, leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe dhá sprioc maidir leis an laghdú ar éileamh leictreachais.

    Is é an chéad sprioc bearta a chur i bhfeidhm chun olltomhaltas leictreachais na dtomhaltóirí ar fad a laghdú, lena n‑áirítear na tomhaltóirí sin nach bhfuil córais méadraithe chliste ná gairis a chuireann ar a gcumas a dtomhaltas le linn an lae a choigeartú feistithe acu go fóill. Ba cheart na bearta a bheith sách uaillmhianach agus d’fhéadfaí a áireamh iontu, mar shampla, feachtais spriocdhírithe faisnéise agus cumarsáide do thomhaltóirí. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí aip uile-Aontais ar fhaisnéis spriocdhírithe do thomhaltóirí a bheartú. Ina theannta sin, chun díriú go sonrach ar na huaireanta tomhaltais leictreachais is costasaí nuair a shocraítear an praghas imeallach le gás de ghnáth, molann an Coimisiún sprioc shainordaitheach de laghdú 5 % ar a laghad ar olltomhaltas leictreachais le linn uaireanta buaicphraghais roghnaithe a chumhdaíonn 10 % ar a laghad de na huaireanta gach mí ina meastar go mbeidh na praghsanna is airde. Ba é an toradh a bheadh ar an sprioc shainordaitheach sin go roghnófaí 3 go 4 uair an chloig ar an meán in aghaidh na seachtaine, rud a chomhfhreagraíonn de ghnáth d’uaireanta buaiclóid, ach is féidir uaireanta a áireamh a meastar go mbeidh giniúint leictreachais ó fhoinsí in‑athnuaite íseal lena linn agus go bhfuil giniúint ó ghléasraí imeallacha riachtanach chun an t‑éileamh a chumhach. Chun an méid sin a chur san áireamh, tá corrlach lánroghnach go pointe áirithe ag na Ballstáit agus na huaireanta sin á sainaithint acu. Leis an sprioc cheangailteach, tugtar aghaidh go sonrach ar thomhaltóirí atá in ann solúbthacht a sholáthar tríd an éileamh a laghdú nó trí thairiscintí ar aistriú an éilimh ar bhonn uaire. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun na spriocanna maidir le laghdú ar éileamh a bhaint amach agus ba cheart dóibh, go háirithe, breithniú a dhéanamh ar bhearta atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus atá bunaithe ar an margadh amhail ceantanna nó scéimeanna tairisceana maidir le freagairt don éileamh nó leictreachas nach dtomhlaítear. D’fhéadfaí a áireamh leis sin scéimeanna nó dreasachtaí náisiúnta atá ann cheana a leathnú chun an fhreagairt don éileamh a fhorbairt. D’fhéadfadh dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do pháirtithe margaidh rannpháirteacha a bheith san áireamh leis sin freisin i gcásanna ina n‑íoctar sin as leictreachas breise nach dtomhlaítear i gcomparáid leis an ngnáth-thomhaltas a bhfuil coinne leis san uair gan an tairiscint. Ba cheart tabhairt isteach agus cur chun feidhme na mbeart sin a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair.

    Bunaithe ar an nginiúint a breathnaíodh in aghaidh na huaire le linn na tréimhse idir Eanáir agus Lúnasa 2022, le laghdú 5 % le linn na 10 % duaireanta an chloig a léiríonn an leibhéal is airde éilimh ar leictreachas, thabharfaí an meánéileamh le linn na nuaireanta sin go dtí leibhéal na gcéad buaicuaireanta nár roghnaíodh. Is é an toradh a bheadh air sin, dá bhrí sin, go mbeadh an phróifíl tomhaltais in aghaidh na huaire níos réidhe. Thairis sin, ós rud é gurb é gás an teicneolaíocht imeallach go ginearálta le linn na nuaireanta ina bhfuil an téileamh is airde, dfhéadfadh laghdú ar thomhaltas gáis a mheastar a bheith thart ar 1.2bcm le linn tréimhse 4 mhí a bheith ina thoradh ar an laghdú spriocdhírithe de 5 %. Is é sin thart ar 3.8 % den tomhaltas gáis le haghaidh cumhachta le linn na tréimhse céanna. Léirítear i staidéir a rinneadh le déanaí 2 go bhféadfadh acmhainneacht reatha na freagartha don éileamh an sprioc shainordaitheach a chomhlíonadh, rud a dfhéadfadh tionchar dearfach a imirt ar phraghsanna leictreachais agus ar mhéideanna coigilteas gáis.

    Caidhp ar ioncam margaidh le haghaidh giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí infrimeallacha

    Ar an dara dul síos, leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe cur chuige chun an barrachas ioncaim a aisghabháil ó ghineadóirí a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu amhail foinsí in‑athnuaite, fuinneamh núicléach agus lignít (‘teicneolaíochtaí infrimeallacha’) trí chaidhp ex-post a shocrú ar ioncam in aghaidh an MWh leictreachais a ghintear.

    Sa mhargadh lá roimh ré, cinntear praghsanna leictreachais de réir chostas athraitheach na teicneolaíochta imeallaí, i.e. an gléasra deireanach agus is costasaí is gá chun freastal ar an éileamh (praghsáil imeallchostais). I bhfianaise an róil atá ag praghsanna leictreachais sa mhargadh lá roimh ré mar thagairt do phraghsáil leictreachais sna creataí ama margaidh eile ar fad, leis an mbeart seo laghdaítear an tionchar atá ag an teicneolaíocht lena socraítear corrlaigh (gual go hiondúil, go minic gléasraí cumhachta gásadhainte sa lá atá inniu ann) ar ioncam gineadóirí eile a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu amhail an chuid is mó d’fhoinsí in‑athnuaite, núicléacha agus ligníte. Leis sin déantar aithris ar thorthaí an mhargaidh le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin a d’fhéadfadh coinne a bheith leo dá mbeadh slabhraí soláthair domhanda ag feidhmiú mar is ceart agus mura mbeidís faoi réir úsáid fuinnimh mar uirlis troda trí shuaití an tsoláthair gáis.

    Tríd an gcur chuige uile-Aontais sin, bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta, bheadh na margaí mórdhíola leictreachais ag feidhmiú agus ag glanadh mar a dhéanann siad inniu, rud a lena n‑áiritheofaí go seolfaí na gléasraí cumhachta is saoire agus is éifeachtúla ar fud an AE ar dtús i gcónaí, agus gur féidir leis na Ballstáit brath ar allmhairí nuair is gá. Caomhnaítear leis sin an dreasacht le haghaidh teicneolaíochtaí amhail gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe agus gásadhainte, saoráidí stórála agus an fhreagairt don éileamh a bheith ar fáil le rith nuair is gá, rud lena n‑áiritheofar oibriú cobhsaí an chórais leictreachais i rith shéasúr an gheimhridh 2022-23.

    Leibhéal na caidhpe ar ioncam margaidh

    Ba cheart an chaidhp ioncaim a leagtar síos sa Rialachán seo a shocrú ar leibhéal a chuimsíonn formhór na ngineadóirí infrimeallacha san Aontas agus lena seachnaítear infhaighteacht agus brabúsacht gléasraí atá ann cheana agus cinntí infheistíochta a dhéanfar amach anseo maidir le giniúint infrimeallach nua a chur i mbaol.

    Cé gur féidir a mheas gur gnáthghné de mhargadh leictreachais iad buaicphointí ó am go chéile agus buaicphointí gearrthéarmacha maidir le praghsanna agus go bhféadfadh an méid sin a bheith úsáideach d’infheisteoirí áirithe chun a n‑infheistíocht ghiniúna a aisghabháil, tá an méadú foircneach agus marthanach ar phraghsanna atá le feiceáil ó bhí mhí Feabhra 2022 ann an‑difriúil ó ghnáthstaid mhargaidh ina mbíonn buaicphraghsanna ó am go chéile nó luascadh praghsanna fadtéarmach a bhaineann le timthriallta eacnamaíocha.

    Baineann sé sin go háirithe le cinntí infheistíochta maidir le giniúint ó fhoinsí inathnuaite, rud atá ríthábhachtach chun spriocanna dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach. Ionas nach ndéanfar dochar don mheasúnú ar an mbrabúsacht nuair a rinneadh cinntí maidir le hinfheistíocht, níor cheart an chaidhp a shocrú faoi bhun ionchais rannpháirtithe sa mhargadh maidir le meánleibhéal na bpraghsanna leictreachais le linn na nuaireanta ina raibh an téileamh ar leictreachas ag an leibhéal is airde, roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Bhí meánionchais phraghas an mhargaidh le haghaidh na mbuaicuaireanta go comhsheasmhach go mór faoi bhun EUR 180/MWh le blianta fada anuas, in ainneoin difríochtaí praghsanna idir réigiúin san Aontas. Thairis sin, léiríonn ionsamhlúcháin atá bunaithe ar phraghsanna a breathnaíodh i mí Eanáir go dtí mí Lúnasa 2022 go ndéanfaí an meánioncam a chobhsú ag thart ar EUR 150/MWh le caidhp shocrófaí ag EUR 180/MWh. Tá an meánleibhéal ioncaim sin níos airde go comhsheasmhach ná an meánchostas iomlán táirgthe fuinnimh reatha le haghaidh na dteicneolaíochtaí infrimeallacha a ndírítear orthu tríd an gcaidhp ar ioncam a chur i bhfeidhm 3 , rud a ligeann do tháirgeoirí a bhfuil feidhm aici maidir leo a ninfheistíochtaí agus a gcostais oibriúcháin a chumhdach. Dá bhrí sin, níor cheart go gcuirfeadh an chaidhp isteach ar an infheistíocht in acmhainneachtaí infrimeallacha nua. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an chaidhp ioncaim a shocrú ag EUR 180/MWh, méid lena nionchorpraítear an corrlach slándála is gá. 

    Ba cheart an chaidhp sin a theorannú d’ioncam margaidh seachas ioncam giniúna iomlán a chuimsiú (lena n‑áirítear, mar shampla, na an t‑ioncam a eascraíonn as scéimeanna tacaíochta), chun tionchar mór a sheachaint ar bhrabúsacht ionchasach tosaigh tionscadail.

    Tá gá le caidhp aonfhoirmeach ar ioncam ar fud an Aontais chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a chaomhnú, ós rud é go gcoinneodh sé iomaíocht phraghasbhunaithe ar bun idir táirgeoirí leictreachais bunaithe ar theicneolaíochtaí éagsúla, go háirithe i gcás foinsí in‑athnuaite. Ós rud é go mbeidh feidhm ag an gcaidhp ar ioncam in aghaidh an MWh leictreachais a ghintear, ní dhéanfar difear don phraghasmhúnlú i margaí mórdhíola leictreachais. Leanfar de sheoladh na ngléasraí cumhachta bunaithe ar a leibhéal éifeachtúlachta, agus iad siúd ag a bhfuil costais imeallacha níos ísle á seoladh ar dtús, agus ní dhéanfar difear do thrádáil trasteorann leictreachais.

    Beidh ar na Ballstáit nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an barrachas ioncaim ó ghineadóirí a aisghabháil, ós rud é go bhféadfar an chaidhp ioncaim a chur i bhfeidhm an tráth a shocrófar idirbhearta nó, mura féidir sin, ina dhiaidh sin. Braitheann sé sin ar dhifríochtaí sa chaoi a bhfeidhmíonn margaí mórdhíola leictreachais i gcreataí ama éagsúla agus ar an gcaoi a n‑eagraítear sna Ballstáit iad.

    Raon feidhme na caidhpe

    Bheadh feidhm ag an gcaidhp ar ioncam margaidh maidir le hioncam ó leictreachas a dhíol i gcás gach gineadóra infrimeallaigh mar a shainmhínítear sa Rialachán agus chumhdófaí léi gach creat ama margaidh, gan beann ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar trádáil leictreachais go déthaobhach (thar an gcuntar) nó i margaí láraithe. Dá mbeadh feidhm ag an gcaidhp maidir creataí ama áirithe nó maidir le malartuithe agus margaí eagraithe eile, agus leo sin amháin, d’fhéadfadh dreasacht a bheith ag gineadóirí infrimeallacha leictreachas a thrádáil le linn creataí ama agus i margaí nach gcumhdaítear leis an mbeart. Ar an taobh eile, leis an gcur i bhfeidhm leathan atá beartaithe maidir leis an gcaidhp ioncaim, chaomhnófaí dreasachtaí chun comhaontuithe ceannaigh cumhachta fadtéarmacha a thabhairt i gcrích, rud atá ríthábhachtach le haghaidh tomhaltóirí chun fálú a dhéanamh in aghaidh luaineacht praghsanna agus ar uirlis thábhachtach iad chun infheistíochtaí a spreagadh i dteicneolaíochtaí infrimeallacha, go háirithe foinsí in‑athnuaite fuinnimh. Ós rud é nach gcuireann an chaidhp ioncaim isteach ar fhoirmiú praghsanna, bheadh leas ag tomhaltóirí comhaontuithe ceannaigh cumhachta fadtéarmacha a thabhairt i gcrích a ligfeadh dóibh tairbhe dhíreach a bhaint as praghsanna níos ísle ná na praghsanna a bhreathnaítear sa mhargadh.

    Beidh feidhm ag an caidhp ar ioncam in aghaidh gach MWh leictreachais a ghintear. Gan beann ar an bhfoirm chonarthach ina bhféadfar trádáil leictreachais a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp maidir le hioncam margaidh réadaithe amháin. Tá gá leis an méid sin chun nach ndíreofar ar tháirgeoirí nach mbaineann tairbhe iarbhír as na praghsanna arda leictreachais atá ann faoi láthair toisc go bhfuil a n‑ioncam fálaithe acu in aghaidh luaineachtaí sa mhargadh mórdhíola leictreachais ag praghas níos ísle ná an leibhéal caidhpe. Dá bhrí sin, a mhéid a eascraíonn ioncam margaidh ó ghiniúint leictreachais faoin gcaidhp as oibleagáidí conarthacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite agus cineálacha eile comhaontuithe ceannaigh cumhachta nó réamhfhálú, ní thiocfadh siad faoi chur i bhfeidhm na caidhpe.

    Teicneolaíochtaí infrimeallacha ábhartha a shainiú

    Tá an chaidhp ioncaim infheidhme maidir le hioncam margaidh ó dhíol leictreachais a ghintear ó theicneolaíochtaí a bhfuil a gcostais imeallacha níos ísle ná an chaidhp, amhail fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh, fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh núicléach, bithmhais, amhola agus táirgí peitriliam, suiteálacha hidreachumhachta gan taiscumar, etc.

    Níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncam margaidh, áfach, maidir leis na teicneolaíochtaí a bhfuil costais breosla ionchuir acu a mbeadh leibhéal meá ar mheá os cionn leibhéal na caidhpe ina thoradh air, ós rud é go gcuirfeadh sé sin na gníomhaíochtaí sin i mbaol agus, ar deireadh, chuirfí slándáil an tsoláthair i mbaol. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás gléasraí cumhachta gásadhainte agus gualbhreoslaithe. Ó rinneadh ionradh ar an Úcráin, tá méadú mór tagtha ar phraghsanna an gháis nádúrtha agus an ghuail chrua 4 , rud a fhágann go bhfuil praghas giniúna meá ar mheá os cionn leibhéal na caidhpe. Dá mbeadh gléasraí cumhachta gásadhainte agus gualbhreoslaithe faoi réir na caidhpe ioncaim, ní bheidís in ann a gcostais oibriúcháin a chumhdach agus chuirfí as gníomhaíocht iad.

