EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0454

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

COM/2022/454 final

An Bhruiséil,15.9.2022

COM(2022) 454 final

2022/0272(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2022) 321 final} - {SWD(2022) 282 final} - {SWD(2022) 283 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá méadú ar líon na gcibirionsaithe rathúla a dhéantar ar chrua-earraí agus ar bhogearraí, agus meastar gurb é EUR 5,5 trilliún an costas domhanda bliantúil a bheidh ar an gcibearchoireacht faoi 2021. Goilleann dhá mhórfhadhb ar na táirgí sin agus cuirtear leis na costais a bhíonn ar úsáideoirí agus ar na tsochaí: (1) leibhéal íseal cibearshlándála, a léirítear leis na leochaileachtaí forleathana atá ann agus an soláthar nuashonruithe slándála nach bhfuil leormhaith ná comhsheasmhach chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí sin, agus (2) an tuiscint agus an rochtain easnamhach atá ag úsáideoirí ar fhaisnéis, rud a chiallaíonn nach mbíonn sé ar a gcumas táirgí a roghnú ag a bhfuil airíonna leormhaithe cibearshlándála nó iad a úsáid ar bhealach slán. I dtimpeallacht nasctha, d’fhéadfadh teagmhas cibearshlándála i dtáirge amháin difear a dhéanamh don eagraíocht ina hiomláine nó don slabhra iomlán soláthair, agus is minic a scaipeann sé thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach taobh istigh de chúpla nóiméad. D’fhéadfadh sé sin cur isteach go mór ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta nó d’fhéadfadh sé fiú daoine a chur i mbaol a mbáis.

Tá gné mhór trasteorann ag baint le cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, mar gur minic a úsáidtear táirgí a mhonaraítear i dtír amháin ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Anuas air sin, is minic a scaipeann teagmhais nach ndéanann difear ach d’eintiteas nó do Bhallstát amháin ag an tús ar fud an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine taobh istigh de chúpla nóiméad.

Cé go bhfuil feidhm ag reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh atá ann cheana maidir le táirgí áirithe ag a bhfuil gnéithe digiteacha, ní chumhdaítear formhór an dtáirgí crua-earraí ná bogearraí le haon reachtaíocht de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh ar an gcibearshlándáil a bhaineann leo. Go háirithe, ní thugtar aghaidh leis an gcreat dlíthiúil atá ag an Aontas faoi láthair ar chibearshlándáil bogearraí neamhleabaithe, fiú má tá ionsaithe cibearshlándála á ndíriú níos mó ar na laigí sin, agus eascraíonn costais mhóra eacnamaíocha agus shochaíocha uaidh sin. Is iomaí sampla atá ann de chibirionsaithe móra a rinneadh mar thoradh ar shlándáil fho-optamach táirge, amhail péist bogearra éirice WannaCry, a bhain buntáiste as leochaileacht Windows a rinne difear do 200 000 ríomhaire ar fud 150 tír in 2017 agus a rinne damáiste a chosain na billiúin USD; ionsaí ar shlabhra soláthair Kaseya VSA, inar úsáideadh bogearra riaracháin líonra Kaseya chun ionsaí a dhéanamh ar 1 000 cuideachta agus a thug ar shlabhra ollmhargaí a 500 siopa ar fad a dhúnadh ar fud na Sualainne; nó an iliomad teagmhas inar haiceáladh feidhmchláir bhaincéireachta chun airgead a ghoid ó chustaiméirí nach raibh aon choinne acu leis.

Sainaithníodh dhá phríomhchuspóir lena ndírítear ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú: (1) dálaí a chruthú chun táirgí slána ag a bhfuil gnéithe digiteacha a fhorbairt trína áirithiú go gcuirtear táirgí bogearraí agus crua-earraí ar an margadh gan mórán leochaileachtaí iontu agus trína áirithiú go ndéanann monaróirí cúram den tslándáil ar feadh saolré táirge; agus (2) dálaí a chruthú lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an chibearshlándáil a chur san áireamh agus táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha á roghnú agus á n‑úsáid acu. Leagadh amach na ceithre phríomhchuspóir seo a leanas: (i) a áirithiú go gcuireann monaróirí feabhas ar shlándáil táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha sa chéim dheartha agus forbartha agus ar feadh shaolré an táirge; (ii) creat comhleanúnach cibearshlándála a áirithiú, agus comhlíontacht a éascú le haghaidh táirgeoirí crua-earraí agus bogearraí; (iii) feabhas a chur ar thrédhearcacht airíonna slándála táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, agus (iv) é a chur ar a gcumas do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a úsáid go slán.

Ciallaíonn gné mhór trasteorann na cibearshlándála agus an líon méadaitheach teagmhas, a mbíonn tionchar acu thar theorainneacha agus ar fud earnálacha agus táirgí, nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a bhaint amach go héifeachtach ina n‑aonar. I bhfianaise chineál domhanda na margaí le haghaidh táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, bíonn na rioscaí céanna le sárú ag na Ballstáit le haghaidh na dtáirgí céanna ag a bhfuil gnéithe digiteacha ar a gcríoch. Tá an baol ann go gcuirfeadh creat ilroinnte de rialacha náisiúnta éagsúla atá ag teacht chun cinn bac ar mhargadh inmheánach oscailte iomaíoch le haghaidh táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais chun méadú a chur ar an leibhéal muiníne atá ann i measc úsáideoirí agus ar mhealltacht táirgí de chuid an Aontais ag a bhfuil gnéithe digiteacha. Rachadh sé chun tairbhe don mhargadh inmheánach freisin trí dheimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus cothrom iomaíochta a bhaint amach le haghaidh dhíoltóirí na dtáirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, mar a cuireadh i dtábhacht freisin sa tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, inar iarr saoránaigh go mbeadh ról níos mó ag an Aontas maidir le bagairtí cibearshlándála a chomhrac.

Idirghníomhú le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is éard atá i gceist le creat an Aontais roinnt píosaí reachtaíochta cothrománaí lena gcumhdaítear gnéithe áirithe a bhaineann leis an gcibearshlándáil ó pheirspictíochtaí éagsúla (táirgí, seirbhísí, bainistiú géarchéime, agus coireanna). In 2013, tháinig an Treoir maidir le hionsaithe ar chórais faisnéis i bhfeidhm, 1 treoir lena gcomhchuibhítear coiriúlú agus pionóis le haghaidh roinnt cionta in aghaidh córais faisnéise. I mí Lúnasa 2016, tháinig Treoir (AE) 2016/1148 maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (Treoir NIS) 2 i bhfeidhm agus ba í an chéad phíosa reachtaíochta maidir leis an gcibearshlándáil a raibh feidhm aige ar fud an Aontais. Leis an athbhreithniú a rinneadh uirthi, arb é ba thoradh air Treoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)], méadaítear leibhéal coiteann uaillmhéine an Aontais. In 2019, tháinig Gníomh an Aontais um Chibearshlándáil 3 i bhfeidhm, lena ndírítear ar fheabhas a chur ar shlándáil táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC trí chreat deonach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a thabhairt isteach 4 .

Ní áirithítear cibearshlándáil an tslabhra soláthair ina iomláine ach amháin má tá na comhpháirteanna uile den slabhra cibearshlán. Tá bearnaí móra sa reachtaíocht thuasluaite de chuid an Aontais i ndáil leis sin, toisc nach gcumhdaítear léi ceanglais shainordaitheacha le haghaidh slándáil táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha.

Cé go ndéantar táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a chuirtear ar an margadh a chumhdach leis an nGníomh um Chibear-athléimneacht atá beartaithe, is é is aidhm do Threoir [Treoir XXX/XXX (NIS2)] ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú i gcás seirbhísí a sholáthraíonn eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. Le Treoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a thagann faoin raon feidhme, amhail soláthraithe cúraim sláinte nó néalseirbhísí agus eintitis riaracháin phoiblí, go ndéanann siad bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla cibearshlándála atá iomchuí agus comhréireach. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, ceanglas maidir leis an tslándáil a áirithiú agus córais gréasáin agus faisnéise á bhfáil, á bhforbairt agus á gcoinneáil ar bun, lena n‑áirítear an láimhseáil agus an nochtadh leochaileachtaí. Le Treoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta a bhaineann leis na bearta sin laistigh de 21 mhí tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo le haghaidh cineálacha áirithe eintiteas, amhail soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta. Maidir leis na heintitis eile uile, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos na ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta, mar aon leis na ceanglais earnála. Áiritheofar leis an gcreat go ndéanfar sonraíochtaí agus bearta teicniúla atá comhchosúil le buncheanglais chibearshlándála an Gnímh um Chibear-athléimneacht a chur chun feidhme maidir le bogearraí a sholáthraítear mar sheirbhís (Bogearraí mar Sheirbhís) a dhearadh, a fhorbairt agus a láimhseáil ó thaobh leochaileachtaí de. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur bhealach a bheadh ann ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú i gcásanna amhail córais um thaifid leictreonacha sláinte, lena n‑áirítear nuair a sholáthraítear mar Bhogearraí mar Sheirbhís iad nó nuair a fhorbraítear laistigh d’institiúid sláinte (intí) iad i gcomhréir leis an [Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte] atá beartaithe.

Idirghníomhú le beartais eile de chuid an Aontais

Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht dar teideal Shaping Europe's digital future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] 5 , tá sé ríthábhachtach go mbaineann an tAontas na buntáistí uile as an ré dhigiteach agus go láidríonn sí a hacmhainneacht tionscail agus nuálaíochta, laistigh de theorainneacha sábháilte agus eiticiúla. Leagtar amach ceithre cholún sa straitéis Eorpach maidir le sonraí – cosaint sonraí, cearta bunúsacha, an tsábháilteacht agus an chibearshlándáil – mar réamhriachtanais fhíor‑riachtanacha do shochaí a gcumhachtaíonn an úsáid sonraí í.

Is é atá i gcreat an Aontais 6 atá ann faoi láthair agus is infheidhme maidir le táirgí a bhféadfadh sé go mbeadh gnéithe digiteacha acu roinnt píosaí reachtaíochta, lena náirítear reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí sonracha lena gcumhdaítear gnéithe a bhaineann leis an tsábháilteacht agus reachtaíocht ghinearálta maidir le dliteanas i leith táirgí. Tá an togra seo comhleanúnach leis an gcreat rialála de chuid an Aontais atá ann faoi láthair maidir le táirgí, agus le tograí reachtacha a bhí ann le déanaí amhail an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán [an Rialachán maidir le hIntleacht Shaorga] 7 .

Bheadh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir leis an trealamh raidió uile faoi chuimsiú Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún. Thairis sin, áirítear leis na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo gnéithe uile na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) de Threoir 2014/53/AE, lena n‑áirítear na príomhghnéithe a leagtar amach in [Cinneadh cur chun feidhme XXX/2022 ón gCoimisiún maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú] arna n‑eisiúint ar bhonn an Rialacháin Tarmligthe sin. Chun forluí rialála a sheachaint, meastar go n‑aisghairfeadh nó go leasódh an Coimisiún an Rialachán Tarmligthe maidir leis an trealamh raidió a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe, ionas go mbeadh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir leis, a luaithe is infheidhme é.

Thairis sin, chun dúbailt oibre a sheachaint, meastar go gcuirfidh an Coimisiún agus na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú san áireamh an obair chaighdeánaithe a rinneadh i gcomhthéacs Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)5637 ón gCoimisiún maidir le hiarraidh ar chaighdeánú le haghaidh Rialachán Tarmligthe RED 2022/30 agus caighdeáin chomhchuibhithe á n‑ullmhú agus á bhforbairt chun cur chun feidhme an Rialacháin a éascú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo, lena ndéantar foráil maidir le bearta a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Is é is cuspóir don togra comhchuibhiú a dhéanamh ar cheanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha sna Ballstáit uile agus deireadh a chur le bacainní ar shaorghluaiseacht earraí.

Féadfar Airteagal 114 CFAE a úsáid mar bhunús dlí chun cosc a chur ar theacht chun cinn na mbacainní sin a eascraíonn as dlíthe agus as cuir chuige náisiúnta éagsúla a bheith ann maidir leis an gcaoi chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dlíthiúil agus ar na bearnaí sna creataí dlíthiúla atá ann faoi láthair 8 . Thairis sin, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais go bhféadfadh cur i bhfeidhm ceanglas teicniúil ilchineálach a bheith ina fhoras bailí chun Airteagal 114 CFAE a ghníomhachtú 9 .

An creat reachtach de chuid an Aontais atá ann faoi láthair agus is infheidhme i leith táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, tá an creat sin bunaithe ar Airteagal 114 CFAE agus is éard atá ann roinnt píosaí reachtaíochta, lena náirítear píosaí reachtaíochta maidir le táirgí sonracha agus gnéithe a bhaineann leis an tsábháilteacht nó reachtaíocht ghinearálta maidir le dliteanas i leith táirgí. Ní chumhdaítear leis áfach ach gnéithe áirithe a bhaineann le cibearshlándáil táirgí digiteacha inláimhsithe agus, de réir mar is infheidhme, bogearraí atá leabaithe sna táirgí sin. Ar an leibhéal náisiúnta, tá na Ballstáit ag tosú ar bhearta náisiúnta a dhéanamh lena gceanglaítear ar dhíoltóirí táirgí digiteacha feabhas a chur ar a gcibearshlándáil 10 . An tráth céanna, tá gné mhór trasteorann ag baint le cibearshlándáil táirgí digiteacha, toisc gur minic a úsáideann eagraíochtaí agus tomhaltóirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine táirgí a mhonaraítear i dtír amháin. Is minic a scaipeann teagmhais a bhaineann le heintiteas nó le Ballstát amháin ar fud eagraíochtaí, earnálacha agus roinnt Ballstát laistigh de chúpla nóiméad.

Na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh éagsúla a rinneadh go dtí seo ar leibhéal an Aontais, ní thugann siad aghaidh ach go páirteach ar na fadhbanna a sainaithníodh agus tá an baol ann go gcruthófar meascán mearaí reachtach laistigh den mhargadh inmheánach, go méadófar an éiginnteacht dhlíthiúil le haghaidh dhíoltóirí agus úsáideoirí na dtáirgí agus go gcuirfear ualach nach bhfuil gá leis ar chuideachtaí roinnt ceanglas a chomhlíonadh le haghaidh cineálacha comhchosúla táirgí.

Leis an Rialachán atá beartaithe, chomhchuibheofaí agus chuíchóireofaí tírdhreach rialála an Aontais trí cheanglais chibearshlándála a thabhairt isteach le haghaidh táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus trí cheanglais fhorluiteacha a eascraíonn ó phíosaí éagsúla reachtaíochta a sheachaint. Leis sin, chruthófaí deimhneacht dhlíthiúil níos fearr le haghaidh oibreoirí agus úsáideoirí ar fud an Aontais, agus dhéanfaí comhchuibhiú níos fearr ar an margadh inmheánach Eorpach, chruthófaí dálaí níos inmharthana le haghaidh oibreoirí a bhfuil sé d’aidhm acu dul isteach i margadh an Aontais.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ciallaíonn gné mhór trasteorann na cibearshlándála i gcoitinne agus an líon méadaitheach rioscaí agus teagmhas, a mbíonn tionchar acu thar theorainneacha agus ar fud earnálacha agus táirgí, nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na hidirghabhála seo a bhaint amach go héifeachtach astu féin. Le cuir chuige náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna, agus go háirithe le cuir chuige lena dtugtar isteach ceanglais shainordaitheacha, cruthófar tuilleadh éiginnteacht dhlíthiúil agus bacainní dlíthiúla. D’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ar chuideachtaí leathnú go héasca chuig Ballstáit eile, agus go gceilfí buntáistí a dtáirgí ar úsáideoirí.

Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais chun ardleibhéal muiníne a bhunú i measc úsáideoirí agus chun méadú a chur ar mhealltacht táirgí de chuid an Aontais ag a bhfuil gnéithe digiteacha . Rachadh sé chun tairbhe freisin don mhargadh aonair digiteach agus don mhargadh inmheánach i gcoitinne trí dheimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus trí chothrom iomaíochta a sholáthar le haghaidh monaróirí táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha.

Ar deireadh, leis na Conclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, iarrtar ar an gCoimisiún ceanglais choiteanna chibearshlándála a mholadh le haghaidh gairis cheangailte faoi dheireadh 2022.

Comhréireacht

A mhéid a bhaineann le comhréireacht an Rialacháin atá beartaithe, ní rachadh na bearta sna roghanna beartais a breithníodh thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a bhaint amach agus ní bheadh costais dhíréireacha ag baint leo. Go sonrach, áiritheofaí leis an idirghabháil atá á breithniú go ndaingneofaí táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha le linn a saolré agus go ndaingneofaí iad i gcomhréir leis na rioscaí atá ann trí bhíthin ceanglais atá dírithe ar chuspóirí agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, ceanglais a bheidh réasúnta agus a bheidh comhfhreagrach go ginearálta do leas na n‑eintiteas lena mbaineann.

Na buncheanglais chibearshlándála sa togra, tá siad ag cur le caighdeáin a úsáidtear go forleathan, agus chuirfí sainiúlachtaí teicniúla na dtáirgí san áireamh leis an bpróiseas caighdeánaithe a bheadh ann amach anseo. Ciallaíonn sé sin go n‑oiriúnófaí na rialuithe slándála i gcás inar ghá sin le haghaidh leibhéal riosca ar leith. Thairis sin, leis na rialacha cothrománacha atá beartaithe, ní dhéanfaí foráil maidir le measúnú tríú páirtí ach le haghaidh táirgí criticiúla. Ní áireofaí leis sin ach sciar cúng den mhargadh le haghaidh táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha. Bheadh an tionchar ar FBManna ag brath ar a láithreacht i margadh na gcatagóirí sonracha táirgí sin.

Maidir le comhréireacht na gcostas ar mheasúnú comhréireachta, chuirfeadh comhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanann na measúnuithe tríú páirtí méid an gnóthais san áireamh agus na táillí á socrú acu. Dhéanfaí foráil freisin maidir le hidirthréimhse réasúnta de 24 mhí chun an cur chun feidhme a ullmhú, agus thabharfaí am do na margaí ábhartha ullmhú agus thabharfaí treoir shoiléir d’infheistíochtaí T&F an tráth céanna. An buntáiste a bhainfeadh le leibhéal níos airde slándála a bheith ag táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus leis an méadú ar deireadh ar mhuinín úsáideoirí, ba mhó an buntáiste sin ná aon chostas comhlíontachta a bheadh ar ghnólachtaí.

An rogha ionstraime

Is éard a bheadh i gceist le hidirghabháil rialála rialachán a ghlacadh seachas treoir. Tá sé sin amhlaidh toisc, i gcás an chineáil áirithe reachtaíochta seo maidir le táirgí, go mbeadh rialachán níos éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh agus chun na cuspóirí a ceapadh a chomhlíonadh, ós rud é gur idirghabháil é lena gcuirtear coinníoll ar chatagóir an‑leathan táirgí a chur ar an margadh inmheánach. Mar gheall ar an bpróiseas trasuite i gcás treoir le haghaidh idirghabháil den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an iomarca saoirse ann ar an leibhéal náisiúnta, agus go bhféadfadh easpa aonfhoirmeachta maidir le buncheanglais áirithe chibearshlándála, éiginnteacht dhlíthiúil, tuilleadh ilroinnte nó cásanna idirdhealaitheacha trasteorann a bheith ann fiú agus thairis sin, cuirtear san áireamh go bhféadfadh na táirgí a chumhdaítear a bheith ina dtáirgí ilchuspóireacha nó ilúsáide agus gur féidir le monaróirí roinnt catagóirí de na táirgí sin a tháirgeadh.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara. Iarradh ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí oscailte agus sna suirbhéanna agus sna ceardlanna a eagraíodh i gcomhthéacs staidéir a rinne cuibhreannas lena dtacaítear le hobair ullmhúcháin an Choimisiúin don mheasúnú tionchair: Wavestone, an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS) agus ICF. Áirítear leis na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh, comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéileálann leis an gcibearshlándáil, monaróirí crua-earraí agus bogearraí, allmhaireoirí agus dáileoirí crua-earraí agus bogearraí, comhlachais trádála, eagraíochtaí tomhaltóirí agus úsáideoirí táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus saoránaigh, taighdeoirí agus acadóirí, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus comhlachtaí creidiúnúcháin agus gairmithe sa tionscal cibearshlándála.

Cuimsítear an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin:

·Céad staidéar a rinne cuibhreannas ina raibh ICF, Wavestone, Carsa agus CEPS, staidéar a foilsíodh i mí na Nollag 2021 11 . Sainaithníodh roinnt teipeanna margaidh leis an staidéar agus rinneadh measúnú ar idirghabhálacha rialála a d’fhéadfaí a dhéanamh.

·Comhairliúchán Poiblí Oscailte lenar díríodh ar shaoránaigh, ar pháirtithe leasmhara agus ar shaineolaithe cibearshlándála. Cuireadh 176 fhreagra isteach. Chuir na freagraí sin leis an mbailiúchán éagsúil tuairimí agus taithí a fuarthas ó na grúpaí páirtithe leasmhara uile.

·Le ceardlanna a d’eagraigh an staidéar lena dtacaítear le hobair ullmhúcháin an Choimisiúin le haghaidh Gníomh um Chibear-athléimneacht, tugadh le chéile tuairim agus 100 ionadaí ó na 27 mBallstát uile a rinne ionadaíocht do pháirtithe leasmhara éagsúla.

·Rinneadh agallaimh le saineolaithe chun tuiscint níos doimhne a fháil ar na dúshláin chibearshlándála atá ann faoi láthair maidir le táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus chun roghanna beartais a phlé maidir le hidirghabháil rialála a d’fhéadfaí a dhéanamh.

·Reáchtáladh plé déthaobhach le húdaráis náisiúnta chibearshlándála, leis an earnáil phríobháideach agus le heagraíochtaí tomhaltóirí.

·Rinneadh for-rochtain spriocdhírithe ar phríomhpháirtithe leasmhara FBManna.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ba é ab aidhm do na gníomhaíochtaí comhairliúcháin ionchur a fháil maidir leis na cúig phríomhchritéar meastóireachta bunaithe ar Threoirlínte an Aontais maidir le Rialáil Níos Fearr (éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, breisluach AE) mar aon leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ní hamháin go ndearna an conraitheoir teagmháil leis na páirtithe leasmhara a mbeadh tionchar díreach ag an Rialachán atá beartaithe orthu, ach chuaigh sé i gcomhairle freisin le raon leathan saineolaithe i réimse na cibearshlándála.

Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair le haghaidh an togra seo agus rinne Bord an Choimisiúin um Ghrinnscrúdú Rialála scrúdú air. Reáchtáladh cruinniú le RSB an 6 Iúil 2022 agus tháinig tuairim dhearfach amach ina dhiaidh. Coigeartaíodh an Measúnú Tionchair chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí agus ar bharúlacha RSB.

Scrúdaigh an Coimisiún roghanna beartais éagsúla chun cuspóirí ginearálta an togra a bhaint amach:

·Cur chuige dlí bhoig agus bearta deonacha (rogha 1): Leis an rogha seo, ní dhéanfaí aon idirghabháil shainordaitheach rialála. Ina ionad sin, d’eiseodh an Coimisiún teachtaireachtaí, treoraíocht, moltaí agus d’fhéadfadh sé cóid iompair a eisiúint chun bearta deonacha a spreagadh. Leanfaí de scéimeanna náisiúnta, idir scéimeanna deonacha nó sainordaitheacha, a fhorbairt chun an easpa rialacha cothrománacha ar leibhéal an Aontais a chúiteamh.

·Idirghabháil rialála adhoc le haghaidh cibearshlándáil táirgí inláimhsithe ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus bogearraí leabaithe faoi seach (rogha 2): Idirghabháil rialála ad hoc a bheadh sonrach do tháirgí a bheadh i gceist leis an rogha seo, bheadh an idirghabháil teoranta d’ábhar a chur leis na ceanglais chibearshlándála atá sa reachtaíocht atá ann cheana nó do na ceanglais sin a leasú nó reachtaíocht nua a thabhairt isteach de réir mar a thiocfadh rioscaí nua chun cinn, lena náirítear, reachtaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bogearraí nach bhfuil leabaithe.

Is éard atá i gceist le rogha 3 agus rogha 4 idirghabháil chothrománach rialála atá éagsúil ó thaobh raon feidhme de, a leanfadh an Creat Reachtach Nua go mór. Leis an gcreat sin, leagtar amach buncheanglais mar choinníoll chun táirgí áirithe a chur ar an margadh inmheánach. Leis an gCreat Reachtach Nua, déantar foráil de ghnáth maidir le measúnú comhréireachta freisin, an próiseas a dhéanann an monaróir chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais shonraithe a bhaineann le táirge.

·Cur chuige measctha, lena náirítear rialacha cothrománacha sainordaitheacha maidir le cibearshlándáil táirgí inláimhsithe ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus bogearraí leabaithe faoi seach agus cur chuige céimnithe le haghaidh bogearraí neamhleabaithe (rogha 3): Is éard a bheadh i gceist leis an rogha seo rialachán lena dtabharfaí isteach ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh gach táirge inláimhsithe ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus le haghaidh na mbogearraí atá leabaithe iontu sin, mar choinníoll chun iad a chur ar an margadh, agus bheadh dhá fhorogha i gceist leis, ceann a mbeadh measúnú sainordaitheach tríú páirtí ag gabháil leis agus ceann gan an measúnú sin (3i agus 3ii). Ní rialófaí bogearraí neamhleabaithe.

·Idirghabháil chothrománach rialála lena dtabharfaí isteach ceanglais chibearshlándála le haghaidh raon leathan táirgí digiteacha inláimhsithe agus doláimhsithe ag a bhfuil gnéithe digiteacha, lena náirítear bogearraí neamhleabaithe (rogha 4): Tá an rogha seo cosúil le rogha 3, seachas an raon feidhme. Le rogha 4, d’áireofaí bogearraí neamhleabaithe (agus dhá fhorogha faoi seach lena náireofaí bogearraí criticiúla amháin (4a) nó na bogearraí uile (4b)) faoi chuimsiú rialachán a d’fhéadfadh a bheith ann. Le haghaidh gach forogha, bhreithneofaí na foroghanna céanna maidir le measúnú comhréireachta atá i rogha 3.

