Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0307

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

    COM/2022/307 final

    An Bhruiséil,17.6.2022

    COM(2022) 307 final

    2022/0199(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    I bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá iompar lasta ón Úcráin iontach deacair. Tá bealaí tábhachtacha iompair le haghaidh iompar earraí tríd an Muir Dhubh blocáilte nó scriosta ag fórsaí míleata na Rúise, agus tá aerspás na hÚcráine dúnta don iompar sibhialtach. Tugtar tús áite d’iompar paisinéirí agus dídeanaithe ar an ngréasán iarnróid faoi láthair agus tá sé go mór i mbaol fós de bharr bombardaíochtaí de chuid na Rúise.

    Faoi láthair rialaítear iompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin trí bhíthin dhá phríomhshásra, is iad sin comhaontuithe iompair déthaobhacha idir na Ballstáit agus an Úcráin, agus ceadúnais arna dtabhairt faoi chuimsiú chóras cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta. Leis na sásraí sin, forchuirtear cuótaí ar tharlóirí ón dá thaobh maidir le hidirthuras agus le trádáil dhéthaobhach.

    Meastar gurb é an t‑iompar de bhóthar ceann de na príomhroghanna malartacha atá ann le cur ar chumas na hÚcráine a táirgí a onnmhairiú, lena n‑áirítear gráin. Thacódh sé sin le geilleagar na hÚcráine ach bheadh sé ríthábhachtach freisin do gheilleagair eile ós rud é go bhfuil onnmhairiú tháirgí na hÚcráine amhail grán, breosla, bia-ábhair agus earraí eile ag éirí níos tábhachtaí i bhfianaise na n‑ábhar imní atá ag dul i méid maidir le slándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain. Ag an am céanna, is rídhócha go rachadh úsáid mhéadaithe na n‑oibríochtaí iompair de bhóthar i gcomparáid le gnáthamanna thar na cuótaí a leagtar amach sna comhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit agus an Úcráin agus a tugadh trí ECMT laistigh den Fhóram Idirnáisiúnta Iompair.

    Dá bhrí sin, thiocfadh an Comhaontú seo maidir le hiompar de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin in ionad na gcomhaontuithe déthaobhacha iompair atá ann cheana idir na Ballstáit agus an Úcráin agus d’éascófaí úsáid iompair mhalartaigh de bhóthar d’oibreoirí, toisc go léirscaoilfí oibríochtaí déthaobhacha agus idirthuras idir an dá Pháirtí.

    Sa bhreis air sin, ó thosaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ní féidir le go leor tiománaithe ón Úcráin cloí leis na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le doiciméid tiománaí amhail iarratais ar cheadúnais tiomána idirnáisiúnta nó eisiúint doiciméad nua i gcás doiciméid a chailltear nó a ghoidtear. Cuirfidh an Comhaontú seo ar chumas an dá Pháirtí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin faoi imthosca eisceachtúla. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le bearta lena ndíolmhaítear tiománaithe ón gceanglas ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a chur ar fáil, lena dtugtar aitheantas do chinntí arna ndéanamh ag an Úcráin chun bailíocht riaracháin doiciméad tiománaí a shíneadh agus bearta lena n‑éascaítear malartú faisnéise idir údaráis inniúla an dá Pháirtí chun calaois agus brionnú doiciméad tiománaí a chomhrac.

    Dá bhrí sin, is iomchuí Comhaontú a shíniú lena ndéantar léirscaoileadh ar iompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i ndáil le hoibríochtaí déthaobhacha agus idirthuras agus ina bhfuil clásail shonracha a bhaineann le ceadúnais tiomána. Ba cheart teorainn ama a bheith leis an gComhaontú seo ach ba cheart go bhféadfaí é a athnuachan.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Rinneadh foráil maidir leis an gComhaontú freisin sa phlean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin 1 , a bhfuil sé mar sprioc aige onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú. Cuirtear in iúl sa phlean gníomhaíochta sin tiomantas an Aontais Eorpaigh tacú le geilleagar na hÚcráine agus le téarnamh eacnamaíoch na hÚcráine agus cuidiú le margaí bia an domhain a chobhsú agus slándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain a fheabhsú.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an Comhaontú seo comhsheasmhach leis an mbeartas caidrimh sheachtraigh atá ag an Aontas faoi láthair leis an Úcráin. Tá Rialtas na hÚcráine tar éis Comhaontú den sórt seo a iarraidh mar bheart práinneach.

