Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0352

    Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena n-údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    COM/2022/352 final

    An Bhruiséil,26.7.2022

    COM(2022) 352 final

    2022/0220(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena n‑údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

    Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 11 Márta 2022, d’iarr Lucsamburg údarú chun leanúint de bheart a chur i bhfeidhm, go dtí an 31 Nollaig 2024, de mhaolú ar Airteagal 285 den Treoir maidir le CBL, lena gceadaítear do Lucsamburg daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 35 000 a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha.

    I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 7 Aibreán 2022 maidir leis an iarraidh a rinne Lucsamburg. Thug an Coimisiún fógra do Lucsamburg le litir dar dáta an 8 Aibreán 2022 go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Le Caibidil 1 de Theideal XII den Treoir maidir le CBL, cuirtear an fhéidearthacht ar fáil do na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga, lena n‑áirítear an fhéidearthacht maidir le daoine inchánach a dhíolmhú i gcás inar lú ná méid áirithe a láimhdeachas bliantúil. Tugtar le fios leis an díolúine sin nach gá do dhaoine inchánach cáin bhreisluacha a ghearradh ar a soláthairtí agus, dá réir sin, nach féidir leo cáin bhreisluacha a asbhaint ar a n‑ionchuir.

    Tugadh isteach den chéad uair le hAirteagal 14 de Threoir 67/228/CEE ón gComhairle 2 an fhéidearthacht rialacha speisialta CBL, lena náirítear díolúintí nó faoiseamh cánach grádaithe, a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais bheaga. De réir Airteagal 24(2)(b) de Threoir 77/388/CEE 3 , a athmhúnlaítear anois mar an chéad mhír d’Airteagal 285 den Treoir maidir le CBL, rinneadh Ballstáit nár bhain úsáid as an rogha dá bhforáiltear faoin bhforáil sin a cheadú ina dhiaidh sin gan ach daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta a dhíolmhú. De bhun an dara mír d’Airteagal 285 den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit sin faoiseamh cánach grádaithe a dheonú freisin do dhaoine inchánach ar mó a láimhdeachas bliantúil ná an uasteorainn a shocraigh siad dá chur i bhfeidhm.

    Go dtí deireadh 2012, dhíolmhaigh Lucsamburg daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 10 000 ó cháin bhreisluacha. I gcomhthreo leis sin, bhain Lucsamburg úsáid as an rogha de bhun an dara mír d’Airteagal 285 den Treoir maidir le CBL trí fhaoiseamh cánach grádaithe a thabhairt do dhaoine inchánach a raibh láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 000 agus EUR 25 000 acu.

    Ina dhiaidh sin, d’iarr agus fuair Lucsamburg maolú de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 285 chun tairseach láimhdeachais EUR 25 000 a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis an scéim díolúine le haghaidh gnólachtaí beaga agus, an tráth céanna, cuireadh deireadh le cur i bhfeidhm an fhaoisimh cánach ghrádaithe. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ón gComhairle 4 , tugadh údarú do Lucsamburg an beart speisialta thuasluaite a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2016.

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/319 ón gComhairle 5 , tugadh údarú do Lucsamburg síneadh a chur le dáta éaga an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2019 agus, an tráth céanna, an tairseach a mhéadú ó EUR 25 000 go dtí EUR 30 000. Ansin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2210 ón gComhairle 6 , cuireadh síneadh breise leis an dáta éaga go dtí an 31 Nollaig 2022 agus méadaíodh an tairseach ó EUR 30 000 go EUR 35 000.

    D’iarr Lucsamburg síneadh eile a chur leis an mbeart sin ar feadh tréimhse theoranta. Chuir Lucsamburg in iúl go laghdaítear an t‑ualach riaracháin do dhaoine inchánach agus don údarás cánach araon leis an mbeart speisialta. Dá bhrí sin, tá sé ina rannchuidiú le simpliú an bhailithe cánach, mar atá leagtha amach in Airteagal 395(1) den Treoir maidir le CBL. Beart atá lánroghnach do dhaoine inchánach is ea an beart agus is mar sin a bheidh sé amach anseo.

    Dar le Lucsamburg, ní bheadh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta a shaothraítear ar mhéid foriomlán an ioncaim CBL a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh (nach mó ná 0,05 %), mar a cheanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 395(1) den Treoir maidir le CBL. Go sonrach, thuairiscigh Lucsamburg gur bhain 633 duine inchánach ag a raibh láimhdeachas idir EUR 10 000 agus EUR 35 000 úsáid as an díolúine in 2020, arb é atá iontu 0,78 % de na daoine inchánach go léir.