Tháinig rogha 4 (agus na foroghanna lena gcumhdaítear na bogearraí uile agus lena mbaineann measúnú sainordaitheach tríú páirtí le haghaidh táirgí criticiúla) chun cinn mar an rogha thosaíochta bunaithe ar an measúnú ar éifeachtacht in aghaidh na gcuspóirí sonracha agus ar éifeachtúlacht costas in aghaidh tairbhí. Leis an rogha sin freisin, d’áiritheofaí go leagfaí amach ceanglais shonracha chothrománacha chibearshlándála le haghaidh na dtáirgí uile ag a bhfuil gnéithe digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh inmheánach, agus is í an t‑aon rogha lena gcumhdaítear an slabhra soláthair digiteach ina iomláine. Le hidirghabháil rialála den sórt sin, chumhdófaí bogearraí neamhleabaithe freisin, bogearraí a nochtar do leochaileachtaí go minic, agus dá bhrí sin, d’áiritheofaí cur chuige comhleanúnach le haghaidh na dtáirgí uile ag a bhfuil gnéithe digiteacha, agus bheadh sciar soiléir freagrachtaí ar oibreoirí eacnamaíocha éagsúla.

Baineann luach breise leis an rogha beartais sin trí dhualgas cúraim agus gnéithe den saolré iomlán a chumhdach tar éis na táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a chur ar an margadh, dualgais chun faisnéis iomchuí faoi thacaíocht slándála agus soláthar nuashonruithe slándála a áirithiú, i measc nithe eile. Leis an rogha beartais sin, chomhlánófaí freisin ar an mbealach is éifeachtaí an t‑athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar chreat NIS, trí na réamhriachtanais le haghaidh slándáil neartaithe slabhra soláthair a áirithiú.

Bheadh tairbhí móra ag baint leis an rogha thosaíochta do na páirtithe leasmhara. I gcás gnólachtaí, chuirfeadh sé cosc ar rialacha slándála éagsúla le haghaidh táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus laghdófaí costais chomhlíontachta a bhaineann le reachtaíocht ghaolmhar chibearshlándála. Laghdófaí an líon cibeartheagmhas, costais láimhseála teagmhas agus an damáiste a dhéantar do chlú gnólachtaí. Maidir leis an Aontas ina iomláine, meastar go bhféadfadh an tionscnamh laghdú dar luach tuairim agus EUR 180 go 290 billiún in aghaidh na bliana a chur ar na costais a bhíonn ar chuideachtaí mar gheall ar theagmhais. Bheadh láimhdeachas méadaithe ann mar gheall ar mhéadú ar an éileamh ar tháirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha. Chuirfí feabhas ar chlú domhanda cuideachtaí agus mar thoradh air sin, bheadh méadú ar an éileamh lasmuigh den Aontas freisin. Maidir le húsáideoirí, leis an rogha thosaíochta chuirfí feabhas ar thrédhearcacht na n‑airíonna slándála agus d’éascófaí úsáid táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha. Bhainfeadh tomhaltóirí agus saoránaigh tairbhe freisin as an gcosaint níos fearr a dhéanfaí ar na cearta bunúsacha atá acu, amhail príobháideachas agus cosaint sonraí.

Nuair a iarradh ar fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí éifeachtacht na n‑idirghabhálacha beartais a mheas, d’aontaigh siad gurbh é rogha 4 an beart ab éifeachtaí (4,08 ar scála ó 1 go 5). Áirítear leis sin eagraíochtaí tomhaltóirí (5,00), freagróirí a shainaithníonn iad féin mar úsáideoirí (4,22), comhlachtaí faoina dtugtar fógra (4,17), údaráis um fhaireachas margaidh (5,00) agus táirgeoirí táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha (3,85), lena n‑áirítear táirgeoirí beaga agus meánmhéide (4,05).

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an togra seo leagtar síos ceanglais a mbeidh feidhm acu maidir le monaróirí bogearraí agus crua-earraí. Is gá deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus tuilleadh ilroinnte margaidh a sheachaint ar cheanglais chibearshlándála maidir le táirgí ar an margadh inmheánach, gá a léiríodh le tacaíocht fhorleathan ó na páirtithe leasmhara éagsúla le haghaidh idirghabháil chothrománach. Leis an togra, íoslaghdófar an t‑ualach rialála a chuirtear ar mhonaróirí le roinnt gníomhartha sábháilteachta táirgí. Ciallaíonn an t‑ailíniú leis an gCreat Reachtach Nua go bhfeidhmeoidh an idirghabháil ar bhealach níos fearr agus go bhforfheidhmeofar ar bhealach níos fearr í. Leis an togra, cuíchóirítear próiseas na nósanna imeachta coimirce, trí ról a thabhairt do mhonaróirí agus do na Ballstáit sula dtugtar fógra don Choimisiún. Cuid mhór de na monaróirí a thagann faoi raon feidhme an togra, tá cleachtadh acu cheana ar an gcaoi a n‑oibríonn an Creat Reachtach nua, rud a chuirfidh leis an tuiscint atá air agus lena chur chun feidhme. Maidir le tomhaltóirí agus cuideachtaí, cuirfear muinín i dtáirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha chun cinn leis an Togra.

Cearta bunúsacha

Meastar go gcuirfidh na roghanna beartais uile feabhas áirithe ar an gcosaint a dhéantar ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha amhail an príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, saoirse gnó a sheoladh agus cosaint maoine nó dínit phearsanta agus iomláine. Go háirithe bheadh rogha beartais tosaíochta 4, a bhfuil idirghabhálacha cothrománacha rialála agus raon feidhme leathan beartais i gceist leis, ar an gceann is éifeachtaí i ndáil leis sin, toisc gur mó seans go gcuideodh sí leis an líon teagmhas agus an déine teagmhas a laghdú, lena n‑áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta. Mhéadófaí léi freisin an deimhneacht dhlíthiúil agus bhainfí amach cothrom iomaíochta d’oibreoirí eacnamaíocha, chothófaí muinín i measc úsáideoirí agus mealltacht táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha de chuid an Aontais ar an iomlán agus dá bhrí sin, chosnófaí an mhaoin agus d’fheabhsófaí na dálaí le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha chun gnó a dhéanamh.

Leis na ceanglais chothrománacha chibearshlándála, rannchuideofaí le slándáil sonraí pearsanta trí rúndacht, iomláine agus infhaighteacht faisnéise a chosaint i dtáirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha. Le comhlíontacht leis na ceanglais sin, éascófar comhlíontacht leis an gceanglas slándála maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis an Rialachán Ginearálta maidir le cosaint sonraí (RGCS) 12 . Leis an togra, d’fheabhsófaí an trédhearcacht agus faisnéis d’úsáideoirí, lena náirítear do na húsáideoirí sin a d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh hinniúil sin ar scileanna cibearshlándála. Bheadh úsáideoirí níos eolaí freisin ar rioscaí, ar chumais agus ar lochtanna na dtáirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, rud a d’fhágfadh gurbh fhearr a bheidís in ann na bearta coisctheacha agus maolaitheacha is gá a dhéanamh chun rioscaí iarmharacha a laghdú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chun na cúraimí a shanntar do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ní mór do ENISA acmhainní arb ionann iad agus 4,5 FTE a athdháileadh. Níor mhór don Choimisiún 7 FTE a leithdháileadh chun a fhreagrachtaí maidir le forfheidhmiú faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Cuirtear ar fáil forléargas mionsonraithe ar na costais atá i gceist sa ‘ráiteas airgeadais’ atá nasctha leis an togra seo.

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm agus ar chomhlíonadh na bhforálacha nua sin d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht. Leis an rialachán, iarrfar go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus athbhreithniú agus go gcuirfear tuarascáil phoiblí ina leith sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi 36 mhí tar éis dháta an chuir i bhfeidhm agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Forálacha ginearálta (Caibidil I)

Leis an Rialachán seo atá beartaithe leagtar síos (a) rialacha maidir le táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a chur ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú; (b) buncheanglais maidir le táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh, agus oibleagáidí le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha i ndáil le cibearshlándáil na dtáirgí sin; (c) buncheanglais le haghaidh na bpróiseas láimhseála leochaileachtaí a chuireann monaróirí i bhfeidhm chun cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a áirithiú ar feadh a saolré ina iomláine, agus oibleagáidí le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na próisis sin; (d) rialacha maidir le faireachas margaidh agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas thuasluaite.

Beidh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir leis na táirgí uile ag a bhfuil gnéithe digiteacha a n‑áirítear leis an úsáid atá beartaithe dóibh nó an úsáid is measartha intuartha ina leith nasc sonraí loighciúil nó fisiceach díreach nó indíreach le gaireas nó le líonra.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir le táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745 [feistí leighis lena n‑úsáid ag an duine agus gabhálais le haghaidh feistí den sórt sin] agus Rialachán (AE) 2017/746 [feistí leighis diagnóiseacha in vitro lena n‑úsáid ag an duine agus gabhálais le haghaidh feistí den sórt sin], toisc go bhfuil ceanglais sa dá Rialachán maidir le feistí, lena n‑áirítear ceanglais maidir le bogearraí agus oibleagáidí ginearálta ar mhonaróirí, lena gcumhdaítear saolré iomlán táirgí, mar aon le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha ar táirgí iad a deimhníodh i gcomhréir le Rialachán 2018/1139 [ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta sibhialta], ná maidir le táirgí a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 maidir leo [maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin].

Beidh táirgí criticiúla ag a bhfuil gnéithe digiteacha faoi réir nósanna imeachta sonracha um measúnú comhréireachta agus roinnfear iad in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus léireofar an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leo agus riosca níos mó ag baint le haicme II. Meastar táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a bheith ina dtáirgí criticiúla agus dá bhrí sin, áirítear in Iarscríbhinn III iad agus cuirtear san áireamh tionchar na leochaileachtaí cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge ag a bhfuil gnéithe digiteacha. Agus an riosca cibearshlándála á chinneadh, cuirtear san áireamh feidhmiúlacht chibearshlándála an táirge ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus an úsáid atá beartaithe dó i dtimpeallachtaí íogaire amhail suíomh tionsclaíoch i measc suíomhanna eile.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chatagóirí de tháirgí ríchriticiúla ag a bhfuil gnéithe digiteacha a shonrú, catagóirí táirgí a gceanglófar ar na monaróirí deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil a fháil ina dtaobh faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála chun comhlíontacht leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó codanna díobh, a léiriú. Agus catagóirí den sórt sin de tháirgí ríchriticiúla ag a bhfuil gnéithe digiteacha á gcinneadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, i bhfianaise ceann amháin nó níos mó de na critéir a bhreithnítear chun táirgí criticiúla ag a bhfuil gnéithe digiteacha a liostú in Iarscríbhinn III agus i dtaobh an mheasúnaithe ar cé acu a úsáideann na heintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann leis an Treoir [Treoir XXX/ XXXX (NIS2)] an catagóir sin táirgí nó a bhíonn siad ag brath ar an gcatagóir sin táirgí nó a d’fhéadfadh tábhacht mhór a bheith léi le haghaidh gníomhaíochtaí na n‑eintiteas sin amach anseo; nó ábhartha le haghaidh athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha in aghaidh imeachtaí suaiteacha.

Oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha (Caibidil II)

Leis an togra, cuimsítear oibleagáidí le haghaidh monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí bunaithe ar na forálacha tagartha dá bhforáiltear le Cinneadh 768/2008/CE. Leis na buncheanglais chibearshlándála agus na hoibleagáidí, sainordaítear nach gcuirfear aon táirge ag a bhfuil gnéithe digiteacha ar fáil ar an margadh, ach amháin má chomhlíonann siad, i gcás ina ndéantar iad a sholáthar, a fheistiú go cuí, a choinneáil ar bun agus a úsáid le haghaidh na críche atá beartaithe dóibh nó faoi choinníollacha is féidir a thuar, na buncheanglais chibearshlándála a leagtar amach sa Rialachán seo.

Leis na buncheanglais agus na hoibleagáidí, shainordófaí do mhonaróirí an chibearshlándáil a chur san áireamh maidir le táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh, dícheall cuí a dhéanamh maidir le gnéithe slándála agus a dtáirgí á ndearadh agus á bhforbairt, a bheith trédhearcach maidir le gnéithe cibearshlándála ar gá custaiméirí a chur ar an eolas fúthu, tacaíocht slándála (nuashonruithe) a áirithiú ar bhealach comhréireach agus na ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí a chomhlíonadh.

Leagfaí oibleagáidí síos le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, idir mhonaróirí, dháileoirí agus allmhaireoirí, i ndáil le táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a chur ar an margadh, oibleagáidí a bheadh leordhóthanach dá ról agus dá bhfreagrachtaí sa slabhra soláthair.

Comhlíontacht an táirge ag a bhfuil gnéithe digiteacha (Caibidil III)

An táirge ag a bhfuil gnéithe digiteacha, atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh sin ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfar a thoimhdiú go bhfuil sé i gcomhréir le buncheanglais an Rialacháin seo atá beartaithe. I gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó nach bhfuil siad leormhaith nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar an nós imeachta um chaighdeánú nó nár ghlac na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh.

Thairis sin, táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha a deimhníodh nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas nó deimhniú ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881, agus ar shonraigh an Coimisiún trí ghníomh cur chun feidhme gur féidir leis toimhde chomhréireachta le haghaidh an Rialacháin seo a sholáthar ina leith, measfar go bhfuil na táirgí sin i gcomhréir le buncheanglais an Rialacháin seo, nó le codanna díobh, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an ráiteas comhréireachta ón Aontas nó leis an deimhniú i ndáil le cibearshlándáil, nó le codanna díobh.

Thairis sin, chun ualach míchuí riaracháin ar mhonaróirí a sheachaint, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don Choimisiún a shonrú an gcuireann deimhniú i ndáil le cibearshlándáil a eisítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála den sórt sin deireadh leis an oibleagáid atá ar mhonaróirí measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh dá bhforáiltear leis an Rialachán seo le haghaidh na gceanglas comhfhreagrach.

Déanfaidh an monaróir measúnú comhréireachta ar an táirge ag a bhfuil gnéithe digiteacha agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí a chuir sé i bhfeidhm chun comhréireacht a léiriú leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí cheann de na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a leanúint. Úsáidfidh monaróirí táirgí criticiúla in aicme I agus II na modúil faoi seach is gá le haghaidh na comhlíontachta. Ní mór do mhonaróirí táirgí criticiúla in aicme II ról a thabhairt do thríú páirtí ina measúnú comhréireachta.

Fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta (Caibidil IV)

Tá feidhmiú ceart comhlachtaí faoina dtugtar fógra ríthábhachtach chun leibhéal ard cibearshlándála a áirithiú agus ar mhaithe le muinín na bpáirtithe leasmhara uile sa chóras faoin gCur Chuige Nua. Dá bhrí sin, i gcomhréir le Cinneadh 768/2008/CE, leagtar amach sa togra ceanglais d’údaráis náisiúnta atá freagrach as comhlachtaí um measúnú comhréireachta (comhlachtaí faoina dtugtar fógra). Cuirtear an fhreagracht deiridh ar na Ballstáit comhlachtaí faoin dtugtar fógra a ainmniú agus faireachán a dhéanamh orthu. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a bhunú agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus chun fógra a thabhairt ina leith, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Faireachas margaidh agus forfheidhmiú (Caibidil V)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, déanann údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh faireachas margaidh ar chríoch an Bhallstáit sin. Féadfaidh na Ballstáit aon údarás atá ann cheana nó údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh, lena n‑áirítear údaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] nó údaráis náisiúnta ainmnithe um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881. Iarrtar ar oibreoirí eacnamaíocha comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus na húdaráis inniúla eile.

Cumhachtaí tarmligthe agus nósanna imeachta coiste (Caibidil VI)

Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, tarmligtear an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chuig an gCoimisiún chun an liosta táirgí criticiúla in aicme I agus in aicme II a thabhairt cothrom le dáta agus sainmhínithe ar na táirgí sin a shonrú; a shonrú an gá teorainn nó eisiamh a bheith ann le haghaidh táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, táirgí a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais chun an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo a bhaint amach; deimhniú táirgí ríchriticiúla áirithe ag a bhfuil gnéithe digiteacha a shainordú bunaithe ar chritéir a leagtar amach sa Rialachán seo; ábhar íosta an dearbhaithe comhréireachta AE a shonrú agus na gnéithe atá le cur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas freisin: formáid nó eilimintí na n‑oibleagáidí tuairiscithe agus an bhille ábhar bogearraí a shonrú; sonrú a dhéanamh ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála is féidir a úsáid chun comhlíontacht leis na buncheanglais nó codanna díobh mar a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú; sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh; sonraíochtaí teicniúla a leagan síos maidir le marcáil CE a ghreamú; bearta ceartaitheacha nó sriantacha a ghlacadh ar leibhéal an Aontais i gcúinsí eisceachtúla atá ina n‑údar maith le hidirghabháil a dhéanamh láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú.

Rúndacht agus pionóis (Caibidil VII)

Urramóidh na páirtithe uile a chuirfidh an Rialachán seo i bhfeidhm rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus iad i mbun a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí.

Chun forfheidhmiú éifeachtach na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfear na fíneálacha sin. Ar an gcaoi chéanna, leagtar síos leis an Rialachán seo uasleibhéil le haghaidh fíneálacha riaracháin ar cheart foráil a dhéanamh ina leith sna dlíthe náisiúnta maidir le neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha (Caibidil VIII)

Chun am a thabhairt do mhonaróirí, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus do na Ballstáit oiriúnú do na ceanglais nua, beidh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe [24 mhí] tar éis dó teachta i bhfeidhm, seachas an oibleagáid tuairiscithe ar mhonaróirí, a mbeidh feidhm léi [12 mhí] tar éis an dáta teacht i bhfeidhm.



2022/0272 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is gá feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos le haghaidh ceanglais fhíor-riachtanacha chibearshlándála chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar mhargadh an Aontais. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhá mhórfhadhb a chuireann costais ar úsáideoirí agus ar an tsochaí: leibhéal íseal cibearshlándála táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha , arna léiriú ag leochaileachtaí forleathana agus soláthar neamhleor agus neamhréireach nuashonruithe slándála chun aghaidh a thabhairt orthu, mar aon le tuiscint agus rochtain neamhleor ar fhaisnéis ag úsáideoirí, rud a chuireann bac orthu táirgí a bhfuil airíonna cibearshlándála leordhóthanacha acu a roghnú nó iad a úsáid ar bhealach slán.

(2)Is é is aidhm don Rialachán seo na coinníollacha teorann a leagan síos maidir le táirgí slána ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbairt trína áirithiú go gcuirtear táirgí crua-earraí agus bogearraí ar an margadh ar lú iad na leochaileachtaí a bhíonn ag baint leo agus go dtugann monaróirí go dáiríre faoi chúrsaí slándála ar feadh saolré táirge. Is é is aidhm dó freisin dálaí a chruthú a chuirfidh ar chumas úsáideoirí an chibearshlándáil a chur san áireamh agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á roghnú agus á núsáid acu.

(3)Cuimsítear sa reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair roinnt tacar rialacha cothrománacha lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe áirithe a ghabhann leis an gcibearshlándáil ó thaobhanna éagsúla, lena náirítear bearta chun slándáil an tslabhra soláthair dhigitigh a fheabhsú. Mar sin féin, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena náirítear [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] agus Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , ní chumhdaítear go díreach ceanglais shainordaitheacha maidir le slándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

(4)Cé go bhfuil feidhm ag an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana maidir le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, níl aon chreat rialála cothrománach de chuid an Aontais ann lena mbunaítear ceanglais chuimsitheacha chibearshlándála le haghaidh gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ní thugann na gníomhartha agus na tionscnaimh éagsúla a rinneadh go dtí seo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ach aghaidh i bpáirt ar na fadhbanna agus na rioscaí cibearshlándála a sainaithníodh, rud a chruthaíonn meascán reachtach laistigh den mhargadh inmheánach, a mhéadaíonn éiginnteacht dhlíthiúil do mhonaróirí agus d’úsáideoirí na dtáirgí sin agus a chuireann ualach neamhriachtanach ar chuideachtaí ceanglais áirithe a chomhlíonadh maidir le cineálacha comhchosúla táirgí. Tá gné thrasteorann anláidir ag baint le cibearshlándáil na dtáirgí sin, ós rud é gur minic táirgí a mhonaraítear i dtír amháin a bheith in úsáid ag eagraíochtaí agus tomhaltóirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar fad. Fágann sé sin gur gá an réimse a rialáil ar leibhéal an Aontais. Ba cheart creat rialála an Aontais a chomhchuibhiú trí cheanglais chibearshlándála a thabhairt isteach le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ina theannta sin, ba cheart deimhneacht d’oibreoirí agus d’úsáideoirí a áirithiú ar fud an Aontais, chomh maith le comhchuibhiú níos fearr ar an margadh aonair, rud a chruthódh dálaí níos inmharthana d’oibreoirí a bhfuil sé daidhm acu dul isteach i margadh an Aontais.

(5)I roinnt doiciméad cláir agus polaitiúil éagsúil, amhail Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach 16 , Conclúidí ón gComhairle an 2 Nollaig 2020 agus an 23 Bealtaine 2022 nó an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021, 17 iarradh ar leibhéal an Aontais ceanglais chibearshlándála shonracha de chuid an Aontais maidir le táirgí digiteacha nó táirgí lena mbaineann, agus rinne roinnt tíortha ar fud an domhain bearta chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin a thabhairt isteach ar a dtionscnamh féin. Sa tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, 18 d’iarr na saoránaigh go mbeadh ‘ról níos láidre ag an Aontas maidir le bagairtí cibearshlándála a chomhrac’.

(6)Chun feabhas a chur ar leibhéal foriomlán cibearshlándála na dtáirgí uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuirtear ar an margadh inmheánach, is gá ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha atá dírithe ar chuspóirí agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a thabhairt isteach le haghaidh na dtáirgí sin, ceanglais a mbeidh feidhm chothrománach leo.

(7)Faoi choinníollacha áirithe, is féidir gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá comhtháite i gcóras leictreonach faisnéise níos mó, nó atá nasctha leis, a bheith ina veicteoir ionsaithe do ghníomhaithe mailíseacha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh fiú crua-earraí agus bogearraí nach measfaí iad a bheith chomh criticiúil céanna a bheith ina slí éascaithe don sárú tosaigh ar ghaireas nó ar líonra trína gcuirfí ar chumas gníomhaithe mailíseacha rochtain phribhléideach a fháil ar chóras nó bogadh go cliathánach ar fud na gcóras. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go ndéanfar gach táirge so-nasctha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh agus a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Áirítear leis sin idir tháirgí is féidir a nascadh go fisiceach trí chomhéadain crua-earraí agus táirgí atá nasctha go loighciúil, amhail trí shoicéid líonra, píopaí, comhaid, comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir nó aon chineál eile comhéadain bogearraí. Ós rud é gur féidir bagairtí cibearshlándála a fhorleathadh trí tháirgí éagsúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula mbaintear sprioc áirithe amach, mar shampla trí roinnt dúshaothrair leochaileachta a shlabhrú le chéile, ba cheart do mhonaróirí cibearshlándáil na dtáirgí sin nach bhfuil nasctha ach go hindíreach le gairis nó líonraí eile a áirithiú freisin.

(8)Trí cheanglais chibearshlándála a leagan síos maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cuirfear feabhas ar chibearshlándáil na dtáirgí sin ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnólachtaí araon. Áirítear leis sin freisin ceanglais maidir le táirgí tomhaltais ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá ceaptha do thomhaltóirí leochaileacha, amhail bréagáin agus monatóirí linbh, a chur ar an margadh.

(9)Áirithítear leis an Rialachán seo ardleibhéal cibearshlándála do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ní rialaítear leis seirbhísí, amhail ‘bogearraí mar sheirbhís’ (SaaS), ach amháin i gcás réitigh chianphróiseála sonraí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arb ionann é agus aon phróiseáil sonraí a dhéantar ó chian dá ndéanann monaróir an táirge lena mbaineann na bogearraí féin a dhearadh agus a fhorbairt nó go ndéantar iad a dhearadh nó a fhorbairt faoi fhreagracht an mhonaróra sin , agus gurb ionann easnamh sa mhéid sin agus bac ar tháirge den sórt sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh. [Le Treoir XXX/XXXX (NIS2)] cuirtear ceanglais chibearshlándála agus tuairiscithe teagmhas i bhfeidhm d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, amhail bonneagar criticiúil, d’fhonn athléimneacht na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a fheabhsú. Tá feidhm ag [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] maidir le seirbhísí néalríomhaireachta agus samhlacha néalseirbhísí, amhail SaaS. Na heintitis uile a sholáthraíonn seirbhísí néalríomhaireachta san Aontas agus a chomhlíonann an tairseach d’fhiontair mheánmhéide nó a sháraíonn an tairseach sin, tagann siad faoi raon feidhme na Treorach sin.

(10)Ionas nach gcuirfí bac ar nuálaíocht ná ar thaighde, níor cheart bogearraí saor in aisce agus foinse oscailte arna bhforbairt nó arna soláthar lasmuigh de ghníomhaíocht tráchtála a chumhdach leis an Rialachán seo. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás bogearraí, lena náirítear a gcód foinseach agus a leaganacha modhnaithe, atá comhroinnte go hoscailte agus inrochtana go héasca, inúsáidte, inmhodhnaithe agus inathdháilte. I gcomhthéacs bogearraí, d’fhéadfaí gníomhaíocht tráchtála a shaintréithriú ní hamháin trí phraghas a ghearradh ar tháirge, ach freisin trí phraghas a ghearradh ar sheirbhísí tacaíochta teicniúla, trí ardán bogearraí a sholáthar trína gcuireann an monaróir luach airgid ar sheirbhísí eile, nó trí shonraí pearsanta a úsáid ar chúiseanna seachas chun slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú go heisiach.