    Bheadh an Comhaontú maidir le hiompar earraí de bhóthar leis an Úcráin i gcomhréir freisin leis an gComhaontú Comhlachais a síníodh an 27 Meitheamh 2014 idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin 2 , ós rud é go ndéantar foráil ann in Airteagal 136 maidir le comhaontuithe bóthair speisialta a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí d’fhonn forbairt chomhordaithe agus léirscaoileadh céimnitheach ar an iompar idir na Páirtithe a áirithiú.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Neamhbhainteach.

    Comhréireacht

    Is é an Comhaontú an ionstraim is éifeachtúla chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar de bhóthar, ós rud é go gcuireann sé deireadh leis na srianta atá ann faoi láthair de bharr chórais na gcuótaí agus na gceadúnas.

    Leis an gComhaontú atá beartaithe, ní chuirfear aon ualach breise riaracháin ná airgeadais ar údaráis na mBallstát ná ar an tionscal iompair i gcomparáid leis an staid reatha. Ina ionad sin, déanfar an t‑ualach riaracháin ar an tionscal iompair agus ar na Ballstáit araon a laghdú. Go háirithe, cuirfear deireadh leis an ngá atá le ceadúnais iompair do tharlóirí de chuid an Aontais le haghaidh na gcatagóirí sonraithe de chearta iompair (cearta idirthurais agus cearta déthaobhacha), rud a laghdóidh an t‑ualach ar thionscal iompair an Aontais agus ar údaráis na mBallstát i ndáil leis na foirmiúlachtaí riaracháin a bhaineann le ceadúnais den sórt sin a eisiúint agus a phriontáil.

    An rogha ionstraime

    Comhaontú idirnáisiúnta.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Neamhbhainteach.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Neamhbhainteach.

    Measúnú tionchair

    Neamhbhainteach.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach.

    Cearta bunúsacha

    Neamhbhainteach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra i dtaca le buiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    In Airteagal 6 agus in Airteagal 7, áirítear sa Chomhaontú seo sásra athbhreithnithe d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan agus ar a fhad a mhairfidh sé. Chun na críche sin, leagtar síos in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 7(2) go dtionólfar an Comhchoiste trí mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag don Chomhaontú.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Neamhbhainteach.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Le hAirteagal 1 údaraítear síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích.

    Faoi Airteagal 2, cuirtear de cheangal ar Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí a bhunú chun an Prótacal a shíniú, faoi réir an Prótacal a thabhairt chun críche, do na daoine a thugann an Coimisiún le fios.

    Déantar foráil in Airteagal 3 maidir le cur i bhfeidhm sealadach i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chomhaontú.

    Le hAirteagal 4 déantar foráil maidir le teacht i bhfeidhm an Chinnidh atá beartaithe.

    2022/0199 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An 2 Meitheamh 2022, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Úcráin i ndáil le Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (an “Comhaontú” anseo feasta).

    (2)Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil an 14 Meitheamh 2022.

    (3)I bhfianaise na díobhála atá á déanamh d’earnáil iompair na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise, is gá bealaí malartacha de bhóthar a aimsiú don Úcráin chun a cuid stoc gráin, breosla, bia-ábhar agus earraí ábhartha eile a onnmhairiú.

    (4)Ós rud é nach gceadaítear faoi cheadúnais arna dtabhairt faoi chuimsiú chóras cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta ná faoi chomhaontuithe déthaobhacha reatha leis an Úcráin, nach gceadaítear an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na hÚcráine chun a noibríochtaí tríd an Aontas agus leis an Aontas Eorpach a mhéadú agus a phleanáil roimh ré, tá sé ríthábhachtach iompar lasta de bhóthar a léirscaoileadh le haghaidh oibríochtaí déthaobhacha agus idirthurais.

    (5)De bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tá sé ag dul crua ar go leor tiománaithe ón Úcráin cloí leis na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le doiciméid tiománaí amhail iarratais ar cheadúnais tiomána idirnáisiúnta nó eisiúint doiciméad nua i gcás doiciméid a chailltear nó a ghoidtear. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla sin trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha lena ndíolmhaítear tiománaithe ón gceanglas ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a chur ar fáil, lena dtugtar aitheantas do chinntí arna ndéanamh ag an Úcráin chun bailíocht riaracháin doiciméad tiománaí a shíneadh agus bearta lena néascaítear malartú faisnéise idir údaráis inniúla an dá Pháirtí chun calaois agus brionnú doiciméad tiománaí a chomhrac.

