Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0327

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir le hAirteagail 93, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí áirithe Státchabhrach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh

    COM/2022/327 final

    An Bhruiséil,6.7.2022

    COM(2022) 327 final

    2022/0209(NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le hAirteagail 93, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí áirithe Státchabhrach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Comhthéacs

    Mar a chuir an Coimisiún in iúl ina Straitéis Bhliantúil um Fhás Inbhuanaithe 2021 1 , le bearta lena dtugtar aghaidh ar an iompar féadfar tacú go mór leis an aistriú glas trí laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus trí fheabhas a chur ar cháilíocht an aeir, agus fás táirgiúlachta á cothú agus athléimneacht na néiceachóras tionsclaíoch á neartú ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíochtaí in iompar poiblí agus i mbonneagar a thacaíonn leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht níos inbhuanaithe agus níos cliste, lena náirítear gréasáin ilmhódacha Eorpacha atá éifeachtúil agus gan uaim, chomh maith leis an nGréasán TrasEorpach Iompair do phaisinéirí agus do lasta a uasghrádú.

    Tá córas iompair iarnróid, uiscebhealaí intíre agus ilmhódach a fheidhmíonn go maith ríthábhachtach chun nascacht a áirithiú ar fud na hEorpa: leis sin, bunófar Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid, cothófar comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i gcomhréir le hAirteagail 170 agus 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), bainfear amach spriocanna aeráide an Aontais (‘an Comhaontú Glas don Eoraip’ 2 ), agus tacófar le hathléimneacht thionscal an Aontais agus a shlabhraí luacha (an ‘Straitéis Nua Tionsclaíoch’, mar a thugtar cothrom le dáta í 3 ), lena náirítear na cinn a thacaíonn le cuspóirí an chlaochlaithe dhigitigh agus an digitithe (‘an Straitéis Eorpach Dhigiteach’ 4 ). An 9 Nollaig 2020, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir lena Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (‘Straitéis an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste’) 5 , ina bhfuil neartú an iompair iarnróid agus uiscebhealaí intíre, chomh maith le hiompar ilmhódach, ina ghné ríthábhachtach den chlaochlú glas agus digiteach ar iompar na hEorpa, rud atá ríthábhachtach chun sprioc an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050.

    Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach gan infheistíochtaí móra a dhéanamh. Maidir le raon na n‑infheistíochtaí is féidir leis na Ballstáit a mheas chun tacú le modhanna iompair astaíochtaí ísle, tá idir infheistíochtaí sa fhlít nua nó sa fhlít atá ann cheana féin agus infheistíochtaí i mbonneagar iarnróid, i gcríochfoirt trasloingsithe agus i gceardlanna cothabhála ann, agus d‘fhonn éileamh a spreagadh ar fhlít astaíochtaí nialasacha agus ar réitigh dhigiteacha lena gcumasaítear idir-inoibritheacht idir modhanna iompair agus laistigh d’earnálacha. Chuige sin, tá rialacha maidir le Státchabhair ag teastáil lena gceadófaí na hinfheistíochtaí sin i gcás ina bhfuil gá le tacaíocht phoiblí den sórt sin, agus lena gcaomhnófar agus lena bhfeabhsófar an iomaíocht in iompar ar iarnród, in iompar ar uiscebhealaí intíre agus in iompar ilmhódach.

    De bhun Airteagal 93 CFAE, Luífidh cabhracha leis na Conarthaí má fhreastalaíonn siad don riachtanas atá ann le comhordú an iompair nó má fhreagraíonn siad don aisíocaíocht as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh, oibleagáidí is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí ’. Áirítear Airteagal 93 CFAE faoi ‘Teideal VI – IOMPAR’, a bhfuil feidhm eisiach ag a fhorálacha maidir le hiompar ar iarnród, iompar ar bóthar agus iompar ar uiscebhealaí intíre, mar a leagtar síos in Airteagal 100(1) CFAE. Cumhdaítear leis an togra seo iompar ar iarnród agus ar uiscebhealaí intíre, lena náirítear iompar ilmhódach 6 .

    i)Cabhair lena gcomhlíontar riachtanais maidir le comhordú an iompair

    I dTreoirlínte an Chomhphobail 2008 maidir le Státchabhair do ghnóthais iarnróid 7 (na ‘Treoirlínte Iarnróid’), díríodh ar chleachtas an Choimisiúin i dtaca le comhoiriúnacht na cabhrach leis an gConradh maidir le cabhair do ghnóthais in earnáil an iompair ar iarnród i bhfianaise éabhlóid chreat dlíthiúil na hearnála, go háirithe chun an margadh a oscailt don iomaíocht de réir a chéile. Leis an tseiceáil oiriúnachta 8 ar na rialacha maidir le Státchabhair, lena náirítear na Treoirlínte Iarnróid, a rinneadh in 2020, deimhníodh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha státchabhrach is infheidhme maidir le hiompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar idirmhódúil, i bhfianaise na mórfhorbairtí rialála agus margaidh ó bhí 2008 ann 9 . Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún ag smaoineamh ní hamháin ar athbhreithniú ar na Treoirlínte Iarnróid, ach ar rialacha sonracha a ghlacadh maidir le blocdhíolúine chun cabhrú le hiompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach (seirbhísí paisinéirí agus lasta araon) glacadh leis an aistriú glas agus digiteach.

    Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún, go háirithe, an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú i ndáil le bearta cabhrach náisiúnta áirithe a thacaíonn le haistriú modúil lasta agus paisinéirí ó bhóthar chuig modhanna iompair agus réitigh nach bhfuil chomh truaillitheach, ar modhanna agus réitigh iad atá deartha, bunaithe ar chleachtas cinnteoireachta ollmhór ag an gCoimisiún, ar bhealach lena n‑áirithítear go bhfuil saobhadh iomaíochta teoranta. Le rialacháin bhlocdhíolúine méadaítear deimhneacht dhlíthiúil do na Ballstáit agus do thairbhithe cabhrach maidir leis an gcaoi ar cheart bearta a cheapadh. Ag an am céanna, simplíonn siad nósanna imeachta, trí bhearta áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid faoi Airteagal 108(3) CFAE fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le státchabhair sula gcuirfear chun feidhme í, i gcás inar féidir, bunaithe ar chleachtas cinnteoireachta an Choimisiúin, coinníollacha comhoiriúnachta ex ante a shainiú lena n‑áiritheofar go mbeidh saobhadh iomaíochta teoranta.

    Tá taithí shuntasach faighte ag an gCoimisiún maidir le cabhair chun an tiompar atá cumhdaithe i Roinn 6.3 de na Treoirlínte Iarnróid a chomhordú, mar aon le cabhair chun cuidiú le modhanna agus réitigh iompair nach bhfuil chomh truaillitheach céanna agus atá níos inbhuanaithe ná iompar ar bóthar amháin, lena náirítear cabhair chun tacú le hiompar ilmhódach 10 agus le hiompar ar uiscebhealaí intíre. De réir thaithí an Choimisiúin, tá an chabhair chun iompar a chomhordú ríthábhachtach chun an tathrú modha a bhaint amach agus, faoi choinníollacha áirithe, ní thiocfaidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht dá bharr. Thairis sin, tá blocdhíolúine cabhrach le haghaidh iompar a chomhordú iarrtha go forleathan ag na Ballstáit. Is iomchuí, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don Choimisiún blocdhíolúine a thabhairt do chabhair a chuireann na Ballstáit ar fáil chun tacú leis na bearta sin, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

    Leis an mblocdhíolúine, chumhdófaí bearta a thagann faoi Airteagal 93 CFAE agus thacófaí le hiompar lasta agus paisinéirí a aistriú ó mhodhanna iompair níos truaillithe (iompar ar bhóthar go háirithe) chuig modhanna agus réitigh iompair nach bhfuil chomh truaillitheach agus atá níos inbhuanaithe, i gcomhréir le cleachtas cinnteoireachta an Choimisiúin.

    ii) Cabhair arb ionann í agus aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí

    Maidir le cabhair le haghaidh comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí (nach gcumhdaítear faoi láthair leis na Treoirlínte Iarnróid), féadfaidh an Coimisiún a mheas freisin go bhféadfaí bac a chur, faoi choinníollacha áirithe, ar an gcúiteamh a dheonaíonn na Ballstáit as oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh, ar choinníoll nach bhfuil sí cumhdaithe le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 11 (Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007).

    Go háirithe, maidir le hiompar lasta, d’fhéadfadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith ina n‑ionstraim iomchuí chun seirbhísí a chur chun cinn i limistéir agus i ndeighleoga i gcás nach mbeadh an t‑iompar lasta ach ar bhóthar amháin murach sin.

    Ní chumhdaítear leis an togra seo oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le hiompar paisinéirí, a rialaítear le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. Leis an bhforáil sin ón gceanglas réamhfhógra cúiteamh as seirbhís phoiblí chun seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a oibriú nó as oibleagáidí taraife a chomhlíonadh, oibleagáidí arna mbunú le rialacha ginearálta agus arna n‑íoc i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.

    Fadhb arb é is aidhm leis an tionscnamh seo dul i ngleic léi

    Tá gá le rialacha sonracha lena gceadófar simpliú nós imeachta i ndáil le cabhair d’iompar ar iarnród, d’iompar ar uiscebhealaí intíre agus d’iompar ilmhódach.

    Faoi roinnt na n‑inniúlachtaí idir an Chomhairle agus an Coimisiún a leagtar amach in Airteagal 108(4) agus in Airteagal 109 CFAE, is faoin gComhairle atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na catagóirí cabhrach a fhéadfar a dhíolmhú ó fhógra a thabhairt maidir le státchabhair, agus is faoin gCoimisiún atá sé na rialacháin a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an díolúine sin.

    Trí bhíthin rialachán blocdhíolúine, déanann an Coimisiún na bearta cabhrach a shainaithníonn an Chomhairle a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE, rud a cheadaíonn do na Ballstáit iad a chur chun feidhme go díreach gan formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré.

    Le Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 CFAE a chur i bhfeidhm ar chatagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (‘Rialachán Cumasúcháin 2015’) 12 , sainaithnítear líon áirithe catagóirí cabhrach a fhéadfaidh an Coimisiún a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE. Mar sin féin, ní chumhdaítear le Rialachán Cumasúcháin 2015 ach na bearta státchabhrach a dearbhaíodh a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(2) nó faoi Airteagal 107(3) CFAE, ach ní chumhdaítear na bearta cabhrach a ndéantar measúnú ar a gcomhoiriúnacht faoi Airteagal 93 CFAE.

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearna den sórt sin a líonadh chun nós imeachta a shimpliú ar mhaithe leis na Ballstáit a bhunaíonn bearta státchabhrach d’iompar ar iarnród, d’iompar ar uiscebhealaí intíre agus d’iompar ilmhódach.