    I gcomhréir le cuspóirí Theachtaireacht REPowerEU, níor cheart go gcuirfeadh cur i bhfeidhm na caidhpe bac ar dhreasachtaí maidir le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí giniúna solúbtha (e.g. freagairt don éileamh agus gach cineál stórála), ná ar ghiniúint leictreachais ó fhoinsí atá in iomaíocht dhíreach le gás nádúrtha agus le gléasraí cumhachta gásadhainte. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp maidir le gléasraí cumhachta ina n‑úsáidtear bithmheatán.

    Tá gá leis sin chun na dreasachtaí a chaomhnú le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin agus cineálacha giniúna chun tomhaltas gáis a laghdú, mar a gcuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht RePowerEU.

    Chun na dreasachtaí maidir le teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt a chaomhnú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncam maidir le tionscadail taispeántais. Sa chleachtas, is amhlaidh atá cheana féin, toisc go socraítear luach saothair na dtionscadal taispeána de ghnáth as an margadh (e.g. ioncam seasta trí tharaifí ar sholáthar leictreachais).

    I roinnt Ballstát, cuirtear caidhp ar an ioncam a fhaigheann gineadóirí áirithe cheana féin trí bhíthin bearta Stáit. Ar an mbealach sin, ní bhaineann na gineadóirí sin tairbhe as ioncam méadaithe a eascraíonn as an méadú a tháinig ar phraghsanna leictreachais le déanaí. Dá bhrí sin, ba cheart táirgeoirí atá faoi réir an chineáil sin beart Stáit faoi láthair a eisiamh ó chur i bhfeidhm na caidhpe.

    D’fhonn ualach riaracháin iomarcach a sheachaint agus cur i bhfeidhm éifeachtúil an bhirt atá beartaithe a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit táirgeoirí a ghineann leictreachas ó shaoráidí suiteála a bhfuil acmhainn níos lú ná 20 kW acu a eisiamh ó chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam.

    Athdháileadh ar na custaiméirí deiridh

    Déanfar an barrachas ioncaim a eascróidh as cur i bhfeidhm na caidhpe a dhíriú ar na custaiméirí deiridh leictreachais. Áirítear leis sin na ceannaitheoirí leictreachais uile a cheannaíonn é dá dtomhaltas féin. Agus tairbhithe an athdháilte á roghnú acu, ba cheart do na Ballstáit díriú, a mhéid is féidir, ar na custaiméirí deiridh, bídís ina gcustaiméirí príobháideacha nó tráchtála, ar custaiméirí iad is mó a bhfuil na praghsanna arda leictreachais ag dul i bhfeidhm orthu. Tá dáileadh an bharrachais ioncaim mar a leagtar amach san ionstraim seo é gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE. 

    Aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí atá ag tomhaltóirí

    Ar deireadh, tá príomhfhorálacha sa togra seo chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn ag tomhaltóirí de bharr praghsanna an‑ard fuinnimh. Léiríonn an ghéarchéim atá ann faoi láthair an dúshlán a bhaineann le tacaíocht leordhóthanach a áirithiú ionas go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí teaghlaigh ar an bhfuinneamh is gá, ach gan dochar a dhéanamh don dreasacht maidir le fuinneamh a choigilt. Is é an pointe tosaigh chun gníomhú aitheantas iomlán a thabhairt don riosca cruatain a bhfuil teaghlaigh ag tabhairt aghaidh air, lena n‑áirítear teaghlaigh mheánioncaim agus an gá atá le bearta tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta.

    Chuir na Ballstáit i bhfeidhm réimse leathan beart tacaíochta cheana, lena n‑áirítear bearta atá bunaithe ar an mBosca Uirlisí. Áirítear orthu sin tacaíocht ioncaim dhíreach, laghduithe ar chánacha agus tobhaigh agus lacáistí ar bhillí fuinnimh tomhaltóirí, chomh maith le bearta chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite ar an láthair. Rinne na Ballstáit idirghabháil freisin maidir le socrú praghsanna i soláthar an leictreachais – is é sin praghsanna rialáilte a bhunú le haghaidh tomhaltóirí deiridh.

    Beidh na huirlisí sin uile tábhachtach i gcónaí. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na cinn is fearr a oireann dá gcúinsí náisiúnta a roghnú. A mhéid is féidir, le tacaíocht do thomhaltóirí is gá tacú le laghdú ar éileamh freisin. Tá sé tábhachtach a aithint freisin, áfach, go bhféadfadh roinnt tomhaltóirí a bheith gar don íosleibhéal tomhaltais is gá chun a bhfolláine a chosaint.

    Thug an Coimisiún Treoir maidir le hidirghabháil Stáit a chur i bhfeidhm ar shocrú praghsanna sa Teachtaireacht REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe 5 i ndearadh idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna le haghaidh an tsoláthair leictreachais, lena náirithítear go rachaidh siad chun tairbhe do thomhaltóirí le linn na géarchéime atá ann faoi láthair agus go feabhsófar leo an iomaíocht chun leasa tomhaltóirí san fhadtéarma. Faoi Threoir (AE) 2019/944, áfach, leis na hidirghabhálacha sin i socrú praghsanna ní féidir fiontair bheaga agus mheánmhéide a chumhdach agus níor cheart na praghsanna a bheith faoi bhun costais.

    Tá an ceart atá ag tomhaltóirí an soláthróir fuinnimh a roghnú a thairgeann an praghas agus an tseirbhís is fearr dóibh i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh leictreachais. Mar gheall ar an iomaíocht a bhí ann mar thoradh air sin, cuireadh brú in ísle ar phraghsanna agus méadaíodh na roghanna, ós rud é nach raibh ar thomhaltóirí brath ar na monaplaithe atá i gcumhacht a thuilleadh. Is ríthábhachtach iomaíocht agus rogha soláthróirí agus tairiscintí chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach chomh maith, toisc go gcuireann siad ar a gcumas do thomhaltóirí tairbhe a bhaint as an margadh inmheánach don leictreachas agus rannchuidiú le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a bhaint amach.

    Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le hIdirghabhálacha Gearrthéarmacha Margaidh agus Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais, measann an Coimisiún go bhféadfadh sé a bheith inghlactha sa chomhthéacs reatha rialáil praghsanna a leathnú chuig fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Ós rud é nach mbeartaítear le reachtaíocht fuinnimh an Aontais aon chreat sonrach le haghaidh na dtomhaltóirí sin, dá gceadófaí do na Ballstáit idirghabhálacha i socrú praghsanna i bhfoirm praghsanna rialáilte a leathnú chuig fiontair bheaga agus mheánmhéide le linn na géarchéime seo, thabharfaí uirlis eile dóibh chun an tionchar a bhainistiú. Léiríonn an cur chuige sin go bhféadfadh staid reatha an mhargaidh fuinnimh ina bhfuil praghsanna mórdhíola gáis agus leictreachais atá ard agus luaineach srian a chur le hiomaíocht agus dochar a dhéanamh do chustaiméirí in earnáil na FBManna. Mar sin féin, ba cheart go gcoimeádfadh an fhéidearthacht sin an dreasacht chun tomhaltas a laghdú agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé teoranta do 80 % dá dtomhaltas stairiúil.

    D’fhéadfadh idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna le haghaidh an leictreachais atá faoi bhun costais a bheith ina mbealach do roinnt Ballstát tionchar na géarchéime ar thomhaltóirí a mhaolú go díreach. Ina ainneoin sin, bíonn tionchair mhóra ag bearta den sórt sin ar fheidhmiú na hiomaíochta sa mhargadh miondíola, ar an nuálaíocht, agus ar an dreasacht maidir leis an éileamh a laghdú. Sin an chúis fiú mar bheart éigeandála, nach mór coimircí a bheith ag gabháil leo chun a áirithiú go gcaithfear go neamh-idirdhealaitheach le soláthróirí agus go mbeidh dreasacht ann chun an t‑éileamh a laghdú.

    Cuid ríthábhachtach den dlúthpháirtíocht is gá is ea a áirithiú go dtabharfaidh an margadh inmheánach leictreachais na huirlisí agus an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun freagairt don ghéarchéim. Mar sin féin, ba cheart go bhfanfadh sé de rogha ag na Ballstáit, ar iadsan is fearr atá in ann éifeachtúlacht na mbeart sin a chinneadh, cé acu na féidearthachtaí sin a úsáid nó gan iad a úsáid, go háirithe i gcomparáid le huirlisí eile, agus iad a mheaitseáil leis an ngá atá le tacaíocht a dhíriú ar na réimsí is mó a bhfuil gá léi.

    3.Ranníocaíocht dlúthpháirtíochta

    Ní hé amháin go bhfuil cuideachtaí a ghineann leictreachas ag baint tairbhe as an méadú ollmhór ar phraghsanna mar gheall ar staid reatha an mhargaidh, tá earnáil na mbreoslaí iontaise freisin ag baint tairbhe as sin freisin, rud a ghineann brabús atá níos airde ná an brabús a bheadh ina thoradh ar ghnáthghníomhaíochtaí gnó. Mar gheall ar an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh agus leictreachais tá brú mór ar údaráis phoiblí, ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí araon, agus tá gá le gníomhaíocht chun an riosca a sheachaint go sroichfeadh praghsanna leibhéil neamh-inbhuanaithe, rud a d’fhéadfadh impleachtaí sóisialta agus eacnamaíocha i bhfad níos mó a bheith i gceist leis. Tá gá le freagairt chomhchoiteann ar leibhéal an Aontais de bharr na bhforbairtí sin. Dá bhrí sin, shainaithin ceannairí an Aontais agus an Coimisiún go bhfuil géarghá le bearta breise chun tionchar na n‑imeachtaí sin ar shaoránaigh agus ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais a mhaolú, agus chun géarchéim a bheadh níos géire fós a sheachaint.

    Chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do na bearta is gá chun freagairt do ghéarchéimeanna atá ann faoi láthair le haghaidh teaghlach agus gnólachtaí, ní mór dóibh siúd a ghineann barrachas brabúis cuid de a ranníoc de mheon dlúthpháirtíochta.

    Leis an Rialachán seo, tugtar isteach ranníocaíocht dlúthpháirtíochta don tionscal iontaise is infheidhme i ngach Ballstát. Is beart eisceachtúil sealadach atá sa ranníocaíocht dlúthpháirtíochta sin atá oiriúnach don staid reatha a dhéanfadh na Ballstáit de mheon dlúthpháirtíochta chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí eacnamaíocha díreacha a bhaineann leis an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh ar bhuiséid na n‑údarás poiblí, ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí ar fud an Aontais.

    Trí ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a thabhairt isteach, áiritheofar go rannchuideoidh na hearnálacha sin freisin i gcomhréir leis an mbrabús a ghintear tríd an ngéarchéim. An tráth céanna, áiritheofar le dearadh na ranníocaíochta go mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil chun na hinfheistíochtaí is gá a mhaoiniú d’fhonn infheistíocht a dhéanamh san aistriú fuinnimh agus i dteicneolaíochtaí nua lena n‑áirítear ar leibhéal an Aontais.

    Chuige sin, bunaítear leis an togra seo beart arb é atá ann ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach atá bunaithe ar an mbarrachas brabúis is incháinithe arna dhéanamh sa bhliain fhioscach 2022 ó chuideachtaí agus ó bhuanbhunaíochtaí nach bhfuil gníomhach ach amháin in earnálacha an ola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne atá in‑chomhthomhaiste agus iomchuí maidir leis an staid shocheacnamaíoch atá ann faoi láthair. Leis an ranníocaíocht maoineofar le bearta a chuideoidh leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair a mhaolú, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit. Leis an mbeart sin, beifear in ann acmhainní agus tacaíocht airgeadais a athdháileadh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí chun éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh marthanacha a mhaolú, tomhaltas fuinnimh a laghdú, tacú le tionscail dianfhuinnimh atá dírithe ar fhuinneamh in‑athnuaite nó ar éifeachtúlacht fuinnimh agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a fhorbairt, rud a rachaidh chun tairbhe na mBallstát uile. Ina theannta sin, suaití an tsoláthair gáis atá ann faoi láthair agus an tionchar atá aige sin ar phraghsanna gáis agus leictreachais, éileamh níos airde ar fhuinneamh a eascraíonn as teochtaí samhraidh is airde ná riamh i dteannta le hinfhaighteacht laghdaithe gineadóirí cumhachta áirithe, is géardheacracht sin uile maidir le soláthar táirgí áirithe, eadhon fuinneamh sa chás seo. Cuideoidh an beart le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus leis an dlúthpháirtíocht is gá idir na Ballstáit a áirithiú. Tá dáileadh an bharrachais brabúis mar a leagtar amach san ionstraim seo é gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE.

    4.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Leis an ionstraim atá beartaithe, leagtar amach bearta sealadacha, comhréireacha agus urghnácha. Comhlánaíonn sí tionscnaimh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais atá ann cheana agus na tionscnaimh a rinne an Coimisiún cheana chun freagairt don ghéarchéim atá ann faoi láthair sna margaí fuinnimh. Is iarmhairt loighciúil ar thionscnaimh atá ann cheana í, amhail an Bosca Uirlisí um Praghsanna Fuinnimh 6 7 a glacadh an 13 Deireadh Fómhair 2021 agus Plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022, ina bhfuil liosta beart is féidir leis na Ballstáit a úsáid chun tacú le tomhaltóirí agus chun cur leis an tionscnamh Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte.

    Ina theannta sin, tacóidh na gnéithe maidir leis laghdú ar éileamh sa Rialacháin atá beartaithe leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis (AE) 2022/1032 8 a glacadh le déanaí tríd an ngá atá le giniúint leictreachais ó ghás a laghdú, rud a chuideoidh leis na Ballstáit stoic gáis a fhaightear trí na hoibleagáidí maidir le líonadh stórála a chaomhnú agus an soláthar a choimirciú le haghaidh an gheimhridh 2022-2023.

    Tá bonn cirt le raon feidhme idirghabhálacha Stáit a leathnú i gcomhréir leis na bearta atá beartaithe sa Rialachán mar gheall ar a thromchúisí atá an staid reatha maidir leis an margaí leictreachais.

    Freagraíonn an tionscnamh atá beartaithe don ualach méadaithe maidir le praghsanna miondíola atá le brath ag gach tomhaltóir leictreachais agus ar an ngá atá ann an t‑éileamh a laghdú agus gás a choigilt an geimhreadh seo de thoradh chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

    I bhfianaise dhearadh an tionscnaimh atá beartaithe, go háirithe leibhéal agus cineál sealadach na caidhpe atá beartaithe maidir le hioncam margaidh i ndáil le giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí infrimeallacha, measann an Coimisiún go bhfuil an togra comhsheasmhach le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh.

    5.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Is beart urghnách é an togra seo, atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta, atá comhsheasmhach le tacar níos leithne tionscnamh chun athléimneacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú agus riosca nó tionchar staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú. Leis an togra caomhnaítear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ní chuirtear a shláine i mbaol leis, ós rud é go bhfuil feidhmiú margaí fuinnimh trasteorann ríthábhachtach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú i gcás ganntanais soláthair. Lena bhforáiltear do laghduithe níos comhordaithe ar an éileamh ar leictreachas, tá sé i gcomhréir freisin le huaillmhian an Choimisiúin maidir leis an gComhaontú Glas agus cloíonn sé leis na prionsabail agus na cuspóirí céanna a leagtar amach sa tionscnamh ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’. Ar deireadh, tá an togra i gcomhréir leis na prionsabail maidir le cosaint tomhaltóirí, agus é d’aidhm aige praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú do thomhaltóirí ar fud an Aontais.