    (6)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú seo, a bhfuil teorainn ama leis, a shíniú go práinneach thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (7)Chun tús a chur le leas a bhaint as éifeachtaí tairbhiúla an Chomhaontaithe seo ar iompar lasta agus chun onnmhairiú táirgí Úcránacha, go háirithe gráin, a cheadú a luaithe is féidir, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chomhaontú féin.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo déantar síniú an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

    Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo mar Iarscríbhinn 1.

    Airteagal 2

    Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích, do na daoine a thugann an Coimisiún le fios.

    Airteagal 3

    Is go sealadach a chuirfear an Comhaontú i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chomhaontú, ó dháta a shínithe, go dtí an uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    COM(2022) 217 final
    (2)    An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
    Top

    An Bhruiséil,17.6.2022

    COM(2022) 307 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    gCinneadh ón gComhairle

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin


    IARSCRÍBHINN

    COMHAONTÚ  
    IDIR AN tAONTAS EORPACH  
    AGUS AN ÚCRÁIN  
    MAIDIR LE
    hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR

     

    AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ freisin anseo feasta,

    de pháirt,

    agus

    AN ÚCRÁIN,

    den pháirt eile,

    dá ngairtear ‘Páirtí’ orthu ar leithligh agus ‘Páirtithe’ le chéile anseo feasta, 

    1.AG ADMHÁIL DÓIBH an suaitheadh nach beag atá le sárú ag earnáil an iompair san Úcráin tar éis chogadh ionsaitheach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

    2.AG AITHINT DÓIBH nach bhfuil bealaí traidisiúnta iompair ar fáil sa réigiún agus go bhfuil géarghá le slabhraí soláthair a dhaingniú agus slándáil bia a bhaint amach trí úsáid a bhaint as bealaí malartacha bóthair, go háirithe chun grán, breosla, earraí bia agus earraí eile a iompar ón Úcráin go dtí an tAontas.

    3.ÓS MIAN LEO tacú le sochaí agus geilleagar na hÚcráine trí ligean d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus na hÚcráine oibríochtaí iompair lasta a dhéanamh go dtí agus trí chríoch na hÚcráine go dtí an tAontas agus vice versa, nuair is gá.

    4.AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach dtugann an córas atá ann faoi láthair atá bunaithe ar líon teoranta ceadanna de chuid na mBallstát an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na hÚcráine chun a n-oibríochtaí a mhéadú tríd agus leis an Aontas.

    5.AGUS RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú maidir leis na coinníollacha rochtana margaidh i dtaca le hearraí a iompar de bhóthar idir na Páirtithe atá ar fáil faoi láthair d’oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe in aon cheann de na Páirtithe, nach mbeidh na coinníollacha sin in aon chás níos srianta amach anseo i gcomparáid leis an staid atá ann faoi láthair.

    6.AGUS RÚN DAINGEAN ACU cuidiú le geilleagar na hÚcráine trí oibríochtaí idirthurais agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta déthaobhaigh a léirscaoileadh idir an tAontas agus an Úcráin chun gur féidir an tiompar earraí is gá a dhéanamh agus chun na cearta cómhalartacha céanna a thabhairt don dá Pháirtí oibríochtaí idirthurais agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta déthaobhaigh idir na críocha sin a dhéanamh.

    7.AG TABHAIRT DÁ nAIRE maidir le hAirteagal 136 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (dá ngairtear an ‘Comhaontú Comhlachais’ anseo feasta), go ndéantar foráil ann maidir le léirscaoileadh iompair comhordaithe agus comhleanúnach idir na Páirtithe agus go sonraítear ann gur cheart go ndéileálfaí le coinníollacha chuige sin trí chomhaontuithe speisialta maidir le hiompar de bhóthar.

    8.ÓS MIAN LEO forálacha an Chomhaontaithe seo a chur faoi réir na caibidle maidir le díospóidí a réiteach den Chomhaontú Comhlachais.