    Ós rud é go dtagann státchabhair d’iompar ar iarnród, d’iompar ar uiscebhealaí intíre agus d’iompar ilmhódach faoi Airteagal 93 CFAE, ar lex specialis é i gcoibhneas le hAirteagal 107(2) agus (3) CFAE, is cosúil go bhfuil údar iomlán le rialachán cumasúcháin sonrach ón gComhairle maidir le hiompar ar iarnród, ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach (an ‘Rialachán Cumasúcháin Iompair’). Go deimhin, baineann Airteagal 93 CFAE le Teideal VI de Chuid 3 de CFAE, a bhaineann le hiompar, agus foráiltear leis go mbeidh státchabhair comhoiriúnach leis na Conarthaí má chomhlíonann sé riachtanais atá ann maidir le comhordú an iompair nó más ionann é agus aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí. Dá réir sin, comhoiriúnacht na Státchabhrach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 93 CFAE, braithfidh sí sin ar a fhíorú go bhfuil an chabhair ag saothrú na gcuspóirí sin. Sa rialachán blocdhíolúine ón gCoimisiún, leagfaí síos na critéir ábhartha chuige sin.

    Is é is aidhm don togra seo na rialacha i dtaca le státchabhair is infheidhme maidir le hiompar ar iarnród, ar uiscebhealaí intíre agus ar iompar ilmhódach a ailíniú le Straitéis an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste. De bhun an Rialacháin Cumasúcháin Iompair, beidh an Coimisiún in ann rialacháin bhlocdhíolúine a ghlacadh maidir le cabhair faoi Airteagal 93 CFAE, rialachán lena mbainfeadh riosca teoranta ó thaobh iomaíochta agus saobhadh trádála de. Cuireann an togra seo ar a chumas don Choimisiún rialacháin bhlocdhíolúine a ghlacadh i réimsí ina bhfuil taithí leordhóthanach aige chun critéir shoiléire comhoiriúnachta a shainiú, agus ag an am céanna a áirithiú nach mbeidh ach tionchar teoranta ar iomaíocht agus ar thrádáil idir na Ballstáit.

    Ní bheidh aon tionchar díreach ag an Rialachán Cumasúcháin Iompair féin, ach beidh sé ina bhunús dlí chun rialacháin bhlocdhíolúine fhéideartha a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar roghanna éagsúla beartais le haghaidh aon rialacháin blocdhíolúine den sórt sin agus ar a dtionchar i gcomhthéacs Measúnaithe Tionchair, ar bhonn an Rialacháin Cumasúcháin Iompair.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana agus le beartais eile de chuid an Aontais

    Cuireann an togra seo le cuspóirí foriomlána an Aontais, go háirithe an cuspóir chun na rialacha maidir le státchabhair a fhorfheidhmiú agus a shimpliú, ar thaobh amháin, agus an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i bhfeidhm, ar an taobh eile.

    Maidir leis an leas a bhaineann le rialacha maidir le Státchabhair a fhorfheidhmiú, mar a chuir an Coimisiún in iúl ina Theachtaireacht maidir le Státchabhair a Nuachóiriú an 8 Bealtaine 2012 13 , ba cheart forfheidhmiú státchabhrach a dhíriú ar chásanna a mbeadh an tionchar is mó acu ar an margadh inmheánach. Ciallaíonn sé sin, ar thaobh amháin, grinnscrúdú níos láidre ar chabhair mhór a d’fhéadfadh saobhadh a dhéanamh, agus, ar an taobh eile, anailís shimplithe ar chásanna nach bhfuil ach tionchar teoranta acu ar thrádáil agus ar iomaíocht. Féadfar an méid sin a bhaint amach trí bhlocdhíolúine a thabhairt do na catagóirí cabhrach sin ón gceanglas fógra a thabhairt.

    Maidir leis an leas a bhaineann le simpliú na rialacha Státchabhrach, is gá cur chuige comhsheasmhach a bheith ann sna nósanna imeachta is infheidhme maidir le cabhair i bhfoirm cúitimh as oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh i ndeighleog margaidh na bpaisinéirí agus i ndeighleog an lasta. Déantar foráil le hAirteagal 9(1) de Rialachán Uimh. 1370/2007 cheana féin maidir le díolúine ón réamhfhógra cúiteamh as seirbhís phoiblí i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair do sheirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí. Mar sin féin, níl blocdhíolúine den sórt céanna ann faoi láthair le haghaidh cúiteamh as seirbhís phoiblí i gcás iompair lasta. Dá bhrí sin, cabhair le haghaidh aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis iad de choincheap na seirbhíse poiblí maidir le hiompar lasta ar iarnród, iompar lasta ar uiscebhealach intíre nó iompar lasta idirmhódúil, dá dtagraítear in Airteagal 93 CFAE, ba cheart í a thabhairt faoi raon feidhme Rialacháin Cumasúcháin Iompair.

