EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0310

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive

COM/2022/310 final

An Bhruiséil,17.6.2022

COM(2022) 310 final

2022/0202(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá iompar lasta ó Phoblacht na Moldóive iontach deacair. Ní mór d’oibreoirí na Moldóive bealaí malartacha a chuardach chun idirthuras trí chríoch na hÚcráine a sheachaint, arb é an t‑aon bhealach é go dtí seo chun margaí tríú tíortha in Oirthear na hÚcráine a bhaint amach. Ós rud é nach féidir idirthuras a dhéanamh san Úcráin, cuirtear i mbaol comhlíonadh na gconarthaí fadtéarmacha ag oibreoirí na Moldóive maidir le hearraí a sholáthar (go háirithe táirgí talmhaíochta) lena gcomhpháirtithe trádála i réigiún an Oirthir. Mar aon leis sin, d‘fhéadfadh sé go mbeadh ar oibreoirí comhpháirtithe gnó eile a lorg anois agus d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu a n‑oibríochtaí iompair déthaobhacha le Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh a mhéadú dá réir sin.

Faoi láthair rialaítear iompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive trí bhíthin dhá phríomhshásra, is iad sin comhaontuithe iompair déthaobhacha idir na Ballstáit agus Poblacht na Moldóive, agus ceadúnais arna dtabhairt faoi chuimsiú chóras cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta. Leis na sásraí sin, forchuirtear cuótaí ar tharlóirí ón dá thaobh maidir le hidirthuras agus le trádáil dhéthaobhach.

Bheadh ar oibreoirí na Moldóive, dá bhrí sin, idirthuras tríd an Aontas Eorpach agus oibríochtaí déthaobhacha iompair de bhóthar le Ballstáit a mhéadú i bhfianaise na gcúinsí seo. Thacódh sé sin freisin le sochaí agus le geilleagar na Moldóive a raibh tionchar suntasach ag cogadh foghach na Rúise uirthi agus a d’óstáil go sealadach níos mó ná 350,000 dídeanaí a tháinig ón Úcráin agus a chuaigh ar idirthuras chuig tíortha eile. Is rídhócha, áfach, go rachadh úsáid mhéadaithe na n‑oibríochtaí iompair de bhóthar i gcomparáid le gnáthamanna thar na cuótaí a leagtar amach sna comhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit agus Poblacht na Moldóive agus a tugadh trí ECMT laistigh den Fhóram Idirnáisiúnta Iompair.

Dá bhrí sin, thiocfadh an Comhaontú seo maidir le hiompar de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive in ionad na gcomhaontuithe déthaobhacha iompair atá ann cheana idir na Ballstáit agus an Mholdóiv agus d’éascófaí úsáid iompair mhalartaigh de bhóthar d’oibreoirí, toisc go léirscaoilfí oibríochtaí déthaobhacha agus idirthuras idir an dá Pháirtí.

Dá bhrí sin, is iomchuí Comhaontú a shíniú lena ndéantar léirscaoileadh ar iompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive i ndáil le hoibríochtaí déthaobhacha agus idirthuras. Ba cheart teorainn ama a bheith leis an gComhaontú seo ach ba cheart go bhféadfaí é a athnuachan.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Comhaontú seo comhsheasmhach leis an mbeartas caidrimh sheachtraigh atá ag an Aontas faoi láthair le Poblacht na Moldóive. Tá Rialtas Phoblacht na Moldóive tar éis comhaontú den sórt seo a iarraidh mar bheart práinneach.

Bheadh an Comhaontú maidir le hiompar earraí de bhóthar le Poblacht na Moldóive i gcomhréir freisin leis an gComhaontú Comhlachais 1 , ós rud é, in Airteagal 82 de, go niarrtar comhar chun gluaiseacht earraí a fheabhsú, rud a mhéadóidh sreabhánacht na sreabha iompair idir Poblacht na Moldóive, an tAontas agus tríú tíortha sa réigiún, trí bacainní riaracháin, bacainní teicniúla agus bacainní eile a bhaint.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach.