    9.ÓS MIAN LEO tacú le tiománaithe na hÚcráine agus cur i bhfeidhm a gcuid scileanna agus eolais a éascú trí dhálaí a chruthú lena gcumasófar dóibh leanúint dá gceadúnais tiomána Úcránacha agus dá ndeimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil Úcránacha atá acu cheana féin a úsáid.

    10.AG AITHINT DÓIBH nach féidir fad an tionchair a bheidh ag cogadh ionsaitheach na Rúise ar earnáil an iompair agus ar bhonneagair na hÚcráine a réamh-mheas, arb í sin an chúis go rachaidh na Páirtithe i gcomhairle leis an gComhchoiste 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe seo, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan.

    11.AG AITHINT DÓIBH go náiritheofar leis an gComhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar go nurramófar leis na hoibríochtaí iompair faoin gComhaontú seo dálaí oibre tiománaithe, iomaíocht chothrom agus nach gcuirfidh siad sábháilteacht ar bhóithre i mbaol,

    TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

    Airteagal 1 
    Cuspóirí

    (1)Is é is aidhm don Chomhaontú seo iompar lasta de bhóthar idir agus trí chríoch an Aontais Eorpaigh agus na hÚcráine a éascú ar bhonn sealadach trí chearta breise idirthurais agus iompair earraí idir na Páirtithe a dheonú d’oibreoirí atá bunaithe i gceann de na Páirtithe, tar éis iarmhairtí chogadh ionsaitheach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an suaitheadh nach beag a thagann leis sin ar gach modh iompair sa tír.

    (2)Áireofar sa Chomhaontú seo bearta chun aithint doiciméad tiománaí a éascú freisin.

    (3)Ní fhorléireofar go bhfuil sé d’éifeacht ag an gComhaontú seo na coinníollacha rochtana margaidh ar sheirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar a laghdú nó a dhéanamh níos sriantaí i gcomparáid leis an staid atá ann an lá roimh lá theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    (1)Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis an idirthuras agus iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar idir na Páirtithe ar fruiliú nó ar luaíocht agus tá sé gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha arna mbunú ag córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta. Tá an tiompar earraí de bhóthar laistigh de Bhallstát den Aontas Eorpach nó idir Ballstáit den Aontas Eorpach lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Ní chumhdaítear leis an gComhaontú seo idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile chun earraí a iompar idir tríú tíortha.

    (2)Leagtar síos sa Chomhaontú seo freisin forálacha sonracha áirithe maidir le doiciméid tiománaí.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)Ciallaíonn ‘páirtí bunaíochta’ an Páirtí ina bhfuil an toibreoir tarlaithe de bhóthar bunaithe;

    (2)Ciallaíonn ‘oibreoir tarlaithe de bhóthar’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar lasta chun críche tráchtála atá bunaithe i bPáirtí i gcomhréir le dlí an Pháirtí sin agus atá údaraithe ag an bPáirtí céanna chun an tiompar idirnáisiúnta earraí a dhéanamh ar fruiliú nó ar luaíocht trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí;

    (3)Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil atá cláraithe i gceann de na Páirtithe, nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil is cuid de cláraithe i gceann de na Páirtithe, nach núsáidtear an mhótarfheithicil ná an cónasc sin ach chun earraí a iompar;

    (4)Ciallaíonn ‘idirthuras’ gluaiseacht feithiclí, gan earraí a luchtú ná a dhíluchtú, i gcríoch Páirtí ag oibreoir tarlaithe de bhóthar atá bunaithe sa Pháirtí eile;

    (5)Ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta déthaobhach’ turais ualaithe le feithicil, ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí eile, agus vice versa, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh;

    (6)Ciallaíonn ‘doiciméid tiománaí’ cead tiomána intíre, amhail ceadúnas tiomána, lena gcruthaítear na coinníollacha faoina bhfuil tiománaí údaraithe tiomáint faoi dhlí an Pháirtí a eisíonn an doiciméad, nó deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil, cárta cáilíochta tiománaí nó aon doiciméad oifigiúil eile lena gcruthaítear go bhfuil an cháilíocht agus oiliúint ábhartha is gá faoi dhlí an Pháirtí a eisíonn an doiciméad ag an sealbhóir chun an ghníomhaíocht arb éard í tiomáint a dhéanamh i dtéarmaí atá comhchosúil leis na téarmaí a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 2003/59/CE 1 .