    Maidir leis an méid a chuireann sé leis an gComhaontú Glas don Eoraip, éascófar leis an togra seo córas iompair ilmhódaigh atá glas, éifeachtúil agus idirnasctha a chur chun cinn, ar céim riachtanach é chun sprioc an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. I ndáil leis sin, tá nasc soiléir idir an togra seo agus an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar na Treoirlínte Iarnróid, ós rud é gurb é atá i gceist leis an dá ceann acu éascaíocht a dhéanamh ar mhaoiniú poiblí don athrú modha tráchta ó bhóthar go réitigh iompair ar iarnród, iompair ar uiscebhealaí intíre agus iompair ilmhódaigh níos inbhuanaithe a éascú, agus ar deireadh tacú le claochlú glas agus digiteach an iompair Eorpaigh, agus ag an am céanna a áirithiú go mbeidh saobhadh iomaíochta teoranta i gcónaí. Leis an Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe, thabharfaí díolúine ón oibleagáid fógra a thabhairt do bhearta a thagann faoi Airteagal 93 CFAE agus ar féidir coinníollacha soiléire comhoiriúnachta a shainiú ina leith.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 109 CFAE an bunús dlí don togra seo, lena gceadaítear don Chomhairle aon rialacháin iomchuí a dhéanamh, go háirithe na coinníollacha ina bhfuil feidhm ag Airteagal 108(3) CFAE a chinneadh, agus na catagóirí cabhrach a bhféadfar díolúine a thabhairt dóibh ón nós imeachta sin.

    An inniúlacht atá ag an gComhairle aon rialachán iomchuí a ghlacadh chun na catagóirí cabhrach is féidir a bheith blocdhíolmhaithe a chinneadh, mar a leagtar amach in Airteagal 109 CFAE 14 , baineann sí le gach beart státchabhrach, lena náirítear státchabhair i ndáil le hiompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach, a chumhdaítear le hAirteagal 93 CFAE.

    Coimhdeacht agus comhréireacht

    Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais. De bhun Airteagal 3 CFAE ('Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas sna réimsí seo a leanas: [...] (b) na rialacha iomaíochta is gá a bhunú d‘fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh’). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

    Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach, is é sin cur ar a chumas don Choimisiún blocdhíolúine a thabhairt maidir le comhordú an iompair agus maidir le cabhair le haghaidh aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de coincheap na seirbhíse poiblí, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.An rogha ionstraime

    Is rialachán ón gComhairle é an ionstraim atá beartaithe.

    Faoi Airteagal 109 CFAE, is rialachán an t‑aon ionstraim dlí atá ar fáil don Chomhairle chun na coinníollacha ina bhfuil feidhm ag Airteagal 108(3) CFAE a chinneadh, agus chun na catagóirí cabhrach atá díolmhaithe ón nós imeachta sin a chinneadh.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Is é conclúid na seiceála oiriúnachta ar na Treoirlínte Iarnróid gur gá athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na treoirlínte sin chun iad a ailíniú leis na forbairtí sa mhargadh agus leis na forbairtí rialála agus leis na tosaíochtaí uileghabhálacha nua a leagtar amach i gClár Oibre an Chomhaontaithe Ghlais. Cuireadh in iúl sa tseiceáil oiriúnachta, i measc nithe eile, a iomchuí atá blocdhíolúine, go háirithe maidir le cineálacha éagsúla cabhrach le haghaidh iompar a chomhordú, cabhair a d’fhormheas an Coimisiún le deich mbliana anuas trí chinntí a dhéanamh gan agóidí a dhéanamh 15 , gan nós imeachta imscrúdúcháin foirmiúil a chur i gcrích. Go sonrach, léirigh an mheastóireacht ar Roinn 6.3 de na Treoirlínte Iarnróid, maidir le cabhair le haghaidh iompar a chomhordú, gur cinntí gan agóid a dhéanamh a bhí i ngach cás, go ginearálta laistigh de thréimhse theoranta ón bhfógra 16 .

    Bhí an tseiceáil oiriúnachta ar na Treoirlínte Iarnróid bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar chinntí an Choimisiúin maidir le státchabhair a formheasadh faoi na Treoirlínte Iarnróid agus/nó faoi Airteagal 93 CFAE, agus ar aiseolas a fuarthas ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara sa chomhairliúchán poiblí oscailte. Tá an gá atá le Rialachán Cumasúcháin Iompair níos práinní fós i bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an i bhfianaise an mhéadaithe ar an tábhacht a bhaineann le hathrú modha chuig modhanna iompair níos inbhuanaithe, amhail iompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach, chun an sprioc maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach faoi 2050.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ní éilítear leis an togra seo aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara.

    Ní bheidh aon tionchar díreach ag an Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe ann féin ar pháirtithe leasmhara, toisc nach gcuirfidh sé ach bunús dlí ar fáil don Choimisiún chun rialacháin bhlocdhíolúine a ghlacadh. I bhfianaise nádúr teicniúil an togra seo, nach ndéanann ach an bealach a ullmhú le haghaidh rialacháin bhlocdhíolúine amach anseo, ní dhéanfar aon chomhairliúchán poiblí. An 1 Deireadh Fómhair 2021, áfach, d’fhoilsigh an Coimisiún treochlár a bhaineann go sonrach leis an tionscnamh chun an togra seo a fhorbairt. Bhí ceithre seachtaine ag na páirtithe leasmhara chun aiseolas a thabhairt faoin treochlár 17 .

    Déanfar comhairliúchán poiblí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoirlínte Iarnróid, lena n‑áirítear an tionscadal chun na rialacha maidir le státchabhair le haghaidh iompar a chomhordú a shimpliú trí bhíthin rialacháin blocdhíolúine. Déanfar comhairliúchán poiblí ar leith freisin maidir le rialacháin bhlocdhíolúine an Choimisiúin amach anseo.