    6.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don ionstraim seo.

    Suaití an tsoláthair gáis atá ann faoi láthair agus an tionchar atá aige sin ar phraghsanna gáis agus leictreachais agus éileamh níos airde ar fhuinneamh a eascraíonn as teochtaí samhraidh is airde ná riamh i dteannta le hinfhaighteacht laghdaithe gineadóirí cumhachta áirithe, is géardheacracht sin uile maidir le soláthar táirgí áirithe, eadhon fuinneamh sa chás seo de bhun Airteagal 122 CFAE. Mar thoradh ar an méadú as cuimse ar phraghsanna leictreachais, tá ualach mór á chur ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí, agus mura ndéantar aon bheart, tá an riosca ann go sroichfear leibhéil neamh-inbhuanaithe, rud a bhféadfadh impleachtaí móra sóisialta agus eacnamaíocha a bheith aige. Shainaithin ceannairí an Aontais agus an Coimisiún an géarghá atá le bearta breise chun an tionchar ar shaoránaigh an Aontais a mhaolú agus chun a bheith níos ullmhaithe don gheimhreadh atá le teacht.

    Léiríonn na bearta sealadacha faoin Rialachán atá beartaithe prionsabal na dlúthpháirtíochta i réimse an fhuinnimh agus cuireann siad ar chumas na mBallstát cur chuige comhordaithe a bheith acu maidir le tomhaltóirí a chosaint gan feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a chur i mbaol.

    D’fhonn saobhadh suntasach ar an margadh inmheánach agus ar shlabhraí soláthair a sheachaint, rud a d’fhéadfadh cur leis an riosca maidir le slándáil an tsoláthair le haghaidh an gheimhridh seo, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóidh na Ballstáit ar fad go comhpháirteach agus de mheon dlúthpháirtíochta a luaithe is féidir. Bhí tionchar diúltach ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair ar na Ballstáit uile, ach níl an cumas airgeadais céanna ag gach Ballstát chun tacú le tomhaltóirí. D’fhéadfadh staid a bheith ina toradh air sin ina gcuirfeadh roinnt Ballstát tacaíocht ar fáil do thomhaltóirí agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag Ballstáit eile é sin a dhéanamh nó d’fhéadfadh sé go mbeadh drogall orthu idirghabháil a dhéanamh trí bhíthin bearta a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar an margadh inmheánach leictreachais.

    Is é an bealach is fearr chun dul i ngleic leis na dúshláin i dtaca leis an ngeimhreadh seo iarracht chomhordaithe a dhéanamh chun an t‑éileamh a laghdú agus chun barrachas ioncaim a athdháileadh ar thomhaltóirí atá ag streachailt. Trí laghdú éilimh a chomhordú, tríd an gcumas leictreachas a allmhairiú nuair is gá a chaomhnú agus tríd an mbarrachas ioncaim a úsáid chun tacú le tomhaltóirí, beidh na Ballstáit in ann tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, agus ar an gcaoi sin beifear in ann tionchar an bhoilscithe ar an ngeilleagar ina iomláine a mhaolú agus athléimneacht mhargadh inmheánach an Aontais a neartú. Tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe freisin chun cur le sócmhainneacht níos fearr do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, rud a mhaolóidh tionchar an bhoilscithe ar gheilleagar an Aontais ina iomláine. Ba cheart do na Ballstáit uile an t‑ualach a chomhroinnt agus rannchuidiú leis an gcomhiarracht tacaíocht a thabhairt do chustaiméirí ionas nach ndéanfar dochar do phrionsabail an mhargaidh aonair.

    Cé go bhfuil éifeachtaí éagsúla ag tionchar na nganntanas soláthair gáis ar phraghsanna leictreachais sna Ballstáit, ní mór do na Ballstáit ar fad gealltanas a thabhairt maidir leis an mbeart sin chun a dtomhaltas leictreachais a laghdú ar an leibhéal céanna. Le hiarrachtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun an t‑éileamh ar leictreachas a laghdú ar fud an Aontais, laghdófar tomhaltas foriomlán leictreachais san Aontas ar fad, rud a fhágfaidh go mbeidh praghsanna mórdhíola leictreachais níos ísle agus go mbeidh na praghsanna níos ísle le haghaidh tomhaltóirí dá bharr. Mar thoradh ar an laghdú ar an éileamh ar leictreachas le linn buaicuaireanta, is lú an gá le gléasraí cumhachta gásadhainte toisc go mbeidh an t‑éileamh foriomlán ar leictreachais níos lú. Le freagairt chomhordaithe den sórt sin, bainfear leas as acmhainneacht an choigiltis leictreachais san Aontas, rud nach bhféadfaí a dhéanamh a mhéid céanna in éagmais gníomhaíocht chomhordaithe ó na Ballstáit uile ar leibhéal an Aontais. Rannchuideoidh na Ballstáit ar fad leis an gcomhiarracht praghsanna a ísliú agus na rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair a chosc. Ós rud é go bhfuil córais leictreachais na mBallstát comhtháite go mór sa mhargadh inmheánach leictreachais, ní fhéadfadh an beart a bheith éifeachtach ach amháin má dhéanann na Ballstáit uile a gcion féin chun an t‑éileamh a laghdú.

    Ar an gcaoi chéanna, le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, trí chaidhp aonfhoirmeach ar ioncam na dteicneolaíochtaí giniúna infrimeallacha, ginfear ioncam do na Ballstáit chun bearta a mhaoiniú chun tacú le custaiméirí deiridh leictreachais, agus, san am céanna, caomhnófar na comharthaí praghais ar na margaí ar fud na hEorpa agus caomhnófar trádáil trasteorann. Dá bhrí sin, áiritheofar leis sin go leanfaidh leictreachas san Eoraip de bheith ag sreabhadh go dtí na háiteanna is mó a bhfuil gá leis agus go n‑onnmhaireofar leictreachas a ghintear go saor chuig Ballstáit ina bhfuil an ghiniúint leictreachais níos costasaí. Dá bhrí sin, le hiarracht chomhordaithe den sórt sin ó na Ballstáit cumhdaítear prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh idir na Ballstáit agus saoránaigh an Aontais.

    Ina theannta sin, tá an beart sin comhoiriúnach leis an mbealach atá ann faoi láthair chun leictreachas a thrádáil agus a phraghsáil ar fud na hEorpa, rud a áiritheoidh go mbeidh trádáil agus comhroinnt fuinnimh slán i gcónaí, gur féidir leis na Ballstáit leanúint de bheith ag brath ar a gcomharsana maidir le hallmhairí agus gur mó an chosaint a thabharfar do na Ballstáit sin a ghineann níos lú fuinnimh ar bhonn intíre agus a bhfuil acmhainní nádúrtha teoranta acu ar na rioscaí maidir le suaitheadh an tsoláthair. Dá bhrí sin, is rud é a bhfuil údar maith leis chun an ionstraim atá beartaithe a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE.

    Mar thoradh ar an méadú mór ar phraghsanna, ní hamháin go bhfuil dúshlán mór le freagairt ag go leor teaghlach chun a mbillí a íoc, ach tá riosca tromchúiseach ann don gheilleagar freisin. Ós rud é nach raibh coinne leis na fadhbanna atá ann faoi láthair sa chreat rialála atá ann faoi láthair, is iomchuí, dá bhrí sin, idirghabhálacha Stáit a cheadú i bpraghsanna miondíola le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide freisin agus, faoi réir coinníollacha áirithe, idirghabhálacha as a n‑eascraíonn leibhéil praghsanna a bheadh faoi bhun chostas na soláthróirí fuinnimh le haghaidh teaghlach agus FBManna araon.

    Ní hionann an tionchar atá ag éifeachtaí ghanntanas an tsoláthair gáis ar phraghsanna leictreachais ar gach Ballstát agus ní hionann an cumas atá acu bearta tacaíochta ó bhuiséad an Stáit a mhaoiniú ach an oiread. Mar thoradh air sin, tá éifeachtaí díréireacha ag an ngéarchéim i gcodanna áirithe den Aontas, i áiteanna nach bhfuil custaiméirí in ann rochtain a fháil ar an bhfuinneamh a bhfuil gá acu leis de réir mar a aistarraingíonn soláthróirí siar ón margadh. In éagmais na mbeart atá beartaithe, tá riosca ann nach mbeidh na hacmhainní ach ag na Ballstáit a bhfuil spás fioscach acu chun na custaiméirí agus na soláthróirí sin a chosaint, rud a mbeadh saobhadh tromchúiseach ar an margadh inmheánach ina thoradh air. Leis an oibleagáid aonfhoirmeach a chruthaítear leis an Rialachán atá beartaithe an barrachas ioncaim a chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh, áiritheofar, i bprionsabal, go mbeidh gach Ballstát in ann a gcustaiméirí a chosaint agus na hacmhainní breise sin a úsáid chun na críche céanna. Beidh tionchar dearfach ag an dea-éifeacht ar phraghsanna fuinnimh ar mhargadh idirnasctha an Aontais agus cuideofar freisin leis an ráta boilscithe a mhaolú. Dá bhrí sin, beidh tionchar dearfach ag bearta náisiúnta, i ngeilleagar idirnasctha an Aontais, ar Bhallstáit eile.

    Tá gá le comhbhunú ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí comhordaithe ag na Ballstáit, bunaithe ar an mbarrachas brabúis is incháinithe a rinneadh sa bhliain fhioscach 2022 le haghaidh chuideachtaí agus buanbhunaíochtaí an Aontais in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne san Aontas arna rialú ag creat coiteann, chun cuidiú le tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint ar an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh ar fud an Aontais agus, an tráth céanna, feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus an dlúthpháirtíocht is gá idir na Ballstáit a áirithiú. Dá bhrí sin, is rud é a bhfuil údar maith leis chun an ionstraim atá beartaithe a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE. Le bunú ranníocaíochta dlúthpháirtíochta, cuirtear gné den chothroime leis an bpacáiste beart atá le seoladh i gcomhthéacs na hidirghabhála éigeandála maidir le fuinneamh.

    Dá bhrí sin, áirithítear leis an togra seo go ndéanfaidh gach Ballstát a niarrachtaí a chomhordú. Léiríonn sí prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí mar bhunphrionsabal de dhlí an Aontais 9 .

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Tá bearta beartaithe an tionscnaimh reatha seo i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta. Mar gheall ar an éiginnteacht shuntasach i margadh leictreachais an Aontais agus na praghsanna arda urghnácha atá ann mar go bhfuil an Rúis ag úsáid an tsoláthair gáis mar uirlis troda, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Tá gá le cur chuige comhordaithe, trí éileamh leictreachais ar fud an Aontais a laghdú, de mheon dlúthpháirtíochta, chun an riosca maidir le suaitheadh mór a d’fhéadfadh a bheith ann le linn mhíonna an gheimhridh a íoslaghdú nuair a bheidh tomhaltas leictreachais agus giniúint leictreachais ó ghás níos airde.

    I bhfianaise chineál na géarchéime soláthair gáis nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus ról an gháis mar theicneolaíocht ríthábhachtach chun freastal ar an éileamh ar leictreachas, tá údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais maidir le margaí leictreachais freisin. Ní mór do na Ballstáit a bheith in ann brath ar allmhairí más gá agus nuair is gá sin, rud lena leagtar béim ar a thábhachtaí atá an margadh inmheánach leictreachais. Tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh cumhacht de bheith ag sreabhadh timpeall na hEorpa ionas nach n‑eascróidh géarchéim maidir le slándáil an tsoláthair as an ngéarchéim praghsanna arda. Mar sin féin, ní mór é sin a bheith inacmhainne agus ba cheart dul i ngleic leis na héifeachtaí díréireacha ar bhillí leictreachais na dtomhaltóirí. Chun feidhmiú an chórais leictreachais agus trádáil agus infheistíochtaí trasteorann a chaomhnú, tá cur chuige coiteann maidir le caidhp a chur ar an ioncam le haghaidh teicneolaíochtaí infrimeallacha, tá sé réasúnach, iomchuí agus comhréireach.

    Maidir leis an leictreachas, leagtar amach sa togra seo an toradh deiridh atá le baint amach leis na bearta, i bhfoirm bearta maidir le laghdú ar éileamh agus oibleagáidí maidir le laghdú fuinnimh atá ceangailteach ó thaobh dlí de a leagan amach nuair atá praghsanna leictreachais ag an leibhéal is airde agus ioncam na dteicneolaíochtaí infrimeallacha a theorannú. An tráth céanna, tugann sé neamhspleáchas iomlán do na Ballstáit na modhanna is éifeachtaí a roghnú chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh de réir a sainiúlachtaí náisiúnta agus cuireann sé leis an deis atá ag na Ballstáit idirghabháil a dhéanamh i rialáil praghsanna. Go sonrach:

    ·Maidir leis an laghdú ar éileamh le haghaidh an leictreachais, leagtar síos sa Rialachán atá beartaithe spriocanna ceangailteacha atá le baint amach agus an tráth céanna fágtar an rogha faoi na Ballstát maidir leis na bealaí chun na spriocanna sin a bhaint amach.

    ·Maidir leis an gcaidhp ar ioncam chun tacaíocht a chistiú do thomhaltóirí, leagtar síos leis an Rialachán atá beartaithe caidhp aonfhoirmeach is infheidhme san Aontas. Mar sin féin, coinníonn na Ballstáit an ceart chun teorainneacha breise a thabhairt isteach, fad is atá siad comhréireach, nach saobhtar feidhmiú na margaí mórdhíola leictreachais leo, go náirithítear leo go gcumhdófar na costais infheistíochta, nach gcuireann siad comharthaí infheistíochta i mbaol agus go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais. Úsáidfear an barrachas ioncaim chun tacú le tomhaltóirí ach beidh neamhspleáchas iomlán ag na Ballstáit maidir lena áirithiú go gcuirfear an barrachas ioncaim ar aghaidh chuig na tomhaltóirí.

    ·Maidir le bearta idirghabhála poiblí i bpraghsanna miondíola, leis an Rialachán atá beartaithe méadaítear raon feidhme na mBallstát chun bearta sin a dhéanamh i gcomparáid leis an gcreat reachtach atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais, rud atá i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

    Maidir leis an mbeart san earnáil iontaise, leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach téitear i ngleic leis an dúshlán atá le sárú ag na Ballstát uile faoi láthair ar bhealaí éagsúla trí chreat lena rialaítear ranníocaíocht dlúthpháirtíochta ar an leibhéal Eorpach. An comhthionscnamh ar leibhéal an Aontais, arb é atá ann tabhairt isteach sainordaitheach ranníocaíochta dlúthpháirtíochta i ngach Ballstát le haghaidh cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí áirithe atá gníomhach go príomha sna hearnálacha ola, gáis, guail agus scaglainne. Ní féidir leis na Ballstáit ina n‑aonar aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin.

    Le ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a thabharfar isteach leis an Rialachán seo, méadófar an t‑ioncam do bhuiséad an Stáit agus cuirfear ar a gcumas do na Ballstáit bearta a mhaoiniú arb é is aidhm dóibh an t‑ualach a bhaineann le costais arda fuinnimh a mhaolú do thomhaltóirí, go háirithe do dhaoine agus cuideachtaí leochaileacha. Níor thug gach Ballstát bearta den sórt sin isteach agus ní hionann ábhar na mbeart a glacadh cheana ó Bhallstát go Ballstát.