(11)Tá Idirlíon slán fíor-riachtanach d’fheidhmiú na mbonneagar criticiúil agus don tsochaí ina hiomláine. Is é is aidhm do [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú maidir le seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, lena náirítear soláthraithe bonneagair dhigitigh a thacaíonn le croífheidhmeanna an Idirlín oscailte, lena náirithítear rochtain ar an Idirlíon agus seirbhísí Idirlín. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go bhforbraítear na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá riachtanach do sholáthraithe bonneagair dhigitigh chun feidhmiú an Idirlín a áirithiú, go bhforbraítear iad ar dhóigh shlán agus go gcomhlíonann siad caighdeáin sheanbhunaithe slándála Idirlín. Is é is aidhm don Rialachán seo, a bhfuil feidhm aige maidir le gach táirge crua-earraí agus bogearraí so-nasctha, éascú a dhéanamh ar sholáthraithe bonneagair dhigitigh na ceanglais maidir leis an slabhra soláthair faoi [Threoir XXX/XXXX (NIS2)] a chomhlíonadh trína áirithiú go ndéantar na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a úsáideann siad chun a seirbhísí a sholáthar, go ndéantar iad a fhorbairt ar bhealach slán agus go mbíonn rochtain acu ar nuashonruithe tráthúla slándála do na táirgí sin.

(12)Le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , leagtar rialacha síos maidir le feistí leighis, agus le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 leagtar rialacha síos maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro. Tugann an dá Rialachán aghaidh ar rioscaí cibearshlándála agus leanann siad cineálacha cur chuige ar leith ar a dtugtar aghaidh freisin sa Rialachán seo. Go sonrach, leagtar síos i Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le feistí leighis a fheidhmíonn trí chóras leictreonach nó ar bogearraí iad féin iad. Cumhdaítear bogearraí áirithe neamhleabaithe agus an cur chuige saolré iomláin leis na Rialacháin sin freisin. Tugann na ceanglais sin sainordú do mhonaróirí a dtáirgí a fhorbairt agus a thógáil trí phrionsabail bainistithe riosca a chur i bhfeidhm agus trí cheanglais a leagan amach maidir le bearta slándála TF, chomh maith le nósanna imeachta comhfhreagracha um measúnú comhréireachta. Ina theannta sin, tá treoir shonrach maidir leis an gcibearshlándáil le haghaidh feistí leighis i bhfeidhm ó bhí mí na Nollag 2019 ann, agus tugtar treoraíocht léi do mhonaróirí feistí leighis, lena náirítear feistí diagnóiseacha in vitro, maidir le conas ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha uile Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacháin sin maidir leis an gcibearshlándáil a chomhlíonadh 21 . Níor cheart, dá bhrí sin, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil feidhm ag ceachtar de na Rialacháin sin maidir leo, a bheith faoi réir an Rialacháin seo.

(13)Le Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , bunaítear ceanglais maidir le cineálcheadú feithiclí, a gcóras agus a gcomhpháirteanna, tugtar isteach ceanglais chibearshlándála áirithe, lena náirítear ceanglais maidir le córas bainistithe cibearshlándála deimhnithe a oibriú, maidir le nuashonruithe bogearraí, lena gcumhdaítear beartais agus próisis eagraíochtaí le haghaidh cibear-rioscaí a bhaineann le saolré iomlán feithiclí, trealaimh agus seirbhísí i gcomhréir le rialacháin infheidhme na Náisiún Aontaithe maidir le sonraíochtaí teicniúla agus cibearshlándáil 23 , agus lena bhforáiltear do nósanna imeachta sonracha um measúnú comhréireachta. I réimse na heitlíochta, is éard is príomhchuspóir do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta sibhialta a bhunú agus a choinneáil ar bun san Aontas. Cruthaítear leis creat le haghaidh ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht le haghaidh táirgí, páirteanna agus trealamh aerloingseoireachta, lena náirítear bogearraí lena gcuirtear san áireamh oibleagáidí chun cosaint a dhéanamh ar bhagairtí slándála faisnéise. Dá bhrí sin, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 maidir leo agus na táirgí sin atá deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139, níl siad faoi réir na gceanglas fíor-riachtanach agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Áirithítear leis an bpróiseas deimhniúcháin faoi Rialachán (AE) 2018/1139 an leibhéal dearbhaithe is aidhm don Rialachán seo.

(14)Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha cothrománacha cibearshlándála nach mbaineann go sonrach le hearnálacha ná le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Mar sin féin, d’fhéadfaí rialacha earnála nó rialacha táirgeshonracha de chuid an Aontais a thabhairt isteach, lena leagtar síos ceanglais trína dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chumhdaítear faoi rialacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais, ceanglais trína dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar an cur i bhfeidhm sin a theorannú nó a eisiamh i gcás ina bhfuil teorannú nó eisiamh den sórt sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán a bhfuil feidhm aige maidir leis na táirgí sin agus i gcás ina mbaineann na rialacha earnála amach an leibhéal céanna cosanta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a leasú trí na táirgí agus na rialacha sin a shainaithint. Maidir le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana i gcás inar cheart feidhm a bheith ag teorainneacha nó eisiaimh den sórt sin, tá forálacha sonracha sa Rialachán seo chun a ghaol leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais a shoiléiriú.

(15)Sonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 go mbeidh feidhm ag na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d) (dochar don líonra agus míúsáid acmhainní líonra), pointe (e) (sonraí pearsanta agus príobháideachas) agus pointe (f) (calaois) de Threoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió áirithe. Le [Cinneadh ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme XXX/2022 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú] leagtar síos ceanglais chun caighdeáin shonracha a fhorbairt ina sonraítear a thuilleadh an chaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar na trí cheanglas fhíor-riachtanacha sin. Áirítear ar na buncheanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo gnéithe uile na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) de Threoir 2014/53/AE. Thairis sin, déantar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo a ailíniú le cuspóirí na gceanglas maidir le caighdeáin shonracha a áirítear san iarraidh sin ar chaighdeánú. Dá bhrí sin, má dhéanann an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a aisghairm nó a leasú agus mar thoradh air sin má scoireann sé d’fheidhm a bheith aige maidir le táirgí áirithe atá faoi réir an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún agus do na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú an obair chun críoch caighdeánaithe a rinneadh i gcomhthéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)5637 ón gCoimisiún maidir le hiarraidh ar chaighdeánú le haghaidh Rialachán Tarmligthe RED 2022/30 a chur san áireamh agus caighdeáin chomhchuibhithe á nullmhú agus á bhforbairt chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú.

(16)Tá Treoir 85/374/CEE 25 comhlántach leis an Rialachán seo. Leagtar amach sa Treoir sin rialacha dliteanais maidir le táirgí lochtacha ionas gur féidir le daoine díobhálaithe cúiteamh a éileamh i gcás ina ndearnadh damáiste de bharr táirgí lochtacha. Bunaítear leis an bprionsabal go bhfuil monaróir táirge faoi dhliteanas i leith damáistí a eascraíonn as easpa sábháilteachta ina dtáirge gan beann ar locht (‘diandliteanas’). I gcás ina bhfuil easpa nuashonruithe slándála i gceist leis an easpa sábháilteachta sin tar éis an táirge a chur ar an margadh, agus ina ndéanann sé sin damáiste, d’fhéadfaí dliteanas an mhonaróra a ghníomhachtú. Ba cheart oibleagáidí do mhonaróirí a bhaineann le soláthar nuashonruithe slándála den sórt sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(17)Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , agus gan dochar d’fhorálacha maidir le sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, chun a léiriú go gcomhlíonann oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe an Rialachán sin. D’fhéadfaí oibríochtaí den sórt sin a leabú i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Is príomhghnéithe de Rialachán (AE) 2016/679 iad cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, anuas ar an gcibearshlándáil i gcoitinne. Trí thomhaltóirí agus eagraíochtaí a chosaint ar rioscaí cibearshlándála, rannchuideoidh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo le feabhas a chur ar chosaint sonraí pearsanta agus ar phríobháideachas daoine aonair. Ba cheart sineirgí maidir le caighdeánú agus deimhniú araon le haghaidh gnéithe cibearshlándála a mheas tríd an gcomhar idir an Coimisiún, na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679, agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí. Ba cheart sineirgí idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chruthú freisin i réimse an fhaireachais margaidh agus an fhorfheidhmithe. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh arna gceapadh faoin Rialachán seo oibriú i gcomhar leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis maoirseachta sin ar fhaisnéis atá ábhartha chun a gcúraimí a chur i gcrích. 

(18)A mhéid a thagann a gcuid táirgí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart d’eisitheoirí Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí dá dtagraítear in Airteagal [Airteagal 6a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí], na ceanglais bhunriachtanacha chothrománacha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus na ceanglais shonracha slándála a bhunaítear le hAirteagal [Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach] a chomhlíonadh. Chun comhlíonadh a éascú, ba cheart d’eisitheoirí tiachóige a bheith in ann a léiriú go gcomhlíonann Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí na ceanglais a leagtar amach sa dá ghníomh faoi seach trína dtáirgí a dheimhniú faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna bunú faoi Rialachán (AE) 2019/881 agus ar shonraigh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, toimhde comhréireachta ina leith don Rialachán seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú, nó le codanna de.

(19)Ba cheart do ENISA cúraimí áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2019/881. Go háirithe, ba cheart do ENISA fógraí a fháil ó mhonaróirí faoi leochaileachtaí a shaothraítear ar bhonn gníomhach agus atá i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, chomh maith le teagmhais a mbíonn tionchar acu ar shlándáil na dtáirgí sin. Ba cheart do ENISA na fógraí sin a chur ar aghaidh chuig na Foirne Freagartha ábhartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) nó, faoi seach, chuig pointí teagmhála aonair ábhartha na mBallstát arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)], agus na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoin leochaileacht ar tugadh fógra fúithi. Ar bhonn na faisnéise a bhailíonn sé, ba cheart do ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil a ullmhú maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus í a chur faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear i dTreoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)]. Thairis sin, agus a shaineolas agus a shainordú á gcur san áireamh, ba cheart do ENISA a bheith in ann tacú leis an bpróiseas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Go háirithe, ba cheart dó a bheith in ann comhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag údaráis um fhaireachas margaidh a mholadh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis maidir le neamhchomhlíonadh féideartha táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha leis an Rialachán ar fud roinnt Ballstát nó catagóirí táirgí a shainaithint ar cheart gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha a eagrú ina leith. In imthosca eisceachtúla, arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart ENISA a bheith in ann meastóireachtaí a dhéanamh i leith táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca mór cibearshlándála ag baint leo, i gcás inar gá idirghabháil láithreach a dhéanamh chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú.

(20)Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo ionas gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart do na Ballstáit constaicí gan údar maith a chruthú maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, a chur ar an margadh.

(21)Chun a áirithiú gur féidir le monaróirí bogearraí a scaoileadh chun críocha tástála sula gcuirfidh siad a gcuid táirgí faoi réir measúnú comhréireachta, níor cheart do na Ballstáit cur ar fáil bogearraí neamhchríochnaithe a chosc, amhail leaganacha alfa, béiteleaganacha nó iarrthóirí scaoilte, fad is nach gcuirtear an leagan ar fáil ach ar feadh na tréimhse is gá chun é a thástáil agus aiseolas a bhailiú. Ba cheart do mhonaróirí a áirithiú nach scaoilfear bogearraí arna gcur ar fáil faoi na coinníollacha sin ach amháin tar éis measúnú riosca a dhéanamh agus go gcomhlíonfaidh sé, a mhéid is féidir, na ceanglais slándála a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorchuirtear leis an Rialachán seo. Ba cheart do mhonaróirí freisin na ceanglais láimhseála leochaileachtaí a chur chun feidhme a mhéid is féidir. Níor cheart do mhonaróirí iallach a chur ar úsáideoirí uasghrádú a dhéanamh ar leaganacha nach scaoiltear ach amháin chun críocha tástála.

(22)Chun a áirithiú nach gcruthaítear rioscaí cibearshlándála do dhaoine ná d’eagraíochtaí le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, nuair a chuirtear ar an margadh iad, ba cheart ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan amach do na táirgí sin. I gcás ina ndéantar na táirgí a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar mhodh fisiceach nó digiteach, ar bhealach nach mbíonn beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach gcomhlíonann sé na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a thuilleadh, ba cheart a mheas gur modhnú substaintiúil é an modhnú. Mar shampla, d’fhéadfaí nuashonruithe nó deisiúcháin bogearraí a chomhshamhlú le hoibríochtaí cothabhála ar choinníoll nach modhnaítear leo táirge a cuireadh ar an margadh cheana sa chaoi go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme, nó go bhféadfaí an úsáid atá beartaithe dá ndearnadh measúnú ar an táirge a athrú. Mar is amhlaidh i gcás deisiúcháin fhisiceacha nó modhnuithe fisiceacha, ba cheart táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar tháirge atá modhnaithe go substaintiúil le hathrú bogearraí i gcás ina modhnaíonn an nuashonrú bogearraí bunfheidhmeanna, cineál nó feidhmíocht bheartaithe an táirge agus nár tuaradh na hathruithe sin sa mheasúnú riosca tosaigh, nó ina nathraíonn cineál na guaise nó méadaíonn leibhéal an riosca mar gheall ar nuashonrú na mbogearraí.

(23)I gcomhréir le coincheap comhbhunaithe an mhodhnaithe shubstaintiúil le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, aon uair a tharlaíonn modhnú substaintiúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht táirge leis an Rialachán seo nó i gcás ina nathraítear an chríoch atá beartaithe don táirge sin, is iomchuí comhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhíorú agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar measúnú comhréireachta nua air. I gcás inarb infheidhme, má dhéanann an monaróir measúnú comhréireachta a bhaineann le tríú páirtí, ba cheart fógra a thabhairt don tríú páirtí faoi athruithe a bhféadfadh modhnuithe substaintiúla teacht astu.

(24)Ní gá go neascródh modhnú substaintiúil ar an táirge as táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a athchóiriú, a chothabháil agus a dheisiú, mar a shainmhínítear sa Rialachán [an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht], mar shampla mura nathraítear an úsáid agus na feidhmiúlachtaí atá beartaithe agus mura ndéantar difear don leibhéal riosca. Mar sin féin, d’fhéadfadh athruithe ar dhearadh agus ar fhorbairt an táirge a bheith ann mar thoradh ar uasghrádú táirge ag an monaróir agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh don úsáid atá beartaithe agus do chomhlíontacht an táirge leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

(25)Ba cheart táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar tháirgí criticiúla más dian an tionchar diúltach a dfhéadfadh a bheith ag saothrú leochaileachtaí cibearshlándála sa táirge mar gheall ar an bhfeidhmiúlacht a bhaineann leis an gcibearshlándáil, nó an úsáid atá beartaithe, i measc nithe eile. Go háirithe, leochaileachtaí i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhmiúlacht acu a bhaineann le cibearshlándáil, amhail eilimintí slándála, d’fhéadfadh iomadú ar shaincheisteanna slándála a bheith mar thoradh orthu ar fud an tslabhra soláthair. D’fhéadfadh méadú teacht ar dhéine an tionchair a bheadh ag teagmhas cibearshlándála freisin agus úsáid bheartaithe an táirge á cur san áireamh, amhail i suíomh tionsclaíoch nó i gcomhthéacs eintitis fhíor-riachtanaigh den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann le Treoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)], nó chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a fheidhmiú, amhail próiseáil sonraí pearsanta.

(26)Ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta níos déine, agus cur chuige comhréireach á choimeád ag an am céanna. Chun na críche sin, ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt ina dhá aicme, rud a léiríonn an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis na catagóirí táirgí sin. D’fhéadfadh tionchar diúltach níos mó a bheith ag teagmhas féideartha a bhaineann le táirgí in aicme II ná teagmhas a bhaineann le táirgí in aicme I, mar shampla mar gheall ar chineál na feidhme cibearshlándála atá leo nó mar gheall ar úsáid bheartaithe i dtimpeallachtaí íogaire, agus dá bhrí sin ba cheart nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a dhéanamh ina leith.

(27)Ba cheart na catagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III den Rialachán seo a thuiscint mar na táirgí ag a bhfuil príomhfheidhmiúlacht an chineáil a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Mar shampla, liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo táirgí a shainítear de réir a bpríomhfheidhmiúlachta mar mhicreaphróiseálaithe ilchuspóireacha in aicme II. De thoradh sin, bíonn micreaphróiseálaithe ilchuspóireacha faoi réir measúnú sainordaitheach comhréireachtatríú páirtí . Ní hamhlaidh atá i gcás táirgí eile nach dtagraítear dóibh go sainráite in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus a d’fhéadfadh micreaphróiseálaí ilchuspóireach a chomhtháthú leo. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh [faoi cheann 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun sainmhínithe na gcatagóirí táirgí a chumhdaítear faoi aicme I agus faoi aicme II a shonrú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

(28)Leis an Rialachán seo, tugtar aghaidh ar rioscaí cibearshlándála ar bhealach spriocdhírithe. D’fhéadfadh rioscaí sábháilteachta eile nach mbaineann leis an gcibearshlándáil a bheith ag baint le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, áfach. Ba cheart leanúint de na rioscaí sin a rialáil le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le táirgí. Mura bhfuil aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais infheidhme, ba cheart iad a bheith faoi réir Rialachán [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí]. Dá bhrí sin, i bhfianaise chineál spriocdhírithe an Rialacháin seo, de mhaolú ar Airteagal 2(1), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán [an Rialachánmaidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí], ba cheart feidhm a bheith ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidlí V agus VII, agus ag Caibidlí IX go XI de Rialachán [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil le rioscaí sábháilteachta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, mura bhfuil na táirgí sin faoi réir ceanglais shonracha arna bhforchur le reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais de réir bhrí [Airteagal 3, pointe (25) den Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí].

(29)Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal 6 de Rialachán 27 [Rialachán IS] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dóibh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Nuair a chomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca sin ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [Rialachán IS] a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le dearbhú comhréireachta an Aontais nó le codanna de arna eisiúint faoin Rialachán seo. A mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a aicmítear mar chóras intleachta saorga ardriosca, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Airteagal 43 de Rialachán [Rialachán IS] mar riail seachas forálacha faoi seach an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, go laghdófaí an leibhéal dearbhaithe is gá le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar thoradh ar an riail sin. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an riail sin, córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin [Rialachán IS] agus a cháilítear freisin mar tháirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun an Rialacháin seo agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán [Rialachán IS] maidir leo, ba cheart iad a bheith faoi réir fhorálacha um measúnú comhréireachta an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo. Sa chás sin, maidir leis na gnéithe eile go léir a chumhdaítear le Rialachán [Rialachán IS], ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha faoi seach maidir le measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán [Rialachán IS].

(30)Maidir leis na táirgí innealra a thagann faoi raon feidhme Rialacháin [an togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra] ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí gnéithe digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo agus ar eisíodh dearbhú comhréireachta ina leith ar bhonn an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in [Iarscríbhinn III, roinn 1.1.9 agus roinn 1.2.1] den Rialachán [an togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra], a mhéid a bhaineann le cosaint ar éilliúagus sábháilteacht agus iontaofacht córas rialaithe a mhéid a léirítear comhlíonadh na gceanglas sin le dearbhú comhréireachta an Aontais arna eisiúint faoin Rialachán seo.

(31)Comhlánaíonn Rialachán [an togra le haghaidh Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte] na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, maidir leis na córais ríomhthaifead sláinte (‘córais EHR’) a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin [an togra le haghaidh Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte] ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart dóibh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh freisin. Ba cheart dá monaróirí comhréireacht a léiriú mar a cheanglaítear leis an Rialachán [an togra le haghaidh Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte]. Chun comhlíonacht a éascú, féadfaidh monaróirí doiciméadacht theicniúil aonair a tharraingt suas ina mbeidh na heilimintí a cheanglaítear leis an dá ghníomh dlí. Ós rud é nach gcumhdaítear SaaS leis an Rialachán seo, níl na córais EHR a thairgtear trí shamhail cheadúnúcháin agus seachadta SaaS laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ar an gcaoi chéanna, ní thagann córais EHR a fhorbraítear agus a úsáidtear go hinmheánach faoi raon feidhme an Rialacháin seo, toisc nach gcuirtear ar an margadh iad.

(32)Chun a áirithiú go mbeidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha slán tráth a chuirtear ar an margadh iad agus le linn a saolré chomh maith, is gá ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos maidir le láimhseáil leochaileachtaí agus ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Cé gur cheart do mhonaróirí na ceanglais fhíor-riachtanacha uile a bhaineann le láimhseáil leochaileachtaí a chomhlíonadh agus a áirithiú go ndéanfar a gcuid táirgí go léir a sheachadadh gan aon leochaileacht arb eol is ann di agus is féidir a shaothrú, ba cheart dóibh a chinneadh cé na ceanglais fhíor-riachtanacha eile a bhaineann le hairíonna an táirge atá ábhartha don chineál táirge lena mbaineann. Chun na críche sin, ba cheart do mhonaróirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun rioscaí ábhartha agus ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a shainaithint agus chun caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí nó sonraíochtaí coiteanna a chur i bhfeidhm go hiomchuí.

(33)Chun slándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh inmheánach a fheabhsú, is gá ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos. Ba cheart na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a bheith gan dochar do mheasúnuithe riosca comhordaithe AE ar shlabhraí soláthair criticiúla arna mbunú le [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX(NIS2)] 28 , lena gcuirtear san áireamh tosca riosca teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, tosca riosca neamhtheicniúla, amhail tionchar míchuí a bheith ag tríú tír ar sholáthróirí. Thairis sin, ba cheart é a bheith gan dochar do shainchumais na mBallstát ceanglais bhreise a leagan síos lena gcuirtear tosca neamhtheicniúla san áireamh chun ardleibhéal athléimneachta a áirithiú, lena náirítear iad siúd a shainítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais maidir le cibearshlándáil 5G arna chomhaontú ag Grúpa Comhair NIS dá dtagraítear i [Treoir XXX/XXXX (NIS2)].

(34)Chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do CSIRTanna náisiúnta agus don phointe teagmhála aonair arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XX/XXXX (NIS2)] an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus chun leibhéal foriomlán cibearshlándála eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach a ardú, agus chun feidhmiú éifeachtach na núdarás um fhaireachas margaidh a áirithiú, ba cheart do mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha fógra a thabhairt do ENISA maidir leis na leochaileachtaí atá á saothrú ar bhonn gníomhach. Ós rud é go ndéantar formhór na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhargú ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar fad, ba cheart aon leochaileacht a shaothraítear i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar bhagairt ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do mhonaróirí breithniú a dhéanamh freisin maidir le leochaileachtaí seasta a nochtadh don bhunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú faoi Threoir [Treoir XX/XXXX (NIS2)] agus arna bhainistiú ag ENISA nó faoi aon bhunachar sonraí leochaileachta eile a bhfuil rochtain air ar fáil go poiblí.

(35)Ba cheart do mhonaróirí aon teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú do ENISA freisin. D’ainneoin na noibleagáidí tuairiscithe teagmhas i dTreoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, tá sé ríthábhachtach do ENISA, do na pointí teagmhála aonair arna nainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis a fháil ó mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ionas gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar shlándáil na dtáirgí sin. Chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí freagairt go tapa do theagmhais a bhfuil tionchar acu ar shlándáil a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do mhonaróirí a núsáideoirí a chur ar an eolas freisin faoi aon teagmhas den sórt sin agus, i gcás inarb infheidhme, faoi aon bheart ceartaitheach is féidir leis na húsáideoirí a úsáid chun tionchar an teagmhais a mhaolú, mar shampla trí fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin nó, i gcás ina bhfuil an monaróir in ann teagmháil a dhéanamh leis na húsáideoirí agus, i gcás ina bhfuil údar cuí leis de bharr na rioscaí, trí dhul i dteagmháil go díreach leis na húsáideoirí.

(36)Ba cheart do mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha beartais chomhordaithe nochta leochaileachta a chur i bhfeidhm chun tuairisciú leochaileachtaí ag daoine aonair nó ag eintitis a éascú. Le próiseas comhordaithe nochta leochaileachtaí sonraítear próiseas struchtúrtha trína dtuairiscítear leochaileachtaí do mhonaróir ar bhealach lena gcuirtear ar a chumas don mhonaróir na leochaileachtaí sin a dhiagnóisiú agus a leigheas sula nochtar faisnéis leochaileachta mionsonraithe do thríú páirtithe nó don phobal. Ós rud é gur féidir faisnéis faoi leochaileachtaí insaothraithe i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a úsáidtear go forleathan a dhíol ar phraghsanna arda ar an margadh dubh, ba cheart do mhonaróirí na dtáirgí sin a bheith in ann cláir a úsáid, mar chuid dá mbeartais chomhordaithe nochta leochaileachta, chun tuairisciú leochaileachtaí a dhreasú trína áirithiú go bhfaigheann daoine aonair nó eintitis aitheantas agus cúiteamh as ucht a gcuid iarrachtaí (ar a dtugtar ‘cláir duaise fabhtaimsithe’).

(37)Chun anailís leochaileachta a éascú, ba cheart do mhonaróirí comhpháirteanna atá sna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint agus a dhoiciméadú, lena náirítear sainaithint agus doiciméadú trí bhille ábhar bogearraí a tharraingt suas. Le bille ábhar bogearraí is féidir faisnéis a sholáthar dóibh siúd a mhonaraíonn, a cheannaíonn agus a oibríonn bogearraí, faisnéis lena gcuirtear feabhas ar a dtuiscint ar an slabhra soláthair, rud a bhfuil tairbhí iomadúla ag baint leis, go háirithe cuidíonn sé le monaróirí agus le húsáideoirí rianú a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí aitheanta atá ag teacht chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach go náiritheodh monaróirí nach bhfuil comhpháirteanna leochaileacha arna bhforbairt ag tríú páirtithe ina gcuid táirgí.

