Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0359

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

COM/2022/359 final

An Bhruiséil,19.7.2022

COM(2022) 359 final

2022/0226(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é cuspóir an togra le haghaidh Rialacháin atá i gceangal leis seo fionraíocht shealadach na ndleachtanna comhtharaife custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le hearraí a úsáidtear chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh, ar earraí iad a aicmítear faoi láthair faoi fho-cheannteidil na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) 2814 10 agus 3102 10.

Tá margadh an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh ionchuir áirithe leasacháin nítrigine ag brath go mór ar allmhairí ó thríú tíortha. In 2021, d’allmhairigh an tAontas 2,9 milliún tona amóinia agus 4,7 milliún tona úiré chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh. Tháinig méadú suntasach ar phraghsanna na dtáirgí sin in 2021 agus tá méadú breise tagtha orthu tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Chun na costais ar tháirgeoirí leasachán an Aontais a mhaolú, agus ar an gcaoi sin costais a laghdú d’fheirmeoirí an Aontais agus chun cur leis an soláthar iomchuí bia a tháirgtear san Aontas, is iomchuí bearta sealadacha léirscaoilte trádála an togra seo a ghlacadh. Chun cobhsaíocht an tsoláthair a mhéadú, is iomchuí freisin raon feidhme geografach na dtionscnamh neamhfhabhrach, atá dírithe ar an Rúis faoi láthair, a leathnú chun tíortha eile a chuimsiú. Go bunúsach, agus go háirithe tráth an ghanntanais ar mhargaí idirnáisiúnta leasachán nítrigine, is dídhreasacht do sholáthar mhargadh an Aontais é taraifí a bheith ann maidir le hionchuir idirmheánacha amhail amóinia agus úiré a allmhairiú isteach san Aontas i gcomparáid le margaí domhanda eile nach bhfuil taraifí allmhairiúcháin den sórt sin acu. Ós rud é gur tráchtearraí go príomha iad earraí trádáilte sa chatagóir sin, cuireann an difreálach taraife sin bac ar iarrachtaí éagsúlú a dhéanamh ar allmhairí an Aontais.

Thairis sin, sa Teachtaireacht uaidh an 23 Márta 2022 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le ‘Slándáil bia a chosaint agus athléimneacht na gcóras bia a neartú’, tugann an Coimisiún dá aire go raibh borradh suntasach faoi phraghsanna i margaí tráchtearraí cheana féin roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a bhraith na margaí talmhaíochta trí na méaduithe ar chostais fuinnimh agus leasacháin, agus méadú dá bharr sin ar phraghsanna táirgí feirme. Mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin agus ar an ardú domhanda ar phraghsanna tráchtearraí, tá méadú breise tagtha ar phraghsanna i margaí na dtáirgí talmhaíochta agus tá siad ag nochtadh leochaileachtaí chóras bia an Aontais atá ag brath go páirteach ar allmhairiú leasachán. Sa teachtaireacht sin, cuireadh i dtábhacht nach mór, sa ghearrthéarma, tús áite a thabhairt do chostas agus infhaighteacht leasachán mianraí, go dtí go n‑aistreofar chuig cineálacha leasachán inbhuanaithe nó modhanna leasacháin inbhuanaithe. Le linn na tréimhse sin, ní mór don tionscal leasachán san Aontas a bheith in ann rochtain a fháil ar na hallmhairí riachtanacha, lena n‑áirítear ionchuir chun leasacháin a tháirgeadh laistigh den Aontas é féin.