    Dá bhrí sin, le ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shainordaitheach i leith barrachas brabúis arna rialú ag comhchreat de chuid an Aontais, áiritheofar cothroime iomaíochta leordhóthanach ar fud an Aontais mar aon le cás inar féidir le húdaráis uile na mBallstát leas a bhaint as na fáltais ón mbarrachas brabúis sin a chuirfeadh ar a gcumas dóibh dul i ngleic ar bhealach níos fearr le cás eisceachtúil an mhéadaithe as cuimse ar phraghsanna fuinnimh, rud lena n‑éilítear gníomhaíocht phráinneach i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, bheadh breisluach ag baint le tionscnamh de chuid an Aontais i gcomparáid le gníomhaíochtaí aonair a dhéanfaí ar an leibhéal náisiúnta.

    Ar an ábhar sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is fearr is féidir an beart a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. 

    Comhréireacht

    Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Laistigh de raon feidhme Airteagal 122(1) CFAE, is iomchuí an idirghabháil bheartais don staid eacnamaíoch agus comhréireach le gné agus cineál na bhfadhbanna a shainítear agus le baint amach na gcuspóirí a leagadh síos.

    I bhfianaise na staide geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéis riamh roimhe seo agus na bagartha suntasaí do shlí bheatha shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, is léir go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe phráinneach. Is modhanna oiriúnacha iad iarrachtaí comhordaithe chun ollthomhaltas leictreachais agus tomhaltas leictreachais ag buaicuaireanta a laghdú, caidhp a chur ar an ioncam a bhaineann na táirgeoirí leictreachais infrimeallacha amach agus raon feidhme níos leithne a thabhairt do na Ballstáit maidir le hidirghabháil phoiblí i socrú praghsanna miondíola chun an brú in airde atá ann faoi láthair ar phraghsanna leictreachais a laghdú, rud a dhéanfadh díobháil do thomhaltóirí. An tráth céanna, ní féidir bearta nach bhfuil chomh hionsáiteach céanna a bheartú lena mbainfí an cuspóir sin amach ar bhealach chomh héifeachtach céanna.

    Urramaíonn an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta atá beartaithe prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach. Tá sí bunaithe ar bhonn ríofa agus ar ráta ríofa, lena n‑áirithítear go mbeidh an brabús faoi réir na ranníocaíochta sin i bpáirt gan cur isteach gan ghá ar na cuideachtaí fuinnimh in earnálacha an ola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne chun an barrachas brabúis sin a úsáid le haghaidh infheistíochta amach anseo nó chun a n‑inmharthanacht a áirithiú. Is é sin an chúis a bhfuil an ráta atá beartaithe sa rialachán teoranta d’aon trian den bharrachas brabúis is incháinithe, tar éis maolán a chur i bhfeidhm ar an mbonn cánach. Mar sin féin, agus chun a áirithiú go ndéanfar imthosca sonracha na mBallstát a chosaint, is íosráta é an ráta atá beartaithe agus féadfaidh na Ballstáit ráta níos airde a chur i bhfeidhm i gcás ina measann siad gur gá sin.

    Tá an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta de chineál sealadach freisin agus tá sí teoranta don bharrachas brabúis sin a rinneadh sa bhliain fhioscach 2022 agus ní chuirtear i bhfeidhm í ach maidir le barrachas brabúis in earnálacha an ola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne, agus an brabús nach raibh coinne leis a thuilltear de thoradh cúinsí dothuartha á chur san áireamh. Na Ballstáit sin a bhfuil tobhach nó cáin intíre i bhfeidhm acu cheana a sháraíonn ráta na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta atá beartaithe, féadfaidh siad leanúint den ráta níos airde atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun freastal ar na sainiúlachtaí náisiúnta arbh iad ba chúis le glacadh an ráta sin.

    Dá bhrí sin, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos san ionstraim atá ann faoi láthair a bhaint amach. Meastar go bhfuil na bearta atá beartaithe comhréireach agus go gcuireann siad, a mhéid is féidir, le tionscnaimh atá ann cheana, ar díol sásaimh do na Ballstáit iad. 

    An rogha ionstraime

    Agus scála na géarchéime fuinnimh, acmhainneacht a tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais agus an phráinn atá ann sin a mhaolú á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil sé oiriúnach gníomhú trí bhíthin rialachán a bhfuil raon feidhme ginearálta aige agus atá infheidhme go díreach agus láithreach. D’fhágfadh sin go mbeadh sásra tapa, aonfhoirmeach, uile-Aontais ann.

    7.COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ós rud é go bhfuil an togra íogair ó thaobh na polaitíochta de agus a phráinní atá sé an togra a ullmhú ionas gur féidir leis an gComhairle é a ghlacadh in am, níorbh fhéidir comhairliúchán tiomnaithe leis na páirtithe leasmhara a dhéanamh.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, áfach, dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara, agus go háirithe le tionscail dianfhuinnimh, chun cur chun feidhme rathúil an Rialacháin seo a áirithiú.

    I bhfianaise chineál sealadach agus práinneach na mbeart a fhreagraíonn do staid éigeandála, níorbh fhéidir measúnú tionchair a dhéanamh.

    Cearta bunúsacha

    Níor sainaithníodh aon tionchar diúltach ar chearta bunúsacha. Leis na bearta faoin ionstraim seo, ní dhéanfar difear do chearta na gcustaiméirí a dhéantar a chatagóiriú mar chustaiméir atá faoi chosaint faoi Rialachán (AE) 2017/1938, lena n‑áirítear na custaiméirí teaghlaigh uile. Ina theannta sin, leis na caidhpeanna ar ioncam agus le tabhairt isteach ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí sa Rialachán atá beartaithe, cuirtear san áireamh go hiomlán an gá atá le prionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus infheistíochtaí atá ann cheana a chosaint agus dá bhrí sin ní chuirfear i gcontúirt an ceart chun sealúchais a fuarthas go dleathach a shealbhú nó a úsáid. Cuirfidh an ionstraim ar a gcumas do na Ballstát na rioscaí a laghdú a bhaineann leis an nganntanas gáis agus an borradh atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh mar thoradh air sin, rud a mbeadh impleachtaí móra aige ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí murach sin. Trína áirithiú go gcúitítear soláthróirí a gceanglaítear orthu leictreachas a dhíol faoi bhun costais, áirithítear nach mbainfear a gcearta bunúsacha de na daoine sin, agus sin gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair.

    8.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon acmhainn bhreise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh de dhíth ar an togra seo.

    9.EILIMINTÍ EILE

    Ní bhaineann le hábhar.

    2022/0289 (NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá praghsanna anard sna margaí leictreachais ó bhí mí Mheán Fómhair 2021 ann. Mar a leag ACER amach ina mheasúnú ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais i mí Aibreáin 2022 10 , is toradh é an méid sin a bhaineann go príomha leis an bpraghas ard gáis, a úsáidtear mar ionchur chun leictreachas a ghiniúint. Is minic a bhíonn gá le gléasraí cumhachta gáis nádúrtha adhainte chun an téileamh ar leictreachas a shásamh nuair a bhíonn an téileamh is airde ann i rith an lae nó nuair nach leor na toirteanna leictreachais a ghintear ó theicneolaíochtaí eile amhail foinsí fuinnimh núicléach, hidreafhuinnimh nó foinsí inathnuaite inathraitheacha fuinnimh chun freastal ar an éileamh. I ngeall ar an ngéarú atá tagtha ar fhogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá ina Páirtí Conarthach den Chomhphobal Fuinnimh, ó bhí mí Feabhra 2022 ann tá laghdú mór tagtha ar sholáthairtí gáis. Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ina chúis le héiginnteacht maidir le soláthar tráchtearraí eile freisin, amhail gual crua agus amhola, ar tráchtearraí iad a úsáideann suiteálacha giniúna cumhachta. Mar thoradh air sin, tá méaduithe móra breise tagtha ar phraghas leictreachais mar aon le luaineacht sa phraghas sin.

    (2)I bhfianaise na leibhéal seachadta gáis atá i bhfad níos ísle le déanaí agus an mhéadaithe ar shuaití an tsoláthair gáis ón Rúis, léirítear riosca mór go bhféadfadh sé go gcuirfí stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise go luath amach anseo. Chun slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a mhéadú, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/1369 11 lena ndéantar foráil maidir leis an éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú 15 % ar bhonn deonach an geimhreadh seo agus lena dtugtar an deis don Chomhairle foláireamh ón Aontas maidir le slándáil an tsoláthair a fhógairt, agus sa chás sin bheadh sé sainordaitheach an téileamh ar ghás a laghdú.

    (3)San am céanna, mar gheall ar na teochtaí fíor-arda a chonacthas le linn shamhradh 2022, tá méadú tagtha ar an éileamh ar leictreachas maidir le fuarú, rud a chuir leis an mbrú ar ghiniúint leictreachais agus, an tráth céanna, tá giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí áirithe go mór faoi bhun na leibhéal stairiúil de dheasca imthosca teicniúla agus imthosca atá ag brath ar an aimsir. Baineann sé sin go príomha le triomach eisceachtúil as ar eascair (i) easnamh i dtáirgeadh leictreachais ag gléasraí cumhachta núicléiche i mBallstáit éagsúla mar gheall ar an easpa uisce fuaraithe a bhí ar fáil, (ii) ganntanas i nginiúint hidreachumhachta agus (iii) leibhéil ísle uisce i móraibhneacha a rinne dochar diompar tráchtearraí a úsáidtear mar bhreosla ionchuir le haghaidh giniúna. Leis an staid sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, lean na toirteanna leictreachais a ghintear ó ghléasraí cumhachta gáis nádúrtha adhainte de bheith ard go leanúnach, rud a chuir le praghsanna mórdhíola leictreachais atá thar a bheith ard agus as cuimse. Dainneoin infhaighteacht laghdaithe na nacmhainneachtaí giniúna i roinnt Ballstát, bhí malartuithe leictreachais idir na Ballstáit ina gcuidiú le teagmhais maidir le slándáil an tsoláthair a sheachaint agus rannchuidigh an méid sin le luaineacht praghsanna ar mhargaí an Aontais a mhaolú, rud a dfheabhsaigh athléimneacht gach Ballstáit i leith suaití praghsanna.

    (4)Mar thoradh ar an mborradh ar phraghsanna i margaí mórdhíola leictreachais, tá méaduithe móra tagtha ar phraghsanna miondíola leictreachais, agus meastar go leanfaidh siad de dhul i bhfeidhm de réir a chéile ar fhormhór na gconarthaí do thomhaltóirí faoin gcéad séasúr téimh eile. Mar thoradh ar an méadú mór ar phraghsanna gáis agus ar an éileamh atá ann dá bharr sin ar bhreoslaí malartacha, tá méadú tagtha freisin ar phraghsanna tráchtearraí eile amhail praghsanna ola agus guail.

    (5)Tá tionchar diúltach ag an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair ar na Ballstáit uile, cé nach ionann an tionchar sin. Tá an méadú mór ar phraghsanna fuinnimh ag cur go mór leis an mboilsciú ginearálta sa limistéar euro agus ag cur moill ar an bhfás eacnamaíoch san Aontas.

    (6)Tá gá, dá bhrí sin, le freagairt thapa chomhordaithe. Dá ndéanfaí uirlis éigeandála a úsáid, dfhéadfaí maolú a dhéanamh, ar bhonn sealadach, ar an riosca go sroichfeadh praghsanna leictreachais agus costas an leictreachais do chustaiméirí deiridh leibhéil níos lú inbhuanaithe fós agus go nglacfadh na Ballstáit bearta náisiúnta neamhchomhordaithe, rud a dfhéadfadh slándáil an tsoláthair ar leibhéal an Aontais a chur i mbaol agus ualach breise a chur ar thionscal agus ar thomhaltóirí an Aontais. De mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, tá gá le hiarracht chomhordaithe ó na Ballstáit le linn shéasúr geimhridh 2022-23 chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú agus chun a áirithiú nach ndéanfaí díobháil mharthanach do thomhaltóirí ná don gheilleagar leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á caomhnú san am céanna.

    (7)De réir bhrí Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is mór an deacracht a bhaineann leis na suaití atá ann faoi láthair ar sholáthairtí gáis, le hinfhaighteacht laghdaithe gléasraí giniúna cumhachta áirithe, agus leis an tionchar a bhíonn aige sin ar phraghsanna gáis agus leictreachais. Tá riosca tromchúiseach ann go dtiocfadh meath breise ar an staid le linn shéasúr an gheimhridh atá ag teacht i gcás ina mbeadh suaití breise ann i soláthairtí gáis agus i gcás geimhreadh fuar, rud a chuirfeadh leis an éileamh ar ghás agus ar leictreachas. Dfhéadfadh an meath breise sin a bheith ina chúis le brú níos airde ar phraghas gáis agus ar phraghsanna tráchtearraí fuinnimh eile, rud a mbeadh tionchar aige ar phraghsanna leictreachais.

    (8)Tá gá le freagairt aontaithe dhea-chomhordaithe ar fud an Aontais chun dul i ngleic leis an méadú mór ar phraghsanna leictreachais agus leis an tionchar atá ag an méid sin ar theaghlaigh agus ar thionscal. Dfhéadfadh bearta náisiúnta neamhchomhordaithe difear a dhéanamh dfheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, rud a chuirfeadh slándáil an tsoláthair i mbaol agus a bheadh ina gcúis le méaduithe breise ar phraghsanna sna Ballstáit is mó atá thíos leis an ngéarchéim. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach sláine an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a chosaint chun an dlúthpháirtíocht is gá idir na Ballstáit a chaomhnú agus a fheabhsú.

    (9)Cé go bhféadfadh roinnt Ballstát a bheith níos neamhchosanta ar na héifeachtaí a bheadh ag suaití ar sholáthairtí gáis na Rúise agus ar na méaduithe ar phraghsanna dá bharr sin, is féidir leis na Ballstáit uile rannchuidiú le teorainn a chur leis an díobháil eacnamaíoch a dhéanfar de dheasca an tsuaite sin trí bhíthin bearta iomchuí chun an téileamh a laghdú. Tríd an éileamh ar leictreachas a laghdú ar an leibhéal náisiúnta, is féidir tionchar dearfach a imirt ar phraghsanna leictreachais ar fud an Aontais, ós rud é go bhfuil na margaí leictreachais cúpláilte agus go dtéann coigilteas i mBallstát amháin chun tairbhe do Bhallstáit eile dá bhrí sin.

    (10)Dfhéadfadh saobhadh suntasach idir gineadóirí san Aontas a bheith mar thoradh ar chaidhpeanna neamhchomhordaithe ar ioncam ó leictreachas a tháirgtear ó ghineadóirí a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu amhail foinsí inathnuaite, núicléacha agus ligníte (gineadóirí infrimeallacha). Le gealltanas maidir le caidhp chomhpháirteach uile-Aontais ar bharrachas ioncaim, seachnófar saobhadh den sórt sin. Thairis sin, ní féidir leis na Ballstáit uile tacú le tomhaltóirí an oiread céanna mar gheall ar acmhainní airgeadais teoranta, agus san am céanna, dfhéadfadh roinnt gineadóirí leictreachais leanúint de bharrachas ioncaim mór a bheith acu. Le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, trí chaidhp aonfhoirmeach ar ioncam na dteicneolaíochtaí giniúna infrimeallacha, ginfear ioncam do na Ballstáit chun bearta a mhaoiniú chun tacú le custaiméirí deiridh leictreachais, amhail teaghlaigh, FBManna agus tionscail dianfhuinnimh, agus, san am céanna, caomhnófar na comharthaí praghais ar na margaí ar fud na hEorpa agus caomhnófar an trádáil trasteorann.