(38)Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, rud a fhágann go ndéantar sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe de cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, agus a dhéantar iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 . Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo ina niomláine.

(39)Le Rialachán (AE) 2019/881 bunaítear creat deonach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí, próisis agus seirbhísí TFC. Le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearslándála is féidir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chumhdach. Leis an Rialachán seo, ba cheart sineirgí a chruthú le Rialachán (AE) 2019/881. Chun an measúnú ar chomhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá deimhnithe nó dár eisíodh ráiteas comhréireachta faoi scéim cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus a shainaithin an Coimisiún i ngníomh cur chun feidhme, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna díobh. Ba cheart measúnú a dhéanamh i bhfianaise an Rialacháin seo ar an ngá atá le scéimeanna Eorpacha nua um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ba cheart na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chur san áireamh sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin a chumhdaíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sonrú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála is féidir a úsáid chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú. Thairis sin, chun nach gcuirfear ualach riaracháin míchuí ar mhonaróirí, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don Choimisiún a shonrú an gcuireann deimhniú cibearshlándála arna eisiúint faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála deireadh leis an oibleagáid atá ar mhonaróirí measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le ceanglais chomhfhreagracha.

(40)Ar theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena leagtar amach [Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. ..../... ón gCoimisiún an XXX maidir leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna] (SEDC) a bhaineann le táirgí crua-earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail modúil slándála crua-earraí agus micreaphróiseálaithe, féadfaidh an Coimisiún a shonrú, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an dóigh a dtugann SEDC toimhde maidir le comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo nó codanna de. Thairis sin, féadfar a shonrú le gníomh cur chun feidhme den sórt sin conas a dhíothaítear le deimhniú arna eisiúint faoi SEDC an oibleagáid atá ar mhonaróirí measúnú tríú páirtí a chur i gcrích mar a iarrtar leis an Rialachán seo maidir le ceanglais chomhfhreagracha.

(41)I gcás nach nglacfar aon chaighdeán comhchuibhithe nó i gcás nach dtugann na caighdeáin chomhchuibhithe aghaidh go leordhóthanach ar cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ar na cúiseanna leis na sonraíochtaí coiteanna sin a fhorbairt, seachas a bheith ag brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe, d’fhéadfaí a áireamh diúltú an iarrata ar chaighdeánú a dhéanann aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, moill mhíchuí ar bhunú caighdeán comhchuibhithe iomchuí, nó easpa comhlíontachta na gcaighdeán forbartha le ceanglais an Rialacháin seo nó le hiarraidh ón gCoimisiún. Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir an Rialacháin seo chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a léiriú.

(42)Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas chun faisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo a sholáthar maidir le comhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo agus, i gcás inarb infheidhme, le ceanglais fhíor-riachtanacha reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais lena gcumhdaítear an táirge. Ina theannta sin, féadfar a cheangal ar mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas trí bhíthinreachtaíocht eile de chuid an Aontais. Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis a áirithiú chun críocha faireachais margaidh, ba cheart dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le comhlíontacht le gach gníomh ábhartha de chuid an Aontais. Chun an tualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart go bhféadfadh an dearbhú comhréireachta AE aonair sina bheith ina shainchomhad ina mbeidh na dearbhuithe comhréireachta aonair ábhartha.

(43)Is é marcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán ina bhfuil measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Is i rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE 30 . Ba cheart rialacha lena rialaítear marcáil CE a ghreamú ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart gurb é marcáil CE an taon mharcáil amháin, lena ráthaítear go bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

(44)Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo a léiriú agus ionas gur féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a áirithiú go gcomhlíonann táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar fáil ar an margadh na ceanglais sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 bunaítear modúil le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir leis an leibhéal riosca lena mbaineann agus leis an leibhéal slándála is gá. Chun comhleanúnachas idir-earnála a áirithiú agus chun athróga ad hoc a sheachaint, bunaíodh ar na modúil sin na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá leordhóthanach chun comhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú. Leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ba cheart scrúdú agus fíorú a dhéanamh ar cheanglais a bhaineann le táirgí agus le próisis araon lena gcumhdaítear saolré iomlán táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena náirítear pleanáil, dearadh, forbairt nó táirgeadh, tástáil agus cothabháil an táirge.

(45)Mar riail ghinearálta, ba cheart don mhonaróir measúnú comhréireachta a dhéanamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoina fhreagracht féin de réir an nós imeachta atá bunaithe ar Mhodúl A de Chinneadh 768/2008/CE. Ba cheart solúbthacht a bheith ag an monaróir nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a roghnú lena mbainfeadh tríú páirtí. Má aicmítear an táirge mar tháirge criticiúil d’aicme I, tá gá le dearbhú breise chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú. Ba cheart don mhonaróir caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna nó scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a chur i bhfeidhm faoi Rialachán (AE) 2019/881, ar caighdeáin, sonraíochtaí nó scéimeanna iad a shainaithin an Coimisiún i ngníomh cur chun feidhme, más mian leis an monaróir an measúnú comhréireachta a dhéanamh faoina fhreagracht féin (modúl A). Mura gcuireann an monaróir na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí comhchoiteanna nó na scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála i bhfeidhm, ba cheart measúnú comhréireachta lena mbainfeadh tríú páirtí a dhéanamh ar an monaróir. Agus an tualach riaracháin ar mhonaróirí á chur san áireamh mar aon leis an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag an gcibearshlándáil i gcéim dearaidh agus forbartha táirgí inláimhsithe agus doláimhsithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, roghnaíodh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar mhodúil B+C nó ar mhodúl H de Chinneadh 768/2008/CE faoi seach mar na nósanna imeachta is iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonacht táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach comhréireach agus éifeachtach. Is féidir leis an monaróir a dhéanann an measúnú comhréireachta tríú páirtí an nós imeachta is fearr a oireann dá phróiseas dearaidh agus táirgthe a roghnú. I bhfianaise an riosca cibearshlándála níos mó a ghabhann le húsáid táirgí a aicmítear mar tháirgí criticiúla in aicme II, ba cheart tríú páirtí a bheith páirteach sa mheasúnú comhréireachta i gcónaí.

(46)Cé go néilítear le cruthú táirgí inláimhsithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha de ghnáth ar mhonaróirí iarrachtaí substaintiúla a dhéanamh le linn na gcéimeanna dearaidh, forbartha agus táirgthe, díríonn cruthú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfoirm bogearraí go heisiach nach mór ar dhearadh agus ar fhorbairt, gan ach ról beag ag céim an táirgthe. Mar sin féin, in a lán cásanna, ní mór táirgí bogearraí a thiomsú, a thógáil, a phacáistiú, a chur ar fáil lena níoslódáil nó a chóipeáil go meáin fhisiceacha sula gcuirtear ar an margadh iad. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a mheas mar ghníomhaíochtaí arb ionann iad agus táirgeadh agus na modúil ábhartha um measúnú comhréireachta á gcur i bhfeidhm chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo le linn na gcéimeanna dearaidh, forbartha agus táirgthe.

(47)Chun measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a thugann fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta , ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar ceanglas, go háirithe maidir le neamhspleáchas, inniúlacht agus easpa coinbhleachtaí leasa.

(48)Chun leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, is gá ceanglais a leagan síos freisin do na húdaráis a thugann fógra agus do chomhlachtaí eile atá bainteach leis an measúnú, le fógra a thabhairt agus le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur bealach fíor-riachtanach é an creidiúnú chun inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid freisin chun fógra a thabhairt.

(49)Ba cheart do na húdaráis phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais creidiúnú trédhearcach amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena náirithítear an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, a mheas mar an modh inmhianaithe chun inniúlacht theicniúil comhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta, áfach, a mheas go bhfuil modhanna cuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. I gcásanna den sórt sin, chun leibhéal iomchuí creidiúnachta i gcás meastóireachtaí a dhéanann údaráis náisiúnta eile a áirithiú, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena léireofaí go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ndearnadh meastóireacht orthu na ceanglais rialála ábhartha.

(50)Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar fochonradh nó go dtéann siad i muinín fochuideachta. An leibhéal cosanta is gá chun an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, chun é sin a chosaint, tá sé fíor-thábhachtach go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna agus a chomhlíonann comhlachtaí faoina dtugtar fógra i dtaca le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú.

(51)Ba cheart don údarás a thugann fógra faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile trí Chóras Faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dtugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe (NANDO). Is é NANDO an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún inar féidir teacht ar liosta de na comhlachtaí uile faoina dtugtar fógra.

(52)Ós rud é gur féidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir amhras nó ábhar imní ar bith maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(53)Ar mhaithe le hiomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualach nach gá a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach oibreoir eacnamaíoch, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Ba cheart é sin a bhaint amach ar an mbealach is fearr trí chomhordú agus comhar iomchuí idir na comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(54)Is ionstraim riachtanach é an faireachas margaidh chun cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach reachtaíocht an Aontais a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, creat dlíthiúil a chur i bhfeidhm inar féidir faireachas margaidh a dhéanamh ar bhealach iomchuí. Tá feidhm ag rialacha maidir le faireachas margaidh san Aontas agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(55)I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, déanann na húdaráis um fhaireachas margaidh faireachas margaidh i gcríoch an Bhallstáit sin. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar Bhallstáit na húdaráis inniúla a roghnú chun na cúraimí sin a dhéanamh. Ainmneoidh gach Ballstát údarás um fhaireachas margaidh amháin nó níos mó ina chríoch féin. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh aon údarás atá ann cheana nó aon údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh, lena náirítear údaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] nó údaráis náisiúnta ainmnithe um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha dul i gcomhar go hiomlán le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le húdaráis inniúla eile. Ba cheart do gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoina údaráis um fhaireachas margaidh agus faoi réimsí inniúlachta gach ceann de na húdaráis sin agus ba cheart dóibh a áirithiú gurb ann do na hacmhainní agus na scileanna is gá chun na cúraimí faireachais a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i gcrích. De réir Airteagal 10(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do gach Ballstát oifig idirchaidrimh aonair a cheapadh ar cheart di a bheith freagrach, i measc nithe eile, as ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh comhordaithe na núdarás um fhaireachas margaidh agus as cuidiú leis an gcomhar idir údaráis um fhaireachas margaidh i mBallstáit éagsúla.

(56)Ba cheart grúpa tiomnaithe um chomhar riaracháin (ADCO) a bhunú chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh an ADCO sin comhdhéanta dionadaithe ó na húdaráis um fhaireachas margaidh ainmnithe agus, más iomchuí, dionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair. Ba cheart don Choimisiún tacú le comhar idir údaráis um fhaireachas margaidh agus an comhar sin a spreagadh trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí, arna bhunú ar bhonn Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020, ar líonra é ina bhfuil ionadaithe ó gach Ballstát, lena náirítear ionadaí ó gach oifig idirchaidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1020 mar aon le saineolaí náisiúnta roghnach, cathaoirligh ADCOnna, agus ionadaithe ón gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Líonra, a fhoghrúpaí agus an ADCO áirithe sin. Ba cheart dó cúnamh a thabhairt don ADCO sin freisin trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a chuireann tacaíocht theicniúil agus lóistíochta ar fáil.

(57)Chun bearta tráthúla, comhréireacha agus éifeachtacha a áirithiú i ndáil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca nach beag cibearshlándála ag baint leo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta cosanta de chuid an Aontais faoina gcuirtear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta atá beartaithe a dhéanamh i ndáil leis na táirgí sin. Chomh maith leis sin, leis an nós imeachta sin ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheith in ann, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim níos luaithe i gcás inar gá. I gcás ina dtagann na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le húdar cuí a thabhairt do bheart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart gá a bheith ann le rannpháirtíocht an Choimisiúin a thuilleadh, ach amháin i gcás inar féidir neamhchomhlíonadh a chur i leith easnaimh ar chaighdeán comhchuibhithe.

(58)I gcásanna áirithe, maidir le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo, d’fhéadfadh sé go fóill a bheith ina riosca nach beag cibearshlándála nó ina riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do chomhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cearta bunúsacha, infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí a thairgeann eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX/XXXX (NIS2)] a chosaint nó ina riosca do ghnéithe eile de leas an phobail a chosaint. Dá bhrí sin, is gá rialacha a bhunú lena náiritheofar maolú ar na rioscaí sin. Mar thoradh air sin, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh bearta a dhéanamh chun ceangal a chur ar an oibreoir eacnamaíoch a áirithiú nach bhfuil an riosca sin ag baint leis an táirge a thuilleadh, é a aisghairm nó é a tharraingt siar, ag brath ar an riosca. A luaithe a chuireann údarás um fhaireachas margaidh srian nó toirmeasc ar shaorghluaiseacht táirge ar an mbealach sin, ba cheart don Bhallstát fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sealadacha, agus na cúiseanna agus an t‑údar cuí leis an gcinneadh á léiriú. I gcás ina nglacfaidh údarás um fhaireachas margaidh bearta den sórt sin in aghaidh táirgí lena mbaineann riosca, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus ní mór dó meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún a chinneadh a dhíriú chuig na Ballstáit uile agus é a chur in iúl ar an toirt dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Más rud é go mbreithnítear go bhfuil údar cuí leis an mbeart, féadfaidh an Coimisiún breithniú ar thograí a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.

(59)Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca nach beag cibearshlándála ag baint leo, agus i gcás ina bhfuil cúis ann a chreidiúint nach bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le haghaidh táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach a bhfuil rioscaí tábhachtacha eile ag baint leo, amhail rioscaí do shláinte nó do shábháilteacht daoine, cearta bunúsacha nó soláthar seirbhísí ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I de Threoir XXX / XXXX (NIS2)], féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh. Bunaithe ar an meastóireacht sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta ceartaitheacha nó sriantacha a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, lena náirítear a ordú go dtarraingeofaí siar ón margadh, nó go naisghairfí na táirgí faoi seach, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le nádúr an riosca. Ní fhéadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh na hidirghabhála sin ach amháin in imthosca eisceachtúla a thugann údar le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus ní fhéadfaidh sé dul i muinín na hidirghabhála sin ach amháin i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis um fhaireachas chun an cás a leigheas. D’fhéadfadh cásanna éigeandála a bheith i gceist leis na himthosca eisceachtúla sin, mar shampla, cás ina gcuireann an monaróir táirge neamhchomhlíontach ar fáil go forleathan ar fud roinnt Ballstát, ar táirge é a úsáideann eintitis faoi raon feidhme [Threoir XXX / XXXX (NIS2)] freisin in earnálacha tábhachtacha, agus ina bhfuil leochaileachtaí aitheanta atá á saothrú ag gníomhaithe mailíseacha agus nach soláthraíonn an monaróir paistí dá bhfuil ar fáil dóibh. Ní fhéadfaidh an Coimisiún idirghabháil a dhéanamh i gcásanna éigeandála den sórt sin ach amháin ar feadh ré na nimthosca eisceachtúla agus i gcás ina leantar ar neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo nó ar na rioscaí tábhachtacha arna gcur i láthair.

(60)I gcásanna ina bhfuil tásca nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh i roinnt Ballstát, ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh a bheith in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis eile, d’fhonn comhlíontacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhíorú agus rioscaí cibearshlándála a bhaineann leo a shainaithint.

(61)Is éard atá i ngníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuabadh’) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha a dhéanann údaráis um fhaireachas margaidh ar féidir leo slándáil táirgí a fheabhsú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart scuabadha dhéanamh i gcás ina dtabharfaidh treochtaí sa mhargadh, gearáin ó thomhaltóirí nó tásca eile le tuiscint gur minic a bhaineann rioscaí cibearshlándála le catagóirí áirithe táirgí. Ba cheart do ENISA tograí le haghaidh catagóirí táirgí a bhféadfaí scuabadha eagrú ina leith a chur faoi bhráid na núdarás um fhaireachas margaidh, bunaithe, i measc nithe eile, ar fhógraí faoi leochaileachtaí táirge agus faoi theagmhais a fhaigheann sé.

(62)Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le nuashonruithe ar an liosta táirgí criticiúla in Iarscríbhinn III agus i ndáil le sainmhínithe na gcatagóirí táirgí sin a shonrú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo a shainaithint, lena sonraítear an mbeadh gá le teorannú nó eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo chomh maith le raon feidhme an teorannaithe sin, más infheidhme. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i ndáil leis an sainordú a d’fhéadfaí a thabhairt do dheimhniú táirgí áirithe anchriticiúil ag a bhfuil gnéithe digiteacha bunaithe ar chritéir chriticiúlachta a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun ábhar íosta dhearbhú comhréireachta AE a shonrú agus na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 33 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(63)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun: formáid agus eilimintí an bhille ábhar bogearraí a shonrú, tuilleadh sonraithe a dhéanamh i ndáil lecineál faisnéise, formáid agus nós imeachta na bhfógraí maidir leis na leochaileachtaí a shaothraítear ar bhonn gníomhach agus na teagmhais arna gcur faoi bhráid ENISA ag na monaróirí, sonrú a dhéanamh ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 a bhféadfar iad a úsáid chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nó leis na codanna díobh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a léiriú, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos i leith picteagram nó aon mharcáil eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus sásraí a leagan síos chun a núsáid a chur chun cinn, cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais in imthosca eisceachtúla lena dtugtar údar d’idirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 .

(64)Chun comhar iontaofa inchiallaithe a áirithiú idir na húdaráis um fhaireachas margaidh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu a urramú.

(65)Chun go n‑áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfí na fíneálacha sin. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le leibhéil uasta a bhunú le haghaidh fíneálacha riaracháin i ndlíthe náisiúnta i gcás neamhchomhlíonadh na noibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, ba cheart imthosca ábhartha uile an cháis shonraigh a chur san áireamh agus ar a laghad iad siúd a bhunaítear go sainráite sa Rialachán seo, lena náirítear cé acu a chuir nó nár chuir údaráis um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana maidir leis an oibreoir céanna as sáruithe comhchosúla. D’fhéadfadh imthosca den sórt sin a bheith géaraitheach, i gcás ina leanann sárú an oibreora chéanna ar aghaidh ar chríoch Ballstát eile seachas ar chríoch an Bhallstáit inar cuireadh fíneáil riaracháin i bhfeidhm cheana, nó d’fhéadfadh imthosca den sórt sin a bheith maolaitheach, trína áirithiú gur cheart aon fhíneáil riaracháin eile a bhreithnigh údarás eile um fhaireachas margaidh le haghaidh an oibreora eacnamaíoch céanna nó an chineáil chéanna sáruithe a chur san áireamh, mar aon le himthosca ábhartha sonracha eile a bhaineann le pionós agus méid an phionóis a forcuireadh i mBallstáit eile. I ngach cás den sórt sin, leis an bhfíneáil charnach riaracháin a d’fhéadfadh údaráis um fhaireachas margaidh i roinnt Ballstát a chur i bhfeidhm ar an oibreoir eacnamaíoch céanna maidir leis an gcineál céanna sáraithe, ba cheart a áirithiú go nurramófar prionsabal na comhréireachta.

(66)I gcás ina bhforchuirtear fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás inniúil an leibhéal ioncaim ginearálta sa Bhallstát a chur san áireamh chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas. Ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit a chinneadh cé acu agus a mhéid ba cheart d’údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin.

(67)Ina chaidreamh le tríú tíortha, déanann an tAontas a dhícheall trádáil idirnáisiúnta i dtáirgí rialáilte a chur chun cinn. Is féidir réimse leathan beart a chur i bhfeidhm chun trádáil a éascú, lena náirítear roinnt ionstraimí dlí amhail Comhaontuithe déthaobhacha (idir-rialtasacha) um Aitheantas Frithpháirteach (MRAnna) le haghaidh measúnú comhréireachta agus marcáil táirgí rialáilte. Bunaítear MRAnna idir an tAontas agus tríú tíortha, atá ar leibhéal inchomparáide forbartha teicniúla agus a bhfuil cur chuige comhoiriúnach acu maidir le measúnú comhréireachta. Tá na comhaontuithe sin bunaithe ar ghlacadh frithpháirteach deimhnithe, marcanna comhréireachta agus tuarascálacha ar thástáil a eisíonn na comhlachtaí um measúnú comhréireachta de chuid páirtí ar bith acu i gcomhréir le reachtaíocht an pháirtí eile. Tá MRAnna i bhfeidhm faoi láthair do roinnt tíortha. Tá na comhaontuithe tugtha i gcrích i roinnt earnálacha sonracha, agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó thír go chéile. Chun trádáil a éascú a thuilleadh, agus á aithint gur ar fud an domhain iad slabhraí soláthair táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfar MRAnna maidir le measúnú comhréireachta a thabhairt i gcrích le haghaidh táirgí arna rialáil ag an Aontas faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Tá comhar le tíortha comhpháirtíochta tábhachtach freisin, chun an chibear-athléimneacht a neartú ar fud an domhain, ós rud é go rannchuideoidh sé sin san fhadtéarma le creat cibearshlándála neartaithe laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.

(68)Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an Rialachán seo, i gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara, go háirithe d’fhonn an gá atá le modhnú a chinneadh i bhfianaise athruithe ar dhálaí sochaíocha, polaitiúla, teicneolaíocha nó margaidh.

(69)Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun iad féin a oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo [24 mhí] tar éis a theacht i bhfeidhm, cé is moite de na hoibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le leochaileachtaí agus teagmhais a shaothraítear go gníomhach, ar cheart feidhm a bheith acu [12 mhí] ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(70)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i ngeall ar éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(71)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 agus thug sé a thuairim uaidh an […],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)rialacha maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú;

(b)ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le dearadh, forbairt agus táirgeadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na táirgí sin i dtaca leis an gcibearshlándáil;

(c)ceanglais fhíor-riachtanacha maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí a chuireann monaróirí i bhfeidhm chun cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áirithiú le linn na saolré iomláine, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na próisis sin;

(d)rialacha maidir le faireachas margaidh agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas thuasluaite.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a náirítear leis an úsáid atá beartaithe nó atá measartha intuartha dóibh nasc sonraí loighciúil nó fisiceach, bíodh an nasc sin díreach nó indíreach, le feiste nó le líonra.

2.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm ag na gníomhartha Aontais seo a leanas maidir leo:

(a)Rialachán (AE) 2017/745;

(b)Rialachán (AE) 2017/746;

(c)Rialachán (AE) 2019/2144.

3.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a deimhníodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139.

4.Sna cásanna seo a leanas, féadfar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú nó a eisiamh maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha Aontais eile lena leagtar síos ceanglais a thugann aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a)tá an teorannú nó an teisiamh sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán is infheidhme maidir leis na táirgí sin; agus

(b)baineann na rialacha earnála an leibhéal céanna cosanta amach agus atá ag an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a leasú, gníomhartha ina sonraítear cé acu atá nó nach bhfuil gá leis an teorannú nó leis an eisiamh, na táirgí agus na rialacha lena mbaineann, chomh maith le raon feidhme an teorannaithe, más ábhartha.