Comhréireacht

Is é an Comhaontú an ionstraim is éifeachtúla chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar de bhóthar, ós rud é go gcuireann sé deireadh leis na srianta atá ann faoi láthair de bharr chórais na gcuótaí agus na gceadúnas.

Leis an gComhaontú atá beartaithe, ní chuirfear aon ualach breise riaracháin ná airgeadais ar údaráis na mBallstát ná ar an tionscal iompair i gcomparáid leis an staid reatha. Ina ionad sin, déanfar an t‑ualach riaracháin ar an tionscal iompair agus ar na Ballstáit araon a laghdú. Go háirithe, cuirfear deireadh leis an ngá atá le ceadúnais iompair do tharlóirí de chuid an Aontais le haghaidh na gcatagóirí sonraithe de chearta iompair (cearta idirthurais agus cearta déthaobhacha), rud a laghdóidh an t‑ualach ar thionscal iompair an Aontais agus ar údaráis na mBallstát i ndáil leis na foirmiúlachtaí riaracháin a bhaineann le ceadúnais den sórt sin a eisiúint agus a phriontáil.

An rogha ionstraime

Comhaontú idirnáisiúnta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra i dtaca le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa chomhaontú seo sásra athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan agus ar a fhad a mhairfidh sé. Chun na críche sin, leagtar síos in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 6(2) go dtionólfar an Comhchoiste trí mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag don Chomhaontú.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 údaraítear síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích.

Faoi Airteagal 2, cuirtear de cheangal ar Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí a bhunú chun an Prótacal a shíniú, faoi réir an Prótacal a thabhairt chun críche, do na daoine a thugann an Coimisiún le fios.

Déantar foráil in Airteagal 3 maidir le cur i bhfeidhm sealadach i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú.

Foráiltear le hAirteagal 4 maidir le teacht i bhfeidhm an Chinnidh atá beartaithe.

2022/0202 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 2 Meitheamh 2022, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Moldóive i ndáil le Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (an “Comhaontú” anseo feasta).

(2)Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil an 15 Meitheamh 2022.

(3)I bhfianaise na díobhála atá á déanamh don earnáil iompair i bPoblacht na Moldóive mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is gá bealaí malartacha idirthurais de bhóthar tríd an Aontas Eorpach a aimsiú d’oibreoirí na Moldóive agus margaí nua a aimsiú chun a nearraí a onnmhairiú.

(4)Ós rud é nach gceadaítear faoi cheadúnais arna dtabhairt faoi chuimsiú chóras cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta ná faoi chomhaontuithe déthaobhacha reatha le Poblacht na Moldóive, nach gceadaítear an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Moldóive chun a noibríochtaí tríd an Aontas agus leis an Aontas Eorpach a mhéadú agus a phleanáil roimh ré, tá sé ríthábhachtach iompar lasta de bhóthar a léirscaoileadh le haghaidh oibríochtaí déthaobhacha agus idirthurais.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú seo, a bhfuil teorainn ama leis, a shíniú go práinneach thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(6)Chun tús a chur le leas a bhaint as éifeachtaí tairbhiúla an Chomhaontaithe seo ar iompar lasta a luaithe is féidir, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú féin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo déantar síniú an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo mar Iarscríbhinn 1.

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích, do na daoine a thugann an Coimisiún le fios.

Airteagal 3

Is go sealadach a chuirfear an Comhaontú i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú, ó dháta a shínithe, go dtí an uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)

   Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit agus Poblacht na Moldóive

Top

An Bhruiséil,17.6.2022

COM(2022) 310 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

gCinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive


IARSCRÍBHINN

COMHAONTÚ
IDIR AN tAONTAS EORPACH
AGUS AN MHOLDÓIV
MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR

 

AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ freisin anseo feasta,

de pháirt,

agus AN tAONTAS EORPACH,

dá ngairtear ‘an tAontas’ freisin anseo feasta,

de pháirt,

agus

POBLACHT NA MOLDÓIVE,

den pháirt eile,

dá ngairtear ‘Páirtí’ orthu ar leithligh agus ‘Páirtithe’ le chéile anseo feasta,

1.AG ADMHÁIL DÓIBH an suaitheadh nach beag atá le sárú ag earnáil an iompair i bPoblacht na Moldóive tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráin.