    An beart speisialta, lena simplítear oibleagáidí oibreoirí beaga, tá sé i gcomhréir leis na cuspóirí a leag an tAontas Eorpach amach maidir le gnólachtaí beaga.

    I bhfianaise an tionchair dhearfaigh i dtaca leis an ualach riaracháin a laghdú do ghnólachtaí agus don riarachán cánach agus é sin gan tionchar ollmhór a imirt ar an ioncam CBL iomlán, is iomchuí údarú a thabhairt do Lucsamburg síneadh a chur leis an mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2024.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an beart maolaithe i gcomhréir le cuspóirí Threoir (AE) 2020/285 lena leasaítear Airteagail 281 go 294 den Treoir maidir le CBL maidir le scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga 7 , ar de thoradh an phlean gníomhaíochta CBL é 8 , agus a bhfuil sé d’aidhm aige scéim nua-aimseartha shimplithe a chruthú le haghaidh na ngnólachtaí sin. Tá sé d’aidhm aige go háirithe costais chomhlíontachta CBL agus saobhadh iomaíochta sa bhaile agus ar leibhéal an Aontais a laghdú, tionchar diúltach na héifeachta tairsí a laghdú, agus breis éascaíochta a dhéanamh i dtaca leis an gcomhlíontacht ghnó agus i dtaca leis an bhfaireachán a dhéanann na riaracháin chánach.

    Thairis sin, tá an tairseach EUR 35 000 comhsheasmhach le Treoir (AE) 2020/285, a mhéid is féidir leis na Ballstáit an tairseach láimhdeachais bhliantúil is gá le haghaidh díolúine ó cháin bhreisluacha a shocrú ar leibhéal nach airde ná EUR 85 000 (nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta).

    Maoluithe comhchosúla, lena ndíolmhaítear ó cháin bhreisluacha daoine inchánach CBL nach airde a láimhdeachas bliantúil ná tairseach áirithe, dá bhforáiltear in Airteagail 285 agus 287 den Treoir maidir le CBL, deonaíodh iad do Bhallstáit eile. Deonaíodh tairseach EUR 25 000 don Ísiltír 9 agus don Bheilg 10 ; tairseach EUR 30 000 don Iodáil 11 ; deonaíodh tairseach EUR 40 000 don Pholainn 12 , don Laitvia 13 agus don Eastóin 14 ; tairseach EUR 48 000 don Ungáir 15 ; tairseach EUR 55 000 don Liotuáin 16 ; tairseach EUR 45 000 don Chróit 17 ; tairseach EUR 30 000 do Mhálta 18 ; tairseach EUR 50 000 don tSlóivéin 19 ; tairseach EUR 85 000 don tSeicia 20 ; agus tairseach EUR 88 500 don Rómáin 21 .

    Ba cheart maoluithe ar an Treoir maidir le CBL a bheith teoranta ó thaobh ama de i gcónaí ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí. Ina theannta sin, maidir le dáta éaga an bhirt speisialta a áireamh go dtí an 31 Nollaig 2024, tá sé sin i gcomhréir le ceanglais Threoir (AE) 2020/285. Déantar foráil maidir leis an 1 Eanáir 2025 sa treoir sin mar an dáta a bheidh ar na Ballstáit na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, forálacha a cheanglaítear orthu a ghlacadh, chun í a chomhlíonadh.

    Dá bhrí sin, an beart atá beartaithe, tá sé comhsheasmhach le forálacha na Treorach maidir le CBL.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Bíonn an Coimisiún go comhsheasmhach ag cur i dtábhacht go bhfuil gá le rialacha níos simplí le haghaidh fiontair bheaga. I ndáil leis sin, ghlac an Coimisiún Straitéis FBM i mí an Mhárta 2020 d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach 22 , agus leis sin thug sé gealltanas leanúint dá chuid oibre maidir leis an ualach ar FBManna a laghdú. An cuspóir maidir leis an ualach riaracháin a laghdú le haghaidh FBManna, tá sé ar cheann de cholúin na straitéise sin. Tá an beart speisialta seo i gcomhréir leis na cuspóirí sin, a mhéid a bhaineann le rialacha fioscacha. Tá sé i gcomhréir freisin le Plean Gníomhaíochta 2020 maidir le cánachas cothrom simplí mar thaca leis an straitéis téarnaimh 23 , plean ina naithnítear go bhfuil costais chomhlíontachta cánach fós ard san Aontas, agus gur gnách go mbíonn costais chomhlíontachta i bhfad níos airde le haghaidh cuideachtaí beaga ná mar a bhíonn siad le haghaidh cuideachtaí móra.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    I bhfianaise na forála den Treoir maidir le CBL ar a bhfuil sé bunaithe, tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

    Comhréireacht

    Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát arna iarraidh sin dó féin agus níl aon oibleagáid ann.