As na trí phríomhchineál leasacháin a úsáideann feirmeoirí, is é an leasachán nítriginebhunaithe an ceann atá faoi réir dleachtanna comhtharaife custaim is infheidhme maidir le hionchuir idirmheánacha atá ríthábhachtach dá tháirgeadh, murab ionann agus potais agus fosfar atá príomh‑ionchuir faoi réir ráta comhtharaife custaim nialasach cheana féin. Is iad leasacháin nítriginebhunaithe an cineál leasacháin is mó a thomhlaítear san Aontas freisin, agus is iad praghsanna na leasachán sin is mó a mhéadaigh ó bhí 2021 sin. Dá bhrí sin, díríonn na bearta atá beartaithe ar ionchuir le haghaidh leasacháin nítriginebhunaithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Faoi láthair, is iad príomhsholáthraithe na n‑earraí sin do mhargadh an Aontais na tríú tíortha a bhaineann tairbhe as rochtain fhabhrach saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais de bhun Comhaontuithe Saorthrádála. Mar sin féin, allmhairíonn an tAontas méid mór ionchur le haghaidh leasacháin nítrigine de thionscnamh tíortha atá faoi réir na Comhtharaife Custaim, agus tá rátaí taraife idir 5,5 agus 6.5 % ann faoi láthair. Chun cobhsaíocht an tsoláthair a mhéadú, is iomchuí raon feidhme geografach na dtíortha soláthair a leathnú go sealadach thar na tíortha sin a bhaineann tairbhe as comhaontú saorthrádála, ós rud é go bhfuil an soláthar comhchruinnithe faoi láthair i líon measartha beag soláthróirí fabhracha. Mar sin féin, murab ionann agus rochtain trí chomhaontuithe trádála fabhracha, is bearta sealadacha iad na bearta atá beartaithe le haghaidh fionraíochtaí taraife faoin togra seo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é is aidhm do na bearta léirscaoilte trádála atá sa togra seo a áirithiú go gcuirfear comhtharaif chustaim an Aontais ar fionraí go sealadach i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a leagtar amach in Airteagal 21 CAE agus go mbeidh réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, chomh maith lena ghníomhaíocht sheachtrach agus beartais eile de chuid an Aontais, comhsheasmhach lena chéile. Is iomchuí, dá bhrí sin, táirgí de thionscnamh na Rúise agus na Bealarúise a eisiamh ón laghdú taraife, i gcomhréir leis na bearta sriantacha a rinne an tAontas i gcoinne na dtíortha sin tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 31 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo le haghaidh Rialacháin.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta ós rud é go dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ós rud é go ndéanann sé cothromaíocht idir leas tráchtála na n‑oibreoirí eacnamaíocha (táirgeoirí leasachán nítrigine agus tomhaltóirí). Déantar foráil sa togra maidir le dleachtanna na Comhtharaife Custaim a chur ar fionraí i gcás na línte taraife d’ionchuir leasacháin a bhfuil an spleáchas is airde ar allmhairí ag an Aontas ina leith, agus ag a raibh na méaduithe is airde ar phraghsanna. Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag an bhfionraí ach ar feadh tréimhse shealadach. Ní chuireann an fhionraí teorainn le cearta bunúsacha aon duine; a mhalairt ar fad, cuireann sé deireadh go sealadach le hoibleagáid íocaíochta dleachta.

An rogha ionstraime

Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 207(2) CFAE, lena bhforáiltear maidir le bearta comhbheartais tráchtála. De bhua Airteagal 31 CFAE, socraíonn an Chomhairle dleachtanna na Comhtharaife Custaim, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar bhonn togra ón gCoimisiún.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh thobainn ar phraghsanna na n‑ionchur ó tháirgeadh leasachán nítrigine, atá níos measa fós mar gheall ar an staid éigeandála a tharla i margadh na leasachán de bharr ionradh na Rúise — an dara soláthróir is mó de leasacháin nítrigine san Aontas — ar an Úcráin, tá sé tábhachtach go dtiocfadh an Rialachán i bhfeidhm a luaithe is féidir chun éagsúlú na soláthairtí do na hionchuir is gá le haghaidh táirgeadh leasacháin a chothú, agus chun costais táirgthe a laghdú, roimh an séasúr plandála/síolaithe i bhfómhar 2022. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair le haghaidh an bhirt atá i gceist. Mar sin féin, táthar ag súil go n‑athróidh an beart atá beartaithe próifíl soláthraithe na n‑ionchur leasachán nítrigine chuig an Aontas agus go gcuideoidh sé soláthraithe eile a aimsiú seachas soláthraithe ón Rúis.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní chuireann an beart seo le hualach rialála cuideachtaí.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam. Is ionann dleachtanna custaim neamhbhailithe a chomhfhreagraíonn don fhionraí agus thart ar EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana nuair a bheidh an beart i bhfeidhm ar feadh bliana iomláine. Tá fad an bhirt díreach os cionn dhá bhliain, go dtí deireadh 2024.

Is é EUR 11,25 milliún an tionchar diúltach ar acmhainní dílse traidisiúnta an bhuiséid (i.e. 75 % den iomlán). Leis an ráiteas airgeadais reachtach, leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe impleachtaí buiséadacha an togra.