2.AG AITHINT DÓIBH nach bhfuil bealaí fíor-riachtanacha iompair ar fáil san Úcráin le haghaidh onnmhairí na Moldóive agus go bhfuil géarghá le slabhraí soláthair agus slándáil bia a chosaint trí úsáid a bhaint as bealaí malartacha ó Phoblacht na Moldóive trí chríoch an Aontais Eorpaigh.

3.ÓS MIAN LEO tacú le sochaí agus le geilleagar na Moldóive trí ligean d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid an Aontais agus de chuid na Moldóive oibríochtaí iompair lasta a dhéanamh go dtí agus trí chríoch na Moldóive nuair is gá, agus trí é a chur ar a chumas do Phoblacht na Moldóive a patrúin eacnamaíocha agus iompair a choigeartú a thuilleadh chun freagairt do thionchar chogadh foghach na Rúise ar mhargaí idirnáisiúnta.

4.AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach dtugann an córas atá ann faoi láthair atá bunaithe ar líon teoranta ceadanna de chuid na mBallstát an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Moldóive chun a noibríochtaí a mhéadú tríd agus leis an Aontas.

5.AGUS RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú maidir leis na coinníollacha rochtana margaidh i dtaca le hearraí a iompar de bhóthar idir na Páirtithe atá ar fáil faoi láthair d’oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe in aon cheann de na Páirtithe, nach mbeidh na coinníollacha sin in aon chás níos srianta amach anseo i gcomparáid leis an staid atá ann faoi láthair.

6.AGUS RÚN DAINGEAN ACU cuidiú le geilleagar na Moldóive trí oibríochtaí idirthurais agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta déthaobhaigh a léirscaoileadh idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive chun gur féidir an tiompar earraí is gá a dhéanamh agus chun na cearta cómhalartacha céanna a thabhairt don dá Pháirtí oibríochtaí idirthurais agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta déthaobhaigh idir na críocha sin a dhéanamh.

7.AG TABHAIRT DÁ nAIRE maidir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit agus Poblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Comhaontú Comhlachais’ anseo feasta), go ngeallann Poblacht na Moldóive inti go ndéanfaidh sí a reachtaíocht maidir le hiompar de bhóthar a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais agus do na hionstraimí idirnáisiúnta a áirítear san Iarscríbhinn sin.

8.ÓS MIAN LEO forálacha an Chomhaontaithe seo a chur faoi réir na caibidle maidir le díospóidí a réiteach den Chomhaontú Comhlachais.

9.AG AITHINT DÓIBH nach féidir fad an tionchair a bheidh ag cogadh foghach na Rúise ar earnáil an iompair agus ar bhonneagair na hÚcráine, a bhfuil tionchar aige ar oibreoirí na Moldóive freisin, nach féidir é a réamh-mheas, agus arb í sin an chúis go rachaidh na Páirtithe i gcomhairle leis an gComhchoiste trí mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe seo, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan.

10.AG AITHINT DÓIBH go náiritheofar leis an gComhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar go nurramófar leis na hoibríochtaí iompair faoin gComhaontú seo dálaí oibre tiománaithe, iomaíocht chothrom agus nach gcuirfidh siad sábháilteacht ar bhóithre i mbaol,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.Is é is aidhm don Chomhaontú seo iompar lasta de bhóthar idir agus trí chríoch an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive a éascú ar bhonn sealadach trí chearta breise idirthurais agus iompair earraí idir na Páirtithe a dheonú d’oibreoirí atá bunaithe i gceann de na Páirtithe tar éis iarmhairtí chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an suaitheadh nach beag a thagann leis sin ar earnáil an iompair de bhóthar i bPoblacht na Moldóive.