5.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a forbraíodh go heisiach chun críoch slándála náisiúnta nó chun críoch míleata, ná níl feidhm aige maidir le táirgí a dearadh go sonrach chun faisnéis rúnaicmithe a phróiseáil.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ aon táirge bogearraí nó crua-earraí agus a réitigh chianphróiseála sonraí, lena náirítear comhpháirteanna bogearraí nó crua-earraí atá le cur ar an margadh astu féin;

(2)ciallaíonn ‘cianphróiseáil sonraí’ aon phróiseáil sonraí go cianda arb é an monaróir a dhéanann na bogearraí lena haghaidh a dhearadh agus a fhorbairt, nó arb é freagracht an mhonaróra an méid sin, agus a gcuirfeadh easpa na próiseála sonraí sin cosc ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a dhéanamh;

(3)ciallaíonn ‘táirge criticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann riosca cibearshlándála leis i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(2), agus a leagtar a chroífheidhmiúlacht amach in Iarscríbhinn III;

(4)ciallaíonn ‘táirge fíorchriticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann riosca cibearshlándála leis i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(5);

(5)ciallaíonn ‘teicneolaíocht oibríochtúil’ córais nó gairis dhigiteacha inríomhchláraithe lena nidirghníomhaítear leis an timpeallacht fhisiceach nó lena mbainistítear gairis a idirghníomhaíonn leis an timpeallacht fhisiceach;

(6)ciallaíonn ‘bogearraí’ an chuid sin de chóras faisnéise leictreonaí ina bhfuil cód ríomhaireachta;

(7)ciallaíonn ‘crua-earraí’ córas faisnéise leictreonaí fisiciúil, nó codanna de, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(8)ciallaíonn ‘comhpháirt’ bogearraí nó crua-earraí atá ceaptha lena gcomhtháthú i gcóras faisnéise leictreonaí;

(9)ciallaíonn ‘córas faisnéise leictreonaí’ aon chóras, lena náirítear trealamh leictreach nó leictreonach, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(10)ciallaíonn ‘nasc loighciúil’ léiriú fíorúil ar nasc sonraí a chuirtear chun feidhme trí chomhéadan bogearraí;

(11)ciallaíonn ‘nasc fisiceach’ aon nasc idir córais nó comhpháirteanna faisnéise leictreonaí a chuirtear chun feidhme agus meáin fhisiceacha á núsáid, lena náirítear naisc trí chomhéadain, sreanga nó radathonnta leictreacha nó meicniúla;

(12)ciallaíonn ‘nasc indíreach’ nasc le gaireas nó le líonra, nach dtarlaíonn go díreach, ach mar chuid de chóras níos mó a fhéadtar a nascadh go díreach leis an ngaireas nó leis an líonra sin;

(13)ciallaíonn ‘pribhléid’ ceart rochtana a thugtar d’úsáideoirí nó do chláir áirithe chun oibríochtaí atá ábhartha maidir leis an tslándáil a dhéanamh laistigh de chóras faisnéise leictreonaí;

(14)ciallaíonn ‘pribhléid ardaithe’ ceart rochtana a thugtar d’úsáideoirí nó do chláir áirithe chun sraith leathnaithe oibríochtaí atá ábhartha maidir leis an tslándáil a dhéanamh laistigh de chóras faisnéise leictreonaí a d’fhéadfadh, dá mbainfí míúsáid as nó dá gcuirfí as dó, cead a thabhairt do ghníomhaí mailíseach rochtain níos leithne a fháil ar acmhainní córais nó eagraíochta;

(15)ciallaíonn ‘pointe deiridh’ aon ghaireas atá nasctha le líonra agus a fheidhmíonn mar phointe iontrála sa líonra sin;

(16)ciallaíonn ‘acmhainní líonraithe nó ríomhaireachta’ sonraí nó feidhmiúlacht crua-earraí nó bogearraí atá inrochtana go háitiúil nó trí líonra nó trí ghaireas eile atá nasctha;

(17)ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an tionadaí údaraithe, an tallmhaireoir, an dáileoir, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo;

(18)ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhorbraíonn nó a mhonaraíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a dhéanann táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm/hainm nó faoina thrádmharc/trádmharc, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht nó saor in aisce;

(19)ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe;

(20)ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, táirge a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe lasmuigh den Aontas air;

(21)ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t‑allmhaireoir, a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais gan an méid sin difear a dhéanamh d’airíonna an táirge;

(22)ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(23)ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht nó saor in aisce;

(24)ciallaíonn ‘an chríoch atá beartaithe’ an úsáid a beartaigh an monaróir le haghaidh táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n‑áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, mar a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil;

(25)ciallaíonn ‘úsáid atá intuartha go réasúnach’ úsáid nach gá gurb í sin an chríoch a bheartaigh an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil, ach úsáid ar dócha go neascróidh sí as iompar an duine nó as oibríochtaí nó idirghníomhaíochtaí teicniúla atá measartha intuartha;

(26)ciallaíonn ‘míúsáid atá measartha intuartha’ úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh eascairt as iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó as idirghníomhaíocht le córais eile;

(27)ciallaíonn ‘an t‑údarás a thugann fógra’ an t‑údarás náisiúnta atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu, chomh maith le faireachán a dhéanamh orthu;

(28)ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena bhfíoraítear cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(29)ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a shainítear in Airteagal 2(13) de Rialachán (AE) Uimh. 765/2008;

(30)ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais;

(31)ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tar éis é a chur ar an margadh, athrú a dhéanann difear don chaoi a gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, nó athrú a bhfuil modhnú dá bharr ar an úsáid a bhí beartaithe don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus é á mheasúnú;

(32)ciallaíonn ‘marcáil comhréireachta CE’ marcáil lena dtugann monaróir le fios go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus le reachtaíocht Aontais eile is infheidhme lena ndéantar na coinníollacha maidir le táirgí a chur ar an margadh a chomhchuibhiú (‘reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais’) agus lena bhforáiltear maidir le greamú na marcála;

(33)ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ an túdarás mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4) de Rialachán (AE) 2019/1020;

(34)ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(35)ciallaíonn ‘riosca cibearshlándála’ riosca mar a shainmhínítear in Airteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)];

(36)ciallaíonn ‘riosca suntasach cibearshlándála’ riosca cibearshlándála ar féidir glacadh leis ina leith, bunaithe ar a shainairíonna teicniúla, gur mór an dóchúlacht go mbeidh teagmhas ann dá bharr a bhféadfadh tionchar andiúltach a bheith mar thoradh air, lena náirítear caillteanas nó cur isteach suntasach ábhartha nó neamhábhartha;

(37)ciallaíonn ‘liosta ábhar bogearraí’ taifead foirmiúil ina gcoinnítear na mionsonraí agus na gaolmhaireachtaí slabhra soláthair a bhaineann leis na comhpháirteanna a áirítear in eilimintí bogearraí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(38)ciallaíonn ‘leochaileacht’ leochaileacht mar a shainmhínítear in Airteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)];

(39)ciallaíonn ‘leochaileacht a shaothraítear go gníomhach’ leochaileacht a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí cód mailíseach a fhorghníomhú ar chóras gan cead ó úinéir an chórais;

(40)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 4

Saorghluaiseacht

1.Ní chuirfidh na Ballstáit bac, maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

2.Ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó ag imeachtaí cosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar chur i láthair ná ar úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

3.Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar bhogearraí neamhchríochnaithe nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar choinníoll nach gcuirtear na bogearraí ar fáil ach ar feadh na tréimhse teoranta is gá chun críoch tástála agus go mbaintear úsáid as comhartha infheicthe lena chur in iúl go soiléir nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus gur chun críoch tástála amháin a bheidh sé ar fáil ar an margadh.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Ní dhéanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(1)comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid chun na críche a beartaíodh dóibh nó go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid faoi choinníollacha is féidir a thuar go réasúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar iad a thabhairt cothrom le dáta, agus

(2)comhlíonann na próisis a chuireann an monaróir ar bun na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1.Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhaineann le catagóir a liostaítear in Iarscríbhinn III, measfar gur táirgí criticiúla iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Táirgí ag a bhfuil príomhfheidhmiúlacht catagóire a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar go mbaineann siad leis an gcatagóir sin. Déanfar catagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, rud a léireoidh leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann leis na táirgí sin.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn III a leasú trí chatagóir nua a áireamh i liosta na gcatagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó trí chatagóir atá ann cheana a bhaint den liosta sin. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an ngá leis an liosta in Iarscríbhinn III a leasú, cuirfidh sé san áireamh leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Agus an leibhéal riosca cibearshlándála á chinneadh, cuirfear ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)feidhmiúlacht chibearshlándála an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus cé acu atá nó nach bhfuil ceann amháin ar a laghad de na tréithe seo a leanas ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

(i)tá sé deartha chun rith le pribhléid ardaithe nó pribhléidí a bhainistiú;

(ii)tá rochtain dhíreach nó rochtain faoi phribhléid aici ar acmhainní líonraithe nó ríomhaireachta;

(iii)tá sé deartha chun rochtain ar shonraí nó ar theicneolaíocht oibríochtúil a rialú;

(iv)comhlíonann sé feidhm atá ríthábhachtach maidir le hiontaoibh, go háirithe feidhmeanna slándála amhail rialú líonra, slándáil críochphointe, agus cosaint líonra.

(b)úsáid bheartaithe i dtimpeallachtaí íogaire, lena náirítear é a bheith á úsáid i suímh thionsclaíocha nó ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann leis an Treoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)];

(c)an úsáid atá beartaithe, is é sin, feidhmeanna criticiúla nó íogaire a chur i gcrích, amhail próiseáil sonraí pearsanta;

(d)a mhéid díobhála a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar thionchar diúltach, go háirithe i dtéarmaí dhéine na díobhála sin agus a cumas difear a dhéanamh do roinnt mhaith daoine;

(e)a mhéid atá úsáid táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina cúis le caillteanas nó cur isteach ábhartha nó neamhábhartha cheana féin nó a mhéid atá sí ina cúis imní nach beag i ndáil le tionchar diúltach a bheith ar na bacáin.

3.Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shainmhínithe na gcatagóirí táirgí faoi aicme I agus faoi aicme II a shonrú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Glacfar an gníomh tarmligthe [faoi 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

4.Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2) agus (3).

5.Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chatagóirí táirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shonrú, a gceanglófar ar na monaróirí deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó codanna díobh, a léiriú. Agus catagóirí den sórt sin de tháirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha á gcinneadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i bhfianaise ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear i mír 2, agus i bhfianaise an mheasúnaithe ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an méid seo a leanas leis an gcatagóir táirgí sin:

(a)bíonn an chatagóir á húsáid ag na heintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann leis an Treoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] nó bíonn siad ag brath ar an gcatagóir, é sin nó d’fhéadfadh tábhacht a bheith leis an gcatagóir amach anseo maidir le gníomhaíochtaí na neintiteas sin; nó

(b)tá sí ábhartha maidir lena athléimní atá slabhra soláthair foriomlán na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha in aghaidh teagmhais shuaiteacha.

Airteagal 7

Sábháilteacht ghinearálta táirgí

De mhaolú ar Airteagal 2(1), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí], i gcás nach bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir ceanglais shonracha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais de réir bhrí [Airteagal 3, pointe (25) den Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí], beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidlí V agus VII, agus Caibidlí IX go XI de Rialachán [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] maidir leis na táirgí sin i ndáil le rioscaí sábháilteachta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Córais intleachta saorga ardriosca

1.Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal 6] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i gcás ina bhfuil na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, measfar go bhfuil na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann leis an gcibearshlándáil a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], gan dochar do na ceanglais eile a bhaineann le cruinneas agus stóinseacht a áirítear san Airteagal thuasluaite, agus a mhéid a léirítear leis an dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéal cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

2.Maidir leis na táirgí agus na ceanglais chibearshlándála dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta mar a cheanglaítear le hAirteagal [Airteagal 43] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga]. Chun críoch an mheasúnaithe sin, i gcás comhlachtaí faoina dtugtar fógra atá i dteideal comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a rialú, beidh siad i dteideal freisin comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a rialú, ar choinníoll go ndearnadh na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra a mheasúnú maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29 den Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh acu i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga].

3.De mhaolú ar mhír 2, i gcás táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, táirgí nach mór dóibh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 24(2)(a), 24(2)(b), 24(3)(a) agus 24(3)(b) faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a aicmítear freisin mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal [Airteagal 6] den Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn VI] a ghabhann le Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] maidir leo, beidh na táirgí sin faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a cheanglaítear leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo.

Airteagal 9

Táirgí innealra

Táirgí innealra faoi raon feidhme an Rialacháin [togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra] ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo agus ar eisíodh dearbhú comhréireachta AE ina leith ar bhonn an Rialacháin seo, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn III, Roinn 1.1.9 agus Roinn 1.2.1] a ghabhann le Rialachán [togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra], a mhéid a bhaineann le cosaint ar éilliú agus sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe, agus a mhéid a léirítear sa dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéil cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ NA N‑OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 10

Oibleagáidí na monaróirí

1.Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, áiritheoidh siad go ndearnadh é a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

2.Chun an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, tabharfaidh na monaróirí faoi mheasúnú ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh siad toradh an mheasúnaithe sin san áireamh le linn chéimeanna pleanála, deartha, forbartha, táirgthe, seachadta agus cothabhála an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’fhonn na rioscaí cibearshlándála a laghdú, teagmhais slándála a chosc agus tionchar teagmhas den sórt sin a mhaolú, lena náirítear a dtionchar i ndáil le sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí.

3.Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag monaróir, cuirfidh sé measúnú riosca cibearshlándála san áireamh sa doiciméadacht theicniúil mar a leagtar amach in Airteagal 23 agus in Iarscríbhinn V. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 24(4) atá faoi réir gníomhartha Aontais eile freisin, féadfaidh an measúnú riosca cibearshlándála a bheith mar chuid den mheasúnú riosca a cheanglaítear leis na gníomhartha Aontais ábhartha sin. I gcás nach bhfuil ceanglais fhíor-riachtanacha áirithe infheidhme maidir leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá á chur ar an margadh, cuirfidh an monaróir údar soiléir san áireamh sa doiciméadacht sin.

4.Chun an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh na monaróirí dícheall cuí agus comhpháirteanna a fhaigheann siad ó thríú páirtithe á gcomhtháthú acu i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Áiritheoidh siad nach mbainfidh na comhpháirteanna sin de shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

5.Déanfaidh an monaróir doiciméadú córasach, ar bhealach atá comhréireach le cineál na rioscaí cibearshlándála, ar ghnéithe ábhartha cibearshlándála a bhaineann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena náirítear leochaileachtaí a bhfaigheann sé amach fúthu agus aon fhaisnéis ábhartha a chuireann tríú páirtithe ar fáil, agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh sé an measúnú riosca ar an táirge cothrom le dáta.

6.Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, agus ar feadh shaolré ionchasach an táirge nó ar feadh thréimhse 5 bliana ón uair a cuireadh an táirge ar an margadh, cibé acu is giorra, áiritheoidh siad go ndéanfar leochaileachtaí an táirge sin a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí ag na monaróirí, lena n‑áirítear beartais um nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (5), d’Iarscríbhinn I, chun leochaileachtaí féideartha sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna dtuairisciú ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, a phróiseáil agus a leigheas.

7.Sula gcuirfidh na monaróirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, tarraingeoidh siad suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23.

Cuirfidh siad na nósanna imeachta roghnaithe um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24 i gcrích nó socróidh siad go gcuirfear i gcrích iad.

I gcás inar léiríodh, leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta sin, go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis a chuir na monaróirí i bhfeidhm na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na monaróirí an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 20 agus déanfaidh siad an mharcáil comhréireachta CE a ghreamú i gcomhréir le hAirteagal 22.

8.Déanfaidh na monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE, más ábhartha, a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann deich mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh.

9.Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go gcoinneoidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar cuid iad de shraith tháirgthe a gcomhréireacht. Cuirfidh an monaróir san áireamh go leordhóthanach athruithe i bpróiseas forbartha agus táirgthe nó i ndearadh nó saintréithe an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe, ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19 a ndearbhaítear comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha trí thagairt dóibh nó a bhfíoraítear a chomhréireacht trí iad a chur i bhfeidhm.

10.Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh an fhaisnéis agus na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm fhisiceach, ag gabháil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Beidh an fhaisnéis agus na treoracha sin i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint gan stró. Beidh siad soiléir intuigthe inléite. Ceadóidh siad na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shuiteáil, a oibriú agus a úsáid ar bhealach slán.

11.Cuirfidh na monaróirí an dearbhú comhréireachta AE ar fáil in éineacht leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó áireoidh siad sna treoracha agus san fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II an seoladh idirlín ar féidir rochtain a fháil ar an dearbhú comhréireachta AE.

12.Ón uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus ar feadh shaolré ionchasach an táirge nó ar feadh thréimhse cúig bliana tar éis táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cibé acu is giorra, má tá a fhios ag monaróirí nó má tá údar acu a cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis a chuir an monaróir ar bun i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, glacfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach bonn chun comhréireacht a bhaint amach don táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó do phróisis an mhonaróra, chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

13.Ar iarraidh réasúnaithe ón údarás um fhaireachas margaidh, déanfaidh na monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuir an monaróir ar bun i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a chur ar fáil don údarás sin i dteanga is féidir leis a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart a rinneadh chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna chur ar an margadh acu.

14.Monaróir a scoireann dá oibríochtaí agus, mar thoradh air sin, nach bhfuil in ann na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas faoin scéal sin sula dtiocfaidh an scor oibríochtaí i bhfeidhm, agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí a chuirtear ar an margadh, ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

15.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid agus eilimintí an liosta ábhar bogearraí a leagtar amach i Roinn 2, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a shonrú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

Airteagal 11

Oibleagáidí ginearálta na monaróirí

1.Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoi, fógra a thabhairt do ENISA faoi aon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach atá sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an leochaileacht sin agus, i gcás inarb infheidhme, aon bheart ceartaitheach nó maolaitheach a rinneadh. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, an fógra a chur ar aghaidh chuig Foireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT) na mBallstát lena mbaineann, foireann arna hainmniú chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)], tar éis an fógra a fháil agus cuirfidh sé an túdarás um fhaireachas margaidh ar an eolas faoin leochaileacht faoinar tugadh fógra.

2.Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoi, fógra a thabhairt do ENISA faoi aon teagmhas a imríonn tionchar ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, na fógraí a chur ar aghaidh chuig pointe teagmhála aonair arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] na mBallstát lena mbaineann, agus na teagmhais faoinar tugadh fógra a thabhairt le fios do na húdaráis um fhaireachas margaidh. Áireofar san fhógra faoin teagmhas faisnéis faoi dhéine agus faoi thionchar an teagmhais agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfar le fios cé acu atá nó nach bhfuil amhras ar an monaróir gur gníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha ba chúis leis an teagmhas nó cé acu a mheasann nó nach measann sé go mbeidh tionchar trasteorann aige.

3.Cuirfidh ENISA faisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 faoi bhráid an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) arna bhunú le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] má tá an fhaisnéis sin ábhartha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar leibhéal oibríochtúil.

4.Tar éis don mhonaróir fáil amach faoin teagmhas, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an eolas faoi agus, i gcás inar gá, faoi na bearta ceartaitheacha is féidir leis na húsáideoirí a dhéanamh chun tionchar an teagmhais a mhaolú.

5.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cineál faisnéise a shonrú a thuilleadh, mar aon leis an bhformáid agus an nós imeachta a bhaineann leis na fógraí a chuirtear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

6.Ar bhonn na bhfógraí atá faighte aige de bhun mhíreanna 1 agus 2, ullmhóidh ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh sé í faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear in Airteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)]. Cuirfear an chéad tuarascáil den sórt sin isteach laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na noibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1 agus 2.

7.Ar leochaileacht i gcomhpháirt a shainaithint do na monaróirí, agus í comhtháite sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena náirítear leochaileacht i gcomhpháirt foinse oscailte, tuairisceoidh siad an leochaileacht don duine nó don eintiteas a bhfuil an chomhpháirt á cothabháil aige.

Airteagal 12

Ionadaithe údaraithe

1.Féadfaidh an monaróir ionadaí údaraithe a cheapadh trí shainordú i scríbhinn.

2.Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 10(1) go (7) an chéad fhleasc agus (9) ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

3.Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23 a choinneáil ar fáil do na húdaráis faireachas margaidh go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh;

(b)ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur ar fáil a bhfuil gá leis chun comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a léiriú;

(c)oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a glacadh chun fáil réidh leis na rioscaí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 13

Oibleagáidí na n‑allmhaireoirí

1.Ní chuirfidh allmhaireoirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh ach amháin na táirgí sin a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus i gcás ina bhfuil na próisis a chuir an monaróir ar bun i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2.Sula gcuirfidh siad táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, áiritheoidh na hallmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a)na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24, tá siad curtha i gcrích ag an monaróir;

(b)tá an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir;

(c)tá an mharcáil comhréireachta CE dá dtagraítear in Airteagal 22 le feiceáil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus tá an fhaisnéis agus na treoracha úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn II in éineacht leis.

3.I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis aige a cheapadh nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an tallmhaireoir an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge sin nó na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an tallmhaireoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4.Déanfaidh na monaróirí a nainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist ar ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar dhoiciméad atá in éineacht leis. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan dua.

5.Áiritheoidh na hallmhaireoirí go mbeidh na treoracha agus an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II ag gabháil leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus iad i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint gan stró.

6.Allmhaireoirí a bhfuil a fhios acu, nó má tá údar acu a cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, glacfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach bonn chun comhréireacht a bhaint amach don táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó do na próisis a chuir monaróirí an táirge i bhfeidhm, chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

Ar leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint do na hallmhaireoirí, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh riosca mór cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na monaróirí é sin in iúl gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad sonraí, go háirithe, faoin neamh‑chomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

7.Coimeádfaidh na hallmhaireoirí, go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

8.Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, déanfaidh na hallmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur ar fáil dó, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus chun a léiriú go bhfuil na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, agus go ndéanfar an méid sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan dua. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le beart ar bith a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar fáil ar an margadh acu.

9.Nuair a thugann allmhaireoir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi deara gur scoir monaróir an táirge sin dá oibríochtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé in ann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé an méid sin le fios do na na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí a chuirtear ar an margadh, ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

Airteagal 14

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh na dáileoirí leis an gcúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.Sula gcuirfidh dáileoirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a)tá an mharcáil comhréireachta CE ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(b)chomhlíon an monaróir agus an tallmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(10), Airteagal 10(11) agus Airteagal 13(4).

3.I gcás ina measann dáileoir, nó ina bhfuil cúis aige le ceapadh nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge sin nó na próisis arna gcur ar bhfeidhm ag an monaróir tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca mór cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an dáileoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4.Dáileoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil údar acu a cheapadh nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis a chuir monaróir an táirge i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, áiritheoidh siad go nglacfar na bearta ceartaitheacha is gá chun comhréireacht a bhaint amach don táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó do na próisis a chuir monaróirí an táirge i bhfeidhm, chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

Ar leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint do na dáileoirí, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh riosca mór cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na dáileoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad sonraí, go háirithe, faoin neamh‑chomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

5.Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, déanfaidh na dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur ar fáil dó, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuir monaróir an táirge i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus go ndéanfar an méid sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan dua. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le beart ar bith a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar fáil ar an margadh acu.

6.Nuair a thugann dáileoir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi deara gur scoir monaróir an táirge sin dá oibríochtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé in ann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé an méid sin le fios do na na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí a chuirtear ar an margadh, ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

Airteagal 15

Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 10 agus 11(1), (2), (4) agus (7) i gcás ina gcuirfidh an t‑allmhaireoir nó an dáileoir sin táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh faoina ainm/hainm nó faoina thrádmharc/trádmharc nó i gcás ina ndéanfaidh sé nó sí modhnú substaintiúil ar tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cuireadh ar an margadh cheana.

Airteagal 16

Cásanna eile ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí

Duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an dáileoir, a dhéanann modhnú substaintiúil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo.

Beidh an duine sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 10 agus Airteagal 11(1), (2), (4) agus (7), maidir leis an gcuid den táirge a ndéanann an modhnú substaintiúil difear di nó, má tá tionchar ag an modhnú substaintiúil ar chibearshlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina iomláine, maidir leis an táirge iomlán.

Airteagal 17

Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

1.Déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin agus i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ar fáil, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na húdaráis um fhaireachais margaidh:

(a)ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair táirge dóibh ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(b)ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad táirge dó ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

2.Beidh na hoibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur i láthair go ceann 10 mbliana tar éis sholáthar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dóibh agus go ceann 10 mbliana tar éis dóibh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar.

CAIBIDIL III

Comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Airteagal 18

Toimhde comhréireachta

1.Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh, a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis dhigiteacha arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir, atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a mhéid atá na ceanglais sin faoi chumhdach na sonraíochtaí coiteanna sin.

3.Táirgí ag a bhfuil eilimintí agus próisis dhigiteacha arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir ar eisíodh ráiteas comhréireachta nó deimhniú AE ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de réir Rialachán (AE) 2019/881 agus arna sonrú de réir mhír 4, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mhéid a atá na riachtanais sin faoi chumhdach an ráitis comhréireachta nó deimhnithe cibearshlándála AE, nó codanna díobh.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 a shonrú, ar scéimeanna iad is féidir a úsáid chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nó le codanna díobh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a léiriú. Ina theannta sin, sonróidh an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, cé acu a chuireann nó nach gcuireann deimhniú cibearshlándála arna eisiúint faoi scéimeanna den chineál sin deireadh le hoibleagáid an mhonaróra measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh maidir leis na ceanglais chomhfhreagracha, mar a leagtar amach in Airteagal 24(2)(a), (b), (3)(a) agus (b). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

Airteagal 19

Sonraíochtaí coiteanna

I gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 18 nó i gcás ina measann an Coimisiún nach leor na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh ná chun iarraidh an Choimisiúin ar chaighdeánú a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar an nós imeachta um chaighdeánú nó i gcás nach bhfuil na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú tar éis glacadh leis an iarraidh ón gCoimisiún ar chaighdeáin chomhchuibhithe, tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

Airteagal 20

Dearbhú comhréireachta AE

1.Déanfaidh na monaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 10(7) agus luafar ann gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.Is é struchtúr na samhla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a bheidh ag an dearbhú comhréireachta AE agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Cuirfear ar fáil é sa teanga nó sna teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil é.

3.I gcás ina bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir níos mó ná gníomh Aontais amháin lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, déanfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach gníomh Aontais den chineál sin. Sainaithneofar sa dearbhú sin na gníomhartha Aontais lena mbaineann, lena náirítear a dtagairtí foilseacháin.

4.Tríd an dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir air féin a bheith freagrach as comhlíontacht an táirge.

5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí a chur le hinneachar íosta an dearbhaithe comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn IV chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

Airteagal 21

Prionsabail ghinearálta na marcála comhréireachta CE

Beidh an mharcáil comhréireachta CE a shainmhínítear in Airteagal 3(32) faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 22

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil comhréireachta CE a ghreamú de tháirge

1.Déanfar an mharcáil comhréireachta CE a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, greamófar í den phacáistíocht agus den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i bhfoirm bogearraí, greamófar an mharcáil comhréireachta CE den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 nó beidh sé ar an suíomh gréasáin a ghabhann leis an táirge bogearraí.

2.Mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfaidh airde na marcála comhréireachta CE atá greamaithe den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith níos ísle ná 5 mm, ar choinníoll go mbeidh sí fós infheicthe agus inléite.

3.Greamófar an mharcáil comhréireachta CE den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula gcuirfear ar an margadh é. Féadfar picteagram nó marc ar bith eile lena dtaispeántar riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh mharcáil comhréireachta CE, rud dá dtagraítear i mír 6.

4.I ndiaidh na marcála comhréireachta CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, i gcás ina bhfuil baint ag an gcomhlacht sin leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) dá dtagraítear in Airteagal 24.

Is é an comhlacht féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, sin nó an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra, ach treoir chuige sin a fháil ón gcomhlacht sin.

5.Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí atá ann cheana chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart an córas lena rialaítear an mharcáil comhréireacha CE agus glacfaidh siad beart iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil sin. I gcásanna ina bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir reachtaíocht Aontais eile lena ndéantar foráil freisin maidir le marcáil comhréireachta CE a ghreamú de, tabharfar le fios ar an marcáil comhréireachta CE go gcomhlíonann an táirge ceanglais na reachtaíochta eile sin freisin.

6.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos le haghaidh picteagraim nó aon mharcanna eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mar aon le sásraí chun a núsáid a chur chun cinn. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

Airteagal 23

Doiciméadacht theicniúil

1.Áireofar sa doiciméadacht theicniúil na sonraí nó na mionsonraí ábhartha uile maidir leis na modhanna a d’úsáid an monaróir lena áirithiú go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Áireofar na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V inti ar a laghad.