    I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an bailiú cánach a shimpliú le haghaidh daoine inchánach beaga agus le haghaidh an riaracháin cánach.

    An rogha ionstraime

    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.

    Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne Lucsamburg agus baineann sé leis an mBallstát áirithe sin amháin.

    Measúnú tionchair

    Is é is aidhm don togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle 2 bhliain a chur le tréimhse birt simpliúcháin, ar beart é lena bhfaightear réidh le cuid mhór de na hoibleagáidí CBL le haghaidh gnólachtaí a oibríonn le láimhdeachas bliantúil nach airde ná EUR 35 000 agus dá bhrí sin tá tionchar dearfach aige i dtaca leis an ualach riaracháin a laghdú do ghnólachtaí agus don riarachán cánach agus é sin gan tionchar ollmhór a imirt ar an ioncam CBL iomlán. De bharr raon feidhme cúng an mhaolaithe agus de bharr na teorann ama ar a chur i bhfeidhm, beidh tionchar an bhirt teoranta in aon chás.

    Beidh an beart maolúcháin roghnach do dhaoine inchánach. Beidh daoine inchánach in ann na gnáthshocruithe CBL a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairtí ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ar theacht i bhfeidhm do Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú 24 , ní dhéanfaidh Lucsamburg aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL le haghaidh na bliana airgeadais 2021 agus ina diaidh sin.

    2022/0220 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena n‑údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 25 , agus go háirithe Airteagal 395(1) di,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Faoi Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE, na Ballstáit sin nár fheidhmigh an rogha faoi Airteagal 14 den Dara Treoir 67/228/CEE ón gComhairle 26 , féadfaidh siad daoine inchánach a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (‘CBL’) nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, agus féadfaidh siad faoiseamh cánach grádaithe a dheonú do dhaoine inchánach ar mó a láimhdeachas bliantúil ná an uasteorainn a shocraigh siad dá chur i bhfeidhm.

    (2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ón gComhairle 27 , tugadh údarú do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE (‘an beart speisialta’) chun daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 25 000 a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha go dtí an 31 Nollaig 2016.

    (3)Leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ar dtús le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/319 ón gComhairle 28 , lenar údaraíodh do Lucsamburg daoine inchánach nach mó ná EUR 30 000 a láimhdeachas bliantúil a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha go dtí an 31 Nollaig 2019. Leasaíodh é ina dhiaidh sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2210 ón gComhairle 29 , lenar údaraíodh do Lucsamburg an tairseach a mhéadú go dtí EUR 35 000 agus síneadh a chur le dáta éaga an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2022.

    (4)Le litir dar dáta an 11 Márta 2022, chuir Lucsamburg iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, an dáta faoina ndéanfaidh na Ballstáit Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle 30 a thrasuí, lena leagtar síos rialacha CBL níos simplí le haghaidh fiontair bheaga. Leis an Treoir sin, ceadaítear do na Ballstáit freisin daoine inchánach nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil tairseach EUR 85 000 a dhíolmhú.

    (5)De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne Lucsamburg chuig na Ballstáit eile, trí litir an 7 Aibreán 2022. Le litir an 8 Aibreán 2022, thug an Coimisiún fógra do Lucsamburg go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

    (6)Tá an beart speisialta i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285, lena bhféachtar le costais chomhlíontachta CBL d’fhiontair bheaga, saobhadh iomaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus an tionchar diúltach atá ag an aistriú ó dhíolmhú go cánachas (éifeacht na tairsí) a laghdú. Féachann sí freisin le comhlíonadh ag fiontair bheaga a éascú chomh maith le faireachán ag údaráis chánach. Tá an tairseach EUR 35 000 comhsheasmhach leis an tairseach nua don díolúine arna leagan síos le Treoir (AE) 2020/285.

    (7)Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach. Féadfaidh daoine inchánach na gnáthshocruithe CBL a roghnú fós de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.

    (8)De réir na faisnéise arna cur ar fáil ag Lucsamburg, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn Lucsamburg ag céim an tomhaltais deiridh.

    (9)Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle 31 , ní dhéanfaidh Lucsamburg aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL le haghaidh na bliana airgeadais 2021 agus ina diaidh sin.