2.Ní fhorléireofar go bhfuil sé d’éifeacht ag an gComhaontú seo na coinníollacha rochtana margaidh ar sheirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar a laghdú nó a dhéanamh níos sriantaí i gcomparáid leis an staid atá ann an lá roimh lá theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis an idirthuras agus iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar idir na Páirtithe ar fruiliú nó ar luaíocht agus tá sé gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha arna mbunú ag córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta. Tá an t‑iompar earraí de bhóthar laistigh de Bhallstát den Aontas Eorpach nó idir Ballstáit den Aontas Eorpach lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Ní chumhdaítear leis an gComhaontú seo idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile chun earraí a iompar idir tríú tíortha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)Ciallaíonn ‘páirtí bunaíochta’ an Páirtí ina bhfuil an toibreoir tarlaithe de bhóthar bunaithe;

(2)Ciallaíonn ‘oibreoir tarlaithe de bhóthar’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar lasta chun críche tráchtála atá bunaithe i bPáirtí i gcomhréir le dlí an Pháirtí sin agus atá údaraithe ag an bPáirtí céanna chun an tiompar idirnáisiúnta earraí a dhéanamh ar fruiliú nó ar luaíocht trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí;

(3)Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil atá cláraithe i gceann de na Páirtithe, nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil is cuid de cláraithe i gceann de na Páirtithe, nach núsáidtear an mhótarfheithicil ná an cónasc sin ach chun earraí a iompar;

(4)Ciallaíonn ‘idirthuras’ gluaiseacht feithiclí, gan earraí a luchtú ná a dhíluchtú, i gcríoch Páirtí ag oibreoir tarlaithe de bhóthar atá bunaithe sa Pháirtí eile;

(5)Ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta déthaobhach’ turais ualaithe le feithicil, ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí eile, agus vice versa, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh.

Airteagal 4

Rochtain ar sheirbhísí iompair de bhóthar

Beidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar i dteideal na hoibríochtaí tarlaithe de bhóthar seo a leanas a dhéanamh:

(a)turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil a bhfuil a bpointe imeachta agus a gceann scríbe i gcríoch dhá Pháirtí éagsúla, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh;

(b)turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí chéanna, ar turais iad a bhfuil idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile i gceist leo;

(c)turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil go dtí críoch an Pháirtí bunaíochta nó ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí tríú tír, ar turais iad a bhfuil idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile i gceist leo;

(d)turais neamhualaithe arna ndéanamh ag feithicil i gcomhar leis na turais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

Airteagal 5

Fad

1.Beidh feidhm ag an gComhaontú seo go dtí an 31 Márta 2023.

2.Trí mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan. Chun na críche sin, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste mar a leagtar amach in Airteagal 6(2).

Airteagal 6

Comhchoiste

1.Bunaítear Comhchoiste leis seo. Déanfaidh sé maoirsiú agus faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo i bhfianaise a chuspóirí.

2.Tionólfar an Comhchoiste arna iarraidh sin do cheachtar dá chomhchathaoirligh. Tionólfar é freisin trí mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú, agus cinneadh a dhéanamh i leith sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(2). Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir leis an leanúint sin, lena náirítear fad na leanúna, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

3.Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Féadfaidh na hionadaithe ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste mar bhreathnóirí.

4.Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ó Phoblacht na Moldóive ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach.

5.Is de chomhthoil a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe sin na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

6.Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta.

Airteagal 7

Díospóidí a réiteach 1

I gcás ina dtiocfaidh díospóid chun cinn idir na Páirtithe maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Chaibidil 14 de Theideal V den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 8

Oibleagáidí a chomhlíonadh

1.Beidh gach Páirtí freagrach go hiomlán as cloí le forálacha uile an Chomhaontaithe seo.

2.Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na bearta uile is gá chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo, lena náirítear go gcloífear leo ar gach leibhéal rialtais agus go cloífidh daoine a fheidhmíonn údarás tarmligthe rialtais leo. Gníomhóidh gach Páirtí de mheon macánta chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.

3.Is comhaontú sonrach é an Comhaontú seo de réir bhrí Airteagal 458(1) den Chomhaontú Comhlachais. Féadfaidh Páirtí bearta iomchuí a bhaineann leis an gComhaontú seo a dhéanamh i gcás sárú antromchúiseach substaintiúil ar aon cheann de na hoibleagáidí a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 2(1) den Chomhaontú Comhlachais mar ghnéithe fíor-riachtanacha, ar sárú é a chuireann an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i mbaol ar bhealach go mbeidh gá le freagairt láithreach. Déanfar bearta iomchuí den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 455 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 9

Bearta coimirce

1.Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe bearta coimirce iomchuí a dhéanamh má mheasann sé gur baol do shábháilteacht ar bhóithre iad oibríochtaí iompair arna ndéanamh ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid an Pháirtí eile. Déanfar bearta coimirce agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, beidh siad comhréireach agus teoranta maidir lena raon feidhme agus lena bhfad don mhéid is fíorghá chun an cás a leigheas nó chun cothromaíocht an Chomhaontaithe seo a choinneáil ar bun. Tabharfar tús áite do bhearta den sórt sin is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.