    (11)I bhfianaise an mhéadaithe mhóir ar phraghsanna miondíola gáis agus leictreachais, tá tábhacht ar leith ag baint le hidirghabhálacha Stáit chun tomhaltóirí miondíola a chosaint. Mar sin féin, tá éagsúlacht idir na Ballstáit maidir le tionchar na nganntanas soláthair gáis ar phraghsanna leictreachais, chomh maith leis na féidearthachtaí chun bearta tacaíochta a mhaoiniú ó bhuiséad an Stáit. Mura féidir ach le roinnt Ballstát a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu na custaiméirí agus na soláthróirí sin a chosaint, bheadh saobhadh tromchúiseach ar an margadh inmheánach ann mar thoradh air sin. Le hoibleagáid aonfhoirmeach maidir leis an mbarrachas ioncaim a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí deiridh, fágtar gur féidir leis na Ballstáit uile a gcuid tomhaltóirí a chosaint. Beidh tionchar dearfach ag an dea-éifeacht ar phraghsanna fuinnimh ar mhargadh idirnasctha an Aontais agus cuideofar freisin leis an ráta boilscithe a mhaolú. Dá bhrí sin, de mheon dlúthpháirtíochta, beidh tionchar dearfach ag bearta náisiúnta, i ngeilleagar idirnasctha an Aontais, ar Bhallstáit eile freisin.

    (12)Beart eisceachtúil sealadach is ea an beart ina bhfuil ranníocaíocht dlúthpháirtíochta le haghaidh cuideachtaí iontaise a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne. Meastar gurb iomchuí, sa staid reatha, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí eacnamaíocha díreacha atá ag an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh maidir le buiséid na núdarás poiblí, tomhaltóirí agus cuideachtaí ar fud an Aontais.

    (13)Is bealach iomchuí é an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta chun dul i ngleic le barrachas brabúis, i ngeall ar imthosca gan choinne. Ní chomhfhreagraíonn na brabúis sin daon bhrabús tráthrialta a bheadh ag na heintitis sin i ngnáthchúinsí i gcás nár tharla na teagmhais dhothuartha sna margaí fuinnimh ná daon bhrabús a dfhéadfadh siad a bheith ag súil leis sna gnáthchúinsí sin. Dá bhrí sin, is beart comhpháirteach agus comhordaithe atá i gceist leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach lena dtugtar, de mheon dlúthpháirtíochta, fáltais bhreise do na húdaráis náisiúnta chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh agus do chuideachtaí a ndéanann an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh agus cothroime iomaíochta á áirithiú ag an am céanna ar fud an Aontais agus ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart í a chur i bhfeidhm i gcomhthreo leis na cánacha corparáideacha tráthrialta a thoibhíonn gach Ballstát ar na cuideachtaí lena mbaineann.

    (14)Chun comhleanúnachas a áirithiú ar fud na réimsí beartais fuinnimh, ba cheart na bearta a chur i bhfeidhm mar phacáiste idirspleách lena dtreiseofaí a chéile. Ba cheart do na Ballstáit uile a bheith in ann tacú le tomhaltóirí, ar bhealach spriocdhírithe, trí bharrachas ioncaim a eascraíonn as an gcaidhp ar ioncam margaidh le haghaidh giniúint leictreachais infrimeallach, tríd an éileamh ar leictreachas a laghdú, rud a rannchuidíonn le praghsanna fuinnimh a ísliú, agus trí bhíthin fáltas ó ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a fhorchuirtear ar chuideachtaí iontaise a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne. An tráth céanna, ba cheart éifeachtaí dearfacha a bheith ag éileamh níos ísle ó thaobh na rioscaí do shlándáil an tsoláthair a laghdú, i gcomhréir le cuspóirí Threoir (AE) 2019/944.

    (15)Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint lena nolltomhaltas leictreachais iomlán a laghdú ó na tomhaltóirí go léir, lena náirítear na tomhaltóirí sin nach bhfuil feistithe go fóill le córais méadraithe chliste nó le gairis a chuireann ar a gcumas faireachán a dhéanamh ar a dtomhaltas le linn uaireanta sonracha den lá.

    (16)Chun stoic bhreosla le haghaidh giniúint leictreachais a chaomhnú agus chun díriú go sonrach ar na huaireanta tomhaltais leictreachais is costasaí, nuair a bhíonn tionchar mór ag giniúint cumhachta gáis nádúrtha adhainte ar an bpraghas imeallach, ba cheart do gach Ballstát a olltomhaltas leictreachais a laghdú le linn na nuaireanta a shainaithnítear mar uaireanta buaicphraghais.

    (17)Le sprioc cheangailteach 5 % le linn uaireanta buaicphraghais atá bunaithe ar an ngnáthphróifíl tomhaltais leictreachais laistigh de na buaicuaireanta, dáiritheofaí go ndíreodh na Ballstáit ar bhealach ní ba shonraí ar thomhaltóirí ar féidir leo solúbthacht a sholáthar trí thairiscintí laghdaithe éilimh ar bhonn uaire, lena náirítear trí chomhbhailitheoirí. Dá bhrí sin, le laghdú gníomhach 5 % ar a laghad ar éileamh ar leictreachas le linn uaireanta roghnaithe, ba cheart laghdú a theacht ar an tomhaltas gáis agus dáileachán níos cothroime a bheith ann ar éileamh i gcaitheamh na nuaireanta, rud a mbeadh tionchar aige ar phraghsanna margaidh in aghaidh na huaire.

    (18)Ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun na spriocanna maidir le laghdú ar éileamh a bhaint amach ionas gur féidir leo sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú. Agus bearta maidir le laghdú ar éileamh ar leictreachas á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gceapfar na bearta sin ionas nach ndéantar dochar do chuspóirí an Aontais maidir le leictriú mar a leagtar amach iad sa Teachtaireacht maidir le Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis an Aontais um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh. Tá an leictriú ríthábhachtach chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun uathriail straitéiseach fadtéarmach an Aontais Eorpaigh a áirithiú ós rud é, leis an méid sin, go gcuirtear teorainn le méid na géarchéime fuinnimh seo agus go gcuirtear cosc ar ghéarchéim fuinnimh amach anseo. Dfhéadfaí a áireamh ar na bearta chun an tolltomhaltas leictreachais a laghdú feachtais náisiúnta múscailte feasachta, faisnéis spriocdhírithe a fhoilsiú faoin staid réamh-mheasta sa chóras leictreachais, bearta rialála lena gcuirtear teorainn ar thomhaltas fuinnimh neamhriachtanach, agus dreasachtaí spriocdhírithe chun an tomhaltas leictreachais a laghdú.

    (19)Agus bearta iomchuí chun an téileamh a laghdú le linn na nuaireanta buaicphraghais á sainaithint, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh go háirithe ar bhearta margadhbhunaithe amhail ceantanna nó scéimeanna tairisceana, trína bhféadfaí laghdú ar thomhaltas a dhreasú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Chun éifeachtúlacht agus cur chun feidhme tapa a áirithiú, dfhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as tionscnaimh atá ann cheana agus scéimeanna atá ann cheana a leathnú chun freagairt don éileamh a fhorbairt. Dfhéadfaí a áireamh ar na bearta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh a ndéantar difear dóibh, má bhaintear amach laghdú inláimhsithe ar an éileamh sa bhreis ar an ngnáththomhaltas a bhfuil coinne leis.

    (20)Chun cabhrú leis na Ballstáit agus chun treoraíocht a thabhairt dóibh maidir le baint amach na laghduithe is gá ar an éileamh a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú.

    (21)Mar gheall ar an mborradh urghnách agus tobann atá tagtha ar phraghsanna leictreachais agus an gar-riosca go dtiocfadh méadú breise orthu, is gá do na Ballstáit na bearta is gá a bhunú láithreach chun laghduithe ar an olltomhaltas leictreachais a bhaint amach chun laghduithe tapa ar phraghsanna a éascú agus chun úsáid breoslaí iontaise a íoslaghdú.

    (22)Sa mhargadh mórdhíola lá roimh ré, leithdháiltear leictreachas ó na gléasraí cumhachta is saoire ar dtús ach socraítear an praghas a fhaigheann gach rannpháirtí sa mhargadh leis an ngléasra deireanach is gá chun an téileamh a chumhdach, i.e., an gléasra ag a bhfuil na costais imeallacha is airde, nuair a dhéantar an margadh a imréiteach. Mar thoradh ar an mborradh a tháinig le déanaí ar phraghas gáis agus guail chrua, tá méadú eisceachtúil marthanach ar na praghsanna ag a mbíonn na saoráidí giniúna cumhachta gáis agus gualbhreoslaithe ag tairiscint sa mhargadh mórdhíola lá roimh ré. Dá réir sin, tá praghsanna thar a bheith ard sa mhargadh lá roimh ré ar fud an Aontais, ós rud é gur minic na gléasraí sin a bhfuil na costais imeallacha is airde acu is gá chun freastal ar an éileamh ar leictreachas.

    (23)I bhfianaise ról an phraghais sa mhargadh lá roimh ré mar thagairt don phraghas i margaí mórdhíola leictreachais eile, agus ós rud é go bhfaigheann gach rannpháirtí sa mhargadh an praghas imréitigh, tá ioncam ard taifeadta go comhsheasmhach ag na teicneolaíochtaí a bhfuil costais imeallacha i bhfad níos ísle acu ó thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, ar leibhéil iad atá i bhfad níos airde ná mar a bhíodar ag súil leis agus cinneadh á dhéanamh acu infheistíocht a dhéanamh.

    (24)I gcás ina bhfuil tomhaltóirí neamhchosanta ar phraghsanna anard a dhéanann dochar do gheilleagar an Aontais freisin, is gá teorainn a chur, ar bhonn sealadach, le hioncam margaidh urghnách táirgeoirí a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu trí chaidhp a chur i bhfeidhm ar ioncam margaidh den sórt sin a bhaintear amach trí leictreachas a dhíol laistigh den Aontas.

    (25)Níor cheart don leibhéal ag a socraítear an chaidhp ar ioncam cumas na dtáirgeoirí a bhfuil feidhm ag an gcaidhp maidir leo a chur i mbaol, lena náirítear táirgeoirí fuinnimh inathnuaite, chun a gcostais infheistíochta agus oibriúcháin a aisghabháil agus ba cheart dó infheistíochtaí amach anseo a chaomhnú agus a dhreasú san acmhainneacht is gá le haghaidh córas leictreachais dícharbónaithe iontaofa. Tá gá le caidhp aonfhoirmeach ar ioncam ar fud an Aontais chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a chaomhnú, ós rud é, leis an gcaidhp sin, go gcoinneofaí ar bun iomaíocht phraghasbhunaithe idir táirgeoirí leictreachais bunaithe ar theicneolaíochtaí éagsúla, go háirithe i gcás foinsí inathnuaite.

    (26)Cé gur féidir a mheas gur gnáthghné de mhargadh leictreachais iad buaicphointí ó am go chéile agus buaicphointí gearrthéarmacha maidir le praghsanna agus go bhféadfadh an méid sin a bheith úsáideach dinfheisteoirí áirithe chun a ninfheistíocht ghiniúna a aisghabháil, tá an méadú foircneach agus marthanach ar phraghsanna atá le feiceáil ó bhí mhí Feabhra 2022 ann anéagsúil ó ghnáthstaid mhargaidh ina mbíonn buaicphraghsanna ó am go chéile. Dá bhrí sin, níor cheart an chaidhp a shocrú faoi bhun ionchais réasúnacha rannpháirtithe sa mhargadh maidir le meánleibhéal na bpraghsanna leictreachais le linn na nuaireanta ina raibh an téileamh ar leictreachas ag an leibhéal is airde, roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Roimh mhí Feabhra 2022, measadh go mór agus go comhsheasmhach go mbeadh na meánbhuaicphraghsanna sa mhargadh mórdhíola leictreachais faoi bhun EUR 180 in aghaidh gach MWh ar fud an Aontais le deacáidí beaga anuas, dainneoin na ndifríochtaí i bpraghsanna leictreachais idir na réigiúin san Aontas. Ós rud é go ndearna rannpháirtithe sa mhargadh an cinneadh maidir le hinfheistíocht tosaigh bunaithe ar an ionchas go mbeadh na praghsanna, ar an meán, níos ísle ná an leibhéal sin le linn buaicuaireanta, is ionann caidhp a shocrú ag EUR 180 in aghaidh gach MWh agus leibhéal atá i bhfad níos airde ná ionchais tosaigh an mhargaidh. Trí chorrlach a fhágáil ar an bpraghas a bhféadfadh infheisteoirí a bheith ag súil leis go réasúnach, is gá a áirithiú nach rachaidh an chaidhp ar ioncam in aghaidh an mheasúnaithe tosaigh ar bhrabúsacht infheistíochta.

    (27)Thairis sin, tá an chaidhp EUR 180 in aghaidh gach MWh níos airde go comhsheasmhach, lena náirítear corrlach réasúnta, ná an meánchostas iomlán táirgthe fuinnimh atá ann faoi láthair (LCOE) maidir leis na teicneolaíochtaí giniúna ábhartha uile, rud a fhágann gur féidir le táirgeoirí a bhfuil feidhm aici maidir leo a ninfheistíochtaí agus a gcostais oibriúcháin a chumhdach. Ós rud é go bhfágann an ríomh a roghnaítear sa togra seo corrlach suntasach idir an LCOE réasúnta agus an chaidhp ar ioncam, ní mheastar, dá bhrí sin, go gcuirfidh an chaidhp isteach ar an infheistíocht in acmhainní bonneagair nua.

    (28)Ba cheart an chaidhp a chur i bhfeidhm ar ioncam margaidh seachas ar ioncam giniúna iomlán (lena náirítear foinsí eile ioncaim a dfhéadfadh a bheith ann amhail préimh ar sholáthar leictreachais), chun tionchar mór a sheachaint ar bhrabúsacht ionchasach tosaigh tionscadail. Gan beann ar an bhfoirm chonarthach ina bhféadfar trádáil leictreachais a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp maidir le hioncam margaidh réadaithe amháin. Tá gá leis an méid sin chun nach ndéanfar díobháil do tháirgeoirí nach mbaineann tairbhe iarbhír as na praghsanna arda leictreachais atá ann faoi láthair toisc go bhfuil a nioncam fálaithe acu i gcoinne luaineachtaí sa mhargadh mórdhíola leictreachais. Dá bhrí sin, a mhéid a eascraíonn ioncam margaidh ó tháirgeadh leictreachais suas le leibhéal na caidhpe as oibleagáidí conarthacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite agus cineálacha eile comhaontuithe ceannaigh cumhachta nó réamhfhálú, ní thiocfadh siad faoi chur i bhfeidhm na caidhpe.

    (29)Níor cheart, dá bhrí sin, leis an mbeart lena dtugtar isteach an chaidhp ar ioncam, rannpháirtithe sa mhargadh a dhíspreagadh ó chomhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite a dhéanamh. I bhfianaise na dtairbhí díreacha a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí deiridh le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta, ba cheart do na Ballstáit leanúint dá gcur chun cinn, agus úsáid á baint as an Moladh ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite agus éascú a dhéanamh ar Chomhaontuithe Ceannaigh Cumhachta chomh maith leis na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidil II den treoraíocht san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo.