Is trí bhíthin Ollioncam Náisiúnta (OIN) na mBallstát, agus é bunaithe ar ranníocaíochtaí acmhainní dílse, a chúiteofar caillteanas ioncaim in acmhainní dílse traidisiúnta.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá tuairisciú ar líne ar éabhlóid allmhairí an Aontais d’ionchuir le haghaidh leasacháin nítriginebhunaithe ar fáil ar shuíomhanna gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (Eurostat).

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I bhfianaise staid urghnách mhargadh an Aontais do leasacháin, is é is aidhm don bheart na sreafaí trádála a mhéadú, agus éagsúlú a chothú, maidir le hallmhairí ionchur chun leasacháin nítriginebhunaithe a tháirgeadh trí dhleachtanna allmhairiúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí sin a chur ar fionraí go sealadach.

2022/0226 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá margadh an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh ionchuir áirithe leasacháin nítrigine ag brath go mór ar allmhairí ó thríú tíortha. In 2021, d’allmhairigh an tAontas 2,9 milliún tona amóinia agus 4,7 milliún tona úiré chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh. Tháinig méadú suntasach ar phraghsanna na dtáirgí sin in 2021 agus tá méadú breise tagtha orthu le linn na bliana reatha.

(2)Faoi láthair, déantar cuid shuntasach de na hionchuir sin le haghaidh leasacháin nítrigine a allmhairiú isteach san Aontas ó thríú tíortha a bhaineann tairbhe as rochtain fhabhrach ar mhargadh an Aontais, agus dá bhrí sin tá na hallmhairí saor ó dhleacht. D’ainneoin sin, allmhairíonn an tAontas méid mór ionchur le haghaidh leasacháin nítrigine de thionscnamh tíortha atá faoi réir na Comhtharaife Custaim, agus tá rátaí taraife idir 5,5 agus 6.5 % ann faoi láthair.

(3)Sa Teachtaireacht uaidh an 23 Márta 2022 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le ‘Slándáil bia a chosaint agus athléimneacht na gcóras bia a neartú’, tugann an Coimisiún dá aire go raibh borradh suntasach faoi phraghsanna i margaí tráchtearraí cheana féin roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a bhraith na margaí talmhaíochta trí na méaduithe ar chostais fuinnimh agus leasacháin, agus méadú dá bharr sin ar phraghsanna feirme. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil méadú breise tagtha ar phraghsanna i margaí na dtáirgí talmhaíochta mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin agus ar an ardú domhanda ar phraghsanna tráchtearraí, agus go bhfuil siad ag nochtadh leochaileachtaí chóras bia an Aontais atá ag brath go páirteach ar allmhairiú leasachán. Leis sin méadaítear costais ar tháirgeoirí agus bíonn tionchar aige ar phraghas an bhia, rud a fhágann go bhfuil imní ann a mhéid a bhaineann le cumhacht cheannaigh tomhaltóirí, agus le hioncam fheirmeoirí an Aontais.

(4)Sa teachtaireacht sin, cuireadh i dtábhacht nach mór, sa ghearrthéarma, tús áite a thabhairt do chostas agus infhaighteacht leasachán mianraí, go dtí go naistreofar chuig cineálacha leasachán inbhuanaithe nó modhanna leasacháin inbhuanaithe. Le linn na tréimhse sin, ní mór don tionscal leasachán san Aontas a bheith in ann rochtain a fháil ar na hallmhairí riachtanacha, lena náirítear ionchuir chun leasacháin a tháirgeadh laistigh den Aontas é féin. Cuirtear i bhfios go láidir sa Teachtaireacht freisin go ndéanfar faireachán ar phraghsanna leasacháin agus ar sholáthairtí d’fheirmeoirí chun a áirithiú nach gcuirfear na hionchais le haghaidh fómhair an Aontais i mbaol.

(5)I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is iomchuí gníomhaíocht a dhéanamh chun na costais atá le híoc ag táirgeoirí leasacháin an Aontais agus na hionchuir is gá chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh á nallmhairiú acu, na costais sin a laghdú.