    Measúnú tionchair

    Ní gá tacú leis an togra seo trí mheasúnú tionchair a dhéanamh. Is é is aidhm don togra seo Rialachán Cumasúcháin Iompair a bheith glactha ag an gComhairle, Rialachán lena gcuirfear ar a chumas don Choimisiún rialacháin bhlocdhíolúine a ghlacadh maidir le cabhair d’iompar ar iarnród, d’iompar ar uiscebhealaí intíre agus d’iompar ilmhódach, agus lena mbaineann riosca teoranta maidir le saobhadh trádála agus iomaíochta. Ní bhaineann aon bhlocdhíolúine láithreach leis an togra seo maidir leis na catagóirí cabhrach a chumhdaítear leis an Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe, ach cuireann sé ar a chumas don Choimisiún rialacháin bhlocdhíolúine a ghlacadh ina dhiaidh sin.

    Beidh measúnú tionchair mar bhonn ag ábhar rialachán blocdhíolúine an Choimisiúin amach anseo.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Is é is aidhm don togra seo, i measc nithe eile, na rialacha atá ann cheana a shimpliú maidir le Státchabhair chun iompar a chomhordú agus maidir le Státchabhair arb é atá inti agus aisíocaíocht as oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódach, agus laghdú a dhéanamh ar líon na bhfógraí Státchabhrach agus ar na costais rialála ghaolmhara.

    Leis an Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe, cuirtear ar a chumas don Choimisiún rialacháin bhlocdhíolúine a ghlacadh maidir le cabhair in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh. Rialacháin bhlocdhíolúine den sórt sin a ghlacadh, rachaidh sé sin chun sochair don Aontas ina iomláine. Ar an gcéad dul síos, cothóidh sé claochlú glas agus digiteach ó bhonn ar iompar Eorpach i gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ar an dara dul síos, laghdóidh sé go suntasach an t‑ualach riaracháin agus an costas ar infheistíochtaí i modhanna iompair astaíochtaí ísle agus ar chomhdhlúthú/leathnú modhanna iompair atá ann cheana agus ar réitigh nach bhfuil chomh truaillitheach le hiompar ar bhóthar. Ar an tríú dul síos, simpleoidh sé an t‑imréiteach cabhrach le haghaidh comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de coincheap na seirbhíse poiblí, agus tacóidh sé le modhanna agus réitigh iompair níos glaine i limistéir agus i ndeighleoga margaidh, áit nach dtarlódh an t‑iompar ach ar bhóthar murach sin.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon impleacht dhiúltach ag an togra ar bhuiséad an Aontais.5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Beidh an Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát ar theacht i bhfeidhm dó.

    De bhun Airteagal 6 den Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach cúig bliana maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Cumasúcháin Iompair. Thairis sin, cuirfear dréacht‑tuarascáil faoi bhráid an Choiste Chomhairligh um Státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe roimh ré lena breithniú. De bhun Airteagal 5(1) den Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste sin freisin nuair a bheidh sé ar intinn aige rialachán blocdhíolúine a ghlacadh agus sula nglacfaidh sé aon rialachán den sórt sin.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    In Airteagal 1(1) den Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe, sainaithnítear dhá chatagóir cabhrach atá díolmhaithe ó fhógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) CFAE: (i) cabhair le haghaidh iompar a chomhordú; agus (ii) cabhair le haghaidh aisíocaíocht as chomhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí. Léiríonn na catagóirí sin raon feidhme Airteagal 93 CFAE. Mar sin féin, ní áirítear i raon feidhme an Rialacháin Cumasúcháin Iompair atá beartaithe cúiteamh as seirbhís phoiblí chun seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a oibriú nó as oibleagáidí taraife a chomhlíonadh, oibleagáidí arna mbunú le rialacha ginearálta, a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.

    Léirítear in Airteagal 1(2) den Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe na gnéithe a shonróidh an Coimisiún ina rialacháin ina dhiaidh sin, gnéithe a dtabharfar blocdhíolúine dóibh ó fhógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) CFAE. Is ionann na catagóirí sin agus na catagóirí a shainaithnítear i Rialachán Cumasúcháin 2015.

    In Airteagal 1(3) den Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe, léirítear na cineálacha coinníollacha a fhéadfaidh an Coimisiún a shonrú, ina rialacháin bhlocdhíolúine ina dhiaidh sin, chun a áirithiú go bhfuil an chabhair a chumhdaítear sa togra seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Go háirithe, le hAirteagal 1(3)(b), ceadaítear don Choimisiún earnálacha áirithe a eisiamh ó raon feidhme na rialachán blocdhíolúine. Cuirtear san áireamh san fhoráil sin go gcuireann an togra seo ar a chumas don Choimisiún rialacháin bhlocdhíolúine a ghlacadh de réir mar a fhaigheann sé taithí leordhóthanach chun critéir shoiléire comhoiriúnachta a shainiú, agus é á áirithiú ag an am céanna go mbeidh teorainn leis an éifeacht ar iomaíocht agus ar thrádáil idir na Ballstáit.

    Maidir le trédhearcacht agus faireachán, leis an tréimhse bhailíochta agus leasú na rialachán, le héisteacht na bpáirtithe leasmhara, leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair agus an comhairliúchán a rinneadh leis, agus leis an tuarascáil mheastóireachta, léirítear forálacha Rialachán Cumasúcháin 2015 in Airteagail 2 go 6 den Rialachán Cumasúcháin Iompair atá beartaithe.

    2022/0209 (NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le hAirteagail 93, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí áirithe Státchabhrach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 109 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 18 ,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Le Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle 19 tugtar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialachán go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach ar leith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus go bhfuil siad díolmhaithe ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) den Chonradh. Cé go gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/1588 catagóirí áirithe cabhrach a oibríonn in earnálacha éagsúla, amhail cabhair i bhfabhar chosaint an chomhshaoil, ní chumhdaítear leis an Rialachán sin, i measc nithe eile, cabhair chun tacú le hiompar ar iarnród agus iompar ar uiscebhealaí intíre, lena náirítear iompar ilmhódach 20 . Tá earnáil an iompair ar iarnród, earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre agus earnáil an iompair ilmhódaigh tar éis éirí níos ábhartha ar leibhéal an Aontais, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 21 , agus Straitéis an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste 22 .