    (30)Tá gá le caidhp aonfhoirmeach ar ioncam ar fud an Aontais chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a chaomhnú, ós rud é, leis an gcaidhp, go gcoinneofaí ar bun iomaíocht phraghasbhunaithe ar fud an Aontais idir táirgeoirí leictreachais bunaithe ar theicneolaíochtaí éagsúla, go háirithe i gcás foinsí inathnuaite.

    (31)Cé go bhféadfadh sé a bheith níos éifeachtúla an chaidhp ar ioncam a chur i bhfeidhm tráth a shocraítear idirbhearta, dfhéadfadh sé nach mbeadh an méid sin indéanta i gcónaí, mar shampla mar gheall ar dhifríochtaí sa chaoi a neagraítear margaí mórdhíola leictreachais sna Ballstáit agus i gcaitheamh creataí ama éagsúla. Chun sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh agus chun cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam a éascú ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit a chinneadh cé acu a chuirfidh siad i bhfeidhm í nuair a dhéanfar an malartú leictreachais a shocrú nó ina dhiaidh sin.

    (32)Ós rud é go bhfuil éagsúlachtaí móra idir na Ballstáit maidir le meascán giniúna agus struchtúr costais na saoráidí giniúna cumhachta, ba cheart dóibh an fhéidearthacht a choinneáil chun teorainn bhreise a chur le hioncam táirgeoirí, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin ag teacht le dlí an Aontais.

    (33)Ba cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncam maidir le teicneolaíochtaí a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu ná leis an gcaidhp, amhail fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh nó fuinneamh núicléach.

    (34)Níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp maidir le teicneolaíochtaí a bhfuil costais imeallacha arda acu a bhaineann le praghas an bhreosla ionchuir is gá chun leictreachas a tháirgeadh, amhail gléasraí gáis agus gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe, toisc go mbeadh a gcostais oibriúcháin i bhfad os cionn leibhéal na caidhpe agus go gcuirfeadh a cur i bhfeidhm a ninmharthanacht eacnamaíoch i mbaol. Chun na dreasachtaí a choinneáil ar bun chun laghdú foriomlán a dhéanamh ar thomhaltas gáis, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncam ach an oiread maidir le teicneolaíochtaí a théann in iomaíocht go díreach le gléasraí cumhachta gásadhainte chun solúbthacht a thairiscint don chóras leictreachais agus tairiscint a dhéanamh i margadh an leictreachais bunaithe ar na deischostais a bhaineann leo, amhail freagairt ar éileamh agus stóráil.

    (35)Níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncam maidir le teicneolaíochtaí lena núsáidtear mar bhreoslaí ionchuir breoslaí a chuirtear in ionad gáis nádúrtha, amhail bithmheatán, ionas nach ndéanfar dochar do thiontú na ngléasraí cumhachta gásadhainte atá ann cheana i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU.

    (36)Chun na dreasachtaí maidir le forbairt teicneolaíochtaí nuálacha a chaomhnú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncam maidir le tionscadail taispeántais.

    (37)I roinnt Ballstát, cuirtear caidhp ar an ioncam a fhaigheann gineadóirí áirithe cheana féin trí bhíthin bearta Stáit amhail taraifí ar sholáthar leictreachais agus conarthaí difríochta dhá threo. Ní bhaineann na gineadóirí sin tairbhe as ioncam méadaithe a eascraíonn as an méadú a tháinig ar phraghsanna leictreachais le déanaí. Dá bhrí sin, ba cheart táirgeoirí atá faoi réir beart Stáit den chineál sin faoi láthair a eisiamh ó chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam. Ba cheart aon bheart nua a bheith i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh inmheánaigh, ní chuirfidh sé teorainn le trádáil trasteorann agus ní bheidh aon mhéadú ar thomhaltas gáis mar thoradh air.

    (38)Ós rud é, tríd an gcaidhp ar ioncam a chur i bhfeidhm, nach féidir leis na Ballstáit uile tacú lena gcustaiméirí deiridh a mhéid céanna mar gheall ar imthosca a bhaineann lena spleáchas ar allmhairí leictreachais ó thíortha eile, de mheon dlúthpháirtíochta is gá do Bhallstáit a bhfuil glanallmhairí leictreachais cothrom le nó níos mó ná 100 % acu rochtain a bheith acu ar chomhaontuithe chun an barrachas ioncaim a chomhroinnt leis an bpríomhthír onnmhairiúcháin. Spreagtar comhaontuithe dlúthpháirtíochta den sórt sin freisin, go háirithe, chun caidrimh trádála neamhchothromaithe a léiriú.

    (39)Tá cleachtais tráchtála agus trádála chomh maith leis an gcreat rialála in earnáil an leictreachais anéagsúil ó earnáil na mbreoslaí iontaise. Ós rud é go bhfuil sé daidhm ag an gcaidhp aithris a dhéanamh ar thoradh an mhargaidh a dfhéadfadh táirgeoirí a bheith ag súil leis dá bhfeidhmeodh slabhraí soláthair domhanda mar is gnách in éagmais shuaití an tsoláthair gáis ó bhí mí Feabhra 2022 ann, is gá feidhm a bheith ag an mbeart a bhaineann le táirgeoirí leictreachais maidir leis an ioncam a eascraíonn as giniúint leictreachais. Os a choinne sin, ós rud é go ndírítear an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ar bhrabúsacht gnóthas atá gníomhach in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne, ar rud é a bhfuil méadú mór tagtha air i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, is gá feidhm a bheith ag an gcaidhp maidir le brabús na ngnóthas sin.

    (40)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an barrachas ioncaim a eascraíonn as cur i bhfeidhm na caidhpe i réimse an leictreachais ar aghaidh chuig na custaiméirí deiridh leictreachais chun tionchar na bpraghsanna eisceachtúla arda leictreachais a mhaolú. Ba cheart an barrachas ioncaim a dhíriú ar chustaiméirí, lena náirítear teaghlaigh agus cuideachtaí araon, a mbíonn tionchar mór ag praghsanna arda leictreachais orthu. In éagmais na mbeart atá beartaithe, tá baol ann nach mbeidh na hacmhainní ach ag na Ballstáit níos saibhre chun a dtomhaltóirí a chosaint, rud a chruthódh saobhadh tromchúiseach sa mhargadh inmheánach.

    (41)Leis an ioncam ón gcaidhp cuideofar leis na Ballstáit bearta a mhaoiniú amhail aistrithe ioncaim, lacáistí ar bhillí, soláthróirí a chúiteamh as soláthar faoi bhun costais, chomh maith le hinfheistíochtaí a mbeadh laghdú struchtúrach ar thomhaltas mar thoradh orthu, go háirithe maidir le leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí breosla iontaise. Nuair a dheonaítear tacaíocht do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, ba cheart do na custaiméirí sin oibriú i dtreo infheistíochtaí a dhéanamh i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe, lena náirítear fuinneamh inathnuaite, mar shampla trí chomhaontú ceannaigh cumhachta nó infheistíochtaí díreacha i nginiúint foinsí inathnuaite fuinnimh, nó chun infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a dhéanamh.

    (42)I bprionsabal, is ionann idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna maidir le soláthar leictreachais agus beart saofa margaidh. Dá bhrí sin, ní féidir na hidirghabhálacha sin a dhéanamh ach amháin mar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus tá siad faoi réir coinníollacha sonracha. Faoi láthair, faoi Threoir (AE) 944/2019 is féidir praghsanna rialáilte a bheith ann le haghaidh teaghlach agus micrifhiontar agus, is féidir iad a bheith ann freisin le haghaidh custaiméirí atá fuinneamhbhocht agus le haghaidh custaiméirí leochaileacha, lena náirítear praghsanna faoi bhun costais. Mar sin féin, i bhfianaise an mhéadaithe eisceachtúil atá ann faoi láthair ar phraghsanna leictreachais, ba cheart síneadh sealadach a chur le bosca uirlisí na mbeart atá ar fáil le haghaidh na mBallstát chun tacú le tomhaltóirí, tríd an bhféidearthacht a bheith ann praghsanna rialáilte a leathnú chuig FBManna agus trí phraghsanna rialáilte faoi bhun costais a cheadú. Dfhéadfaí an leathnú sin a mhaoiniú leis an gcaidhp ar ioncam.

    (43)Tá sé tábhachtach, i gcás ina bhfuil praghsanna miondíola rialáilte faoi bhun costais, nach ndéantar idirdhealú idir soláthróirí ná nach ngearrfar costais éagóracha orthu. Dá bhrí sin, ba cheart soláthróirí a chúiteamh go cothrom as na costais a thabhaíonn siad as a bheith ag soláthar ar phraghsanna rialáilte, gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair. Ba cheart costas na bpraghsanna rialáilte faoi bhun costais a mhaoiniú leis an ioncam a eascraíonn as cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam. Chun méadú ar éileamh ar leictreachas de thoradh na mbeart sin a sheachaint, níor cheart ach méid teoranta tomhaltais a chumhdach leis na praghsanna rialáilte faoi bhun costais, ach riachtanais fuinnimh na dtomhaltóirí a chomhlíonadh san am céanna.

    (44)Maidir le cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí gnó de chuid an Aontais a ghineann láimhdeachas 75 % ar a laghad in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne, gan a struchtúr costais a athrú go mór agus gan a ninfheistíochtaí a mhéadú, tá méadú tagtha ar bhrabús na gcuideachtaí agus na mbuanbhunaíochtaí sin mar gheall ar imthosca tobanna dothuartha an chogaidh, mar gheall ar an soláthar laghdaithe fuinnimh agus ar an méadú ar éileamh de thoradh teochtaí arda.

    (45)Ba cheart don ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach feidhmiú mar bheart athdháilte chun a áirithiú maidir leis na cuideachtaí lena mbaineann a bhfuil barrachas brabúis bainte amach acu mar thoradh ar imthosca gan choinne, go rannchuidíonn siad go comhréireach le feabhas a chur ar an ngéarchéim fuinnimh sa mhargadh inmheánach.

    (46)Is é is bunús do ríomh na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí brabúis is incháinithe na gcuideachtaí agus na mbuanbhunaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne a bhfuil cónaí orthu san Aontas chun críoch cánach, de réir mar a chinntear i gconarthaí déthaobhacha nó i ndlíthe cánach náisiúnta na mBallstát don bhliain fhioscach dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Na Ballstáit sin nach ndéanann ach cáin a ghearradh ar bhrabúis chorparáideacha dháilte, ba cheart dóibh an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a chur i bhfeidhm ar na brabúis ríofa beag beann ar a ndáileadh. Cinntear an bhliain fhioscach trí thagairt do na rialacha atá i bhfeidhm faoi dhlíthe náisiúnta na mBallstát.

    (47)Maidir le brabúis in 2022 níor cheart ach brabúis atá os cionn méadú 20 % ar an meánbhrabúis is incháinithe a ghintear sna 3 bliana fioscacha dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin a bheith faoi réir na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta.

    (48)Maidir leis an gcorrlach brabúis nach bhfuil mar thoradh ar na forbairtí dothuartha sna margaí fuinnimh i ndiaidh an chogaidh neamhdhleathaigh san Úcráin, áirithítear leis an gcur chuige sin go bhféadfadh na cuideachtaí agus na buanbhunaíochtaí lena mbaineann úsáid a bhaint as cuid den chorrlach brabúis sin le haghaidh infheistíochta amach anseo nó chun a gcobhsaíocht airgeadais a áirithiú le linn na géarchéime leanúnaí fuinnimh lena náirítear don tionscal dianfhuinnimh. Áirithítear leis an gcur chuige sin maidir leis an mbonn ríofa a chinneadh go bhfuil an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta comhréireach i mBallstáit éagsúla. An tráth céanna, áirithítear leis an gcur chuige sin maidir le híosráta a shocrú go bhfuil an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta cothrom agus comhréireach araon. Tá saoirse fós ag na Ballstáit ráta níos airde a chur i bhfeidhm i gcás inar thug siad ranníocaíocht dlúthpháirtíochta, tobhach nó cáin isteach cheana féin ar bharrachas brabúis is incháinithe na ngnóthas fuinnimh faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena sárófaí an ráta 33 % sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm. Cuireann an méid sin ar chumas na mBallstát sin a ráta tosaíochta a choinneáil ar bun, ar ráta é a mheas siad a bheith inghlactha agus iomchuí faoina gcórais dlí náisiúnta.

    (49)Ba cheart an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a úsáid le haghaidh i) bearta tacaíochta airgeadais don chustaiméir deiridh fuinnimh, agus eadhon le haghaidh teaghlaigh leochaileacha, chun éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh a mhaolú; ii) bearta tacaíochta airgeadais chun cabhrú leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú; iii) bearta tacaíochta airgeadais chun tacú le cuideachtaí i dtionscail dianfhuinnimh; iv) bearta tacaíochta airgeadais chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a fhorbairt. Ba cheart a chur ar chumas na mBallstát freisin sciar dfháltais na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí a shannadh do mhaoiniú comhchoiteann.

    (50)Is léiriú é úsáid na bhfáltas chun na gcríoch sin ar chineál eisceachtúil na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta mar bheart lena mbeartaítear éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh ar theaghlaigh agus chuideachtaí ar fud an Aontais a laghdú agus a mhaolú dfhonn an Margadh Aonair a chosaint agus an riosca go ndéanfar tuilleadh ilroinnte a chosc. Tá tionchar ag an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh ar na Ballstáit uile. Mar sin féin, i bhfianaise na néagsúlachtaí sa mheascán fuinnimh, ní imrítear an tionchar céanna ar na Ballstáit uile agus níl an spás fioscach céanna acu go léir chun na bearta is gá a dhéanamh chun teaghlaigh agus gnólachtaí leochaileacha a chosaint. In éagmais beart Eorpach amhail ranníocaíocht dlúthpháirtíochta, tá riosca mór ann go gcuirfear isteach ar an Margadh Aonair agus go ndéanfar tuilleadh ilroinnte, rud a dhéanfadh dochar do na Ballstáit uile, i bhfianaise chomhtháthú na margaí fuinnimh agus na slabhraí luacha. Is ábhar dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit san Aontas iad freisin dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta na géarchéime, go háirithe chun oibrithe i dtionscail neamhchosanta a chosaint. Chun tionchar na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta a uasmhéadú, ba cheart úsáid fháltais na ranníocaíochta a dhéanamh ar bhealach comhordaithe agus/nó trí ionstraimí maoinithe an Aontais de mheon dlúthpháirtíochta.