(6)Ina theannta sin, tráth an ghanntanais ar mhargaí idirnáisiúnta leasachán nítrigine, is dídhreasacht do sholáthar mhargadh an Aontais é taraifí maidir le hionchuir idirmheánacha amhail amóinia agus úiré a allmhairiú isteach san Aontas i gcomparáid le margaí domhanda eile nach bhfuil taraifí allmhairiúcháin acu. Cuireann an difreálach taraife sin bac freisin ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun allmhairí an Aontais a éagsúlú.

(7)Is iomchuí, dá bhrí sin, dleachtanna na Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chur ar fionraí go sealadach i gcás ionchuir áirithe leasachán nítrigine. Tá feidhm ag an mbeart sealadach ar feadh na tréimhse ama a bhfuil coinne ann go mbeidh suaitheadh praghsanna i margaí an fhuinnimh agus na leasachán nítrigine lena linn, tréimhse a mheastar a mhairfidh go dtí deireadh 2024.

(8)Ag an am céanna, i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, áiritheoidh an tAontas comhsheasmhacht idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí agus idir a ghníomhaíocht sheachtrach agus beartais eile an Aontais chomh maith.

(9)Tá forbairt andiúltach tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas, agus tá meath ar leith tagtha air le míonna beaga anuas ó thaobh neamhaird Chónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus go háirithe an ionradh gan chúis gan údar a rinneadh ar an Úcráin.

(10)Ó bhí mí Iúil 2014 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Chónaidhm na Rúise. Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil ionsaí míleata gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin ag sárú an dlí idirnáisiúnta agus phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil an tionsaí sin ag baint an bhoinn de shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain.

(11)Le déanaí, an 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle an séú pacáiste smachtbhannaí 1 i gcoinne Chónaidhm na Rúise mar gheall ar an gcogadh leanúnach foghach i gcoinne na hÚcráine agus na hainghníomhartha tuairiscithe a rinne fórsaí armtha na Rúise san Úcráin.

(12)Thairis sin, cé gur comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála í Cónaidhm na Rúise, scaoiltear an tAontas, de bhua na neisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus go háirithe Airteagal XXI de GATT 1994, ón oibleagáid na buntáistí a dheonaítear do tháirgí comhchosúla a allmhairítear ó thíortha eile (cóir an náisiúin barrfhabhair) a thabhairt do tháirgí a allmhairítear ó Chónaidhm na Rúise.

(13)Dá bhrí sin, ní bheadh sé iomchuí allmhairí ó Chónaidhm na Rúise a bheith saor ó dhleacht agus cóir an náisiúin bharrfhabhair a thabhairt dóibh maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(14)Tá meath tagtha freisin ar an staid idir an tAontas agus an Bhealarúis le blianta beaga anuas, mar gheall ar neamhaird an réimis ar an dlí idirnáisiúnta, ar shaoirsí bunúsacha agus ar chearta an duine. Ina theannta sin, thacaigh an Bhealarúis le hionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón tús, inter alia trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt thar aerspás na Bealarúise go dtí an Úcráin, trí pointí athbhreoslaithe a chur ar fáil, agus trí airm Rúiseach agus trealamh míleata Rúiseach a stóráil sa Bhealarúis.

(15)Ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2020 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar an mBealarúis. An 2 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle an cúigiú pacáiste smachtbhannaí mar gheall ar sháruithe leanúnacha ar chearta an duine agus ar ionstraimiú imirceach. Glacadh pacáistí breise smachtbhannaí an 24 Feabhra, an 2 Márta, an 9 Márta agus an 3 Meitheamh 2022, i bhfianaise rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí míleata na Rúise gan chúis gan údar ar an Úcráin. Ina theannta sin, níl an Bhealarúis ina comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar an Aontas, de bhua an Chomhaontaithe lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, cóir an náisiúin barrfhabhair a thabhairt do tháirgí ón mBealarúis. Ina theannta sin, le comhaontuithe trádála ceadaítear gníomhaíochtaí a bhfuil bonn cirt leo ar bhonn clásail eisceachta is infheidhme, go háirithe eisceachtaí slándála, mar a luadh cheana.

(16)I bhfianaise an chomhthéacs thuas, is iomchuí agus is ceadmhach an Rúis agus an Bhealarúis a eisiamh ó raon feidhme na bhfionraíochtaí taraife uathrialaitheacha a leagtar amach sa Rialachán seo, agus na Rialacha Ginearálta maidir le dleachtanna Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, agus go háirithe Roinn 1, cuid B, mír 1 de á gcur i bhfeidhm.