2.Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas sula gcuirfear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach, i gcás inarb iomchuí, le linn shaolré ionchasach an táirge nó le linn thréimhse cúig bliana tar éis táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cibé acu is giorra.

3.Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 24(4) atá faoi réir gníomhartha Aontais eile freisin, tarraingeofar suas doiciméadacht theicniúil amháin ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear leis na gníomhartha Aontais ábhartha sin.

4.Déanfar an doiciméadacht theicniúil agus an comhfhreagras a bhaineann le haon nós imeachta um mheasúnú comhréireachta a tharraingt suas i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra bunaithe nó i dteanga a bhfuil glacadh ag an gcomhlacht sin léi.

5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh, chomh maith le forbairtí a tháinig chun cinn i bpróiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 24

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1.Déanfaidh an monaróir measúnú comhréireachta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Léireoidh an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)an nós imeachta um rialú inmheánach (bunaithe ar mhodúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(b)an nós imeachta um chineálscrúdú AE (modúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(c)measúnú comhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2.Agus measúnú á dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann an táirge criticiúil eilimintí digiteacha d’aicme I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus a mhéid a chomhlíonann na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, má fhaightear nach bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna ná scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 18 curtha i bhfeidhm ag an monaróir nó ag ionadaí údaraithe an mhonaróra, ná nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm acu ach i bpáirt, nó i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí comhchoiteanna nó na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, déanfar an táirge ábhartha ag a bhfuil na heilimintí digiteacha agus na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm a chur faoi réir ceachtar de na nósanna imeachta seo a leanas maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sin:

(a)an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(b)measúnú comhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

3.I gcás ina bhfuil an táirge ina tháirge criticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, léireoidh an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí úsáid a bhaint as ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(b)measúnú comhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

4.Monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá aicmithe mar chórais EHR faoi raon feidhme Rialachán [an Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte], léireoidh siad comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo trí úsáid a bhaint as an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta mar a cheanglaítear le Rialachán [Caibidil III den Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte].

5.Comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ní mór dóibh leasanna agus riachtanais shonracha fiontar beag agus meánmhéide a chur san áireamh nuair a bheidh na táillí le haghaidh measúnú comhréireachta á socrú acu agus ní mór dóibh na táillí sin a laghdú i gcomhréir lena leasanna agus lena riachtanais shonracha.

CAIBIDIL IV

FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 25

Fógra

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a údaraítear chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 26

Údaráis a thugann fógra

1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as na nósanna imeachta riachtanacha a bhunú agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus chun fógra a thabhairt ina leith, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena náirítear faireachán ar chomhlíonadh Airteagal 31.

2.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.

Airteagal 27

Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1.Cuirfear údarás a thugann fógra ar bun ar bhealach a fhágann nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí, agus feidhmeoidh sé dá réir sin.

3.Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú, a dhéanfaidh gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4.Ní ceadmhach d’údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a thairiscint ná a sholáthar a bhíonn á tairiscint nó á soláthar ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná ní ceadmhach dó seirbhísí sainchomhairleoireachta a thairiscint nó a sholáthar ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.

5.Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheobhaidh sé a chosaint.

6.Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

Airteagal 28

An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí a thugann fógra

1.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt faoi na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athrú a dhéanfar ar na nithe sin.

2.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 29

Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i mír 2 go mír 12.

2.Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta de réir an dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3.Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge ar a ndéanann sé measúnú.

Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhfuil baint acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht den chineál sin é ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

4.Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, agus maidir lena ardbhainistíocht agus an fhoireann atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad sin ina ndearthóirí, ina bhforbróirí, ina monaróirí, ina soláthróirí, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina núinéirí, ina núsáideoirí ná ina gcothabhálaithe na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil measúnú á dhéanamh acu orthu, ná ní bheidh siad mar ionadaí údaraithe ag aon cheann de na páirtithe sin. Ní choisctear, leis sin, táirgí a ndearnadh measúnú orthu a úsáid má tá gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná na táirgí sin a úsáid chun críoch pearsanta.

Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, agus maidir lena ardbhainistíocht agus an fhoireann atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n‑ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm aige seo go háirithe i gcás seirbhísí sainchomhairleoireachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.

5.Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde i dtaca le hionracas gairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse sonrach lena mbaineann, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus aslaigh, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a mbeadh leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, gan beann ar cé acu a chuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin i gcrích nó a chuirfear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

I dtaca le gach aon nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál nó catagóir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:

(a)foireann ag a bhfuil an teolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí acu chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b)tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena náirithítear trédhearcacht agus inatáirgtheacht na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus na gníomhaíocht eile a dhéanann sé;

(c)na nósanna imeachta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích a chuireann san áireamh méid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus cineál an phróisis táirgthe, is é sin, an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe é.

Beidh na hacmhainní aige atá riachtanach chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí go léir is gá.

7.Beidh an méid seo a leanas ag an bhfoireann atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:

(a)oiliúint fhónta theicniúil agus ghairmiúil inar cuimsíodh na gníomhaíochtaí ar fad um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b)eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais fhíor-riachtanacha, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus a gníomhartha cur chun feidhme;

(d)an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe i gcrích.

8.Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a lucht ardbhainistíochta, agus na foirne measúnaithe.

Ní bheidh luach saothair lucht ardbhainistíochta agus fhoireann measúnaithe an chomhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais ach amháin i gcás ina ngabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás inarb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

10.Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn VI nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht dó, ach amháin i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar na cearta dílseánaigh a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena náiritheofar comhlíonadh na míre seo.

11.Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta faoina dtugtar fógra arna bhunú faoi Airteagal 40, gníomhaíochtaí a náiritheoidh siad go bhfuil a bhfoireann measúnaithe ar an eolas fúthu, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur i dtoll a chéile mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.

12.Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha atá comhsheasmhach, cothrom agus réasúnach, go háirithe agus leasanna FBManna i ndáil le táillí á gcur san áireamh acu.

Airteagal 30

Toimhde comhréireachta i dtaca leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 31

Fochuideachtaí agus fochonraitheoireacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.I gcás ina ligfidh comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 agus tabharfaidh sé an méid sin le fios dá réir don údarás a thugann fógra.

2.Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanfaidh fochonraitheoir nó fochuideachta gan beann ar an áit a mbeidh siad siúd bunaithe.

3.Is le toiliú an mhonaróra amháin a ligfear gníomhaíochtaí ar fochonradh nó a ligfear d’fhochuideachta dul ina mbun.

4.Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, chomh maith leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

Airteagal 32

Iarratas ar fhógra a thabhairt

1.Cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht féin bunaithe.

2.Ba cheart tuairisc a bheith ag gabháil leis an iarratas sin ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an nós nó na nósanna imeachta agus ar an táirge nó na táirgí a maíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil air nó orthu, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29.

3.I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht i leith na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 29 a fhíorú agus a aithint agus chun faireachán rialta a dhéanamh air sin.

Airteagal 33

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, féadfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.

2.An túdarás a thugann fógra, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as córas faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dTugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe (NANDO), córas arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún.

3.Áireofar san fhógra sonraí iomlána faoi na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, faoin modúl nó faoi na modúil um measúnú comhréireachta agus faoin táirge nó faoi na táirgí lena mbaineann, mar aon leis an bhfianú ábhartha inniúlachta.

4.Murab ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 32(2) atá fógra bunaithe, soláthróidh an túdarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29 a chomhlíonadh.

5.Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de dhá sheachtain i ndiaidh an fhógra i gcás ina núsáidtear deimhniú creidiúnaithe, nó laistigh de dhá mhí i ndiaidh an fhógra i gcás nach núsáidtear creidiúnú.

Ní mheasfar ina chomhlacht faoina dtugtar fógra, chun críocha an Rialacháin seo, ach comhlacht den sórt sin.

6.Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 34

Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht faoina dtugtar fógra.

Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra faoin gcomhlacht faoi roinnt gníomhartha Aontais.

2.Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí an liosta comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n‑áireofar na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra fúthu ina leith.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta sin cothrom le dáta.

Airteagal 35

Athruithe ar fhógraí

1.I gcás ina bhfuil sé faighte amach ag údarás a thugann fógra, nó curtha ar a shúile dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag comhlacht faoin dtugtar fógra a thuilleadh, nó mura bhfuil ag éirí leis an gcomhlacht a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an comhlacht a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá neamhchomhlíonadh na gceanglas nó na noibleagáidí sin. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir.

2.I gcás ina ndéanfar an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis scor dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil, é sin nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis fhreagracha um fhaireachas margaidh, ar a iarraidh sin dóibh.

Airteagal 36

Agóidí in aghaidh inniúlacht comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil sé in amhras faoi, nó ina gcuirtear ar a shúile dó go bhfuil amhras ann maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir leis na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra faoina réir a bheith á gcomhlíonadh aige go leanúnach.

2.Maidir leis an mBallstát a thugann fógra, tabharfaidh sé don Choimisiún, ar a iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn atá le fógra a thabhairt nó a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta ábhartha a choinneáil ar bun.

3.Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

4.I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach nach bhfuil na ceanglais a bhaineann le fógra a thabhairt faoin gcomhlacht faoina dtugtar fógra á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht sin, nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena náirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin.

Airteagal 37

Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Iarscríbhinn VI.

2.Déanfar measúnuithe comhréireachta ar mhodh comhréireach agus seachnófar ualaí nach gá leo ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á díriú acu ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus ar mhais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

3.Mar sin féin, urramóidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid smachta agus an leibhéal cosanta ar gá leis chun go gcomhlíonfadh an táirge ceanglais an Rialacháin seo.

4.I gcás ina bhfaighidh comhlacht faoina dtugtar fógra amach go bhfuil monaróir ann nár chomhlíon na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó sna caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha nó i sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú comhréireachta.

5.I gcás ina bhfaigheann comhlacht faoina dtugtar fógra amach, le linn dó faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht tar éis dó deimhniú a eisiúint, go bhfuil táirge ann nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé an deimhniú ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é más gá.

6.I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht leo a bhfuil gá leis, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 38

An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)aon deimhniú ar diúltaíodh dó, a srianadh, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar;

(b)aon imthosca a dhéanann difear don raon feidhme nó do na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt;

(c)gach iarratas atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)ar a iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha a bhaineann le saincheisteanna maidir le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin dóibh, torthaí dearfacha i dtaca le measúnuithe comhréireachta, a sholáthar do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na táirgí céanna.

Airteagal 39

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát, mar atá, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 40

Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa trasearnála comhlachtaí faoin dtugtar fógra.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí faoina dtugann siad fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL V

FAIREACHAS MARGAIDH AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 41

Faireachas margaidh agus rialú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i margadh an Aontais

1.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin um fhaireachas margaidh nó níos mó chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit údarás atá ann cheana nó údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh don Rialachán seo.

3.I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna nainmniú faoi Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881 agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn rialta. Maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na noibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo, comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh le ENISA.

4.I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le húdaráis eile um fhaireachas margaidh arna nainmniú ar bhonn reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais le haghaidh táirgí eile, agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn rialta.

5.Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áirítear le comhar den sórt sin na húdaráis sin a chur ar an eolas faoi aon toradh atá ábhartha chun a ninniúlachtaí a chomhlíonadh, lena náirítear nuair a bhíonn treoir agus comhairle á neisiúint de bhun mhír 8 den Airteagal seo má bhaineann an treoir agus an chomhairle sin le próiseáil sonraí pearsanta.

Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí aon doiciméadacht a chruthaítear nó a choimeádtar faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair is gá rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Cuirfidh siad údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha do na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

7.Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh.

8.Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh treoir agus comhairle a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus tacaíocht chuige sin ón gCoimisiún.

9.Tuairisceoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh don Choimisiún ar bhonn rialta maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí ábhartha i ndáil le faireachas margaidh. Tuairisceoidh údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, gan mhoill, don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais.

10.Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i raon feidhme an Rialacháin seo a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal [Airteagal 6] den Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], is iad na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmneofar chun críocha an Rialacháin [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] na húdaráis atá freagrach as na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh arna nainmniú de bhun Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis um fhaireachas margaidh arna nainmniú de bhun an Rialacháin seo agus, maidir le maoirseacht ar chur chun feidhme na noibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 11, le ENISA. Na húdaráis um fhaireachas margaidh arna nainmniú de bhun Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], cuirfidh siad na húdaráis um fhaireachais margaidh arna nainmniú de bhun an Rialacháin seo ar an eolas go háirithe faoi aon toradh atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

11.Bunófar grúpa tiomnaithe comhair riaracháin (ADCO) chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh an ADCO sin comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh náisiúnta agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair.

Airteagal 42

Rochtain ar shonraí agus ar dhoiciméadacht

I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis a chuireann a monaróirí i bhfeidhm leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na sonraí is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachta na dtáirgí sin, lena n‑áirítear doiciméadacht inmheánach ghaolmhar an oibreora eacnamaíoch ábhartha.

Airteagal 43

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1.I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát a mheas go bhfuil riosca mór cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena náirítear láimhseáil leochaileachta an táirge, déanfaidh sé meastóireacht ar an táirge ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil leis na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh de réir mar is gá.

Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh siad de cheangal ar an monaróir ábhartha gan mhoill gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun go gcomhlíonfadh an táirge na ceanglais sin, é sin nó an táirge a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a leagfaidh siad síos.

Cuirfidh an t‑údarás um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí.

2.I gcás ina measann an t‑údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a chuir siad de cheangal ar an oibreoir.

3.Áiritheoidh an t‑oibreoir go ndéanfar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí bainteacha uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.

4.I gcás nach nglacann monaróir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge a chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm.

Cuirfidh t‑údarás sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi na bearta sin.

5.San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun táirgí neamhchomhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, chomh maith le háit tionscnaimh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t‑oibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cé acu an ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh nó nach ea:

(a)nár chomhlíon an táirge nó na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, sna scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála, nó sna sonraíochtaí coiteanna, dá dtagraítear in Airteagal 18.

6.Maidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstát nach iad an t‑údarás um fhaireachas margaidh sa Bhallstáit atá ag tionscnamh an nós imeachta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga atá i gceist, agus, i gcás nach n‑aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a bhfuil fógra tugtha faoi, faoina n‑agóidí.

7.Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin. Tá an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020.

8.Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i ngach Ballstát go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí gan mhoill i leith an táirge lena mbaineann, amhail an táirge a aistarraingt óna margadh.

Airteagal 44

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 43(4) a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne beart a rinne Ballstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an beart in aghaidh reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis an mBallstát ábhartha agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta sin. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil laistigh de 9 mí ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 43(4) a fháil agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

2.I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamhchomhlíontach ag a bhfuil eilimintí digiteacha siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

3.I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

4.I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18(4), lena sonraítear toimhde na comhréireachta maidir leis an scéim deimhniúcháin sin, a leasú nó a aisghairm.

5.I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 19 ina leagtar amach na sonraíochtaí coiteanna sin a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 45

Nós imeachta ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1.I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas, lena náirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil táirge ann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirge lena mbaineann riosca mór cibearshlándála, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, féadfaidh sé a iarraidh ar na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 a leanúint.

2.In imthosca eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo idirghabháil láithreach a dhéanamh chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge dá dtagraítear i mír 1 agus nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ábhartha, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

3.Bunaithe ar mheastóireacht ENISA, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

4.Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena náirítear tarraingt siar ón margadh a ordú, nó aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

5.Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 4 in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Cuirfidh na Ballstáit na gníomhartha dá dtagraítear i mír 4 chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

6.Tá mír 2 go mír 5 infheidhme ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a bhí ina bonn cirt le hidirghabháil an Choimisiúin agus chomh fada a bheidh an Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge ábhartha.

Airteagal 46

Táirgí comhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca mór cibearshlándála ag baint leo

1.I gcás ina gcinnfidh údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 43, cé go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbaineann riosca mór cibearshlándála leo agus, ina theannta sin, gur riosca iad maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine, maidir le comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, maidir le hinfhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha trí chóras faisnéise leictreonaí den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX/XXXX (NIS2)] nó maidir le gnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí, ceanglóidh sé ar an oibreoir ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint fós leis an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus leis na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm, nuair a chuirfear ar an margadh é, é sin nó an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta ama, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann.

2.Áiritheoidh an monaróir nó na hoibreoirí ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach i ndáil leis na táirgí ábhartha uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, agus go ndéanfar é laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.

3.Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na bearta a glacadh de bhun mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun na táirgí ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mar aon leis na sonraí a bhaineann le hionad tionscnaimh agus slabhra soláthair na dtáirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a shainaithint, agus na mionsonraí maidir leis an gcineál riosca atá ann, agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a glacadh.

4.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a glacadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá bonn cirt leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

5.Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit.

6.I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas, lena náirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cé go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás nó na húdaráis ábhartha um fhaireachais margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 agus i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a leanúint.

7.In imthosca eisceachtúla ina bhfuil bonn cirt le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge dá dtagraítear i mír 6, agus i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis náisiúnta ábhartha um fhaireachas margaidh, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin agus cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

8.Bunaithe ar mheastóireacht ENISA dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí ábhartha.

9.Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena náirítear tarraingt siar ón margadh a ordú, nó aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

10.Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 9 in iúl láithreach don oibreoir nó do na hoibreoirí ábhartha. Cuirfidh na Ballstáit na gníomhartha sin chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

11.Beidh mír 6 go mír 10 infheidhme ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a bhí ina bonn cirt le hidirghabháil an Choimisiúin agus chomh fada a bheidh na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge ábhartha.

Airteagal 47

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.I gcás ina bhfaighidh údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát amach faoi aon cheann de na nithe seo a leanas, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)is sárú ar Airteagail 21 agus 22 é greamú na marcála comhréireachta;

(b)níor greamaíodh an mharcáil chomhréireachta;

(c)níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE;

(d)níor tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE;

(e)níor greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, a bhfuil baint aige leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta i gcás inarb infheidhme;

(f)níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó níl sí iomlán.

2.I gcás inarb ann fós don neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun cosc nó srian a chur leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh, é sin nó áiritheoidh sé go ndéanfar an táirge a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.

Airteagal 48

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n‑údarás um fhaireachas margaidh

1.Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chomhaontú le húdaráis ábhartha eile gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh atá dírithe ar an gcibearshlándáil agus ar chosaint tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, go háirithe táirgí ar minic rioscaí cibearshlándála ag baint leo.

2.Féadfaidh an Coimisiún nó ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh chun a sheiceáil go bhfuil an Rialacháin seo á chomhlíonadh, gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis lena dtugtar le fios nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh i roinnt Ballstát trí chéile ag táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin.

3.Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha mar gheall ar an gcomhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus nach ndéanfaidh sé difear d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht na bpáirtithe sa chomhaontú.

4.Féadfaidh údarás um fhaireachas margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí a dhéanfar mar chuid d’aon imscrúdú a dhéanfaidh sé.

5.Déanfaidh an túdarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann agus an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, an comhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena náirítear ainmneacha na bpáirtithe lena mbaineann, a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 49

Scuab-imscrúduithe

1.Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chinneadh gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe a dhéanamh go comhuaineach (‘scuab-imscrúduithe’) ar tháirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe an Rialacháin a bhrath.

2.Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Féadfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal.

3.Féadfaidh ENISA, agus a chúraimí á ndéanamh aige, lena náirítear cúraimí bunaithe ar na fógraí atá faighte aige de réir Airteagal 11(1) agus (2), catagóirí táirgí a shainaithint a bhféadfar scuab-imscrúduithe a eagrú ina leith. Cuirfear an togra le haghaidh scuab-imscrúduithe faoi bhráid an chomhordaitheora fhéideartha dá dtagraítear i mír 2 lena bhreithniú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4.Agus scuab-imscrúduithe ar siúl acu, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann úsáid a bhaint as na cumhachtaí imscrúdúcháin a leagtar amach in Airteagail 41 go 47 agus as aon chumhacht eile a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta.

5.Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh iarraidh ar oifigigh de chuid an Choimisiúin, agus ar dhaoine eile in éineacht leo atá údaraithe ag an gCoimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.

CAIBIDIL VI

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 50

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 6(5), Airteagal 20(5) agus Airteagal 23(5) a thabhairt don Choimisiún.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(4), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 6(5), Airteagal 20(5) agus Airteagal 23(5) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(4), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 6(5), Airteagal 20(5) agus Airteagal 23(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 51

Nós imeachta coiste

1.Beidh coiste ann a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den tréimhse a leagtar síos chun an tuairim a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go niarrann ball den choiste amhlaidh.

CAIBIDIL VII

RÚNDACHT AGUS PIONÓIS

Airteagal 52

Rúndacht

1.Gach páirtí a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, urramóidh sé rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda gnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena náirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 ;

(b)cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críche cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;

(c)leasanna an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;

(d)sláine na nimeachtaí coiriúla nó riaracháin.

2.Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis um fhaireachas margaidh féin agus idir na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan réamhthoiliú ón údarás um fhaireachas margaidh tionscnaimh.

3.Ní dhéanfaidh míreanna 1 agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, faisnéis a sholáthar faoi dhlí coiriúil na mBallstát.

4.I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leormhaith cosanta.

Airteagal 53

Pionóis

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le cásanna ina sáraíonn oibreoirí eacnamaíocha an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin. Is éifeachtach comhréireach athchomhairleach a bheidh na pionóis dá bhforáiltear.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na rialacha agus na bearta sin tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

3.Neamhchomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus na noibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 2.5 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

4.Neamhchomhlíonadh aon oibleagáide eile faoin Rialachán seo, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 10 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

5.Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis um fhaireachas margaidh mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000, nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

6.Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;

(b)é acu a ghearr nó nár ghearr údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin cheana féin ar an oibreoir céanna as sárú cosúil;

(c)méid agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige.

7.Údaráis um fhaireachas margaidh a ghearrann fíneálacha riaracháin, roinnfidh siad an fhaisnéis sin le húdaráis um faireachas margaidh Ballstát eile tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020.

8.Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cé acu a fhéadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin, nó nach bhféadfar.

9.Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is gurb iad cúirteanna náisiúnta inniúla nó comhlachtaí eile a ghearrfaidh na fíneálacha, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.

10.Féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh, ag brath ar imthosca gach cáis aonair, sa bhreis ar aon bheart ceartaitheacha nó sriantach eile a chuireann na húdaráis um fhaireachais margaidh i bhfeidhm maidir leis an sárú céanna.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 54

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘71. [Rialachán XXX][an Gníomh um Chibear-athléimneacht]’.

Airteagal 55

Forálacha idirthréimhseacha

1.Maidir le deimhnithe um chineálscrúdú AE agus cinntí formheasa arna neisiúint maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá faoi réir reachtaíocht Aontais eile um chomhchuibhiú, leanfaidh siad de bheith bailí go dtí [42 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ach amháin má théann siad in éag roimh an dáta sin, nó mura sonraítear a mhalairt i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, agus sa chás sin beidh siad fós bailí mar a thagraítear dó sa reachtaíocht Aontais sin.

2.Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cuireadh ar an margadh roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 57], ní bheidh siad faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ach amháin más rud é, ón dáta sin, go mbeidh na táirgí sin faoi réir modhnuithe substaintiúla ar a ndearadh nó ar an gcríoch atá beartaithe dóibh.

3.De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 11 maidir leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, a cuireadh ar an margadh roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 57].

Airteagal 56

Meastóireacht agus athbhreithniú

Faoi [36 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Déanfar na tuarascálacha a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 57

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 11 ó [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh leis an méid seo a leanas:

1.4.Cuspóir/cuspóirí

1.4.1.Cuspóir/cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóir sonrach/cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh/na torthaí agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.An ceanglas/na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh de réir a chéile

1.5.2.An breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordaithe, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht bhreise, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú ina n‑aonair.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó eispéiris chosúla san am atá thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí ath‑leithdháileadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a bheidh aige

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas/córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis an modh/na modhanna bainistíochta, le sásra/sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus an córas/na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an dúnta)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid a ndéanfar difear di/dóibh

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán maidir leis na ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha (an Gníomh um Chibear-athléimneacht)

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann 

Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíocht

1.3.Baineann an togra/tionscnamh leis an méid seo a leanas:

× beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 37  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóir/cuspóirí

1.4.1.Cuspóir/cuspóirí ginearálta

Tá dhá phríomhchuspóir ag an togra arb é is aidhm dóibh feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú: (1) na coinníollacha a chruthú chun táirgí slána ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbairt trína áirithiú go gcuirfear táirgí crua-earraí agus bogearraí ar an margadh ar lú iad na leochaileachtaí atá acu agus trína áirithiú go dtabharfaidh na monaróirí aird faoi leith ar an tslándáil le linn saolré táirge; agus (2) na coinníollacha a chruthú a ligfidh d’úsáideoirí an chibearshlándáil a chur san áireamh agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á roghnú agus á n‑úsáid acu.

1.4.2.Cuspóir sonrach/cuspóirí sonracha

Leagadh amach ceithre chuspóir shonracha don togra: (i) a áirithiú go gcuirfidh na monaróirí feabhas ar shlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ó chéim an deartha agus na forbartha ar aghaidh, agus ar feadh shaolré an táirge ina hiomláine; (ii) creat cibearshlándála comhleanúnach a áirithiú, lena n‑éascófar comhlíonadh le haghaidh táirgeoirí crua-earraí agus bogearraí; (iii) feabhas a chur ar thrédhearcacht airíonna slándála táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus (iv) cur ar a gcumas do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a úsáid go slán.