    (10)I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta maidir le hoibleagáidí a bhaineann le CBL a shimpliú tríd an ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta a laghdú d’fhiontair bheaga agus d’údaráis chánach araon, agus ós rud é nach mbeidh aon tionchar mór ar an ioncam CBL iomlán a ghinfear, ba cheart údarú a thabhairt do Lucsamburg an beart speisialta a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse eile.

    (11)Ba cheart teorainn ama a bheith leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Airteagal 1 den Treoir sin a chomhlíonadh, agus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, Lucsamburg a údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.

    (12)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE:

    Airteagal 2

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2024.'.

    Airteagal 2

    Is chuig Ard‑Diúcacht Lucsamburg a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
    (2)    An Dara Treoir 67/228/CEE ón gComhairle an 11 Aibreán 1967 maidir le comhchuibhiú reachtaíocht na mBallstát i dtaca le cánacha láimhdeachais – Struchtúr agus nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm an chomhchórais cánach breisluacha (IO 71, 14.4.1967, lch. 1303/67).
    (3)    An Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais – Comhchóras cánach breisluacha: bonn aonfhoirmeach measúnachta (IO L 145, 13.6.1977, lch. 1).    
    (4)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ón gComhairle an 15 Samhain 2013 lena núdaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 316, 27.11.2013, lch. 33).
    (5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/319 ón gComhairle an 21 Feabhra 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena núdaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 47, 24.2.2017, lch. 7).
    (6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2210 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena núdaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 332, 23.12.2019, lch. 155).
    (7)    Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta le haghaidh fiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).
    (8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le plean gníomhaíochta CBL – Towards a single EU VAT area – Time to decide [I dtreo limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – An tam le cinneadh a dhéanamh] COM(2016)148 final.    
    (9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1904 ón gComhairle an 4 Nollaig 2018 lena núdaraítear don Ísiltír beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 310, 6.12.2018, lch. 25).    
    (10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/88 ón gComhairle an 18 Eanáir 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/53/AE a mhéid a bhaineann le Ríocht na Beilge a údarú chun beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 14, 21.1.2022, lch. 23)
    (11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/647 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2020 lena núdaraítear do Phoblacht na hIodáile beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 151, 14.5.2020, lch. 7).    
    (12)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1780 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2009/790/CE lena núdaraítear do Phoblacht na Polainne beart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 360, 11.10.2021, lch. 122).
    (13)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1261 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2408 lena núdaraítear do Phoblacht na Laitvia beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 296, 10.9.2020, lch. 4).
    (14)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/358 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/563 lena núdaraítear do Phoblacht na hEastóine beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 69, 26.2.2021, lch. 4).    
    (15)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/73 ón gComhairle an 18 Eanáir 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1490 a mhéid a bhaineann leis an Ungáir a údarú chun beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 12, 19.1.2022, lch. 148).
    (16)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/86 ón gComhairle an 22 Eanáir 2021 lena núdaraítear do Phoblacht na Liotuáine beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 30, 28.1.2021, lch. 2).
    (17)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1661 ón gComhairle an 3 Samhain 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1768 lena núdaraítear do Phoblacht na Cróite beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 374, 10.11.2020, lch. 4).
    (18)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/753 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena núdaraítear do Mhálta beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus lena naisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/279 (IO L 163, 10.5.2021, lch. 1).
    (19)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/464 ón gComhairle an 21 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE a mhéid a bhaineann leis an tSlóivéin a údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 94, 23.3.2022, lch. 4).    
    (20)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/865 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena núdaraítear do Phoblacht na Seice beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 151, 2.6.2022, lch. 66).
    (21)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1260 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1855 lena núdaraítear don Rómáin beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 296, 10.9.2020, lch. 1).
    (22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach (COM (2020) 103 final).    
    (23)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Plean Gníomhaíochta maidir le cánachas cothrom agus simplí mar thaca leis an Straitéis Téarnaimh (COM(2020) 312 final).    
    (24)    Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).    
    (25)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
    (26)    An Dara Treoir 67/228/CEE ón gComhairle an 11 Aibreán 1967 maidir le comhchuibhiú reachtaíocht na mBallstát i dtaca le cánacha láimhdeachais – Struchtúr agus nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm an chomhchórais cánach breisluacha (IO 71, 14.4.1967, lch. 1303).
    (27)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ón gComhairle an 15 Samhain 2013 lena núdaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 316, 27.11.2013, lch. 33).
    (28)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/319 ón gComhairle an 21 Feabhra 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena núdaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 47, 24.2.2017, lch. 7).
    (29)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2210 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena núdaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 332, 23.12.2019, lch. 155).
    (30)    Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta le haghaidh fiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).
    (31)    Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).
    Top