(17)Dá réir sin, níor cheart allmhairí ionchur le haghaidh leasacháin nítrigine de thionscnamh na Rúise agus na Bealarúise a bheith faoi réir na fionraí dleachta. Ina ionad sin, ba cheart go leanfadh allmhairí na dtáirgí lena mbaineann an Rialachán seo ón Rúis agus ón mBealarúis de bheith faoi réir na dleachta allmhairiúcháin a raibh siad faoina réir roimhe seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.    In Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs le haghaidh chód AC 2814 10 00 i gcolún 3:

‘5,5 (*)

_________________

(*) Dleacht chustaim curtha ar fionraí go huathrialach, go dtí an 31 Nollaig 2024, cé is moite den Rúis agus den Bhealarúis a bhfuil feidhm ag ráta 5.5 % ina leith, de bhun Rialachán 2022/XXXX ón gComhairle [uimhir an Rialacháin seo].’

2.    In Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs le haghaidh chóid AC 3102 10 10 agus 3102 10 90 i gcolún 3:

‘6,5 (*)

_________________

(*) Dleacht chustaim curtha ar fionraí go huathrialach, go dtí an 31 Nollaig 2024, cé is moite den Rúis agus den Bhealarúis a bhfuil feidhm ag ráta 6.5 % ina leith, de bhun Rialachán 2022/XXXX ón gComhairle [uimhir an Rialacháin seo].’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán
   […]

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an Ainmníocht Taraife agus Staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.

LÍNTE BUISÉID:

Caibidil agus Airteagal: Caibidil 12, Airteagal 120

An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana 2022: 17 912 606 159

TIONCHAR AIRGEADAIS:

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

X    Níl aon tionchar airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach tá tionchar airgeadais aige ar ioncam acmhainní dílse traidisiúnta, ar na cúiseanna seo a leanas:

In 2021, b’ionann luach iomlán allmhairí chóid AC 2814 10 00 agus EUR 1,3 billiún. Is é 5.5 % an gnáthráta dleachta don chód AC seo. Bhí an chuid is mó de na hallmhairí sin (68 %) saor ó dhleacht mar thoradh ar chur chun feidhme Comhaontuithe Saorthrádála. Allmhairí ón Rúis a bhí i gceist le 29 % de na hallmhairí eile, ar allmhairí iad nach mbeidh faoi réir laghdú taraife. Dá bhrí sin, meastar gur fiú EUR 2,1 milliún (EUR 1,3 billiún x 3 % den sciar allmhairí x 5.5 %) in aghaidh na bliana na dleachtanna neamhbhailithe.

In 2021, b’ionann luach iomlán allmhairí chóid AC 3102 10 10 agus 3102 10 90 agus EUR 1,8 billiún. Is é 6.5 % an gnáthráta dleachta don chód AC seo. Bhí an chuid is mó de na hallmhairí sin (65 %) saor ó dhleacht mar thoradh ar chur chun feidhme Comhaontuithe Saorthrádála. Allmhairí ón Rúis agus ón mBealarúis a bhí i gceist le 24 % de na hallmhairí eile, ar allmhairí iad nach mbeidh faoi réir laghdú taraife. Dá bhrí sin, meastar gur fiú EUR 12,9 milliún (EUR 1,8 billiún x 11 % den sciar allmhairí x 6.5 %) in aghaidh na bliana na dleachtanna neamhbhailithe.

Ar bhonn a bhfuil thuas, meastar gurb é EUR 11,25 milliún in aghaidh na bliana [(EUR 12,9 milliún + EUR 2,1 milliún = ollmhéid EUR 15 mhilliún, lena n‑áirítear costais bhailiúcháin) x 0,75] an tionchar a bheidh ar an gcaillteanas ioncaim le haghaidh bhuiséad an Aontais a eascróidh as an Rialachán seo.

Le haghaidh 2022, meastar gurb é aon trian den mhéid thuas, i.e. EUR 3,8 milliún, an tionchar a bheidh ar chaillteanas ioncaim acmhainní dílse traidisiúnta le haghaidh bhuiséad an Aontais.

Is trí bhíthin Ollioncam Náisiúnta (OIN) na mBallstát, agus é bunaithe ar ranníocaíochtaí acmhainní dílse, a chúiteofar caillteanas ioncaim in acmhainní dílse traidisiúnta.

(1)    www.sanctionsmap.eu
Top