An toradh/na torthaí agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Bheadh buntáistí suntasacha ag baint leis an togra le haghaidh na bpáirtithe leasmhara éagsúla. I gcás gnólachtaí, chuirfeadh sé cosc ar rialacha slándála éagsúla le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus laghdódh sé na costais a bhaineann le comhlíonadh le haghaidh na reachtaíochta cibearshlándála gaolmhaire. Laghdódh sé líon na gcibeartheagmhas, na costais chun teagmhais a láimhseáil agus an damáiste do chlú. San Aontas ar fad, meastar go bhféadfadh laghdú thart ar EUR 180 billiún go EUR 290 billiún in aghaidh na bliana a bheith mar thoradh ar an tionscnamh sin 38 . Bheadh láimhdeachas méadaithe ann mar gheall ar mhéadú ar an éileamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Chuirfeadh sé feabhas ar chlú domhanda na gcuideachtaí, agus bheadh méadú ar an éileamh lasmuigh den Aontas freisin dá bharr. I gcás úsáideoirí, chuirfeadh an rogha thosaíochta feabhas ar thrédhearcacht na nairíonna slándála agus d’éascódh sí úsáid táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Bhainfeadh tomhaltóirí agus saoránaigh tairbhe freisin as cosaint níos fearr a gceart bunúsach, amhail príobháideachas agus cosaint sonraí.

An tráth céanna, chuirfeadh an togra leis na costais chomhlíontachta agus forfheidhmiúcháin a bheadh ar ghnólachtaí, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus údaráis phoiblí, lena náirítear údaráis um chreidiúnú agus um fhaireachas margaidh. I gcás forbróirí bogearraí agus monaróirí crua-earraí, cruthóidh sé costais chomhlíontachta dhíreacha le haghaidh ceanglais nua slándála, measúnú comhréireachta, doiciméadacht agus oibleagáidí tuairiscithe, rud a fhágfaidh go mbeidh costais chomhlíontachta suas le thart ar EUR 29 mbilliún ar luach measta margaidh de EUR 1485 bhilliún i láimhdeachas 39 . D’fhéadfadh sé go mbeadh praghsanna níos airde ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha le haghaidh úsáideoirí, lena náirítear úsáideoirí gnó, tomhaltóirí agus saoránaigh. Mar sin féin, ba cheart iad a mheas i gcomhthéacs na dtairbhí suntasacha ar a dtuairiscítear thuas.

1.4.3.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

D’fhéadfaí roinnt táscairí a chur san áireamh chun a sheiceáil cé acu a fheabhsaíonn nó nach bhfeabhsaíonn na monaróirí slándáil a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ó chéim an deartha agus na forbartha agus ar feadh shaolré na dtáirgí sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin líon na dteagmhas mór san Aontas de dheasca leochaileachtaí, sciar na monaróirí crua-earraí agus bogearraí a leanann saolré forbartha shlán chórasach, anailís cháilíochtúil ar shlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil ar bhunachair sonraí leochaileachta, minicíocht na bpaistí slándála a chuireann na monaróirí ar fáil nó meánlíon na laethanta idir aimsiú na leochaileachta agus soláthar paistí slándála.

D’fhéadfadh sé gur táscaire le haghaidh creat comhleanúnach cibearshlándála é easpa reachtaíochta cibearshlándála náisiúnta spriocdhírithe atá dírithe go sonrach ar tháirgí ar leith.    

Mar tháscaire le haghaidh trédhearcacht fheabhsaithe maidir le hairíonna slándála táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, d’fhéadfaí sciar na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áireamh a bhfuil airíonna slándála in éineacht leo nuair a sheoltar iad. Thairis sin, maidir le sciar na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil treoracha úsáideora faoi úsáid shlán in éineacht leo nuair a sheoltar iad, d’fhéadfaí an sciar sin a úsáid mar tháscaire ar cé acu atá nó nach bhfuil eagraíochtaí agus tomhaltóirí á gcumasú chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a úsáid go slán.

A mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar thionchar an rialacháin, bhreithneofaí táscairí áirithe chun na críche sin, agus dhéanfadh an Coimisiún measúnú orthu, i gcás inarb iomchuí, le tacaíocht ó ENISA. Ag brath ar an gcuspóir oibríochtúil atá le baint amach, seo a leanas roinnt de na táscairí faireacháin a bheadh ina mbonn le measúnú a dhéanamh ar rath na gceanglas cothrománach cibearshlándála:

Chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal cibearshlándála na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

- Staidreamh agus anailís cháilíochtúil maidir le teagmhais a dhéanann difear do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus an bealach ar láimhseáladh iad. D’fhéadfadh an Coimisiún iad sin a bhailiú agus a mheasúnú, le tacaíocht ENISA.

- Taifid ar leochaileachtaí aitheanta agus anailísí ar an mbealach ar láimhseáladh iad. D’fhéadfadh ENISA anailís mar sin a dhéanamh, bunaithe ar an mbunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú ar [Threoir XXX/XXXX (NIS2)].

- Suirbhéanna i measc monaróirí crua-earraí agus bogearraí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn.

Chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal faisnéise maidir le gnéithe slándála, tacaíocht slándála, deireadh saolré agus dualgas cúraim: torthaí na suirbhéanna atá le déanamh ag an gCoimisiún, le tacaíocht ENISA, le haghaidh úsáideoirí agus gnólachtaí araon.

Chun measúnú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme, bheadh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaí na measúnuithe comhréireachta go héifeachtach. Chuige sin, eiseofar iarraidh ar chaighdeánú agus déanfar faire ar a cur chun feidhme. Fíoróidh an Coimisiún freisin cumas na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus, más infheidhme, cumas na gcomhlachtaí deimhniúcháin.

Maidir leis an iarratas, trí bhíthin tuarascálacha ó na Ballstáit, fíoróidh an Coimisiún nach mbaineann tionscnaimh náisiúnta le gnéithe a chumhdaítear leis an rialachán.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.An ceanglas/na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh de réir a chéile

Ba cheart go mbeadh an Rialachán infheidhme go hiomlán 24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm. Ba cheart, áfach, eilimintí den struchtúr rialachais a bheith i bhfeidhm roimhe sin. Go sonrach, beidh údaráis atá ann cheana ceaptha ag na Ballstáit agus/nó beidh údaráis nua bunaithe acu a dhéanfaidh na cúraimí a leagtar amach sa reachtaíocht.

1.5.2.An breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordaithe, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht bhreise, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú ina naonair.

De bharr chineál láidir trasteorann na cibearshlándála agus na dteagmhas atá ag dul i méid agus a bhfuil éifeachtaí iarmharta acu thar theorainneacha, earnálacha agus táirgí, ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a bhaint amach go héifeachtach ina n‑aonar. I bhfianaise chineál domhanda na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tá na rioscaí céanna le sárú ag na Ballstáit don táirge céanna ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar a gcríoch féin. Dá dtiocfadh creat easnamhach de rialacha náisiúnta chun cinn, rialacha a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile, tá baol ann freisin go gcuirfeadh sin bac ar mhargadh aonair oscailte iomaíoch le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais chun an leibhéal muiníne i measc úsáideoirí agus tarraingteacht tháirgí an Aontais ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhéadú. Rachadh sin chun tairbhe an mhargaidh inmheánaigh freisin trí dheimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus trí chothrom iomaíochta a bhaint amach do dhíoltóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó eispéiris chosúla san am atá thart

Is é an Gníomh Cibear-athléimneachta an chéad rialachán dá leithéid, lena dtugtar isteach ceanglais chibearshlándála maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh. Cuireann sé, áfach, leis an gCreat Reachtach Nua a leagan síos agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh i bpróiseas cur chun feidhme na reachtaíochta comhchuibhithe Aontais atá ann cheana maidir le táirgí éagsúla, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ullmhúchán don chur chun feidhme, lena n‑áirítear gnéithe amhail caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Leis an Rialachán maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, sainítear na ceanglais chibearshlándála nua maidir le gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, rud a théann thar aon cheanglas dá bhforáiltear leis an reachtaíocht atá ann cheana. An tráth céanna, tá an togra ag cur leis an socrú atá ann cheana maidir le reachtaíocht an Chreata Reachtaigh Nua. Dá bhrí sin, chuirfeadh sé le struchtúir agus nósanna imeachta an Chreata Reachtaigh Nua atá ann cheana, amhail comhar na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus faireachas margaidh, modúil um measúnú comhréireachta, forbairt caighdeán comhchuibhithe. Bheadh an togra nua ag brath freisin ar roinnt struchtúr arna bhforbairt i gcomhréir le reachtaíocht cibearshlándála eile amhail Treoir 2016/1148 (Treoir NIS), [Treoir XXX/XXXX (NIS2)], nó Rialachán 2019/881 (an Gníomh um Chibearshlándáil).

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athleithdháileadh a dhéanamh

Tagann bainistiú na réimsí gníomhaíochta a shanntar do ENISA leis an sainordú atá aici cheana agus lena cúraimí ginearálta. D’fhéadfadh próifílí sonracha nó tascanna nua a bheith ag teastáil le haghaidh na réimsí gníomhaíochta sin, ach ní bheadh siad sin suntasach agus is féidir le hacmhainní ENISA atá ann cheana iad a ionsú agus a réiteach trí chúraimí éagsúla a ath‑leithdháileadh nó a nascadh. Mar shampla, baineann ceann de na príomhréimsí gníomhaíochta a shanntar do ENISA le bailiú agus próiseáil fógraí ó na monaróirí maidir le leochaileachtaí táirgí a shaothraítear. [Le Treoir XXX/XXXX (NIS2)], tá sé curtha de chúram ar ENISA cheana féin bunachar sonraí leochaileachta Eorpach a bhunú inar féidir leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a nochtadh agus a chlárú, ar bhonn deonach, chun ligean d’úsáideoirí a bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh. D’fhéadfaí acmhainní arna leithdháileadh chun na críche sin a úsáid freisin le haghaidh na sanntaí nua thuasluaite a bhaineann le leochaileachtaí táirgí a fhógairt. Leis sin, d’fhéadfaí úsáid éifeachtach na n‑acmhainní atá ann cheana a áirithiú agus chruthófaí na sineirgíochtaí is gá idir na cúraimí sin, rud a d’fhéadfadh bonn eolais níos fearr a chur faoi anailísí ENISA ar rioscaí agus bagairtí cibearshlándála.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

× tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme ag a bhfuil tréimhse tosaigh ó 2025.

agus oibriú ar mórscála ina dhiaidh sin.

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 40  

 Bainistíocht dhíreach arna déanamh ag an gCoimisiún

× ag a ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí atá ainmnithe acu;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Leis an Rialachán seo sanntar gníomhaíochtaí áirithe do ENISA, i gcomhréir leis an sainordú atá aici cheana, agus go háirithe Airteagal 3(2) de Rialachán 2019/881 lena mbunaítear gur cheart do ENISA na cúraimí a shanntar di le gníomhartha dlí de chuid an Aontais a dhéanamh ina leagtar amach bearta chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann leis an gcibearshlándáil a chomhfhogasú. Go háirithe, cuirtear de chúram ar ENISA fógraí a fháil ó mhonaróirí faoi leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach sna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, chomh maith le teagmhais a bhfuil tionchar acu ar shlándáil na dtáirgí sin. Ba cheart do ENISA freisin na fógraí sin a chur ar aghaidh chuig na CSIRTanna ábhartha nó chuig an bpointe teagmhála aonair ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] ó na Ballstáit, chomh maith leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas. Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailíonn sí, ba cheart do ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil a ullmhú maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus í a chur faoi bhráid Ghrúpa Comhair NIS. Ina theannta sin, agus saineolas ENISA, chomh maith leis an bhfaisnéis atá bailithe aige agus a anailísí ar bhagairtí á gcur san áireamh, féadfaidh ENISA tacú le próiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo trí chomhghníomhaíochtaí a mholadh a dhéanfaidh údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i roinnt Ballstát trí chéile nó trí chatagóirí táirgí a shainaithint a bhféadfar gníomhaíochtaí rialaithe a eagrú ina leith, agus iad á gcomhordú go comhuaineach. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ENISA meastóireachtaí a dhéanamh ar tháirgí sonracha in imthosca eisceachtúla i ndáil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo agus i gcás ina bhfuil gá le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú.

Meastar go n‑éileoidh na tascanna sin go léir thart ar 4.5 FTE ó acmhainní ENISA atá ann cheana, rud a chuireann cheana le saineolas ENISA agus leis an obair ullmhúcháin atá á déanamh aige faoi láthair, i measc nithe eile, chun tacú le cur chun feidhme [Threoir XXX/XXXX (NIS2)] atá ar na bacáin agus ar forlíonadh acmhainní ENISA lena haghaidh.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Faoi 36 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Déanfar na tuarascálacha a chur ar fáil go poiblí.

2.2.Córas/córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis an modh/na modhanna bainistíochta, le sásra/sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Bunaítear leis an Rialachán seo beartas nua maidir le ceanglais chibearshlándála chomhchuibhithe le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh inmheánach, bearta a bheidh bailí dá saolré iomlán.    Tar éis an ghnímh dhlíthiúil, iarrfaidh an Coimisiún ar na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin a fhorbairt.

Chun aghaidh a thabhairt ar na cúraimí nua sin, is gá acmhainní iomchuí a sholáthar do sheirbhísí an Choimisiúin. Chun forfheidhmiú an Rialacháin nua a bhaint amach, meastar go mbeidh 7 FTE (ar END ceann amháin díobh) ag teastáil chun na cúraimí seo a leanas a chumhdach: 

An iarraidh ar chaighdeánú agus/nó sonraíochtaí coiteanna a ullmhú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme in éagmais próiseas caighdeánaithe rathúil;

Gníomh tarmligthe a ullmhú [laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin] lena sonraítear sainmhínithe na dtáirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

ullmhú féideartha gníomhartha tarmligthe chun liosta na dtáirgí criticiúla aicme I agus aicme II a thabhairt cothrom le dáta; a shonrú cé acu atá nó nach bhfuil gá le teorannú nó eisiamh le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha Aontais eile lena leagtar síos ceanglais lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo; sainordú a thabhairt maidir le deimhniú táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar táirgí fíorchriticiúla iad, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo; inneachar íosta an dearbhaithe comhréireachta AE a shonrú agus na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh;

ullmhú féideartha gníomhartha tarmligthe a bhaineann le formáid nó eilimintí na noibleagáidí tuairiscithe, leis an liosta ábhar bogearraí, leis na sonraíochtaí comhchoiteanna nó le greamú na marcála comhréireachta CE;

ullmhú féideartha idirghabhála láithrí chun bearta ceartaitheacha nó sriantacha a fhorchur in imthosca eisceachtúla chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, lena náirítear gníomh cur chun feidhme a ullmhú;

na fógraí ó na Ballstáit maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a eagrú agus a chomhordú agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhordú;

tacú le húdaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a chomhordú.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus an córas/na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

D’fhonn a áirithiú go ndéanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis a mhalartú agus go n‑oibríonn siad i gcomhar le chéile, tá an Coimisiún i gceannas ar a gcomhordú. Chruthófaí sainghrúpa le haghaidh an tsaineolais theicniúil agus margaidh.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an dúnta)

2.3.Maidir leis an gcaiteachas a bhaineann le cruinnithe, de bharr an luacha ísil in aghaidh an idirbhirt (e.g. na costais taistil atá ag toscaire le haghaidh cruinnithe a aisíoc), is cosúil gur leor na gnáthnósanna imeachta um rialú. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Leis na bearta coiscthe calaoise atá ann cheana agus is infheidhme maidir leis an gCoimisiún, cumhdófar aon leithreasú breise is gá i ndáil leis an Rialachán seo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid a ndéanfar difear di/dóibh

·Línte buiséid atá ann cheana

Scéimre

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

N/B

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfí leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfí leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Líon

AS: <…….>

Bliain 
N 41

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 42

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 43  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
le haghaidh ArdStiúrthóireacht <…….>

Gealltanais

=1a+1b +3

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

 



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL <….> 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Má dhéanann an togra / tionscnamh difear do níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís:

• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart úsáid a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

AS: CNECT

• Acmhainní daonna

1.030

1.030

1.030

1.030

4.120

• Caiteachas riaracháin eile

0.222

0.222

0.222

0.222

0.888

IOMLÁN AS CNECT

Leithreasuithe

1.252

1.252

1.252

1.252

5.008

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.252

1.252

1.252

1.252

5.008

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

1.252

1.252

1.252

1.252

5.008

Íocaíochtaí

1.252

1.252

1.252

1.252

5.008

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 44

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 45

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.030

1.030

1.030

1.030

4.120

Caiteachas riaracháin eile

0.222

0.222

0.222

0.222

0.888

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.252

1.252

1.252

1.252

5.008

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 46  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

1.252

1.252

1.252

1.252

5.008

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin ón Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú, i gcás inar gá, don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Tá an meastachán le sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

6

6

6

6

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonaid coibhéise lánaimseartha: FTE) 47

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

1

1

1

1

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 48

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

7

7

7

7

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú, i gcás inar gá, don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

6 FTEnna x 157.000 €/ in aghaidh na bliana = € 942.000

Mar a thuairiscítear i bpointe 2.2.1:

An iarraidh ar chaighdeánú agus/nó sonraíochtaí coiteanna a ullmhú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme in éagmais próiseas caighdeánaithe rathúil;

Gníomh tarmligthe a ullmhú [laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin] lena sonraítear sainmhínithe na dtáirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

ullmhú féideartha gníomhartha tarmligthe chun liosta na dtáirgí criticiúla aicme I agus aicme II a thabhairt cothrom le dáta; a shonrú cé acu atá nó nach bhfuil gá le teorannú nó eisiamh le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha Aontais eile lena leagtar síos ceanglais lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo; sainordú a thabhairt maidir le deimhniú táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar táirgí fíorchriticiúla iad, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo; inneachar íosta an dearbhaithe comhréireachta AE a shonrú agus na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh;

ullmhú féideartha gníomhartha tarmligthe a bhaineann le formáid nó eilimintí na noibleagáidí tuairiscithe, leis an liosta ábhar bogearraí, leis na sonraíochtaí comhchoiteanna nó le greamú na marcála comhréireachta CE;

ullmhú féideartha idirghabhála láithrí chun bearta ceartaitheacha nó sriantacha a fhorchur in imthosca eisceachtúla chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, lena náirítear gníomh cur chun feidhme a ullmhú;

na fógraí ó na Ballstáit maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a eagrú agus a chomhordú agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhordú;

tacú le húdaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a chomhordú.

Pearsanra seachtrach

1 END x 88.000 €/ in aghaidh na bliana  

Mar a thuairiscítear i bpointe 2.2.1:

An iarraidh ar chaighdeánú agus/nó sonraíochtaí coiteanna a ullmhú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme in éagmais próiseas caighdeánaithe rathúil;

Gníomh tarmligthe a ullmhú [laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin] lena sonraítear sainmhínithe na dtáirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

ullmhú féideartha gníomhartha tarmligthe chun liosta na dtáirgí criticiúla aicme I agus aicme II a thabhairt cothrom le dáta; a shonrú cé acu atá nó nach bhfuil gá le teorannú nó eisiamh le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha Aontais eile lena leagtar síos ceanglais lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo; sainordú a thabhairt maidir le deimhniú táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar táirgí fíorchriticiúla iad, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo; inneachar íosta an dearbhaithe comhréireachta AE a shonrú agus na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh;

ullmhú féideartha gníomhartha tarmligthe a bhaineann le formáid nó eilimintí na noibleagáidí tuairiscithe, leis an liosta ábhar bogearraí, leis na sonraíochtaí comhchoiteanna nó le greamú na marcála comhréireachta CE;

ullmhú féideartha idirghabhála láithrí chun bearta ceartaitheacha nó sriantacha a fhorchur in imthosca eisceachtúla chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, lena náirítear gníomh cur chun feidhme a ullmhú;

na fógraí ó na Ballstáit maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a eagrú agus a chomhordú agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhordú;

tacú le húdaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát a chomhordú.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

x    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh de cheannteideal ábhartha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Níl gá le hath‑chlársceidealú.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

-

   tá gá le hathbhreithniú ar CAI.

-

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

x    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe a réamhmheastar thíos:

Leithreasuithe in EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 49

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 50

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh an líne/na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.

Ráitis eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle IO L 218, 14.8.2013, lch. 8–14.
(2)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194/1, 19.7.2016, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(4)    Leis an nGníomh um Chibearshlándáil, ceadaítear scéimeanna tiomnaithe deimhniúcháin a fhorbairt. Áirítear i ngach scéim tagairtí do chaighdeáin ábhartha, do shonraíochtaí teicniúla nó do cheanglais chibearshlándála eile a shainítear sa scéim. An cinneadh chun deimhniúchán cibearshlándála a fhorbairt, is cinneadh rioscabhunaithe é.
(5)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Shaping Europe's digital future [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], an 19 Feabhra 2020, COM/2020/67 final. 
(6)    Reachtaíocht maidir le Creat Reachtach Nua go príomha. 
(7)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear Gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais an 21 Aibreán 2021, COM(2021) 206 final.
(8)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Mór-Dhlísheomra) an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, Cás C-482/17, mír 35. 
(9)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Mór-Dhlísheomra) an 2 Bealtaine 2006, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, Cás C-217/04, míreanna 62-63. 
(10)    Mar shampla, in 2019, chruthaigh an Fhionlainn scéim lipéadaithe le haghaidh gairis IoT, amhail teilifíseáin chliste, fóin chliste agus bréagáin bunaithe ar chaighdeáin ETSI. Thug an Ghearmáin lipéad slándála le haghaidh tomhaltóirí isteach le déanaí i dtaobh ródairí leathanbhanda, teilifíseáin chliste, ceamaraí, callairí, bréagán agus róbait glantacháin agus garraíodóireachta.
(11)

   Study on the need of Cybersecurity requirements for ICT products – No. 2020-0715, Final Study Report [Staidéar ar an ngá atá le ceanglais Chibearshlándála le haghaidh táirgí TFC], ar fáil faoi https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/study-need-cybersecurity-requirements-ict-products .

(12)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(13)    IO C , , lch. .
(14)    IO C , , lch. .
(15)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(16)

   JOIN(2020) 18 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=JOIN:2020:18:FIN .

(17)

   2021/2568(RSP), https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0286_EN.html .

(18)    Conference on the Future of Europe – Report on the Final Outcome [An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – An tuarascáil maidir leis an Toradh Deiridh] Bealtaine 2022, Togra 28(2). Tionóladh an Chomhdháil idir mí Aibreáin 2021 agus mí na Bealtaine 2022. Cleachtadh uathúil, faoi stiúir na saoránach, de dhaonlathas pléite ar an leibhéal uile-Eorpach a bhí ann, ina raibh na mílte saoránach Eorpach, chomh maith le gníomhaithe polaitiúla, comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus príomhpháirtithe leasmhara páirteach ann.
(19)    Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(20)    Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
(21)    GCFL 2019-16, arna fhormhuiniú ag an nGrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis (GCFL) ar grúpa é a bunaíodh le hAirteagal 103 de Rialachán (AE) 2017/745.
(22)    Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine sna feithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).
(23)    UN Regulation No 155 – Uniform provisions concerning the approval of motor vehicles with regard to cybersecurity and cybersecurity management system [2021/387] [Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil leis an gcibearshlándáil agus le córas um bainistiú cibearshlándála [2021/387].
(24)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(25)    Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.85).
(26)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(27)    An Rialachán [Rialachán IS].
(28)    Treoir XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] [maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L xx, dáta, lch. x)].
(29)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(31)    Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(32)    Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(33)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(34)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(35)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(36)    Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise gan nochtadh agus faisnéis ghnó (rúin trádála) ar a n-éadáil, a n-úsáid agus a nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(37)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(38)    Féach [Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin maidir leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Rialachán maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha]
(39)    Féach [Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin maidir leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Rialachán maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha]
(40)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fháil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(41)    Is é bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta a leanann.
(42)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(43)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(44)    Is éard atá i gceist le haschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a mhaoineofar, líon km de bhóithre a thógfar, etc.).
(45)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha...’
(46)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(47)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(48)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(49)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta a leanann.
(50)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custam, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 20 % le haghaidh costais bhailiúcháin a asbhaint.
Top

An Bhruiséil,15.9.2022

COM(2022) 454 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

{SEC(2022) 321 final} - {SWD(2022) 282 final} - {SWD(2022) 283 final}


IARSCRÍBHINN I

BUNCHEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA

1.Ceanglais slándála a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

(1)Déanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh ar bhealach chun leibhéal iomchuí cibearshlándála a áirithiú bunaithe ar na rioscaí;

(2)Cuirfear táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil gan aon leochaileacht insaothraithe aitheanta a bheith ann;

(3)Ar bhonn an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus i gcás inarb infheidhme, déanfar an méid seo a leanas i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

(a)cuirfear na táirgí ar fáil agus cumraíocht shlán de réir réamhshocraithe i bhfeidhm orthu lena náirítear an fhéidearthacht an táirge a athshocrú chuig a riocht bhunaidh;

(b)áiritheofar cosaint ar rochtain neamhúdaraithe trí bhíthin sásraí iomchuí rialaithe, lena náirítear córais bainistíochta fíordheimhniúcháin, céannachta nó rochtana ach gan a bheith teoranta dóibh;

(c)cosnófar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, amhail trí shonraí ábhartha a chriptiú agus iad ar fos nó faoi bhealach trí bhíthin sásraí úrscothacha;

(d)sláine sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíocht, cosnófar iad ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach núdaraíonn an túsáideoir agus déanfar tuairisciú ar an truailliú;

(e)ní phróiseálfar ach sonraí pearsanta agus sonraí eile atá leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an úsáid dá bhfuil an táirge beartaithe (‘laghdú sonraí’);

(f)cosnófar infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha, lena náirítear an athléimneacht in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse agus na hionsaithe sin a mhaolú;

(g)laghdófar an tionchar diúltach a bheidh acu féin ar infhaighteacht seirbhísí a sholáthraítear le gairis nó le líonraí eile;

(h)déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun dromchlaí ionsaithe a theorannú, lena náirítear comhéadain sheachtracha;

(i)déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun an tionchar a bhíonn ag teagmhas a laghdú trí úsáid a bhaint as sásraí agus as teicnící iomchuí chun an saothrú a mhaolú;

(j)soláthrófar faisnéis faoin tslándáil tríd an ngníomhaíocht inmheánach ábhartha a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh uirthi, lena náirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna agus modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna;

(k)áiritheofar gur féidir aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí trí bhíthin nuashonruithe slándála lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, trí bhíthin nuashonraithe uathoibríocha agus trí fhógra a thabhairt d’úsáideoirí faoi na nuashonruithe atá ar fáil.