    (51)Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit bearta tacaíochta airgeadais a dhíriú ar na teaghlaigh agus ar na cuideachtaí is leochailí, arb iad na teaghlaigh agus na cuideachtaí is mó a ndéantar difear dóibh mar gheall ar an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh. Leis sin, chaomhnófaí an dreasacht praghsanna chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú agus fuinneamh a shábháil. Ina theannta sin, trí dhíriú ar na teaghlaigh is leochailí agus is srianta ó thaobh leachtachta de, bheadh tionchar dearfach ar an tomhaltas foriomlán (trí phlódú iomarcach caiteachais ar earraí neamhfhuinnimh a sheachaint) mar gheall ar an gclaonadh ardioncaim maidir le tomhaltas don ghrúpa teaghlach sin. Thairis sin, ba cheart fáltais a úsáid chun laghdú ar thomhaltas fuinnimh a chothú. I ndáil leis sin, ba cheart fáltais a úsáid, mar shampla, chun críche ceantanna nó scéimeanna tairisceana chun an téileamh a laghdú, chun costais ceannaigh fuinnimh na gcustaiméirí deiridh fuinnimh a ísliú i gcás toirteanna áirithe tomhaltais, nó chun infheistíochtaí ag custaiméirí fuinnimh deiridh, teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, i bhfoinsí inathnuaite, in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile a chur chun cinn. Ba cheart fáltais na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta a úsáid freisin chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chuideachtaí i dtionscail dianfhuinnimh, agus i réigiúin atá ag brath ar na tionscail sin. Tá na costais i dtionscail dianfhuinnimh ag ardú go pras i ngeall ar fhorbairtí i bpraghsanna fuinnimh atá ag méadú as cuimse, amhail sa tionscal leasachán. Tá bearta tacaíochta airgeadais le bheith coinníollach ar infheistíochtaí i bhfuinneamh inathnuaite, in éifeachtúlacht fuinnimh, nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile. Thairis sin, ba cheart tacú le bearta a chuidíonn leis an Aontas a dhéanamh níos neamhspleáiche i réimse an fhuinnimh trí bhíthin infheistíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht REPowerEU, eadhon maidir le tionscadail a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

    (52)Dfhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin cuid dfháltais na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta a shannadh do mhaoiniú coiteann beart atá beartaithe chun éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh a laghdú, lena náirítear tacaíocht chun fostaíocht a chosaint agus athoiliúint agus uassciliú an lucht saothair, nó chun infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn, lena náirítear i dtionscadail trasteorann. Le gné an mhaoinithe choitinn cumhdaítear comhroinnt costas bunaithe ar thionscadail idir na Ballstáit agus aistriú trí ionstraim de chuid an Aontais bunaithe ar na Ballstát ag sannadh ioncaim go deonach do bhuiséad an Aontais de mheon dlúthpháirtíochta.

    (53)Tá sé ríthábhachtach go ndéantar faireachán agus tuairisciú don Choimisiún go tráthrialta agus go héifeachtach chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i ndáil leis na spriocanna maidir le laghdú ar éileamh a bhaint amach, leis an gcaidhp ar ioncam a chur chun feidhme, le húsáid an bharrachais ioncaim, agus le cur i bhfeidhm praghsanna rialáilte.

    (54)Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta ina gcríocha faoi seach, agus maidir le haon leasú a dhéanann siad ar an ranníocaíocht sin.

    (55)Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú freisin maidir le húsáid na bhfáltas a eascraíonn as an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta. Go sonrach, déanfar an tuairisciú sin chun a áirithiú go núsáideann na Ballstáit na fáltais i gcomhréir leis an úsáid dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    (56)Ba cheart an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta agus an creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena rialaítear í a bheith de chineál sealadach chun aghaidh a thabhairt ar an staid eisceachtúil phráinneach atá tagtha chun cinn san Aontas maidir leis an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh. Ba cheart an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a bheith infheidhme chun barrachas brabúis arna ghiniúint in 2022 a chumhdach chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh atá ar siúl faoi láthair ar theaghlaigh agus cuideachtaí agus chun na héifeachtaí sin a mhaolú. Le cur i bhfeidhm na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta don bhliain chánach iomlán, beifear in ann leas a bhaint as brabúis iomarcacha don tréimhse ábhartha, ar mhaithe le leas an phobail chun iarmhairtí na ngéarchéimeanna fuinnimh a mhaolú, agus, san am céanna, déanfar sciar iomchuí brabúis a fhágáil le haghaidh na gcuideachtaí lena mbaineann.

    (57)Ba cheart feidhm a bheith ag an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta maidir leis an mbliain fhioscach 2022 agus le haghaidh na bliana sin amháin. Faoin 15 Deireadh Fómhair 2023, nuair a bheidh tuairim ag na húdaráis náisiúnta maidir le bailiú na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an staid agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle.

    (58)Má bhíonn deacrachtaí ag Ballstát maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin agus, go háirithe, maidir le cur i bhfeidhm na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí, ba cheart dó dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (59)Tá an luaineacht i bpraghsanna gáis foluiteacha ag cruthú deacrachtaí do ghnólachtaí fuinnimh atá gníomhach ar mhargaí todhchaíochtaí leictreachais, go háirithe maidir le rochtain a fháil ar chomhthaobhacht oiriúnach. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, ar shaincheisteanna a bhaineann le hincháilitheacht na comhthaobhachta agus na gcorrlach, agus ar bhealaí féideartha chun teorainn a chur le luaineacht iomarcach ionlae.

    (60)Thairis sin, tá na bearta sa Rialachán seo comhsheasmhach leis an obair chomhlántach leanúnach atá á déanamh ag an gCoimisiún Eorpach maidir le dearadh fadtéarmach an mhargaidh mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le hIdirghabhálacha Gearrthéarmacha sa Mhargadh Fuinnimh agus Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais a eisíodh in éineacht leis an bPlean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022.

    (61)I bhfianaise mhéid na géarchéime fuinnimh, leibhéal a tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais agus an ghá le gníomhú a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (62)I bhfianaise chineál eisceachtúil na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i bhfianaise an ghá iad a chur i bhfeidhm go háirithe le linn shéasúr geimhridh 2022-23, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán ar feadh tréimhse 1 bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm.

    (63)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo bunaítear idirghabháil éigeandála chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh trí bhearta atá eisceachtúla, spriocdhírithe agus lena mbaineann teorainn ama. Is é is cuspóir do na bearta seo laghdú a chur ar thomhaltas leictreachais, caidhp a chur ar ioncaim mhargaidh a fhaigheann táirgeoirí áirithe ó ghiniúint leictreachais agus iad a athdháileadh ar chustaiméirí deiridh ar bhealach spriocdhírithe chun a chur ar chumas na mBallstát idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm maidir le socrú praghsanna i leith sholáthar an leictreachais do theaghlaigh agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus rialacha a bhunú maidir le ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach i gcomhair chuideachtaí agus bhuanbhunaíochtaí an Aontais a bhíonn ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne chun rannchuidiú le hinacmhainneacht an fhuinnimh do theaghlaigh agus cuideachtaí.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun chíocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944 agus in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

    (1)ciallaíonn fiontar beag nó meánmhéide fiontar mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE 12 ón gCoimisiún;

    (2)ciallaíonn olltomhaltas leictreachais an soláthar foriomlán leictreachais le haghaidh gníomhaíochtaí i gcríoch Bhallstáit;

    (3)ciallaíonn tréimhse thagartha an tréimhse ón 1 Samhain go dtí an 31 Márta le linn na 5 bliana as a chéile roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag tosú leis an tréimhse ón 1 Samhain 2017 go dtí an 31 Márta 2018;

    (4)ciallaíonn uaireanta buaicphraghais uaireanta an chloig ina meastar go mbeidh praghsanna mórdhíola leictreachais lá roimh ré ar a leibhéal is airde, bunaithe ar réamhaisnéisí ó oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí ainmnithe margaidh leictreachais;

    (5)ciallaíonn ioncam margaidh ioncam réadaithe a fhaigheann táirgeoir mar mhalairt ar leictreachas a dhíol agus a sheachadadh san Aontas, gan beann ar an bhfoirm chonarthach ina dtarlaíonn malairt den sórt sin, lena náirítear comhaontaithe ceannaigh cumhachta agus oibríochtaí fálaithe eile in aghaidh luaineachtaí i margadh mórdhíola an leictreachais agus gan aon tacaíocht arna deonú ag an Stát san áireamh;

    (6)ciallaíonn socrú íocaíocht a dhéantar agus a fhaightear idir contrapháirtithe, in aghaidh seachadadh agus fáil leictreachais i gcás inarb infheidhme, de bhun idirbheart imréitigh amháin nó níos mó;

    (7)ciallaíonn údarás inniúil údarás inniúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2019/941;

    (8)ciallaíonn barrachas ioncaim difríocht dhearfach idir ioncaim mhargaidh na dtáirgeoirí in aghaidh gach MWh leictreachais agus an chaidhp EUR 180 in aghaidh gach MWh leictreachais;

    (9)ciallaíonn dramhaíl aon substaint nó réad a dhiúscraíonn an sealbhóir nó a bheartaíonn sé a dhiúscairt nó a gceanglaítear ar an sealbhóir í nó é a dhiúscairt mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE;

    (10)ciallaíonn glanallmhairí leictreachais, don tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2021, an difríocht idir allmhairí iomlána leictreachais agus onnmhairí iomlána leictreachais arna roinnt ar an olltáirgeadh iomlán leictreachais i mBallstát;

    (11)ciallaíonn bliain fhioscach bliain chánach, bliain féilire nó aon tréimhse eile iomchuí chun críoch cánach mar a shainmhínítear i ndlí náisiúnta;

    (12)ciallaíonn custaiméir custaiméir mórdhíola nó custaiméir deiridh;

    (13)ciallaíonn custaiméir deiridh fuinnimh custaiméir a cheannaíonn fuinnimh dá úsáid nó dá húsáid féin;

    (14)ciallaíonn custaiméir deiridh leictreachais custaiméir a cheannaíonn leictreachas dá úsáid nó dá húsáid féin;

    (15)ciallaíonn scéim tacaíochta aon ionstraim, scéim nó sásra a chuireann Ballstát i bhfeidhm, nó a chuireann grúpa Ballstát i bhfeidhm, agus a chuireann chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite;

    (16)ciallaíonn ráthaíocht thionscnaimh doiciméad leictreonach lena soláthraítear fianaise do chustaiméir deiridh gur táirgeadh sciar nó cainníocht áirithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite;

    (17)ciallaíonn gníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne aon ghníomhaíocht eacnamaíoch arna déanamh ag cuideachta nó buanbhunaíocht de chuid an Aontais lena ngintear 75 % ar a laghad den láimhdeachas i réimse eastóscadh, mhianadóireacht nó scagadh an pheitriliam nó i monarú táirgí oighinn cóic;

    (18)ciallaíonn cuideachta de chuid an Aontais cuideachta de chuid Ballstáit a meastar cónaí a bheith uirthi sa Bhallstát sin de réir rialacha cánach an Bhallstáit chun críoch cánach agus, faoi théarmaí comhaontaithe cánachais dhúbailte arna chur i gcrích le tríú tír, nach meastar cónaí a bheith uirthi lasmuigh den Aontas chun críoch cánach;

    (19)ciallaíonn buanbhunaíocht áit sheasta ghnó atá suite i mBallstát agus trína ndéantar gnó cuideachta de chuid Ballstáit eile a sheoladh go hiomlán nó go páirteach sa mhéid go bhfuil brabúis na háite gnó sin faoi réir cánach sa Stát ina bhfuil sé suite de bhua an chonartha cánach dhéthaobhaigh iomchuí nó, in éagmais conradh den sórt sin, de bhua an dlí náisiúnta;

    (20)ciallaíonn barrachas brabúis brabúis inchánach, a fhabhraítear ó ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ar leibhéal cuideachtaí nó buanbhunaíochtaí i réimse earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne, os cionn mhéadú 20 % ar mheán na mbrabús do na 3 bliana cánach roimhe sin;

    (21)ciallaíonn ranníocaíocht dlúthpháirtíochta beart sealadach atá beartaithe chun dul i ngleic le barrachas brabúis a fhaigheann cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne chun maolú a dhéanamh ar fhorbairtí eisceachtúla praghsanna sna margaí fuinnimh le haghaidh na mBallstát, tomhaltóirí agus cuideachtaí.

    CAIBIDIL II

    BEARTA A BHAINEANN LEIS AN MARGADH LEICTREACHAIS

     

    Roinn 1

    Laghdú ar éileamh

    Airteagal 3

    Laghdú ar olltomhaltas leictreachais

    Ba cheart do na Ballstáit féachaint le bearta a chur chun feidhme chun laghdú 10 % a chur ar a n‑olltomhaltas leictreachais iomlán i gcomparáid le meán an olltomhaltais leictreachais a bhí ann i míonna comhfhreagracha na tréimhse tagartha.

    Airteagal 4

    Laghdú ar olltomhaltas leictreachais le linn uaireanta buaicphraghais

    1.I gcás gach míosa, sainaithneoidh gach Ballstát uaireanta buaicphraghais a chomhfhreagraíonn do 10 % ar a laghad de na huaireanta go léir sa mhí.

    2.Cuirfidh gach Ballstát laghdú ar a nolltomhaltas leictreachais le linn na nuaireanta buaicphraghais a sainaithníodh. I gcás gach míosa, sroichfidh an laghdú a bhaintear amach ar a laghad leibhéal 5 % ar an meán in aghaidh gach uair an chloig. Ríomhfar sprioc an laghdaithe de réir na difríochta idir an tolltomhaltas leictreachais iarbhír do na huaireanta buaicphraghais a sainaithníodh agus an tolltomhaltas leictreachais arna réamh-mheas ag na hoibreoirí córais tarchurtha, ach gan áireamh a dhéanamh ar éifeacht na mbeart a cuireadh ar bun chun an sprioc a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach.

    Airteagal 5

    Bearta chun an laghdú ar éileamh a bhaint amach

    1.Féadfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an tolltomhaltas leictreachais a laghdú chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 a bhaint amach. Saineofar na bearta go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe agus, go háirithe:

    (a)beidh siad margadh-bhunaithe, le cúiteamh, agus bunófar iad i gcás inarb infheidhme trí phróiseas iomaíoch oscailte, lena náirítear tairiscintí ina bhfaighidh na dtairgeoirí a néireoidh leo cúiteamh;

    (b)ní bhainfidh siad le cúiteamh airgeadais ach amháin nuair a íoctar cúiteamh den sórt sin le haghaidh leictreachas breise nár tomhlaíodh i gcomparáid leis an tomhaltas ionchasach san uair an chloig lena mbaineann gan an tairiscint;

    (c)ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar an iomaíocht ná ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leictreachais;

    (d)ní bheidh siad teoranta go míchuí do chustaiméirí nó grúpaí custaiméirí sonracha, lena náirítear comhbhailitheoirí, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2019/944;

    (e)ní chuirfidh siad cosc go míchuí ar an bpróiseas a bhaineann le teicneolaíochtaí breoslaí iontaise a ionadú le teicneolaíochtaí a úsáideann leictreachas.

     

    Roinn 2

    Caidhp ar ioncaim mhargaidh agus barrachas ioncaim a dháileadh ar chustaiméirí deiridh

    Airteagal 6

    Caidhp shainordaitheach ar ioncaim mhargaidh

    1.Maidir leis na hioncaim mhargaidh de chuid táirgeoirí a fhaightear ó ghiniúint leictreachais ó na foinsí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), cuirfear caidhp orthu ar leibhéal uasta EUR 180 in aghaidh gach MWh a tháirgtear.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go spriocdhírítear leis an gcaidhp ar na hioncaim mhargaidh go léir de chuid táirgeoirí, gan beann ar chreat ama an mhargaidh ar lena linn a tharlaíonn an tidirbheart agus ar cé acu a thrádáiltear an leictreachais go déthaobhach nó i margadh láraithe.

    3.Cinnfidh na Ballstáit cé acu a chuirfear i bhfeidhm an chaidhp ar ioncaim tráth socraithe na malairte fuinnimh nó dá éis sin.