    (2)De bhun Airteagal 93 den Chonradh, cabhair maidir le hiompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach, lena bhfreastalófar ar riachtanais maidir le comhordú an iompair nó cabhair arb é atá inti aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí, beidh sí ag luí leis na Conarthaí.

    (3)Tá an Coimisiún tar éis Airteagal 93, Airteagal 107(1) agus Airteagal 108 den Chonradh a chur i bhfeidhm san iliomad cinntí maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach do ghnóthais atá gníomhach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair idirmhódúil, agus tá treoirlínte forbartha aige chun catagóirí státchabhrach áirithe a mheas, catagóirí a mheastar go gcomhlíonann siad na riachtanais maidir le comhordú an iompair 23 . De réir thaithí an Choimisiúin, ní bheidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar chabhair den sórt sin, ar choinníoll go ndeonaítear í bunaithe ar nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha agus neamhidirdhealaitheacha, agus gur féidir coinníollacha soiléire comhoiriúnachta a shainiú ar bhonn na taithí atá ann.

    (4)Dá bhrí sin, d’fhonn an riarachán a shimpliú i gcásanna ina bhfuil saobhadh ar an iomaíocht chomh teoranta agus is féidir, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún, maidir le cabhair le haghaidh iompar a chomhordú nó aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí dá dtagraítear in Airteagal 93 den Chonradh, chun a dhearbhú trí bhíthin rialachán go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus go bhfuil sí díolmhaithe ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) den Chonradh.

    (5)Státchabhair arb é atá inti aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe maidir le seirbhísí iompair phoiblí, cumhdaítear í cheana le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena náirítear i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an Rialachán sin a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí ar uiscebhealaí intíre agus ar uiscí farraige náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) den Rialachán sin 24 . Dá bhrí sin, ba cheart cúiteamh as seirbhís phoiblí a bhaineann le hiompar poiblí do phaisinéirí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

    (6)Agus rialacháin á nglacadh aige lena ndíolmhaítear catagóirí áirithe cabhrach ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 108(3) den Chonradh (na ‘rialacháin bhlocdhíolúine’), ba cheart don Choimisiún cuspóir na cabhrach, catagóirí na dtairbhithe agus tairseacha lena dteorannaítear an chabhair dhíolmhaithe, na coinníollacha lena rialaítear carnadh na cabhrach agus na coinníollacha faireacháin a shonrú, agus ba cheart dó coinníollacha mionsonraithe breise a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    (7)Tá sé tábhachtach go mbeadh gach páirtí in ann a sheiceáil cibé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear cabhair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Dá bharr sin, tá trédhearcacht na Státchabhrach riachtanach chun rialacha an Chonartha a chur i bhfeidhm i gceart agus eascraíonn comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus caiteachais phoiblí níos éifeachtúla as an trédhearcacht sin. Chuige sin, ba cheart ceangal ar na Ballstáit achoimrí faisnéise a chur ar fáil maidir le cabhair atá curtha chun feidhme acu agus atá clúdaithe le rialachán blocdhíolúine. Chun trédhearcacht na mbeart a ghlacann na Ballstáit a áirithiú, ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a fhoilsiú.

    (8)De bhun Airteagal 108(1) den Chonradh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar na córais cabhrach uile atá ann, i gcomhar leis na Ballstáit. Chun na críche sin agus chun an leibhéal trédhearcachta is mó is féidir agus rialú leordhóthanach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit faisnéis faoi chur i bhfeidhm na rialachán blocdhíolúine a ghlacann an Coimisiún a thaifeadadh agus a stóráil. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go soláthróidh na Ballstáit tuarascáil dó, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar chur i bhfeidhm na rialachán blocdhíolúine sin. Ba cheart go mbeadh rochtain ag na Ballstáit uile ar na tuarascálacha sin.

    (9)Sula nglacann an Coimisiún rialacháin bhlocdhíolúine de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó a chur ar gcumas do na páirtithe leasmhara uile a gcuid barúlacha a chur isteach chun aiseolas a bhailiú atá chomh cuimsitheach agus chomh hionadaíoch agus is féidir. Chun na críche sin, ba cheart dó dréacht de rialacháin bhlocdhíolúine den sórt sin a fhoilsiú.

    (10)Ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair, arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2015/1588, tráth a fhoilseofar an dréachtrialachán. Mar sin féin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart go bhfoilseofar an dréachtrialachán ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin an tráth céanna a théann an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach den chéad uair

    (11)Baineann rialú ar dheonú cabhrach le saincheisteanna fíorasacha, dlí agus eacnamaíocha anchasta lena mbaineann anéagsúlacht i dtimpeallacht lena mbaineann síorathrú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na catagóirí cabhrach ar cheart iad a dhíolmhú ó fhógra. Chuige sin, ba cheart dó tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach cúig bliana,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Blocdhíolúintí

    1.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin rialachán a ghlactar i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 5, a dhearbhú go bhfuil na haicmí cabhrach seo a leanas, de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil siad faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) den Chonradh:

    (a)cabhair le haghaidh iompar a chomhordú;

    (b)cabhair le haghaidh aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí, gan cúiteamh as seirbhís phoiblí maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a áireamh, a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh 1370/2007.