2.Sula rachaidh an Páirtí lena mbaineann i mbun comhairliúchán, tabharfaidh sé fógra faoi na bearta arna nglacadh don Pháirtí eile agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.

3.Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán láithreach sa Chomhchoiste d’fhonn réiteach atá inghlactha go frithpháirteach a aimsiú.

4.Cuirfear aon ghníomhaíocht arna déanamh faoi théarmaí an Airteagail seo ar fionraí, a luaithe a chomhlíonfaidh an Páirtí ar a bhfuil an locht forálacha an Chomhaontaithe seo arís nó nuair a bheidh deireadh leis an mbaol do shábháilteacht ar bhóithre.

Airteagal 10

Cur i bhfeidhm críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gCríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus den pháirt eile, maidir le críoch Phoblacht na Moldóive.

Cuirtear a chur i bhfeidhm ar fionraí go sealadach sna limistéir sin nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Moldóive rialú éifeachtach iontu. Féadfar tosú á chur i bhfeidhm arís tar éis Cinneadh ón gComhairle Comhlachais nó Cinneadh ó gComhchoiste Comhlachais, lena ndearbhaítear gur féidir le Poblacht na Moldóive a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an Comhaontú.

Airteagal 11

Foirceannadh

1.Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn, trí bhealaí taidhleoireachta, don Pháirtí eile gur chinn sé an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Foirceannfar an Comhaontú dhá sheachtain tar éis an fhógra sin, mura gcuirfidh an páirtí a thugann fógra dáta is déanaí in iúl chun éifeacht a bheith leis an bhfógra sin. Sa chás deireanach sin, ní bheidh an dáta níos déanaí ná dhá mhí tar éis dháta an fhógra.

2.Oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bhfuil a bhfeithicil i gcríoch an Pháirtí eile ar dhul in éag an Chomhaontaithe seo, ceadófar dóibh idirthuras a dhéanamh trí chríoch an Pháirtí sin chun filleadh ar chríoch an Pháirtí ina bhfuil siad bunaithe.

3.Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ciallaíonn an dáta fógra dá dtagraítear i mír 1 an dáta a sheachadtar an fógra ar an bPáirtí eile.

4.Ní bheidh sé d’éifeacht ag an dul in éag de bhun Airteagal 5, ná ag foirceannadh an Chomhaontaithe seo de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go srianfar na coinníollacha rochtana margaidh maidir le seirbhísí iompair de bhóthar idir na Páirtithe i gcomparáid leis an staid a bhí ann an lá roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Chuige sin, mura mbeidh comhaontú ann ina dhiaidh sin idir na Páirtithe, beidh feidhm arís an lá sin ag na teidlíochtaí rochtana margaidh arna socrú faoi na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na Moldóive ó dháta éaga nó foirceanta an Chomhaontaithe seo ar aghaidh.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach

1.Daingneoidh nó formheasfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an lá a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha faoi seach is gá chun na críche sin.

2.D’ainneoin mhír 1, comhaontaíonn an tAontas agus Poblacht na Moldóive an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach ón lá a síneofar é ar aghaidh.

3.Chun críocha fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt sna forálacha sin do ‘dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’ ‘dáta óna gcuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach’ i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Arna dhéanamh sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an … lá de … sa bhliain ... .

   Thar ceann an Aontais Eorpaigh

   Thar ceann Phoblacht na Moldóive

(1)    Chun amhras a sheachaint, ní fhorléireofar go dtugann an tAirteagal seo ná an Comhaontú seo cearta ná go bhfhorchuireann ceann acu oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna intíre na bPáirtithe.
Top