    4.Gan dochar do mhír 1, féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, ar bearta iad a chuireann teorainn bhreise leis na hioncaim mhargaidh de chuid tairgeoirí, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, nach gcuireann siad comharthaí infheistíochta i mbaol, go náirithítear leo go gcumhdaítear costais infheistíochta, nach ndéanann siad saobhadh ar fheidhmiú an mhargaidh mhórdhíola leictreachais, agus go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais.

    Airteagal 7

    An chaidhp ar na hioncaim mhargaidh a chur i bhfeidhm maidir le táirgeoirí leictreachais

    1.Beidh feidhm ag an oibleagáid in Airteagal 6 maidir leis na hioncaim mhargaidh a fhaightear ó dhíol leictreachais a tháirgtear ó na foinsí seo a leanas:

    (a)fuinneamh gaoithe;

    (b)grianfhuinneamh (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach);

    (c)fuinneamh geoiteirmeach;

    (d)hidreachumhacht gan taiscumar;

    (e)breosla bithmaise (breoslaí bithmaise soladacha nó gásacha), seachas bithmheatán;

    (f)dramhaíl;

    (g)fuinneamh núicléach;

    (h)lignít;

    (i)amhola agus táirgí ola eile.

    2.Ní bheidh feidhm ag an gcaidhp dá ndéantar foráil in Airteagal 6(1) maidir le tionscadail taispeántais ná maidir le táirgeoirí a bhfuil caidhp cheana, mar thoradh ar bhearta Stáit, ar a nioncaim in aghaidh gach MWh leictreachais a tháirgtear.

    3.Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe i gcásanna ina leanann ualach suntasach riaracháin de chur i bhfeidhm na caidhpe dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an gcaidhp maidir le táirgeoirí a ghineann leictreachas le háiseanna giniúna cumhachta ina bhfuil toilleadh suiteáilte uasta 20 kW.

    Airteagal 8

    Dreasachtaí le haghaidh comhaontuithe ceannaigh cumhachta i
    nathnuaite

    1.Laistigh de chreat an Rialacháin seo, cuirfidh na Ballstáit deireadh go tapa le haon bhacainní riaracháin nó margaidh nach bhfuil údar leo agus a fhearann ar chomhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite. Déanfaidh siad bearta chun dlús a chur le glacadh comhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide.

    2.Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta – mar aon le ráthaíochtaí tionscnaimh – a dhearadh, a sceidealú agus a chur chun feidhme ar bhealach chun go mbeidh siad comhoiriúnach agus comhlántach le comhaontuithe ceannaigh fuinnimh inathnuaite agus chun go ndéanfaidh siad na comhaontuithe sin a chumasú.

    Airteagal 9

    Barrachas ioncaim a dháileadh
     

    1.Maidir leis an mbarrachas ioncaim go léir a fhaightear mar thoradh ar chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncaim mhargaidh, áiritheoidh na Ballstáit go núsáidfear iad chun bearta a mhaoiniú a thacaíonn le custaiméirí deiridh leictreachais agus a mhaolóidh tionchar na bpraghsanna arda leictreachais ar na custaiméirí sin ar bhealach spriocdhírithe.

    2.Saineofar na bearta dá dtagraítear i mír 1 go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus ní ghníomhóidh siad in aghaidh na hoibleagáide in Airteagail 3 agus 4 chun an tolltomhaltas leictreachais a laghdú.

    3.Féadfar an méid seo a leanas, mar shampla, a chur ar áireamh sna bearta dá dtagraítear i mír 1:

    (a)cúiteamh airgeadais a dheonú do chustaiméirí deiridh leictreachais as a dtomhaltas leictreachais a laghdú, lena náirítear trí cheantanna laghdaithe éilimh nó scéimeanna tairisceana;

    (b)aistrithe díreacha chuig custaiméirí deiridh leictreachais;

    (c)cúiteamh do sholáthróirí nach mór dóibh leictreachas a sheachadadh ar chustaiméirí ar phraghas faoi bhun costais tar éis idirghabháil Stáit i socrú praghsanna de bhun Airteagal 12;

    (d)an costas ceannaigh leictreachais de chuid custaiméirí deiridh leictreachais a ísliú le haghaidh méid theoranta den leictreachas a ídítear;

    (e)cur chun cinn a dhéanamh ar infheistíochtaí ag custaiméirí deiridh leictreachais i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe, i bhfoinsí inathnuaite agus in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

    Airteagal 10

    Comhaontuithe idir Ballstáit

    I gcásanna ina mbíonn glanallmhairí leictreachais Ballstáit cothrom le nó níos airde ná 100 %, déanfar comhaontú chun an barrachas ioncaim a roinnt a thabhairt i gcrích faoin 1 Nollaig 2022 idir an Ballstáit allmhairiúcháin agus an phríomh-thír onnmhairiúcháin. Féadfaidh na Ballstáit go léir, de mheon na dlúthpháirtíochta, comhaontuithe den sórt sin a thabhair i gcrích.

    Roinn 3

    Bearta miondíola

    Airteagal 11

    Leathnú sealadach ar idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna leictreachais chuig fiontair bheaga agus mheánmhéide

    De mhaolú ar rialacha an Aontais maidir le hidirghabhálacha i socrú praghsanna, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna a chur i bhfeidhm maidir le soláthar leictreachais do fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Maidir le hidirghabhálacha poiblí den sórt sin:

    (a)beidh siad teoranta do sciar 80 % den tomhaltas bliantúil ab airde a rinne an tairbhí le 5 bliana anuas agus coinneoidh siad dreasacht i leith laghdú ar éileamh;

    (b) comhlíonfaidh siad coinníollacha Airteagal 5(4) agus (7) de Threoir (AE) 2019/944;

    (c)i gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh siad coinníollacha Airteagal 12 den Rialachán seo.

    Airteagal 12

    Féidearthacht shealadach chun praghsanna leictreachais faoi bhun costais a shocrú

    De mhaolú ar rialacha an Aontais maidir le hidirghabhálacha an Aontais i socrú praghsanna, le linn dóibh idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm maidir le soláthar leictreachais de bhun Airteagal 5(6) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 11 den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit praghas atá faoi bhun costais a shocrú maidir soláthar leictreachais, go heisceachtúil agus go sealadach, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha go léir seo a leanas:

    (a)Cumhdaíonn an beart méid teoranta tomhaltais agus coinníonn sé dreasacht i leith laghdú ar éileamh;

    (b)Níl dhéantar aon idirdhealú idir soláthróirí;

    (c)Tugtar cúiteamh do sholáthróirí as soláthar a dhéanamh faoi bhun costais;

    (d)Bíonn gach soláthróir incháilithe chun tairiscintí a sholáthar ar an bpraghas rialáilte ar an mbonn céanna.

     

    CAIBIDIL III

    BEART A BHAINEANN LE hEARNÁLACHA NA hOLA, AN GHÁIS AGUS NA SCAGLAINNE

    Airteagal 13

    Tacaíocht do chustaiméirí deiridh trí ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach shainordaitheach

    1.Beidh barrachas brabúis a ghintear ó ghníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne faoi réir ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach.

    2.Maidir le bearta náisiúnta atá ann cheana nó a bheartaítear agus lena ngabhann cuspóirí atá ar aon dul leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach faoin Rialachán seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh siad nó go gcomhlánóidh siad na rialacha lena rialaítear an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a shocraítear leis an Rialachán seo.

    3.Beidh feidhm ag an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach dá dtagraítear i mír 1 ón 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí.

    Airteagal 14

    Bonn chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh

    Déanfar an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach i gcomhair cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne a ríomh ar na brabúis inchánach, mar a chinntear faoi rialacha cánach náisiúnta sa bhliain fhioscach dar tús an 1 Eanáir 2022 nó dá éis sin, ar brabúis iad atá os cionn mhéadú 20 % ar mheán na mbrabús inchánach, mar a chinntear faoi rialacha cánach náisiúnta, de chuid na 3 bliana fioscacha dar tús an 1 Eanáir 2019 nó dá éis sin. Más luach diúltach an toradh meánach bliantúil ón tréimhse a chumhdaíonn na 3 bliana fioscacha dar tús an 1 Eanáir 2019 nó dá éis sin, ansin luach nialais a bheidh i meán na mbrabús inchánach chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh.

    Airteagal 15

    Ráta chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh

    1.An ráta is infheidhme chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh, beidh sé ar leibhéal 33 % ar a laghad den bhonn dá dtagraítear in Airteagal 14.

    2.Beidh feidhm ag an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach de bhreis ar na gnáthchánacha agus gnáththobhaigh is infheidhme de réir reachtaíocht náisiúnta Bhallstáit.

    Airteagal 16

    Úsáid na bhfáltas ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach

    1.Úsáidfidh na Ballstáit na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach le go nimreofar tionchar sách tráthúil chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)bearta tacaíochta airgeadais do chustaiméirí deiridh fuinnimh, agus go háirithe do theaghlaigh leochaileacha, chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh, ar bhealach spriocdhírithe;

    (b)bearta tacaíochta airgeadais chun cuidiú leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú amhail trí cheantanna laghdaithe éilimh nó scéimeanna tairisceana um laghdú ar éileamh, costais ceannaigh fuinnimh na gcustaiméirí deiridh fuinnimh a ísliú i gcás méideanna áirithe tomhaltais, infheistíochtaí a chur chun cinn ó chustaiméirí fuinnimh deiridh i bhfoinsí inathnuaite, in infheistíochtaí struchtúracha éifeachtúlachta fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile;

    (c)bearta tacaíochta airgeadais chun tacú le cuideachtaí i dtionscadail atá dian ar fhuinneamh ar choinníoll go ndéantar iad coinníollach ar infheistíochtaí i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh, san éifeachtúlacht fuinnimh, nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile.

    (d)bearta tacaíochta airgeadais chun an neamhspleáchas fuinnimh in infheistíochtaí áirithe a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, go áirithe tionscadail lena mbaineann gné thrasteorann.

    (e)de mheon na dlúthpháirtíochta, idir na Ballstáit, cuid dfháltais na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí a shannadh do mhaoiniú coiteann beart chun éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh a laghdú, lena náirítear tacaíocht chun fostaíocht a chosaint agus chun an lucht saothair a athoiliúint agus a uassciliú nó chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh agus san fhuinneamh inathnuaite a chur chun cinn lena náirítear i dtionscadail trasteorann.

    2.Saineofar na bearta dá dtagraítear i mír 1 go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe.

    Airteagal 17

    Cineál sealadach na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta

    An ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach arna cur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sí de chineál sealadach. Ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir le barrachas brabúis a ghintear sa bhliain fhioscach dar tús an 1 Eanáir 2022 nó dá éis sin.

     
    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 18

    Faireachán agus forfheidhmiú

    1.Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, 4, 5, 6, 7, 9, 11 agus 12 ar a chríoch.

    2.A luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faoin 1 Nollaig 2022 ar a dhéanaí, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta beartaithe de bhun Airteagal 5 agus maidir leis na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 10.

    3.Faoin 15 Eanáir 2023 agus gach mí ina dhiaidh sin go dtí an 15 Aibreán 2023, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)an laghdú ar éileamh a baineadh amach de bhun Airteagail 3 agus 4 agus na bearta a cuireadh ar bun chun an laghdú a bhaint amach de bhun Airteagal 5;

    (b)an barrachas ioncaim a gineadh de bhun Airteagal 6;

    (c)na bearta a bhaineann le dáileadh an bharrachais ioncaim agus a cuireadh i bhfeidhm chun maolú a dhéanamh ar thionchar praghsanna arda leictreachais ar chustaiméirí deiridh de bhun Airteagal 9;

    (d)aon idirghabhálacha poiblí a rinneadh i socrú praghsanna i gcomhair leictreachais agus dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12;

    4.Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)tabhairt isteach na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí de bhun Airteagal 13 faoin 15 Deireadh Fómhair 2022;

    (b)aon leasuithe ina dhiaidh sin ar an mbeart sin laistigh de mí amháin ón bhfoilsiú san iris oifigiúil náisiúnta;

    (c)úsáid na bhfáltas de bhun Airteagal 16 laistigh de mhí amháin ón uair a bheidh na Ballstáit tar éis na fáltais a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    Airteagal 19

    Athbhreithniú

    1.Faoin 28 Feabhra 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Chaibidil II i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair leictreachais agus phraghsanna an leictreachais san Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Bunaithe ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh go háirithe, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin mar thoradh ar na himthosca eacnamaíocha nó ar fheidhmiú an mhargaidh leictreachais san Aontas agus i mBallstáit aonair, go bhfadófar tréimhse feidhme an rialacháin seo, go leasófar leibhéal na caidhpe ioncaim in Airteagal 6(1) agus a feidhm maidir le táirgeoirí in Airteagal 7, nó go leasófar Caibidil II ar shlí eile.

    2.Faoin 15 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Chaibidil III i bhfianaise staid ghinearálta earnáil an bhreosla iontaise agus an bharrachais brabúis a gineadh agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle.

    Airteagal 20

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.Gan dochar don ghá atá ann dáileadh an bharrachais ioncaim a áirithiú i gcomhréir le Airteagal 9, agus fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a úsáid i gcomhréir le Airteagal 16, beidh feidhm ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse bliana óna theacht i bhfeidhm.

    Beidh feidhm ag Airteagail 3, 4, 5, 6, 7, 9, 10 ón 1 Nollaig 2022. Beidh an méid sin gan dochar do chur i bhfeidhm deonach a dhéanann Ballstáit níos túisce ná sin.

    Beidh feidhm ag Airteagail 3, 4, 6, 7 go dtí an 31 Márta 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    https://acer.europa.eu/Official_documents/Acts_of_the_Agency/Publication/ACERs%2520Final%2520Assessment%2520of%2520the%2520EU%2520Wholesale%2520Electricity%2520Market%2520Design.pdf
    (2)    Study on the quantification of Demand Response (DR) benefits to electricity suppliers and consumers in Europe in 2030 on its way to achieve deep decarbonisation [Staidéar ar na tairbhí a bhaineann le Freagairt don Éileamh a chainníochtú do sholáthróirí leictreachais agus do thomhaltóirí san Eoraip in 2030, agus í ar a bealach dícharbónú domhain a bhaint amach], Compass Lexecon, mí Eanáir 2021; Demand Side Flexibility potential contribution to 2023 gas reduction [Solúbthacht Thaobh an Éilimh, rannchuidiú féideartha le laghdú gáis 2023], DNV, mí Mheán Fómhair 2022
    (3)    Costais fuinnimh, cánacha agus tionchar idirghabhálacha rialtais ar infheistíochtaí: tuarascáil chríochnaitheach , Trinomics, mí Dheireadh Fómhair 2020.
    (4)    Tháinig méadú os cionn EUR 200/MWh ar phraghas an gháis nádúrtha agus tháinig méadú os cionn EUR 300/MWh ar phraghas an ghuail.
    (5)    COM(2022) 108 final
    (6)    COM (2021) 660 final an 13 Deireadh Fómhair 2021: Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht]
    (7)    COM (2022) 236 final
    (8)    Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis, IO L 173/17 an 30 Meitheamh 2022.
    (9)    An breithiúnas i gCás C-848/19 P (an Ghearmáin v an Pholainn).
    (10)    https://acer.europa.eu/Official_documents/Acts_of_the_Agency/Publication/ACERs%2520Final%2520Assessment%2520of%2520the%2520EU%2520Wholesale%2520Electricity%2520Market%2520Design.pdf
    (11)    Rialachán (AE) 2022/1369 an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).
    (12)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.05.2003, lch. 36).
    Top