    2.Sonrófar i rialacháin a ghlactar de bhun mhír 1 na nithe seo a leanas do gach catagóir cabhrach:

    (c)cuspóir na cabhrach;

    (d)catagóirí na dtairbhithe;

    (e)tairsí a léirítear i dtéarmaí dhéine na cabhrach maidir le sraith costais incháilithe nó i dtéarmaí uasmhéideanna cabhrach, nó, i gcás cineálacha áirithe cabhrach nuair a d'fhéadfadh sé a bheith deacair an déine cabhrach nó méid bheacht na cabhrach a shainaithint, go háirithe ionstraimí innealtóireachta airgeadais nó infheistíochtaí caipitil riosca nó cinn de chineál comhchosúil, i dtéarmaí uasleibhéal na tacaíochta Stáit sa bheart sin nó atá bainteach leis an mbearta sin, gan dochar d'incháilitheacht na mbeart lena mbaineann i bhfianaise Airteagal 107(1) den Chonradh;

    (f)na coinníollacha a rialaíonn carnadh cabhrach;

    (g)na coinníollacha trédhearcachta agus faireacháin, i gcomhréir le hAirteagal 2.

    3.Ina theannta sin, féadfaidh na rialacháin a ghlactar de bhun mhír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

    (h)tairsí nó coinníollacha eile a leagan síos chun fógra a thabhairt maidir le dámhachtainí cabhrach aonair;

    (i)earnálacha áirithe a eisiamh óna raon feidhme;

    (j)coinníollacha breise a cheangal maidir le comhoiriúnacht cabhrach a dhíolmhaítear faoi na rialacháin sin.

    Airteagal 2

    Trédhearcacht agus faireachán

    4.Áireofar ar rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), rialacha mionsonraithe chun trédhearcacht agus faireachán ar chabhair a chumhdaítear leis na rialacháin sin a áirithiú.

    5.I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit chun feidhme scéimeanna cabhrach nó cabhair aonair atá díolmhaithe ó fhógra a thabhairt de bhun rialachán dá dtagraítear in Airteagal 1(1), cuirfidh siad ar aghaidh chuig an gCoimisiún, d’fhonn go bhfoilseofar í, achoimrí ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an gcabhair sin.

    6.Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fad maidir le cur i bhfeidhm na rialachán a ghlactar de bhun Airteagal 1(1) a thaifeadadh agus a thiomsú. I gcás ina bhfuil faisnéis ag an gCoimisiún a thugann údar dó a chreidiúint nach bhfuil rialachán arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(1) á chur i bhfeidhm mar is ceart, cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis ar aghaidh chuige a mheasann an Coimisiún is gá chun a mheas an gcomhlíonann cabhair a dheonaítear faoin rialachán sin a coinníollacha.

    7.Uair amháin sa bhliain ar a laghad, soláthróidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na rialachán arna nglacadh de bhun Airteagal 1(1), i gcomhréir le ceanglais shonracha an Choimisiúin, i bhfoirm ríomhairithe más féidir. Cuirfidh an Coimisiún rochtain ar na tuarascálacha sin ar fáil do na Ballstáit uile. Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 5 na tuarascálacha sin a scrúdú agus a mheas uair sa bhliain.

    Airteagal 3

    Tréimhse bhailíochta agus leasú ar rialacháin

    8.Rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), sonrófar iontu a dtréimhse bhailíochta. Déanfar foráil leis na rialacháin maidir le hidirthréimhse i gcás nach gcuirtear síneadh lena dtréimhse bhailíochta nuair a rachaidh siad in éag.

    9.Nuair a dhéanfar rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1) a aisghairm nó a leasú le rialachán nua, déanfar foráil leis an rialachán nua go mbeidh idirthréimhse sé mhí ann chun go bhféadfar cabhair a chumhdaítear leis an rialachán arna aisghairm nó arna leasú a choigeartú.

    Airteagal 4

    Éisteacht páirtithe leasmhara

    Sula nglacfar rialachán de bhun Airteagal 1(1), foilseoidh an Coimisiún dréacht de ionas go mbeidh gach duine agus gach eagraíocht leasmhar in ann a mbarúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún. Mí amháin ar a laghad a bheidh sa teorainn ama sin, ach amháin i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí sprioc-am níos giorra a leagan síos.

    Airteagal 5

    Comhairliúchán leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair

    10.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair (an ‘Coiste’):

    (k)an tráth céanna a fhoilseofar aon dréachtrialachán de bhun Airteagal 4; agus

    (l)sula nglacfar aon rialachán de bhun Airteagal 1(1).

    11.Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste ag cruinniú a ghaireann an Coimisiún trí bhíthin cumarsáide leictreonaí. Cuirfear na dréachtaí agus na doiciméid a bhfuil scrúdú le déanamh orthu i gceangal leis an teachtaireacht leictreonach. Reáchtálfar an cruinniú tráth nach luaithe ná trí mhí tar éis na teachtaireachta leictreonaí. Féadfar an tréimhse sin a laghdú i gcás na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina bhfuil údar leis sin ar chúiseanna práinne nó chun síneadh a chur le dáta chur i bhfeidhm rialacháin.

    12.Cuirfidh ionadaí an Choimisiúin dréacht de na bearta a bheidh le glacadh faoi bhráid an Choiste. Tabharfaidh an Coiste a thuairim faoin dréacht, laistigh de theorainn ama a bhféadfaidh an Cathaoirleach í a shocrú de réir phráinn an ábhair, trí vótáil a dhéanamh más gá.