    Airteagal 4

    Rochtain ar sheirbhísí iompair de bhóthar

    Beidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar i dteideal na hoibríochtaí tarlaithe de bhóthar seo a leanas a dhéanamh:

    (a)turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil a bhfuil a bpointe imeachta agus a gceann scríbe i gcríoch dhá Pháirtí éagsúla, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh;

    (b)turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí chéanna, ar turais iad a bhfuil idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile i gceist leo;

    (c)turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil go dtí críoch an Pháirtí bunaíochta nó ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí tríú tír, ar turais iad a bhfuil idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile i gceist leo;

    (d)turais neamhualaithe arna ndéanamh ag feithicil i gcomhar leis na turais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

    Airteagal 5

    Doiciméid tiománaí

    (1)Laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus ar feadh a fhad go léir, déanfaidh gach Páirtí sealbhóirí ceadúnas tiomána arna neisiúint ag an bPáirtí eile a dhíolmhú ón gceanglas cead tiomána idirnáisiúnta a bheith acu, mar a shainítear sna Coinbhinsiúin um Thrácht ar Bhóithre arna ndéanamh sa Ghinéiv in 1949 agus i Vín in 1968.

    (2)Cuirfidh an Úcráin an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ar an eolas faoi aon bheart arna ghlacadh tar éis an 23 Feabhra 2022 chun síneadh a chur le bailíocht riaracháin na ndoiciméad tiománaí arna neisiúint ag an Úcráin.

    (3)Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun calaois agus brionnú doiciméad tiománaí a chosc agus a chomhrac. Chuige sin, agus gan dochar do na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, soláthróidh údaráis inniúla na hÚcráine an fhaisnéis ábhartha d’údaráis inniúla an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát trí bhíthin tairseach gréasáin arna bainistiú ag údaráis inniúla na hÚcráine nó trí shonraí a aisghabháil ó cheadúnais tiomána leictreonacha arna neisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht.

    I gcás nach mbeidh údaráis inniúla an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha trí mhodhanna leictreonacha iomchuí, soláthróidh údaráis inniúla na hÚcráine an fhaisnéis ábhartha d’údaráis inniúla an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát trí aon mhodh iomchuí eile.

    Airteagal 6

    Fad

    (1)Beidh feidhm ag an gComhaontú seo go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    (2)3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan. Chun na críche sin, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste mar a leagtar amach in Airteagal 7(2).

    Airteagal 7

    Comhchoiste

    (1)Bunaítear Comhchoiste leis seo. Déanfaidh sé maoirsiú agus faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo i bhfianaise a chuspóirí.

    (2)Tionólfar an Comhchoiste arna iarraidh sin do cheachtar dá chomhchathaoirligh. Tionólfar é freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú, agus cinneadh a dhéanamh i leith sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(2). Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir leis an leanúint sin, lena náirítear fad na leanúna, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

    (3)Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Féadfaidh na hionadaithe ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste mar bhreathnóirí.

    (4)Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Úcráin ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach.

    (5)Is de chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe sin na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

    (6)Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta.

    Airteagal 8

    Díospóidí a réiteach 2

    I gcás ina dtiocfaidh díospóid chun cinn idir na Páirtithe maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Chaibidil 14 de Theideal IV den Chomhaontú Comhlachais.

    Airteagal 9

    Oibleagáidí a chomhlíonadh

    (1)Beidh gach Páirtí freagrach go hiomlán as cloí le forálacha uile an Chomhaontaithe seo.

    (2)Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na bearta uile is gá chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo, lena náirítear go gcloífear leo ar gach leibhéal rialtais agus go cloífidh daoine a fheidhmíonn údarás tarmligthe rialtais leo. Gníomhóidh gach Páirtí de mheon macánta chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.

    (3)Is comhaontú é an Comhaontú seo de réir bhrí Airteagal 479(5) den Chomhaontú Comhlachais. Féadfaidh Páirtí bearta iomchuí a bhaineann leis an gComhaontú seo a dhéanamh i gcás sárú an-tromchúiseach substaintiúil ar aon cheann de na hoibleagáidí a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais mar ghnéithe fíor-riachtanacha, ar sárú é a chuireann an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i mbaol ar bhealach go mbeidh gá le freagairt láithreach. Déanfar bearta iomchuí den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 478 den Chomhaontú Comhlachais.