2.Ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachta

Déanfaidh monaróirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha an méid seo a leanas:

(1)déanfar leochaileachtaí agus comhpháirteanna atá sa táirge a shainaithint agus a thaifeadadh, lena náirítear trí bhille bogearraí ábhar a tharraingt suas i bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá meaisíninléite lena gcumhdaítear spleáchais ardleibhéil an táirge ar a laghad;

(2)i ndáil leis na rioscaí atá ann do na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfar aghaidh ar na leochaileachtaí agus leigheasfar iad gan mhoill, lena náirítear trí nuashonruithe slándála a sholáthar;

(3)tástálacha agus athbhreithnithe éifeachtacha a dhéantar go tráthrialta a chur i bhfeidhm maidir le slándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(4)a luaithe a chuirfear nuashonrú slándála ar fáil, cuirfear faisnéis ar fáil go poiblí faoi na leochaileachtaí a leigheasadh, lena náirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad agus faisnéis lena gcabhraítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas;

(5)cuirfear beartas i bhfeidhm maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí agus forfheidhmeofar é;

(6)déanfar bearta chun comhroinnt faisnéise a éascú faoi leochaileachtaí ina dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus i gcomhpháirteanna tríú páirtí atá sa táirge sin, lena náirítear trí sheoladh teagmhála a sholáthar chun na leochaileachtaí a thuairisciú a aimsítear sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(7)déanfar foráil maidir le sásraí chun nuashonruithe a dháileadh go slán le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a áirithiú go ndeiseofar leochaileachtaí insaothraithe nó go maolófar iad;

(8)I gcás ina bhfuil paistí slándála nó nuashonruithe ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála a shainaithnítear, áiritheofar go scaipfear iad gan mhoill agus go mbeidh siad saor in aisce agus go mbeidh teachtaireachtaí comhairleacha ag gabháil leo lena soláthrófar faisnéis ábhartha d’úsáideoirí , lena náirítear faisnéis faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh.

IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS AGUS TREORACHA LE Haghaidh AN ÚSÁIDEORA

Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad ag gabháil leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

1.beidh ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra ar an táirge mar aon leis an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist lenar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir, nó i gcás nach bhfuil an méid sin indéanta, beidh an fhaisnéis sin ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge;

2.an pointe teagmhála trínar féidir faisnéis faoi leochaileachtaí cibearshlándála an táirge a thuairisciú agus a fháil;

3.sainaitheantas ceart an chineáil, na baisce, an leagain nó na sraithuimhreach nó aon eiliminte eile lenar féidir an táirge a shainaithint agus na treoracha comhfhreagracha agus an fhaisnéis úsáideora;

4.an úsáid atá beartaithe don táirge, lena náirítear an timpeallacht slándála arna soláthar ag an monaróir, mar aon le bunfheidhmiúlachtaí an táirge agus faisnéis faoi na hairíonna slándála;

5.aon imthoisc aitheanta nó intuartha, a bhaineann le húsáid an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí míúsáide atá measartha intuartha, ar imthoisc í a bhféadfadh rioscaí móra cibearshlándála eascairt aisti;

6.an chaoi agus i gcás inarb infheidhme, an áit ar féidir rochtain a fháil ar an mbille bogearraí ábhar;

7.i gcás inarb infheidhme, an seoladh idirlín ag a bhféadfar rochtain a fháil ar an dearbhú comhréireachta AE;

8.an cineál tacaíochta teicniúla slándála a chuireann an monaróir ar fáil agus an tréimhse ina gcuirfidh sé an tacaíocht ar fáil, go dtí ar a laghad an tráth ar féidir le húsáideoirí a bheith ag súil le nuashonruithe slándála a fháil;

9.treoracha mionsonraithe nó seoladh idirlín a thagraíonn do na treoracha mionsonraithe sin agus d’fhaisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)na bearta is gá a dhéanamh le linn choimisiúnú tosaigh an táirge agus le linn shaolré an táirge chun a úsáid shlán a áirithiú;

(b)an chaoi ar féidir le hathruithe ar an táirge difear a dhéanamh don tslándáil sonraí;

(c)an chaoi chun nuashonruithe a bhaineann leis an tslándáil a shuiteáil;

(d)díchoimisiúnú shlán an táirge, lena náirítear faisnéis faoin gcaoi ar féidir sonraí úsáideoirí a bhaint go slán.



IARSCRÍBHINN III

TÁIRGÍ CRITICIÚLA AG A BHFUIL EILIMINTÍ DIGITEACHA

Aicme I

1.Bogearraí córas bainistíochta céannachta agus bogearraí bainistithe rochtana pribhléidithe;

2.Brabhsálaithe neamhspleácha agus brabhsálaithe leabaithe;

3.Bainisteoirí pasfhocal;

4.Bogearraí lena ndéantar bogearraí mailíseacha a chuardach, a bhaint nó a chur ar coraintín;

5.Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm acu mar líonra príobháideach fíorúil (VPN);

6.Córais bainistíochta líonraí;

7.Uirlisí bainistíochta um chumraíocht líonraí;

8.Córais chun faireachán a dhéanamh ar thrácht líonra;

9.Bainistíocht acmhainní líonra;

10.Córais bainistíochta faisnéise slándála agus teagmhas slándála (SIEM);

11.Bainistíocht paistí/nuashonruithe, lena náirítear bainisteoirí bútála;

12.Córais bhainistíochta um chumraíocht feidhmchlár;

13.Bogearraí cianrochtana/comhroinnte;

14.Bogearraí bainistíochta gaireas móibíleach;

15.Comhéadain fhisiciúla líonra;

16.Córais oibriúcháin nach gcumhdaítear le haicme II;

17.Ballaí dóiteáin, córais braite ionraidh agus/nó córais choisc nach gcumhdaítear le haicme II;

18.Ródairí, móideimí atá beartaithe lena nascadh leis an idirlíon agus lasca, nach gcumhdaítear le haicme II;

19.Micreaphróiseálaithe nach gcumhdaítear le haicme II;

20.Micrearialaitheoirí;

21.Ciorcaid chomhtháite aonfheidhmeacha (ASIC) agus eagair geataí inríomhchláraithe sa réimse (FPGA) atá beartaithe lena núsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX/XXXX (NIS2)];

22.Córais Uathoibrithe agus Rialaithe Thionsclaíoch (IACS) nach gcumhdaítear le haicme II, amhail rialaitheoirí loighce inríomhchláraithe (PLC), córais rialaithe dháilte (DCS), rialaitheoirí uimhriúla ríomhairithe le haghaidh meaisínuirlisí (CNC) agus córais rialaithe maoirseachta agus fála sonraí (SCADA);

23.Idirlíon Tionsclaíoch na Rudaí Nithiúla nach gcumhdaítear le haicme II.

Aicme II

1.Córais oibriúcháin le haghaidh freastalaithe, ríomhairí deisce agus gairis mhóibíleacha;

2.Hipearmhaoirseoirí agus córais ama rite coimeádán lena dtacaítear le rith fíorúlaithe córas oibriúcháin agus timpeallachtaí comhchosúla;

3.Príomhbhonneagar poiblí agus eisitheoirí deimhnithe digiteacha;

4.Ballaí dóiteáin, córais braite ionraidh agus/nó córais choisc atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch;

5.Micreaphróiseálaithe ilchuspóireacha;

6.Micreaphróiseálaithe atá beartaithe lena gcomhtháthú i rialaitheoirí loighce inríomhchláraithe agus eilimintí slána;

7.Ródairí, móideimí atá beartaithe lena nascadh leis an idirlíon agus lasca, atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch;

8.Eilimintí slána;

9.Modúil slándála crua-earraí (HSManna);

10.Cripteaphróiseálaithe slána;

11.Cártaí cliste, léitheoirí cártaí cliste agus ceadchomharthaí;

12.Córais Uathoibrithe agus Rialaithe Thionsclaíoch (IACS) atá beartaithe lena núsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX/XXXX (NIS2)], amhail rialaitheoirí loighce inríomhchláraithe (PLC), córais rialaithe dháilte (DCS), rialaitheoirí uimhriúla ríomhairithe le haghaidh meaisínuirlisí (CNC) agus córais rialaithe maoirseachta agus fála sonraí (SCADA);

13.Gairis Idirlíon Tionsclaíoch na Rudaí Nithiúla atá beartaithe lena núsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX/XXXX (NIS2)];

14.Comhpháirteanna braite agus gníomhróra róbait agus rialaitheoirí róbait;

15.Méadair chliste.

IARSCRÍBHINN IV

DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE

Beidh an fhaisnéis seo a leanas uile sa dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20:

1.Ainm agus cineál agus aon fhaisnéis bhreise lena gcumasaítear sainaithint uathúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

2.Ainm agus seoladh an mhonaróra nó ionadaí údaraithe an mhonaróra sin;

3.Ráiteas gur faoi fhreagracht aonair an tsoláthraí a eisítear an dearbhú comhréireachta AE;

4.Cuspóir an dearbhaithe (sainaitheantas an táirge ar mhaithe le hinrianaitheacht. D’fhéadfadh pictiúr a bheith ann, i gcás inarb iomchuí);

5.Ráiteas go bhfuil cuspóir an dearbhaithe ar a dtugtar tuairisc thuas i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais;

6.Tagairtí d’aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha eile a úsáidtear nó aon sonraíocht choiteann nó deimhniúchán cibearshlándála eile a ndearbhaítear comhréireacht ina leith;

7.I gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir an chomhlachta faoina dtugtar fógra, tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus sainaithint an deimhnithe a eisíodh;

8.Faisnéis breise:

Arna shíniú thar ceann: …………………………………

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):



IARSCRÍBHINN V

INNEACHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA

Beidh an fhaisnéis seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 23 sa doiciméadacht theicniúil ar a laghad, de réir mar is infheidhme maidir leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

1.tuairisc ghinearálta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

(a)an chríoch atá beartaithe dó;

(b)leaganacha de bhogearraí a dhéanann difear don chomhlíontacht leis na buncheanglais;

(c)i gcás inar táirge crua-earraí é an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, grianghraif nó léaráidí a léiríonn na gnéithe seachtracha, an mharcáil agus an leagan amach inmheánach;

(d)faisnéis úsáideora agus treoracha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

2.tuairisc ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar tháirgeadh an táirge agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí, lena náirítear an méid seo a leanas:

(a)faisnéis iomlán faoi dhearadh agus faoi fhorbairt an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena náirítear i gcás inarb infheidhme, líníochtaí agus scéimeanna agus/nó tuairisc ar ailtireacht an chórais lena mínítear an chaoi a gcuireann na comhpháirteanna bogearraí le chéile nó an tionchar a bhíonn acu ar a chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán;

(b)faisnéis iomlán agus sonraíochtaí maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir, lena náirítear an bille bogearraí ábhar, an beartas um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, fianaise ar sheoladh teagmhála a sholáthar chun leochaileachtaí a thuairisciú agus tuairisc ar na réitigh theicniúla a roghnaítear chun nuashonruithe a leithdháileadh go slán;

(c)faisnéis iomlán agus sonraíochtaí maidir le próisis táirgthe agus faireacháin le haghaidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus maidir le bailíochtú na bpróiseas sin.

3.measúnú ar na rioscaí cibearshlándála ar ina naghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a choinneáil ar bun mar a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo;

4.liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm ina niomláine nó i bpáirt agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sonraíochtaí coiteanna mar a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán seo nó scéimeanna deimhnithe cibearshlándála faoi Rialachán (AE) 2019/881 de bhun Airteagal 18(3) agus, i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna deimhnithe cibearshlándála sin i bhfeidhm, tuairiscí ar na réitigh a glacadh chun na buncheanglais a leagtar amach i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, lena náirítear liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm. I gcás inar cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna nó na deimhnithe cibearshlándála i bhfeidhm i bpáirt, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;

5.tuairisc ar na tástálacha a rinneadh chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na buncheanglais is infheidhme mar a leagtar amach i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I;

6.cóip den dearbhú comhréireachta AE;

7.i gcás inarb infheidhme, an bille bogearraí ábhar mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (36), i ndiaidh iarraidh réasúnaithe ó údarás faireachais margaidh ar choinníoll go bhfuil gá leis chun go mbeidh an túdarás sin in ann comhlíontacht leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sheiceáil.

IARSCRÍBHINN VI

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar an rialú inmheánach (bunaithe ar Mhodúl A)

1.Is é atá sa rialú inmheánach an nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4 agus lena náirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht aonair go gcomhlíonann na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha na buncheanglais uile a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann an monaróir na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2.Tarraingeoidh an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil a dtugtar tuairisc uirthi in Iarscríbhinn V.

3.Dearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá chun go n‑áiritheofar leis na próisis dheartha, forbartha, táirgthe agus láimhseála leochaileachtaí agus leis an bhfaireachán a dhéantar ar na próisis sin go gcomhlíonann na táirgí monaraithe nó forbartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuireann an monaróir i bhfeidhm, go gcomhlíonann siad na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.

4.Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta

4.1.Greamóidh an monaróir marcáil CE de gach táirge aonair ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

4.2.Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn le haghaidh gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 20 agus coinneoidh sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tarraingíodh an dearbhú comhréireachta suas ina leith. Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta AE sin a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

5.Ionadaithe údaraithe

Féadfaidh an t‑ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 4, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

Cineálscrúdú AE (bunaithe ar Mhodúl B)

1.Is cuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta é an cineálscrúdú AE lena ndéanann comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil agus ar fhorbairt an táirge agus ar na próisis bainistíochta leochaileachtaí a chuireann an monaróir i bhfeidhm, agus lena bhfianaíonn sé go gcomhlíonann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann an monaróir na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

Déanfar cineálscrúdú AE trí mheasúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh teicniúil an táirge agus fhorbairt an táirge trí bhíthin scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta dá dtagraítear i bpointe 3, móide scrúdú ar eiseamail de chuid chriticiúil amháin den táirge nó níos mó ná sin (meascán den chineál táirge agus den chineál deartha).

2.Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE faoi bhráid comhlacht amháin dá rogha féin faoina dtugtar fógra.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an tionadaí údaraithe a chuireann an tiarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

dearbhú scríofa nár cuireadh an tiarratas céanna faoi bhráid aon chomhlachta eile faoina dtugtar fógra;

an doiciméadacht theicniúil, lena mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an táirge leis na buncheanglais is infheidhme mar a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí an mhonaróra a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, agus cuimseofar san iarratas freisin anailís agus measúnú leormhaith ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an táirge. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad;

an fhianaise thacaíochta le haghaidh leordhóthanacht na réiteach teicniúil deartha agus forbartha agus na bpróiseas láimhseála leochaileachtaí. Luafar san fhianaise thacaíochta sin aon doiciméad a úsáideadh, go háirithe i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina niomláine. Áireofar san fhianaise thacaíochta, i gcás inar gá, torthaí na dtástálacha a rinne saotharlann iomchuí an mhonaróra, nó saotharlann tástála eile thar a cheann agus faoina fhreagracht.

3.Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas:

3.1.déanfaidh sé scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht dhearadh agus fhorbairt theicniúil an táirge leis na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus ar chomhlíontacht na bpróiseas láimhseála leochaileachtaí a chuireann an monaróir i bhfeidhm leis na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

3.2.fíoróidh sé gur forbraíodh nó gur monaraíodh na heiseamail i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus sainaithneoidh sé na heilimintí a dearadh agus a forbraíodh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó de na sonraíochtaí teicniúla, mar aon leis na heilimintí a dearadh agus a forbraíodh gan forálacha ábhartha na gcaighdeán sin a chur i bhfeidhm;

3.3.déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé á ndéanamh iad, chun a sheiceáil, i gcás inar roghnaigh an monaróir na réitigh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm, ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad;

3.4.déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé á ndéanamh iad, chun a sheiceáil, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na réitigh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, an gcomhlíonann na réitigh a ghlac an monaróir na buncheanglais chomhfhreagracha;

3.5.comhaontóidh sé leis an monaróir an suíomh ar a ndéanfar na scrúduithe agus na tástálacha .

4.An comhlacht faoina dtugtar fógra, tarraingeoidh sé suas tuarascáil mheastóireachta ina gclárófar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le pointe 4 maille lena dtoradh. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na núdarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, ina iomláine nó i bpáirt, ach tar éis comhaontú a fháil ón monaróir.

5.I gcás ina gcomhlíonfaidh an cineál agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE chuig an monaróir. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an cineál formheasta agus na próisis láimhseála leochaileachtaí a shainaithint. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó ná sin a bheith ag gabháil leis an deimhniú.

Sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, beidh an fhaisnéis ábhartha uile chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtáirgí monaraithe nó forbartha leis an gcineál a scrúdaíodh agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí agus chun gur féidir rialú inseirbhíse a dhéanamh.

I gcás nach gcomhlíonann an cineál ná na próisis láimhseála leochaileachta na buncheanglais is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

6.Coinneoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athrú ar staid na teicníochta lena nglactar go ginearálta, athruithe a chiallaíonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na buncheanglais is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialacháin seo a thuilleadh, agus cinnfidh sé an gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr na nathruithe sin. Más gá, cuirfidh an comhlacht faoin dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir.

Na modhnuithe uile ar an gcineál formheasta agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chomhréireacht leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do choinníollacha bailíochta an deimhnithe, cuirfear an monaróir na modhnuithe sin in iúl don chomhlacht faoina dtugtar fógra ag a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE. Le modhnuithe den sórt sin, éileofar formheas breise i bhfoirm bhreise a chuirtear leis an mbundeimhniú ar chineálscrúdú AE.

7.Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé an túdarás a thugann fógra a chur ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le breiseanna leo a d’eisigh sé nó a tharraing sé siar, agus cuirfidh sé liosta de dheimhnithe agus/nó d’aon bhreis a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó a teorannaíodh ar bhealach eile ar fáil don údarás a thugann fógra ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin dó.

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile sin faoina dtugtar fógra ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le haon bhreis a dhiúltaigh sé nó a tharraing sé siar, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian uirthi ar bhealach eile agus, arna iarraidh sin air, maidir le deimhnithe agus/nó breiseanna a d’eisigh sé.

Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra cóip a fháil de na deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó de bhreiseanna a ghabhann leo arna iarraidh sin dóibh. Arna iarraidh sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip a fháil den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra. An comhlacht faoina dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, de na hiarscríbhinní agus de na breiseanna a ghabhann leis, agus den chomhad teicniúil lena n‑áirítear an doiciméadacht a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe sin in éag.

8.Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an doiciméadacht theicniúil, cuirfidh an monaróir cóip díobh ar fáil do na húdaráis náisiúnta go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh.

9.Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an tiarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7 agus i bpointe 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

Cineálchomhréireacht bunaithe ar an rialú inmheánach ar an táirgeadh (bunaithe ar Mhodúl C)

1.Is éard atá sa chineálchomhréireacht bunaithe ar an rialú inmheánach ar an táirgeadh an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2 agus 3, agus lena náirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé go bhfuil na táirgí lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann siad na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

2.Táirgeadh

2.1.Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá chun go náiritheofar leis an táirgeadh agus leis an bhfaireachán a dhéantar ar an táirgeadh go bhfuil na táirgí monaraithe i gcomhréir leis an gcineál formheasta a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus leis na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

3.Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta

3.1.Greamóidh an monaróir an mharcáil CE ar gach táirge aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme na hionstraime reachtaí.

3.2.Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn do mhúnla táirge agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an múnla táirge ar tarraingíodh suas an dearbhú ina leith. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

4.Ionadaí údaraithe

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra na hoibleagáidí ar an monaróir a leagtar amach i bpointe 3, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

Comhréireacht bunaithe ar dhearbhú iomlán cáilíochta (bunaithe ar Mhodúl H)

1.Is é atá sa chomhlíontacht a bhunaítear ar dhearbhú iomlán cáilíochta an nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 5 agus lena náirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht aonair go gcomhlíonann na táirgí (nó na catagóirí táirgí) lena mbaineann na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis láimhseála leochaileachtaí a chuireann an monaróir i bhfeidhm na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2.Dearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Oibreoidh an monaróir córas formheasta cáilíochta mar a shonraítear i bpointe 3 chun na táirgí lena mbaineann a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh agus chun leochaileachtaí a láimhseáil, coinneoidh sé a éifeachtacht ar bun ar feadh shaolré na dtáirgí lena mbaineann agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 4.

3.Córas cáilíochta

3.1.Cuirfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta faoi bhráid a rogha comhlachta faoina dtugtar fógra, le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an tionadaí údaraithe a chuireann an tiarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

an doiciméadacht theicniúil maidir le múnla amháin de gach catagóir táirgí a bhfuil sé beartaithe iad a mhonarú nó a fhorbairt. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad;

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta; agus

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an tiarratas céanna faoi bhráid aon chomhlachta eile faoina dtugtar fógra.

3.2.Leis an gcóras cáilíochta, áiritheofar go gcomhlíonann na táirgí na buncheanglais a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis láimhseála leochaileachtaí a chuireann an monaróir i bhfeidhm na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile a ghlacann an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach eagraithe i bhfoirm beartas, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Leis an doiciméadacht sin maidir leis an gcóras cáilíochta, beifear in ann léirléamh comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, na pleananna, na lámhleabhair agus na taifid cháilíochta.

Sa doiciméadacht sin, beidh tuairisc leormhaith ar na nithe seo a leanas go háirithe:

na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta ó thaobh deartha, forbartha agus cháilíocht an táirge de agus ó thaobh na láimhseála leochaileachtaí de;

na sonraíochtaí maidir leis an dearadh agus leis an bhforbairt theicniúil, lena n‑áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina niomláine, an modh a úsáidfear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a bhfuil feidhm acu maidir leis na táirgí;

na sonraíochtaí nós imeachta, lena n‑áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina niomláine, an modh a úsáidfear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na buncheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a bhfuil feidhm acu maidir leis an monaróir;

an rialú deartha agus forbartha, mar aon leis na teicnící fíorúcháin, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha deartha agus forbartha a úsáidfear nuair a bheidh na táirgí a bhaineann leis an gcatagóir a chumhdaítear á ndearadh agus á bhforbairt;

na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear maidir leis an táirgeadh, an rialú cáilíochta agus an dearbhú cáilíochta;

na scrúduithe agus na tástálacha a dhéanfar roimh an táirgeadh, lena linn agus ina dhiaidh, agus tuairisc ar a mhinice a dhéanfar iad;

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha maidir le cáilíocht an phearsanra lena mbaineann, etc;

na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na cáilíochta deartha agus táirge is gá agus ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta.

3.3.Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta chun a chinneadh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2.

Toimhdeofar comhréireacht leis na ceanglais sin i leith na ngnéithe den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin náisiúnta lena gcuirtear an caighdeán comhchuibhithe ábhartha agus/nó an tsonraíocht theicniúil i bhfeidhm.

Chomh maith leis an taithí ar chórais bainistíochta cáilíochta, beidh ar an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí mar mheasúnóir i réimse an táirge ábhartha agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus ag a mbeidh eolas ar cheanglais infheidhme an Rialacháin seo. Mar chuid den iniúchadh, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh, i gcás inarb ann d’áitreabh den sórt sin. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1, an dara fleasc chun cumas an mhonaróra a fhíorú i dtaca le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo a shainaithint, agus na scrúduithe is gá a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge na ceanglais sin.

Cuirfear an cinneadh in iúl don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe.

Beidh conclúidí an iniúchta agus an cinneadh réasúnaithe maidir leis an measúnú san fhógra.

3.4.Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascróidh ón gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí.

3.5.An comhlacht faoina dtugtar fógra, comhlacht a rinne an córas cáilíochta a fhormheas, coinneoidh an monaróir ar an eolas é maidir le haon athrú atá beartaithe ar an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra meastóireacht ar aon athrú atá beartaithe agus cinnfidh sé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an gá athmheasúnú a dhéanamh.

Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Beidh conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe san fhógra sin.

4.Faireachas faoi chúram an chomhlachta faoina dtugtar fógra

4.1.Is é is aidhm don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir go cuí na hoibleagáidí a eascraíonn ón gcóras cáilíochta formheasta.

4.2.Chun críocha measúnaithe, tabharfaidh an monaróir rochtain ar na láithreáin deartha, forbartha, táirgthe, chigireachta, tástála agus stórála don chomhlacht faoina dtugtar fógra agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó, go háirithe an méid seo a leanas:

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;

na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann le dearadh, amhail torthaí anailísí, ríomhanna, tástálacha, etc.;

na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann le monaraíocht, amhail tuarascálacha iniúchtaí agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha maidir le cáilíocht an phearsanra lena mbaineann, etc.

4.3.Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuairisc ar an iniúchadh don mhonaróir.

5.Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta

5.1.Greamóidh an monaróir an mharcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i mír 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, de gach táirge aonair a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I den Rialachán seo.

5.2.Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn do gach múnla táirge agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an múnla táirge ar tarraingíodh suas an dearbhú ina leith.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

6.Go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge a chur ar an margadh, cuirfidh an monaróir na nithe seo a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:

an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1;

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 3.1;

an tathrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, mar a formheasadh;

cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.5, 4.3 agus 4.4.

7.Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na húdaráis a thugann fógra ar an eolas faoi fhormheasanna córais cáilíochta a eisíodh nó a tarraingíodh siar, agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis a thugann fógra, ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin, liosta de na formheasanna córais cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian leo ar shlí eile.

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a chur ar an eolas faoi fhormheasanna córais cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí, a tharraing sé siar, agus arna iarraidh sin dó, cuirfidh sé ar an eolas iad faoi fhormheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé.

8.Ionadaí údaraithe

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra na hoibleagáidí ar an monaróir a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6, a chomhlíonadh thar ceann agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

Top