    13.Taifeadfar tuairim an Choiste sna miontuairiscí. Ina theannta sin, beidh an ceart ag gach Ballstát a iarraidh go ndéanfar a sheasamh féin a thaifeadadh sna miontuairiscí. Féadfaidh an Coiste a mholadh go bhfoilseofar an tuairim in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    14.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a thugann an Coiste. Cuirfidh sé in iúl don Choiste faoin dóigh a ndearnadh a thuairim a chur san áireamh.

    Airteagal 6

    Tuarascáil mheastóireachta

    Gach cúig bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh sé dréacht‑tuarascáil faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 5.

    Airteagal 7

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – Straitéis Bhliantúil um Fhás Inbhuanaithe 2021, COM/2020/575 final.
    (2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, COM/2019/640 final.
    (3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip’, COM(2020) 102 final, 10 Márta 2020, mar a thugtar cothrom le dáta í le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle. Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – ‘Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery’[Straitéis Nua Thionsclaíoch 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta: Margadh aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa], COM(2021) 350 final.
    (4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (COM(2020) 67 final, 19 Feabhra 2020.
    (5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí, COM/2020/789 final, SWD(2020) 331 final.
    (6)    Ciallaíonn ‘iompar ilmhódach’ iompar paisinéirí nó lasta, nó iad araon, ina núsáidtear dhá mhodh iompair nó níos mó, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán trasEorpach iompair a fhorbairt agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
    (7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte an Chomhphobail maidir le Státchabhair do ghnóthais iarnróid (na ‘Treoirlínte Iarnróid’), IO C 184, 22.7.2008, lch. 13.
    (8)    Tá torthaí na seiceála oiriúnachta ar na treoirlínte iarnróid a rinne an Coimisiún in 2019 agus in 2020 ar fáil ag: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/2044-Fitnesscheck-of-2012-State-aidmodernisationpackage-railwaysguidelinesandshortterm-exportcreditinsurance.
    (9)    Go háirithe bhí na Treoirlínte Iarnróid ann roimh an bpacáiste iarnróid is déanaí (2016) (an 4ú pacáiste), rud a chuirfidh chun críche léirscaoileadh na hearnála iarnróid agus oscailt an mhargaidh san earnáil sin ( https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/rail/railway-packages/fourth-railway-package-2016_en ). Bhí forbairtí reachtacha eile ann, e.g. an tathbhreithniú ar an Treoir maidir le hEoraifínéid (Treoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Treoir 1999/62/CE, Treoir 1999/37/CE agus Treoir (AE) 2019/520, a mhéid a bhaineann le muirir a ghearradh ar fheithiclí bonneagar áirithe a úsáid, IO L 69, 4.3.2022, lch. 1), lenar tugadh isteach athruithe áirithe ar an gcóras muirearaithe le haghaidh úsáid an bhonneagair bóithre. D‘fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh don chaoi a ríomhtar difríochtaí costais idir modhanna iompair bóthair agus modhanna eile iompair chun cabhair a dheonú chun an tathrú modha ó bhóthair chuig modhanna iompair nach bhfuil chomh truaillitheach céanna a chur chun cinn.
    (10)    Ciallaíonn iompar idirmhódúil gluaiseacht earraí (in aon aonad lódála nó in aon fheithicil amháin nó níos mó) trí mhodhanna iompair as a chéile gan na hearraí féin a láimhseáil tráth athrú na modhanna. Mar sin is cineál iompair ilmhódaigh é ( https://stats.oecd.org/glossary/detail.asp?ID=4303 ).
    (11)    Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 351, 3.12.2007, lch. 1).
    (12)    IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.
    (13)    COM(2012) 209 final.
    (14)    ‘Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, aon rialacháin fóinteach a dhéanamh chun Airteagail 107 agus 108 a chur chun feidhme, agus féadfaidh sí go háirithe na coinníollacha ina mbeidh Airteagal 108(3) infheidhme a chinneadh mar aon leis na cineálacha cabhrach atá eiscthe ón nós imeachta seo’.
    (15)    Féach Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).
    (16)    Féach doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – Seiceáil oiriúnachta ar phacáiste nuachóirithe 2012 don Státchabhair, ar na treoirlínte iarnróid agus ar árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach {SEC(2020) 372 final} - {SWD(2020) 258 final}, roinn 3/4, lch. 139 agus fn. 211, ar fáil faoi https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/fitness_check_-_annexes_part3_en.pdf .
    (17)    Féach https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13153-Greener-land-transport-simplified-state-aid-rules-New-Land-Transport-Enabling-Regulation-_en.
    (18)    IO C , , p. .
    (19)    Rialachán (AE) Uimh. 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaobh catagóirí áirithe de Státchabhair chothrománach (IO L 248, 24.9.2015, lch. 1). Le Rialachán (AE) Uimh. 2015/1588 ón gComhairle aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 92 agus Airteagal 93 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (IO L 142, 14.5.1998, lch. 1).
    (20)    Ciallaíonn ‘iompar ilmhódach’ iompar paisinéirí nó lasta, nó iad araon, ina núsáidtear dhá mhodh iompair nó níos mó, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán trasEorpach iompair a fhorbairt agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lgh. 1–128).
    (21)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle. Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún – an Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final.
    (22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle. Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí, COM/2020/789 final, SWD(2020) 331 final.
    (23)    Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte an Chomhphobail maidir le Státchabhair do ghnóthais iarnróid (IO C 184, 22.7.2008, lch. 13).
    (24)    Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 351, 3.12.2007, lch. 1).
    Top