    Airteagal 10

    Bearta coimirce

    (1)Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe bearta coimirce iomchuí a dhéanamh má mheasann sé gur baol do shábháilteacht ar bhóithre iad oibríochtaí iompair arna ndéanamh ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid an Pháirtí eile. Déanfar bearta coimirce agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, beidh siad comhréireach agus teoranta maidir lena raon feidhme agus lena bhfad, don mhéid is fíorghá chun an cás a leigheas nó chun cothromaíocht an Chomhaontaithe seo a choinneáil ar bun. Tabharfar tús áite do bhearta den sórt sin is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.

    (2)Sula rachaidh an Páirtí lena mbaineann i mbun comhairliúchán, tabharfaidh sé fógra faoi na bearta arna nglacadh don Pháirtí eile agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.

    (3)Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán láithreach sa Chomhchoiste d’fhonn réiteach atá inghlactha go frithpháirteach a aimsiú.

    (4)Cuirfear aon ghníomhaíocht arna déanamh faoi théarmaí an Airteagail seo ar fionraí, a luaithe a chomhlíonfaidh an Páirtí ar a bhfuil an locht forálacha an Chomhaontaithe seo arís nó nuair a bheidh deireadh leis an mbaol do shábháilteacht ar bhóithre.

    Airteagal 11

    Cur i bhfeidhm críochach

    Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gCríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus den pháirt eile, maidir le críoch na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta.

    Cuirtear a chur i bhfeidhm ar fionraí sna limistéir sin nach bhfeidhmíonn Rialtas na hÚcráine rialú éifeachtach iontu.

    Airteagal 12

    Foirceannadh

    (1)Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn, trí bhealaí taidhleoireachta, don Pháirtí eile gur chinn sé an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Foirceannfar an Comhaontú 2 sheachtain tar éis an fhógra sin, mura gcuirfidh an Páirtí a thugann fógra dáta is déanaí in iúl chun éifeacht a bheith leis an bhfógra sin. Sa chás deireanach sin, ní bheidh an dáta níos déanaí ná 2 mhí tar éis dháta an fhógra.

    (2)Oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bhfuil a bhfeithicil i gcríoch an Pháirtí eile ar dhul in éag an Chomhaontaithe seo, ceadófar dóibh idirthuras a dhéanamh trí chríoch an Pháirtí sin chun filleadh ar chríoch an Pháirtí ina bhfuil siad bunaithe.

    (3)Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ciallaíonn an dáta fógra dá dtagraítear i mír 1 an dáta a sheachadtar an fógra ar an bPáirtí eile.

    (4)Ní bheidh sé d’éifeacht ag an dul in éag de bhun Airteagal 6, ná ag foirceannadh an Chomhaontaithe seo de bhun mhír 1 den Airteagal seo go srianfar na coinníollacha rochtana margaidh maidir le seirbhísí iompair de bhóthar idir na Páirtithe i gcomparáid leis an staid a bhí ann an lá roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Chuige sin, mura mbeidh comhaontú ann ina dhiaidh sin idir na Páirtithe, beidh feidhm arís an lá sin ag na teidlíochtaí rochtana margaidh arna socrú faoi na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin ó dháta éaga nó foirceanta an Chomhaontaithe seo ar aghaidh.

    Airteagal 13

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach

    (1)Daingneoidh nó formheasfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an lá a bheidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile faoi chur i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach chun na críche sin.

    (2)D’ainneoin mhír 1, comhaontaíonn an tAontas agus an Úcráin an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach ón lá a síneofar é ar aghaidh.

    (3)Chun críocha fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt sna forálacha sin do ‘dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’ ‘dáta óna gcuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach’ i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    Arna dhéanamh sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Úcráinis agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

    DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

    Arna dhéanamh in Lyon, an …… lá de … sa bhliain ... .

       Thar ceann an Aontais Eorpaigh

       Thar ceann na hÚcráine

    (1)    Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).
    (2)    Chun amhras a sheachaint, ní fhorléireofar go dtugann an tAirteagal seo ná an Comhaontú seo cearta ná go bhfhorchuireann ceann acu oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna intíre na bPáirtithe.
    Top